17.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 15/13


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/115 ÓN gCOIMISIÚN

an 16 Eanáir 2023

lena leasaítear Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le tréimhse formheasa na substainte gníomhaí démhocsastróibin

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoracha 79/117/CEE agus 91/414/CEE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 17, an chéad mhír, de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Leagtar amach i gCuid A den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (2) na substaintí gníomhacha a mheastar a bheith formheasta faoi Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009.

(2)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2068 ón gCoimisiún (3) cuireadh síneadh le tréimhse formheasa na substainte gníomhaí démhocsastróibin go dtí an 31 Eanáir 2023.

(3)

Cuireadh isteach iarratais ar fhormheas na substainte gníomhaí démhocsastróibin a athnuachan i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 ón gCoimisiún (4).

(4)

Cé go bhfuil ráiteas ón Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (EFSA) (5) ar fáil maidir leis an meastóireacht ar an tsubstaint ghníomhach démhocsastróibin agus gur thionscain an Coimisiún pléití ag an mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, dealraíonn sé mar sin féin gur dócha go rachaidh an formheas in éag sula mbeidh cinneadh déanta maidir leis an athnuachan. Dá bhrí sin, agus ós rud é go bhfuil an mhoill sin ann ar chúiseanna nach bhfuil neart ag an iarratasóir orthu, is gá síneadh a chur le formheas démhocsastróibine ar feadh tréimhse theoranta ama chun go mbeifear in ann an measúnú is gá a chur i gcrích chun cinneadh a dhéanamh maidir leis an iarratas ar fhormheas na substainte gníomhaí sin a athnuachan.

(5)

I gcás ina bhfuil an Coimisiún le Rialachán a ghlacadh lena bhforálfar nach ndéanfar formheas démhocsastróibine a athnuachan toisc nach gcomhlíontar na critéir formheasa, is é an dáta atá le leagan síos ag an gCoimisiún mar dháta éaga an dáta céanna a bhí ann roimh an Rialachán seo nó dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin lena bhforáiltear nach ndéanfar formheas na substainte gníomhaí a athnuachan, cibé dáta acu sin is déanaí. A mhéid a bhaineann leis an gcás ina bhfuil an Coimisiún le Rialachán a ghlacadh lena bhforálfar maidir le formheas démhocsastróibine a athnuachan, féachfaidh an Coimisiún leis an dáta cur i bhfeidhm is luaithe is féidir a leagan síos, de réir mar is iomchuí sna himthosca.

(6)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a leasú dá réir.

(7)

Ós rud é go rachaidh an formheas reatha maidir le démhocsastróibin in éag an 31 Eanáir 2023, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm a luaithe is féidir.

(8)

Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

I gCuid A den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011, sa séú colún, “Dul in éag an fhormheasa”, d’iontráil 128, Démhocsastróibin, cuirtear “31 Eanáir 2024” in ionad an dáta.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 16 Eanáir 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 309, 24.11.2009, lch. 1.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún an 25 Bealtaine 2011 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le liosta na substaintí gníomhacha formheasta (IO L 153, 11.6.2011, lch. 1).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2068 ón gCoimisiún an 25 Samhain 2021 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le tréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha beanflurailin, démhocsastróibin, fluasanam, flutolainil, meiceapróp-P, meipiocuat, meitiream, ocsaimil agus pireaclóstróibin (IO L 421, 26.11.2021, lch. 25).

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 ón gCoimisiún an 18 Meán Fómhair 2012 lena leagtar amach na forálacha is gá chun an nós imeachta athnuachana um shubstaintí gníomhacha a chur chun feidhme, dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh (IO L 252, 19.9.2012, lch. 26).

Cé gur aisghaireadh Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1740 ón gCoimisiún (IO L 392, 23.11.2020, lch. 20), na forálacha a bhaineann le formheas substaintí gníomhacha a athnuachan mar a leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012, tá feidhm acu go fóill i gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1740.

(5)  EFSA (An tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia), 2022. Statement concerning the assessment of environmental fate and behaviour and ecotoxicology in the context of the pesticides peer review of the active substance dimoxystrobin [Ráiteas maidir leis an measúnú ar an gcinniúint agus iompraíocht chomhshaoil agus ar an éiceatocsaineolaíocht i gcomhthéacs an athbhreithnithe phiaraí lotnaidicídí ar an tsubstaint ghníomhach démhocsastróibin]. EFSA Journal [Iris EPSA] 2022;20(11):7634. https://doi.org/10.2903/j.efsa.2022.7634.