29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 241/144


CINNEADH (AE) 2023/2099 ÓN gCOIMISIÚN

an 28 Meán Fómhair 2023

lena ndeimhnítear rannpháirtíocht na hÉireann i Rialachán (AE) 2022/850 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le córas ríomhairithe le haghaidh malartú trasteorann leictreonach sonraí i réimse an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair sibhialta agus coiriúla (an córas e-CODEX)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint do Phrótacal (Uimh. 21) maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 4 de,

Ag féachaint don fhógra a thug Éire gur mian léi glacadh le Rialachán (AE) 2022/850 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2022 maidir le córas ríomhairithe le haghaidh malartú trasteorann leictreonach sonraí i réimse an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair sibhialta agus coiriúla (an córas e-CODEX), agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1726 (1), agus gur mian léi a bheith faoi cheangal ag an Rialachán sin,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I litir chuig an gCoimisiún dar dáta an 28 Meitheamh 2023, thug Éire fógra gur mian léi, i gcomhréir le hAirteagal 4 de Phrótacal (Uimh. 21), glacadh le Rialachán (AE) 2022/850 agus gur mian léi a bheith faoi cheangal aige.

(2)

Ní bhaineann aon choinníoll le rannpháirtíocht na hÉireann i Rialachán (AE) 2022/850 agus níl aon ghá le bearta idirthréimhseacha.

(3)

Dá bhrí sin, ba cheart rannpháirtíocht na hÉireann i Rialachán (AE) 2022/850 a dheimhniú.

(4)

Chun go bhféadfaidh Éire Rialachán (AE) 2022/850 a chur i bhfeidhm a luaithe is féidir, ba cheart an Cinneadh seo a theacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Tá rannpháirtíocht na hÉireann i Rialachán (AE) 2022/850 deimhnithe.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 28 Meán Fómhair 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 150, 1.6.2022, lch. 1.