24.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 22/15


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/158 ÓN gCOIMISIÚN

an 23 Eanáir 2023

lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 a mhéid a bhaineann le plandaí Prunus domestica agus Prunus cerasifera áirithe le haghaidh plandú de thionscnamh na hÚcráine

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le bearta cosantacha i gcoinne lotnaidí plandaí, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 228/2013, (AE) Uimh. 652/2014 agus (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoracha 69/464/CEE, 74/647/CEE, 93/85/CEE, 98/57/CE, 2000/29/CE, 2006/91/CE agus 2007/33/CE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 42(4), an chéad fhomhír, de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 ón gCoimisiún (2) bunaítear, ar bhonn réamh-mheasúnú riosca, liosta plandaí, táirgí plandaí agus réad eile a mbaineann ardriosca leo.

(2)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2018 ón gCoimisiún (3) leagtar síos rialacha sonracha maidir leis an nós imeachta atá le leanúint chun an measúnú riosca dá dtagraítear in Airteagal 42(4) de Rialachán (AE) 2016/2031 a dhéanamh ar phlandaí, táirgí plandaí agus réada eile a mbaineann ardriosca leo.

(3)

Tar éis réamh-mheasúnú a dhéanamh, áiríodh 34 ghéineas agus speiceas amháin de phlandaí le haghaidh plandú de thionscnamh gach ceann de na tríú tíortha san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 mar phlandaí a mbaineann ardriosca leo, lena n-áirítear an géineas Prunus L.

(4)

An 18 Deireadh Fómhair 2019, chuir an Úcráin iarraidh faoi bhráid an Choimisiúin chun plandaí Prunus domestica le haghaidh plandú agus iad beangaithe ar fhréamhstoic Prunus cerasifera, ar plandaí iad atá fréamhlom, suanach agus gan duilleoga, a onnmhairiú chuig an Aontas. Cuireadh an sainchomhad teicniúil ábhartha isteach leis an iarraidh.

(5)

An 17 Bealtaine 2022, ghlac an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) tuairim eolaíoch maidir leis an measúnú riosca tráchtearraí ar phlandaí Prunus domestica le haghaidh plandú ar de thionscnamh na hÚcráine iad (4). D’aithin an tÚdarás Lopholeucaspis japonica, Eotetranychus prunicola, Erwinia amylovora agus Xanthomonas arboricola pv. pruni mar lotnaidí atá ábhartha maidir leis na plandaí le haghaidh plandú sin, rinne sé meastóireacht ar na bearta maolaithe riosca a bhfuil tuairisc orthu sa sainchomhad agus rinne sé meastachán ar an dóchúlacht atá ann go mbeadh an tráchtearra saor ó na lotnaidí sin.

(6)

Liostaítear Lopholeucaspis japonica mar lotnaid choraintín de chuid an Aontais in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 ón gCoimisiún (5). Liostaítear Erwinia amylovora agus Xanthomonas arboricola pv. pruni mar lotnaidí coraintín de chuid criosanna cosanta in Iarscríbhinn III agus mar lotnaidí neamhchoraintín rialáilte de chuid an Aontais in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán sin, faoi seach.

(7)

Ní áirítear Eotetranychus prunicola fós sa liosta de lotnaidí coraintín de chuid an Aontais. Mar sin féin, ar bhonn fianaise arna soláthar ag na Ballstáit, níl tionchar suntasach ag an lotnaid sin ar a plandaí óstacha san Aontas. Dá réir sin, ní gá aon cheanglas allmhairiúcháin maidir leis an lotnaid sin.

(8)

Ar bhonn na tuairime sin ón Údarás, meastar gur inghlactha atá an riosca fíteashláintíochta ó phlandaí fréamhloma, suanacha, gan duilleoga Prunus domestica le haghaidh plandú agus iad beangaithe ar fhréamhstoic Prunus cerasifera de thionscnamh na hÚcráine a thabhairt isteach san Aontas, ar choinníoll go gcomhlíontar na ceanglais allmhairiúcháin ábhartha arna leagan amach in Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072.

(9)

Dá bhrí sin, plandaí fréamhloma, suanacha, gan duilleoga Prunus domestica le haghaidh plandú agus iad beangaithe ar fhréamhstoic Prunus cerasifera de thionscnamh na hÚcráine, is iomchuí nach meastar a thuilleadh gur plandaí iad a mbaineann ardriosca leo.

(10)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 a leasú dá réir.

(11)

Chun oibleagáidí an Aontais a chomhlíonadh, ar oibleagáidí iad a eascraíonn as Comhaontú na hEagraíochta Trádála Domhanda maidir le Bearta Sláintíochta agus Fíteashláintíochta a Chur i bhFeidhm (6), ba cheart allmhairiú na dtráchtearraí sin a atosú a luaithe is féidir. Dá bhrí sin, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(12)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Eanáir 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 317, 23.11.2016, lch. 4.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 lena mbunaítear liosta sealadach plandaí, táirgí plandaí agus réad eile a mbaineann ardriosca leo de réir bhrí Airteagal 42 de Rialachán (AE) 2016/2031 agus liosta plandaí nach bhfuil deimhnithe fíteashláintíochta ag teastáil ina leith lena dtabhairt isteach san Aontas, de réir bhrí Airteagal 73 den Rialachán sin (IO L 323, 19.12.2018, lch. 10).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2018 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 lena leagtar síos rialacha sonracha maidir leis an nós imeachta atá le leanúint chun an measúnú riosca a dhéanamh ar phlandaí, táirgí plandaí agus réada eile a mbaineann ardriosca leo de réir bhrí Airteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 323, 19.12.2018, lch. 7).

(4)  Painéal EFSA PLH (Painéal EFSA maidir le Sláinte Plandaí), 2022. Scientific Opinion on the commodity risk assessment of Prunus domestica plants from Ukraine [Tuairim Eolaíoch maidir leis an measúnú riosca tráchtearraí ar phlandaí Prunus domestica ón Úcráin]. EFSA Journal [Iris EFSA] 2022;20(6):7391, 76 lch. https://doi.org/10.2903/j.efsa.2022.7391.

(5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 ón gCoimisiún an 28 Samhain 2019 lena mbunaítear coinníollacha aonfhoirmeacha maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le bearta cosanta i gcoinne lotnaidí plandaí, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 690/2008 ón gCoimisiún agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 ón gCoimisiún (IO L 319, 10.12.2019, lch. 1).

(6)  IO L 336, 23.12.1994, lch. 40.


IARSCRÍBHINN

Leasú ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019

I bpointe 1 den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019, sa dara colún den tábla “Tuairisc”, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála Prunus L.:

“Prunus L., seachas plandaí fréamhloma, suanacha, gan duilleoga Prunus domestica le haghaidh plandú agus iad beangaithe ar fhréamhstoic Prunus cerasifera de thionscnamh na hÚcráine”.