|
5.1.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 3/8 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/53 ÓN gCOIMISIÚN
an 4 Eanáir 2023
maidir le hullmhóid Pediococcus acidilactici CNCM I-4622 a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin lena n-úsáid i gcothú ainmhithe (1), agus go háirithe Airteagal 9(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, foráiltear maidir le húdarú breiseán lena n-úsáid i gcothú ainmhithe agus maidir leis an bhforas agus na nósanna imeachta i leith an t-údarú sin a dheonú. |
|
(2) |
I gcomhréir le hAirteagal 7(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, cuireadh isteach iarratas maidir le hullmhóid Pediococcus acidilactici CNCM I-4622 a údarú. Bhí na sonraí agus na doiciméid a cheanglaítear faoi Airteagal 7(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ag gabháil leis an iarratas sin. |
|
(3) |
Baineann an t-iarratas le hullmhóid Pediococcus acidilactici CNCM I-4622 a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch, breiseán atá le haicmiú i gcatagóir na mbreiseán “breiseáin theicneolaíocha” agus sna feidhmghrúpaí “rialtáin aigéadachta” agus “feabhsaitheoirí dálaí sláinteachais”. |
|
(4) |
I dtuairim an 29 Meitheamh 2022 ón Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (2) (“an tÚdarás”), is é an chonclúid ar ar thángthas nach bhfuil éifeachtaí díobhálacha ag Pediococcus acidilactici CNCM I-4622 ar shláinte ainmhithe, ar shláinte tomhaltóirí ná ar an gcomhshaol faoi na coinníollacha úsáide atá beartaithe. Tháinig an tÚdarás ar an gconclúid freisin go meastar gur íogróir riospráide í an ullmhóid ach nach íogróir craicinn/súl í. Thairis sin, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid go bhféadfadh an ullmhóid pH agus fás baictéar drólannach i mbeathaí leachtacha a laghdú. D’fhíoraigh sé freisin an tuarascáil ar na modhanna a úsáidtear chun anailís a dhéanamh ar an mbreiseán beathaithe i mbeatha, tuarascáil arna cur isteach ag an tSaotharlann Tagartha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. |
|
(5) |
Léirítear leis an measúnú ar ullmhóid Pediococcus acidilactici CNCM I-4622 go gcomhlíontar na coinníollacha maidir le húdarú dá bhforáiltear in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. Dá réir sin, ba cheart úsáid na hullmhóide sin a údarú. Measann an Coimisiún gur cheart bearta cosanta iomchuí a dhéanamh chun éifeachtaí díobhálacha ar shláinte an duine a chosc, go háirithe a mhéid a bhaineann le húsáideoirí an bhreiseáin. |
|
(6) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
1. An ullmhóid a shonraítear san Iarscríbhinn, agus a bhaineann le catagóir na mbreiseán “breiseáin theicneolaíocha” agus leis an bhfeidhmghrúpa “rialtáin aigéadachta”, údaraítear í mar bhreiseán i gcothú ainmhithe, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Iarscríbhinn sin.
2. An ullmhóid a shonraítear san Iarscríbhinn, agus a bhaineann le catagóir na mbreiseán “breiseáin theicneolaíocha” agus leis an bhfeidhmghrúpa “feabhsaitheoirí dálaí sláinteachais”, údaraítear í mar bhreiseán i gcothú ainmhithe, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Iarscríbhinn sin.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 4 Eanáir 2023.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 268, 18.10.2003, lch. 29.
(2) EFSA Journal [Iris EFSA] 2022;20(8):7424
IARSCRÍBHINN
|
Uimhir aitheantais an bhreiseáin |
Breiseán |
Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse |
Speiceas nó catagóir ainmhí |
Uasteorainn aoise |
Íoschion |
Uaschion |
Forálacha eile |
Deireadh na tréimhse údaraithe |
||||||||
|
CFU de bhreiseán/kg d’ábhar beatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 % |
||||||||||||||||
|
Catagóir: breiseáin theicneolaíocha. Feidhmghrúpa: rialtáin aigéadachta. |
||||||||||||||||
|
4d1712 |
Pediococcus acidilactici CNCM I-4622 |
Comhdhéanamh an bhreiseáin: Ullmhóid Pediococcus acidilactici CNCM I-4622 ina bhfuil íosmhéid 1 × 1010 CFU/g Foirm sholadach |
Gach speiceas ainmhíoch |
- |
1 x 109 |
- |
|
24.1.2033 |
||||||||
|
Tréithriú na substainte gníomhaí: Cealla inmharthana Pediococcus acidilactici CNCM I-4622 |
||||||||||||||||
|
Modh anailíse (1) Áireamh: Modh an leata ar phláta ar agar MRS (EN 15786) Sainaithint: Leictreafóiréis Ghlóthaí Bhíogréimse (PFGE) nó modhanna seicheamhaithe DNA |
||||||||||||||||
|
Uimhir aitheantais an bhreiseáin |
Breiseán |
Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse |
Speiceas nó catagóir ainmhí |
Uasteorainn aoise |
Íoschion |
Uaschion |
Forálacha eile |
Deireadh na tréimhse údaraithe |
||||||||
|
CFU breiseáin/kg d’ábhar úr |
||||||||||||||||
|
Catagóir: breiseáin theicneolaíocha. Feidhmghrúpa: feabhsaitheoirí dálaí sláinteachais (laghdú ar fhás na mbaictéar drólannach). |
||||||||||||||||
|
4d1712 |
Pediococcus acidilactici CNCM I-4622 |
Comhdhéanamh an bhreiseáin: Ullmhóid Pediococcus acidilactici CNCM I-4622 ina bhfuil íosmhéid 1 × 1010 CFU/g Foirm sholadach |
Gach speiceas ainmhíoch |
- |
1 x 109 |
- |
|
24.1.2033 |
||||||||
|
Tréithriú na substainte gníomhaí: Cealla inmharthana Pediococcus acidilactici CNCM I-4622 |
||||||||||||||||
|
Modh anailíse (2) Áireamh: Modh an leata ar phláta ar agar MRS (EN 15786) Sainaithint: Leictreafóiréis Ghlóthaí Bhíogréimse (PFGE) nó modhanna seicheamhaithe DNA |
||||||||||||||||
(1) Tá sonraí na modhanna anailíse le fáil ag an seoladh seo a leanas sa tSaotharlann Tagartha: https://joint-research-centre.ec.europa.eu/eurl-fa-eurl-feed-additives/eurl-fa-authorisation/eurl-fa-evaluation-reports_en
(2) Tá sonraí na modhanna anailíse le fáil ag an seoladh seo a leanas sa tSaotharlann Tagartha: https://joint-research-centre.ec.europa.eu/eurl-fa-eurl-feed-additives/eurl-fa-authorisation/eurl-fa-evaluation-reports_en