26.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 24/1


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2023/166 ÓN gCOIMISIÚN

an 26 Deireadh Fómhair 2022

lena gceartaítear an leagan Fraincise d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos rialacha sonracha sláinteachais i dtaca le bia de bhunadh ainmhíoch

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 lena leagtar síos rialacha sonracha sláinteachais le haghaidh bia de bhunadh ainmhíoch (1), agus go háirithe Airteagal 10(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Sa leagan Fraincise de Rialachán (CE) Uimh. 853/2004, tá earráid i roinn I, caibidil IV, pointe 18(a)(ii) d’Iarscríbhinn III a mhéid a bhaineann le héagmais oibleagáide maidir le goilí a fholmhú, a scalladh nó a thuar.

(2)

Dá bhrí sin, ba cheart an leagan Fraincise de Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 a cheartú dá réir. Ní dhéantar difear do na leaganacha teanga eile,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

(ní bhaineann sé leis an leagan Gaeilge)

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 26 Deireadh Fómhair 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 139, 30.4.2004, Lch. 55.