17.4.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 102/59


TREOIRLÍNE (AE) 2023/818 ÓN mBANC CEANNAIS EORPACH

an 5 Aibreán 2023

lena leasaítear Treoirlíne (AE) 2019/671 maidir le hoibríochtaí bainistíochta sócmhainní agus dliteanais intíre ag na bainc cheannais náisiúnta (ECB/2019/7) (BCE/2023/8)

TÁ COMHAIRLE RIALAITHE AN BHAINC CEANNAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus go háirithe an chéad fhleasc d’Airteagal 127(2) de,

Ag féachaint do Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Ceannais Eorpaigh, agus go háirithe d’Airteagail 12.1 agus 14.3 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 8 Meán Fómhair 2022, chinn an Chomhairle Rialaithe coigeartú sealadach a dhéanamh ar luach saothair na dtaiscí atá i seilbh bhainc cheannais náisiúnta na mBallstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu (dá ngairtear “BCNanna” anseo feasta) ag gníomhú dóibh mar ghníomhairí fioscacha de bhun Airteagal 21.2 de Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Cheannais Eorpaigh, mar a shonraítear i dTreoirlíne (AE) 2019/671 ón mBanc Ceannais Eorpach (BCE/2019/7) (1). Le Cinneadh (AE) 2022/1521 ón mBanc Ceannais Eorpach (BCE/2022/30) (2), cuireadh an creat sealadach sin chun feidhme tríd an uasteorainn luacha saothair is infheidhme maidir le taiscí den sórt sin a shocrú ar an ráta saoráide taisce nó ar an ráta gearrthéarmach euro (€STR), cibé acu is ísle. Fanfaidh Cinneadh (AE) 2022/1521 (BCE/2022/30) i bhfeidhm go dtí an 30 Aibreán 2023.

(2)

An 6 Feabhra 2023, chinn an Chomhairle Rialaithe go ndéanfar ón 1 Bealtaine 2023 an uasteorainn luacha saothair is infheidhme maidir le taiscí den sórt sin atá i seilbh BCNanna a choigeartú ionas go ndéanfar, i ndáil le taiscí rialtais seachas taiscí rialtais a bhaineann le clár coigeartaithe, í a shocrú ag ráta gearrthéarmach an euro (€STR) lúide 20 bonnphointe, agus go mbainfear an fhéidearthacht go ndéanfaí luach saothair níos fabhraí i leith taiscí rialtais suas go tairseach áirithe. Is é an aidhm don chinneadh sin dreasachtaí a chur ar fáil chun na taiscí sin atá i seilbh BCN a laghdú de réir a chéile agus go hordúil, agus ar an gcaoi sin an riosca go mbeidh éifeachtaí díobhálacha ar fheidhmiú an mhargaidh a íoslaghdú agus tarchur rianúil an bheartais airgeadaíochta a áirithiú.

(3)

An 12 Bealtaine 2022, chinn an Chomhairle Rialaithe minicíocht an mheasúnaithe ar chur chun feidhme Threoirlíne (AE) 2019/671 (BCE/2019/7) atá le cur faoi bhráid na Comhairle Rialaithe a laghdú ó bhliain amháin go dhá bhliain. Dá bhrí sin, is iomchuí go laghdófar ó bhliain amháin go dhá bhliain a mhinice a chuireann BCNanna BCE ar an eolas faoi na socruithe eagraíochtúla gaolmhara.

(4)

Dá bhrí sin, ba cheart Treoirlíne (AE) 2019/671 (BCE/2019/7) a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN TREOIRLÍNE SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe

Leasaítear Treoirlíne (AE) 2019/671 (ECB/2019/7) mar a leanas:

1.

in Airteagal 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

“4.   Cuirfidh BCNanna BCE ar an eolas maidir leis na socruithe arna mbunú i gcomhréir leis an Airteagal seo ar bhonn bliantúil.”

;

2.

in Airteagal 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Beidh luach saothair taiscí rialtais faoi réir na n-uasteorainneacha seo a leanas:

(a)

i gcás taiscí rialtais atá ainmnithe in euro, seachas taiscí rialtais a bhaineann le clár coigeartaithe:

(i)

i gcás taiscí rialtais thar oíche, ráta margaidh neamhurraithe thar oíche lúide 20 bonnphointe;

(ii)

i gcás taiscí rialtais téarma sheasta, ráta an mhargaidh urraithe a bhfuil aibíocht inchomparáide aige lúide 20 bonnphointe nó mura bhfuil sé sin ar fáil, an ráta margaidh neamhurraithe thar oíche lúide 20 bonnphointe;

(b)

i gcás taiscí atá ainmnithe in airgeadra eile, seachas taiscí rialtais a bhaineann le clár coigeartaithe, cuirfear cur chuige i bhfeidhm ar an airgeadra lena mbaineann a bheidh inchurtha leis an gcur chuige a leagadh amach do thaiscí atá ainmnithe in euro, mar a leagtar amach i bpointe (a);

(c)

i gcás taiscí rialtais a bhaineann le clár coigeartaithe, an ceann is airde de: (i) nialas faoin gcéad agus (ii) ráta margaidh neamhurraithe thar oíche nó, más ann di, ráta an mhargaidh urraithe a bhfuil aibíocht inchomparáide aige, de réir mar is infheidhme.”

;

3.

in Airteagal 7, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Ullmhóidh BCE measúnú uair amháin gach dhá bhliain maidir le cur chun feidhme an Treoirlíne seo sa dá bhliain roimhe sin agus cuirfidh sé faoi bhráid na Comhairle Rialaithe é.”

.

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm agus cur chun feidhme

1.   Tiocfaidh an Treoirlíne seo i bhfeidhm an lá a thabharfar fógra do na BCNanna.

2.   Glacfaidh BCNanna na bearta is gá chun an Treoirlíne seo a chomhlíonadh agus cuirfidh siad i bhfeidhm iad ón 1 Bealtaine 2023. Tabharfaidh siad fógra do BCE maidir leis na téacsanna agus na bearta atá luaite in Airteagail 1, pointe (2) faoi 17 Aibreán 2023 ar a dhéanaí.

Airteagal 3

Seolaithe

Dírítear an Treoirlíne seo chuig na BCNanna.

Arna dhéanamh in Frankfurt am Main, an 5 Aibreán 2023.

Do Chomhairle Rialaithe an BCE

Uachtarán an BCE

Christine LAGARDE


(1)  Treoirlíne (AE) 2019/671 ón mBanc Ceannais Eorpach an 9 Aibreán 2019 maidir le hoibríochtaí bainistíochta sócmhainní agus dliteanas intíre ag na bainc cheannais náisiúnta (BCE/2019/7) (IO L 113, 29.4.2019, lch. 11).

(2)  Cinneadh (AE) 2022/1521 ón mBanc Ceannais Eorpach an 12 Meán Fómhair 2022 maidir le coigeartuithe sealadacha ar luach saothair taiscí áirithe beartais neamhairgeadaíochta arna sealbhú le bainc cheannais náisiúnta agus leis an mBanc Ceannais Eorpach (BCE/2022/30) (IO L 236 I, 13.9.2022, lch. 1).