10.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 73/58


LEASUITHE AR RIALACHA CLEACHTAIS MAIDIR LE CUR I BHFEIDHM RIALACHA NÓS IMEACHTA NA CÚIRTE GINEARÁLTA

Déanann AN CHÚIRT GHINEARÁLTA,

ag féachaint d’Airteagal 224 dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint do na Rialacha Cleachtais maidir le cur i bhfeidhm Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta;

 

ag féachaint do na Leasuithe ar na Rialacha Nós Imeachta arna nglacadh ag an gCúirt Ghinearálta an 30 Samhain 2022 (1);

de bhrí go bhfágann na rialacha nua maidir le faisnéis a fhágáil ar lár ón doiciméad poiblí, comhéisteachtaí agus físchomhdháil le haghaidh éisteachtaí go bhfuil údar le pointí áirithe de na Rialacha Cleachtais a fhorlíonadh agus a leasú dá réir sin;

de bhrí go bhfuil sé inmhianaithe, chun leas na bpáirtithe agus na Cúirte, feabhas a chur ar sholéiteacht na bhforálacha a bhaineann le leagan amach foirmiúil iarratais agus sceideal na n-iarscríbhinní d’fhonn laghdú a dhéanamh ar líon na gcásanna ina gcaithfear ceartúcháin a iarraidh;

de bhrí gurb iomchuí an chaoi ina bhfuil cúraimí áirithe na Clárlainne le comhlíonadh a shonrú, go háirithe na cúraimí a bhaineann leis an gClár a choimeád, an cáschomhad a choimeád agus teacht ar an gcáschomhad, go háirithe i bhfianaise na n-athruithe a rinneadh le linn thréimhse na géarchéime sláinte;

de bhrí go bhfuil iarmhairtí de chineálacha éagsúla ag baint le digiteáil an phróisis bhreithiúnaigh agus le ríomhshíniú cáilithe bhreithiúnais agus orduithe na Cúirte Ginearálta a cuireadh chun feidhme, le linn 2022, ar iarmhairtí iad nach mór a chur san áireamh, go háirithe a mhéid a bhaineann leis na rialacha maidir le scála táillí na Clárlainne agus leaganacha bunaidh na gcinntí breithiúnacha a chartlannú;

NA LEASUITHE SEO AR RIALACHA CLEACHTAIS MAIDIR LE CUR I bhFEIDHM RIALACHA NÓS IMEACHTA NA CÚIRTE GINEARÁLTA A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear na Rialacha Cleachtais maidir le cur i bhfeidhm Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta (2) mar seo a leanas:

(1)

I mír 1, in ionad na bhfocal “chomh maith le séalaí na Cúirte Ginearálta a choimeád”, cuirtear “chomh maith le séalaí na Cúirte Ginearálta agus na taifid a choimeád.”.

(2)

I mír 10, in ionad na bhfocal “Beidh siad i dteanga an cháis agus beidh an fhaisnéis is gá iontu chun an doiciméad a shainaithint, go háirithe na dátaí taiscthe agus cláraithe, uimhir an cháis agus an cineál doiciméid.”, cuirtear “Beidh siad i dteanga an cháis. Luafar iontu, go háirithe, na dátaí taiscthe agus cláraithe, uimhir an cháis agus an cineál doiciméid.”.

(3)

I ndiaidh mhír 10, cuirtear isteach an téacs seo a leanas mar mhír 10a:

“10a

Is é an dáta taiscthe dá dtagraítear i mír 10 thuas, de réir mar a bheidh, an dáta dá dtagraítear in Airteagal 5 de Chinneadh na Cúirte Ginearálta an 11 Iúil 2018, an dáta a fuarthas an doiciméad ag an gClárlann, an dáta dá dtagraítear i mír 7 thuas, nó an dáta dá dtagraítear sa dara fleasc d’Airteagal 3 de Chinneadh na Cúirte Ginearálta an 14 Meán Fómhair 2016. Sna cásanna dá dtagraítear sa chéad mhír d’Airteagal 54 den Reacht, is é an dáta taiscthe dá dtagraítear i mír 10 thuas an dáta a thaisctear an doiciméad nós imeachta, trí e-Curia, le Cláraitheoir na Cúirte Breithiúnais nó, más taisceadh dá dtagraítear in Airteagal 147(6) de na Rialacha Nós Imeachta, dáta taiscthe an doiciméid le Cláraitheoir na Cúirte Breithiúnais.”.

(4)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs i míreanna 12, 13 agus 14, “[Téacs scriosta]”.

(5)

I mír 20, in ionad na bhfocal “Maidir le cás a tharchuirtear ar ais ón gCúirt Bhreithiúnais i ndiaidh neamhniú nó athbhreithniú, sannfar air an uimhir”, cuirtear “Maidir le cás a tharchuirtear ar ais ón gCúirt Bhreithiúnais i ndiaidh neamhniú, sannfar air an uimhir”.

(6)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs i mír 21:

“21.

Luafar sraithuimhir an cháis agus na páirtithe sna doiciméid nós imeachta, sa chomhfhreagras maidir leis an gcás agus i bhfoilseacháin na Cúirte Ginearálta agus sna doiciméid agus san fhaisnéis a bhaineann leis an gcás ag a bhfuil rochtain ag an bpobal. I gcás ina bhfágtar sonraí ar lár de bhun Airteagail 66 nó 66a de na Rialacha Nós Imeachta, cuirfear na tagairtí do na páirtithe in oiriúint don mhéid sin.”.

(7)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs i míreanna 22 agus 23:

“22.

Áireofar sa cháschomhad na doiciméid nós imeachta, chomh maith leis na hiarscríbhinní, más ann, agus aon doiciméad eile a chuirfear san áireamh chun an cás a bhreithniú, mar aon leis an gcomhfhreagras leis na páirtithe agus cruthúnas maidir le seirbheáil. Áireofar ann freisin, i gcás inarb iomchuí, sleachta ó mhiontuairiscí comhdhála Dlísheomra, na miontuairiscí ón gcruinniú leis na páirtithe, an tuarascáil le haghaidh na héisteachta agus miontuairiscí na héisteachta fiosrúcháin, mar aon leis na cinntí arna nglacadh agus nithe arna dtabhairt faoi deara ag an gClárlann sa chás.

23.

Maidir le haon doiciméad a chuirfear leis an gcáschomhad, ní mór an uimhir chláraithe dá dtagraítear i mír 10 thuas a bheith ann, mar aon le sraithuimhir. Ina theannta sin, ní mór a áireamh i ndoiciméid nós imeachta arna dtaisceadh ag na páirtithe agus aon chóipeanna de na doiciméid sin an dáta taiscthe agus an dáta cláraithe sa chlár i dteanga an cháis.”.

(8)

I mír 28, in ionad na bhfocal “Sa chomhad ar cuireadh clabhsúr leis, beidh liosta de na doiciméid go léir a cuireadh sa cháschomhad, agus sonrófar a n-uimhreacha, mar aon le leathanach clúdaigh ina luafar sraithuimhir an cháis, na páirtithe agus an dáta ar cuireadh clabhsúr leis an gcás.”, cuirtear “Sa chomhad ar cuireadh clabhsúr leis, beidh liosta de na doiciméid go léir a cuireadh sa cháschomhad agus dearbhú ón gCláraitheoir lena ndeimhnítear go bhfuil an comhad comhlánaithe.”.

(9)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs i dteideal E.2.:

E.2.   Teacht ar an gcáschomhad agus cóipeanna den cháschomhad a fháil”

(10)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs i mír 30:

“30.

Féadfaidh ionadaithe na bpríomhpháirtithe teacht ar an gcáschomhad in oifigí na Clárlainne, lena n-áirítear na comhaid riaracháin arna dtabhairt ar aird os comhair na Cúirte Ginearálta.”.

(11)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs i míreanna 32 agus 33:

“32.

I gcásanna uamtha, beidh an ceart ag ionadaithe na bpáirtithe go léir teacht ar na cáschomhaid lena mbaineann an t-uamadh, faoi réir Airteagal 68(4) de na Rialacha Nós Imeachta. Níl feidhm ag an gceart sin chun teacht ar an gcáschomhad, áfach, i gcás ina n-eagraítear comhéisteacht i gcomhréir le hAirteagal 106a de na Rialacha Nós Imeachta.

33.

Beidh an ceart ag an té a rinne iarratas ar chúnamh dlíthiúil de bhun Airteagal 147 de Rialacha Nós Imeachta gan cúnamh ó dhlíodóir chun teacht ar an gcomhad maidir le cúnamh dlíthiúil. I gcás ina n-ainmnítear dlíodóir chun ionadaíocht a dhéanamh air, beidh sé de cheart ag an ionadaí sin amháin teacht ar an gcomhad sin.”.

(12)

I ndiaidh mhír 36, cuirtear isteach an téacs seo a leanas mar mhíreanna 36a agus 36b:

“36a

Ar iarratas ó pháirtí, cuirfidh an Cláraitheoir cóip de na doiciméid atá sa cháschomhad ar fáil, i gcás inarb iomchuí, i leagan neamhrúnda, mar aon le sleachta ón gclár.

36b

Ar iarratas ó thríú páirtí, cuirfidh an Cláraitheoir cóip de na breithiúnais nó na horduithe ar fáil, a mhéid amháin nach bhfuil na breitheanna sin ar fáil go poiblí cheana agus nach bhfuil sonraí rúnda iontu, mar aon le sleachta ón gclár.”.

(13)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na míreanna faoi Theideal F.:

“37.

Síneofar bunleaganacha bhreithiúnais agus orduithe na Cúirte Ginearálta trí ríomhshíniú cáilithe. Déanfar iad a stóráil ar bhealach leictreonach do-athraithe, in ord croineolaíoch, ar fhreastalaí speisialta a choimeádtar le haghaidh cartlannú fadtéarmach. Déanfar cóip leictreonach den leagan deimhnithe den bhreithiúnas nó den ordú a phriontáil agus a chur leis an gcáschomhad”.

38.

[Téacs scriosta]

39.

[Téacs scriosta]

40.

Maidir le horduithe lena ndéantar ceartúchán ar bhreithiúnas nó ordú, breithiúnais nó orduithe lena ndéantar léiriú ar bhreithiúnas nó ordú, breithiúnais arna dtabhairt ar iarratas ar bhreithiúnais mhainneachtana a chur ar ceal, breithiúnas agus orduithe arna dtabhairt in imeachtaí tríú páirtí nó ar iarratas ar athbhreithniú, arna síniú le síniú leictreonach cáilithe, stórálfar iad ar fhreastalaí speisialta a choimeádtar do chartlannú fadtéarmach i dteannta, sa chéad áit, bhreithiúnas nó ordú na Cúirte Ginearálta lena mbaineann arna shíniú trí ríomhshíniú cáilithe agus, sa dara háit, doiciméad ina bhfuil na nótaí mínithe arna shíniú ag an gCláraitheoir, agus na nithe sin stóráilte go dodhealaithe óna chéile.

40a

I gcás inar síníodh breithiúnas nó ordú na Cúirte Ginearálta de láimh, luafar breith na Cúirte Ginearálta lena gceartaítear, lena léirítear nó lena ndéantar athbhreithniú arna shíniú trí ríomhshíniú cáilithe ar imeall an bhreithiúnais nó an ordaithe lena mbaineann. Déanfar an chóip den leagan deimhnithe den bhreith arna síniú trí ríomhshíniú cáilithe a phriontáil agus a chur i gceangal le doiciméad bunaidh an bhreithiúnais nó an ordaithe ar phár.

40b

Maidir le breitheanna de chuid na Cúirte Ginearálta arna síniú trí ríomhshíniú cáilithe ar thug an Chúirt Bhreithiúnais breith orthu ar achomharc, stórálfar an bhreith sin i dteannta, sa chéad áit, an leagain de bhreithiúnas nó ordú na Cúirte Breithiúnais lena mbaineann, mar a seoladh chuig Clárlann na Cúirte Ginearálta é agus, sa dara háit, na nótaí mínithe, arna síniú ag an gCláraitheoir, ar imeall bhreith na Cúirte Ginearálta, agus na nithe sin stóráilte go dodhealaithe óna chéile.

40c

Maidir le breitheanna na Cúirte Ginearálta arna síniú trí ríomhshíniú cáilithe ar thug an Chúirt Bhreithiúnais breith orthu ar achomharc, stórálfar iad ar fhreastalaí speisialta a choimeádtar le haghaidh cartlannú fadtéarmach i dteannta, sa chéad áit, an leagain de bhreithiúnas nó ordú na Cúirte Breithiúnais mar a seoladh chuig Clárlann na Cúirte Ginearálta é agus, sa dara háit, doiciméad ina bhfuil na nótaí mínithe arna shíniú ag an gCláraitheoir, agus na nithe sin stóráilte go dodhealaithe óna chéile.”.

(14)

Cuirtear “[Téacs scriosta]” in ionad an téacs i dTeideal G. agus an téacs i mír 41.

(15)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs i míreanna 45 go 50:

“45.

I gcás sliocht ón gclár a chur ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 37 de na Rialacha Nós Imeachta, gearrfaidh an Cláraitheoir, mar tháille chlárlainne, EUR 15 in aghaidh na sleachta.

46.

I gcás cóip de dhoiciméad nó sliocht ón gcáschomhad ar pháipéar a chur ar fáil do pháirtí, ar iarratas uaidh, i gcomhréir le hAirteagal 38(1) de na Rialacha Nós Imeachta, gearrfaidh an Cláraitheoir, mar tháille chlárlainne, EUR 40 in aghaidh an doiciméid arna chur ar fáil.

47.

I gcás cóip fhíordheimhnithe d’ordú nó de bhreithiúnas a chur ar fáil, chun críocha a fhorghníomhaithe, do pháirtí, ar iarratas uaidh, i gcomhréir le hAirteagal 38(1) nó le hAirteagal 170 de na Rialacha Nós Imeachta, gearrfaidh an Cláraitheoir, mar tháille chlárlainne, EUR 50 in aghaidh na cóipe fíordheimhnithe.

“48.

I gcás cóip de bhreithiúnas nó d’ordú a chur ar fáil i gcomhréir le mír 36b do thríú páirtí, ar iarratas uaidh, gearrfaidh an Cláraitheoir, mar tháille chlárlainne, EUR 40 in aghaidh na cóipe.

49.

[Téacs scriosta]

50.

I gcás teipeanna leantacha an pháirtí nó an idiragraí chun cloí le ceanglais na Rialacha Nós Imeachta nó na Rialacha Cleachtais seo, gearrfaidh an Cláraitheoir, i gcomhréir le hAirteagal 139(c) de na Rialacha Nós Imeachta, táille chlárlainne nach mbeidh os cionn EUR 7 000.”.

(16)

I mír 51, in ionad na bhfocal “éileoidh an Cláraitheoir na suimeanna sin ón bpáirtí nach mór dó íoc astu.”, cuirtear “éileoidh an Cláraitheoir na suimeanna sin ón bhféichiúnaí nach mór dó íoc astu.”.

(17)

I mír 53, in ionad na bhfocal “éileoidh an Cláraitheoir na suimeanna sin ón bpáirtí nó ón tríú páirtí nach mór dó iad a íoc.”, cuirtear “éileoidh an Cláraitheoir na suimeanna sin ón bhféichiúnaí nach mór dó íoc astu.”.

(18)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad théacs Theideal C agus an téacs sna míreanna faoin teideal sin:

“C.   Sonraí a fhágáil ar lár ón doiciméad poiblí

71.

[Téacs scriosta]

72.

Ní mór an t-iarratas ar shonraí a fhágáil ar lár ón doiciméad poiblí de bhun Airteagal 66 nó Airteagal 66a de na Rialacha Nós Imeachta a thaisceadh i ndoiciméad ar leith. Ní mór a shonrú go beacht san iarratas sin cén sonra nó sonraí atá clúdaithe leis an iarratas. Ní mór cúiseanna a lua san iarratas ar shonraí a fhágáil ar lár dá dtagraítear in Airteagal 66a de na Rialacha Nós Imeachta.

73.

Chun éifeachtacht a choimeád i ndáil le sonraí a fhágáil ar lár dá dtagraítear in Airteagail 66 agus 66a de na Rialacha Nós Imeachta, ní mór an t-iarratas ar shonraí a fhágáil ar lár a thaisceadh a luaithe a thaisctear an doiciméad nós imeachta ina bhfuil na sonraí atá i gceist. Is amhlaidh go mbaintear d’éifeachtacht na sonraí a fhágáil ar lár más rud é gur scaipeadh na sonraí ar an idirlíon cheana.”.

(19)

Cuirtear “[Téacs scriosta]” in ionad théacs Theideal D agus an téacs sna míreanna faoin teideal sin.

(20)

I mír 81, in ionad na bhfocal “(d) le míreanna atá uimhrithe go leanúnach, in ord méadaitheach.”, cuirtear “le huimhreacha leathanaigh leanúnacha (mar shampla: leathanaigh 1 go 50).”.

(21)

I ndiaidh mhír 81, cuirtear isteach an téacs seo a leanas mar mhír 81a:

“81a

Is é príomhaidhm na bhfonótaí ceaptha ná tagairtí a dhéanamh do dhoiciméid a luaitear sa doiciméad nós imeachta. Níl siad ann chun saincheisteanna dlí ná argóintí arna ndéanamh a fhorbairt, áfach.”.

(22)

I mír 82, in ionad na bhfocal “Ní mór do sceideal na n-iarscríbhinní a bheith ag deireadh an doiciméid nós imeachta.”, cuirtear “Ní mór sceideal na n-iarscríbhinní a chur ag deireadh an doiciméid nós imeachta, le huimhreacha leathanaigh nó gan uimhreacha leathanaigh.”.

(23)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs i mír 83:

“83.

Ní mór a lua sa sceideal iarscríbhinní maidir le gach iarscríbhinn:

(a)

uimhir na hiarscríbhinne (trí litir nó uimhir a úsáid; mar shampla: A.1, A.2, ... le haghaidh na n-iarscríbhinní leis an iarratas; B.1, B.2, ... le haghaidh na n-iarscríbhinní leis an gcosaint nó leis an bhfrithaighneacht; C.1, C.2 ... le haghaidh le n-iarscríbhinní leis an bhfreagra; D.1, D.2, ... le haghaidh na n-iarscríbhinní leis an athfhreagra);

(b)

tuairisc ghearr ar an iarscríbhinn (mar shampla: ‘litir’agus an dáta, an t-údar agus an seolaí);

(c)

na huimhreacha leathanaigh den chéad leathanach agus den leathanach deiridh de gach iarscríbhinn, de réir uimhriú leanúnach na leathanach den iarscríbhinn (mar shampla: leathanaigh 43 go 49 de na hiarscríbhinní);

(d)

uimhir na míre ina luaitear an iarscríbhinn den chéad uair agus lena dtugtar údar dá tabhairt ar aird.”.

(24)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs i míreanna 85 go 87:

“85.

Ní fhéadfar a cheangal le doiciméad nós imeachta ach na doiciméid a luaitear i dtéacs an doiciméid nós imeachta dá dtagraítear sa sceideal iarscríbhinní a bhfuil gá leo chun inneachar an doiciméid sin a chruthú nó a léiriú.

86.

Ní mór na hiarscríbhinní atá i gceangal le doiciméad nós imeachta a chur i láthair sa chaoi go n-éascófar léamh na ndoiciméad sin i bhformáid leictreonach don Chúirt Ghinearálta agus go ndéanfar aon chúis mhearbhaill a sheachaint. Dá bhrí sin, ní mór na ceanglais seo a leanas a chomhlíonadh:

(a)

déantar gach iarscríbhinn a uimhriú i gcomhréir le mír 83(a) thuas;

(b)

moltar iarscríbhinní a thosú le leathanach clúdaigh ar leith;

(c)

déanfar iarscríbhinní le doiciméad nós imeachta a uimhriú go leanúnach (mar shampla: 1 go 152) ón gcéad leathanach den chéad iarscríbhinn (ní de sceideal na n-iarscríbhinní), lena n-áirítear na leathanaigh chlúdaigh agus aon iarscríbhinní leis na hiarscríbhinní;

(d)

ní mór do na hiarscríbhinní a bheith soléite.

87.

In aon tagairt d’iarscríbhinn arna tabhairt ar aird, luafar uimhir na hiarscríbhinne sin, mar a shonraítear sa sceideal iarscríbhinní agus an doiciméad nós imeachta lena ngabhann an iarscríbhinn (mar shampla: Iarscríbhinn A.1 leis an iarratas).”.

(25)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs i míreanna 92 go 94:

“92.

Diúltóidh an Cláraitheoir a iontráil sa chlár agus a chur leis an gcáschomhad, ina n-iomláine nó i bpáirt, doiciméid nós imeachta agus, de réir mar a bheidh, ítimí nach bhforáiltear dóibh leis na Rialacha Nós Imeachta. I gcás ina bhfuil amhras, cuirfidh an Cláraitheoir an t-ábhar faoi bhráid an Uachtaráin chun go ndéanfar cinneadh.

93.

Ach amháin sna cásanna dá bhforáiltear go sainráite sna Rialacha Nós Imeachta agus faoi réir Airteagal 46(2) de na Rialacha Nós Imeachta agus mhír 100 thíos, diúltóidh an Cláraitheoir doiciméid nós imeachta nó ítimí atá i dteanga eile nach teanga an cháis í a iontráil sa chlár agus a chur sa cháschomhad.

94.

I gcás ina gconspóideann páirtí diúltú an Chláraitheora maidir le doiciméad nós imeachta nó ítim a iontráil sa chlár agus a chur sa cháschomhad, ina n-iomláine nó i bpáirt, cuirfidh an Cláraitheoir an t-ábhar faoi bhráid an Uachtaráin chun go gcinnfear ar chóir glacadh leis an doiciméad nó an ítim atá faoi thrácht.”

(26)

Cuirtear “[Téacs scriosta]”in ionad an téacs i míreanna 98 agus 99.

(27)

I mír 101, in ionad na habairte “I gcás nach gcuirtear ina cheart é, féadfar diúltú don chaingean mar gheall ar dho-ghlacthacht, i gcomhréir le hAirteagail 78(6), 177(6) agus 194(5) de na Rialacha Nós Imeachta.”, cuirtear “I gcás nach gcuirtear ina cheart é, féadfar diúltú don chaingean mar gheall ar dho-ghlacthacht, i gcomhréir le hAirteagail 78(6) agus 177(6) de na Rialacha Nós Imeachta.”.

(28)

I ndiaidh mhír 104, cuirtear isteach an téacs seo a leanas mar mhír 104a:

“104a

Ní chuirfear san áireamh sceideal na n-iarscríbhinní ná aon chlár ábhair chun líon iomlán na leathanach i bpléadálacha a mheas.”.

(29)

In ionad an téacs sa teideal “A.1. Caingne díreacha”, cuirtear “A.1. Caingne díreacha (seachas iad siúd a bhaineann le cásanna maoine intleachtúla”.

(30)

In ionad an téacs sa teideal “B.1. Caingne díreacha”, cuirtear “B.1. Caingne díreacha (seachas iad siúd a bhaineann le cásanna maoine intleachtúla)”.

(31)

I mír 116, in ionad na bhfocal “Ní mór na doiciméid dá dtagraítear in Airteagail 51(2) agus (3) agus 78 de na Rialacha Nós Imeachta a thabhairt ar aird”, cuirtear “I gcás inarb iomchuí, ní mór na doiciméid dá dtagraítear in Airteagail 51(2) agus (3) agus 78 de na Rialacha Nós Imeachta a thabhairt ar aird.”.

(32)

Cuirtear “[Téacs scriosta]” in ionad an téacs i mír 117.

(33)

I mír 119, in ionad an téacs i ndiaidh na fleisce deireanaí: “ – a sheoladh trí ríomhphost, i bhfoirm comhad leictreonach arna dhréachtú le bogearra próiseála téacs, chuig GC.Registry@curia.europa.eu, agus an cás dá dtagraíonn sí luaite inti.”, cuirtear “ – a sheoladh trí e-Curia, tráth a thaisctear an t-iarratas, agus an cás dá dtagraíonn sí luaite inti.”.

(34)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs i mír 122:

“Chun ullmhú an iarratais ó thaobh na foirme de a éascú, féadfaidh sé a bheith áisiúil d’ionadaithe na bpáirtithe an doiciméad “Aide-mémoire - an tIarratas” a léamh, mar aon leis an teimpléad faisnéiseach d’iarratais, doiciméid atá ar fáil ar shuíomh gréasáin Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.”.

(35)

I mír 127, in ionad na bhfocal “Beidh feidhm ag míreanna 116 agus 117 thuas”, cuirtear “Beidh feidhm ag mír 116”.

(36)

I mír 134, in ionad na bhfocal “míreanna 113 go 115, 117 agus 120 go 122 thuas”, cuirtear “míreanna 113 go 115 agus 120 go 122 thuas”.

(37)

I mír 138, in ionad na bhfocal “míreanna 117, 125 agus 126 thuas”, cuirtear “míreanna 125 agus 126 thuas”.

(38)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs i mír 144:

“144.

Tabharfaidh an Chlárlann fógra do na páirtithe chun teacht i láthair ag an éisteacht mí amháin ar a laghad roimh an éisteacht sin, gan dochar do chúinsí inar gá teorainn ama níos giorra a chur i bhfeidhm. I gcás ina gcinneann an Chúirt Ghinearálta comhéisteacht a eagrú le haghaidh roinnt cásanna de bhun Airteagal 106a de na Rialacha Nós Imeachta, sonrófar inter alia na cásanna lena mbaineann an éisteacht sin san fhógra chun teacht i láthair.”.

(39)

I ndiaidh mhír 147, cuirtear isteach an téacs seo a leanas mar mhír 147a:

“147a

I gcás ina gcinneann an Chúirt Ghinearálta comhéisteacht a eagrú le haghaidh roinnt cásanna de bhun Airteagal 106a de na Rialacha Nós Imeachta, déanfar an tuarascáil achomair le haghaidh na héisteachta a dhréachtófar i dteanga an cháis i ngach ceann de na cásanna lena mbaineann a sheirbheáil ar gach páirtí eile dá dtabharfar fógra chun teacht i láthair ag an éisteacht sin.”.

(40)

I ndiaidh mhír 152, cuirtear isteach an téacs seo a leanas mar mhír 152a:

“152a

Má tá sé i gceist ag páirtí maolú ó na rialacha teanga de bhun Airteagal 45(1)(c) nó (d) de na Rialacha Nós Imeachta a bhaineann le teanga nach teanga an cháis í a úsáid le linn na héisteachta a iarraidh, ní mór an t-iarratas a dhéanamh chomh luath agus is féidir i ndiaidh an fógra chun teacht i láthair.”.

(41)

I mír 162, in ionad na bhfocal “Beidh 15 nóiméad ag gach príomhpháirtí agus 10 nóiméad ag gach idiragraí dá bpléadálacha ó bhéal (i gcásanna uamtha, beidh 15 nóiméad ag gach príomhpháirtí le haghaidh gach cáis agus beidh 10 nóiméad ag gach idiragraí le haghaidh gach cáis),”, cuirtear “Beidh 15 nóiméad ag gach príomhpháirtí agus 10 nóiméad ag gach idiragraí dá bpléadálacha ó bhéal (ag éisteacht i gcásanna uamtha nó ag comhéisteacht, beidh 15 nóiméad ag gach príomhpháirtí le haghaidh gach cáis agus beidh 10 nóiméad ag gach idiragraí le haghaidh gach cáis),”.

(42)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs i mír 165:

“165.

I gcás ina ndéanfaidh roinnt páirtithe an argóint chéanna os comhair na Cúirte Ginearálta (i gcás ina ndéantar idiragairt, i gcásanna uamtha nó i gcásanna a bhfuil cosúlachtaí eatarthu a fhágann go bhfuil údar le comhéisteacht), iarrfar ar a n-ionadaithe dul i gcomhairle lena chéile roimh an éisteacht, d’fhonn aon athrá a sheachaint. Mar sin féin, ní mór d’ionadaithe na bpáirtithe lena mbaineann a chinntiú nach nglacann siad seasamh ach ar son na bpáirtithe dá ndéanann siad ionadaíocht, agus a áirithiú go gcomhlíonann siad Airteagal 84 de na Rialacha Nós Imeachta lena leagtar síos na coinníollacha faoinar féidir saincheist dlí nua a tharraingt anuas os comhair na Cúirte Ginearálta le linn na n-imeachtaí.”.

(43)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs i mír 167:

“167.

I gcomhréir le hAirteagal 85(3) de na Rialacha Nós Imeachta, ar bhonn eisceachtúil, féadfaidh na príomhpháirtithe fianaise a thabhairt ar aird fós le linn na héisteachta. In imthosca den sórt sin, moltar líon leordhóthanach cóipeanna a thabhairt (lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, leagan neamhrúnda do na hidiragraithe). Éistfear na páirtithe eile maidir le hinghlacthacht agus inneachar na fianaise sin.”.

(44)

Cuirtear teideal nua isteach i ndiaidh mhír 167:

“Ca.   Rannpháirtíocht in éisteacht trí fhíschomhdháil

Ca 1.   Iarratas ar fhíschomhdháil a úsáid

167a

I gcás ina bhfuil bac ar ionadaí ar pháirtí dár tugadh fógra chun teacht i láthair páirt a ghlacadh in éisteacht i bpearsa ar chúiseanna sláinte (mar shampla, bac mar gheall ar shláinte an duine aonair nó mar gheall ar shrianta ar thaisteal a bhaineann le heipidéim), ar chúiseanna slándála nó ar chúiseanna eile tromchúiseacha (mar shampla, stailc i réimse an aeriompair), ní mór d’ionadaí an pháirtí lena mbaineann iarratas réasúnaithe chun páirt a ghlacadh san éisteacht trí fhíschomhdáil a thaisceadh i ndoiciméad ar leith.

167b

Ionas go bhféadfaidh an Chúirt Ghinearálta an t-iarratas a láimhseáil go cuí, ní mór an t-iarratas a dhéanamh a luaithe atá cúis an bhaic ar eolas, agus ní mór a áireamh ann:

cineál an bhaic atá i gceist, go cruinn agus le cruthúnas;

faisnéis teagmhála duine teagmhála lena bhféadfar tástálacha teicniúla agus ateangaireachta a dhéanamh, más gá, roimh an éisteacht;

más infheidhme, sraithuimhir an cháis dheireanaigh ina ghlac an t-ionadaí páirt in éisteacht trí fhíschomhdháil os comhair na Cúirte Ginearálta nó na Cúirte Breithiúnais.

167c

Déanfar aon iarratas ar fhíschomhdháil a sheirbheáil ar na páirtithe eile sa chás.

167d

Cuirfidh an Chlárlann an cinneadh a ghlacfaidh Uachtarán an Dlísheomra ar an iarratas sin in iúl don pháirtí a rinne an t-iarratas ar fhíschomhdháil a úsáid, agus do na páirtithe eile sa chás.

167e

Más cinneadh fabhrach a bheidh ann, rachaidh seirbhísí teicniúla Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i dteagmháil leis an duine teagmhála ar thug an t-ionadaí a fhaisnéis teagmhála ina iarratas chun tástálacha teicniúla agus ateangaireachta a eagrú chomh luath agus is féidir, agus ceanglófar ar an ionadaí dul faoi na tástálacha sin.

167f

Má tá rath ar na tástálacha sin, féadfar an éisteacht a reáchtáil trí fhíschomhdháil, agus cuirfear sin in iúl do na páirtithe. Mura bhfuil rath ar na tástálacha sin, cuirfear in iúl do na páirtithe cé na hiarmhairtí a bheidh ann ó thaobh dul ar aghaidh leis an éisteacht nó í a chur siar.

Ca. 2.   Coinníollacha teicniúla

167g

Chun físchomhdháil a úsáid le haghaidh éisteachta, teastaíonn ardchaighdeán fuaime agus íomhá, agus nasc atá go hiomlán cobhsaí, nithe a dhéanfar a mheasúnú le linn na tástála a dhéanfar roimh an éisteacht. Dá bhrí sin, ní mór na réamhriachtanais theicniúla a shásamh:

ní cheadaítear ach naisc lena n-úsáidtear prótacail glaonna H.323 agus SIP. Is prótacail iad H.323 agus SIP a úsáidtear go sonrach chun físghlaonna a dhéanamh agus áirítear leo an leibhéal is fearr cobhsaíochta agus slándála do na naisc;

ní cheadaítear ardán bogearraí ná aon chóras cruinnithe eile atá bunaithe go heisiach ar ríomhchlár a úsáid;

ní cheadaítear naisc ó ghléasanna soghluaiste ar nós ríomhairí glúine, táibléid nó fóin chliste a úsáid.

167h

I gcás ina nglacann ionadaí páirt in éisteacht trí fhíschomhdháil, ní ceadmhach dó aon teanga seachas an teanga ina bhfuil sé údaraithe chun pléadáil de bhun na rialacha nós imeachta a úsáid agus ní bheidh rochtain aige, gan dochar d’fhorbairtí sa todhchaí, ar ateangaireacht ach amháin chuig an teanga sin.

Ca. 3.   Moltaí praiticiúla d’ionadaithe a phléadálann trí fhíschomhdháil

167i

Tá na moltaí praiticiúla d’ionadaithe a phléadálann trí fhíschomhdháil ar fáil ar shuíomh gréasáin Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.”.

(45)

I mír 168, in ionad na bhfocal “trí ríomhphost roimh ré (interpret@curia.europa.eu).”, cuirtear “trí ríomhphost roimh ré (interpretation@curia.europa.eu).”.

(46)

I ndiaidh mhír 172, cuirtear isteach an téacs seo a leanas mar mhír 172a:

“172a

I gcás ina n-eagraítear comhéisteacht le haghaidh roinnt cásanna i gcomhréir le hAirteagal 106a de na Rialacha Nós Imeachta, cuirfear miontuairiscí ina bhfuil an t-inneachar céanna le haghaidh gach ceann de na cásanna atá i gceist le comhad gach ceann de na cásanna sin i dteanga an cháis.”.

(47)

I ndiaidh mhír 184, cuirtear isteach an téacs seo a leanas mar mhír 184a:

“184a

Ní fhéadfaidh idiragraí iarratas ar láimhseáil rúnda a thaisceadh i dtaca leis na páirtithe eile sna himeachtaí.”.

(48)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs i mír 225:

“225.

Ní mór a lua san iarratas ar fhorghníomhú a chur ar fionraí nó ar bhearta eile idirlinne, sa chéad áit, ábhar na n-imeachtaí agus, go soiléir agus go beacht, na saincheisteanna fíorais agus dlí ar a bhfuil na príomhimeachtaí bunaithe a léiríonn go bhfuil cás prima facie ann ó thaobh tuillteanas an cháis. Sa dara háit, ní mór an beart nó na bearta arna n-iarraidh a shonrú go beacht ann. Sa tríú háit, ní mór na himthosca is bonn lena bheith práinneach a lua ann, agus cúiseanna agus cruthúnas a thabhairt ina leith sin.”.

(49)

I ndiaidh mhír 225, cuirtear isteach an téacs seo a leanas mar mhír 225a:

“225a

I gcomhréir leis an dara habairt d’Airteagal 156(4) de na Rialacha Nós Imeachta, ní mór a bheith san iarratas ar bhearta idirlinne an fhianaise ar fad agus tairiscint fianaise ar fad ann chun údar a thabhairt le beart idirlinne a cheadú. Dá réir sin, ní mór gach faisnéis nithiúil agus bheacht a bheith ag an mBreitheamh a éistfidh an t-iarratas ar bhearta idirlinne, agus fianaise dhoiciméadach ag gabháil léi agus, i gcás inarb iomchuí, í a bheith deimhnithe nó tairiscintí fianaise a bheith aige a léiríonn an staid ina bhfuil an páirtí atá ag iarraidh na mbeart idirlinne agus lenar féidir a mheas cé na hiarmhairtí ar dócha go mbeadh siad ann in éagmais na mbeart a iarrtar.”.

(50)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs i mír 227:

“227.

Ionas go bhféadfar iarratas ar bhearta idirlinne a láimhseáil go práinneach, níor cheart, i bprionsabal, do líon na leathanach atá ann dul thar 25 leathanach, ach an t-ábhar lena mbaineann agus imthosca an cháis á gcur san áireamh.”.

(51)

Leasaítear Iarscríbhinn 1 mar seo a leanas:

(a)

san abairt tosaigh, in ionad na bhfocal “i gcomhréir le hAirteagail 78(6), 177(6) agus 194(5) de na Rialacha Nós Imeachta.”, cuirtear “i gcomhréir le hAirteagail 78(6), 177(6) de na Rialacha Nós Imeachta.”;

(b)

in ionad theideal an chéad cholúin “Caingean díreacha”, cuirtear “Caingne díreacha (seachas cásanna maoine intleachtúla)”;

(c)

in ionad an téacs faoi mhír (a) den chéad agus den dara colún leis, cuirtear an méid seo a leanas:

“(a)

an doiciméad (dá dtagraítear in Airteagal 51(2) de na Rialacha Nós Imeachta) a thabhairt ar aird, murar taisceadh doiciméad den sórt sin cheana chun chuntas rochtana e-Curia a oscailt (Airteagal 51(2) de na Rialacha Nós Imeachta)”;

(d)

faoi phointe (b), in ionad na bhfocal atá sa chéad cholún agus sa dara colún “cruthúnas arna eisiúint le déanaí go bhfuil stádas dlítheanach”, cuirtear “cruthúnas go bhfuil stádas dlítheanach ag”;

(e)

Faoi phointe (g), in ionad na bhfocal atá sa dara colún “agus na seoltaí a shonraigh siad le haghaidh seirbheála”, cuirtear “agus na seoltaí a shonraigh siad le haghaidh seirbheála, má fhágann na himthosca go bhfuil údar leis sin”.

(52)

Leasaítear Iarscríbhinn 2 mar seo a leanas:

(a)

i bpointe (a), in ionad na bhfocal “(an chéad mhír d’Airteagal 21 den Reacht; Airteagail 76(a), 177(1)(a) agus 194(1)(a) de na Rialacha Nós Imeachta)”, cuirtear “an chéad mhír d’Airteagal 21 den Reacht; Airteagail 76(a) agus 177(1)(a) de na Rialacha Nós Imeachta)”;

(b)

i bpointe (b), in ionad na bhfocal “(Airteagail 76(b), 177(1)(b) agus 194(1)(b) de na Rialacha Nós Imeachta)”, cuirtear “(Airteagail 76(b) agus 177(1)(b) de na Rialacha Nós Imeachta)”;

(c)

i bpointe (h), in ionad na bhfocal “(mír 86(d) de na Rialacha Cleachtais seo)”, cuirtear “(mír 86(c) de na Rialacha Cleachtais seo)”.

(53)

Leasaítear Iarscríbhinn 3 mar seo a leanas:

(a)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a): “(a) an doiciméad dá dtagraítear in Airteagal 51(2) de na Rialacha Nós Imeachta a thabhairt ar aird maidir le gach aon dlíodóir breise, murar taisceadh doiciméad den sórt sin cheana chun cuntas rochtana e-Curia a oscailt (Airteagal 51(2) de na Rialacha Nós Imeachta”;

(b)

i bpointe (c), in ionad na bhfocal “(Airteagal 46(2) de na Rialacha Nós Imeachta; mír 99 de na Rialacha Cleachtais seo)”, cuirtear “(Airteagal 46(2) de na Rialacha Nós Imeachta”.

Airteagal 2

Foilseofar na leasuithe seo ar na Rialacha Cleachtais maidir le cur i bhfeidhm Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Tiocfaidh siad i bhfeidhm an 1 Aibreán 2023.

Arna ndéanamh i Lucsamburg an 1 Feabhra 2023.

An Cláraitheoir

E. COULON

An tUachtarán

M. VAN DER WOUDE


(1)  IO L 44 an 14.02.2023, lch. 8).

(2)  IO L 152, 18.6.2015, lch. 1, arna leasú (IO L 217, 12.8.2016, lch. 78, IO L 294, 21.11.2018, lch. 23, ceartúchán IO L 296, 22.11.2018, lch. 40).