19.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 17/56


RIALACHÁN (AE) 2023/129 ÓN gCOIMISIÚN

an 18 Eanáir 2023

lena leasaítear Iarscríbhinní II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le huasleibhéil iarmhar le haghaidh asocsastróibine, prósulfacarb, seadacsáin agus vailifeanaláite i dtáirgí áirithe nó ar tháirgí áirithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Feabhra 2005 maidir le huasleibhéil d’iarmhair lotnaidicídí i mbia agus i mbeatha de bhunadh plandaí nó ainmhíoch nó ar bhia agus ar bheatha den sórt sin agus lena leasaítear Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 14(1), pointe (a) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcás asocsastróibine, prósulfacarb, seadacsáin agus vailifeanaláite leagadh síos uasleibhéil iarmhar (“MRLanna”) in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005.

(2)

An 14 Nollaig 2021, ghlac an Coimisiún Codex Alimentarius uasteorainneacha iarmhair nua Codex (CXLanna) le haghaidh asocsastróibine i nguábhaí agus le haghaidh vailifeanaláite in oinniúin, i seallóidí, i dtrátaí agus in ubhthorthaí (2).

(3)

I gcomhréir le hAirteagal 5(3) de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), i gcás inarb ann do chaighdeáin idirnáisiúnta nó i gcás ina gcuirfear i gcrích iad go luath, cuirfear san áireamh iad i bhforbairt nó in oiriúnú dhlí an bhia, ach amháin i gcás ina mbeadh na caighdeáin sin nó codanna ábhartha díobh ina modh neamhéifeachtach nó míchuí chun cuspóirí dlisteanacha dhlí an bhia a chomhlíonadh nó i gcás ina mbeadh údar eolaíoch ann, nó ina dtiocfadh leibhéal cosanta astu a bheadh éagsúil leis an leibhéal a chinntear a bheith iomchuí san Aontas. Thairis sin, i gcomhréir le hAirteagal 13, pointe (e), den Rialachán sin, tá an tAontas chun comhsheasmhacht idir caighdeáin theicniúla idirnáisiúnta agus dlí an bhia a chur chun cinn agus a áirithiú ag an am céanna nach laghdófar an t-ardleibhéal cosanta a ghlactar san Aontas.

(4)

Rinne an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) measúnú ar na CXLanna atá beartaithe le haghaidh asocsastróibine i nguábhaí agus le haghaidh vailifeanaláite in oinniúin, i seallóidí, i dtrátaí agus in ubhthorthaí, agus tháinig sé ar an gconclúid go bhfuil siad sábháilte do thomhaltóirí san Aontas (4). Níor chuir an tAontas aon fhorchoimeádas (5) , (6) in iúl don Choiste Codex um Iarmhair Lotnaidicídí maidir leis na CXLanna sin atá beartaithe.

(5)

Is iomchuí, dá bhrí sin, na CXLanna sin a chur le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 mar MRLanna. Faoi chuimsiú na meastóireachta ar an CXL atá beartaithe le haghaidh vailifeanaláite i dtrátaí, cuireadh isteach líon leordhóthanach de thrialacha iarmhar agus tháinig an tÚdarás ar an gconclúid gur leor na sonraí sin le haghaidh na n-úsáidí atá á mbreithniú. Dá bhrí sin, an fonóta ábhartha i Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 a chuireann i dtábhacht an gá atá ann le sonraí breise, is iomchuí an fonóta sin a scriosadh.

(6)

A mhéid a bhaineann le hasocsastróibin, cuireadh iarratas isteach de bhun Airteagal 6(1) de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ina n-iarrtar na MRLanna atá ann cheana a mhodhnú i leith síolta ráibe agus rois lín. A mhéid a bhaineann le prósulfacarb, cuireadh isteach iarratas den sórt sin i leith luibheanna agus bláthanna inite. A mhéid a bhaineann le seadacsán, cuireadh isteach iarratas den sórt sin i leith prátaí.

(7)

I gcomhréir le hAirteagal 8 de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005, rinne na Ballstáit lena mbaineann meastóireacht ar na hiarratais sin uile agus cuireadh na tuarascálacha meastóireachta ar aghaidh chuig an gCoimisiún.

(8)

Rinne an tÚdarás measúnú ar na hiarratais agus ar na tuarascálacha meastóireachta, agus rinne sé scrúdú faoi leith ar na rioscaí atá ann do thomhaltóirí agus, i gcás inarb ábhartha, d’ainmhithe, agus thug sé tuairimí réasúnaithe faoi na MRLanna atá beartaithe (7). Chuir sé na tuairimí sin ar aghaidh chuig na hiarratasóirí, chuig an gCoimisiún agus chuig na Ballstáit agus chuir sé ar fáil don phobal iad.

(9)

A mhéid a bhaineann le hasocsastróibin i ros lín, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid nár leor na sonraí a cuireadh isteach chun an MRL atá ann cheana a mhodhnú. Dá bhrí sin, ní iomchuí an MRL sin a mhodhnú.

(10)

A mhéid a bhaineann le gach modhnú eile ar MRLanna a d’iarr na hiarratasóirí le aghaidh asocsastróibine, prósulfacarb agus seadacsáin, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid gur comhlíonadh na ceanglais go léir maidir le hiomláine na sonraí a cuireadh isteach agus go raibh na modhnuithe ar na MRLanna a d’iarr na hiarratasóirí inghlactha maidir le sábháilteacht an tomhaltóra ar bhonn measúnú ar theagmháil an tomhaltóra i gcás 27 ngrúpa tomhaltóirí Eorpacha shonracha. Leis an gconclúid sin, chuir an tÚdarás san áireamh na sonraí is déanaí ar airíonna tocsaineolaíocha na substaintí. Maidir le teagmháil fhadtéarmach leis na substaintí sin trí chaitheamh na dtáirgí bia go léir a bhféadfadh siad a bheith iontu, agus maidir le teagmháil ghearrthéarmach trí go leor de na táirgí lena mbaineann a chaitheamh, níor léiríodh baol i leith ceachtar acu sin go sárófaí an iontógáil laethúil inghlactha nó an ghéardháileog thagartha.

(11)

A mhéid a bhaineann le prósulfacarb i luibheanna agus i mbláthanna inite, bhí roinnt faisnéise faoi thrialacha iarmhar sainaitheanta roimhe sin ag an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia, faoi chuimsiú an athbhreithnithe ar na MRLanna atá ann le haghaidh prósulfacarb de réir Airteagal 12 de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 (8), mar fhaisnéis nach raibh ar fáil. Dá bhrí sin, le Rialachán (AE) Uimh. 777/2013 ón gCoimisiún (9) ceanglaíodh sonraí breise maidir le hiarmhair chun an MRL sealadach de 0,05 mg/kg a dheimhniú le haghaidh na substainte gníomhaí sin sna táirgí sin. Faoi chuimsiú an iarratais nua inar iarradh na MRLanna le haghaidh prósulfacarb i luibheanna agus i mbláthanna inite a mhodhnú, cuireadh isteach úsáidí nua agus trialacha iarmhar nua agus tháinig an tÚdarás ar an gconclúid gur leor na sonraí sin le haghaidh na n-úsáidí a bhí á mbreithniú agus chun tacú le MRL nua agus níos airde. Dá bhrí sin, is iomchuí an MRL a mhodhnú agus an fonóta ábhartha i Rialachán (CE) Uimh. 396/2005, fonóta a chuireann i dtábhacht an gá atá ann le sonraí breise, a scriosadh.

(12)

Ar bhonn na tuarascála eolaíche agus na dtuairimí réasúnaithe ón Údarás, agus na tosca ábhartha atá liostaithe in Airteagal 14(2) de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005, comhlíonann na modhnuithe atá beartaithe ar na MRLanna ceanglais Airteagal 14(2) de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005.

(13)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 a leasú dá réir.

(14)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 26 Feabhra 2023 a mhéid a bhaineann le gach MRL atá beartaithe.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 18 Eanáir 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 70, 16.3.2005, lch. 1.

(2)  Tuarascáil ón 44ú seisiún den Choimisiún Codex Alimentarius (REP21/CAC) https://www.fao.org/fao-who-codexalimentarius/sh-proxy/en/?lnk=1&url=https%253A%252F%252Fworkspace.fao.org%252Fsites%252Fcodex%252FMeetings%252FCX-701-44%252FFINAL%252520REPORT%252FRep21_CACe.pdf.

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail ghinearálta agus ceanglais ghinearálta maidir le dlí an bhia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar síos nósanna imeachta in ábhair a bhaineann le sábháilteacht bia (IO L 31, 1.2.2002, lch. 1).

(4)   Scientific support for preparing an EU position for the 52nd Session of the Codex Committee on Pesticide Residues (CCPR) [Tacaíocht eolaíoch chun seasamh an Aontais a ullmhú don 52ú Seisiún den Choiste Codex maidir le hIarmhair Lotnaidicídí (CCPR)]. EFSA Journal [Iris EFSA], 2021;19(8):6766.

(5)  Barúlacha ón Aontais Eorpaigh maidir le Codex CX/PR 21/52/5(REV):https://www.fao.org/fao-who-codexalimentarius/sh-proxy/en/?lnk=1&url=https%253A%252F%252Fworkspace.fao.org%252Fsites%252Fcodex%252FMeetings%252FCX-718-52%252FCRDs%252Fpr52_CRD22x.pdf.

(6)  Tuarascáil ón 52ú seisiún den Choiste Codex maidir le hIarmhair Lotnaidicídí REP21/PR: https://www.fao.org/fao-who-codexalimentarius/sh-proxy/en/?lnk=1&url=https%253A%252F%252Fworkspace.fao.org%252Fsites%252Fcodex%252FMeetings%252FCX-718-52%252FREPORT%252FFINAL%2BREPORT%252FREP21_PR52e.pdf.

(7)  Tá tuarascálacha eolaíocha ó EFSA ar fáil ar líne: http://www.efsa.europa.eu.

Reasoned Opinion on the modification of the existing maximum residue levels for azoxystrobin in rapeseeds and linseeds [Tuairim réasúnaithe faoi mhodhnú a dhéanamh ar na huasleibhéil iarmhar atá ann cheana i gcás asocsastróibine i síolta ráibe agus i ros lín]. EFSA Journal [Iris EFSA] 2022;20(1):7051.

Reasoned Opinion on the modification of the existing maximum residue levels for prosulfocarb in herbs and edible flowers [Tuairim Réasúnaithe faoi mhodhnú a dhéanamh ar na huasleibhéil iarmhar atá ann cheana i gcás prósulfacarb i luibheanna agus i mbláthanna inite]. EFSA Journal [Iris EFSA] 2022;20(5):7334.

Reasoned Opinion on the modification of the existing maximum residue level for sedaxane in potatoes [Tuairim réasúnaithe faoi mhodhnú a dhéanamh ar an uasleibhéil iarmhar atá ann cheana i gcás seadacsáin i bprátaí]. EFSA Journal [Iris EFSA] 2022;20(6):7371.

(8)  Tá tuarascálacha eolaíocha ó EFSA ar fáil ar líne: http://www.efsa.europa.eu.

Reasoned Opinion: Review of the existing maximum residue levels (MRLs) for prosulfocarb according to Article 12 of Regulation (EC) No 396/2005. [Tuairim Réasúnaithe: Athbhreithniú ar na huasleibhéil iarmhar atá ann cheana i gcás prósulfacarb de réir Airteagal 12 de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005]. EFSA Journal [Iris EFSA] 2011; 9(8):2346.

(9)  Rialachán (AE) Uimh. 777/2013 ón gCoimisiún an 12 Lúnasa 2013 lena leasaítear Iarscríbhinní II, III agus V a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le huasleibhéil iarmhar le haghaidh clóidineafop, clómasóin, dé-úróin, eatalfluarailine, iocsainile, iopróvalacarb, hiodraisíd mhailéach, meapainipirime, meataconasóil, prósulfacarb agus teiprealocsaidime i dtáirgí áirithe nó ar tháirgí áirithe, IO L 221, 17.8.2013, lch. 1.


IARSCRÍBHINN

In Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na gcolún le haghaidh asocsastróibine, prósulfacarb, seadacsáin agus vailifeanaláite:

Iarmhair lotnaidicídí agus uasleibhéil iarmhar (mg/kg)

Códuimhir

Grúpaí agus samplaí de tháirgí aonair a bhfuil feidhm ag na MRLanna maidir leo  (1)

Asocsastróibin

Prósulfacarb

Seadacsán (an tsuim isiméirí)

Vailifeanaláit (R) (A)

(1)

(2)

(3)

(4)

(5)

(6)

0100000

TORTHAÍ, iad ÚR nó REOITE; CNÓNNA CRANN

 

 

0,01  (*)

 

0110000

Torthaí citris

15

0,01  (*)

 

0,01  (*)

0110010

Seadóga

 

 

 

 

0110020

Oráistí

 

 

 

 

0110030

Líomóidí

 

 

 

 

0110040

Líomaí

 

 

 

 

0110050

Mandairíní

 

 

 

 

0110990

Eile (2)

 

 

 

 

0120000

Cnónna crann

 

0,02  (*)

 

0,01  (*)

0120010

Almóinní

0,01

 

 

 

0120020

Cnónna Brasaíleacha

0,01

 

 

 

0120030

Cnónna caisiú

0,01

 

 

 

0120040

Castáin

0,01

 

 

 

0120050

Cnónna cócó

0,01

 

 

 

0120060

Cnónna coill

0,01

 

 

 

0120070

Macadaimia

0,01

 

 

 

0120080

Cnónna peacáin

0,01

 

 

 

0120090

Eithní cnónna péine

0,01

 

 

 

0120100

Cnónna pistéise

1

 

 

 

0120110

Gallchnónna

0,01

 

 

 

0120990

Eile (2)

0,01

 

 

 

0130000

Torthaí póma

0,01  (*)

0,01  (*)

 

0,01  (*)

0130010

Úlla

 

 

 

 

0130020

Piorraí

 

 

 

 

0130030

Cainchí

 

 

 

 

0130040

Torthaí ón meispeal Gearmánach

 

 

 

 

0130050

Locuatanna

 

 

 

 

0130990

Eile (2)

 

 

 

 

0140000

Torthaí cloiche

2

0,01  (*)

 

0,01  (*)

0140010

Aibreoga

 

 

 

 

0140020

Silíní (iad milis)

 

 

 

 

0140030

Péitseoga

 

 

 

 

0140040

Plumaí

 

 

 

 

0140990

Eile (2)

 

 

 

 

0150000

Caora agus torthaí beaga

 

 

 

 

0151000

(a)

fíonchaora

3

0,01  (*)

 

1

0151010

Fíonchaora boird

 

 

 

 

0151020

Fíniúnacha coiteanna

 

 

 

 

0152000

(b)

sútha talún

10

0,05 (+)

 

0,01  (*)

0153000

(c)

torthaí cána

5

0,01  (*)

 

0,01  (*)

0153010

Sméara dubha

 

 

 

 

0153020

Eithreoga

 

 

 

 

0153030

Sútha craobh (iad dearg agus buí)

 

 

 

 

0153990

Eile (2)

 

 

 

 

0154000

(d)

torthaí beaga eile agus caora eile

 

0,01  (*)

 

0,01  (*)

0154010

Fraocháin

5

 

 

 

0154020

Mónóga

0,5

 

 

 

0154030

Cuiríní (iad dubh, dearg agus bán)

5

 

 

 

0154040

Spíonáin (iad glas, dearg agus buí)

5

 

 

 

0154050

Mogóirí róis

5

 

 

 

0154060

Maoildearga (iad dubh agus bán)

5

 

 

 

0154070

Torthaí ón sceach gheal asaróil

5

 

 

 

0154080

Caora troim

5

 

 

 

0154990

Eile (2)

5

 

 

 

0160000

Torthaí ilghnéitheacha ag a bhfuil

 

0,01  (*)

 

0,01  (*)

0161000

(a)

craiceann inite

 

 

 

 

0161010

Dátaí

0,01  (*)

 

 

 

0161020

Figí

0,01  (*)

 

 

 

0161030

Ológa boird

0,01  (*)

 

 

 

0161040

Cumcuait

0,01  (*)

 

 

 

0161050

Torthaí réaltúla

0,1

 

 

 

0161060

Dátphlumaí Seapánacha

0,01  (*)

 

 

 

0161070

Plumaí láva

0,01  (*)

 

 

 

0161990

Eile (2)

0,01  (*)

 

 

 

0162000

(b)

craiceann do-ite, é beag

 

 

 

 

0162010

Cíobhaíonna (iad glas, dearg agus buí)

0,01  (*)

 

 

 

0162020

Lítsíonna

0,01  (*)

 

 

 

0162030

Páiseoga

4

 

 

 

0162040

Piorraí deilgneacha

0,3

 

 

 

0162050

Réalt-úlla

0,01  (*)

 

 

 

0162060

Dátphlumaí Meiriceánacha

0,01  (*)

 

 

 

0162990

Eile (2)

0,01  (*)

 

 

 

0163000

(c)

craiceann do-ite, é mór

 

 

 

 

0163010

Abhacáid

0,01  (*)

 

 

 

0163020

Bananaí

2

 

 

 

0163030

Mangónna

4

 

 

 

0163040

Papánna

0,3

 

 

 

0163050

Pomagránaití

0,01  (*)

 

 

 

0163060

Céiriomoighe

0,01  (*)

 

 

 

0163070

Guábhaí

0,2

 

 

 

0163080

Anainn

0,01  (*)

 

 

 

0163090

Torthaí aráin

0,01  (*)

 

 

 

0163100

Duraígh

0,01  (*)

 

 

 

0163110

Úlla deilgneacha

0,01  (*)

 

 

 

0163990

Eile (2)

0,01  (*)

 

 

 

0200000

GLASRAÍ, iad ÚR nó REOITE

 

 

 

 

0210000

Glasraí fréimhe agus tiúbair

 

 

 

0,01  (*)

0211000

(a)

prátaí

7

0,01  (*)

0,15

 

0212000

(b)

glasraí fréimhe agus tiúbair trópaiceacha

1

0,01  (*)

0,01  (*)

 

0212010

Casabhaigh

 

 

 

 

0212020

Prátaí milse

 

 

 

 

0212030

Ionaim

 

 

 

 

0212040

Ararút

 

 

 

 

0212990

Eile (2)

 

 

 

 

0213000

(c)

glasraí fréimhe agus tiúbair eile seachas biatas siúcra

 

 

0,01  (*)

 

0213010

Meacain bhiatais

1

0,01  (*)

 

 

0213020

Meacain dhearga

1

1 (+)

 

 

0213030

Soiliriac/soilire tornapa

1

0,08 (+)

 

 

0213040

Meacain ragaim

1

0,08 (+)

 

 

0213050

Bliosáin ghréine

1

0,01  (*)

 

 

0213060

Meacain bhána

1

0,08 (+)

 

 

0213070

Fréamhacha peirsile/peirsil fréimhe Hamburg

1

0,08 (+)

 

 

0213080

Raidisí

1,5

0,01  (*)

 

 

0213090

Salsabh

1

0,08 (+)

 

 

0213100

Svaeideanna

1

0,01  (*)

 

 

0213110

Tornapaí

1

0,01  (*)

 

 

0213990

Eile (2)

1

0,01  (*)

 

 

0220000

Glasraí bleibíní

10

 

0,01  (*)

 

0220010

Gairleog

 

0,01  (*)

 

0,01  (*)

0220020

Oinniúin

 

0,03

 

0,5

0220030

Seallóidí

 

0,03

 

0,5

0220040

Oinniúin earraigh/scailliúin agus ciobúil

 

0,02

 

0,01  (*)

0220990

Eile (2)

 

0,01  (*)

 

0,01  (*)

0230000

Glasraí a thugann torthaí

 

0,01  (*)

0,01  (*)

 

0231000

(a)

Solanaceae agus Malvaceae

3

 

 

 

0231010

Trátaí

 

 

 

0,4

0231020

Piobair mhilse/chloigíneacha

 

 

 

0,01  (*)

0231030

Ubhthorthaí

 

 

 

0,4

0231040

Ocra

 

 

 

0,01  (*)

0231990

Eile (2)

 

 

 

0,01  (*)

0232000

(b)

guird a bhfuil craiceann inite acu

1

 

 

0,01  (*)

0232010

Cúcamair

 

 

 

 

0232020

Gircíní

 

 

 

 

0232030

Cúirséid

 

 

 

 

0232990

Eile (2)

 

 

 

 

0233000

(c)

guird a bhfuil craiceann do-ite acu

1

 

 

0,01  (*)

0233010

Mealbhacáin

 

 

 

 

0233020

Puimcíní

 

 

 

 

0233030

Mealbhacáin uisce

 

 

 

 

0233990

Eile (2)

 

 

 

 

0234000

(d)

arbhar milis

0,01  (*)

 

 

0,01  (*)

0239000

(e)

glasraí eile a thugann torthaí

0,01  (*)

 

 

0,01  (*)

0240000

Glasraí praisí (seachas fréamhacha praisí agus barra duilleog óga praisí)

 

0,01  (*)

0,01  (*)

0,01  (*)

0241000

(a)

praiseach bhlátha

5

 

 

 

0241010

Brocailí

 

 

 

 

0241020

Cóilis

 

 

 

 

0241990

Eile (2)

 

 

 

 

0242000

(b)

praiseach chinn

5

 

 

 

0242010

Bachlóga Bruiséile

 

 

 

 

0242020

Cabáistí cinn

 

 

 

 

0242990

Eile (2)

 

 

 

 

0243000

(c)

praiseach dhuilleach

6

 

 

 

0243010

Cabáistí Síneacha

 

 

 

 

0243020

Cáil

 

 

 

 

0243990

Eile (2)

 

 

 

 

0244000

(d)

cálráibí

5

 

 

 

0250000

Glasraí duilleacha, luibheanna agus bláthanna inite

 

 

 

 

0251000

(a)

leitísí agus plandaí sailéid

10

0,01  (*)

0,01  (*)

0,01  (*)

0251010

Ceathrúna uain

 

 

 

 

0251020

Leitísí

 

 

 

 

0251030

Searbháin muc

 

 

 

 

0251040

Biolair agus eascróga agus peacáin eile

 

 

 

 

0251050

Biolair thalún

 

 

 

 

0251060

Ruachán Rómhánach

 

 

 

 

0251070

Mustard dearg

 

 

 

 

0251080

Barra duilleog óga (lena n-áirítear speicis phraisí)

 

 

 

 

0251990

Eile (2)

 

 

 

 

0252000

(b)

spionáistí agus duilleoga comhchosúla

15

0,01  (*)

0,01  (*)

0,01  (*)

0252010

Spionáistí

 

 

 

 

0252020

Puirsleáin

 

 

 

 

0252030

Seardas/duilleoga biatais

 

 

 

 

0252990

Eile (2)

 

 

 

 

0253000

(c)

duilleoga caor fíniúna agus speicis chomhchosúla

0,01  (*)

0,01  (*)

0,01  (*)

0,01  (*)

0254000

(d)

biolair uisce

0,01  (*)

0,01  (*)

0,01  (*)

0,01  (*)

0255000

(e)

searbháin na Beilge

0,3

0,01  (*)

0,01  (*)

0,01  (*)

0256000

(f)

luibheanna agus bláthanna inite

70

20

0,02  (*)

0,02  (*)

0256010

Costóg

 

 

 

 

0256020

Síobhas

 

 

 

 

0256030

Duilleoga soilire

 

 

 

 

0256040

Peirsil

 

 

 

 

0256050

Sáiste

 

 

 

 

0256060

Marós

 

 

 

 

0256070

Tím

 

 

 

 

0256080

Basal agus bláthanna inite

 

 

 

 

0256090

Duilleog labhrais

 

 

 

 

0256100

Dragan

 

 

 

 

0256990

Eile (2)

 

 

 

 

0260000

Léagúim

3

0,01  (*)

0,01  (*)

0,01  (*)

0260010

Pónairí (a bhfuil faighneoga acu)

 

 

 

 

0260020

Pónairí (gan faighneoga)

 

 

 

 

0260030

Piseanna (a bhfuil faighneoga acu)

 

 

 

 

0260040

Piseanna (gan faighneoga)

 

 

 

 

0260050

Lintilí

 

 

 

 

0260990

Eile (2)

 

 

 

 

0270000

Glasraí gais

 

 

0,01  (*)

0,01  (*)

0270010

Lus súgach

0,01  (*)

0,01  (*)

 

 

0270020

Cardúin

15

0,01  (*)

 

 

0270030

Soilirí

15

1,5 (+)

 

 

0270040

Finéal Fhlórans

10

0,01  (*)

 

 

0270050

Bliosáin chruinne

5

0,01  (*)

 

 

0270060

Cainneanna

10

0,01  (*)

 

 

0270070

Biabhóg

0,6

0,01  (*)

 

 

0270080

Péacáin bhambú

0,01  (*)

0,01  (*)

 

 

0270090

Croíthe pailme

0,01  (*)

0,01  (*)

 

 

0270990

Eile (2)

0,01  (*)

0,01  (*)

 

 

0280000

Fungais, caonaigh agus léicin

0,01  (*)

0,01  (*)

0,01  (*)

0,01  (*)

0280010

Fungais shaothraithe

 

 

 

 

0280020

Fungais fhiáine

 

 

 

 

0280990

Caonaigh agus léicin

 

 

 

 

0290000

Algaí agus orgánaigh phrócaróit

0,01  (*)

0,01  (*)

0,01  (*)

0,01  (*)

0300000

PISEÁNAIGH

0,15

0,01  (*)

0,01  (*)

0,01  (*)

0300010

Pónairí

 

 

 

 

0300020

Lintilí

 

 

 

 

0300030

Piseanna

 

 

 

 

0300040

Lúipíní/pónairí lúipíní

 

 

 

 

0300990

Eile (2)

 

 

 

 

0400000

OLASHÍOLTA AGUS OLATHORTHAÍ

 

0,02  (*)

0,01  (*)

0,01  (*)

0401000

Olashíolta

 

 

 

 

0401010

Ros lín

0,4

 

 

 

0401020

Piseanna talún

0,2

 

 

 

0401030

Síolta poipín

0,5

 

 

 

0401040

Síolta seasamain

0,01  (*)

 

 

 

0401050

Síolta lus na gréine

0,5

 

 

 

0401060

Síolta ráibe

0,7

 

 

 

0401070

Pónairí soighe

0,5

 

 

 

0401080

Síolta mustaird

0,5

 

 

 

0401090

Síolta cadáis

0,7

 

 

 

0401100

Síolta puimcín

0,01  (*)

 

 

 

0401110

Síolta cróch bréige

0,4

 

 

 

0401120

Síolta borráiste

0,4

 

 

 

0401130

Caimilín

0,5

 

 

 

0401140

Síolta cnáibe

0,01  (*)

 

 

 

0401150

Pónairí ricne

0,01  (*)

 

 

 

0401990

Eile (2)

0,01  (*)

 

 

 

0402000

Olathorthaí

 

 

 

 

0402010

Ológa le haghaidh táirgeadh ola

0,01  (*)

 

 

 

0402020

Eithní pailme ola

0,01  (*)

 

 

 

0402030

Torthaí pailme ola

0,03

 

 

 

0402040

Capac

0,01  (*)

 

 

 

0402990

Eile (2)

0,01  (*)

 

 

 

0500000

GRÁNAIGH

 

0,01  (*)

0,01  (*)

0,01  (*)

0500010

Eorna

1,5

 

 

 

0500020

Ruán agus bréag-ghránaigh eile

0,01  (*)

 

 

 

0500030

Arbhar Indiach/arbhar

0,02

 

 

 

0500040

Muiléad coiteann

0,01  (*)

 

 

 

0500050

Coirce

1,5

 

 

 

0500060

Rís

5

 

 

 

0500070

Seagal

0,5

 

 

 

0500080

Sorgam

10

 

 

 

0500090

Cruithneacht

0,5

 

 

 

0500990

Eile (2)

0,01  (*)

 

 

 

0600000

TAENNA, CAIFE, INSILTÍ LUIBHE, CÓCÓ AGUS CARÚIB

 

 

0,05  (*)

0,05  (*)

0610000

Taenna

0,05  (*)

0,05  (*)

 

 

0620000

Pónairí caife

0,03

0,05  (*)

 

 

0630000

Insiltí luibhe ó

 

 

 

 

0631000

(a)

bláthanna

60

2

 

 

0631010

Camán meall

 

 

 

 

0631020

Roiseog

 

 

 

 

0631030

Rós

 

 

 

 

0631040

Seasmain

 

 

 

 

0631050

Teile

 

 

 

 

0631990

Eile (2)

 

 

 

 

0632000

(b)

duilleoga agus luibheanna

60

2

 

 

0632010

Sú talún

 

 

 

 

0632020

Rooibos

 

 

 

 

0632030

Maité

 

 

 

 

0632990

Eile (2)

 

 

 

 

0633000

(c)

fréamhacha

0,3

0,05  (*)

 

 

0633010

Caorthann corraigh

 

 

 

 

0633020

Ginsing

 

 

 

 

0633990

Eile (2)

 

 

 

 

0639000

(d)

aon chuid eile den phlanda

0,05  (*)

0,05  (*)

 

 

0640000

Pónairí cócó

0,05  (*)

0,05  (*)

 

 

0650000

Carúib

0,05  (*)

0,05  (*)

 

 

0700000

LEANNLUSANNA

30

0,05  (*)

0,05  (*)

0,05  (*)

0800000

SPÍOSRAÍ

 

 

 

 

0810000

Spíosraí ó shíolta

0,3

0,3 (+)

0,05  (*)

0,05  (*)

0810010

Ainís

 

(+)

 

 

0810020

Calaindí

 

(+)

 

 

0810030

Soilire

 

(+)

 

 

0810040

Lus an choire

 

(+)

 

 

0810050

Cuimín

 

(+)

 

 

0810060

Lus mín

 

(+)

 

 

0810070

Finéal

 

(+)

 

 

0810080

Feinigréag

 

(+)

 

 

0810090

Noitmig

 

(+)

 

 

0810990

Eile (2)

 

(+)

 

 

0820000

Spíosraí ó thorthaí

0,3

0,3 (+)

0,05  (*)

0,05  (*)

0820010

Ilspíosra/pimeantó

 

(+)

 

 

0820020

Piobar Szechuan

 

(+)

 

 

0820030

Cearbhas

 

(+)

 

 

0820040

Cardamam

 

(+)

 

 

0820050

Caor aitil

 

(+)

 

 

0820060

Piobarchaor (í dubh, glas agus bán)

 

(+)

 

 

0820070

Fanaile

 

(+)

 

 

0820080

Tamarain

 

(+)

 

 

0820990

Eile (2)

 

(+)

 

 

0830000

Spíosraí ó choirt

0,05  (*)

0,05  (*)

0,05  (*)

0,05  (*)

0830010

Cainéal

 

 

 

 

0830990

Eile (2)

 

 

 

 

0840000

Spíosraí ó fhréamhacha agus ó riosóm

 

 

 

 

0840010

Liocras

0,05  (*)

0,05  (*)

0,05  (*)

0,05  (*)

0840020

Sinséar (10)

 

 

 

 

0840030

Tuirmiric/curcuma

0,05  (*)

0,05  (*)

0,05  (*)

0,05  (*)

0840040

Meacain ragaim (11)

 

 

 

 

0840990

Eile (2)

0,05  (*)

0,05  (*)

0,05  (*)

0,05  (*)

0850000

Spíosraí ón mbachlóg

0,05  (*)

0,05  (*)

0,05  (*)

0,05  (*)

0850010

Clóibh

 

 

 

 

0850020

Caprais

 

 

 

 

0850990

Eile (2)

 

 

 

 

0860000

Spíosraí ó phistil bláthanna

0,05  (*)

0,05  (*)

0,05  (*)

0,05  (*)

0860010

Cróch

 

 

 

 

0860990

Eile (2)

 

 

 

 

0870000

Spíosraí arail

0,05  (*)

0,05  (*)

0,05  (*)

0,05  (*)

0870010

Maicis

 

 

 

 

0870990

Eile (2)

 

 

 

 

0900000

PLANDAÍ SIÚCRA

 

0,01  (*)

0,01  (*)

0,01  (*)

0900010

Fréamhacha biatas siúcra

5

 

 

 

0900020

Cánaí siúcra

0,05

 

 

 

0900030

Fréamhacha siocaire

0,09

 

 

 

0900990

Eile (2)

0,01  (*)

 

 

 

1000000

TÁIRGÍ DE THIONSCNAMH AINMHÍOCH - AINMHITHE TALÚN

 

 

 

 

1010000

Tráchtearraí ó

 

0,01  (*)

0,01  (*)

0,03  (*)

1011000

(a)

mucra

 

 

 

 

1011010

Matán

0,01  (*)(+)

 

 

 

1011020

Saill

0,05 (+)

 

 

 

1011030

An t-ae

0,07 (+)

 

 

 

1011040

An duán

0,07 (+)

 

 

 

1011050

Scairteach inite (seachas an t-ae agus an duán)

0,07 (+)

 

 

 

1011990

Eile (2)

0,01  (*)(+)

 

 

 

1012000

(b)

bó-ainmhí

 

 

 

 

1012010

Matán

0,01  (*)(+)

 

 

 

1012020

Saill

0,05 (+)

 

 

 

1012030

An t-ae

0,07 (+)

 

 

 

1012040

An duán

0,07 (+)

 

 

 

1012050

Scairteach inite (seachas an t-ae agus an duán)

0,07 (+)

 

 

 

1012990

Eile (2)

0,01  (*)(+)

 

 

 

1013000

(c)

caoirigh

 

 

 

 

1013010

Matán

0,01  (*)(+)

 

 

 

1013020

Saill

0,05 (+)

 

 

 

1013030

An t-ae

0,07 (+)

 

 

 

1013040

An duán

0,07 (+)

 

 

 

1013050

Scairteach inite (seachas an t-ae agus an duán)

0,07 (+)

 

 

 

1013990

Eile (2)

0,01  (*)(+)

 

 

 

1014000

d)

gabhar

 

 

 

 

1014010

Matán

0,01  (*)(+)

 

 

 

1014020

Saill

0,05 (+)

 

 

 

1014030

An t-ae

0,07 (+)

 

 

 

1014040

An duán

0,07 (+)

 

 

 

1014050

Scairteach inite (seachas an t-ae agus an duán)

0,07 (+)

 

 

 

1014990

Eile (2)

0,01  (*)(+)

 

 

 

1015000

(e)

eachaí

 

 

 

 

1015010

Matán

0,01  (*)

 

 

 

1015020

Saill

0,05

 

 

 

1015030

An t-ae

0,07

 

 

 

1015040

An duán

0,07

 

 

 

1015050

Scairteach inite (seachas an t-ae agus an duán)

0,07

 

 

 

1015990

Eile (2)

0,01  (*)

 

 

 

1016000

(f)

éanlaith chlóis

0,01  (*)(+)

 

 

 

1016010

Matán

(+)

 

 

 

1016020

Saill

(+)

 

 

 

1016030

An t-ae

(+)

 

 

 

1016040

An duán

(+)

 

 

 

1016050

Scairteach inite (seachas an t-ae agus an duán)

(+)

 

 

 

1016990

Eile (2)

(+)

 

 

 

1017000

(g)

ainmhithe talún feirme eile

 

 

 

 

1017010

Matán

0,01  (*)

 

 

 

1017020

Saill

0,05

 

 

 

1017030

An t-ae

0,07

 

 

 

1017040

An duán

0,07

 

 

 

1017050

Scairteach inite (seachas an t-ae agus an duán)

0,07

 

 

 

1017990

Eile (2)

0,01  (*)

 

 

 

1020000

Bainne

0,01  (*)(+)

0,01  (*)

0,01  (*)

0,03  (*)

1020010

Eallach

(+)

 

 

 

1020020

Caoirigh

(+)

 

 

 

1020030

Gabhar

(+)

 

 

 

1020040

Capall

(+)

 

 

 

1020990

Eile (2)

(+)

 

 

 

1030000

Uibheacha éan

0,01  (*)(+)

0,01  (*)

0,01  (*)

0,03  (*)

1030010

An chearc

(+)

 

 

 

1030020

Lacha

(+)

 

 

 

1030030

Géanna

(+)

 

 

 

1030040

Gearg

(+)

 

 

 

1030990

Eile (2)

(+)

 

 

 

1040000

Mil agus táirgí beachaireacht eile (7)

0,05  (*)

0,05  (*)

0,05  (*)

0,05  (*)

1050000

Débheathaigh agus Reiptílí

0,01  (*)

0,01  (*)

0,01  (*)

0,03  (*)

1060000

Ainmhithe inveirteabracha talún

0,01  (*)

0,01  (*)

0,01  (*)

0,03  (*)

1070000

Ainmhithe veirteabracha talún fiáine

0,01  (*)

0,01  (*)

0,01  (*)

0,03  (*)

1100000

TÁIRGÍ DE THIONSCNAMH AINMHÍOCH - ÉISC, TÁIRGÍ ÉISC AGUS AON TÁIRGE BIA MARA NÓ FIONNUISCE ILE (8)

 

 

 

 

1200000

TÁIRGÍ NÓ CODANNA DE THÁIRGÍ A ÚSAIDTEAR CHUN BEATHA AINMHITHE A THÁIRGEADH AGUS CHUIGE SIN AMHÁIN (8)

 

 

 

 

1300000

TÁIRGÍ BIA PRÓISEÁILTE (9)

 

 

 

 

Asocsastróibin

Tá roinnt faisnéise faoi thocsaineacht na meitibilítí sainaitheanta ag an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia mar fhaisnéis nach bhfuil ar fáil. Agus athbhreithniú á dhéanamh ag an gCoimisiún ar an MRL, cuirfidh sé an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad abairt san áireamh, má chuirtear isteach í faoin 5 Lúnasa 2024, nó, mura gcuirtear an fhaisnéis sin isteach faoin dáta sin, an easpa faisnéise.

1011000 (a) mucra

1011010 Matán

1011020 Saill

1011030 An t-ae

1011040 An duán

1011050 Scairteach inite (seachas an t-ae agus an duán)

1011990 Eile (2)

1012000 (b) bó-ainmhithe

1012010 Matán

1012020 Saill

1012030 An t-ae

1012040 An duán

1012050 Scairteach inite (seachas an t-ae agus an duán)

1012990 Eile (2)

1013000 (c) caoirigh

1013010 Matán

1013020 Saill

1013030 An t-ae

1013040 An duán

1013050 Scairteach inite (seachas an t-ae agus an duán)

1013990 Eile (2)

1014000 d) gabhair

1014010 Matán

1014020 Saill

1014030 An t-ae

1014040 An duán

1014050 Scairteach inite (seachas an t-ae agus an duán)

1014990 Eile (2)

1016000 (f) éanlaith chlóis

1016010 Matán

1016020 Saill

1016030 An t-ae

1016040 An duán

1016050 Scairteach inite (seachas an t-ae agus an duán)

1016990 Eile (2)

1020000 Bainne

1020010 Eallach

1020020 Caoirigh

1020030 Gabhair

1020040 Capaill

1020990 Eile (2)

1030000 Uibheacha éan

1030010 Sicín

1030020 Lacha

1030030 Géanna

1030040 Gearg

1030990 Eile (2)

Prósulfacarb

Tá roinnt faisnéise faoi mhodhanna anailíse sainaitheanta ag an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia mar fhaisnéis nach bhfuil ar fáil. Agus athbhreithniú á dhéanamh ag an gCoimisiún ar an MRL, cuirfidh sé an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad abairt san áireamh, má chuirtear isteach í faoin 17 Lúnasa 2015, nó, mura gcuirtear an fhaisnéis sin isteach faoin dáta sin, an easpa faisnéise.

0810000 Spíosraí ó shíolta

0810010 Ainís

0810020 Calaindí

0810030 Soilire

0810040 Lus an choire

0810050 Cuimín

0810060 Lus mín

0810070 Finéal

0810080 Feinigréag

0810090 Noitmig

0810990 Eile (2)

0820000 Spíosraí ó thorthaí

0820010 Ilspíosra/pimeantó

0820020 Piobar Szechuan

0820030 Cearbhas

0820040 Cardamam

0820050 Caor aitil

0820060 Piobarchaor (í dubh glas agus bán)

0820070 Fanaile

0820080 Tamarain

0820990 Eile (2)

Tá roinnt faisnéise faoi mheitibileacht na mbarr sainaitheanta ag an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia mar fhaisnéis nach bhfuil ar fáil. Agus athbhreithniú á dhéanamh ag an gCoimisiún ar an MRL, cuirfidh sé an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad abairt san áireamh, má chuirtear isteach í faoin 17 Lúnasa 2015, nó, mura gcuirtear an fhaisnéis sin isteach faoin dáta sin, an easpa faisnéise.

0213020 Meacain dhearga

0213030 Soiliriac/soilire tornapa

0213040 Meacain ragaim

0213060 Meacain bhána

0213070 Fréamhacha peirsile/peirsil fréimhe Hamburg

0213090 Salsabh

0270030 Soilire

Tá roinnt faisnéise faoi thrialacha iarmhar sainaitheanta ag an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia mar fhaisnéis nach bhfuil ar fáil. Agus athbhreithniú á dhéanamh ag an gCoimisiún ar an MRL, cuirfidh sé an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad abairt san áireamh, má chuirtear isteach í faoin 17 Lúnasa 2015, nó, mura gcuirtear an fhaisnéis sin isteach faoin dáta sin, an easpa faisnéise.

0152000 (b) sútha talún

Vailifeanaláit (R) (A)

(R) Tá an sainmhíniú ar iarmhar éagsúil i gcás na gcomhcheangal de lotnaidicíd-códuimhir seo a leanas: Vailifeanaláit - cód 1000000 seachas 1040000 : Vailifeanaláit agus aigéad vailifeanaláite (IR5839)

(A) Tá an caighdeán tagartha le haghaidh aigéad vailifeanaláite (IR5839) sainaitheanta ag saotharlanna tagartha an Aontais mar rud nach bhfuil ar fáil ó thaobh tráchtála de. Agus na MRLanna á n-athbhreithniú ag an gCoimisiún, cuirfidh sé san áireamh infhaighteacht tráchtála an chaighdeáin tagartha dá dtagraítear sa chéad abairt faoin 2 Lúnasa 2023, nó, mura bhfuil an caighdeán tagartha ar fáil ó thaobh tráchtála de faoin dáta sin, a neamh-infhaighteacht.”


(*)  Léiríonn an íosteorainn an chinnidh anailísigh

(1)  Chun liosta iomlán na dtáirgí de thionscnamh ainmhíoch agus plandaí a bhfuil feidhm ag na MRLanna maidir leo a fheiceáil, ba cheart tagairt a dhéanamh d’Iarscríbhinn I