2.8.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 194/39


CINNEADH Uimh. 253

Bord Bainistíochta Ghníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh maidir le rialacha inmheánacha a bhaineann le srianta ar chearta áirithe ábhair sonraí i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta faoi chuimsiú gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag Gníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh [2023/1585]

BORD BAINISTÍOCHTA GHNÍOMHAIREACHT IARNRÓID AN AONTAIS EORPAIGH

I dtaca leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (1), agus go háirithe Airteagal 25 de,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/796 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le Gníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 881/2004 (2);

Tar éis dó dul i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí,

De bhrí an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá sé de chumhacht ag an nGníomhaireacht fiosrúcháin riaracháin, imeachtaí réamh-araíonachta, araíonachta agus fionraí a dhéanamh, i gcomhréir le Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh, a leagtar síos i Rialachán ón gComhairle (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 (‘Rialacháin Foirne’) (3), agus le Cinneadh ón nGníomhaireacht an 8 Iúil 2022 lena leagtar síos forálacha ginearálta cur chun feidhme maidir le seoladh fiosrúchán riaracháin agus nósanna imeachta araíonachta. Más riachtanach, tugann sí fógra faoi chásanna do OLAF freisin.

(2)

Tá sé de dhualgas ar bhaill foirne na Gníomhaireachta gníomhaíochtaí a d’fhéadfadh a bheith neamhdhleathach a thuairisciú, lena n-áirítear calaois agus éilliú, a dhéanann dochar do leasanna an Aontais. Tá sé d’oibleagáid ar bhaill foirne freisin iompar a thuairisciú a bhaineann le dualgais ghairmiúla a chomhlíonadh ar iompar é a d’fhéadfadh a bheith ina mhainneachtain thromchúiseach oibleagáidí oifigigh an Aontais a chomhlíonadh. Rialaítear é sin le Cinneadh ón nGníomhaireacht an 15 Samhain 2018 maidir le rialacha inmheánacha a bhaineann le sceithireacht.

(3)

Tá beartas curtha i bhfeidhm ag an nGníomhaireacht chun cásanna iarbhír nó féideartha ciaptha shíceolaíoch nó gnéaschiaptha san ionad oibre a chosc agus chun déileáil leo go héifeachtach, mar a fhoráiltear le Cinneadh ERA-ED-690/2013 lena nglactar bearta cur chun feidhme de bhun na Rialachán Foirne. Bunaítear leis an gCinneadh nós imeachta neamhfhoirmiúil trínar féidir le híospartach líomhnaithe an chiaptha teagmháil a dhéanamh le comhairleoirí ‘rúnda’ na Gníomhaireachta.

(4)

Is féidir leis an nGníomhaireacht imscrúduithe a dhéanamh freisin ar sháruithe a d’fhéadfadh a bheith ann ar rialacha slándála i ndáil le faisnéis rúnaicmithe an Aontais Eorpaigh (‘FRAE’), bunaithe ar a Bheartas Faisnéise agus TF lena nglactar rialacha slándála chun FRAE a chosaint.

(5)

Tá an Ghníomhaireacht faoi réir iniúchtaí inmheánacha agus seachtracha araon maidir lena gníomhaíochtaí.

(6)

I gcomhthéacs na bhfiosrúchán, na n-iniúchtaí agus na n-imscrúduithe riaracháin sin, comhoibríonn an Ghníomhaireacht le hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais.

(7)

Is féidir leis an nGníomhaireacht comhoibriú le húdaráis náisiúnta tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, arna iarraidh sin dóibh nó ar a tionscnamh féin.

(8)

Is féidir leis an nGníomhaireacht comhoibriú freisin le húdaráis phoiblí Bhallstáit an Aontais, arna iarraidh sin dóibh nó ar a tionscnamh féin.

(9)

Tá an Ghníomhaireacht bainteach le cásanna os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh nuair a tharchuireann sí ábhar don Chúirt, nuair a chosnaíonn sí cinneadh a rinne sí agus a ndearnadh agóid ina choinne os comhair na Cúirte, nó nuair a dhéanann sí idirghabháil i gcásanna a bhaineann lena cúraimí. Sa chomhthéacs sin, d’fhéadfadh sé go mbeadh ar an nGníomhaireacht rúndacht sonraí pearsanta atá i ndoiciméid a fhaigheann na páirtithe nó na hidirghabhálaithe a chaomhnú.

(10)

Chun a cúraimí a chomhlíonadh, bailíonn agus próiseálann an Ghníomhaireacht faisnéis agus roinnt catagóirí sonraí pearsanta, lena n-áirítear sonraí aitheantais daoine nádúrtha, faisnéis teagmhála, róil ghairmiúla agus cúraimí, faisnéis maidir le hiompar príobháideach agus gairmiúil agus feidhmíocht, agus sonraí airgeadais. Feidhmíonn an Ghníomhaireacht mar rialaitheoir sonraí.

(11)

Faoi Rialachán (AE) 2018/1725 (‘an Rialachán’), tá sé d’oibleagáid ar an nGníomhaireacht, dá bhrí sin, faisnéis a sholáthar d’ábhair sonraí maidir leis na gníomhaíochtaí próiseála sin agus a gcearta mar ábhair sonraí a urramú.

(12)

D’fhéadfadh sé go mbeadh ar an nGníomhaireacht na cearta sin a réiteach le cuspóirí fiosrúchán riaracháin, iniúchtaí, imscrúduithe agus imeachtaí cúirte. D’fhéadfadh sé go mbeadh uirthi freisin cothromaíocht a bhaint amach idir cearta ábhair sonraí agus cearta bunúsacha agus saoirsí bunúsacha ábhar sonraí eile. Chuige sin, tugann Airteagal 25 de Rialachán (AE) 2018/1725 (‘an Rialachán’) an deis don nGníomhaireacht srian a chur, faoi choinníollacha dochta, ar fheidhmiú Airteagal 14 go 22, 35 agus 36 den Rialachán, chomh maith le hAirteagal 4 de sa mhéid a fhreagraíonn a fhorálacha do na cearta agus na hoibleagáidí dá bhforáiltear in Airteagail 14 go 20. Mura ndéantar foráil maidir le srianta i ngníomh dlí arna ghlacadh ar bhonn na gConarthaí, is gá rialacha inmheánacha a ghlacadh faoina mbeidh an Ghníomhaireacht i dteideal srian a chur leis na cearta sin.

(13)

Mar shampla, d’fhéadfadh sé go mbeadh ar an nGníomhaireacht srian a chur leis an bhfaisnéis a sholáthraíonn sí d’ábhar sonraí faoi phróiseáil a s(h)onraí pearsanta le linn na réamhchéime measúnaithe d’fhiosrúchán riaracháin nó le linn an fhiosrúcháin féin, sula bhféadfaí cás a dhíbhe nó ag an gcéim réamh-araíonachta. I gcúinsí áirithe, d’fhéadfadh sé go ndéanfadh soláthar faisnéise den sórt sin difear tromchúiseach do chumas na Gníomhaireachta an fiosrúchán a dhéanamh ar bhealach éifeachtach, aon uair, mar shampla, go bhféadfadh an duine lena mbaineann fianaise a scriosadh nó cur isteach ar fhinnéithe ionchasacha sula gcuirtear faoi agallamh iad. D’fhéadfadh sé freisin gur ghá don Ghníomhaireacht cearta agus saoirsí finnéithe a chosaint chomh maith le cearta agus saoirsí daoine eile atá bainteach.

(14)

B’fhéidir gur ghá a anaithnideacht a chosaint i gcás finné nó sceithire a d’iarr nach ndéanfaí é a aithint. I gcás den sórt sin, d’fhéadfadh an Ghníomhaireacht cinneadh a dhéanamh srian a chur le rochtain ar chéannacht, ráitis agus sonraí pearsanta eile an duine sin, chun cearta agus saoirsí an duine sin a chosaint.

(15)

D’fhéadfadh sé a bheith riachtanach faisnéis rúnda a chosaint maidir le ball foirne a chuaigh i dteagmháil le comhairleoirí rúnda na Gníomhaireachta i gcomhthéacs nós imeachta ciaptha. I gcásanna den sórt sin, d’fhéadfadh sé gur ghá don Ghníomhaireacht srian a chur le rochtain ar chéannacht, ráitis agus sonraí pearsanta eile an íospartaigh líomhnaithe, an té a ndearnadh líomhain an chiaptha ina éadan nó ina héadan agus daoine eile atá bainteach, chun cearta agus saoirsí gach duine lena mbaineann a chosaint.

(16)

Níor cheart don Ghníomhaireacht srianta a chur i bhfeidhm ach amháin nuair a urramaítear leo bunús na gceart bunúsach agus na saoirsí bunúsacha, nuair atá siad fíor-riachtanach agus nuair atá siad ina mbeart comhréireach i sochaí dhaonlathach. Ba cheart don Ghníomhaireacht cúiseanna a thabhairt ina mínítear an bonn cirt atá leis na srianta sin.

(17)

Agus prionsabal na cuntasachta á chur i bhfeidhm, ba cheart don Ghníomhaireacht taifead a choimeád ar an gcur i bhfeidhm a dhéanann sí ar shrianta.

(18)

Agus sonraí pearsanta arna malartú le heagraíochtaí eile á bpróiseáil i gcomhthéacs a cúraimí, ba cheart don Ghníomhaireacht agus do na heagraíochtaí sin dul i gcomhairle lena chéile faoi fhorais fhéideartha chun srianta a fhorchur agus faoi riachtanas agus comhréireacht na srianta sin, mura gcuirfí gníomhaíochtaí na Gníomhaireachta i mbaol dá bharr sin.

(19)

Cuireann Airteagal 25(6) den Rialachán d’oibleagáid ar an rialaitheoir na daoine is ábhar do na sonraí a chur ar an eolas faoi na príomhchúiseanna a bhfuil cur chun feidhme an tsriain bunaithe orthu agus faoin gceart atá acu gearán a thaisceadh le MECS.

(20)

De bhun Airteagal 25(8) den Rialachán, tá an Ghníomhaireacht i dteideal soláthar faisnéis a iarchur, a fhágáil ar lár nó a dhiúltú maidir leis na cúiseanna atá le srian a chur i bhfeidhm i leith an ábhair sonraí dá gcuirfeadh sé sin éifeacht an tsriain ar ceal ar aon bhealach. Ba cheart don Ghníomhaireacht measúnú a dhéanamh ar bhonn cás ar chás an gcuirfeadh cumarsáid an tsriain a éifeacht ar ceal.

(21)

Ba cheart don Ghníomhaireacht srian a chur i leataobh a luaithe nach mbeidh feidhm a thuilleadh ag na coinníollacha lena dtugtar bonn cirt leis an srian, agus na coinníollacha sin a mheas ar bhonn tráthrialta.

(22)

Chun an chosaint is fearr a thabhairt do chearta agus do shaoirsí na n-ábhar sonraí agus i gcomhréir le hAirteagal 44(1) den Rialachán, ba cheart dul i gcomhairle le OCS roimh aon srianta a fhéadfar a chur i bhfeidhm agus a fhíorú go gcomhlíonann siad an Cinneadh seo.

(23)

Foráiltear le hAirteagal 16(5) agus Airteagal 17(4) den Rialachán d’eisceachtaí ar cheart na n-ábhar sonraí chun faisnéise agus ceart rochtana. Má tá feidhm ag na heisceachtaí sin, ní gá don Ghníomhaireacht srian a chur i bhfeidhm faoin gCinneadh seo.

TAR ÉIS AN CHINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.   Leagtar síos sa Chinneadh seo rialacha a bhaineann leis na coinníollacha faoina bhféadfaidh an Ghníomhaireacht srian a chur le cur i bhfeidhm Airteagail 4, 14 go 22, 35 agus 36, de bhun Airteagal 25 den Rialachán.

2.   Déanann an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ionadaíocht don Ghníomhaireacht ina cáil mar rialaitheoir.

Airteagal 2

Srianta

1.   Féadfaidh an Ghníomhaireacht srian a chur le cur i bhfeidhm Airteagail 14 go 22, 35 agus 36, agus le hAirteagal 4 den Rialachán a mhéid a fhreagraíonn a fhorálacha do na cearta agus na hoibleagáidí dá bhforáiltear in Airteagail 14 go 20:

(a)

de bhun Airteagal 25(1) (b), (c), (f), (g) agus (h) den Rialachán, agus fiosrúcháin riaracháin, imeachtaí réamh-araíonachta, araíonachta nó fionraí á ndéanamh faoi Airteagal 86 agus Iarscríbhinn IX a ghabhann leis na Rialacháin Foirne agus an Cinneadh Uimh. 297 ó Bhord Bainistíochta na Gníomhaireachta (4), agus nuair a chuirtear cásanna in iúl d’OLAF;

(b)

de bhun Airteagal 25(1)(h) den Rialachán, agus á áirithiú go bhféadfaidh comhaltaí foirne na Gníomhaireachta fíorais a thuairisciú faoi rún i gcás ina gcreideann siad go bhfuil neamhrialtachtaí tromchúiseacha ann, mar a leagtar amach i gCinneadh Uimh. 183 ó Bhord Bainistíochta na Gníomhaireachta maidir le sceithireacht (5) agus i gCinneadh Uimh. 8 maidir le himscrúduithe inmheánacha (6);

(c)

de bhun Airteagal 25(1)(h) den Rialachán, agus é á áirithiú go mbeidh baill foirne na Gníomhaireachta in ann tuairisciú do chomhairleoirí rúnda i gcomhthéacs nós imeachta ciaptha, mar a shainítear sa Chinneadh ón nGníomhaireacht ERA-ED-690-2013 (7);

(d)

de bhun Airteagal 25(1)(c), (g) agus (h) den Rialachán, agus iniúchtaí inmheánacha á ndéanamh i ndáil le gníomhaíochtaí nó ranna na Gníomhaireachta;

(e)

de bhun Airteagal 25(1)(c), (d), (g) agus (h) den Rialachán, agus cúnamh á sholáthar aici d’institiúidí, do chomhlachtaí, d’oifigí agus do ghníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais nó á fháil uathu nó ag comhoibriú leo i gcomhthéacs gníomhaíochtaí faoi phointí (a) go (d) den mhír seo agus de bhun comhaontuithe leibhéal seirbhíse, meabhráin tuisceana agus comhaontuithe comhair ábhartha;

(f)

de bhun Airteagal 25(1)(c), (g) agus (h) den Rialachán, agus cúnamh á sholáthar aici d’údaráis náisiúnta tríú tíortha agus d’eagraíochtaí idirnáisiúnta nó á fháil uathu nó ag comhoibriú leis na húdaráis nó leis na heagraíochtaí sin arna iarraidh sin dóibh nó ar a tionscnamh féin;

(g)

de bhun Airteagal 25(1)(c), (g) agus (h) den Rialachán, agus cúnamh agus comhar á sholáthar nó á fháil aige d’údaráis phoiblí Bhallstáit AE agus uathu, arna iarraidh sin dóibh nó ar a thionscnamh féin;

(h)

de bhun Airteagal 25(1)(e) den Rialachán, agus sonraí pearsanta á bpróiseáil i ndoiciméid a fuair na páirtithe nó na hidirghabhálaithe i gcomhthéacs imeachtaí os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh;

2.   Urramóidh aon srian bunús na gceart agus na saoirsí bunúsacha agus beidh sé riachtanach agus comhréireach i sochaí dhaonlathach.

3.   Déanfar tástáil ar riachtanas agus ar chomhréireacht ar bhonn cás ar chás sula gcuirfear srianta i bhfeidhm. Beidh srianta teoranta don mhéid is gá chun a gcuspóir a bhaint amach.

4.   Chun críocha cuntasachta, dréachtóidh an Ghníomhaireacht taifead ina ndéanfar cur síos ar na cúiseanna atá le srianta a chuirtear i bhfeidhm, ar na forais a bhfuil feidhm leo i measc na bhforas a liostaítear i mír 1 agus ar thoradh na tástála riachtanais agus comhréireachta. Beidh na taifid sin ina gcuid de chlár a chuirfear ar fáil ar iarratas do MECS. Ullmhóidh an Ghníomhaireacht tuarascálacha tréimhsiúla maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 25 den Rialachán.

5.   Agus sonraí pearsanta a fhaightear ó eagraíochtaí eile á bpróiseáil i gcomhthéacs a cúraimí, rachaidh an Ghníomhaireacht i gcomhairle leis na heagraíochtaí sin maidir le forais fhéideartha chun srianta a fhorchur agus le riachtanas agus comhréireacht na srianta lena mbaineann, mura gcuirfeadh sé sin gníomhaíochtaí na Gníomhaireachta i mbaol.

Airteagal 3

Rioscaí do chearta agus saoirsí daoine is ábhar do na sonraí

1.   Déanfar measúnuithe ar na rioscaí do chearta agus saoirsí ábhar sonraí a bhaineann le srianta a fhorchur agus mionsonraí ar thréimhse chur i bhfeidhm na srianta sin a chlárú i dtaifead na ngníomhaíochtaí próiseála arna gcothabháil ag an nGníomhaireacht faoi Airteagal 31 den Rialachán. Déanfar iad a thaifeadadh freisin in aon mheasúnuithe tionchair ar chosaint sonraí maidir leis na srianta sin arna ndéanamh faoi Airteagal 39 den Rialachán.

2.   Aon uair a dhéanann an Ghníomhaireacht measúnú ar riachtanas agus comhréireacht sriain, breithneoidh sí na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann do chearta agus do shaoirsí an ábhair sonraí.

Airteagal 4

Coimircí agus tréimhsí stórála

1.   Cuirfidh an Ghníomhaireacht coimircí i bhfeidhm chun mí-úsáid agus rochtain neamhdhleathach nó aistriú neamhdhleathach na sonraí pearsanta a chosc a bhfuil feidhm ag srianta ina leith nó a bhféadfaí srianta a chur i bhfeidhm ina leith. Áireofar leis na coimircí sin bearta teicniúla agus eagraíochtúla agus mionsonraithe de réir mar is gá i gcinntí inmheánacha, nósanna imeachta agus rialacha um chur i bhfeidhm de chuid EASA. Áireofar na nithe seo a leanas sna coimircí:

(a)

sainmhíniú soiléir ar róil, freagrachtaí agus céimeanna nós imeachta;

(b)

más iomchuí, timpeallacht leictreonach shlán lena gcoisctear rochtain neamhdhleathach agus thimpisteach ar shonraí leictreonacha nó aistriú neamhdhleathach agus thimpisteach sonraí leictreonacha chuig daoine neamhúdaraithe;

(c)

más iomchuí, stóráil agus próiseáil shlán ar dhoiciméid pháipéarbhunaithe;

(d)

monatóireacht chuí ar shrianta agus athbhreithniú tréimhsiúil ar a gcur i bhfeidhm.

2.   Déanfar na hathbhreithnithe dá dtagraítear i bpointe (d) gach sé mhí ar a laghad.

3.   Cuirfear srianta i leataobh a luaithe is nach mbeidh feidhm a thuilleadh leis na cúinsí a thugann údar leo.

4.   Déanfar na sonraí pearsanta a choinneáil i gcomhréir leis na rialacha coinneála is infheidhme de chuid na Gníomhaireachta, atá le sonrú sna taifid cosanta sonraí a choimeádtar faoi Airteagal 31 den Rialachán. Ag deireadh na tréimhse coinneála, scriosfar na sonraí pearsanta, é sin nó déanfar iad a anaithnidiú nó a aistriú chuig cartlanna i gcomhréir le hAirteagal 13 den Rialachán.

Airteagal 5

Cúraimí an Oifigigh Cosanta Sonraí

1.   Cuirfear OCS na Gníomhaireachta ar an eolas gan moill mhíchuí aon uair a chuirtear srian ar chearta ábhair sonraí i gcomhréir leis an gCinneadh seo. Tabharfar rochtain dó nó di ar na taifid ghaolmhara agus ar aon doiciméad a bhaineann leis an gcomhthéacs fíorasach nó dlíthiúil.

2.   Féadfaidh OCS na Gníomhaireachta athbhreithniú a iarraidh ar chur chun feidhme sriain. Cuirfidh an Ghníomhaireacht a OCS ar an eolas i scríbhinn maidir le toradh an athbhreithnithe.

3.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht rannpháirtíocht OCS i gcur i bhfeidhm srianta a dhoiciméadú, lena n-áirítear an fhaisnéis a roinntear leis nó léi.

Airteagal 6

Faisnéis d’ábhair sonraí maidir le srianta ar a gcearta

1.   Cuirfidh an Ghníomhaireacht mír leis na fógraí um chosaint sonraí a fhoilseofar ar a láithreán gréasáin agus/nó ar a hinlíon ina soláthrófar faisnéis ghinearálta d’ábhair sonraí maidir leis an bhféidearthacht go ndéanfaí cearta na n-ábhar sonraí a shrianadh de bhun Airteagal 2(1). Cumhdófar leis an bhfaisnéis sin na cearta a fhéadfar a shrianadh, na forais ar a bhféadfar srianta a chur i bhfeidhm agus an tréimhse fhéideartha.

2.   Cuirfidh an Ghníomhaireacht ábhair sonraí ar an eolas ina n-aonar, i scríbhinn agus gan moill mhíchuí, ar shrianta leanúnacha nó ar shrianta ar a gcearta amach anseo. Cuirfidh an Ghníomhaireacht an t-ábhar sonraí ar an eolas faoi na príomhchúiseanna ar a bhfuil cur i bhfeidhm an tsriain bunaithe, faoina c(h)eart chun dul i gcomhairle le OCS d’fhonn agóid a dhéanamh i gcoinne an tsriain agus a c(h)eart chun gearán a thaisceadh le MECS.

3.   Féadfaidh an Ghníomhaireacht soláthar faisnéise maidir leis na cúiseanna atá le srianadh agus an ceart chun gearán a thaisceadh le MECS a iarchur, a fhágáil ar lár nó a dhiúltú fad a chuirfeadh sé sin éifeacht an tsriain ar ceal. Déanfar measúnú ar cibé an mbeadh nó nach mbeadh údar leis sin ar bhonn cás ar chás. A luaithe nach gcuirfeadh sé éifeacht an tsriain ar ceal a thuilleadh, cuirfidh an Ghníomhaireacht an fhaisnéis ar fáil don ábhar sonraí.

Airteagal 7

Sárú i ndáil le sonraí pearsanta a chur in iúl don ábhar sonraí

1.   I gcás ina bhfuil an Ghníomhaireacht faoi oibleagáid sárú sonraí a chur in iúl faoi Airteagal 35(1) den Rialachán, féadfaidh sí, in imthosca eisceachtúla, srian a chur leis an gcumarsáid sin go hiomlán nó go páirteach. Déanfaidh sí doiciméadú i nóta ar na cúiseanna atá leis an srianadh, ar an bhforas dlíthiúil atá leis faoi Airteagal 2 agus ar mheasúnú ar a riachtanas agus a chomhréireacht. Cuirfear an nóta in iúl do MECS tráth a thabharfar fógra faoin sárú ar shonraí pearsanta.

2.   I gcás nach mbeidh feidhm a thuilleadh ag na cúiseanna leis an srianadh, cuirfidh an Ghníomhaireacht an sárú ar shonraí pearsanta in iúl don ábhar sonraí lena mbaineann agus cuirfidh sé nó sí na príomhchúiseanna leis an srianadh agus a cheart nó a ceart chun gearán a thaisceadh le MECS in iúl dó nó di.

Airteagal 8

Rúndacht na cumarsáide leictreonaí

1.   In imthosca eisceachtúla, féadfaidh an Ghníomhaireacht srian a chur leis an gceart chun rúndachta maidir le cumarsáid leictreonach faoi Airteagal 36 den Rialachán. Comhlíonfaidh na srianta sin Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8).

2.   D’ainneoin Airteagal 6(3), i gcás ina gcuirfidh an Ghníomhaireacht srian leis an gceart chun rúndacht cumarsáide leictreonaí, cuirfidh sí an t-ábhar sonraí lena mbaineann ar an eolas, ina fhreagra ar aon iarraidh ón ábhar sonraí, faoi na príomhchúiseanna le cur i bhfeidhm an tsriain agus faoin gceart atá aige gearán a thaisceadh le MECS.

Airteagal 9

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Thar ceann an Bhoird Bainistíochta,an 17 Feabhra 2021.

An Cathaoirleach

Clio LIÉGEOIS


(1)   IO L 295, 21.11.2018, lch. 39.

(2)  . IO L 138 26.5.2016, lch. 1, dá ngairtear an “Rialachán Gníomhaireachta” anseo feasta.

(3)  Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle an 29 Feabhra 1968 lena leagtar síos Rialacháin Foirne Oifigigh na gComhphobal Eorpach agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile na gComhphobal Eorpach agus lena dtionscnaítear bearta speisialta is infheidhme ar bhonn sealadach maidir le hoifigigh an Choimisiúin (IO L 56, 4.3.1968, lch. 1).

(4)  Cinneadh Uimh. 297 ó Bhord Bainistíochta na Gníomhaireachta de chuid an Aontais Eorpaigh lena leagtar síos forálacha ginearálta cur chun feidhme maidir le fiosrúcháin riaracháin agus imeachtaí araíonachta a dhéanamh an 8 Iúil 2022

(5)  Cinneadh uimh.183 ó Bhord Bainistíochta Ghníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh maidir leis na treoirlínte maidir le sceithireacht an 15 Samhain 2018.

(6)  Cinneadh Uimh.08 ó Bhord Riaracháin Ghníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh maidir leis na téarmaí agus na coinníollacha a bhaineann le himscrúduithe inmheánacha i ndáil le calaois, éilliú agus aon ghníomhaíocht neamhdhleathach a dhéanfadh dochar do leasanna na gComhphobal a chosc an 17 Deireadh Fómhair 2006.

(7)  Cinneadh Uimh. 690/2013 ó Ghníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh i ndáil leis an mbeartas maidir le dínit an duine a chosaint agus ciapadh síceolaíoch agus gnéaschiapadh a chosc.

(8)   IO L 201, 31.7.2002, lch. 37.