4.1.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 2/9 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/5 ÓN gCOIMISIÚN
an 3 Eanáir 2023
lena n-údaraítear púdar Acheta domesticus (criogar) atá díshaillte go páirteach a chur ar an margadh mar bhia núíosach agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le bianna núíosacha, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1852/2001 ón gCoimisiún (1), go háirithe Airteagal 12 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Foráiltear le Rialachán (AE) 2015/2283 nach bhféadfar ach bianna núíosacha atá údaraithe agus a áirítear ar liosta an Aontais a chur ar an margadh laistigh den Aontas. |
(2) |
De bhun Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2015/2283, suíodh liosta Aontais de bhianna núíosacha údaraithe le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún (2). |
(3) |
An 24 Iúil 2019 chuir an chuideachta Cricket One Co. Ltd (“an t-iarratasóir”) iarratas faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal 10(1) de Rialachán (AE) 2015/2283 chun púdar Acheta domesticus (criogar) atá díshaillte go páirteach a chur ar mhargadh an Aontais mar bhia núíosach. Iarradh san iarratas púdar atá díshaillte go páirteach a fhaightear ó Acheta domesticus iomlán (criogar) a úsáid in arán agus rollaí ilghráin, i gcraicir agus cipíní aráin, i mbarraí gránach, i réamh-mheascáin thirime le haghaidh táirgí bácáilte, i mbrioscaí, i dtáirgí pasta-bhunaithe stuáilte agus neamh-stuáilte tirime, in anlainn, i dtáirgí prátaí próiseáilte, i miasa léagúm-bhunaithe agus glasraí-bhunaithe, i bpíotsa, i dtáirgí pasta-bhunaithe, i bpúdar meidhg, in analóga feola, in anraithí agus tiúcháin nó púdair anraith, i sneaiceanna gránphlúr-bhunaithe, i ndeochanna de chineál beorach, i milseogra seacláide, i gcnónna agus síolta ola, i sneaiceanna seachas brioscáin, agus in ullmhóidí feola, a cheaptar don phobal ginearálta. |
(4) |
An 24 Iúil 2019 chuir an t-iarratasóir iarraidh faoi bhráid an Choimisiúin chun go gcosnófaí na staidéir agus na sonraí eolaíocha dílseánaigh agus na sonraí a cuireadh isteach chun tacú leis an iarratas, is é sin tuairisc mhionsonraithe ar an bpróiseas táirgthe (3); torthaí ó anailísí neas-chomhábhair (4); sonraí anailíseacha maidir le héilleáin (5); torthaí ó na staidéir chobhsaíochta (6); sonraí anailíseacha maidir leis na paraiméadair mhicribhitheolaíocha (7); agus torthaí ó na staidéir ar dhíleáiteacht na bpróitéiní (8). |
(5) |
An 8 Iúil 2020, d’iarr an Coimisiún ar an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) measúnú a dhéanamh ar phúdar Acheta domesticus (criogar) atá díshaillte go páirteach mar bhia núíosach. |
(6) |
An 23 Márta 2022 ghlac an tÚdarás a thuairim eolaíoch dar teideal Safety of partially defatted whole Acheta domesticus (house cricket) powder as a novel food pursuant to Regulation (EU) 2015/2283 (9) [Sábháilteacht púdair Acheta domesticus (criogar) mar bhia núíosach de bhun Rialachán (AE) 2015/2283] i gcomhréir le hAirteagal 11 de Rialachán (AE) 2015/2283. |
(7) |
Sa tuairim eolaíoch uaidh, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid go bhfuil púdar Acheta domesticus (criogar) atá díshaillte go páirteach sábháilte faoi na coinníollacha úsáide agus na leibhéal úsáide atá beartaithe. Dá bhrí sin, is leor na forais sa tuairim eolaíoch sin chun a shuí, i gcás ina n-úsáidtear é in arán agus rollaí ilghráin, i gcraicir agus cipíní aráin, i mbarraí gránach, i réamh-mheascáin thirime le haghaidh táirgí bácáilte, i mbrioscaí, i dtáirgí pasta-bhunaithe stuáilte agus neamh-stuáilte tirime, in anlainn, i dtáirgí prátaí próiseáilte, i miasa léagúm-bhunaithe agus glasraí-bhunaithe, i bpíotsa, i dtáirgí pasta-bhunaithe, i bpúdar meidhg, in analóga feola, in anraithí agus tiúcháin nó púdair anraith, i sneaiceanna gránphlúr-bhunaithe, i ndeochanna de chineál beorach, i milseogra seacláide, i gcnónna agus síolta ola, i sneaiceanna seachas brioscáin, agus in ullmhóidí feola, a cheaptar don phobal ginearálta, go gcomhlíonann púdar Acheta domesticus (criogar) atá díshaillte go páirteach na coinníollacha maidir lena chur ar an margadh i gcomhréir le hAirteagal 12(1) de Rialachán (AE) 2015/2283. |
(8) |
Ar bhonn na fianaise teoranta foilsithe maidir le hailléirgí bia a bhaineann le feithidí go ginearálta, fianaise a léirigh nasc éideimhin idir tomhailt Acheta domesticus agus roinnt teagmhais anaifiolacsais, sin agus ar bhonn fianaise a léiríonn go bhfuil roinnt próitéiní in Acheta domesticus a d’fhéadfadh a bheith ailléirgineach, chinn an tÚdarás ina thuairim uaidh go bhféadfadh tomhailt an bhia núíosaigh sin íogrú i leith próitéiní Acheta domesticus a spreagadh. Mhol an tÚdarás go ndéanfaí tuilleadh taighde maidir le hailléirgineacht Acheta domesticus. |
(9) |
Chun aghaidh a thabhairt ar mholadh an Údaráis, tá an Coimisiún ag déanamh scrúdú faoi láthair ar bhealaí chun an taighde riachtanach a dhéanamh maidir le hailléirgineacht Acheta domesticus. Go dtí go ndéanfaidh an tÚdarás measúnú ar na sonraí arna nginiúint leis an taighde sin, agus ós rud é, go dtí seo, gur neamhchonclúideach í an fhianaise a nascann tomhailt Acheta domesticus go díreach le cásanna d’íogrú príomha agus d’ailléirgí, measann an Coimisiún nár cheart ceanglas lipéadaithe sonrach maidir leis an acmhainn atá in Acheta domesticus an t-íogrú príomha a spreagadh, nár cheart ceanglas den sórt sin a áireamh i liosta an Aontais de bhianna núíosacha údaraithe. |
(10) |
Sa tuairim uaidh, mheas an tÚdarás freisin go bhféadfadh tomhailt púdair Acheta domesticus (criogar) atá díshaillte go páirteach a bheith ina cúis le frithghníomhartha ailléirgeacha i ndaoine atá ailléirgeach i leith crústach, moileasc agus fíneog. Thairis sin, thug an tÚdarás dá aire go bhféadfadh ailléirginí breise a bheith ann sa bhia núíosach sa chás go mbeadh na hailléirginí céanna sa tsubstráit lena mbeathaítear na feithidí. Dá bhrí sin, is iomchuí bianna ina bhfuil púdar Acheta domesticus (criogar) atá díshaillte go páirteach a lipéadú go hiomchuí i gcomhréir le hAirteagal 9 de Rialachán (AE) 2015/2283. |
(11) |
Sa tuairim eolaíoch uaidh, thug an tÚdarás dá aire freisin go raibh a chonclúid maidir le sábháilteacht an phúdair Acheta domesticus (criogar) atá díshaillte go páirteach bunaithe ar na staidéir agus na sonraí ar an tuairisc mhionsonraithe ar an bpróiseas táirgthe; ar thorthaí ó anailísí neas-chomhábhair; ar na sonraí anailíseacha maidir le héilleáin; ar thorthaí ó na staidéir chobhsaíochta; ar na sonraí anailíseacha maidir leis na paraiméadair mhicribhitheolaíocha; agus ar thorthaí ó na staidéir ar dhíleáiteacht na bpróitéiní, nithe nach bhféadfadh sé measúnú a dhéanamh ar an mbia núíosach ná teacht ar a chonclúid dá n-uireasa. |
(12) |
D’iarr an Coimisiún ar an iarratasóir soiléiriú breise a thabhairt maidir leis an réasúnú a cuireadh ar fáil i dtaca lena éileamh dílseánaigh ar na staidéir agus na sonraí eolaíocha sin, agus soiléiriú a thabhairt maidir lena éileamh ar cheart eisiach a bheith aige orthu i gcomhréir le hAirteagal 26(2)(b) de Rialachán (AE) 2015/2283. |
(13) |
Dhearbhaigh an t-iarratasóir go raibh cearta tagartha dílseánaigh agus eisiacha acu ar na staidéir agus na sonraí eolaíocha ar an tuairisc mhionsonraithe ar an bpróiseas táirgthe; ar thorthaí ó anailísí neas-chomhábhair; ar na sonraí anailíseacha maidir le héilleáin; ar thorthaí ó na staidéir chobhsaíochta; ar na sonraí anailíseacha maidir leis na paraiméadair mhicribhitheolaíocha; agus ar thorthaí ó na staidéir ar dhíleáiteacht na bpróitéiní, faoin dlí náisiúnta tráth a chuir siad an t-iarratas isteach, agus dhearbhaigh sé freisin nach féidir le tríú páirtithe rochtain dhlíthiúil a fháil ar na sonraí agus na staidéir sin ná iad a úsáid ná tagairt a dhéanamh dóibh. |
(14) |
Rinne an Coimisiún measúnú ar an bhfaisnéis uile a chuir an t-iarratasóir ar fáil agus mheas sé go raibh cruthúnas leordhóthanach tugtha aige gur comhlíonadh na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 26(2) de Rialachán (AE) 2015/2283. Dá bhrí sin, na staidéir agus na sonraí eolaíocha maidir leis an tuairisc mhionsonraithe ar an bpróiseas táirgthe; na torthaí ó anailísí neas-chomhábhair; na sonraí anailíseacha maidir le héilleáin; na torthaí ó na staidéir chobhsaíochta; na sonraí anailíseacha maidir leis na paraiméadair mhicribhitheolaíocha; torthaí ó na staidéir ar dhíleáiteacht na bpróitéiní, ba cheart iad a chosaint i gcomhréir le hAirteagal 27(1) de Rialachán (AE) 2015/2283. Dá réir sin, níor cheart ach an t-iarratasóir a údarú chun púdar Acheta domesticus (criogar) atá díshaillte go páirteach a chur ar an margadh laistigh den Aontas ar feadh tréimhse 5 bliana ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. |
(15) |
Mar sin féin, maidir le húdarú púdair Acheta domesticus (criogar) atá díshaillte go páirteach agus an tagairt do na staidéir agus na sonraí eolaíocha atá i gcomhad an iarratasóra a shrianadh d’úsáid an iarratasóra amháin, ní chuirfidh an srianadh sin cosc ar iarratasóirí eile ina dhiaidh sin cur isteach ar údarú chun an bia núíosach céanna a chur ar an margadh ar choinníoll gur ar fhaisnéis a fuarthas go dlíthiúil agus atá ina taca leis an údarú sin atá a n-iarratas bunaithe. |
(16) |
Ba cheart púdar Acheta domesticus (criogar) atá díshaillte go páirteach a áireamh i liosta an Aontais de bhianna núíosacha a leagtar amach i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470. Dá bhrí sin, ba cheart an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 a leasú dá réir sin. |
(17) |
Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
(1) Údaraítear púdar Acheta domesticus (criogar) atá díshaillte go páirteach a chur ar an margadh laistigh den Aontas.
Áireofar púdar Acheta domesticus (criogar) atá díshaillte go páirteach i liosta an Aontais de bhianna núíosacha a leagtar amach i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470.
(2) Leasaítear na hIarscríbhinní a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Ní údaraítear ach an chuideachta Cricket One Co. Ltd (10) chun an bia núíosach dá dtagraítear in Airteagal 1 a chur ar an margadh laistigh den Aontas ar feadh tréimhse 5 bliana ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo an 24 Eanáir 2023, ach amháin má fhaigheann iarratasóir údarú ina dhiaidh sin don bhia núíosach sin gan tagairt do na sonraí eolaíocha atá á gcosaint de bhun Airteagal 3 nó le comhaontú ó Cricket One Co Ltd.
Airteagal 3
Na sonraí eolaíocha atá sa chomhad iarratais agus a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 26(2) de Rialachán (AE) 2015/2283, ní úsáidfear iad chun tairbhe iarratasóra ina dhiaidh sin ar feadh tréimhse cúig bliana ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo gan comhaontú ó Cricket One Co. Ltd.
Airteagal 4
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 3 Eanáir 2023.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 327, 11.12.2015, lch. 1.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún an 20 Nollaig 2017 lena mbunaítear liosta an Aontais de bhianna núíosacha i gcomhréir le Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bianna núíosacha (IO L 351, 30.12.2017, lch. 72).
(3) Cricket One CO. 2019, 2020 agus 2021 (nár foilsíodh).
(4) Cricket One CO. 2019, 2020 agus 2021 (nár foilsíodh).
(5) Cricket One CO. 2018, 2019, 2020 agus 2021 (nár foilsíodh).
(6) Cricket One CO. 2020 (nár foilsíodh).
(7) Cricket One CO. 2018, 2019, 2020 agus 2021 (nár foilsíodh).
(8) Cricket One CO. 2019, 2020 agus 2021 (nár foilsíodh).
(9) EFSA Journal [Iris EFSA] 2022;20(5):7258.
(10) Cricket One Co. Ltd 383/3/51 Quang Trung Street, Ward 10, Go Vap district, Ho Chi Minh City, Vítneam.
IARSCRÍBHINN
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 mar a leanas:
(1) |
i dTábla 1 (Bianna núíosacha údaraithe), cuirtear an iontráil seo a leanas isteach:
|
(2) |
i dTábla 2 (Sonraíochtaí), cuirtear an iontráil seo a leanas isteach:
|
(*1) Ríomhtar citin tríd an difríocht idir an codán Snáithín Glantaigh Aigéadaigh agus an codán Lignin Glantaigh Aigéadaí (ADF-ADL) a oibriú amach, de réir mar a thuairiscíonn Hahn et al. (2018).
(*2) Suim cuimse uachtair de dhébheinsi-dé-ocsain pholaclóirínithe (PCDDanna)-débheinseafúrán polaclóirínithe (PCDFanna) agus défheinilí polaclóirínithe de chineál dé-ocsaine (PCBanna) arna sloinneadh mar Fhachtóirí Tocsaineachta Coibhéisí de chuid na hEagraíochta Domhanda Sláinte (agus úsáid á baint as WHO-TEFanna ó 2005)).
CFU: Aonaid Déanta Coilíneachta.”