24.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 86/58


MOLADH (AE) 2023/682 ÓN gCOIMISIÚN

an 16 Márta 2023

maidir le haitheantas frithpháirteach do chinntí um fhilleadh agus le dlús a chur le fillteacha agus Treoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle á cur chun feidhme

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 292 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le hAirteagal 4(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach ceanglaítear ar an Aontas agus ar na Ballstáit cúnamh a thabhairt dá chéile, agus lánurraim fhrithpháirteach á tabhairt acu dá chéile, chun na cúraimí a eascraíonn as na Conarthaí a dhéanamh.

(2)

Le Treoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) leagtar síos caighdeáin choiteanna agus nósanna imeachta coiteanna atá le cur i bhfeidhm sna Ballstáit i ndáil le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a fhilleadh.

(3)

An 12 Meán Fómhair 2018 thíolaic an Coimisiún togra le haghaidh athmhúnlú a dhéanamh ar Threoir 2008/115/CE chun fad nósanna imeachta um fhilleadh a laghdú, nasc níos fearr a áirithiú idir nósanna imeachta um thearmann agus um fhilleadh agus a áirithiú go mbainfí úsáid níos éifeachtaí as bearta chun éalú a chosc, agus urraim do chearta bunúsacha arna gcumhdach i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (an Chairt) á háirithiú an tráth céanna.

(4)

Is é is aidhm don Chomhshocrú Nua maidir le hImirce agus Tearmann (2) córas AE coiteann maidir le fillteacha a bhunú lena gcomhcheanglaítear struchtúir níos láidre laistigh den Aontas agus comhar níos éifeachtaí le tríú tíortha maidir le filleadh agus athligean isteach, mar chuid de chur chuige cuimsitheach i ndáil le bainistiú imirce. Leis an gcur chuige sin tugtar le chéile gach beartas i réimse na himirce, an tearmainn, an imeasctha agus an bhainistithe teorainneacha, agus aithnítear ann go mbraitheann an éifeachtacht fhoriomlán ar dhul chun cinn i ngach réimse. Próiseas imirce rianúil níos gasta agus rialachas níos láidre ar bheartais imirce agus teorann, comhar le tríú tíortha lena n-áirítear cur chun feidhme chomhaontuithe agus shocruithe an Aontais um athligean isteach, agus córais nua-aimseartha TF agus tacaíocht ó ghníomhaireachtaí ábhartha an Aontais mar bhonn agus mar thaca leo, cothóidh siad próiseas níos éifeachtaí agus níos inbhuanaithe um fhilleadh.

(5)

Cuireann an Chomhairle Eorpach i dtábhacht go comhsheasmhach a thábhachtaí atá sé beartas aontaithe, cuimsitheach agus éifeachtach a bheith ag an Aontas maidir le filleadh agus athligean isteach agus iarrann sí gníomhaíocht ghasta chun fillteacha éifeachtacha ón Aontas a áirithiú trí dhlús a chur le nósanna imeachta um fhilleadh. D’iarr an Chomhairle Eorpach ar na Ballstáit chomh maith cinntí a chéile um fhilleadh a aithint (3).

(6)

Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 10 Feabhra 2021 dar teideal Enhancing cooperation on return and readmission as part of a fair, effective and comprehensive EU migration policy [Feabhas a chur ar an gcomhar maidir le filleadh agus athligean isteach mar chuid de bheartas imirce cóir, éifeachtach agus cuimsitheach an Aontais] (4) aithníodh na bacainní a chuireann isteach ar an bhfilleadh éifeachtach agus tugadh le fios gur gá, chun iad a shárú, nósanna imeachta feabhsaithe a bheith ann a laghdaíonn ilroinnt na gcineálacha cur chuige náisiúnta, chomh maith le comhar níos dlúithe agus dlúthpháirtíocht atreisithe idir na Ballstáit uile. Le Sásra Meastóireachta agus Faireacháin Schengen arna bhunú le Rialachán (AE) 2022/922 ón gComhairle (5) agus leis an bhfaisnéis arna bailiú trí Ghréasán Imirce na hEorpa (6) arna bhunú le Cinneadh 2008/381/CE ón gComhairle, bhíothas in ann measúnú cuimsitheach a dhéanamh ar an gcaoi a gcuireann na Ballstáit beartas an Aontais um fhilleadh chun feidhme agus bearnaí agus bacainní atá ann faoi láthair a shainaithint.

(7)

I bhfianaise na ndúshlán leanúnach i réimse an fhillte, agus go dtí go dtabharfaí i gcrích an chaibidlíocht reachtach, go háirithe maidir leis an togra le haghaidh athmhúnlú a dhéanamh ar Threoir 2008/115/CE, moltar gníomhaíochtaí breise chun tuilleadh feabhais a chur ar chur i bhfeidhm éifeachtach éifeachtúil an chreata dhlíthiúil atá ann cheana.

(8)

Maidir le Moladh (AE) 2017/432 ón gCoimisiún (7) ina moltar tacar bearta agus gníomhaíochtaí chun fillteacha a dhéanamh níos éifeachtaí agus Treoir 2008/115/CE á chur chun feidhme, tá sé bailí go fóill agus ba cheart go leanfaidh sé de na Ballstáit a threorú le haghaidh próiseas níos tapa um fhilleadh. Ionchorpraíodh Moladh (AE) 2017/432 i Moladh (AE) 2017/2338 ón gCoimisiún (8), rud lenar féidir measúnú leanúnach a dhéanamh ar a chur chun feidhme mar chuid de Shásra Meastóireachta agus Faireacháin Schengen.

(9)

Mar chéim aistir i dtreo córais AE choitinn maidir le fillteacha, is féidir le haitheantas frithpháirteach do chinntí um fhilleadh an próiseas um fhilleadh a éascú agus a luathú le haghaidh an Bhallstáit atá freagrach as fhilleadh, sin agus cur leis an gcomhar agus leis an muinín fhrithpháirteach idir na Ballstáit chun an cóineasú idir na Ballstáit maidir le bainistiú imirce a mhéadú a thuilleadh. Aitheantas frithpháirteach do chinntí um fhilleadh a eisíodh roimhe i mBallstáit eile, féadfaidh sé rannchuidiú le himirce neamhrialta a dhíspreagadh freisin, mar aon le gluaiseachtaí tánaisteacha neamhúdaraithe laistigh den Aontas a dhíspreagadh. Le Treoir 2001/40/CE ón gComhairle (9) leagtar amach creat le haghaidh aitheantas frithpháirteach. Rinneadh an creat sin a chomhlánú le Cinneadh 2004/191/CE ón gComhairle (10) lena leagtar amach na critéir agus na socruithe praiticiúla chun na míchothromaíochtaí airgeadais a chúiteamh ar toradh iad ar chur i bhfeidhm Threoir 2001/40/CE, rud a bhí ann roimh chuid mhaith den tacaíocht a forbraíodh ó shin ar leibhéal an Aontais. Dul chun cinn maidir le haitheantas frithpháirteach do chinntí um fhilleadh, ba cheart é a chur san áireamh sa phlé leanúnach maidir leis an togra ón gCoimisiún athmhúnlú a dhéanamh ar Threoir 2008/115/CE.

(10)

An easpa córas uile-Aontais a thugann le fios an bhfuil náisiúnach tríú tír atá gafa faoi réir cinneadh um fhilleadh a d’eisigh Ballstát eile, chuir sé isteach ar an iontaoibh aitheantais fhrithpháirtigh roimhe seo.

(11)

Ó bhí an 7 Márta 2023 ann, tráth a tháinig Rialachán (AE) 2018/1860 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11) i bhfeidhm, ceanglaítear ar na Ballstáit foláireamh maidir le filleadh a iontráil i gCóras Faisnéise Schengen gan mhoill tar éis cinneadh um fhilleadh a eisiúint. Le Córas Faisnéise Schengen, anois tá na Ballstáit in ann a fheiceáil láithreach an bhfuil náisiúnach tríú tír atá gafa ag an údarás inniúil faoi réir cinneadh um fhilleadh a d’eisigh Ballstát eile cheana féin.

(12)

Braitheann breisluach an ghné nua sin de Chóras Faisnéise Schengen ar úsáid ghníomhach foláireamh maidir le filleadh agus ar mheasúnú leantach iomchuí orthu, lena n-áirítear trí bhíthin aitheantas frithpháirteach do chinntí um fhilleadh a d’eisigh Ballstáit eile roimhe. Féadfaidh sé sin dlús suntasach a chur leis an bpróiseas um fhilleadh agus é a dhéanamh níos éifeachtúla, go háirithe nuair is féidir an filleadh a fhorfheidhmiú láithreach, lena n-áirítear i gcás ina bhfuil an tréimhse le haghaidh imeacht deonach a dheonaítear sa chinneadh um fhilleadh leis an mBallstát eisiúna imithe in éag agus i gcás inar baineadh úsáid as na leigheasanna ar fad in aghaidh cinneadh den sórt sin um fhilleadh.

(13)

Tacóidh cistiú tiomanta faoin gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht (12) le cur chun feidhme an Mholta seo agus, go háirithe, le haitheantas frithpháirteach do chinntí um fhilleadh idir na Ballstáit. Thairis sin, ba cheart tacaíocht phraiticiúil agus oibríochtúil le Gníomhaireachtaí inniúla de chuid an Aontais Eorpaigh a sholáthar i gcur chun feidhm an mholta seo.

(14)

Bacainní ar an gcomhar agus ar an gcumarsáid idir na húdaráis náisiúnta atá freagrach as na nósanna imeachta um thearmann agus um fhilleadh, is dúshlán struchtúrach tábhachtach iad roimh phróiseas níos éifeachtúla um fhilleadh. Ba cheart do gach údarás inniúil sna Ballstáit atá rannpháirteach sna céimeanna éagsúla den phróiseas um fhilleadh oibriú agus dul i gcomhar go dlúth le chéile.

(15)

Naisc níos dlúithe idir na nósanna imeachta um thearmann agus um fhilleadh agus nósanna imeachta gasta ag teorainneacha seachtracha na mBallstát, is féidir leo éifeachtúlacht na bhfillteacha a mhéadú go suntasach. I gcás nach bhfuil an maolú ar chur i bhfeidhm Threoir 2008/115/CE ar bhonn Airteagal 2(2)(a) infheidhme, is gá dlús a chur, laistigh den chreat reachtach atá ann faoi láthair, go háirithe le filleadh éifeachtach na náisiúnach tríú tír sin ar diúltaíodh dá n-iarratas ar chosaint idirnáisiúnta agus le láimhseáil cásanna i ngarchomharsanacht theorainn sheachtrach na mBallstát, trí phróiseas níos tapa um fhilleadh ar choinníoll go n-áirithítear urraim dá gcearta bunúsacha le linn an phróisis iomláin um fhilleadh.

(16)

Le hAirteagal 3(3) de Rialachán (AE) 2018/1860 déantar foráil maidir leis an bhféidearthacht gan foláireamh maidir le filleadh a iontráil i gCóras Faisnéise Schengen i gcás ina n-eisítear an cinneadh um fhilleadh ag teorainn sheachtrach Ballstáit agus ina bhforghníomhtar láithreach é. Mar sin féin, le hAirteagal 3(1) de Rialachán (AE) 2018/1860 ceanglaítear ar na Ballstáit a áirithiú go n-iontráiltear foláirimh gan mhoill i gCóras Faisnéise Schengen i gcás nach ndearnadh an filleadh a fhorghníomhú láithreach ó na teorainneacha seachtracha.

(17)

D’fhonn fillteacha deonacha a dhreasú agus a spreagadh, d’fhéadfaí na féidearthachtaí a chuireann Treoir 2008/115/CE ar fáil a úsáid chun cuimhneamh ar staonadh ó thoirmeasc ar dhul isteach a eisiúint i leith náisiúnach tríú tír a chomhoibríonn leis na húdaráis agus atá rannpháirteach i gclár um fhilleadh deonach cuidithe agus ath-imeascadh, gan dochar do na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 11(1) de Threoir 2008/115/CE. Sna cásanna sin, tá na Ballstáit le síneadh a chur leis an tréimhse le haghaidh imeacht deonach mar is iomchuí, i gcomhréir le hAirteagal 7(2) de Threoir 2008/115/CE.

(18)

Tá sé fíor-riachtanach go ndéantar éalú agus gluaiseachtaí neamhúdaraithe laistigh den Aontas a chosc chun éifeachtacht an chórais AE choitinn maidir le fillteacha a áirithiú. Tá gá le cur chuige cuimsitheach, lena n-áirítear na príomhuirlisí chun measúnú a dhéanamh ar an riosca um éalú agus chun an riosca sin a chosc, chun an measúnú ar an riosca sin i gcásanna aonair a éascú agus a chuíchóiriú, chun úsáid roghanna malartacha éifeachtúla eile seachas coinneáil a neartú, agus chun acmhainneacht choinneála leordhóthanach a áirithiú i gcás ina n-úsáidtear an choinneáil mar bheart na rogha deiridh agus le haghaidh na tréimhse is gairide agus is gá i gcomhréir le hAirteagal 15 de Treoir 2008/115/CE.

(19)

Tá tacaíocht ar leibhéal an Aontais ar fáil le haghaidh chur chun feidhme an Mholta seo, lena n-áirítear ó Chomhordaitheoir an Aontais Eorpaigh um Fhilleadh agus ón Líonra Ardleibhéil um Fhilleadh faoi threoir straitéis oibríochtúil i gcomhair fillteacha. Tá tacaíocht oibríochtúil ar fáil chomh maith trí Ghníomhaireachtaí inniúla de chuid an Aontais, go háirithe Frontex, Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha.

(20)

Is cuid den Gharda Teorann agus Cósta Eorpach, atá freagrach as cur chun feidhme éifeachtach an Bhainistithe Comhtháite Teorainneacha san Eoraip a áirithiú iad údaráis náisiúnta um fhilleadh. Tá ról lárnach ag Frontex mar eite oibríochtúil an chórais AE choitinn maidir le fillteacha agus tugann sé cúnamh do na Ballstáit ag gach céim den phróiseas um fhilleadh faoina shainordú de bhun Rialachán (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13).

(21)

Ba cheart an Moladh seo a dhíriú ar gach Ballstát atá faoi cheangal ag Treoir 2008/115/CE.

(22)

Moltar do na Ballstáit treoir a thabhairt dá n-údaráis náisiúnta atá inniúil ar chúraimí a bhaineann le filleadh an Moladh seo a chur i bhfeidhm agus a ndualgais á ndéanamh acu.

(23)

Comhlíonann an Moladh seo na cearta bunúsacha agus na prionsabail a aithnítear leis an gCairt. Go háirithe, áirithíonn an Moladh seo meas iomlán ar dhínit an duine agus ar chur i bhfeidhm Airteagail 1, 4, 14, 18, 19, 21, 24 agus 47 den Chairt agus ní mór é a chur chun feidhme dá réir sin.

TAR ÉIS AN MOLADH SEO A GHLACADH:

Aitheantas frithpháirteach do chinntí um fhilleadh

(1)

D’fhonn an próiseas um fhilleadh a éascú agus a luathú, ba cheart don Bhallstát atá freagrach as náisiúnach tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a fhilleadh aitheantas frithpháirteach a thabhairt d’aon chinneadh um fhilleadh a d’eisigh Ballstát eile don duine céanna roimhe sin seachas má cuireadh éifeacht an chinnidh sin um fhilleadh ar fionraí. Chuige sin, ba cheart do na Ballstáit:

(a)

úsáid iomlán a bhaint as faisnéis a chomhroinntear trí fholáirimh maidir le filleadh i gCóras Faisnéise Schengen a leagtar amach i Rialachán (AE) 2018/1860;

(b)

a áirithiú go bhfuil méarloirg ar fáil lena gcuimsiú i bhfoláireamh i gcomhréir le hAirteagal 4 de Rialachán (AE) 2018/1860;

(c)

a fhíorú go córasach i gcóras uathoibrithe um shainaithint méarlorg Chóras Faisnéise Schengen an bhfuil náisiúnach tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach faoi réir foláireamh maidir le filleadh i gCóras Faisnéise Schengen;

(d)

a áirithiú go bhfuil dlúthchomhar idir na húdaráis náisiúnta atá freagrach as filleadh agus an Biúró SIRENE náisiúnta i bhfianaise a róil arna bhunú le Rialachán (AE) 2018/1861 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14) agus a róil i malartú faisnéise de bhun Rialachán (AE) 2018/1860;

(e)

dul i gcomhar le chéile agus faisnéis fhorlíontach a mhalartú, i gcás inar gá, chun aithint agus forfheidhmiú an chinnidh um fhilleadh a éascú;

(f)

scrúdú a dhéanamh ar chás an náisiúnaigh tríú tír lena mbaineann tar éis éisteacht leis an duine sin chun comhlíonadh an dlí náisiúnta agus Airteagal 5 de Threoir 2008/115/CE a áirithiú, sula ndéanfar cinneadh um fhilleadh a d’eisigh Ballstát eile a aithint agus sula ndéanfar baint. I gcás leanaí go háirithe, ba cheart don Bhallstát forfheidhmiúcháin a áirithiú go dtabharfar aird chuí ar shárleasanna an linbh;

(g)

an náisiúnach tríú tír lena mbaineann a chur ar an eolas i scríbhinn go n-aithnítear an cinneadh um fhilleadh a d’eisigh Ballstát eile a bhfuil an duine sin faoina réir. San fhógra, ba cheart na cúiseanna sna fíorais agus sa dlí a thugtar sa chinneadh um fhilleadh a athlua agus ba cheart faisnéis a sholáthar maidir leis na leigheasanna dlí atá ar fáil;

(h)

an Ballstát eisiúna a chur ar an eolas láithreach faoi bhaint an náisiúnaigh tríú tír lena mbaineann, chun gur féidir leis an mBallstát eisiúna sin Córas Faisnéise Schengen a thabhairt cothrom le dáta i gcomhréir le hAirteagal 24(1), pointe (b), de Rialachán (AE) 2018/1861.

Dlús a chur le fillteacha

(2)

D’fhonn dlús a chur le nósanna imeachta um fhilleadh, ba cheart do na Ballstáit comhar láidir a chur ar bun idir na húdaráis atá freagrach as na cinntí a chuireann deireadh le fanacht dlíthiúil agus iad siúd atá freagrach as cinntí um fhilleadh a eisiúint, lena n-áirítear malartú tráthrialta faisnéise agus comhar oibríochtúil, bunaithe ar an gcur chuige comhtháite comhordaithe a mholtar i Moladh (AE) 2017/432.

(3)

D’fhonn infhaighteacht phrapúil faisnéise maidir le céannacht agus staid dhlíthiúil náisiúnach tríú tír atá faoi réir cinneadh um fhilleadh, faisnéis a bhfuil gá léi chun faireachán a dhéanamh ar chásanna aonair agus chun obair leantach a dhéanamh orthu, agus d’fhonn pictiúr de dhálaí náisiúnta maidir le filleadh a chur ar bun agus a choinneáil ar bun, iarrtar ar na Ballstáit córas cuimsitheach TF bainistithe cásanna um fhilleadh a chur ar bun, gan mhoill, bunaithe ar an múnla a d’fhorbair Frontex de bhun Airteagal 48(1), pointe (c), de Rialachán (AE) 2019/1896. Ba cheart do na Ballstáit úsáid iomlán a bhaint freisin as na Córais Bainistithe Cásanna um Athligean Isteach a cuireadh i bhfeidhm chun cur chun feidhme comhaontuithe nó socruithe um athligean isteach le tríú tíortha a chothú.

(4)

Chun a áirithiú go ndéanfar nósanna imeachta um fhilleadh go tapa i ndiaidh cinneadh diúltú d’iarratas ar chosaint idirnáisiúnta, ba cheart do na Ballstáit:

(a)

cainéal díreach caighdeánach cumarsáide idir na húdaráis um thearmann agus um fhilleadh a chur ar bun le haghaidh comhordú réidh idir an dá phróiseas;

(b)

cinneadh um fhilleadh agus cinneadh diúltú d’iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a eisiúint san acht céanna, nó in achtanna ar leithligh an tráth céanna nó go díreach ina dhiaidh sin, agus an úsáid is fearr á baint as an bhféidearthacht dá dtagraítear in Airteagal 6(6) de Threoir 2008/115/CE;

(c)

foráil a dhéanamh maidir leis an bhféidearthacht achomhairc a thaisceadh in aghaidh an chinnidh diúltú don iarratas ar chosaint idirnáisiúnta agus an chinnidh um fhilleadh an tráth céanna leis an gcúirt nó an binse céanna, nó maidir leis an bhféidearthacht achomharc a dhéanamh in aghaidh an dá chinneadh laistigh den tréimhse céanna ama;

(d)

foráil a dhéanamh maidir le forghníomhú cinntí um fhilleadh a chur ar fionraí go huathoibríoch le linn nós imeachta achomhairc ach a mhéid go bhfuil gá leis sin chun Airteagal 19(2) agus Airteagal 47 den Chairt a chomhlíonadh;

(e)

céimeanna a ghlacadh chun a áirithiú gur féidir leigheas a fheidhmiú ó thríú tír, go háirithe trí ionadaíocht iomchuí dlí agus trí úsáid a bhaint as uirlisí nuálacha amhail uirlisí físchomhdhála, ar choinníoll go gcomhlíontar an ceart chun leigheas éifeachtach mar aon le hAirteagal 5 de Threoir 2008/115/CE.

(5)

Chun fillteacha níos tapa i ngarchomharsanacht na dteorainneacha seachtracha a áirithiú, ba cheart do na Ballstáit:

(a)

foirne soghluaiste tacaíochta a chur i bhfeidhm a tharraingíonn le chéile na húdaráis inniúla uile maidir le filleadh deonach agus éigeantach agus na seirbhísí tacaíochta ábhartha, lena n-áirítear ateangairí, seirbhísí sláinte, comhairle dlí agus oibrithe sóisialta;

(b)

saoráidí leormhaithe a chur ar bun (go háirithe do leanaí agus teaghlaigh) i ngarchomharsanacht an limistéir teorann sheachtraigh chun náisiúnaigh tríú tír atá ag feitheamh le filleadh a óstáil, ar saoráidí iad a thugann urraim do dhínit an duine agus do na cearta bunúsacha a chumhdaítear sa Chairt, lena n-áirítear na cearta um shaol príobháideach agus um shaol an teaghlaigh, agus um neamh-idirdhealú;

(c)

i gcás inarb infheidhme, úsáid iomlán a bhaint as na nósanna imeachta brostaithe dá bhforáiltear sna comhaontuithe um athligean isteach arna dtabhairt i gcrích idir an tAontas nó na Ballstáit agus tríú tíortha, agus urraim á tabhairt do na ráthaíochtaí nós imeachta i gcomhréir, go háirithe, le hAirteagal 47 den Chairt;

(d)

i gcomhréir le hAirteagal 3(1) agus (2) de Rialachán (AE) 2018/1860, foláireamh maidir le filleadh a iontráil i gCóras Faisnéise Schengen nuair nach féidir an filleadh a dhéanamh láithreach.

(6)

Ba cheart do na Ballstáit brath ar an tacaíocht ar fad a chuireann Frontex ar fáil, agus gach leas a bhaint aisti, lena n-áirítear a thacaíocht oibríochtúil do na húdaráis náisiúnta, cúnamh le fillithe a aithint agus doiciméid taistil a fháil, oibríochtaí um fhilleadh a eagrú agus tacaíocht le haghaidh imeacht deonach agus ath-imeascadh.

Dreasachtaí le haghaidh filleadh deonach

(7)

Chun náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a spreagadh le filleadh go deonach, ba cheart do na Ballstáit struchtúir chomhairliúcháin maidir le filleadh agus ath-imeascadh a bhunú chun faisnéis agus treoraíocht a thabhairt dóibh a luaithe is féidir sa phróiseas agus chun iad a dhíriú isteach i gclár um fhilleadh deonach cuidithe agus ath-imeascadh. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go soláthrófar faisnéis faoi fhilleadh le linn an phróisis um thearmainn, toisc gur toradh féideartha é filleadh i gcás ina ndiúltófar don iarratas ar chosaint idirnáisiúnta.

(8)

Thairis sin, ba cheart do na Ballstáit an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

cuimhneamh ar staonadh ó thoirmeasc ar dhul isteach a eisiúint i leith náisiúnach tríú tír a chomhoibríonn leis na húdaráis inniúla agus a chláraíonn do chlár um fhilleadh deonach cuidithe agus ath-imeascadh, gan dochar d’Airteagal 11(1) de Threoir 2008/115/CE; sna cásanna sin, ba cheart do na Ballstáit síneadh a chur leis an tréimhse le haghaidh imeacht deonach mar is iomchuí, i gcomhréir le hAirteagal 7(2) de Threoir 2008/115/CE;

(b)

foráil a dhéanamh maidir le nós imeachta atá so-rochtana agus oibríochtúil go praiticiúil chun a chur ar a chumas don náisiúnach tríú tír aistarraingt, fionraí nó giorrú toirmisc ar dhul isteach a iarraidh sna cásanna sin inar fhág náisiúnach tríú tír atá faoi réir toirmeasc ar dhul isteach críoch Ballstáit i gcomhréir iomlán le cinneadh um fhilleadh laistigh den tréimhse a deonaíodh le haghaidh imeacht deonach, i gcomhréir le hAirteagal 11(3) de Threoir 2008/115/CE.

Cur chuige cuimsitheach maidir le héalú

(9)

Chun próiseas cuíchóirithe comhordaithe a chur ar bun, ba cheart do na Ballstáit cur chuige cuimsitheach a chur i bhfeidhm ina mbeidh na príomhuirlisí seo a leanas chun measúnú a dhéanamh ar an riosca um éalú agus chun é a chosc:

(a)

critéir oibiachtúla chun measúnú a dhéanamh ar an riosca um éalú atá ann i ngach cás aonair;

(b)

roghanna malartacha éifeachtacha eile seachas coinneáil chun teacht leis na leibhéil éagsúla riosca um éalú agus le himthosca aonair;

(c)

coinneáil mar bheart na rogha deiridh agus le haghaidh na tréimhse is gairide agus is gá i gcomhréir le hAirteagal 15 de Threoir 2008/115/CE agus Airteagal 6 den Chairt.

(10)

Chun measúnú a dhéanamh an bhfuil cúiseanna ann i gcás aonair lena chreidiúint go bhféadfadh náisiúnach tríú tír atá faoi réir nósanna imeachta um fhilleadh éalú de réir bhrí Airteagal 3, pointe 7, de Threoir 2008/115/CE, ba cheart do na Ballstáit na himthosca agus na critéir oibiachtúla dá dtagraítear i bpointí 15 agus 16 faoi seach de Mholadh (AE) 2017/432 a thabhairt isteach sa dlí náisiúnta. Ba cheart do na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le réimse leathan roghanna malartacha eile seachas coinneáil a bheidh éifeachtach chun éalú na náisiúnach tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a chosc agus a bheidh spriocdhírithe ar imthosca aonair na ndaoine lena mbaineann. Ba cheart do na Ballstáit nósanna imeachta leormhaithe a chur i bhfeidhm chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh náisiúnaigh tríú tír na bearta sin. Ba cheart foráil a dhéanamh maidir le bearta éifeachtacha nach bhfuil chomh comhéigneach céanna leis an gcoinneáil agus d’fhéadfadh na bearta seo a leanas a áireamh orthu:

(a)

an oibleagáid tuairisciú go tráthrialta do na húdaráis inniúla, idir gach 24 uair an chloig agus uair amháin sa tseachtain, ag brath ar leibhéal an riosca um éalú;

(b)

an oibleagáid an pas, an doiciméad taistil nó an doiciméad céannachta a thabhairt suas do na húdaráis inniúla;

(c)

an oibleagáid cónaí in áit a ainmníonn na húdaráis, amhail áit chónaithe phríobháideach, dídean nó ionad tiomnaithe;

(d)

an oibleagáid seoladh baile a thuairisciú do na húdaráis inniúla, lena n-áirítear aon athrú ar an seoladh sin;

(e)

taisceadh ráthaíochta airgeadais leordhóthanaí;

(f)

úsáid teicneolaíochta nuálaí.

(11)

Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh an acmhainneacht choinneála i gcomhréir leis na riachtanais atá ann, agus líon na náisiúnach tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach atá faoi réir cinneadh um fhilleadh agus líon measta na ndaoine siúd a bhfuil coinne lena bhfilleadh sa mheántéarma á gcur san áireamh.

Cur Chun Feidhme, Faireachán agus Tuairisciú

(12)

Agus an Moladh seo á chur chun feidhme, ba cheart do na Ballstáit brath ar an tacaíocht ar fad a chuirtear ar fáil le leibhéal an Aontais, agus gach leas a bhaint aisti, lena n-áirítear:

(a)

Comhordaitheoir an Aontais Eorpaigh um Fhilleadh agus an Líonra Ardleibhéil um Fhilleadh;

(b)

tacaíocht ó Ghníomhaireachtaí inniúla an Aontais, go háirithe Frontex, Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann, eu-LISA, agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha;

(c)

an saineolas agus an fhaisnéis a bhailítear agus a mhalartaítear i líonra agus grúpaí an Aontais a bhíonn ag plé le hábhair um fhilleadh.

(13)

Chun críche faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an Mholta seo, iarrtar ar na Ballstáit tuairisciú go bliantúil don Choimisiún, lena n-áirítear maidir le líon na gcinntí um fhilleadh le Ballstáit eile ar tugadh aitheantas frithpháirteach dóibh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 16 Márta 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

Ylva JOHANSSON

Comhalta den Choimisiún


(1)  Treoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le caighdeáin choiteanna agus nósanna imeachta coiteanna sna Ballstáit i ndáil le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a fhilleadh (IO L 348, 24.12.2008, lch. 98).

(2)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún maidir le Comhshocrú Nua maidir le hImirce agus Tearmann (COM(2020) 609 final).

(3)  Conclúidí ón gComhairle Eorpach an 9 Feabhra 2023, 1/23.

(4)  COM(2021) 56 final.

(5)  Rialachán (AE) 2022/922 ón gComhairle an 9 Meitheamh 2022 maidir le bunú agus oibriú sásra meastóireachta agus faireacháin chun cur i bhfeidhm acquis Schengen a fhíorú, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013 (IO L 160, 15.6.2022, lch. 1).

(6)  Cinneadh 2008/381/CE ón gComhairle an 14 Bealtaine 2008 lena mbunaítear Gréasán Imirce na hEorpa (IO L 131, 21.5.2008, lch. 7).

(7)  Moladh (AE) 2017/432 ón gCoimisiún an 7 Márta 2017 maidir le filleadh a dhéanamh níos éifeachtaí agus Treoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle á chur chun feidhme (IO L 66, 11.3.2017, lch. 15).

(8)  Moladh (AE) 2017/2338 ón gCoimisiún an 16 Samhain 2017 lena mbunaítear lámhleabhar coiteann dar teideal ‘Lámhleabhar maidir le Filleadh’ a bheidh le húsáid ag údaráis inniúla na mBallstát agus cúraimí a bhaineann le filleadh á gcur i gcrích acu (IO L 339, 19.12.2017, lch. 83).

(9)  Treoir 2001/40/CE ón gComhairle an 28 Bealtaine 2001 maidir le haitheantas frithpháirteach cinntí i dtaca le náisiúnaigh tríú tír a dhíbirt (IO L 149, 2.6.2001, lch. 34).

(10)  Cinneadh 2004/191/CE ón gComhairle an 23 Feabhra 2004 lena leagtar amach na critéir agus na socruithe praiticiúla chun na míchothromaíochtaí airgeadais a chúiteamh ar toradh iad ar chur i bhfeidhm Threoir 2001/40/CE ón gComhairle maidir le haitheantas frithpháirteach cinntí i dtaca le náisiúnaigh tríú tír a dhíbirt (IO L 60, 27.2.2004, lch. 55).

(11)  Rialachán (AE) 2018/1860 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Samhain 2018 maidir le húsáid Córas Faisnéise Schengen chun náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a fhilleadh (IO L 312, 7.12.2018, lch. 1).

(12)  Rialachán (AE) 2021/1147 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena mbunaítear an Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht (IO L 251, 15.7.2021, lch. 1).

(13)  Rialachán (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2019 maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1052/2013 agus (AE) 2016/1624 (IO L 295, 14.11.2019, lch. 1.).

(14)  Rialachán (AE) 2018/1861 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Samhain 2018 maidir le Córas Faisnéise Schengen a bhunú, a oibriú agus a úsáid i réimse na seiceálacha teorann, lena leasaítear an Coinbhinsiún lena gcuirtear Comhaontú Schengen chun feidhme, agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 (IO L 312, 7.12.2018, lch. 14).