|
27.1.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 25/67 |
TREOIR (AE) 2023/175 ÓN gCOIMISIÚN
an 26 Eanáir 2023
lena leasaítear Treoir 2009/32/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le 2-meitiolocsólán
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Threoir 2009/32/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le dlíthe na mBallstát a bhaineann le tuaslagóirí eastósctha a úsáidtear i dtáirgeadh earraí bia agus comhábhar bia a chomhfhogasú (1), agus go háirithe pointí (a) agus (d) d’Airteagal 4, an chéad fhomhír, de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Tá feidhm ag Treoir 2009/32/CE maidir le tuaslagóirí eastósctha a úsáidtear nó a bhfuil sé beartaithe iad a úsáid i dtáirgeadh earraí bia nó comhábhar bia. Níl feidhm ag an Treoir sin maidir le tuaslagóirí eastósctha a úsáidtear i dtáirgeadh breiseán bia, vitimíní agus breiseán cothaitheach eile, mura bhfuil breiseáin bhia, vitimíní ná breiseáin chothaitheacha den sórt sin liostaithe in Iarscríbhinn I a ghabhann léi. |
|
(2) |
An 6 Eanáir 2020, chuir Pennakem Europa iarratas isteach ina n-iarradh údarú ar 2-meitiolocsólán mar thuaslagóir eastósctha. Dar leis an iarratasóir, d’fhéadfaí 2-meitiolocsólán a úsáid de rogha ar heacsán atá ceadaithe faoi láthair. Go háirithe, i bpróisis eastósctha i dtáirgeadh nó i gcodánúchán saillte, olaí nó ime cócó, le linn táirgí próitéine díshaillte, plúr díshaillte a ullmhú, le linn ginidí díshaillte gránach a ullmhú agus le linn blastáin a ullmhú ó ábhair bhlaistithe nádúrtha. Cuireadh an t-iarratas ar fáil do na Ballstáit ina dhiaidh sin. |
|
(3) |
Rinne an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) meastóireacht ar shábháilteacht agus ar úsáid bheartaithe 2-meitiolocsóláin mar thuaslagóir eastósctha bia. Sa tuairim ón Údarás (2) a glacadh an 26 Eanáir 2022, leagadh síos iontógáil laethúil infhulaingthe (“TDI”) 1 mg/kg de mheáchan coirp (bw) in aghaidh an lae. Thug an tÚdarás dá aire maidir leis an TDI a leagtar síos nach sáraítear é in aon cheann de na grúpaí daonra ar an meánteagmháil ná ar an teagmháil den 95ú peircintíl, agus tháinig sé ar an gconclúid nach ábhar imní í ó thaobh sábháilteachta de an teagmháil leis an tuaslagóir eastósctha 2-meitiolocsólán nuair a úsáidtear é mar a bheartaítear agus nuair a urramaítear na huasleibhéil iarmhar (MRLanna) a mholtar. Faightear 2-meitiolocsólán, de réir mheastóireacht an Údaráis, le híonacht os cionn 99,9 %. Maidir le fúrán agus 2-meitiolfúrán, arb iad na heisíontais a bhféadfadh na hairíonna guaiseacha is airde a bheith acu, ní ábhar imní iad ó thaobh sábháilteachta de má tá siad ann ar a n-uasteorainneacha de 50 mg/kg agus 500 mg/kg faoi seach, i gcomhréir leis na sonraíochtaí. |
|
(4) |
Dá bhrí sin, is iomchuí úsáid 2-meitiolocsóláin a údarú mar thuaslagóir eastósctha i dtáirgeadh nó i gcodánúchán saillte, olaí nó ime cócó, le linn táirgí próitéine díshaillte, plúr díshaillte a ullmhú, le linn ginidí díshaillte gránach a ullmhú agus le linn blastáin a ullmhú ó ábhair bhlaistithe nádúrtha. Is iomchuí freisin critéir shonracha íonachta a leagan síos le haghaidh 2-meitiolocsóláin. |
|
(5) |
Dá bhrí sin, ba cheart Treoir 2009/32/CE a leasú dá réir. |
|
(6) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Treoir seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2009/32/CE i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo.
Airteagal 2
1. Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a thabhairt i bhfeidhm tráth nach déanaí ná dhá bhliain tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.
Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an bealach le tagairt den sórt sin a dhéanamh.
2. Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 4
Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 26 Eanáir 2023.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 141, 6.6.2009, lch. 3.
(2) EFSA Journal [Iris EFSA] 2022;20(3):7138
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2009/32/CE mar a leanas:
|
(a) |
I gCuid II, cuirtear an iontráil nua seo a leanas isteach i ndiaidh na hiontrála le haghaidh heacsáin:
|
|
(b) |
I gCuid III, cuirtear an iontráil nua seo a leanas isteach i ndiaidh na hiontrála le haghaidh heacsáin:
|
|
(c) |
Cuirtear isteach Cuid IV nua: “CUID IV Critéir shonracha íonachta maidir leis na tuaslagóirí eastósctha a liostaítear in Iarscríbhinn I
|
||||||||||||||