|
27.9.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 238/141 |
CINNEADH (CBES) 2023/2066 ÓN gCOMHAIRLE
an 25 Meán Fómhair 2023
lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2023/1599 maidir le Tionscnamh Slándála agus Cosanta an Aontais Eorpaigh mar thaca le tíortha na hAfraice Thiar i Murascaill na Guine
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagail 42(4) agus 43(2) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 29 Meitheamh 2023, d’fhormheas an Chomhairle Coincheap Bainistithe Géarchéime le haghaidh comhpháirtíocht slándála agus cosanta a d’fhéadfadh a bheith ann le tíortha na hAfraice Thiar i Murascaill na Guine. Tá an coincheap sin bunaithe ar chur chuige comhtháite maidir le comhpháirtíocht slándála agus cosanta le Beinin, leis an gCósta Eabhair, le Gána agus le Tóga, lena n-áirítear misean a bhunú faoin gComhbheartas Slándála agus Cosanta (CBSC), eadhon Tionscnamh Slándála agus Cosanta an Aontais Eorpaigh mar thaca le tíortha na hAfraice Thiar i Murascaill na Guine (‘an Tionscnamh’), arna chomhlánú le comhairleoirí míleata a imscaradh i dtoscaireachtaí an Aontais, i gcomhar le bearta cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun trealamh míleata a sholáthar agus i sineirgíocht le tionscadail a bhaineann leis an tslándáil. |
|
(2) |
An 3 Lúnasa 2023, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2023/1599 (1), lenar bunaíodh an Tionscnamh i mBeinin agus i nGána, bunaithe ar chuirí a fuarthas ó na tíortha sin. |
|
(3) |
I litir dar dáta an 17 Iúil 2023, d’iarr Príomh-Aire Phoblacht Thóga ar an Aontas an Tionscnamh a imscaradh ar a chríoch. |
|
(4) |
I litir dar dáta an 20 Iúil 2023, d’iarr Príomh-Aire Phoblacht an Chósta Eabhair ar an Aontas an Tionscnamh a imscaradh ar a chríoch. |
|
(5) |
Ba cheart, dá bhrí sin, an Tionscnamh a bhunú sa Chósta Eabhair agus i dTóga freisin. |
|
(6) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh (CBES) 2023/1599 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1 de Chinneadh (CBES) 2023/1599:
‘Airteagal 1
Bunú
1. Seolfaidh an tAontas Misean faoin gComhbheartas Slándála agus Cosanta (CBSC) a mbeidh sé mar chuspóir straitéiseach aige cabhrú le tíortha na hAfraice Thiar i Murascaill na Guine ina bhfuil an Misean sin bunaithe cumais leordhóthanacha a fhorbairt laistigh dá bhfórsaí slándála agus cosanta chun smacht a choinneáil ar an mbrú atá ar ghrúpaí armtha sceimhlitheoireachta agus freagairt dó.
2. Ainmneofar an Misean dá dtagraítear i mír 1 ‘Tionscnamh Slándála agus Cosanta an Aontais Eorpaigh mar thaca le tíortha na hAfraice Thiar i Murascaill na Guine’ (‘an Tionscnamh’).
3. Bunaítear leis seo an Tionscnamh i mBeinin, sa Chósta Eabhair, i nGána agus i dTóga.’.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Beidh feidhm aige ón 16 Lúnasa 2023.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 25 Meán Fómhair 2023.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
H. GÓMEZ HERNÁNDEZ
(1) Cinneadh (CBES) 2023/1599 ón gComhairle an 3 Lúnasa 2023 maidir le Tionscnamh Slándála agus Cosanta an Aontais Eorpaigh mar thaca le tíortha na hAfraice Thiar i Murascaill na Guine (IO L 196, 4.8.2023, lch. 25).