3.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 41/1


MOLADH ÓN gCOMHAIRLE

an 30 Eanáir 2023

maidir le hioncam íosta leordhóthanach lena n-áirithítear cuimsiú gníomhach

(2023/C 41/01)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 292, i gcomhar le hAirteagal 153(1), pointe (j), de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

D’fhonn saol faoi dhínit a áirithiú ag gach céim den saol, is é is aidhm don Mholadh seo an bhochtaineacht agus an t-eisiamh sóisialta a chomhrac agus ardleibhéil fostaíochta a shaothrú trí thacaíocht leordhóthanach ioncaim, go háirithe trí ioncam íosta, a chur chun cinn mar aon le rochtain éifeachtach ar sheirbhísí cumasúcháin agus seirbhísí fíor-riachtanacha i gcás daoine nach bhfuil acmhainní leordhóthanacha acu agus trí lánpháirtiú na ndaoine sin atá in ann a bheith ag obair sa mhargadh saothair a chothú, i gcomhréir leis an gcur chuige um chuimsiú gníomhach.

(2)

De bhun Airteagal 151 CFAE, is iad is cuspóirí don Aontas agus do na Ballstáit, i measc cuspóirí eile, dlús a chur le fostaíocht, le dálaí feabhsaithe maireachtála agus oibre, le cosaint chuí shóisialta, agus leis an eisiamh a chomhrac.

(3)

Foráiltear le hAirteagal 34 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (1), go n-aithníonn agus urramaíonn an tAontas na teidlíochtaí ar shochair slándála sóisialta agus ar sheirbhísí sóisialta. Foráiltear léi freisin go bhfuil gach duine a chónaíonn agus a bhogann go dlíthiúil laistigh den Aontas i dteideal sochair slándála sóisialta agus buntáistí sóisialta agus, chun an t-eisiamh sóisialta agus an bhochtaineacht a chomhrac, go n-aithníonn agus go n-urramaíonn an tAontas an ceart chun cúnaimh shóisialta agus cúnaimh tithíochta lena áirithiú go mbeidh saol cuibhiúil ag na daoine uile nach bhfuil acmhainní leordhóthanacha acu.

(4)

I Moladh 92/441/CEE ón gComhairle (2) maidir le critéir chomhchoiteanna a bhaineann le hacmhainní leordhóthanacha agus cúnamh sóisialta i gcórais cosanta sóisialta, moltar do na Ballstáit aitheantas a thabhairt don cheart bunúsach atá ag duine acmhainní leordhóthanacha agus cúnamh sóisialta leordhóthanach a bheith aige chun maireachtáil ar bhealach atá comhoiriúnach le dínit an duine mar chuid d’iarracht chuimsitheach, chomhsheasmhach chun an t-eisiamh sóisialta a chomhrac, agus moltar ann a gcórais cosanta sóisialta a oiriúnú, de réir mar is gá. I bhfianaise ábhar an Mholta seo, is iomchuí é a chur in ionad Mholadh 92/441/CEE.

(5)

Leagtar amach i Moladh 2008/867/CE ón gCoimisiún (3) maidir le cuimsiú gníomhach daoine atá eisiata ó mhargadh an tsaothair straitéis chuimsitheach chun éascaíocht a dhéanamh do lánpháirtiú na ndaoine sin atá in ann a bheith ag obair i bhfostaíocht inbhuanaithe ardcháilíochta agus chun acmhainní a sholáthar atá leordhóthanach chun maireachtáil faoi dhínit, mar aon le tacaíocht don rannpháirtíocht shóisialta, dóibh siúd nach bhfuil in ann a bheith ag obair. Maidir leis an gcur chuige comhtháite sin, bunaithe ar mheascán de thrí shnáithe beartais - tacaíocht leordhóthanach ioncaim; margaí saothair ionchuimsitheacha agus rochtain ar sheirbhísí ardcháilíochta - baineann tábhacht ar leith leis i gcás na ndaoine is faide ón margadh saothair nó na ndaoine atá eisiata ón tsochaí.

(6)

I mí na Samhna 2017, d’fhógair Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún Colún Eorpach na gCeart Sóisialta (4), lena leagtar amach 20 prionsabal chun tacú le margaí saothair agus córais leasa chóra a bheidh dea-fheidhmiúil agus cothrom. Luaitear i bPrionsabal 14 go bhfuil an ceart ag gach duine nach bhfuil dóthain acmhainní acu tairbhithe leordhóthanacha ioncaim íosta a fháil lena n-áirithítear an dínit ag gach céim den saol, agus an ceart chun rochtain éifeachtach ar earraí agus ar sheirbhísí cumasúcháin agus ina gcás siúd atá in ann a bheith ag obair, ba cheart sochair ioncaim íosta a chur le chéile le dreasachtaí chun iad a (ath)lánpháirtiú sa mhargadh saothair.

(7)

Sa teachtaireacht uaidh an 4 Márta 2021 dar teideal “Plean Gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta” (5), leagann an Coimisiún amach an uaillmhian i leith Eoraip sóisialta láidir. I mí an Mheithimh 2021, ba dhíol sásaimh don Chomhairle Eorpach sprioc shóisialta an Aontais maidir le laghdú na bochtaineachta, i gcomhréir le Dearbhú Porto, arna shíniú ag na Cinn Stáit agus an Rialtas an 8 Bealtaine 2021, lenar cheart laghdú 15 mhilliún ar a laghad a dhéanamh faoi 2030 ar líon na ndaoine atá i mbaol na bochtaineachta nó an eisiaimh shóisialta, i gcomparáid le 2019, agus ba cheart gur leanaí iad 5 mhilliún díobh siúd ar a laghad. Ba dhíol sásaimh don Chomhairle Eorpach freisin na príomhspriocanna maidir le fostaíocht, eadhon go mbeadh 78 % ar a laghad den daonra idir 20 agus 64 bliana d’aois a bheith fostaithe, agus go nglacfadh 60 % ar a laghad de dhaoine fásta páirt in oiliúint gach bliain. Le scórchlár sóisialta athbhreithnithe agus le creat tagarmharcála maidir le hioncam íosta, a chomhaontaigh an Coiste um Chosaint Shóisialta, neartaítear buntaca anailíseach an tSeimeastair Eorpaigh, na Tuarascála Comhpháirtí ar Fhostaíocht agus na moltaí tírshonracha.

(8)

Cuirtear i dtábhacht i gClár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe agus sna spriocanna a ghabhann leis nach mór don fhás eacnamaíoch inbhuanaithe a bheith fite fuaite le díothú na bochtaineachta agus díothachtaí eile, laghdú ar neamhionannais agus le rochtain fheabhsaithe ar an gcúram sláinte, ar an oideachas agus ar an bhfostaíocht.

(9)

Sa Rún uaithi an 24 Deireadh Fómhair 2017 (6) maidir le bearta ioncaim íosta mar uirlis chun an bhochtaineacht a chomhrac, d’iarr Parlaimint na hEorpa ar na Ballstáit ioncam íosta leordhóthanach a thabhairt isteach, agus chuir sí i dtábhacht an ról atá ag cosaint ioncaim íosta mar uirlis chun an bhochtaineacht a chomhrac. Sna conclúidí uaithi an 12 Deireadh Fómhair 2020 maidir le “Cosaint Ioncaim Íosta a Neartú chun an Bhochtaineacht agus an tEisiamh Sóisialta a Chomhrac le linn Phaindéim COVID 19 agus ina Diaidh” (7), d’iarr an Chomhairle ar an gCoimisiún tús a chur le creat an Aontais a thabhairt cothrom le dáta chun tacú go héifeachtach le beartais na mBallstát maidir le cosaint ioncaim íosta náisiúnta agus chun na beartais sin a chomhlánú. Le linn na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa, d’iarr na saoránaigh creat coiteann de chuid an Aontais maidir le hioncam íosta.

(10)

Cuireann an Moladh seo le torthaí mheasúnuithe an Choimisiúin lena ndéantar athbhreithniú ar an dul chun cinn a rinneadh i leith chur chun feidhme Mholadh 2008/867/CE. Deimhníodh sna measúnuithe bailíocht chur chuige an chuimsithe ghníomhaigh, ach cuireadh i dtábhacht iontu dúshláin shonracha a bhaineann le leibhéal íseal leordhóthanachta, glacadh teoranta agus cumhdach cúng an ioncaim íosta, dídhreasachtaí féideartha a eascraíonn as córais chánach agus sochar agus fadhb maidir le rochtain ar sheirbhísí ardcháilíochta lena gcothaítear cuimsiú sóisialta agus lánpháirtiú sa mhargadh saothair, i measc nithe eile. Iarradh sna measúnuithe freisin go ndíreofaí níos mó ar thacaíocht leormhaith do chuimsiú sóisialta daoine nach bhfuil in ann obair a dhéanamh.

(11)

D’ainneoin dul chun cinn a rinneadh maidir leis an mbochtaineacht agus an eisiamh sóisialta a laghdú san Aontas le 10 mbliana anuas, in 2021 bhí os cionn 95,4 milliún duine fós i mbaol na bochtaineachta nó an eisiaimh shóisialta agus ba mhó an baol sin a bhí ann i gcás na mban. Cuirtear leis an imní de bharr an mhéadaithe ar an mbaol bochtaineachta i gcás daoine a bhfuil cónaí orthu i dteaghlaigh atá gan phost (nó nach mór gan phost) agus de bharr dul in olcas na bochtaineachta i roinnt mhaith Ballstát, mar aon le laghdú a bheith ag teacht ar an tionchar a bhíonn ag aistrithe sóisialta ar laghdú na bochtaineachta. Ba cheart don Aontas agus do na Ballstáit níos mó a dhéanamh chun cabhrú go héifeachtúil leis na daoine is leochailí agus is mó atá faoi mhíbhuntáiste.

(12)

Is í an fhostaíocht ardcháilíochta inbhuanaithe an bealach is fearr chun deireadh a chur leis an mbochtaineacht agus leis an eisiamh sóisialta. An tráth céanna, ach a áirithiú go bhfuil níos mó daoine sa mhargadh saothair, rannchuidítear le maoiniú na gcóras cosanta sóisialta agus feabhsaítear a n-inbhuanaitheacht airgeadais, rud a rannchuidíonn leis an gcothroime idirghlúine agus a chuireann an comhtháthú sóisialta chun cinn. Chun leibhéil fostaíochta níos airde a bhaint amach, tá sé ríthábhachtach tacú le daoine ionas go n-éireoidh lena n-aistrithe sa mhargadh saothair.

(13)

Ba thábhachtaí fós a d’éirigh na buntáistí sóisialta agus eacnamaíocha a bhaineann le bearta sábháilteachta sóisialta atá leormhaith agus spriocdhírithe le linn na mbabhtaí dianghlasála COVID-19. Bhí tionchar díréireach ag bearta imshrianta COVID-19 ar mhná agus ar ghrúpaí faoi mhíbhuntáiste, go háirithe maidir le rochtain ar chúram sláinte, ar chúiseanna fisiceacha agus meabhairshláinte araon, ar oideachas agus ar sheirbhísí ábhartha, rud a chuir leis na srianta a bhí ann cheana maidir le rochtain ar fhostaíocht (8). Leis na ceachtanna a foghlaimíodh ó ghéarchéim COVID-19, cuireadh i dtábhacht freisin nach mór córais cosanta sóisialta a bheith ann atá leormhaith, cuimsitheach agus athléimneach agus ar ionstraimí coisctheacha iad a fhreagraíonn don suaitheadh chun tacú leis an téarnamh.

(14)

Tá cruth á chur ar an Aontas fós ag treochtaí maicreacnamaíocha a bhaineann leis an domhandú, leis an aistriú glas agus an aistriú digiteach, leis an athrú déimeagrafach agus le patrúin athraitheacha oibre. Le bearta sábháilteachta sóisialta atá cuimsitheach, stóinsithe, lena n-áirithítear tacaíocht leordhóthanach ioncaim agus lena n-éascaítear aistrithe sa mhargadh saothair, lena n-áirítear tacaíocht don athsciliú agus don uas-sciliú, is féidir cuidiú lena áirithiú go mbeidh na próisis sin cóir, cuimsitheach. Is féidir le hathruithe ar phatrúin ghairme, in éineacht le borradh a bheith faoi chineálacha fostaíochta neamhchaighdeánacha, é a fhágáil níos deacra ar dhaoine a bheith incháilithe chun rochtain a bheith acu ar chórais cosanta sóisialta árachasbhunaithe agus is féidir le héileamh méadaithe ar bhearta tacaíochta malartacha, ar nós ioncam íosta, a bheith ina thoradh orthu. Thairis sin, tar éis cogadh foghadh neamhdhleathach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, cogadh gan chúis gan údar, tá an méadú géar ar phraghsanna fuinnimh agus, ina sheal, an méadú ar rátaí boilscithe, ag dul i bhfeidhm ar theaghlaigh ísealioncaim agus ar theaghlaigh ar íseal-mheánioncam. Is féidir bearta ioncaim a dhíriú ar ghrúpaí leochaileacha agus tá siad comhoiriúnach le caomhnú dreasachtaí chun an t-éileamh ar fhuinneamh a laghdú agus chun éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú.

(15)

Dírítear sa Mholadh seo ar na “daoine nach bhfuil acmhainní leordhóthanacha acu”, rud a chiallaíonn daoine a bhfuil cónaí orthu i dteaghlaigh a bhfuil acmhainní airgeadaíochta agus acmhainní ábhartha neamhleora, neamh-thráthrialta nó neamhchinnte acu, ar acmhainní iad atá fíor-riachtanach dá sláinte agus dá bhfolláine agus chun páirt a ghlacadh sa saol eacnamaíoch agus sa saol sóisialta. Ina gcás siúd atá in ann a bheith ag obair, ní mór do bhearta stóinsithe sábháilteachta sóisialta (ath)lánpháirtiú sa mhargadh saothair a éascú trí bhearta tacaíochta sonracha lena gceanglaítear bearta gníomhacha maidir leis an margadh saothair, trí thacaíocht a thabhairt don chuardach poist, trí oideachas agus trí oiliúint. I gcás dóibh siúd atá i ngátar, lena n-áirítear daoine nach bhfuil in ann a bheith ag obair, áirithítear leo tacaíocht leordhóthanach ioncaim agus seirbhísí cumasúcháin. Dá bhrí sin, ní uirlis éighníomhach iad bearta sábháilteachta sóisialta ach gníomhaíonn siad, a mhéid is féidir, mar thúsphointe don lánpháirtíocht shocheacnamaíoch agus don tsoghluaisteacht shóisialta aníos, rud a fheabhsaíonn an t-ionchuimsiú agus ionchais fostaíochta.

(16)

Áirítear le bearta sábháilteachta sóisialta raon sochar airgeadaíochta agus sochar comhchineáil lena soláthraítear tacaíocht ioncaim agus rochtain ar sheirbhísí cumasúcháin agus seirbhísí fíor-riachtanacha. Cuideanna tábhachtacha den tacaíocht ioncaim is ea sochair ioncaim íosta, a shainmhínítear iad mar shochair airgeadaíochta neamhranníocacha de réir tástáil acmhainne den rogha dheiridh arb é is aidhm leo an bhearna a líonadh chun leibhéal foriomlán áirithe ioncaim a bhaint amach i dteaghlach ar leith nuair a ídítear foinsí eile ioncaim nó sochar nó nuair nach leordhóthanach iad na foinsí sin chun saol faoi dhínit a áirithiú. I roinnt Ballstát, féadfar sochair ioncaim íosta a chomhcheangal le sochair airgeadaíochta eile a chuirtear ar fáil don teaghlach agus dá bhaill, liúntais leanaí agus teaghlaigh, sochair chóiríochta, sochair dhífhostaíochta, sochair mhíchumais, sochair sheanaoise nó sochair laistigh den fhostaíocht mar shampla. Féadfar cur le pinsin íosta agus ioncam ó obair leis an tacaíocht ioncaim freisin. Leis an moladh seo tugtar aghaidh go príomha ar ioncam íosta agus tá sé gan dochar don Mholadh ón gComhairle maidir le rochtain ar chosaint shóisialta d’oibrithe agus do dhaoine féinfhostaithe (9).

(17)

Is príomheilimint de straitéisí chun deireadh a chur leis an mbochtaineacht agus leis an eisiamh é an t-ioncam íosta agus is féidir leis feidhmiú mar chobhsaitheoir uathoibríoch. In aimsir na géarchéime eacnamaíche, is féidir leis rannchuidiú le tacú le téarnamh inbhuanaithe, cuimsitheach, cuidiú le maolú a dhéanamh ar an laghdú ar ioncaim teaghlaigh, agus na leibhéil daoine atá i mbaol na bochtaineachta nó an eisiaimh shóisialta a shrianadh. Ina gcás siúd atá in ann a bheith ag obair, ba cheart go gcuimseofaí leis an ioncam íosta dreasachtaí leormhaithe agus coinníollacht shaincheaptha, chomhréireach chun (ath)lánpháirtiú sa mhargadh saothair. An tráth céanna, ba cheart ioncam íosta a cheapadh in éineacht le dreasachtaí oibre chun éifeachtaí histéiréise sa mhargadh saothair a sheachaint agus chun tacú le leibhéil arda fostaíochta, ard-déine oibre, aistriú inbhuanaithe chuig an margadh saothair agus soghluaisteacht ioncaim aníos.

(18)

Le sochair chomhchineáil, is féidir sochair airgeadaíochta a chomhlánú trí rochtain a éascú ar sheirbhísí sonracha ar nós oideachas agus cúram luath-óige i gcomhréir leMoladh (AE) 2021/1004 ón gComhairle (10) lena mbunaítear Ráthaíocht Eorpach do Leanaí, cúram sláinte agus cúram fadtéarmach, tithíocht shóisialta, fostaíocht agus oiliúint chomh maithe le seirbhísí bunriachtanacha. Is féidir le soláthar sochar comhchineáil den sórt sin cabhrú le measúnú a dhéanamh ar leordhóthanacht na tacaíochta ioncaim. Sochair chomhchineáil áirithe a chuirtear ar fáil trí scéimeanna spriocdhírithe agus lena dtacaítear leis an tomhaltas ginearálta (mar shampla dearbháin bhia nó cúiteamh ar chostais a bhaineann go díreach le tithíocht, lena n-áirítear taraifí fuinnimh laghdaithe), féadfar an sochair sin a sholáthar dóibh siúd nach bhfuil acmhainní leordhóthanacha acu, is féidir na sochair sin a chur san áireamh agus measúnú á dhéanamh ar leordhóthanacht na tacaíochta ioncaim go dtí seo cuireann na sochair sin go díreach le feabhas a chur ar staid ioncaim na dtairbhithe ioncaim íosta.

(19)

Ach níos mó a dhéanamh chun bearta sábháilteachta sóisialta atá comhtháite, stóinsithe a chur chun feidhme, ní hé amháin go bhfuil acmhainneacht ann chun na torthaí sóisialta agus sláinte a fheabhsú dóibh siúd is faide ón margadh saothair, ach tá acmhainneacht ann freisin chun tairbhí sóisialta agus tairbhí eacnamaíocha marthanacha a sholáthar don Aontas, chun borradh a chur faoin gcomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach agus chun sochaithe a bheith níos cothroime, níos comhtháite agus níos athléimní. Tá gá le hiarrachtaí leanúnacha chun feabhas a chur ar an rochtain ar an gcóras cosanta sóisialta árachasbhunaithe do dhaoine ar ioncam íseal chun cabhrú leo cearta cosanta sóisialta a bheith acu, go háirithe trí fhostaíocht ardcháilíochta a éascú, agus chun comhordú a dhéanamh ar sholáthar tacaíochta ioncaim faoi na scéimeanna faoi seach. Ba cheart leis na bearta sábháilteachta sóisialta sin cuidiú freisin chun rochtain ar chúram sláinte agus ar bhia sláintiúil a mhéadú dóibh siúd atá thíos leis an mbochtaineacht. Ba cheart do na Ballstáit féachaint le cur le héifeachtacht agus éifeachtúlacht a gcóras cosanta sóisialta, lena n-áirítear trí thacú leis an rochtain ar an margadh saothair ina iomláine ionas nach mbeidh daoine i ngreim ag an mbochtaineacht ná nach mbeidh orthu a bheith ag brath ar ioncam íosta san fhadtréimhse.

(20)

Cé go bhfuil bearta sábháilteachta sóisialta i bhfeidhm ag na Ballstáit go léir, dul chun cinn míchothrom a rinneadh ó thaobh iad a bheith inrochtana agus leormhaith. Tá éagsúlacht sa leagan amach ar fud na mBallstát, rud a léiríonn traidisiúin náisiúnta éagsúla agus struchtúr foriomlán na gcóras cosanta sóisialta agus idirghníomhú idir sochair airgeadaíochta agus sochair chomhchineáil. D’ainneoin na bpointí thuasluaite, tá dúshláin chomhchosúla le sárú ag na Ballstáit. Cé gur tharla cóineasú éigin, ní raibh na hathchóirithe a glacadh go dtí seo leordhóthanach i gcónaí nó bhíothas mall á gcur chun feidhme, mar a léirítear sna moltaí tírshonracha ábhartha atá ann le fada a eisíodh i bpróiseas an tSeimeastair Eorpaigh. Beartaítear sna pleananna náisiúnta faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta tacaíocht a thabhairt d’athchóirithe agus d’infheistíochtaí sna Ballstáit lena mbaineann chun éifeachtacht, leagan amach agus athléimneacht a gcóras cosanta sóisialta a neartú, lena n-áirítear trí fheabhas a chur ar leagan amach an ioncaim íosta agus trí chóineasú aníos a áirithiú ó thaobh a leordhóthanachta agus an chumhdaigh atá aige. Dírítear le roinnt infheistíochtaí freisin ar an mbochtaineacht fuinnimh a chomhrac agus ar fheabhas a chur ar an rochtain ar sheirbhísí fíor-riachtanacha i gcás na dteaghlach leochaileach.

(21)

Meastar go bhfuil tacaíocht ioncaim leordhóthanach nuair a áirithítear saol faoi dhínit léi ag gach céim den saol. Tá gá le modheolaíocht fhónta thrédhearcach chun tacaíocht ioncaim a shocrú, athbhreithniú a dhéanamh uirthi go tráthrialta agus a choigeartú go bliantúil, nuair is ábhartha, modheolaíocht a bheidh bunaithe ar tháscairí ábhartha agus lena gcuirtear san áireamh riachtanais shonracha teaghlaigh, chun leordhóthanacht na tacaíochta ioncaim foriomláine a áirithiú. Is féidir cuidiú leis an measúnú leordhóthanachta a threorú le luachanna tagartha, an tairseach náisiúnta i dtaobh riosca na bochtaineachta mar shampla, nó modheolaíochtaí atá bunaithe ar chiseán earraí agus seirbhísí arna sainiú go náisiúnta lena léirítear an costas maireachtála agus riachtanais na ndaoine nach bhfuil acmhainní leordhóthanacha acu i mBallstát ar leith nó i réigiún. Is féidir leordhóthanacht a thagarmharcáil freisin i gcoinne ioncaim ón obair, ar nós ioncam duine a thuilleann pá íseal nó pá íosta, agus an tairseach riosca na bochtaineachta á hurramú ag an am céanna nó an costas maireachtála agus riachtanais daoine nach bhfuil acmhainní leordhóthanacha acu a áirithiú. Cé gur léir gur cheart ioncam ón obair (ar leibhéal an phá íosta) a bheith níos airde ná ioncam ó shochair, níl aon fhianaise ann go n-imrítear mórthionchar ar an meán ar an dóchúlacht go n-aimseofar post i gcás daoine a fhaigheann tacaíocht ioncaim íosta. I bhfianaise na n-éagothromaíochtaí ó thaobh na leordhóthanachta de ar fud na dtíortha, ba cheart do na Ballstáit leibhéil leordhóthanacha den tacaíocht fhoriomlán ioncaim a bhaint amach ar bhealach forásach. Agus leibhéal an ioncaim íosta á chinneadh agus á choigeartú, ba cheart do na Ballstáit breithniú a dhéanamh ar leibhéal an bhoilscithe (go háirithe maidir le bia agus fuinneamh), arduithe ar chostais mhaireachtála, agus forbairtí pá.

(22)

D’fhéadfadh na critéir incháilitheachta maidir le hioncam íosta a bheith ina mbacainn ar rochtain do ghrúpaí áirithe. I bprionsabal, cumhdaítear leanaí mar chuid den teaghlach. D’fhéadfadh sé go ndéantar rochtain a theorannú i gcás daoine fásta óga, áfach, de bharr na tairsí aoise a leagtar síos d’éilitheoirí os cionn 18 mbliana. Is féidir le srianta a bhaineann le fad íosta an chónaithe dhlíthiúil teorainn a chur le rochtain i gcás neamhnáisiúnach, agus de cheal seoladh buan bíonn sé deacair ar dhaoine gan dídean nó ar dhaoine atá ina gcónaí i limistéir dhíothacha (e.g. i lonnaíochtaí Romach) leas a bhaint as ioncam íosta. Cé gur eilimint fhíor-riachtanach í an tástáil acmhainne lena áirithiú go ndíreofar ioncam íosta go hiomchuí, d’fhéadfadh cumhdach neamhleor a bheith i gceist freisin nuair is ar leibhéal íseal a shocraítear tairseach le haghaidh luach uasta iomlán an ioncaim agus na sócmhainní le linn tástáil acmhainne, rud a d’fhágfadh roinnt teaghlach as an áireamh fiú más rud é go bhfuil siad bocht. Ní dhéanfaidh tabhairt isteach critéir neamh-idirdhealaitheacha maidir le rochtain ar ioncam íosta difear d’eisceachtaí ón gcóir chomhionann a shonraítear nó a cheadaítear le dlí an Aontais, cosúil le Treoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11).

(23)

Ba cheart aghaidh a thabhairt ar bhearnaí sa chumhdach ioncaim íosta agus ba cheart leanúnachas an chumhdaigh thar chéimeanna éagsúla saoil a áirithiú trí chritéir rochtana atá trédhearcach, neamh-idirdhealaitheach a chur i bhfeidhm. Níor cheart aois, seoladh buan a bheith ann ná an ceanglas maidir le tréimhse chónaí dhlíthiúil a mbaineann fad díréireach léi a bheith ina mbacainn ar an rochtain ar ioncam íosta. Is iondúil go n-áirítear le tástáil acmhainne cineálacha éagsúla ioncaim (mar shampla ioncam ó obair nó ó shochair a deonaíodh cheana féin) agus sócmhainní áirithe (amhail maoin). Ba cheart na tairseacha don tástáil acmhainne agus do na cineálacha ioncaim agus sócmhainní a eisiatar ón tástáil acmhainne a bheith ag luí le saol faoi dhínit i gcás teaghlaigh de chineálacha agus méideanna éagsúla i mBallstát ar leith. Ba cheart caitheamh go comhréireach le tuilleamh íseal ón obair (ar nós ioncam aonuaire nó ioncam neamh-thráthrialta) sa tástáil acmhainne ar bhealach lena gcosnaítear dreasachtaí chun oibre dóibh siúd atá in ann a bheith ag obair agus nach n-eisiann éilitheoirí ó shochair (a d’fhéadfadh a bheith níos ísle) a tharraingt. Is gá rochtain ar ioncam íosta a dheonú go pras gan mhoill neamhriachtanach agus ba cheart an teidlíocht a bheith neamhtheoranta ar choinníoll go leanfaidh na héilitheoirí de na critéir incháilitheachta agus choinníollachta shonracha a chomhlíonadh, faoi réir athbhreithnithe tréimhsiúla. Is féidir an teorainn ama 30 lá atá beartaithe chun an t-iarratas a phróiseáil ónar cuireadh isteach é a bhriseadh i gcás inar gá na fíorais uile a shuí ar choinníoll, i gcás inar féidir, go bhfaigheann daoine nach bhfuil acmhainní leordhóthanacha acu cúnamh sealadach iomchuí.

(24)

Tráth a mbíonn cor chun donais eacnamaíoch agus cineálacha éagsúla géarchéime ann, is féidir ról tábhachtach a bheith ag an tsolúbthacht i leagan amach an ioncaim íosta, lena n-áirítear trí rochtain shimplithe ar bhonn sealadach, na critéir incháilitheachta a mhaolú go sealadach nó trí shíneadh ama a chur le fad na sochar, chun na hiarmhairtí sóisialta díobhálacha a mhaolú agus ról cobhsaíochta a imirt sa gheilleagar. Is mar rogha dheiridh amháin is ceart leas a bhaint as bearta comhdhlúthaithe fhioscaigh a fhágann go laghdaítear leibhéil chosanta seachas feabhas a chur ar éifeachtacht na scéimeanna, agus measúnú tionchair dáileacháin ag gabháil leo chun maolú a dhéanamh ar éifeachtaí díobhálacha ar na daoine is mó atá faoi mhíbhuntáiste; ba cheart leibhéal cosanta leordhóthanach a bheith ann ar aon nós.

(25)

D’fhéadfadh sé tarlú, mar thoradh ar ualach riaracháin díréireach, easpa feasachta agus eagla roimh aithisiú nó idirdhealú, nach n-iarrann daoine atá incháilithe chun ioncam íosta a fháil rochtain ar an ioncam sin. D’fhéadfaí cur le glacadh an ioncaim íosta trí scéimeanna ilroinnte a sheachaint, trí inrochtaineacht fhoriomlán agus simplíocht na nósanna imeachta iarratais a áirithiú agus trí thacaíocht riaracháin a chur ar fáil do na héilitheoirí ionchasacha. Tá gá le bearta breise lena n-éascófar go nglacfaidh teaghlaigh aontuismitheora, ar iondúil mná a bheith i gceannas orthu, an t-ioncam íosta. Ina theannta sin, agus urraim á tabhairt do rialacha maidir le cosaint sonraí, ba cheart iarrachtaí réamhghníomhacha for-rochtana a dhíriú go háirithe ar limistéir atá faoi mhíbhuntáiste sóisialta agus ar na teaghlaigh is imeallaithe, lena n-áirítear na Romaigh. Is féidir le rochtain íseal ar uirlisí digiteacha nó easpa scileanna i dtaobh a n-úsáide a bheith ina mbacainn ar rochtain éifeachtach freisin, lena n-áirítear i gcás daoine faoi mhíchumas. Ach faireachán agus anailís thráthrialta a dhéanamh ar shonraí ábhartha, is féidir cuidiú le teacht ar thuiscint ar na cúiseanna atá leis an neamhghlacadh agus feabhas a chur ar na freagairtaí beartais.

(26)

Cé gur ar leibhéal an teaghlaigh a dhéantar tástáil acmhainne, is minic nach gcuirtear san áireamh léi an staid ina bhfuil daoine aonair laistigh den teaghlach, roinnt neamhchothrom a d’fhéadfadh a bheith á déanamh ar ioncaim theaghlaigh ná an fonn a bheith neamhspleách. Bíonn tionchar ar leith aige sin ar mhná toisc gur dóchúla go mbeidh ioncam níos ísle acu, go mbeidh pá níos ísle acu agus go mbeidh níos mó freagrachtaí orthu ó thaobh cúraim. Ní gá athrú a dhéanamh ar an gcleachtas tástála acmhainne agus méadú a dhéanamh ar leibhéal foriomlán na sochar a fhaigheann an teaghlach, chun go bhféadfaidh réitigh a ghlactar i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus leis an gcleachtas náisiúnta, lena n-éascaítear do bhaill aonair an teaghlaigh a sciar de thacaíocht ioncaim a fháil, rannchuidiú le comhionannas inscne agus le neamhspleáchas eacnamaíoch agus le slándáil ioncaim na mban, na ndaoine óga agus na ndaoine faoi mhíchumas.

(27)

Tá sé tábhachtach margaí saothair ionchuimsitheacha a bhfuil rochtain ag cách orthu a neartú chun spleáchas fadtéarmach ar thacaíocht ioncaim a mhaolú. Le ceanglais ghníomhachtaithe agus beartais ghníomhacha maidir leis an margadh saothair is féidir a spreagadh go ndéanfar níos mó iarrachtaí poist a chuardach agus go nglacfar le níos mó tairiscintí poist, nuair a áirítear seirbhísí tacaíochta cosúil le comhairleoireacht, cóitseáil agus cúnamh maidir le cuardach poist agus bearta chun cothromaíocht oibre is saoil a áirithiú. I gcomhréir leis an Moladh ón gComhairle an 30 Deireadh Fómhair 2020 maidir le Nasc leis an bhFostaíocht – An Ráthaíocht don Aos Óg a Threisiú (12), ba cheart aird ar leith a thabhairt ar dhaoine óga nach bhfuil fostaithe, i mbun oideachais ná faoi oiliúint (NEET) atá i mbaol na bochtaineachta nó an eisiaimh shóisialta trína dtabhairt ar ais chuig an oideachas, an oiliúint nó sa mhargadh saothair laistigh den tréimhse ama is giorra is féidir, agus ba cheart tacaíocht ioncaim a nascadh le bearta gníomhachtúcháin atá an-láidir. I gcomhréir leis an Straitéis an Choimisiúin maidir le Cearta do Dhaoine faoi Mhíchumas 2021-2030 (13), ba cheart aird ar leith a thabhairt freisin ar riachtanais na ndaoine atá faoi mhíchumas. Is féidir tacú leis an aistriú chuig an bhfostaíocht trí dheiseanna uas-scilithe agus athscilithe, trí thacaíocht agus treoir phearsantaithe lena bhfreastalaítear ar riachtanais shonracha, trí phoist ardcháilíochta a áirithiú, trí choinneáil post a chur chun cinn agus tríd an dul chun cinn a chumasú i ngach aoisghrúpa. Le hathbhreithnithe tráthrialta ar dhreasachtaí agus ar dhídhreasachtaí a eascraíonn as córais chánach agus sochar, is féidir deireadh a chur de réir a chéile leis an tacaíocht ioncaim nuair a théitear i mbun fostaíochta nó is féidir leis an bhféidearthacht í a chomhcheangal le tuilleamh cur le hioncam indiúscartha an teaghlaigh, agus ar an gcaoi sin rannchuidítear le tairbhe airgid a bhaint as an obair, le bochtaineacht lucht oibre a laghdú agus le fostaíocht fhoirmiúil a dhreasú. An tráth céanna, ní mór sochair laistigh den fhostaíocht a cheapadh go cúramach chun gaistí pá íseal a sheachaint.

(28)

D’fhéadfadh fostaíocht sa gheilleagar sóisialta a bheith ina céim chun tosaigh i dtreo earnálacha eile den mhargadh saothair. Ba cheart tacú le héascú an aistrithe chuig an bhfostaíocht trí bhearta tiomnaithe a chur ar fáil d’fhostóirí, mar aon le dreasachtaí airgeadais spriocdhírithe i gcás inar gá sin.

(29)

Tá gá freisin le seirbhísí cuimsithe sóisialta, mar shampla obair shóisialta, comhairleoireacht, cóitseáil, meantóireacht, tacaíocht shíceolaíoch agus scéimeanna athshlánaithe éagsúla, agus bearta lena n-éascaítear rochtain ar sheirbhísí cumasúcháin nó ar sheirbhísí fíor-riachtanacha eile chun bearta stuama sábháilteachta sóisialta a bhunú. Ba cheart leanúint freisin le hiarrachtaí chun feabhas a chur ar cháilíocht na seirbhísí, i gcomhréir leis an gCreat Deonach Eorpach um Cháilíocht na Seirbhísí Sóisialta, arna fhorbairt ag an gCoiste um Chosaint Shóisialta (14), agus chun leanúnachas na rochtana ar sheirbhísí fíor-riachtanacha a áirithiú. Ba cheart neartú a dhéanamh freisin ar bhearta chun aghaidh a thabhairt ar bhacainní airgeadais agus neamhairgeadais a chuireann isteach ar rochtain chomhionann, uilíoch ar sheirbhísí.

(30)

Le tacaíocht níos pearsantaithe lena ndírítear ar shainaithint a dhéanamh ar riachtanais chasta a bhíonn ag daoine nach bhfuil acmhainní leordhóthanacha acu agus ag a dteaghlaigh, agus ar aghaidh a thabhairt ar na riachtanais sin, is féidir rannchuidiú go mór lena lánpháirtíocht rathúil shóisialta agus eacnamaíoch. Is réamhchoinníoll é measúnú ar riachtanais chun plean saincheaptha maidir le cuimsiú, lena gcumhdaítear daoine nach bhfuil acmhainní leordhóthanacha acu as teaghlach ar leith (ar bhonn aonair nó ar bhonn comhpháirteach) a thabhairt i gcrích, lena gcinnfear an cineál tacaíochta is gá agus na cuspóirí comhaontaithe. Ba cheart a áireamh leis an tacaíocht bearta cuimsithe sóisialta in ord iomchuí nó bearta beartais gníomhacha maidir leis an margadh saothair, ag brath ar an staid aonair agus ar an infhaighteacht chun oibre, agus cothromaíocht idir dreasachtaí dearfacha agus ceanglais ghníomhachtúcháin á háirithiú an tráth céanna. Na comhaontuithe maidir le lánpháirtiú post arna dtabhairt i gcrích i gcomhréir leis an Moladh ón gComhairle an 15 Feabhra 2016 maidir le daoine atá dífhostaithe go fadtéarmach a lánpháirtiú i margadh an tsaothair (15), is féidir leo freastal ar an gcuspóir sin freisin agus, más gá, is féidir iad a oiriúnú dá réir.

(31)

Tá sásraí rialachais éifeachtacha ríthábhachtach chun bearta stóinsithe sábháilteachta sóisialta a chur i bhfeidhm. Ba cheart do riar na sochar agus an soláthar seirbhísí leas a bhaint as na huirlisí a chuirtear ar fáil leis an aistriú digiteach, agus eisiamh de bharr na bearna digití á sheachaint an tráth céanna. Ba cheart iarrachtaí a dhéanamh chun dlúthchomhordú agus ailíniú na scéimeanna agus na sochar atá ann cheana a áirithiú, chomh maith lena gcomhordú le beartais eile. Ní mór aird ar leith a thabhairt ar neartú a dhéanamh ar chumas oibríochtúil na n-institiúidí uile lena mbaineann. Le malartú sonraí agus comhar níos dlúithe ar fud leibhéil éagsúla rialachais agus seirbhísí, lena n-áirítear trí chomhaontuithe foirmiúla nó ionaid ilfhreastail, déantar tacaíocht níos comhtháite a éascú. Le faireachán iontaofa agus meastóireacht thráthrialta ar thionchar beartas, le rannpháirtíocht na ngeallsealbhóirí uile, is féidir rannchuidiú le héifeachtúlacht mhéadaithe, le ceapadh beartas eolasach agus le trédhearcacht na gcóras náisiúnta a fheabhsú.

(32)

Is minic a bhíonn ról comhlántach tábhachtach ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta sa chomhrac i gcoinne na bochtaineachta agus an eisiaimh shóisialta. Is féidir lena ngníomhaíochtaí tiomnaithe tacú le húdaráis phoiblí agus beartais maidir le cuimsiú agus gníomhachtú á gceapadh agus á gcur chun feidhme acu. Trí thacaíocht ábhartha agus shíceasóisialta a chur ar fáil do na daoine is leochailí, rannchuidíonn eagraíochtaí na sochaí sibhialta le dínit an duine a athbhunú agus le tacú leis an gcuimsiú sóisialta, agus treoir á tabhairt ag an am céanna dóibh siúd atá in ann a bheith ag obair ar a mbealach chun na fostaíochta.

(33)

Le foghlaim fhrithpháirteach agus malartú dea-chleachtas ar leibhéal an Aontais mar aon le hobair anailíseach chun a thuilleadh mionsaothraithe a dhéanamh ar chreat tagarmharcála an Aontais atá ann cheana maidir le hioncam íosta, lena n-áirítear trí chur leis an bhfáil atá ar tháscairí ábhartha agus lena inchomparáide atá siad agus le rialtacht sonraí, ba cheart tacú leis na Ballstáit athchóirithe náisiúnta a cheapadh agus a chur chun feidhme.

(34)

Tá cistí de chuid an Aontais ar fáil chun tacú le cur chun feidhme an Mholta seo. Laistigh de Chiste Sóisialta na hEorpa Plus, arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/1057 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16), ba cheart do gach Ballstát 25 % ar a laghad de Chiste Sóisialta na hEorpa Plus a leithdháileadh chun an t-eisiamh sóisialta a chomhrac. Is féidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus InvestEU tacú freisin le hinfheistíochtaí i mbonneagar sóisialta a chumasú, ar nós tithíocht shóisialta agus oideachas agus cúram luath-óige, chomh maith le trealamh agus rochtain ar sheirbhísí ardcháilíochta. Faoin Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil agus faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta tacaítear cheana leis na Ballstáit athchóirithe struchtúracha a cheapadh agus a chur chun feidhme i réimse an ioncaim íosta.

(35)

Tá inbhuanaitheacht fhoriomlán an airgeadais phoiblí agus cistiú leordhóthanach an ioncaim íosta fíor-riachtanach dá n-athléimneacht, dá n-éifeachtúlacht agus dá n-éifeachtacht. Níor cheart do chur chun feidhme an Mholta seo difear mór a dhéanamh do chothromaíocht airgeadais chórais cosanta sóisialta na mBallstát.

(36)

Is uirlis úsáideach é an measúnú ar thionchar dáileach chun tionchar beart buiséadach agus athchóirithe agus n-infheistíochtaí eile ar ghrúpaí ioncaim éagsúla a ghabháil, lena n-áirítear an tionchar ar na grúpaí is mó atá faoi mhíbhuntáiste. Ar an gcaoi sin, is féidir leis an measúnú ar thionchar dáileach rannchuidiú le ceapadh níos éifeachtúla agus níos éifeachtaí athchóirithe cánach agus sochar, rud a fhágfaidh go n-áiritheofar nach bhfágfar aon duine ar lár. I dTeachtaireacht ón gCoimisiún an 28 Meán Fómhair 2022 dar teideal “Better assessing the distributional impact of Member Statespolicies’ [Measúnú níos fearr a dhéanamh ar an thionchar dáileach i leith bheartais na mBallstát] (17) tugtar treoir do na Ballstáit maidir leis an gcaoi is fearr leis an measúnú ar thionchar dáileach a leabú ina bpróisis ceaptha beartas.

(37)

Ní féidir cur chun feidhme an Mholta seo a úsáid chun an leibhéal cosanta dá bhforáiltear sa reachtaíocht náisiúnta atá ann cheana a ísliú ná mar a leagtar amach i Moladh 92/441/CEE. Iarrtar ar na Ballstáit forálacha níos fabhraí ná na forálacha a mholtar anseo a thabhairt isteach nó a choinneáil ar bun.

(38)

Ní dochar an Moladh seo d’inniúlachtaí na mBallstát a gcóras cosanta sóisialta a shainiú agus a eagrú,

TAR ÉIS AN MOLADH SEO A GHLACADH

CUSPÓIR

(1)

D’fhonn saol faoi dhínit a áirithiú ag gach céim den saol, is é is aidhm don Mholadh seo an bhochtaineacht agus an t-eisiamh sóisialta a chomhrac trí thacaíocht leordhóthanach ioncaim a chur chun cinn, go háirithe trí ioncam íosta, mar aon le rochtain éifeachtach ar sheirbhísí cumasúcháin agus seirbhísí fíor-riachtanacha i gcás daoine nach bhfuil acmhainní leordhóthanacha acu agus trí lánpháirtiú na ndaoine atá in ann a bheith ag obair sa mhargadh saothair a chothú, i gcomhréir leis an gcur chuige um ionchuimsiú gníomhach.

SAINMHÍNITHE

(2)

Chun críche an Mholta seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

ciallaíonn “daoine nach bhfuil acmhainní leordhóthanacha acu” daoine a bhfuil cónaí orthu i dteaghlaigh a bhfuil acmhainní airgeadaíochta agus ábhartha neamhleora, neamh-thráthrialta nó neamhchinnte acu, ar acmhainní iad atá fíor-riachtanach dá sláinte agus dá bhfolláine agus chun páirt a ghlacadh sa saol eacnamaíoch agus sóisialta;

(b)

ciallaíonn “tacaíocht ioncaim” iomlán gach cineáil sochar airgeadaíochta a sholáthraítear don teaghlach agus do bhaill an teaghlaigh, lena n-áirítear sochair ioncaim íosta;

(c)

ciallaíonn “ioncam íosta” bearta sábháilteachta neamhranníocacha, atá faoi réir tástáil acmhainne, agus ar rogha dheiridh iad, do dhaoine nach bhfuil acmhainní leordhóthanacha acu, a fheidhmítear faoi chórais cosanta sóisialta;

(d)

ciallaíonn “cumhdach” an teidlíocht chun páirt a ghlacadh in ioncam íosta mar a shainmhínítear é sa reachtaíocht náisiúnta;

(e)

ciallaíonn “glacadh” cion na ndaoine nach bhfuil acmhainní leordhóthanacha acu atá i dteideal a bheith rannpháirteach in ioncam íosta agus a ghlacann páirt ann iarbhír;

(f)

ciallaíonn “seirbhísí cumasúcháin” seirbhísí lena ndírítear ar riachtanais shonracha atá ag daoine nach bhfuil acmhainní leordhóthanacha acu lena áirithiú go mbeidh siad in ann lánpháirtiú sa tsochaí agus, i gcás inarb ábhartha, sa mhargadh saothair, lena n-áirítear seirbhísí cuimsithe sóisialta, mar shampla obair shóisialta, comhairleoireacht, cóitseáil, meantóireacht, tacaíocht shíceolaíoch, seirbhísí athshlánaithe agus seirbhísí ginearálta cumasúcháin eile, lena n-áirítear oideachas agus cúram luath-óige, cúram sláinte, cúram fadtéarmach, oideachas agus oiliúint, agus tithíocht;

(g)

ciallaíonn “seirbhísí fíor-riachtanacha” seirbhísí lena n-áirítear uisce, sláintíocht, fuinneamh, iompar, seirbhísí airgeadais agus cumarsáid dhigiteach;

(h)

ciallaíonn “rochtain éifeachtach ar sheirbhísí” staid ina bhfuil seirbhísí ábhartha ar fáil go héasca, ina bhfuil siad inacmhainne, inrochtana, ar ardchaighdeán, á soláthar go tráthúil agus ina bhfuil rochtain chomhionann ag na húsáideoirí ionchasacha orthu, agus ina bhfuil siad ar an eolas gur ann dóibh agus faoi theidlíochtaí chun iad a úsáid;

(i)

ciallaíonn “plean cuimsithe” comhaontú nó sraith comhaontuithe arna dtabhairt i gcrích le daoine nach bhfuil acmhainní leordhóthanacha acu, arb é is aidhm leo a gcuimsiú sóisialta a chothú agus, ina gcás siúd atá in ann a bheith ag obair, a lánpháirtiú sa mhargadh saothair a chothú.

LEORDHÓTHANACHT NA TACAÍOCHTA IONCAIM

(3)

Moltar do na Ballstáit bearta stóinsithe sábháilteachta sóisialta a sholáthar agus, nuair is gá, a neartú, lena ráthófar saol faoi dhínit ag gach céim den saol, lena gcomhcheanglófar tacaíocht leordhóthanach ioncaim – trí shochair ioncaim íosta agus sochair airgeadaíochta eile ag gabháil leo – agus sochair chomhchineáil, agus rochtain éifeachtach ar sheirbhísí cumasúcháin agus seirbhísí fíor-riachtanacha. Is féidir le soláthar sochar comhchineáil tacú le tacaíocht láidir ioncaim.

(4)

Chun tacaíocht leordhóthanach ioncaim a áirithiú, moltar do na Ballstáit leibhéal ioncaim íosta a shocrú trí mhodheolaíocht thrédhearcach, stóinsithe a shaineofar i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus a mbeidh geallsealbhóirí ábhartha rannpháirteach inti. Moltar go gcuirfí san áireamh i modheolaíocht den chineál sin foinsí ioncaim foriomlána, riachtanais shonracha agus staideanna faoi mhíbhuntáiste na dteaghlach, ioncam duine a thuilleann pá íseal nó pá íosta, caighdeáin mhaireachtála agus cumhacht ceannaigh, leibhéil praghsanna agus a gcuid forbairtí gaolmhara agus eilimintí ábhartha eile.

(5)

Agus cosaint á tabhairt do dhreasachtaí chun daoine atá in ann a bheith ag obair a (ath)lánpháirtiú agus a choinneáil sa mhargadh saothair, moltar go sroichfeadh tacaíocht ioncaim na ndaoine nach bhfuil acmhainní leordhóthanacha acu leibhéal atá comhionann ar a laghad le ceann amháin acu seo a leanas:

(a)

an tairseach náisiúnta i dtaobh riosca na bochtaineachta; nó

(b)

an luach airgeadúil atá ag earraí agus seirbhísí fíor-riachtanacha, lena n-áirítear cothú leormhaith, tithíocht, cúram sláinte agus seirbhísí fíor-riachtanacha, de réir na sainmhínithe náisiúnta; nó

(c)

leibhéil eile atá inchomparáide leis na leibhéil dá dtagraítear i bpointí (a) nó (b), arna mbunú leis an dlí náisiúnta nó leis an gcleachtas náisiúnta.

(6)

Moltar do na Ballstáit an leibhéal leordhóthanach tacaíochta ioncaim dá bhforáiltear i mír (5) a bhaint amach de réir a chéile faoi 2030 ar a dhéanaí, agus inbhuanaitheacht an airgeadais phoiblí á cosaint acu an tráth céanna.

(7)

Moltar do na Ballstáit athbhreithniú rialta a dhéanamh ar leibhéal an ioncaim íosta agus, nuair is ábhartha, é a choigeartú chun leordhóthanacht na tacaíochta ioncaim a choinneáil, agus sochair chomhchineáil á gcur san áireamh ag an am céanna.

(8)

D’fhonn comhionannas inscne, slándáil ioncaim agus neamhspleáchas eacnamaíoch ban, daoine fásta óga agus daoine faoi mhíchumas a chur chun cinn, moltar do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh an fhéidearthacht ann a iarraidh go gcuirfear an t-ioncam íosta ar fáil do bhaill aonair an teaghlaigh.

CUMHDACH AN IONCAIM ÍOSTA

(9)

Moltar do na Ballstáit a áirithiú go gcumhdófar na daoine uile nach bhfuil acmhainní leordhóthanacha acu, lena n-áirítear daoine fásta óga, leis an ioncam íosta a leagtar síos sa dlí, lena sainítear an méid seo a leanas:

(a)

critéir incháilitheachta thrédhearcacha, neamh-idirdhealaitheacha, lena gcosnaítear rochtain éifeachtach ar ioncam íosta, gan beann ar sheoladh buan a bheith ag daoine, agus é á áirithiú an tráth céanna go bhfuil fad an chónaithe dhlíthiúil comhréireach;

(b)

tairseacha tástála acmhainne lena léirítear an caighdeán maireachtála i mBallstát i gcás cineálacha agus méideanna éagsúla teaghlach agus lena gcuirtear san áireamh ar bhealach comhréireach na cineálacha eile ioncaim (agus sócmhainní) atá ag an teaghlach;

(c)

an t-am is gá chun an t-iarratas a phróiseáil, agus é á áirithiú an tráth céanna go n-eiseofar an cinneadh gan moill neamhriachtanach agus, i gcleachtas, tráth nach déanaí ná 30 lá óna chur isteach;

(d)

leanúnachas na rochtana ar ioncam íosta fad a chomhlíonann daoine nach bhfuil acmhainní leordhóthanacha acu na critéir incháilitheachta agus na coinníollacha a leagtar síos sa dlí, le minicíocht rialta athbhreithnithe incháilitheachta, agus rochtain á tabhairt ag an am céanna ar bhearta sonracha comhréireacha maidir le cuimsiú gníomhach do dhaoine atá in ann a bheith ag obair;

(e)

nósanna imeachta gearáin agus achomhairc atá simplí, tapa, neamhchlaonta agus saor in aisce, agus é á áirithiú an tráth céanna go gcuirfear daoine nach bhfuil acmhainní leordhóthanacha acu ar an eolas faoi na nósanna imeachta sin agus go mbeidh rochtain éifeachtach acu orthu;

(f)

bearta lena n-áirithítear sábháilteacht shóisialta atá freagrúil do chineálacha éagsúla géarchéimeanna agus lenar féidir iarmhairtí diúltacha socheacnamaíocha na ngéarchéimeanna sin a mhaolú go héifeachtach.

GLACADH AN IONCAIM ÍOSTA

(10)

Moltar do na Ballstáit glacadh iomlán ioncaim íosta a spreagadh nó a éascú tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

an t-ualach riaracháin a laghdú, lena n-áirítear trí na nósanna imeachta iarratais a shimpliú agus treoir céim ar chéim a áirithiú dóibh siúd a bhfuil sé de dhíth orthu, agus aird á tabhairt an tráth céanna ar an bhfáil atá ar uirlisí digiteacha agus neamhdhigiteacha;

(b)

rochtain a áirithiú ar fhaisnéis atá áisiúil don úsáideoir, saor in aisce, agus cothrom le dáta maidir leis na cearta agus na hoibleagáidí a bhaineann le hioncam íosta;

(c)

teagmháil a dhéanamh le daoine nach bhfuil acmhainní leordhóthanacha acu chun a bhfeasacht a mhúscailt agus chun glacadh a éascú, go háirithe i gcás teaghlaigh aontuismitheora, lena n-áirítear trí pháirt a thabhairt do gheallsealbhóirí ábhartha ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil;

(d)

bearta a dhéanamh chun stiogmatú agus claontacht neamh-chomhfhiosach a bhaineann leis an mbochtaineacht agus leis an eisiamh sóisialta a chomhrac;

(e)

céimeanna a ghlacadh chun modheolaíochtaí meastóireachta a fheabhsú nó a fhorbairt agus measúnú tráthrialta a dhéanamh ar neamhghlacadh an ioncaim íosta de réir na modheolaíochtaí sin agus, i gcás inarb infheidhme, ar bhearta gaolmhara gníomhachtúcháin sa mhargadh saothair, na bacainní a shainaithint agus gníomhaíochtaí ceartaitheacha a chur i bhfeidhm.

ROCHTAIN AR MHARGAÍ SAOTHAIR IONCHUIMSITHEACHA

(11)

D’fhonn rátaí arda fostaíochta agus margaí saothair ionchuimsitheacha a chur chun cinn, moltar do na Ballstáit a áirithiú, i gcomhar leis na comhpháirtithe sóisialta nuair is ábhartha, go ndéanfar gníomhachtú sa mhargadh saothair, deireadh a chur le bacainní ar dhul i mbun fostaíochta nó fanacht san fhostaíocht, tacú le daoine atá in ann a bheith ag obair ina gconairí i dtreo fostaíocht ardcháilíochta, dreasachtaí chun oibre a áirithiú, dul i ngleic le bochtaineacht lucht oibre agus le deighilt an mhargaidh saothair, fostaíocht fhoirmiúil a dhreasú, obair neamhdhearbhaithe a chomhrac agus deiseanna oibre a éascú, tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

a áirithiú go soláthraítear leis na ceanglais ghníomhachtúcháin dreasachtaí leordhóthanacha chun dul isteach sa mhargadh saothair nó dul ar ais ann, agus go mbeidh siad forchéimnitheach agus comhréireach; ba cheart aird ar leith a thabhairt ar dhaoine fásta óga chun iad a dhíriú ar ais chuig an oideachas, an oiliúint nó chuig an margadh saothair laistigh den tréimhse ama is giorra is féidir;

(b)

infheistíocht i gcaipiteal daonna a fheabhsú trí bheartais chuimsitheacha oideachais agus oiliúna, lena dtacaítear leis an uas-sciliú agus an athsciliú, go háirithe ina dtaobh iad siúd a bhfuil scileanna ísle nó scileanna atá as dáta acu, lena n-áirítear trí chomhar leis na comhpháirtithe sóisialta;

(c)

foráil a dhéanamh maidir leis an bhféidearthacht tacaíocht ioncaim a chur le chéile le tuilleamh ón obair, deireadh a chur de réir a chéile le tacaíocht ioncaim nó an ceart chun tacaíochta ioncaim a choinneáil le linn tréimhsí gearra nó treallacha oibre, le linn tréimhsí promhaidh nó tréimhsí oiliúna;

(d)

athbhreithniú tráthrialta a dhéanamh ar na dreasachtaí agus na dídhreasachtaí a eascraíonn as córais chánach agus sochar;

(e)

tacú le deiseanna oibre in earnáil an gheilleagair shóisialta, lena n-áirítear trí thaithí oibre phraiticiúil a sholáthar;

(f)

an t-aistriú chuig an bhfostaíocht a éascú trí bhearta a chur ar fáil d’fhostóirí agus d’fhostaithe, ar nós dreasachtaí earcaíochta, tacaíocht socrúcháin nó iarshocrúcháin, meantóireachta, comhairleoireachta, coinneáil post agus dul chun cinn a chur chun cinn.

ROCHTAIN AR SHEIRBHÍSÍ CUMASÚCHÁIN AGUS SEIRBHÍSÍ FÍOR-RIACHTANACHA

(12)

Moltar do na Ballstáit an méid seo a leanas a áirithiú:

(a)

rochtain éifeachtach chothrom ar sheirbhísí cumasúcháin, lena n-áirítear i gcomhréir le prionsabail cháilíochta a shainítear sa Chreat Deonach Eorpach um Cháilíocht na Seirbhísí Sóisialta;

(b)

leanúnachas na rochtana éifeachtaí ar sheirbhísí fíor-riachtanacha, lena n-áirítear fuinneamh, a chosaint;

(c)

aghaidh a thabhairt ar bhacainní airgeadais agus neamhairgeadais ar rochtain éifeachtach ar sheirbhísí cumasúcháin agus seirbhísí fíor-riachtanacha.

TACAÍOCHT PHEARSANTAITHE

(13)

D’fhonn aghaidh a thabhairt ar bhacainní éagsúla ar chuimsiú sóisialta a bhíonn le sárú ag daoine nach bhfuil acmhainní leordhóthanacha acu, agus, ina gcás siúd atá in ann a bheith ag obair, moltar do na Ballstáit cur chuige pearsantaithe a fhorbairt agus soláthar seirbhíse a chomhordú, tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

measúnú iltoiseach ar riachtanais a dhéanamh lena scrúdaítear bacainní ar chuimsiú sóisialta agus ar fhostaíocht, sainaithint a dhéanamh ar na seirbhísí cumasúcháin agus na seirbhísí fíor-riachtanacha is gá chun aghaidh a thabhairt ar na bacainní sin agus an tacaíocht is gá a chinneadh; agus

(b)

ar an mbonn sin, tráth nach déanaí ná 3 mhí tar éis rochtain a fháil ar ioncam íosta, plean cuimsithe a chur le chéile inar cheart:

(i)

cuspóirí comhpháirteacha agus amlínte a shainiú;

(ii)

pacáiste tacaíochta arna chur in oiriúint do riachtanais aonair a leagan amach, ina mbeidh bearta gníomhacha maidir leis an margadh saothair agus/nó bearta lena gcothaítear cuimsiú sóisialta;

(iii)

bainisteoir cáis nó pointe teagmhála agus seirbhíse aonair a shannadh a áiritheoidh tacaíocht leanúnach, a eagróidh tarchuir thráthúla chuig seirbhísí ábhartha agus a dhéanfaidh maoirseacht thráthrialta ar an dul chun cinn maidir leis an bplean cuimsithe a chur chun feidhme;

(c)

i gcás daoine nach bhfuil acmhainní leordhóthanacha acu agus atá dífhostaithe go fadtéarmach, an comhaontú maidir le lánpháirtiú post atá ann cheana a athbhreithniú agus, i gcás inar gá, é a oiriúnú i gcomhréir leis an Moladh ón gComhairle maidir le daoine atá dífhostaithe go fadtéarmach a chomhtháthú i margadh an tsaothair chun é a chomhlánú le heilimintí den phlean cuimsithe dá dtagraítear i bpointe (b).

RIALACHAS, FAIREACHÁN AGUS TUAIRISCIÚ

(14)

D’fhonn bearta stóinsithe sábháilteachta sóisialta a cheapadh agus a chur chun feidhme go héifeachtach ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil, moltar do na Ballstáit an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

bearnaí agus forluí idir sochair agus scéimeanna éagsúla agus a n-ilroinnt a sheachaint chun foráil a dhéanamh maidir le pacáiste comhleanúnach tacaíochta ioncaim, beart gníomhachtúcháin agus seirbhísí cumasúcháin;

(b)

neartú a dhéanamh ar chumas oibríochtúil na n-údarás atá i gceannas ar thacaíocht ioncaim, seirbhísí fostaíochta agus soláthraithe seirbhísí cumasúcháin agus an comhar eatarthu a fheabhsú, lena n-áirítear trí chomhroinnt sonraí agus trí shamhlacha seirbhíse comhtháite breise a chur chun cinn;

(c)

geallsealbhóirí ábhartha a chumhachtú, údaráis réigiúnacha agus áitiúla, comhpháirtithe sóisialta, eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus gníomhaithe an gheilleagair shóisialta mar shamplad’fhonn rannpháirtíocht éifeachtach a bheith acu i leagan amach agus i gcur chun feidhme scéimeanna ioncaim íosta agus san fhaireachán agus meastóireacht ar na scéimeanna sin;

(d)

maoiniú leordhóthanach beart sábháilteachta sóisialta a áirithiú ar bhealach atá comhleanúnach le hinbhuanaitheacht fhoriomlán an airgeadais phoiblí.

(15)

Chun bonn eolais níos fearr a chur faoi cheapadh beartas, moltar do na Ballstáit an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

faireachán leanúnach a dhéanamh ar an gcur chun feidhme a dhéantar ar bheartais tacaíochta ioncaim, go háirithe ioncam íosta, agus ar bhearta gníomhachtúcháin gaolmhara sa mhargadh saothair, ar an rochtain ar sheirbhísí, lena n-áirítear trí chur leis an bhfáil atá ar shonraí ábhartha, atá imdhealaithe de réir gnéis, aoise agus, i gcás ina bhfuil fáil ar an eolas de réir míchumais, ar gach leibhéal rialachais agus lena gcáilíocht agus trí mheastóireachtaí tráthrialta a dhéanamh, agus coigeartuithe a dhéanamh chun cuspóirí an Mholta seo a bhaint amach ar an mbealach is éifeachtúla is féidir;

(b)

sásraí a fhorbairt nó a fheabhsú, agus rialacha cosanta sonraí á n-urramú, lena bhféadfar obair leantach a dhéanamh i leith daoine nach bhfuil acmhainní leordhóthanacha acu maidir lena gcuimsiú sóisialta nó maidir lena n-aistriú chuig fostaíocht;

(c)

an Coimisiún a chur ar an eolas go tráthrialta maidir leis an tacar beart a rinneadh nó atá beartaithe chun an Moladh seo a chur chun feidhme, ag tógáil, i gcás inarb ábhartha, ar na straitéisí, pleananna nó tuarascálacha náisiúnta atá ann cheana, lena n-áirítear iad siúd a tíolacadh faoi shásraí tuairiscithe atá ann cheana, mar shampla an Modh Oscailte Comhordúcháin, an Seimeastar Eorpach agus sásraí clársceidealaithe agus tuairiscithe ábhartha eile an Aontais; ba cheart torthaí agus moltaí na meastóireachtaí dá dtagraítear i bpointe (a) a áireamh sa chéad tuarascáil.

(16)

Is díol sásaimh don Chomhairle é go bhfuil sé beartaithe ag an gCoimisiún na nithe seo a leanas a dhéanamh:

(a)

leanúint de bheith ag obair i gcomhpháirt leis na Ballstáit ar an gCoiste um Chosaint Shóisialta ar an gcreat tagarmharcála maidir le hioncam íosta agus chun cur leis an bhfáil atá ar tháscairí agus sonraí ábhartha agus lena inchomparáide atá siad;

(b)

foghlaim fhrithpháirteach agus scaipeadh torthaí agus dea-chleachtas i measc na mBallstát a atreisiú;

(c)

ar bhonn na ndoiciméad dá dtagraítear i mír 15, pointe (c) agus laistigh den Choiste um Chosaint Shóisialta, i ndlúthchomhar leis an gCoiste Fostaíochta agus le líonra na Seirbhísí Poiblí Fostaíochta, athbhreithniú tráthrialta a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta maidir leis an Moladh seo a chur chun feidhme i leith an rochtain ar mhargaí saothair ionchuimsitheacha, agus tuarascáil chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ón gCoiste um Chosaint Shóisialta a ullmhú ar bhonn tríbhliantúil maidir leis an dul chun cinn a rinneadh i gcur chun feidhme an Mholta seo;

(d)

faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn i gcur chun feidhme an Mholta seo i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh, lena n-áirítear i gcomhar leis an gCoiste um Chosaint Shóisialta.

(e)

machnamh a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí a rinneadh mar fhreagairt ar an Moladh seo, go háirithe maidir lena thionchar ar laghdú na bochtaineachta agus an eisiaimh shóisialta, ar leibhéil fostaíochta a mhéadú agus ar rannpháirtíocht san oiliúint a fheabhsú, agus tuairisciú don Chomhairle faoi 2030.

(17)

Cuirtear an Moladh seo in ionad Mholadh 92/441/CEE.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 30 Eanáir 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

P. KULLGREN


(1)  IO C 326, 26.10.2012, lch. 391.

(2)  Moladh 92/441/CEE ón gComhairle an 24 Meitheamh 1992 maidir le critéir chomhchoiteanna a bhaineann le hacmhainní leordhóthanacha agus cúnamh sóisialta i gcórais cosanta sóisialta (IO L 245, 26.8.1992, lch. 46).

(3)  Moladh 2008/867/CE ón gCoimisiún an 3 Deireadh Fómhair 2008 maidir le cuimsiú gníomhach daoine atá eisiata ó mhargadh an tsaothair (IO L 307, 18.11.2008, lch. 11).

(4)  An Forógra Idirinstitiúideach maidir le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta (IO C 428, 13.12.2017, lch. 10).

(5)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal The European Pillar of Social Rights Action Plan [Plean Gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta], (COM(2021)102 final).

(6)  Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Deireadh Fómhair 2017 maidir le bearta ioncaim íosta mar uirlis chun an bhochtaineacht a chomhrac (2016/2270(INI)(IO C 346, 27 Meán Fómhair 2018, lch. 156).

(7)  Conclúidí ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2020“Cosaint Ioncaim Íosta a Neartú chun an Bhochtaineacht agus an tEisiamh Sóisialta a Chomhrac le linn Phaindéim COVID-19 agus ina Diaidh”.

(8)  An Coimisiún Eorpach, An Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú, Tuarascáil Chomhpháirteach ar Fhostaíocht 2022, Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, 2022.

(9)  Moladh ón gComhairle an 8 Samhain 2019 maidir le rochtain ar chosaint shóisialta d’oibrithe agus do dhaoine féinfhostaithe (IO C 387, 15.11.2019, lch. 1).

(10)  Moladh (AE) 2021/1004 ón gComhairle an 14 Meitheamh 2021 lena mbunaítear Ráthaíocht Eorpach do Leanaí (IO L 223, 22.6.2021, lch 14).

(11)  Treoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir leis an gceart atá ag saoránaigh an Aontais agus ag daoine dá dteaghlaigh chun gluaiseacht agus cónaí a dhéanamh faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát lena leasítear Rialachán (CEE) Uimh 1612/68 agus lena n-aisghairtear Treoracha 64/221/CEE, 68/360/CEE, 72/194/CEE, 73/148/CEE, 75/34/CEE, 75/35/CEE, 90/364/CEE, 90/365/CEE and 93/96/CEE (IO L 158, 30.4.2004, lch. 77).

(12)  Moladh ón gComhairle an 30 Deireadh Fómhair 2020 maidir le Nasc leis an bhFostaíocht – An Ráthaíocht don Aos Óg a Threisiú agus a chuirtear in ionad an Mholta ón gComhairle an 22 Aibreán 2013 maidir le Ráthaíocht don Aos Óg a bhunú (IO C 372, 4.11.2020, lch. 1).

(13)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún an 3.3.2021 maidir le “hAontas an Chomhionannais: Straitéis maidir le Cearta Daoine faoi Mhíchumas 2021-2030” COM/2021/101(final).

(14)  A voluntary European Quality Framework for Social Services [Creat Deonach Eorpach um Cháilíocht na Seirbhísí Sóisialta], SPC/2010/10 final.

(15)  Moladh ón gComhairle an 15 Feabhra 2016 maidir le daoine atá dífhostaithe go fadtéarmach a chomhtháthú i margadh an tsaothair (IO C 67, 20.2.2016, lch. 1).

(16)  Rialachán (AE) 2021/1057 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena mbunaítear Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013, (IO L 231, 30.6.2021, lch. 21).

(17)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal “Better assessing the distributional impact of Member Statespolicies’ [Measúnú níos fearr a dhéanamh ar an thionchar dáileach i leith bheartais na mBallstát], (COM(2022) 494 final).