21.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 233/85


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1802 ÓN gCOIMISIÚN

an 20 Meán Fómhair 2023

lena leagtar síos na socruithe teicniúla maidir le sonraí a choinneáil

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meán Fómhair 2018 lena mbunaítear Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1077/2011, (AE) Uimh. 515/2014, (AE) 2016/399, (AE) 2016/1624 agus (AE) 2017/2226 (1), agus go háirithe Airteagal 11(10) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Bunaítear le Rialachán (AE) 2018/1240 an Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (‘ETIAS’), córas is infheidhme maidir le náisiúnaigh tríú tír atá díolmhaithe ó cheanglas víosa agus atá ag iarraidh teacht isteach i gcríoch na mBallstát.

(2)

Is é is cuspóir don Chinneadh seo na sonraíochtaí teicniúla a leagan síos maidir le cur chun feidhme na gcoinníollacha maidir le sonraí a choinneáil dá bhforáiltear in Airteagal 24(6), pointe (c)(ii) agus Airteagal 54(1), pointe (b), de Rialachán (AE) 2018/1240, chun gur féidir fíoruithe uathoibrithe a dhéanamh a bhraitheann ar an Tairseach Chuardaigh Eorpach (‘ESP’).

(3)

De bhun Airteagal 24(6) agus Airteagal 54(1) de Rialachán (AE) 2018/1240, ba cheart do Lárchóras ETIAS a fhíorú go tráthrialta agus go huathoibríoch go gcomhlíontar na coinníollacha maidir le comhaid iarratais a choinneáil.

(4)

Chun an oibleagáid sin a chomhlíonadh, ba cheart do Lárchóras ETIAS cloí le tréimhse choinneála an chomhaid iarratais, is é sin tréimhse 5 bliana ón gcinneadh deireanach an t-údarú taistil a dhiúltú, a neamhniú nó a chúlghairm.

(5)

Maidir leis an gcinneadh údarú taistil a dhiúltú, a neamhniú nó a chúlghairm, i gcás ina ndéanfar na sonraí uile as a n-eascraíonn an cinneadh sin a scriosadh sula rachaidh an tréimhse choinneála 5 bliana in éag, ba cheart do Lárchóras ETIAS an comhad iarratais a scriosadh go huathoibríoch laistigh de 3 lá. Ar an gcúis sin, agus chun teorainn a chur leis an méid próiseála, ba cheart don chóras comhlíonadh na rialacha maidir le coinneáil sonraí a fhíorú ar bhonn laethúil. Ina theannta sin, i gcás inar cheart taifead a scriosadh, ba cheart é a dhéanamh laistigh de 3 lá.

(6)

Ós rud é go gcuireann Rialachán (AE) 2018/1240 le acquis Schengen, i gcomhréir le hAirteagal 4 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, prótacal atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, thug an Danmhairg fógra faoi chur chun feidhme Rialachán (AE) 2018/1240 ina dlí náisiúnta. Dá bhrí sin, tá an Cinneadh seo ina cheangal ar an Danmhairg.

(7)

Is é atá sa Chinneadh seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach bhfuil Éire rannpháirteach iontu. Ní thagann an Cinneadh seo faoi raon feidhme na mbeart dá bhforáiltear i gCinneadh 2002/192/CE ón gComhairle (2). Dá bhrí sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(8)

Maidir leis an Íoslainn agus leis an Iorua, is é atá sa Chinneadh seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá stát sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (3), ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe A, de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle (4).

(9)

Maidir leis an Eilvéis, is é atá sa Chinneadh seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis (5) Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe A, de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/146/CE ón gComhairle (6).

(10)

A mhéid a bhaineann le Lichtinstéin, is é atá sa Chinneadh seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis (7) Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe A, de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2011/350/AE ón gComhairle (8).

(11)

A mhéid a bhaineann leis an gCipir, leis an mBulgáir agus leis an Rómáin, is é atá sa Chinneadh seo gníomh atá ag cur le acquis Schengen, nó atá gaolmhar leis ar dhóigh eile, de réir bhrí Airteagal 3(1) d’Ionstraim Aontachais 2003 agus Airteagal 4(1) d’Ionstraim Aontachais 2005 faoi seach.

(12)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) agus thug sé tuairim uaidh an 9 Meán Fómhair 2022.

(13)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Theorainneacha Cliste,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar

Leis an gCinneadh seo bunaítear na socruithe teicniúla maidir le cur chun feidhme na tréimhse coinneála sonraí agus léirscriosadh na gcomhad iarratais de bhun Airteagal 24(6), pointe (c)(ii), agus Airteagal 54(1), pointe (b), de Rialachán (AE) 2018/1240.

Airteagal 2

Sásraí agus nósanna imeachta coinneála sonraí

1.   Chun críoch Airteagal 24(6), pointe (c)(ii), agus Airteagal 54(1), pointe (b), de Rialachán (AE) 2018/1240, fíoróidh Lárchóras ETIAS go huathoibríoch na coinníollacha coinneála sonraí dá dtagraítear sna hAirteagail sin ar bonn laethúil.

2.   Chun an méid sin a dhéanamh, fíoróidh Lárchóras ETIAS leis na córais dá dtagraítear in Airteagal 24(6), pointe (c)(ii), agus Airteagal 54(1), pointe (b), de Rialachán (AE) 2018/1240 tríd an uimhir thagartha uathúil, dá dtagraítear in Airteagal 11(8) den Rialachán sin, an bhfuil na sonraí ba chúis leis an gcinneadh an t-údarú taistil a dhiúltú, a neamhniú nó a chúlghairm fós sa chóras lena mbaineann.

3.   I gcás ina gcinnfidh Lárchóras ETIAS go bhfuil na coinníollacha a bhaineann le coinneáil imithe in éag, scriosfaidh Lárchóras ETIAS an comhad iarratais ábhartha go huathoibríoch mar a leanas:

(a)

i gcás ina bhfuil an tréimhse choinneála 5 bliana ón gcinneadh deireanach an t-údarú taistil a dhiúltú, a neamhniú nó a chúlghairm imithe in éag, scriosfar é láithreach;

(b)

i gcás nach bhfuil an tréimhse choinneála 5 bliana dá dtagraítear i bpointe (a) imithe in éag, scriosfar é laistigh de 3 lá ón bhfíorú uathoibríoch dá dtagraítear i mír (1) lena léirítear gur scriosadh na sonraí atá i dtaifead, comhad nó foláireamh atá cláraithe i gceann de na córais dá dtagraítear in Airteagal 24(6), pointe (c)(ii), agus in Airteagal 54(1), pointe (b), as ar eascair an cinneadh an t-údarú taistil a dhiúltú, a neamhniú nó a chúlghairm.

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Meán Fómhair 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 236, 19.9.2018, lch. 1.

(2)  Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 64, 7.3.2002, lch. 20).

(3)   IO L 176, 10.7.1999, lch. 36.

(4)  Cinneadh 1999/437/CE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 176, 10.7.1999, lch. 31).

(5)   IO L 53, 27.2.2008, lch. 52.

(6)  Cinneadh 2008/146/CE ón gComhairle an 28 Eanáir 2008 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 53, 27.2.2008, lch. 1).

(7)   IO L 160, 18.6.2011, lch. 21.

(8)  Cinneadh 2011/350/AE ón gComhairle 7 Márta 2011 maidir le tabhairt i gcrích an Phrótacail, thar ceann an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, a bhaineann le seiceálacha ag na teorainneacha inmheánacha a dhíothú agus le gluaiseacht daoine (IO L 160, 18.6.2011, lch. 19).

(9)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).