13.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 12/3


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/103 ÓN gCOIMISIÚN

an 12 Eanáir 2023

lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1242/2014 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1243/2014 a mhéid a bhaineann le sonraíochtaí teicniúla agus rialacha i leith cur i láthair sonraí carnacha maidir le hoibríochtaí agus faisnéis atá le seoladh ag na Ballstáit

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh (1), agus go háirithe Airteagal 97(2) agus Airteagal 107(3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 maidir leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh, déantar foráil maidir le bearta sonracha chun iarmhairtí fhogha na Rúise ar an Úcráin ar ghníomhaíochtaí iascaireachta a laghdú agus chun éifeachtaí na míshocrachta sa mhargadh ar an slabhra soláthair táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe de dheasca an fhogha sin a mhaolú (dá ngairtear “na bearta sonracha” anseo feasta).

(2)

Chun gur féidir faireachán agus tuairisciú iontaofa a dhéanamh ar oibríochtaí a bhaineann leis na bearta sonracha, ba cheart coigeartuithe a dhéanamh ar na sonraíochtaí teicniúla agus ar na rialacha i leith cur i láthair sonraí carnacha maidir le hoibríochtaí agus faisnéis atá le seoladh ag na Ballstáit de bhun Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1242/2014 ón gCoimisiún (2) agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1243/2014 ón gCoimisiún (3).

(3)

Ós rud é go bhfuil an sprioc-am chun sonraí carnacha maidir le hoibríochtaí a sholáthar faoin 31 Márta gach bliain de bhun Airteagal 97(1)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 istigh cheana le haghaidh 2022, níor cheart do na Ballstáit ach an fhaisnéis sin a chur isteach san fhormáid leasaithe amháin ó 2023 ar aghaidh, chun tuairisciú comhsheasmhach comhchuibhithe a áirithiú.

(4)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1242/2014 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1243/2014 a leasú dá réir.

(5)

Chun a áirithiú go dtugtar am leordhóthanach do na Ballstáit sonraí carnacha maidir le hoibríochtaí a bhaineann leis na bearta sonracha a thuairisciú faoin sprioc-am an 31 Márta 2023, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm a luaithe is féidir.

(6)

Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir le tuairim an Choiste um an gCiste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1242/2014

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1242/2014 i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Leasuithe ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1243/2014

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1243/2014 i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 12 Eanáir 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2328/2003 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 861/2006 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1198/2006 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 791/2007 ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 1255/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 149, 20.5.2014, lch. 1).

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1242/2014 ón gCoimisiún an 20 Samhain 2014 lena leagtar síos rialacha de bhun Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh maidir le cur i láthair sonraí carnacha ábhartha maidir le hoibríochtaí (IO L 334, 21.11.2014, lch. 11).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1243/2014 ón gCoimisiún an 20 Samhain 2014 lena leagtar síos rialacha de bhun Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh maidir le faisnéis atá le seoladh ag na Ballstáit, agus maidir le riachtanais sonraí agus sineirgí idir na foinsí sonraí a d’fhéadfadh a bheith ann (IO L 334, 21.11.2014, lch. 39).


IARSCRÍBHINN I

In Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1242/2014, sa tábla, in iontráil 25, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs sa dara colún (“Inneachar an réimse”):

“Ráig COVID-19 a mhaolú nó bearta chun iarmhairtí fhogha na Rúise ar an Úcráin ar ghníomhaíochtaí iascaireachta a laghdú agus chun éifeachtaí na míshocrachta sa mhargadh ar an slabhra soláthair táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe de dheasca an fhogha sin a mhaolú”.


IARSCRÍBHINN II

In Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1243/2014, cuirtear an méid seo a leanas in ionad Chuid F:

“CUID F

Ráig COVID-19 agus éifeachtaí na míshocrachta sa mhargadh ar an slabhra soláthair táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe de dheasca fhogha na Rúise ar an Úcráin a mhaolú agus iarmhartaí an fhogha mhíleata sin ar ghníomhaíochtaí iascaireachta a laghdú.

Réimse

Ábhar an réimse

Nóta tráchta

Riachtanais sonraí agus sineirgí

25

Ráig COVID-19 a mhaolú nó bearta chun iarmhairtí fhogha na Rúise ar an Úcráin ar ghníomhaíochtaí iascaireachta a laghdú agus chun éifeachtaí na míshocrachta sa mhargadh ar an slabhra soláthair táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe de dheasca an fhogha sin a mhaolú

Cód 0 = nach mbaineann le COVID-19 nó le bearta chun iarmhairtí fhogha na Rúise ar an Úcráin ar ghníomhaíochtaí iascaireachta a laghdú agus chun éifeachtaí na míshocrachta sa mhargadh ar an slabhra soláthair táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe de dheasca an fhogha sin a mhaolú

Cód 1 = baineann le COVID-19

Cód 2 = baineann le bearta chun iarmhairtí fhogha na Rúise ar an Úcráin ar ghníomhaíochtaí iascaireachta a laghdú agus chun éifeachtaí na míshocrachta sa mhargadh ar an slabhra soláthair táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe de dheasca an fhogha sin a mhaolú

CEMI-shonrach”