|
28.9.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 239/34 |
CINNEADH (AE) 2023/2077 ÓN gCOMHAIRLE
an 25 Meán Fómhair 2023
lena gceaptar comhalta malartach, arna mholadh ag Poblacht na Cipire, de Choiste na Réigiún
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 305 de,
Ag féachaint do Chinneadh (AE) 2019/852 ón gComhairle an 21 Bealtaine 2019 lena gcinntear comhdhéanamh Choiste na Réigiún (1),
Ag féachaint do na tograí ó rialtas na Cipire,
De bharr an méid seo a leanas:
|
(1) |
De bhun Airteagal 300(3) den Chonradh, tá Coiste na Réigiún le bheith comhdhéanta d’ionadaithe do chomhlachtaí réigiúnacha agus áitiúla agus sainordú toghchánach acu in údarás réigiúnach nó áitiúil nó atá freagrach go polaitiúil do thionól tofa. |
|
(2) |
An 10 Nollaig 2019, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2019/2157 (2), lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025. |
|
(3) |
Tá suíochán comhalta mhalartaigh ar Choiste na Réigiún tagtha chun bheith folamh tar éis do Christodoulos IOANNOU éirí as oifig. |
|
(4) |
Mhol Rialtas na Cipire Isabella TYMVIOU, ar ionadaí do chomhlacht áitiúil í agus a bhfuil aici sainordú toghchánach in údarás áitiúil, Δημοτική Σύμβουλος-Δήμος Λευκωσίας (Comhairleoir Cathrach, Bardas na Niocóise), mar chomhalta malartach de Choiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 25 Eanáir 2025, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo, ceaptar Isabella TYMVIOU, ar ionadaí do chomhlacht áitiúil í agus a bhfuil aici sainordú toghchánach, Δημοτική Σύμβουλος-Δήμος Λευκωσίας (Comhairleoir Cathrach, Bardas na Niocóise), mar chomhalta malartach de Choiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 25 Eanáir 2025.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 25 Meán Fómhair 2023.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
H. GÓMEZ HERNÁNDEZ
(1) IO L 139, 27.5.2019, lch. 13.
(2) Cinneadh (AE) 2019/2157 ón gComhairle an 10 Nollaig 2019 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025 (IO L 237, 17.12.2019, lch. 78).