3.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 1/3


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/2 ÓN gCOIMISIÚN

an 21 Nollaig 2022

lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 761/2014 maidir le haicmiú earraí áirithe san Ainmníocht Chomhcheangailte

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (1), agus go háirithe Airteagal 57(4) agus Airteagal 58(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 761/2014 ón gCoimisiún (2), maidir le hullmhóid dhromchlaghníomhach chun an craiceann agus an ghruaig a ní, í i bhfoirm glóthach, agus ina bhfuil comhpháirteanna sonracha i gcionmhaireachtaí comhchosúla chun an craiceann a ní agus chun an ghruaig a ní, arb ullmhóid í a chuirtear ar fáil i mbuidéal plaisteach 300 ml, atá cóirithe lena miondíol, aicmíodh í faoi chód 3401 30 00 den Ainmníocht Chomhcheangailte (AC) atá i gceangal le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle (3), mar “ullmhóid chun an craiceann a ní, atá cóirithe lena miondíol”. Is ullmhóid é an táirge chun an ghruaig a ní, de réir bhrí cheannteideal 3305 den Ainmníocht Chomhcheangailte, agus an craiceann araon, de réir bhrí cheannteideal 3401. I bhfianaise a shaintréithe oibiachtúla, níorbh fhéidir a chinneadh cén chomhpháirt lena dtugtar don táirge a bhuntréith. Dá bhrí sin, de bhua riail ghinearálta 3(c) maidir le léirmhíniú na hAinmníochta Comhcheangailte, níor mhór an táirge a aicmiú faoin gceannteideal deireanach in ord uimhriúil, is é sin, faoi cheannteideal 3401.

(2)

Le linn an 69ú seisiún de chuid an Choiste um an gCóras Comhchuibhithe de chuid na hEagraíochta Domhanda Custaim i mí Mhárta 2022, formheasadh tuairim 3305.10/5 maidir le haicmiú lena n-aicmítear glóthach seampú chun gruaig agus craiceann a ní ina bhfuil uisce, oibreáin dhromchlaghníomhacha orgánacha, glicrín, eastóscáin plandaí, sulfáit mhaignéisiam, glúcónáit since, gliocól búitiléine, clóiríd sóidiam, aigéad citreach, alcól, cumhrán, substaintí aramatacha agus támháin, atá pacáistithe i mbuidéal 250 ml lena miondíol. Aicmíodh an táirge faoi cheannteideal CC 3305 de bharr gurbh infheidhme nóta 1(c) a ghabhann le Caibidil 34 den Chóras Comhchuibhithe, nóta lena n-eisiatar “seampúnna, substaintí glanta fiacla, uachtair bhearrtha agus cúir, nó ullmhóidí folctha, ina bhfuil gallúnach nó oibreáin dhromchlaghníomhacha” ón gCaibidil sin agus ina luaitear aicmiú faoi cheannteidil 3305, 3306 nó 3307. Dá bhrí sin, aicmíodh an táirge faoi fho-cheannteideal CC 3305 10, a chomhfhreagraíonn do chód AC 3305 10 00, trí rialacha ginearálta 1 agus 6 a chur i bhfeidhm maidir le léirmhíniú an Chórais Chomhchuibhithe, agus nóta 1(c) a ghabhann le Caibidil 34 den Chóras Comhchuibhithe.

(3)

I bhfianaise na saintréithe de chuid an táirge atá comhionann nó atá an-chosúil leis an ullmhóid a dtugtar tuairisc air i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 761/2014, níl aicmiú taraife na hullmhóide, mar a leagtar amach é san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán sin, i gcomhréir le tuairim 3305.10/5 maidir le haicmiú.

(4)

De bhua Chinneadh 87/369/CEE ón gComhairle (4), is páirtí conarthach é an tAontas sa Choinbhinsiún Idirnáisiúnta ar an gCóras Comhchuibhithe um Thuairisciú agus um Chódú Tráchtearraí. Is ionstraimí treorach le haghaidh bhearta taraife an Aontais iad tuairimí maidir le rangú arna bhformheas ag an gCoiste um an gCóras Comhchuibhithe.

(5)

D’fhonn aonfhoirmeacht a áirithiú maidir le léirmhíniú agus cur i bhfeidhm an Chórais Chomhchuibhithe ar an leibhéal idirnáisiúnta agus ós rud é go bhfuil tuairim 3305.10/5 maidir le haicmiú i gcomhréir leis an bhfoclaíocht atá i nóta 1(c) a ghabhann le Caibidil 34 den Ainmníocht Chomhcheangailte agus i bhfo-cheannteideal CC 3305 10, is gá Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 761/2014 a aisghairm.

(6)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um an gCód Custaim,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 761/2014.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 21 Nollaig 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

Gerassimos THOMAS

An tArd-Stiúrthóir

Ard-Stiúrthóireacht an Chánachais agus an Aontais Custaim


(1)  IO L 269, 10.10.2013, lch. 1.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 761/2014 ón gCoimisiún an 10 Iúil 2014 maidir le haicmiú earraí áirithe san Ainmníocht Chomhcheangailte (IO L 207, 15.7.2014, lch. 13).

(3)  Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 256, 7.9.1987, lch. 1).

(4)  Cinneadh 87/369/CEE ón gComhairle an 7 Aibreán 1987 maidir leis an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta ar an gCóras Comhchuibhithe um Thuairisciú agus um Chódú Tráchtearraí, agus an Prótacal lena ndéantar leasú air, a thabhairt i gcrích (IO L 198, 20.7.1987, lch. 1).