27.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 238/117


CINNEADH (CBES) 2023/2062 ÓN gCOMHAIRLE

an 25 Meán Fómhair 2023

maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun tacú le Fórsaí Armtha Bheinin

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagail 28(1) agus 41(2) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Cinneadh (CBES) 2021/509 ón gComhairle (1), bunaítear an tSaoráid Eorpach Síochána (SES) chun go maoineodh Ballstáit gníomhaíochtaí an Aontais faoin gComhbheartas Eachtrach agus Slándála chun an tsíocháin a chaomhnú, coinbhleachtaí a chosc agus an tslándáil idirnáisiúnta a neartú de bhun Airteagal 21(2), pointe (c), den Chonradh. Go háirithe, de bhun Airteagal 1(2) de Chinneadh (CBES) 2021/509, tá úsáid le baint as SES chun bearta cúnaimh a mhaoiniú, amhail gníomhaíochtaí chun acmhainneachtaí maidir le cúrsaí míleata agus cosanta atá ag tríú Stáit agus eagraíochtaí réigiúnacha agus idirnáisiúnta a neartú.

(2)

Tá dálaí slándála ag dul in olcas i réigiúin thuaisceartacha thíortha cósta Mhurascaill na Guine, eadhon Gána, an Cósta Eabhair, Beinin agus Tóga, i ngeall ar an ngéarchéim atá ag dul i bhfeidhm ar an tSaiheil láir.

(3)

I bhfianaise na timpeallachta slándála atá ag dul in olcas sa réigiún, tá sé tábhachtach fórsaí cosanta agus slándála Bheinin a neartú chun gur féidir iarrachtaí cobhsaíochta a dhéanamh sa tír sin agus chun tacú leis na hiarrachtaí sin. Sa chomhthéacs sin, agus é á aithint aige go bhfuil gá atá le freagairt chomhtháite, is príomhthosaíocht ag an Aontas é an tsíocháin agus an tslándáil fhadtéarmach a áirithiú i mBeinin.

(4)

An 3 Iúil 2023, fuair Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála iarraidh ó Bheinin ar chúnamh ón Aontas d’Fhórsaí Armtha Bheinin. Baineann an iarraidh ar chúnamh le trealamh bunriachtanach a sholáthar le neartú a dhéanamh ar chumais oibríochtúla na n-aonad míleata Beinineach a imscartar i dtuaisceart Bheinin mar chuid d’Oibríocht Mirador chun grúpaí armtha nach grúpaí stáit iad a chomhrac agus chun gníomhú i gcoinne na ndeiseanna ionsaithe sceimhlitheoireachta atá ag na grúpaí sin agus chun na deiseanna sin a laghdú.

(5)

Tá bearta cúnaimh le cur chun feidhme agus na prionsabail agus ceanglais a leagtar amach i gCinneadh (CBES) 2021/509 á gcur san áireamh, go háirithe go ndéantar Comhsheasamh 2008/944/CBES ón gComhairle (2) a chomhlíonadh, agus i gcomhréir leis na rialacha maidir le cur chun feidhme an ioncaim agus an chaiteachais a mhaoinítear faoi SES.

(6)

Athdhearbhaíonn an Chomhairle go bhfuil rún daingean aici cearta an duine, saoirsí bunúsacha agus prionsabail dhaonlathacha a chosaint, a chur chun cinn agus a chomhlíonadh, agus an smacht reachta agus an dea-rialachas a neartú, i gcomhréir le Cairt na Náisiún Aontaithe, le Dearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine agus leis an dlí idirnáisiúnta, go háirithe an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus an dlí daonnúil idirnáisiúnta,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Bunú, cuspóirí, raon feidhme agus ré

1.   Leis seo, bunaítear beart cúnaimh a rachaidh chun tairbhe Bheinin (‘an tairbhí’), atá le maoiniú faoin tSaoráid Eorpach Síochána (SES) (‘an beart cúnaimh’).

2.   Is é is cuspóir don bheart cúnaimh feabhas a chur ar chumais Fhórsaí Armtha Bheinin chun iomláine chríochach agus ceannasacht Bheinin agus a pobal sibhialta a chosaint ar fhogha inmheánach agus seachtrach agus chun cur leis an tsíocháin agus leis an gcobhsaíocht sa réigiún.

3.   Chun an cuspóir a leagtar amach i mír 2 a bhaint amach, maoineofar leis an mbeart cúnaimh na cineálacha trealaimh seo a leanas nach bhfuil deartha chun fórsa marfach a sheachadadh:

(a)

aerárthach faisnéise, faireachais agus taiscéalaíochta amháin;

(b)

córais aerárthaí faisnéise, faireachais agus taiscéalaíochta gan foireann.

4.   Mairfidh an beart cúnaimh ar feadh tréimhse 30 mí ó ghlacadh an Chinnidh seo.

Airteagal 2

Socruithe airgeadais

1.   EUR 11 750 000 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais a bheartaítear chun an caiteachas a bhaineann leis an mbeart cúnaimh a chumhdach.

2.   Déanfar an caiteachas go léir a bhainistiú i gcomhréir le Cinneadh (CBES) 2021/509 agus leis na rialacha maidir le hioncam agus caiteachas arna maoiniú faoi SES a chur chun feidhme.

3.   Beidh caiteachas a bhaineann le cur chun feidhme an bhirt cúnaimh incháilithe ó dháta glactha an Chinnidh seo.

Airteagal 3

Socruithe leis an tairbhí

1.   Déanfaidh Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (‘an tArdionadaí’) na socruithe is gá leis an tairbhí chun a áirithiú go gcomhlíonann sé na ceanglais agus na coinníollacha arna mbunú leis an gCinneadh seo, mar choinníoll chun tacaíocht a sholáthar faoin mbeart cúnaimh.

2.   Áireofar ar na socruithe dá dtagraítear i mír 1 forálacha lena gcuirtear d’oibleagáid ar an tairbhí an méid seo a leanas a áirithiú:

a)

go gcomhlíonfaidh na haonaid de chuid Fhórsaí Armtha Bheinin a imscarfar faoi chuimsiú Oibríocht Mirador agus a gheobhaidh tacaíocht faoin mbeart cúnaimh an dlí idirnáisiúnta ábhartha, go háirithe an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus an dlí daonnúil idirnáisiúnta;

b)

go mbainfear úsáid chuí agus éifeachtúil as aon sócmhainní a chuirfear ar fáil faoin mbeart cúnaimh chun na gcríoch dár soláthraíodh iad;

c)

go ndéanfar cothabháil leordhóthanach ar aon sócmhainní a chuirfear ar fáil faoin mbeart cúnaimh chun a áirithiú go mbeidh siad inúsáidte agus go mbeidh siad ar fáil go hoibríochtúil i gcaitheamh a saolré;

d)

nach gcaillfear sócmhainní a chuirfear ar fáil faoin mbeart cúnaimh, ná nach n-aistreofar iad gan toiliú ón gCoiste um an tSaoráid arna bhunú faoi Chinneadh (CBES) 2021/509 (‘an Coiste um an tSaoráid’) chuig aon duine nó eintiteas seachas chucu siúd arna sainaithint sna socruithe sin, lena n-áirítear ag deireadh a saolré.

3.   Áireofar ar na socruithe dá dtagraítear i mír 1 forálacha maidir le tacaíocht faoin mbeart cúnaimh a fhionraí agus a fhoirceannadh i gcás ina suífear go bhfuil na hoibleagáidí a leagtar amach i mír 2 á sárú ag an tairbhí.

Airteagal 4

Cur chun feidhme

1.   Beidh an tArdionadaí freagrach as a áirithiú go gcuirfear an Cinneadh seo chun feidhme i gcomhréir le Cinneadh (CBES) 2021/509 agus leis na rialacha maidir leis an ioncam agus an caiteachas a mhaoinítear faoi SES a chur chun feidhme, i gcomhréir leis an gCreat Modheolaíochta Comhtháite chun na bearta agus na rialuithe atá riachtanach le haghaidh bearta cúnaimh faoi SES a mheasúnú agus a shainaithint.

2.   Is é Défense Conseil International - grúpa DCI a dhéanfaidh an trealamh dá dtagraítear in Airteagal 1(3) a sholáthar.

Airteagal 5

Faireachán, rialú agus meastóireacht

1.   Déanfaidh an tArdionadaí faireachán ar an tairbhí agus na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 3 á gcomhlíonadh aige. Úsáidfear an faireachán sin chun feasacht a mhúscailt ar an gcomhthéacs agus ar na rioscaí a ghabhann le sárú na n-oibleagáidí arna mbunú i gcomhréir le hAirteagal 3, agus chun cuidiú le sáruithe den sórt sin a chosc, lena n-airítear sáruithe ar an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta arna ndéanamh ag aonaid Fhórsaí Armtha Bheinin a imscarfar faoi chuimsiú Oibríocht Mirador.

2.   Déanfar rialú an trealaimh tar éis a loingsithe a eagrú mar a leanas:

(a)

fíorú ar sheachadadh, lena mbeidh deimhnithe seachadta le síniú ag na húsáideoirí deiridh nuair a dhéanfar an úinéireacht a aistriú;

(b)

tuairisciú, trína bhfuil an tairbhí chun tuairisc bhliantúil a thabhairt ar na gníomhaíochtaí a dhéantar le trealamh a sholáthrófar faoin mbeart cúnaimh agus ar fhardal ar na nithe ainmnithe go dtí go measfaidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála nach dteastaíonn tuairisciú den sórt sin a thuilleadh;

(c)

cigireachtaí ar an láthair, lena ndeonóidh an tairbhí rochtain don Ardionadaí chun cigireacht ar an láthair a dhéanamh arna iarraidh sin dó.

3.   Ar thabhairt chun críche an bhirt cúnaimh, déanfaidh an tArdionadaí meastóireacht deiridh air chun a mheas ar rannchuidigh an beart cúnaimh leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 1(2) a bhaint amach.

Airteagal 6

Tuairisciú

Le linn na tréimhse cur chun feidhme, soláthróidh an tArdionadaí tuarascálacha gach 6 mhí don Choiste Polaitiúil agus Slándála maidir le cur chun feidhme an bhirt cúnaimh, i gcomhréir le hAirteagal 63 de Chinneadh (CBES) 2021/509. Cuirfidh an riarthóir um bearta cúnaimh an Coiste um an tSaoráid ar an eolas go tráthrialta faoi chur chun feidhme ioncaim agus caiteachais, i gcomhréir le hAirteagal 38 den Chinneadh sin, lena n-áirítear trí fhaisnéis a sholáthar faoi na soláthraithe agus na fochonraitheoirí lena mbaineann.

Airteagal 7

Fionraí agus foirceannadh

1.   Féadfaidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála cinneadh a dhéanamh cur chun feidhme an bhirt cúnaimh a chur ar fionraí go hiomlán nó go páirteach i gcomhréir le hAirteagal 64 de Chinneadh (CBES) 2021/509.

2.   Ina theannta sin, féadfaidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála a mholadh don Chomhairle go bhfoirceannfaí an Beart Cúnaimh.

Airteagal 8

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 25 Meán Fómhair 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

H. GÓMEZ HERNÁNDEZ


(1)  Cinneadh (CBES) 2021/509 ón gComhairle an 22 Márta 2021 lena mbunaítear Saoráid Eorpach Síochána, agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2015/528 (IO L 102, 24.3.2021, lch. 14).

(2)  Comhsheasamh 2008/944/CBES ón gComhairle an 8 Nollaig 2008 lena sainmhínítear comhrialacha lena rialaítear rialú onnmhairithe trealaimh agus teicneolaíochta míleata (IO L 335, 13.12.2008, lch. 99).