|
29.9.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 241/123 |
CINNEADH (CBES) 2023/2095 ÓN gCOMHAIRLE
an 28 Meán Fómhair 2023
lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2020/1465 maidir le gníomhaíocht ón Aontas Eorpach chun tacú le Sásra Fíorúcháin agus Cigireachta na Náisiún Aontaithe in Éimin (UNVIM)
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 28(1) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 18 Meán Fómhair 2018, bunaithe ar iarraidh ó Shásra Fíorúcháin agus Cigireachta na Náisiún Aontaithe don Éimin (UNVIM), ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2018/1249 (1) maidir le gníomhaíocht ón Aontas Eorpach chun tacú le UNVIM. |
|
(2) |
An 12 Deireadh Fómhair 2020, bunaithe ar iarraidh ó UNVIM, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2020/1465 (2) agus rinne sí gníomhaíocht an Aontais a athnuachan mar thaca leis an sásra ar feadh tréimhse 12 mhí. |
|
(3) |
An 15 Samhain 2021, bunaithe ar iarraidh eile ó UNVIM, rinne an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2020/1465 a leasú trí bhíthin Chinneadh (CBES) 2021/1991 (3) chun síneadh a chur le gníomhaíocht an Aontais chun tacú le UNVIM ar feadh 12 mhí, go dtí an 30 Meán Fómhair 2022. |
|
(4) |
An 29 Meán Fómhair 2022, bunaithe ar iarraidh ó UNVIM, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2022/1682 (4) agus chuir sí síneadh le gníomhaíocht an Aontais chun tacú le UNVIM ar feadh 12 mhí, go dtí an 30 Meán Fómhair 2023. |
|
(5) |
An 12 Nollaig 2022, d’athdhearbhaigh an Chomhairle sna conclúidí uaithi maidir le hÉimin tiomantas an Aontais, ar bhonn prionsabail, d’aontacht, ceannasacht, neamhspleáchas agus iomláine chríochach Éimin, agus do thacaíocht a thabhairt d’iarrachtaí síochána na Náisiún Aontaithe agus do Thoscaire Speisialta na Náisiún Aontaithe in iarrachtaí idirghabhála. Sa chomhthéacs seo, d’athdhearbhaigh an tAontas go dtacaíonn sé go hiomlán le UNVIM, gheall sé go leanfadh sé dá ranníocaíochtaí airgeadais agus mhol sé do dheontóirí eile tacaíocht a chur ar fáil freisin. Ina theannta sin, d’iarr an tAontas ar Rialtas Éimin agus ar an gcomhghuaillíocht tacú le UNVIM a ghníomhaíochtaí cigireachta agus fíorúcháin oibríochtúla a dhéanamh in Hodeidah, in Jeddah agus ag Calafort Rí Abdullah. |
|
(6) |
An 10 Iúil 2023, le Rún 2691 (2023) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, cuireadh síneadh le sainordú Mhisean na Náisiún Aontaithe chun tacú le Comhaontú Hodeidah chun tacú le cur chun feidhme an chomhaontaithe maidir le Cathair Hodeidah agus calafoirt Hodeidah, Saleef agus Ras Issa, a leagtar amach i gComhaontú Stócólm agus a thug na páirtithe uile sa choinbhleacht in Éimin i gcrích an 13 Nollaig 2018, agus a formhuiníodh le Rún 2451 (2018) ó Chomhairle Slándála na Náisiúin Aontaithe agus le Rún 2452 (2019) ó Chomhairle Slándála na Náisiúin Aontaithe. |
|
(7) |
D’iarr UNVIM tacaíocht bhreise ar feadh bliain amháin ar an Aontas. |
|
(8) |
Ba cheart don Aontas a thacaíocht do UNVIM a athnuachan ar feadh bliana chun a shainordú a chur chun feidhme. |
|
(9) |
Ba cheart, dá bhrí sin, méid tagartha airgeadais nua a chur leis chun an tréimhse ón 1 Deireadh Fómhair 2023 go dtí an 30 Méan Fómhair 2024 a chumhdach, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear, leis seo, Cinneadh (CBES) 2020/1465 mar a leanas:
|
(1) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3, mír 1: ‘1. Is é seo a leanas a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais chun an tionscadal dá dtagraítear in Airteagal 1 a chur chun feidhme:
|
|
(2) |
In Airteagal 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú mír: ‘Rachaidh sé in éag an 30 Meán Fómhair 2024.’. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Beidh feidhm aige ón 1 Deireadh Fómhair 2023.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 28 Meán Fómhair 2023.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
F. GRANDE-MARLASKA GÓMEZ
(1) Cinneadh (CBES) 2018/1249 ón gComhairle an 18 Meán Fómhair 2018 maidir le gníomhaíocht ón Aontas Eorpach mar thaca le Sásra Fíorúcháin agus Cigireachta na Náisiún Aontaithe in Éimin (IO L 235, 19.9.2018, lch. 14).
(2) Cinneadh (CBES) 2020/1465 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2020 maidir le gníomhaíocht ón Aontas Eorpach chun tacú le Sásra Cigireachta agus Fíoraithe na Náisiún Aontaithe in Éimin (IO L 335, 13.10.2020, lch. 13).
(3) Cinneadh (CBES) 2021/1991 ón gComhairle an 15 Samhain 2021 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2020/1465 maidir le gníomhaíocht ón Aontas Eorpach chun tacú le Sásra Fíorúcháin agus Cigireachta na Náisiún Aontaithe in Éimin (UNVIM) (IO L 405, 16.11.2021, lch. 12).
(4) Cinneadh (CBES) 2022/1682 ón gComhairle an 29 Meán Fómhair 2022 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2020/1465 maidir le gníomhaíocht ón Aontas Eorpach chun tacú le Sásra Fíorúcháin agus Cigireachta na Náisiún Aontaithe in Éimin (IO L 252, 30.9.2022, lch. 76).