11.7.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 176/17


TREOIR CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1438 ÓN gCOIMISIÚN

an 10 Iúil 2023

lena leasaítear Treoracha 2003/90/CE agus 2003/91/CE a mhéid a bhaineann leis na prótacail chun scrúdú a dhéanamh ar chineálacha áirithe speiceas plandaí talmhaíochta agus speiceas glasraí

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2002/53/CE ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir leis an gcatalóg choiteann de chineálacha speiceas plandaí talmhaíochta (1), agus go háirithe Airteagal 7(2), pointí (a) agus (b) de,

Ag féachaint do Threoir 2002/55/CE ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir le síol glasraí a mhargú (2), agus go háirithe Airteagal 7(2), pointí (a) agus (b) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is é is aidhm do Threoracha 2003/90/CE (3) agus 2003/91/CE ón gCoimisiún (4) a áirithiú go gcomhlíonann na cineálacha speiceas plandaí talmhaíochta agus speiceas glasraí a chuireann na Ballstáit ina gcatalóga náisiúnta na prótacail a bhunaigh an Oifig Chomhphobail um Chineálacha Plandaí (‘CPVO’). Go háirithe, is é is aidhm do na Treoracha sin a áirithiú go gcomhlíonfar na rialacha maidir leis na saintréithe atá le cumhdach mar choinníollacha íosta le haghaidh scrúdú a dhéanamh ar chineálacha áirithe speiceas plandaí talmhaíochta agus glasraí. I gcás na speiceas nach gcumhdaítear le prótacail CPVO, is é is aidhm do na Treoracha sin a áirithiú go gcomhlíonfar treoirlínte an Aontais Idirnáisiúnta um Chosaint Cineálacha nua Plandaí (‘UPOV’).

(2)

Rinne CPVO agus UPOV prótacail atá ann cheana a mhéid a bhaineann le fíorchnáib, gairleog, cálráib siocaire duilleach, mealbhacán uisce agus tornapa a nuashonrú. Ba cheart na forbairtí sin a léiriú i ndlí an Aontais.

(3)

Ba cheart, dá bhrí sin, Treoracha 2003/90/CE agus 2003/91/CE a leasú dá réir.

(4)

Ba cheart do na Ballstáit na rialacha nua a chur i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2024. Mar sin féin, ionas nach gcuirfear isteach ar scrúduithe oifigiúla, ba cheart feidhm a bheith ag an méid seo a leanas. I gcás cineálacha áirithe nár glacadh go fóill lena n-áireamh sa Chatalóg Choiteann de chineálacha de speicis plandaí talmhaíochta nó glasraí, ba cheart leanúint de na scrúduithe oifigiúla a cuireadh tús leo roimh an 1 Eanáir 2024 agus nach bhfuil tugtha chun críche go fóill a dhéanamh i gcomhréir le Treoir 2003/90/CE nó Treoir 2003/91/CE mar a bhí siad sular leasaíodh iad leis an Treoir seo.

(5)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Treoir seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Threoir 2003/90/CE

Cuirtear an téacs a leagtar amach i gCuid A den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo in ionad Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Treoir 2003/90/CE.

Airteagal 2

Leasuithe ar Threoir 2003/91/CE

Cuirtear an téacs a leagtar amach i gCuid B den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo in ionad na nIarscríbhinní a ghabhann le Treoir 2003/91/CE.

Airteagal 3

Trasuí

1.   Na dlíthe, rialúcháin agus forálacha riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin 31 Nollaig 2023 ar a dhéanaí. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl láithreach don Choimisiún. Cuirfidh siad na forálacha sin i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2024 ar aghaidh.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an bealach chun tagairt den sórt sin a dhéanamh.

2.   Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 4

Bearta idirthréimhseacha

I gcás scrúduithe oifigiúla ar chineálacha a cuireadh tús leo roimh an 1 Eanáir 2024 ach nach bhfuil tugtha chun críche go fóill, beidh feidhm ag Treoir 2003/90/CE agus Treoir 2003/91/CE mar a bhí sular leasaíodh iad leis an Treoir seo maidir leo.

Airteagal 5

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 6

Seolaithe

Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 10 Iúil 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 193, 20.7.2002, lch. 1.

(2)  IO L 193, 20.7.2002, lch. 33.

(3)  Treoir 2003/90/CE ón gCoimisiún an 6 Deireadh Fómhair 2003 lena leagtar amach bearta cur chun feidhme chun críoch Airteagal 7 de Threoir 2002/53/CE ón gComhairle a mhéid a bhaineann le saintréithe íosta atá le cumhdach leis an scrúdú agus na coinníollacha íosta le haghaidh scrúdú a dhéanamh ar chineálacha áirithe speiceas plandaí talmhaíochta (IO L 254, 8.10.2003, lch. 7).

(4)  Treoir 2003/91/CE ón gCoimisiún an 6 Deireadh Fómhair 2003 lena leagtar amach bearta cur chun feidhme chun críoch Airteagal 7 de Threoir 2002/55/CE ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na saintréithe íosta atá le cumhdach leis an scrúdú agus na coinníollacha íosta le haghaidh scrúdú a dhéanamh ar chineálacha áirithe speiceas glasraí (IO L 254, 8.10.2003, lch. 11).


IARSCRÍBHINN

Cuid A

‘IARSCRÍBHINN I

Liosta speiceas dá dtagraítear i bpointe (a) d’ Airteagal 1(2), nach mór dóibh prótacail theicniúla CPVO a chomhlíonadh  (*1)

Ainm eolaíoch

Gnáthainm

Prótacal CPVO

Dactylis glomerata L.

Garbhfhéar

TP 31/1 an 25.3.2021

Festuca arundinacea Schreb.

Feisciú ard

TP 39/1 an 1.10.2015

Festuca filiformis Pourr.

Feisciú sléibhe

TP 67/1 an 23.6.2011

Festuca ovina L.

Féar caorach

TP 67/1 an 23.6.2011

Festuca pratensis Huds.

Feisciú móinéir

TP 39/1 an 1.10.2015

Festuca rubra L.

Feisciú dearg

TP 67/1 an 23.6.2011

Festuca trachyphylla (Hack.) Hack.

Feisciú crua

TP 67/1 an 23.6.2011

Lolium multiflorum Lam.

Seagalach Iodálach ilbhláthach

TP 4/2 an 19.3.2019

Lolium perenne L.

Seagalach bhuan

TP 4/2 an 19.3.2019

Lolium x hybridum Hausskn.

Seagalach hibrideach

TP 4/2 an 19.3.2019

Medicago sativa L.

Meidic na mbó

TP 6/1 Ceartaithe an 22.12.2021

Medicago x varia T. Martyn

Meidic ghainimh

TP 6/1 Ceartaithe an 22.12.2021

Phleum nodosum L.

Tiomóid bheag

TP 34/1 an 22.12.2021

Phleum pratense L.

Tiomóid

TP 34/1 an 22.12.2021

Pisum sativum L. (partim)

Pis mhachaire

TP 7/2 Athbhreithniú 3 Ceartaithe an 6.3.2020

Poa pratensis L.

Cuise mín

TP 33/1 an 15.3.2017

Trifolium pratense L.

Seamair dhearg

TP 5/1 an 22.12.2021

Vicia faba L.

Pónaire mhachaire

TP 8/1 an 19.3.2019

Vicia sativa L.

Peasair chapaill

TP 32/1 an 19.4.2016

Brassica napus L. var. napobrassica (L.) Rchb.

Svaeid

TP 89/1 an 11.3.2015

Raphanus sativus L. var. oleiformis Pers.

Raidis farae

TP 178/1 an 15.3.2017

Brassica napus L. (partim)

Ráib svaeid

TP 36/3 an 21.4.2020

Cannabis sativa L.

Fíorchnáib

TP 276/2 Athbhreithniú an 30.12.2022

Glycine max (L.) Merr.

Pónaire shoighe

TP 80/1 an 15.3.2017

Gossypium spp.

Cadás

TP 88/2 an 11.12.2020

Helianthus annuus L.

Lus na gréine

TP 81/1 an 31.10.2002

Linum usitatissimum L.

Líon/Ros lín

TP 57/2 an 19.3.2014

Sinapis alba L.

Sceallagach

TP 179/1 an 15.3.2017

Avena nuda L.

Mionchoirce lom, coirce gan cháithleach

TP 20/3 an 6.3.2020

Avena sativa L. (ina bhfuil A. byzantina K. Koch)

Coirce agus coirce dearg

TP 20/3 an 6.3.2020

Hordeum vulgare L.

Eorna

TP 19/5 an 19.3.2019

Oryza sativa L.

Rís

TP 16/3 an 1.10.2015

Secale cereale L.

Seagal

TP 58/1 Athbhreithniú 2 Ceartaithe an 27.4.2022

Sorghum bicolor (L.) Moench fospeiceas bicolor

Sorgam

TP 122/1 an 19.3.2019

Sorghum bicolor (L.) Moench fospeiceas drummondii (Steud.) de Wet ex Davidse

Sorgam Súdánach

TP 122/1 an 19.3.2019

Sorghum bicolor (L.) Moench fospeiceas bicolor x Sorghum bicolor (L.) Moench fospeiceas drummondii (Steud.) de Wet ex Davidse

Hibridí a eascraíonn as crosphórú Sorghum bicolor fospeiceas bicolor agus Sorghum bicolor fospeiceas drummondii

TP 122/1 an 19.3.2019

xTriticosecale Wittm. ex A. Camus

Hibridí a eascraíonn as crosphórú speicis den ghéineas Triticum agus speicis den ghéineas Secale

TP 121/3 Ceartaithe an 27.4.2022

Triticum aestivum L. fospeiceas aestivum

Cruithneacht

TP 3/5 an 19.3.2019

Triticum turgidum L. fospeiceas durum (Desf.) van Slageren

Cruithneacht chrua (dúram)

TP 120/3 an 19.3.2014

Zea mays L. (partim)

Arbhar Indiach

TP 2/3 an 11.3.2010

Solanum tuberosum L.

Práta

TP 23/3 an 15.3.2017

IARSCRÍBHINN II

Liosta speiceas dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 1(2), nach mór dóibh treoirlínte tástála UPOV a chomhlíonadh  (*2)

Ainm eolaíoch

Gnáthainm

Treoirlíne UPOV

Beta vulgaris L.

Biatas farae

TG/150/3 an 4.11.1994

Agrostis canina L.

Feorainn shlim

TG/30/6 an 12.10.1990

Agrostis gigantea Roth

Feorainn dhubh

TG/30/6 an 12.10.1990

Agrostis stolonifera L.

Muiríneach reatha

TG/30/6 an 12.10.1990

Agrostis capillaris L.

Feorainn mhín

TG/30/6 an 12.10.1990

Bromus catharticus Vahl

Brómas machaire

TG/180/3 an 4.4.2001

Bromus sitchensis Trin.

Brómas Alascach

TG/180/3 an 4.4.2001

xFestulolium Asch. et Graebn.

Hibridí a eascraíonn as crosphórú speicis den ghéineas Festuca agus speicis den ghéineas Lolium

TG/243/1 an 9.4.2008

Lotus corniculatus L.

Crobh éin

TG/193/1 an 9.4.2008

Lupinus albus L.

Lúipín bán

TG/66/4 an 31.3.2004

Lupinus angustifolius L.

Lúipín caol

TG/66/4 an 31.3.2004

Lupinus luteus L.

Lúipín buí

TG/66/4 an 31.3.2004

Medicago doliata Carmign.

Meidic spíondíreach

TG/228/1 an 5.4.2006

Medicago italica (Mill.) Fiori

Meidic dhioscach

TG/228/1 an 5.4.2006

Medicago littoralis Rohde ex Loisel.

Meidic chladaigh/Meidic thrá

TG/228/1 an 5.4.2006

Medicago lupulina L.

Triuf

TG/228/1 an 5.4.2006

Medicago murex Willd.

Meidic spíonach

TG/228/1 an 5.4.2006

Medicago polymorpha L.

Meidic leadánach

TG/228/1 an 5.4.2006

Medicago rugosa Desr.

Meidic rocach

TG/228/1 an 5.4.2006

Medicago scutellata (L.) Mill.

Meidic sheilide/Meidic scéithe

TG/228/1 an 5.4.2006

Medicago truncatula Gaertn.

Meidic bharrscoite

TG/228/1 an 5.4.2006

Trifolium repens L.

Seamair bhán

TG/38/7 an 9.4.2003

Trifolium subterraneum L.

Seamair faoi thalamh

TG/170/3 an 4.4.2001

Phacelia tanacetifolia Benth.

Cloigín gorm Calafoirniach

TG/319/1 an 5.4.2017

Arachis hypogaea L.

Pis talún

TG/93/4 an 9.4.2014

Brassica juncea (L.) Czern

Praiseach dhonn

TG/335/1 an 17.12.2020

Brassica rapa L. var. silvestris (Lam.) Briggs

Ráib tornapa

TG/185/3 an 17.4.2002

Carthamus tinctorius L.

Cróch bréige

TG/134/3 an 12.10.1990

Papaver somniferum L.

Poipín

TG/166/4 an 9.4.2014

Cuid B

‘IARSCRÍBHINN I

Liosta speiceas dá dtagraítear i bpointe (a) d’ Airteagal 1(2), nach mór dóibh prótacail theicniúla CPVO a chomhlíonadh  (*3)

Ainm eolaíoch

Gnáthainm

Prótacal CPVO

Allium cepa L. (grúpa Cepa)

Oinniún agus Scailliún

TP 46/2 an 1.4.2009

Allium cepa L. (grúpa Aggregatum)

Seallóid

TP 46/2 an 1.4.2009

Allium fistulosum L.

Ciobúl

TP 161/1 an 11.3.2010

Ailliam porrum L.

Cainneann

TP 85/2 an 1.4.2009

Allium sativum L.

Gairleog

TP 162/2 an 30.5.2023

Allium schoenoprasum L.

Síobhas

TP 198/2 an 11.3.2015

Apium graveolens L.

Soilire

TP 82/1 an 13.3.2008

Apium graveolens L.

Soiliriac

TP 74/1 an 13.3.2008

Asparagus officinalis L.

Lus súgach

TP 130/2 an 16.2.2011

Beta vulgaris L.

Biatas lena n-áirítear biatas Cheltenham

TP 60/1 an 1.4.2009

Beta vulgaris L.

Biatas bán nó Seardas

TP 106/2 an 14.4.2021

Brassica oleracea L.

Cál catach

TP 90/1 an 16.2.2011

Brassica oleracea L.

Cóilis

TP 45/2 Athbhreithniú 2 an 21.3.2018

Brassica oleracea L.

Brocailí nó brocailí Calabrach

TP 151/2 Athbhreithniú 2 an 21.4.2020

Brassica oleracea L.

Bachlóga Bruiséile

TP 54/2 Athbhreithniú an 15.3.2017

Brassica oleracea L.

Cálráib

TP 65/2 an 30.5.2023

Brassica oleracea L.

Cabáiste saváí, cabáiste bán agus cabáiste dearg

TP 48/3 Athbhreithniú 2 an 25.3.2021

Brassica rapa L.

Cabáiste Síneach

TP 105/1 an 13.3.2008

Capsicum annuum L.

Sillí nó piobar

TP 76/2 Athbhreithniú 2 Ceartaithe an 21.4.2020

Cichorium endivia L.

Searbhán cas agus searbhán muc

TP 118/3 an 19.3.2014

Cichorium intybus L.

Siocaire tionsclaíoch

TP 172/2 an 1.12.2005

Cichorium intybus L.

Siocaire duilleach

TP 154/2 Athbhreithniú an 31.3.2023

Cichorium intybus L.

Siocaire bánduille

TP 173/2 an 21.3.2018

Citrullus lanatus (Thunb.) Matsum. et Nakai

Mealbhacán uisce

TP 142/2 Athbhreithniú 2 an 31.3.2023

Cucumis melo L.

Mealbhacán

TP 104/2 Athbhreithniú 2 Ceartaithe an 25.3.2021

Cucumis sativus L.

Cúcamar agus gircín

TP 61/2 Athbhreithniú 2 an 19.3.2019

Cucurbita maxima Duchesne

Gurd

TP 155/1 an 11.3.2015

Cucurbita pepo L.

Mearóg nó cúirséad

TP 119/1 Athbhreithniú an 19.3.2014

Cynara cardunculus L.

Bliosán cruinn agus cardún

TP 184/2 Athbhreithniú an 6.3.2020

Daucus carota L.

Cairéad agus cairéad farae

TP 49/3 Ceartaithe an 13.3.2008

Foeniculum vulgare Mill.

Finéal

TP 183/2 an 14.4.2021

Lactuca sativa L.

Leitís

TP 13/6 Athbhreithniú 3 an 27.4.2022

Solanum lycopersicum L.

Tráta

TP 44/4 Athbhreithniú 5 an 14.4.2021

Petroselinum crispum (Mill.) Nyman ex A. W. Hill

Peirsil

TP 136/1 Ceartaithe an 21.3.2007

Phaseolus coccineus L.

Pónaire reatha

TP 9/1 an 21.3.2007

Phaseolus vulgaris L.

Mionphónaire fhrancach agus pónaire fhrancach dhreaptha

TP 12/4 an 27.2.2013

Pisum sativum L. (partim)

Pis rocach, pis chruinn agus pis mhilis

TP 7/2 Athbhreithniú 3 Ceartaithe an 6.3.2020

Raphanus sativus L.

Raidis, meacan dubh

TP 64/2 Athbhreithniú Ceartaithe an 11.3.2015

Rheum rhabarbarum L

Biabhóg

TP 62/1 an 19.4.2016

Scorzonera hispanica L.

Salsabh dubh

TP 116/1 an 11.3.2015

Solanum melongena L.

Ubhthoradh

TP 117/1 an 13.3.2008

Spinacia oleracea L.

Spionáiste

TP 55/5 Athbhreithniú 4 an 27.4.2022

Valerianella locusta (L.) Laterr.

Sailéad uain nó ceathrú uain

TP 75/2 an 21.3.2007

Vicia faba L. (partim)

Pónaire leathan

TP 206/1 an 25.3.2004

Zea mays L. (partim)

Grán milis agus grán rósta

TP 2/3 an 11.3.2010

Solanum habrochaites S. Knapp & D.M. Spooner; Solanum lycopersicum L. x Solanum habrochaites S. Knapp & D.M. Spooner; Solanum lycopersicum L. x Solanum peruvianum (L.) Mill.; Solanum lycopersicum L. x Solanum cheesmaniae (L. Ridley) Fosberg; Solanum pimpinellifolium L. x Solanum habrochaites S. Knapp & D.M. Spooner

Fréamhstoic trátaí

TP 294/1 Athbhreithniú 5 an 14.4.2021

Cucurbita maxima Duchesne x Cucurbita moschata Duchesne

Hibridí idirspeiceasacha de Cucurbita maxima Duchesne x Cucurbita moschata Duchesne lena n-úsáid mar fhréamhstoic

TP 311/1 an 15.3.2017

IARSCRÍBHINN II

Liosta speiceas dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 1(2), nach mór dóibh treoirlínte tástála UPOV a chomhlíonadh  (*4)

Ainm eolaíoch

Gnáthainm

Treoirlíne UPOV

Brassica rapa L.

Tornapa

TG/37/11 an 23.9.2022


(*1)  Tá téacs na bprótacal sin le fáil ar shuíomh gréasáin CPVO (www.cpvo.europa.eu).

(*2)  Tá téacs na dtreoirlínte sin le fáil ar shuíomh gréasáin UPOV (www.upov.int)’

(*3)  Tá téacs na bprótacal sin le fáil ar shuíomh gréasáin CPVO (www.cpvo.europa.eu).

(*4)  Tá téacs na dtreoirlínte sin le fáil ar shuíomh gréasáin UPOV (www.upov.int).’