15.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 128/1


TREOIR (AE) 2023/946 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 10 Bealtaine 2023

lena leasaítear Treoir 2003/25/CE a mhéid a bhaineann le ceanglais chobhsaíochta fheabhsaithe a chur léi agus an Treoir sin a ailíniú leis na ceanglais chobhsaíochta atá sainithe ag an Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 100(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Bunaítear le Treoir 2003/25/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) leibhéal aonfhoirmeach ceanglas cobhsaíochta sonrach le haghaidh longa paisinéirí róró, leibhéal lena gcuirtear feabhas ar mharthanacht an chineáil soithigh sin i gcás damáiste de dheasca imbhualadh agus lena soláthraítear ardleibhéal sábháilteachta do na paisinéirí agus don chriú, in éineacht leis na ceanglais a leagtar amach sa Choinbhinsiún Idirnáisiúnta um Shábháilteacht Anama ar Muir (“Coinbhinsiún SOLAS”) a bhí i bhfeidhm dáta glactha na Treorach sin (“SOLAS 90”).

(2)

An 15 Meitheamh 2017, ghlac an Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta (“IMO”) Rún MSC.421(98) lena leasaítear Coinbhinsiún SOLAS agus lena leagtar ceanglais chobhsaíochta athbhreithnithe amach le haghaidh longa paisinéirí atá i riocht damáistithe. Tá feidhm ag na ceanglais sin freisin maidir le longa paisinéirí róró. Is gá an fhorbairt sin ar an leibhéal idirnáisiúnta a chur san áireamh agus rialacha agus ceanglais an Aontais a ailíniú leo siúd a leagtar síos i gCoinbhinsiún SOLAS maidir le longa paisinéirí róró a bhíonn i mbun turais idirnáisiúnta.

(3)

Faoi Rún 14 ó IMO ó Chomhdháil SOLAS 1995, ligtear do bhaill IMO comhaontuithe réigiúnacha a thabhairt i gcrích má mheasann siad go bhfuil gá le ceanglais chobhsaíochta shonracha i limistéar ainmnithe de bharr na ngnáthdhálaí farraige agus dálaí áitiúla eile sa limistéar sin.

(4)

Is ceanglais chinnteachaíocha iad na ceanglais chobhsaíochta i gcás damáiste le haghaidh longa paisinéirí róró a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/25/CE. Dá réir sin, tá siad difriúil leis an gcóras dóchúlaíoch idirnáisiúnta nua a leagtar amach i gCaibidil II-1 de Choinbhinsiún SOLAS, agus go háirithe leis na ceanglais nua lena dtomhaistear a shábháilte atá long paisinéirí róró ar bhonn an tseans atá ann go dtiocfaidh sí slán tar éis imbhualadh. Chun ceanglais an Aontais a chur i gcomhréir leis na ceanglais idirnáisiúnta nua sin, ba cheart Treoir 2003/25/CE a leasú dá réir.

(5)

Leanann na ceanglais a leagtar síos i dTreoir 2009/45/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) d’fheidhm a bheith acu maidir le longa paisinéirí róró. Mar thoradh ar an measúnú a rinneadh ar an leibhéal sábháilteachta a áirithítear le ceanglais Choinbhinsiún SOLAS arna leasú go deireanach le Rún MSC.421(98) (“SOLAS 2020”) maidir le longa paisinéirí róró de mhéideanna éagsúla, thángthas ar an gconclúid gurb amhlaidh, dá gcuirfí ceanglais chobhsaíochta SOLAS 2020 i bhfeidhm, gur laghdú mór riosca an toradh a bheadh air sin le haghaidh longa paisinéirí róró atá deimhnithe chun níos mó ná 1 350 duine a iompar ar bord, i gcomparáid leis an leibhéal sábháilteachta a bheadh mar thoradh ar chur i bhfeidhm na gceanglas a leagtar amach i dTreoir 2003/25/CE.

(6)

Ceanglais chobhsaíochta a leagtar síos sa Treoir seo maidir le longa paisinéirí róró atá deimhnithe chun 1 350 duine nó níos lú a iompar ar bord, bheadh sé deacair na ceanglais sin a chur chun feidhme maidir le dearaí áirithe loinge. Ba cheart, dá bhrí sin, rogha a bheith ag cuideachtaí ar leo na longa sin nó a bhfuil na longa sin á n-oibriú acu i seirbhís rialta san Aontas na ceanglais chobhsaíochta is infheidhme a chur i bhfeidhm sula dtiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm. Ba cheart do na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún faoi úsáid na rogha sin in éineacht leis na sonraí maidir leis na longa lena mbaineann. 10 mbliana tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar úsáid na rogha chun cinneadh a dhéanamh an gá athbhreithniú breise a dhéanamh ar an Treoir seo.

(7)

Maidir le longa paisinéirí róró atá deimhnithe chun 1 350 duine nó níos lú a iompar ar bord, ba cheart cur i bhfeidhm roghnach cheanglais SOLAS 2020 a bheith ag brath ar leibhéal innéacs R níos airde a bheith ann ná mar a shainítear in SOLAS 2020, chun an leibhéal iomchuí sábháilteachta a bhaint amach.

(8)

Chun an leibhéal sábháilteachta is gá a áirithiú, ba cheart feidhm a bheith ag ceanglais chobhsaíochta shonracha i gcás damáiste freisin maidir le longa paisinéirí róró atá ann cheana nach raibh deimhnithe riamh i gcomhréir le Treoir 2003/25/CE agus atá á gcur i seirbhís rialta san Aontas.

(9)

Ba cheart do Stáit Chalafoirt oibriú i gcomhar le chéile a mhéid is féidir chun liosta na limistéar farraige dá dtagraítear sa Treoir seo a leagan síos, agus ceannasacht Stát ar limistéir farraige atá faoina ndlínse agus prionsabail ghinearálta dhlí na farraige á gcur san áireamh acu.

(10)

Tá cúnamh á thabhairt ag an nGníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí (EMSA) don Choimisiún Treoir 2003/25/CE a chur chun feidhme go héifeachtach agus ba cheart di leanúint den chúnamh sin i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1406/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5).

(11)

Chun gur féidir leis an gCoimisiún meastóireacht a dhéanamh ar chur chun feidhme na Treorach seo agus tuairisc a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith, ba cheart do na Ballstáit sonraí a sholáthar maidir le gach long paisinéirí róró nua atá deimhnithe chun 1 350 duine nó níos lú a iompar ar bord i seirbhís rialta i gcomhréir leis na ceanglais chobhsaíochta atá sa Treoir seo. Ba cheart na sonraí sin a sholáthar i gcomhréir leis an struchtúr a leagtar amach in Iarscríbhinn II. Ba cheart na sonraí sin a bheith ar fáil do gach long paisinéirí róró nua, mar go bhfuil ceangal orthu na ceanglais chobhsaíochta dhóchúlaíocha a leagtar amach in SOLAS 2020 a chomhlíonadh.

(12)

Toisc go ndearnadh Treoir 2009/16/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) a leasú, agus go ndearnadh Treoir 1999/35/CE ón gComhairle (7) a aisghairm, le Treoir (AE) 2017/2110 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8), níl an coincheap “Stát óstach” ábhartha a thuilleadh agus, dá bhrí sin, ba cheart an coincheap “Stát calafoirt” a chur ina ionad.

(13)

Chun nach gcuirfear ualach díréireach riaracháin ar Bhallstáit thalamhiata nach bhfuil aon chalafoirt acu agus nach bhfuil aon longa paisinéirí róró acu a bhfuil a mbratach ar foluain acu agus a thagann faoi raon feidhme Threoir 2003/25/CE, ba cheart cead a thabhairt do na Ballstáit sin maolú a dhéanamh ar fhorálacha Threoir 2003/25/CE. Fágann sé sin, fad a chomhlíontar na coinníollacha sin, nach bhfuil sé d’oibleagáid orthu an Treoir sin a thrasuí.

(14)

Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 2003/25/CE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Threoir 2003/25/CE

Leasaítear Treoir 2003/25/CE mar a leanas:

(1)

leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (b) agus (c):

“(b)

ciallaíonn ‘long paisinéirí róró atá ann cheana’ long paisinéirí a bhfuil a cíle leagtha nó atá ag céim chomhchosúil den tógáil roimh an 5 Nollaig 2024; ciallaíonn céim chomhchosúil den tógáil an chéim ag a mbíonn na nithe seo a leanas i gceist:

(i)

tosaítear ar an tógáil is inaitheanta le long shonrach; agus

(ii)

tá tús curtha le cóimeáil na loinge sin ina n-úsáidtear ar a laghad 50 tona nó 1 % de mhais mheasta na n-ábhar struchtúrtha, cibé acu is lú;

(c)

ciallaíonn ‘long paisinéirí róró nua’ long paisinéirí róró nach long paisinéirí róró atá ann cheana í;”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e):

“(e)

ciallaíonn ‘Coinbhinsiún SOLAS’ an Coinbhinsiún Idirnáisiúnta um Shábháilteacht Anama ar Muir, 1974, agus na leasuithe a rinneadh air atá i bhfeidhm;”;

(c)

cuirtear na pointí seo a leanas isteach:

“(ea)

ciallaíonn ‘SOLAS 90’ an Coinbhinsiún Idirnáisiúnta um Shábháilteacht Anama ar Muir, 1974, arna leasú go deireanach le Rún MSC.117(74);

(eb)

ciallaíonn ‘SOLAS 2009’ an Coinbhinsiún Idirnáisiúnta um Shábháilteacht Anama ar Muir, 1974, arna leasú go deireanach le Rún MSC.216(82);

(ec)

ciallaíonn ‘SOLAS 2020’ an Coinbhinsiún Idirnáisiúnta um Shábháilteacht Anama ar Muir, 1974, arna leasú go deireanach le Rún MSC.421(98);”;

(d)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (f):

“(f)

ciallaíonn ‘seirbhís rialta’ sraith turas trasna long paisinéirí róró a oibrítear chun freastal ar thrácht idir an dá chalafort chéanna nó níos mó, nó sraith turas amach ón gcalafort céanna agus chuige gan stadanna idir eatarthu, bíodh na turais sin:

(i)

de réir tráthchlár foilsithe; nó

(ii)

ina bhfuil turais trasna atá chomh rialta nó chomh minic sin gur féidir iad a aithint mar shraith chórasach;”;

(e)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (i):

“(i)

ciallaíonn ‘Stát Calafoirt’ Ballstát a dtéann long paisinéirí róró chuig a gcalafoirt nó amach astu ar sheirbhís rialta;”;

(f)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (k):

“(k)

ciallaíonn ‘ceanglais chobhsaíochta shonracha’, nuair a úsáidtear an téarma mar théarma coiteann, na ceanglais chobhsaíochta dá dtagraítear in Airteagal6;”;

(g)

cuirtear an pointe seo a leanas leis:

“(n)

ciallaíonn ‘cuideachta’ úinéir loinge paisinéirí róró nó aon eagraíocht nó duine eile, amhail an bainisteoir nó an cairtfhostóir forléasta, a ghlac an fhreagracht as oibriú na loinge paisinéirí ó úinéir na loinge.”;

(2)

in Airteagal 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Áiritheoidh gach Ballstát, ina cháil mar Stát Calafoirt, go ndéanfaidh longa paisinéirí róró a bhfuil bratach stáit nach Ballstát é ar foluain acu ceanglais na Treorach seo a chomhlíonadh go hiomlán sula bhféadfaidh siad dul i mbun turais i seirbhís rialta ó chalafoirt an Bhallstáit sin nó chucu, i gcomhréir le Treoir (AE) 2017/2110 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*).

(*)  Treoir (AE) 2017/2110 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Samhain 2017 maidir le córas cigireachtaí d’oibriú sábháilte long paisinéirí róró agus árthaí paisinéirí ardluais i seirbhís rialta agus lena leasaítear Treoir 2009/16/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/35/CE ón gComhairle (IO L 315, 30.11.2017, lch. 61).”;"

(3)

in Airteagal 3, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“3.   Maidir le Ballstáit nach bhfuil calafoirt acu agus nach bhfuil longa paisinéirí róró acu a bhfuil a mbratach ar foluain acu a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo, féadfaidh siad maolú a dhéanamh ar fhorálacha na Treorach seo cé is moite den oibleagáid a leagtar amach sa dara fomhír.

Na Ballstáit sin a bhfuil sé ar intinn acu leas a bhaint as an maolú sin, cuirfidh siad é sin in iúl don Choimisiún faoin 5 Nollaig 2024 más rud é gur comhlíonadh na coinníollacha, agus cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoi aon athrú ina dhiaidh sin. Ní fhéadfaidh na Ballstáit sin cead a thabhairt do longa paisinéirí róró a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo a mbratach a chur ar foluain go dtí go mbeidh an Treoir seo trasuite agus curtha chun feidhme acu.”

;

(4)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4:

“Airteagal 4

Tonnairdí suntasacha

Úsáidfear na tonnairdí suntasacha (hS) chun airde an uisce ar dheic na gcarranna a chinneadh nuair a chuirtear i bhfeidhm na ceanglais chobhsaíochta shonracha atá i Roinn A d’Iarscríbhinn I. Is iad na figiúirí a bheidh sna tonnairdí suntasacha iad sin nach sáraítear le dóchúlacht is mó ná 10 % ar bhonn bliantúil.”

;

(5)

leasaítear Airteagal 5 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Bunóidh Stáit Calafoirt liosta de na limistéir farraige a thrasnaíonn longa paisinéirí róró atá á n-oibriú ar sheirbhís rialta chuig a gcalafoirt nó amach astu chomh maith le luachanna comhfhreagracha na dtonnairdí suntasacha sna limistéir sin, agus coinneoidh sé an liosta cothrom le dáta.”

;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   Foilseofar an liosta i mbunachar sonraí poiblí atá ar fáil ar shuíomh idirlín an údaráis mhuirí inniúil. Tabharfar fógra don Choimisiún maidir le suíomh na faisnéise sin chomh maith le haon nuashonruithe ar an liosta agus na cúiseanna leis na nuashonruithe sin.”

;

(6)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6:

“Airteagal 6

Ceanglais chobhsaíochta shonracha

1.   Gan dochar do chur i bhfeidhm Threoir 2009/45/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*), déanfaidh longa paisinéirí róró nua atá deimhnithe chun níos mó ná 1 350 duine a iompar ar bord na ceanglais chobhsaíochta shonracha a leagtar amach i gCaibidil II-1, Cuid B, de SOLAS 2020 a chomhlíonadh go hiomlán.

2.   Ar rogha na cuideachta, maidir le longa paisinéirí róró nua atá deimhnithe chun 1 350 duine nó níos lú a iompar ar bord, comhlíonfaidh siad an méid seo a leanas:

(a)

na ceanglais chobhsaíochta shonracha a leagtar amach in Iarscríbhinn I, Roinn A, a ghabhann leis an Treoir seo, nó

(b)

na ceanglais chobhsaíochta shonracha a leagtar amach in Iarscríbhinn I, Roinn B, a ghabhann leis an Treoir seo.

Maidir le gach long den chineál sin, tabharfaidh údarás riaracháin an Stáit Brataí fógra don Choimisiún laistigh de thréimhse 2 mhí ó dháta eisiúna an deimhnithe dá dtagraítear in Airteagal 8 faoin gcinneadh a rinneadh maidir leis an rogha dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus áireoidh sé leis an bhfógra sin na mionsonraí dá dtagraítear in Iarscríbhinn III.

3.   Agus na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn I, Roinn A, a chur i bhfeidhm, úsáidfidh na Ballstáit na treoirlínte a leagtar amach in Iarscríbhinn II a mhéid atá sé sin praiticiúil agus comhoiriúnach le dearadh na loinge i gceist.

4.   Ar rogha na cuideachta, maidir le longa paisinéirí róró atá ann cheana atá deimhnithe chun níos mó ná 1 350 duine a iompar ar bord, longa a thugann an chuideachta isteach in oibriú na seirbhíse rialta chuig calafort Ballstáit nó uaidh tar éis an 5 Nollaig 2024 agus nár deimhníodh riamh i gcomhréir leis an Treoir seo, comhlíonfaidh siad an méid seo a leanas:

(a)

na ceanglais chobhsaíochta shonracha a leagtar amach i gCaibidil II-1, Cuid B, de SOLAS 2020; nó

(b)

na ceanglais chobhsaíochta shonracha a leagtar amach in Iarscríbhinn I, Roinn A, a ghabhann leis an Treoir seo, chomh maith leis na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil II-1, Cuid B, de SOLAS 2009.

Déanfar na ceanglais chobhsaíochta arna gcur i bhfeidhm a nótáil i ndeimhniú na loinge a cheanglaítear faoi Airteagal 8.

5.   Ar rogha na cuideachta, maidir le longa paisinéirí róró atá ann cheana atá deimhnithe chun 1 350 duine nó níos lú a iompar ar bord, longa a thugann an chuideachta isteach in oibriú na seirbhíse rialta chuig calafort Ballstáit nó uaidh tar éis an 5 Nollaig 2024 agus nár deimhníodh riamh i gcomhréir leis an Treoir seo, comhlíonfaidh siad an méid seo a leanas:

(a)

na ceanglais chobhsaíochta shonracha a leagtar amach in Iarscríbhinn I, Roinn A, a ghabhann leis an Treoir seo, nó

(b)

na ceanglais chobhsaíochta shonracha a leagtar amach in Iarscríbhinn I, Roinn B, a ghabhann leis an Treoir seo.

Déanfar na ceanglais chobhsaíochta arna gcur i bhfeidhm a nótáil i ndeimhniú na loinge dá dtagraítear in Airteagal 8.

6.   Maidir le longa paisinéirí róró atá ann cheana a bhí á n-oibriú i seirbhís rialta chuig calafort Ballstáit nó amach as faoin 5 Nollaig 2024, coinneoidh siad orthu ag comhlíonadh na gceanglas cobhsaíochta sonrach a leagtar amach in Iarscríbhinn I sa leagan a bhí i bhfeidhm sular tháinig Treoir (AE) 2023/946 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (**) i bhfeidhm.

(*)  Treoir 2009/45/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Bealtaine 2009 maidir le rialacha agus caighdeáin sábháilteachta le haghaidh longa paisinéirí (IO L 163, 25.6.2009, lch. 1)."

(**)  Treoir (AE) 2023/946 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 lena leasaítear Treoir 2003/25/CE a mhéid a bhaineann le ceanglais chobhsaíochta fheabhsaithe a chur léi agus an Treoir sin a ailíniú leis na ceanglais chobhsaíochta atá sainithe ag an Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta (IO L 128, 15.5.2023, lch. 1).”;"

(7)

scriostar Airteagal 7.

(8)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8:

“Airteagal 8

Deimhnithe

1.   Maidir leis ach na longa paisinéirí róró nua uile agus na longa paisinéirí róró uile atá ann cheana a bhfuil bratach Ballstáit ar foluain acu, iompróidh siad deimhniú lena ndeimhnítear go gcomhlíonann siad na ceanglais chobhsaíochta shonracha dá dtagraítear in Airteagal 6.

Eiseoidh údarás riaracháin an Stáit Brataí na deimhnithe agus d’fhéadfadh na deimhnithe a chumasc le deimhnithe gaolmhara eile. Le haghaidh longa paisinéirí róró a chomhlíonann na ceanglais chobhsaíochta shonracha a leagtar amach in Iarscríbhinn I, Roinn A, sonrófar sa deimhniú an tonnairde shuntasach ar suas léi is féidir leis an long na ceanglais chobhsaíochta shonracha a chomhlíonadh.

Beidh an deimhniú bailí fad a bhíonn an long paisinéirí róró ag oibriú i limistéar ag a bhfuil an tonnairde shuntasach chéanna nó luach tonnairde suntasaí níos lú.

2.   Aithneoidh gach Ballstát ag gníomhú i gcáil Stáit Calafoirt dó deimhnithe a eisíonn Ballstát eile i gcomhréir leis an Treoir seo.

3.   Glacfaidh gach Ballstát ag gníomhú i gcáil Stáit Calafoirt dó le deimhnithe a eisíonn tríú tír lena ndeimhnítear go gcomhlíonann long paisinéirí róró na ceanglais chobhsaíochta shonracha a leagtar síos sa Treoir seo.”

;

(9)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 9:

“Airteagal 9

Oibriú séasúrach agus oibriú eile i dtréimhse ghearr ama

1.   Más mian le cuideachta a oibríonn seirbhís rialta ó cheann ceann na bliana tuilleadh longa paisinéirí róró a thabhairt isteach le hoibriú ar feadh tréimhse níos giorra ar an tseirbhís sin, tabharfaidh sé fógra d’údarás inniúil an Stáit Calafoirt nó na Stát Calafoirt tráth nach déanaí ná 1 mhí sula mbeidh na longa sin á n-oibriú ar an tseirbhís sin.

2.   Más rud é, áfach, de thoradh cúinsí nach raibh coinne leo, nach mór long paisinéirí róró eile a thabhairt isteach go tapa in áit na loinge a bhí ann chun leanúnachas seirbhíse a áirithiú, beidh feidhm ag Airteagal 4(4) de Threoir (AE) 2017/2110 agus ag pointe 1.3 d’Iarscríbhinn XVII a ghabhann le Treoir 2009/16/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*) in ionad an cheanglais maidir le fógra a thabhairt a luaitear i mír 1.

3.   Más mian le cuideachta seirbhís rialta a oibriú go séasúrach ar feadh tréimhse níos giorra nach faide ná 6 mhí in aghaidh na bliana, tabharfaidh sí fógra d’údarás inniúil an Stáit Calafoirt nó na Stát Calafoirt tráth nach déanaí ná 3 mhí sula gcuirfear tús lena hoibriú.

4.   Maidir le longa paisinéirí róró a chomhlíonann na ceanglais shonracha in Iarscríbhinn I, Roinn A, i gcás ina dtarlaíonn an t-oibriú de réir bhrí mhíreanna 1, 2 agus 3 den Airteagal seo i ndálaí ina mbíonn tonnairde shuntasach níos ísle ann ná na tonnairdí atá leagtha síos le haghaidh an limistéir farraige chéanna don oibriú ó cheann ceann na bliana, féadfaidh an t-údarás inniúil luach na tonnairde suntasaí is infheidhme le haghaidh na tréimhse níos giorra a úsáid chun airde an uisce ar deic a chinneadh nuair a bhíonn na ceanglais chobhsaíochta shonracha atá in Iarscríbhinn I, Roinn A, á gcur i bhfeidhm aige. Déanfar luach na tonnairde suntasaí is infheidhme le haghaidh na tréimhse ama níos giorra sin a chomhaontú idir na Ballstáit nó, i gcás inarb infheidhme agus inar féidir, idir na Ballstáit agus tríú tíortha ar dhá cheann an bhealaigh.

5.   Tar éis comhaontú le húdarás inniúil an Stáit Calafoirt nó na Stát Calafoirt le haghaidh oibriú de réir bhrí mhíreanna 1, 2 agus 3, ceanglófar ar an long paisinéirí róró a bhíonn i mbun oibriú den sórt sin deimhniú a bheith ar iompar aici lena ndeimhnítear go gcomhlíonann sí forálacha na Treorach seo, mar a fhoráiltear in Airteagal 8(1).

(*)  Treoir 2009/16/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le rialú Stáit ar chalafoirt (IO L 131, 28.5.2009, lch. 57).”;"

(10)

cuirtear an t-Airteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 13a

Athbhreithniú

Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar chur chun feidhme na Treorach seo agus cuirfidh sé torthaí na meastóireachta faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoin 5 Meitheamh 2033. Cuirfear faisnéis bunaithe ar na fógraí dá dtagraítear in Airteagal 6(2) ar fáil i bhfoirm gan ainm.”

;

(11)

leasaítear Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Treoir 2003/25/CE i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir seo;

(12)

An téacs a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir seo, cuirtear le Treoir 2003/25/CE é mar Iarscríbhinn III.

Airteagal 2

Trasuí

1.   Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a thabhairt i bhfeidhm faoin 5 Nollaig 2024. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoi sin láithreach.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Leagfaidh na Ballstáit síos an bealach a ndéanfar tagairt den sórt sin.

2.   Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 4

Seolaithe

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 10 Bealtaine 2023.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. ROSWALL


(1)  IO C 323, 26.8.2022, lch. 119.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Márta 2023 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 24 Aibreán 2023.

(3)  Treoir 2003/25/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Aibreán 2003 maidir le ceanglais sábháilteachta shonracha le haghaidh longa paisinéirí róró (IO L 123, 17.5.2003, lch. 22).

(4)  Treoir 2009/45/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Bealtaine 2009 maidir le rialacha agus caighdeáin sábháilteachta le haghaidh longa paisinéirí (IO L 163, 25.6.2009, lch. 1).

(5)  Rialachán (CE) Uimh. 1406/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Meitheamh 2002 lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí (IO L 208, 5.8.2002, lch. 1).

(6)  Treoir 2009/16/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le rialú Stáit ar chalafoirt (IO L 131, 28.5.2009, lch. 57).

(7)  Treoir 1999/35/CE ón gComhairle an 29 Aibreán 1999 maidir le córas suirbhéanna sainordaitheacha le haghaidh oibriú sábháilte seirbhísí rialta farantóireachta róró agus árthaí paisinéirí ardluais (IO L 138, 1.6.1999, lch. 1).

(8)  Treoir (AE) 2017/2110 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Samhain 2017 maidir le córas cigireachtaí d’oibriú sábháilte long paisinéirí róró agus árthaí paisinéirí ardluais i seirbhís rialta agus lena leasaítear Treoir 2009/16/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/35/CE ón gComhairle (IO L 315, 30.11.2017, lch. 61).


IARSCRÍBHINN I

1.   

Leasaítear Iarscríbhinn I mar a leanas:

(a)

tar éis an teidil, cuirtear an ceannteideal seo a leanas isteach:

“Roinn A”;

(b)

tar éis an cheannteidil nua sin, cuirtear isteach an abairt réamhráiteach seo a leanas:

“Chun críocha Roinn A, déanfar tagairtí do rialacháin Choinbhinsiún SOLAS a fhorléiriú mar thagairtí do na rialacháin sin mar a bhí feidhm acu faoi SOLAS 90.”;

(c)

i bpointe 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na míre roimh phointí 1.1 go 1.6:

“1.

I dteannta cheanglais Rialachán II-1/B/8 de Choinbhinsiún SOLAS maidir le foroinnt uiscedhíonach agus cobhsaíocht i riocht damáistithe, comhlíonfar ceanglais na roinne seo.”;

(d)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 3.1:

“3.1.

I gcás long, nach bhfuil le hoibriú ach le linn tréimhse níos giorra de réir bhrí Airteagal 9, tiocfaidh Stáit Chalafoirt a áirítear sa bhealach ar chomhaontú maidir leis an tonnairde shuntasach is infheidhme.”;

(e)

cuirtear an Roinn seo a leanas léi:

“Roinn B

Comhlíonfar na ceanglais a leagtar síos i gCaibidil II-1, Cuid B, de SOLAS 2020. Mar sin féin, de mhaolú ar Rialachán II-1/B/6.2.3 de SOLAS 2020, déanfar an t-innéacs foroinne R is gá a chinneadh mar seo a leanas:

Daoine ar bord (N)

Innéacs Foroinne (R)

N < 1 000

R = 0,000088 * N + 0,7488

1 000 ≤N ≤ 1 350

R = 0,0369 * ln (N + 89,048 ) + 0,579

Más rud é go:

N

=

líon iomlán na ndaoine ar bord.”.

2.   

Leasaítear Iarscríbhinn II mar a leanas:

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an fhrása tosaigh in “Cur i bhFeidhm”:

“I gcomhréir le forálacha Airteagal 6(3) den Treoir seo, bainfidh údaráis náisiúnta riaracháin na mBallstát úsáid as na treoirlínte seo agus na ceanglais chobhsaíochta shonracha a leagtar amach in Iarscríbhinn I, Roinn A, á gcur i bhfeidhm acu, a mhéid a bheidh sé sin indéanta agus comhoiriúnach le dearadh na loinge atá i gceist. Freagraíonn uimhreacha na míreanna thíos do na huimhreacha atá in Iarscríbhinn I, Roinn A.”.


IARSCRÍBHINN II

“IARSCRÍBHINN III

MIONSONRAÍ MAIDIR LE FÓGRA A THABHAIRT

Sonraí a bhfuil fógra le tabhairt ina leith i gcomhréir le hAirteagal 6(2):

I.

Sonraí ginearálta

(1)

Ceanglais chobhsaíochta is infheidhme: Roinn A nó Roinn B d’Iarscríbhinn I

(2)

Uimhir aitheantais na loinge (uimhir IMO, Glao-chomhartha)

(3)

Na príomhmhionsonraí

(4)

Plean eagraithe ginearálta

(5)

An líon daoine ar bord

(6)

An t-olltonnáiste (GT)

(7)

An long dhá cheann atá ann: Is ea/Ní hea

(8)

An bhfuil bolg íseal fada ag an long: Tá/Níl

II.

Sonraí sonracha – le haghaidh longa paisinéirí róró atá faoi réir na gceanglas dochúlaíoch a leagtar amach i gCoinbhinsiún SOLAS

(1)

dl, dp, ds;

(2)

R – an t-innéacs is gá;

(3)

plean an leagan amach (plean sláine uiscedhíonachta) do na fo-rannáin le gach pointe oscailte inmheánach agus seachtrach lena n-áirítear a bhforannáin atá nasctha, agus na mionsonraí a úsáidtear chun na spásanna a thomhas, amhail plean eagraithe ginearálta agus plean umair; ní mór teorainneacha na bhforannán, teorainneacha fadleibhéil, trasnacha agus ceartingearacha, a áireamh (1);

(4)

an t-innéacs foroinne A a bhaintear amach ag a bhfuil tábla achomair maidir leis na ranníocaíochtaí go léir do na limistéir uile a rinneadh damáiste dóibh (2) le colún ar leith leis an innéacs foroinne insroichte (w*p*v);

(5)

i gcásanna damáiste do Limistéir 1 agus 2, an céatadán de chásanna damáiste nár imscrúdaíodh (i.e. cásanna nár cuireadh san áireamh san fhachtóir (w*p*v)), is é sin s = 0, s = 1 agus 0<s< 1;

(6)

i gcásanna damáiste do Limistéir 1 agus 2, an céatadán de chásanna damáiste a bhain le spásanna róró nár imscrúdaíodh (i.e. cásanna nár cuireadh san áireamh san fhachtóir (w*p*v)), is é sin s = 0, s = 1 agus 0<s< 1;

(7)

i gcás gach damáiste a chuireann leis an innéacs foroinne A a bhaintear amach, spásanna tuilte a shainaithint, luach ranníocaíochta agus fachtóir “s” (3);

(8)

mionsonraí maidir le damáistí neamh-rannchuidithe (s = 0 agus p > 0) le haghaidh longa paisinéirí róró atá feistithe le bolg íseal fada, lena n-áirítear mionsonraí iomlána maidir leis na fachtóirí ríofa (4).

III.

Sonraí ginearálta – le haghaidh longa paisinéirí róró a gcuirtear Iarscríbhinn I, Roinn A, i bhfeidhm maidir leo

(1)

Modh comhlíonta:

Tástálacha Samhaltaithe

Ríomhanna

Cuir in iúl ar seachnaíodh na ríomhanna i ndáil le huisce ar an deic, de bharr, mar shampla, an saorbhord iarmharach a bheith níos airde ná 2.0 m i ngach cás a raibh damáiste ann: Seachnaíodh/Níor seachnaíodh

(2)

Tonnairde shuntasach de bhun Threoir 2003/25/CE.

.

(1)  Tá an doiciméadacht seo le cur faoi bhráid na n-údarás riaracháin i gcomhréir le pointe 2.2 den Fhoscríbhinn a ghabhann le Rún MSC.429(98) ó IMO.

(2)  Tá an doiciméadacht seo le cur faoi bhráid na n-údarás riaracháin i gcomhréir le pointe 2.3.1 den Fhoscríbhinn a ghabhann le Rún MSC.429(98) ó IMO.

(3)  Tá an doiciméadacht seo le cur faoi bhráid na n-údarás riaracháin i gcomhréir le pointe 2.3.1 den Fhoscríbhinn a ghabhann le Rún MSC.429(98) ó IMO.

(4)  Tá an doiciméadacht seo le cur faoi bhráid na n-údarás riaracháin i gcomhréir le pointe 2.3.1 den Fhoscríbhinn a ghabhann le Rún MSC.429(98) ó IMO.”