20.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 231/118


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1795 ÓN gCOIMISIÚN

an 10 Iúil 2023

de bhun Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an leibhéal leormhaith cosanta sonraí pearsanta faoi Chreat Príobháideachais Sonraí AE-SAM

(a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2023)4745)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (1), agus go háirithe Airteagal 45(3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

1.   RÉAMHRÁ

(1)

Le Rialachán (AE) 2016/679 (2) leagtar amach na rialacha maidir le haistriú sonraí pearsanta ó rialaitheoirí nó ó phróiseálaithe san Aontas chuig tríú tíortha agus chuig eagraíochtaí idirnáisiúnta a mhéid a thagann na haistrithe sin faoina raon feidhme. Na rialacha maidir le haistrithe sonraí idirnáisiúnta, leagtar síos i gCaibidil V den Rialachán sin iad. Cé go bhfuil sreabhadh na sonraí pearsanta chuig tíortha lasmuigh den Aontas Eorpach agus uathu fíor-riachtanach le haghaidh leathnú na trádála trasteorann agus an chomhair idirnáisiúnta, níor cheart dochar a dhéanamh don leibhéal cosanta a thugtar do shonraí pearsanta san Aontas de dheasca aistrithe chuig tríú tíortha nó eagraíochtaí idirnáisiúnta (3).

(2)

De bhun Airteagal 45(3) de Rialachán (AE) 2016/679, féadfaidh an Coimisiún a chinneadh, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, go ndéanfaidh tríú tír, críoch nó earnáil shonraithe amháin nó níos mó laistigh de thríú tír, leibhéal leormhaith cosanta a áirithiú. Faoin gcoinníoll sin, aistrithe sonraí pearsanta chuig tríú tír, féadfar iad a dhéanamh gan gá a bheith le haon údarú breise a fháil, dá bhforáiltear in Airteagal 45(1) agus aithris 103 de Rialachán (AE) 2016/679.

(3)

Mar a shonraítear in Airteagal 45(2) de Rialachán (AE) 2016/679, glacadh cinnidh leordhóthanachta, ní mór é a bheith bunaithe ar anailís chuimsitheach ar dhlíchóras an tríú tír, lena gcumhdaítear idir na rialacha is infheidhme maidir le hallmhaireoirí sonraí agus na teorainneacha agus na coimircí a mhéid a bhaineann le rochtain údarás poiblí ar shonraí pearsanta. Ina mheasúnú, ní mór don Choimisiún a chinneadh cé acu a ráthaíonn nó nach ráthaíonn an tríú tír atá i gceist leibhéal cosanta ‘arb ionann é go bunúsach’ agus an leibhéal a áirithítear laistigh den Aontas (aithris 104 de Rialachán (AE) 2016/679). Maidir le cé acu is amhlaidh nó nach amhlaidh an cás sin, tá measúnú le déanamh air sin in aghaidh reachtaíocht an Aontais, go háirithe Rialachán (AE) 2016/679, agus in aghaidh chásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (an Chúirt Bhreithiúnais) (4) freisin.

(4)

Mar a shoiléirigh an Chúirt Bhreithiúnais sa bhreithiúnas uaithi an 6 Deireadh Fómhair 2015 i gCás C-362/14, Maximillian Schrems v An Coimisinéir Cosanta Sonraí (5) (Schrems), ní fhágann sin gur gá leibhéal comhionann cosanta a fháil. Go háirithe, na modhanna a mbaineann an tríú tír i gceist leas astu chun sonraí pearsanta a chosaint, is féidir go mbeidh siad éagsúil leis na modhanna a úsáidtear san Aontas, fad a bheidh siad, sa chleachtas, éifeachtach chun leibhéal leormhaith cosanta a áirithiú (6). Dá bhrí sin, ní cheanglaítear leis an gcaighdeán leordhóthanachta macasamhlú pointe go pointe ar rialacha an Aontais. Ina ionad sin, is éard atá á thástáil, trí shubstaint na gceart príobháideachais agus cur chun feidhme, maoirseacht agus forfheidhmiú éifeachtach na gceart sin, cé acu a sholáthraítear nó nach soláthraítear an leibhéal cosanta is gá leis an gcóras eachtrach ina iomláine (7). Thairis sin, de réir an bhreithiúnais sin, nuair a bheidh an caighdeán seo á chur i bhfeidhm aige, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh go háirithe ar cé acu a sholáthraíonn nó nach soláthraíonn creat dlíthiúil an tríú tír i gceist rialacha lena mbeartaítear teorainn a chur leis an gcur isteach ar chearta bunúsacha na ndaoine a n-aistrítear a sonraí ón Aontas, a mbeadh eintitis Stáit na tíre sin údaraithe gabháil dó agus iad ag saothrú cuspóirí dlisteanacha, amhail slándáil náisiúnta, agus ar cé acu a sholáthraíonn nó nach soláthraíonn sé cosaint dlí éifeachtach in aghaidh cur isteach den sórt sin (8). Le ‘Leordhóthanacht Thagrach’ an Bhoird Eorpaigh um Chosaint Sonraí, a fhéachann leis an gcaighdeán sin a shoiléiriú a thuilleadh, soláthraítear treoraíocht maidir leis sin freisin (9).

(5)

An caighdeán is infheidhme maidir le cur isteach den sórt sin ar na cearta bunúsacha chun príobháideachais agus cosanta sonraí, rinne an Chúirt Bhreithiúnais tuilleadh soiléirithe air sin sa bhreithiúnas uaithi an 16 Iúil 2020 i gCás C-311/18 An Coimisinéir Cosanta Sonraí v Facebook Ireland Limited agus Maximillian Schrems (Schrems II), lenar cuireadh ó bhail Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1250 (10) ón gCoimisiún maidir le creat roimhe sin um shreabhadh sonraí trasatlantach, Sciath Phríobháideachais AE-SAM (Sciath Phríobháideachais). Na teorainneacha ar chosaint sonraí pearsanta a eascraíonn as dlí náisiúnta na Stát Aontaithe maidir le sonraí arna n-aistriú ón Aontas chuig na Stáit Aontaithe a bheith á rochtain agus á n-úsáid ag údaráis phoiblí na Stát Aontaithe chun críoch slándála náisiúnta, bhreithnigh an Chúirt Bhreithiúnais nár cúngaíodh iad ar bhealach a shásaíonn ceanglais atá coibhéiseach go bunúsach leo siúd faoi dhlí an Aontais, a mhéid a bhaineann le riachtanas agus comhréireacht cur isteach den sórt sin ar an gceart chun cosanta sonraí (11). Bhreithnigh an Chúirt Bhreithiúnais freisin nach raibh aon chúis chaingne ar fáil os comhair comhlacht a thugann ráthaíochtaí do na daoine ar aistríodh a sonraí chuig na Stáit Aontaithe, ráthaíochtaí atá coibhéiseach go bunúsach leo siúd a cheanglaítear le hAirteagal 47 den Chairt maidir leis an gceart chun leighis éifeachtaigh (12).

(6)

Tar éis bhreithiúnas Schrems II, chuaigh an Coimisiún i mbun plé le rialtas na Stát Aontaithe d’fhonn cinneadh nua leordhóthanachta féideartha a dhéanamh a chomhlíonfadh ceanglais Airteagal 45(2) de Rialachán (AE) 2016/679 arna léirmhíniú ag an gCúirt Bhreithiúnais. De thoradh an phlé sin, rinne na Stáit Aontaithe Ordú Feidhmiúcháin 14086 dar teideal Enhancing Safeguards for US Signals Intelligence Activities (EO 14086) a glacadh an 7 Deireadh Fómhair 2022, a chomhlánaítear le Regulation on the Data Protection Review Court arna eisiúint ag Ard-Aighne na Stát Aontaithe (AG Regulation(13). Ina theannta sin, rinneadh nuashonrú ar an gcreat is infheidhme maidir le heintitis tráchtála a phróiseálann sonraí arna n-aistriú ón Aontas faoin gCinneadh atá i bhfeidhm faoi láthair – ‘Creat Príobháideachais Sonraí AE-SAM’ (CPS AE-SAM nó CPS).

(7)

Tá anailís chúramach déanta ag an gCoimisiún ar dhlí agus ar chleachtas na Stát Aontaithe, lena n-áirítear EO 14086 agus The AG Regulation. Bunaithe ar na torthaí a leagtar amach in aithrisí 9-200, tagann an Coimisiún ar an gconclúid go n-áirithíonn na Stáit Aontaithe leibhéal leormhaith cosanta i ndáil le sonraí pearsanta a aistrítear faoi CPS AE-SAM ó rialaitheoir nó próiseálaí san Aontas (14) chuig eagraíochtaí deimhnithe sna Stáit Aontaithe.

(8)

Tá d’éifeacht leis an gCinneadh seo go bhféadfar aistrithe sonraí pearsanta a dhéanamh ó rialaitheoirí agus próiseálaithe san Aontas (15) chuig eagraíochtaí deimhnithe sna Stáit Aontaithe gan gá a bheith le haon údarú breise a fháil. Ní dhéantar difear leis do chur i bhfeidhm díreach Rialachán (AE) 2016/679 maidir leis na heagraíochtaí sin i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha maidir le raon feidhme críochach an Rialacháin sin, a leagtar síos in Airteagal 3 de.

2.   CREAT PRÍOBHÁIDEACHAIS SONRAÍ AE-SAM

2.1   Raon feidhme pearsanta agus ábhartha

2.1.1    Eagraíochtaí deimhnithe

(9)

Tá CPS AE-SAM bunaithe ar chóras deimhniúcháin lena dtugann eagraíochtaí na Stát Aontaithe tiomantas do phrionsabail phríobháideachais - ‘Prionsabail Chreat Príobháideachais Sonraí AE-SAM’, lena n-áirítear na Prionsabail Fhorlíontacha (i dteannta a chéile: na Prionsabail) - arna n-eisiúint ag Roinn Tráchtála (DoC) SAM agus atá in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gCinneadh seo (16). Le bheith incháilithe do dheimhniúchán faoi CPS AE-SAM, ní mór d’eagraíocht a bheith faoi réir chumhachtaí imscrúdaithe agus forfheidhmithe an Choimisiúin Fheidearálaigh um Thrádáil (FTC) nó Roinn Iompair (DoT) SAM (17). Tá feidhm ag na Prionsabail láithreach tráth deimhniúcháin. Mar a mhínítear ar bhealach níos mionsonraithe in aithrisí 48-52, ceanglaítear ar eagraíochtaí CPS AE-SAM a athdheimhniú ar bhonn bliantúil go gcloíonn siad leis na Prionsabail (18).

2.1.2    Sainmhíniú ar shonraí pearsanta agus ar rialaitheoir agus ‘gníomhaire’ mar choincheapa

(10)

An chosaint a thugtar faoi CPS AE-SAM, tá feidhm aici maidir le haon sonraí pearsanta a aistrítear ón Aontas chuig eagraíochtaí sna Stáit Aontaithe a dheimhnigh do DoC go gcloíonn siad leis na Prionsabail, cé is moite de shonraí a bhailítear mar ábhar iriseoireachta lena bhfoilsiú, lena gcraoladh nó lena gcur in iúl ar bhealaí eile don phobal agus faisnéis a foilsíodh cheana a scaiptear ó chartlanna meán (19). Dá bhrí sin, ní féidir faisnéis den sórt sin a aistriú ar bhonn CPS AE-SAM.

(11)

Leis na Prionsabail, sainmhínítear sonraí pearsanta/faisnéis phearsanta ar an mbealach céanna le Rialachán (AE) 2016/679, i.e. mar ‘data about an identified or identifiable individual that are within the scope of the GDPR received by an organization in the United States from the EU, and recorded in any form’ [sonraí a bhaineann le duine aonair sainaitheanta nó in-sainaitheanta a thagann faoi raon feidhme RGCS agus a fhaigheann eagraíocht sna Stáit Aontaithe ón Aontas, arna dtaifeadfadh in aon fhoirm] (20). Dá réir sin, cumhdaítear leo freisin sonraí taighde faoi ainm bréige (nó sonraí ‘eochairchódaithe’) (lena n-áirítear cásanna nach roinntear an cód leis an eagraíocht fála sna Stáit Aontaithe) (21). Ar an gcaoi chéanna, sainmhínítear próiseáil mar ‘any operation or set of operations which is performed upon personal data, whether or not by automated means, such as collection, recording, organisation, storage, adaptation or alteration, retrieval, consultation, use, disclosure or dissemination and erasure or destruction’ [aon oibríocht nó aon sraith d'oibríochtaí a dhéantar ar shonraí pearsanta, trí mhodhanna uathoibrithe nó trí mhodhanna eile, amhail bailiú, taifeadadh, eagrú, struchtúrú, stóráil, oiriúnú nó athrú, aisghabháil, ceadú, úsáid, nochtadh nó scaipeadh agus léirscriosadh nó díothú] (22).

(12)

Tá feidhm ag CPS AE-SAM maidir le heagraíochtaí sna Stáit Aontaithe a cháilíonn mar rialaitheoirí (i.e. mar dhuine nó mar eagraíocht a chinneann, ina aonar nó i gcomhpháirt le páirtithe eile, cuspóirí na próiseála sonraí pearsanta agus conas a dhéantar an phróiseáil) (23) nó mar phróiseálaithe (i.e. gníomhairí a ghníomhaíonn thar ceann rialaitheora) (24). Ní mór do phróiseálaithe na Stát Aontaithe a bheith faoi cheangal conarthach gan gníomhú ach amháin ar threoracha a fháil ón rialaitheoir Aontais agus cúnamh a thabhairt dó freagairt do dhaoine aonair a fheidhmíonn a gcearta faoi na Prionsabail (25). Ina theannta sin, i gcás fophróiseála, ní mór do phróiseálaí conradh a dhéanamh leis an bhfophróiseálaí ina ráthaítear an leibhéal céanna cosanta a sholáthraítear leis na Prionsabail agus bearta a dhéanamh chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme i gceart é (26).

2.2   Prionsabail Chreat Príobháideachais Sonraí AE-SAM

2.2.1    Teorannú de réir cuspóra agus roghnú

(13)

Ba cheart sonraí pearsanta a phróiseáil go dleathach agus go cothrom. Ba cheart iad a bhailiú chun críche sonraí agus a úsáid ina dhiaidh sin a mhéid nach bhfuil neamhréireach le cuspóir na próiseála agus a mhéid sin amháin.

(14)

Faoi CPS AE-SAM, áirithítear é sin trí Phrionsabail éagsúla. Ar an gcéad dul síos, faoin bPrionsabal maidir le Sláine Sonraí agus Teorannú de réir Cuspóra, ar an gcaoi chéanna le hAirteagal 5(1)(b) de Rialachán (AE) 2016/679, ní fhéadfaidh eagraíocht sonraí pearsanta a phróiseáil ar bhealach atá neamhréireach leis an gcríoch ar lena haghaidh a bailíodh ar dtús iad nó a d’údaraigh an t-ábhar sonraí ina dhiaidh sin (27).

(15)

Ar an dara dul síos, chun sonraí pearsanta a úsáid chun críche nua (athraithe) atá éagsúil go hábhartha ach fós comhoiriúnach leis an gcuspóir bunaidh, nó chun iad a nochtadh do thríú páirtí, ní mór don eagraíocht deis a thabhairt d’ábhair sonraí agóid a dhéanamh ina aghaidh (roghnú gan bheith páirteach), i gcomhréir leis an bPrionsabal maidir le Rogha (28), trí shásra soiléir feiceálach atá ar fáil go héasca. Rud atá tábhachtach, ní sháraíonn an Prionsabal sin an toirmeasc sainráite ar phróiseáil neamhréireach (29).

2.2.2    Próiseáil catagóirí sonracha de shonraí pearsanta

(16)

Ba cheart coimircí sonracha a bheith ann i gcás ina ndéantar ‘catagóirí speisialta’ sonraí a phróiseáil.

(17)

I gcomhréir leis an bPrionsabal maidir le Rogha, tá feidhm ag coimircí sonracha maidir le ‘faisnéis íogair’, i.e. sonraí pearsanta lena sonraítear fadhbanna leighis nó sláinte, bunadh ciníoch nó eitneach, tuairimí polaitiúla, creideamh reiligiúnach nó fealsúnach, ballraíocht i gceardchumann, faisnéis maidir le saol gnéis duine nó aon fhaisnéis eile a fhaightear ó thríú páirtí a shainaithníonn an páirtí sin a bheith íogair agus a ndéileálann sé léi amhlaidh (30). Ciallaíonn sé sin gur mar fhaisnéis íogair a dhéileálfaidh eagraíochtaí deimhnithe, faoi CPS AE-SAM, le haon sonraí a bhreithnítear a bheith íogair faoi dhlí an Aontais maidir le cosaint sonraí (lena n-áirítear sonraí maidir le gnéaschlaonadh, sonraí géiniteacha agus sonraí bithmhéadracha).

(18)

Mar riail ghinearálta, ní mór d’eagraíochtaí toiliú sainráite dearfach (i.e. rogha a bheith páirteach) a fháil ó dhaoine aonair chun a bhfaisnéis íogair a úsáid chun críoch seachas na críocha ar lena n-aghaidh a bailíodh an fhaisnéis ar dtús nó a d’údaraigh an duine ina dhiaidh sin (trí rogha a bheith páirteach), nó chun an fhaisnéis a nochtadh do thríú páirtithe (31).

(19)

Ní gá an toiliú sin a fháil in imthosca teoranta atá comhchosúil le heisceachtaí inchomparáide dá bhforáiltear faoi dhlí an Aontais maidir le cosaint sonraí, e.g. i gcás ina dtéann próiseáil sonraí íogaire chun leas ríthábhachtach duine; i gcás ina bhfuil gá léi chun éilimh dhlíthiúla a shuí; nó i gcás ina gceanglaítear í chun cúram leighis a thabhairt nó fáthmheas leighis a dhéanamh (32).

2.2.3    Cruinneas, íoslaghdú agus slándáil sonraí

(20)

Ba cheart sonraí a bheith cruinn agus, i gcás inar gá, ba cheart iad a choimeád cothrom le dáta. Ba cheart dóibh a bheith leormhaith agus ábhartha, agus níor cheart dóibh a bheith iomarcach, i ndáil leis na críocha ar lena n-aghaidh a bpróiseáiltear iad, agus níor cheart iad a choimeád i bprionsabal ar feadh tréimhse is faide ná mar is gá chun na gcríoch ar lena n-aghaidh a bpróiseáiltear na sonraí pearsanta.

(21)

Faoin bPrionsabal maidir le Sláine Sonraí agus Teorannú de réir Cuspóra (33), ní mór sonraí pearsanta a bheith teoranta dá bhfuil ábhartha chun críoch na próiseála. Ina theannta sin, ní mór d’eagraíochtaí, a mhéid is gá chun críocha na próiseála, bearta réasúnacha a dhéanamh chun a áirithiú go mbeidh sonraí pearsanta iontaofa don úsáid atá beartaithe dóibh agus go mbeidh siad cruinn, iomlán agus cothrom le dáta.

(22)

Ina theannta sin, ní fhéadfar faisnéis phearsanta a choinneáil i bhfoirm a shainaithníonn duine nó a fhágann duine in-sainaitheanta (i bhfoirm sonraí pearsanta dá réir sin) (34) ach amháin a fhad a fhónann sí don chríoch (na críocha) ar lena haghaidh (lena n-aghaidh) a bailíodh ar dtús í nó a d’údaraigh an duine aonair ina dhiaidh sin de bhun an Phrionsabail maidir le Rogha. Leis an oibleagáid sin, ní chuirtear cosc ar eagraíochtaí ó bheith ag leanúint d’fhaisnéis phearsanta a phróiseáil ar feadh tréimhsí is faide ná sin, ach amháin a fhad agus a mhéid a fhónann an phróiseáil sin go réasúnach do cheann amháin de na críocha sonracha seo a leanas atá comhchosúil le heisceachtaí inchomparáide dá bhforáiltear faoi dhlí an Aontais maidir le cosaint sonraí: cartlannú chun leas an phobail, iriseoireacht, litríocht agus ealaín, taighde eolaíoch agus stairiúil agus anailís staidrimh (35). I gcás ina gcoinneofar sonraí pearsanta chun ceann de na críocha sin, tá a bpróiseáil faoi réir na gcoimircí dá bhforáiltear leis na Prionsabail (36).

(23)

Ba cheart freisin sonraí pearsanta a phróiseáil ar bhealach lena n-áirithítear slándáil na sonraí, lena n-áirítear cosaint ar phróiseáil neamhúdaraithe nó neamhdhleathach agus ar chailleadh, scrios nó damáiste de thaisme. Chuige sin, ba cheart do rialaitheoirí agus próiseálaithe bearta teicniúla nó eagraíochtúla iomchuí a dhéanamh chun sonraí pearsanta a chosaint ar bhagairtí féideartha. Ba cheart measúnú a dhéanamh ar na bearta sin agus úrscothacht, costais ghaolmhara agus cineál, raon feidhme, comhthéacs agus críocha na próiseála á gcur san áireamh, mar aon leis na rioscaí do chearta an duine aonair.

(24)

Faoi CPS AE-SAM, déantar é sin a áirithiú leis an bPrionsabal maidir le Slándáil, lena gceanglaítear, ar an gcaoi chéanna le hAirteagal 32 de Rialachán (AE) 2016/679, go ndéanfar bearta slándála réasúnacha iomchuí, agus na rioscaí a bhaineann leis an bpróiseáil agus le cineál na sonraí á gcur san áireamh (37).

2.2.4    Trédhearcacht

(25)

Ba cheart ábhair sonraí a chur ar an eolas faoi na príomhghnéithe a bhaineann le próiseáil a gcuid sonraí pearsanta.

(26)

Déantar é sin a áirithiú leis an bPrionsabal maidir le Fógra (38), lena gceanglaítear ar eagraíochtaí, ar an gcaoi chéanna leis na ceanglais trédhearcachta faoi Rialachán (AE) 2016/679, ábhair sonraí a chur ar an eolas maidir leis na nithe seo a leanas, inter alia: (i) rannpháirtíocht na heagraíochta in CPS, (ii) an cineál sonraí a bhailítear, (iii) an cineál tríú páirtithe, nó aitheantas tríú páirtithe, a bhféadfaí sonraí pearsanta a nochtadh dóibh agus na críocha ar lena n-aghaidh a dhéantar sin, (v) a gcearta aonair, (vi) conas teagmháil a dhéanamh leis an eagraíocht agus (vii) bealaí sásaimh atá ar fáil.

(27)

Ní mór an fógra sin a thabhairt i bhfriotal soiléir feiceálach nuair a iarrtar den chéad uair ar dhaoine aonair na sonraí pearsanta a sholáthar nó a luaithe is indéanta dá éis, ach, in aon chás, sula n-úsáidtear na sonraí chun críoch atá éagsúil go hábhartha (ach comhoiriúnach) leis an gcríoch ar lena haghaidh a bailíodh iad, nó sula nochtar do thríú páirtí iad (39).

(28)

Ina theannta sin, ní mór d’eagraíochtaí a mbeartais phríobháideachais lena léirítear na Prionsabail a chur ar fáil go poiblí (nó, i gcás sonraí acmhainní daonna, iad a chur ar fáil go héasca dóibh siúd lena mbaineann) agus naisc a sholáthar chuig suíomh gréasáin DoC (mar aon le mionsonraí breise maidir le deimhniúchán, cearta ábhar sonraí agus sásraí maidir le ceart cúitimh atá ar fáil), chuig Liosta an Chreata Príobháideachais Sonraí (Liosta CPS) ina liostaítear eagraíochtaí rannpháirteacha agus chuig suíomh gréasáin soláthraí mhalartaigh iomchuí um réiteach díospóidí (40).

2.2.5    Cearta aonair

(29)

Ba cheart cearta áirithe a bheith ag ábhair sonraí ar féidir iad a fhorfheidhmiú in aghaidh an rialaitheora nó an phróiseálaí, go háirithe an ceart chun rochtain a fháil ar shonraí, an ceart agóid a dhéanamh in aghaidh na próiseála agus an ceart go gceartófar agus go léirscriosfar sonraí.

(30)

Leis an bPrionsabal maidir le Rochtain (41) in CPS AE-SAM tugtar na cearta sin do dhaoine aonair. Go sonrach, tá sé de cheart ag ábhair sonraí, gan gá a bheith le húdar a thabhairt, deimhniú a fháil ó eagraíocht maidir le cé acu atá nó nach bhfuil sonraí pearsanta a bhaineann leo á bpróiseáil aici; go gcuirfear na sonraí in iúl dóibh; go bhfaighidh siad faisnéis maidir le críoch na próiseála, na catagóirí sonraí pearsanta atá á bpróiseáil agus na (catagóirí) faighteoirí dá nochtar na sonraí (42). Ceanglaítear ar eagraíochtaí iarrataí ar rochtain a fhreagairt laistigh de thréimhse ama réasúnta (43). Féadfaidh eagraíochtaí teorainneacha réasúnta ar an líon uaireanta laistigh de thréimhse áirithe a chomhlíonfar iarrataí ó dhuine áirithe a shocrú agus táille nach bhfuil iomarcach a ghearradh, e.g. i gcás ina bhfuil iarrataí iomarcach go follasach, go háirithe toisc go bhfuil siad athráiteach (44).

(31)

Ní fhéadfar an ceart chun rochtana a shrianadh ach in imthosca eisceachtúla atá comhchosúil leo siúd dá bhforáiltear faoi dhlí an Aontais maidir le cosaint sonraí, go háirithe i gcás ina sárófaí cearta dlisteanacha páirtithe eile; i gcás ina mbeadh an t-ualach nó an costas a bhaineann le rochtain a sholáthar díréireach leis na rioscaí do phríobháideachas an duine aonair in imthosca an cháis (cé nach tosca rialaithe iad costas agus ualach agus cinneadh á dhéanamh an bhfuil sé réasúnach rochtain a sholáthar); a mhéid ar dócha go gcuirfidh an nochtadh isteach ar choimirciú leasanna poiblí frithchúitimh tábhachtacha, amhail slándáil náisiúnta, slándáil phoiblí nó cosaint phoiblí; i gcás ina gcuimsítear san fhaisnéis faisnéis tráchtála rúnda; nó i gcás ina ndéantar an fhaisnéis a phróiseáil chun críoch taighde nó staidrimh amháin (45). Aon diúltú do cheart, nó aon teorainn ar cheart, ní mór gá a bheith leis agus údar cuí a thabhairt leis, agus is ar an eagraíocht atá an dualgas a léiriú go gcomhlíontar na ceanglais sin (46). Agus an measúnú sin á dhéanamh, ní mór don eagraíocht leasanna an duine aonair a chur san áireamh go háirithe (47). I gcás inar féidir faisnéis a scaradh ó shonraí eile a bhfuil feidhm ag srian maidir leo, ní mór don eagraíocht an fhaisnéis chosanta a fholú agus an fhaisnéis eile a nochtadh (48).

(32)

Ina theannta sin, tá sé de cheart ag ábhair sonraí go gceartófar nó go leasófar sonraí míchruinne, agus go scriosfar sonraí arna bpróiseáil de shárú ar na Prionsabail (49). Thairis sin, mar a mhínítear in aithris 15, tá sé de cheart ag daoine aonair agóid a dhéanamh in aghaidh phróiseáil a sonraí/roghnú gan bheith páirteach sa phróiseáil sin chun críoch atá éagsúil go hábhartha (ach comhoiriúnach) leis na críocha ar lena n-aghaidh a bailíodh na sonraí agus tá sé de cheart acu agóid a dhéanamh in aghaidh nochtadh a sonraí do thríú páirtithe/roghnú gan bheith páirteach sa nochtadh sin. Nuair a úsáidtear sonraí pearsanta chun críoch margaíochta dírí, tá sé de cheart ginearálta ag daoine aonair roghnú gan bheith páirteach sa phróiseáil tráth ar bith (50).

(33)

Leis na Prionsabail, ní thugtar aghaidh go sonrach ar an tsaincheist a bhaineann le cinntí lena ndéantar difear don ábhar sonraí bunaithe ar uathphróiseáil sonraí pearsanta agus ar an gcineál sin próiseála amháin. Mar sin féin, a mhéid a bhaineann le sonraí pearsanta a bailíodh san Aontas, is ag an rialaitheoir san Aontas (ag a bhfuil caidreamh díreach leis an ábhar sonraí lena mbaineann) a dhéanfar aon chinneadh de ghnáth a bheidh bunaithe ar phróiseáil uathoibrithe agus bíonn an cinneadh sin faoi réir Rialachán (AE) 2016/679 go díreach dá réir (51). Áirítear leis sin cásanna maidir le haistriú inarb oibreoir gnó eachtrach (de chuid SAM mar shampla) a dhéanann an phróiseáil agus é nó í ag gníomhú mar ghníomhaire (próiseálaí) thar ceann an rialaitheora san Aontas (nó mar fhophróiseálaí a ghníomhaíonn thar ceann an phróiseálaí de chuid an Aontais a fuair na sonraí ó rialaitheoir de chuid an Aontais a bhailigh na sonraí) arb é a dhéanann an cinneadh ar an mbonn sin ansin.

(34)

Deimhníodh é sin le staidéar a choimisiúnaigh an Coimisiún in 2018 i gcomhthéacs an dara hathbhreithniú bliantúil ar fheidhmiú na Scéithe Príobháideachais (52), inar thángthas ar an gconclúid, an tráth sin, nárbh ann d’aon fhianaise a thabharfadh le fios go raibh eagraíochtaí na Scéithe Príobháideachais ag déanamh cinnteoireacht uathoibrithe de ghnáth ar bhonn sonraí pearsanta arna n-aistriú faoin Sciath Phríobháideachais.

(35)

In aon chás, i réimsí inar mó an dóchúlacht go rachaidh cuideachtaí i muinín uathphróiseála sonraí pearsanta chun cinntí a dhéanamh lena ndéantar difear don duine aonair (e.g. iasachtú creidmheasa, tairiscintí morgáiste, fostaíocht, tithíocht agus árachas), tugann dlí na Stát Aontaithe cosaintí sonracha in aghaidh cinntí díobhálacha (53). Foráiltear leis na hachtanna sin de ghnáth go bhfuil sé de cheart ag daoine aonair go gcuirfear ar an eolas iad maidir leis na cúiseanna sonracha is bonn leis an gcinneadh (e.g. diúltú creidmheasa), chun faisnéis neamhiomlán nó mhíchruinn (chomh maith leis an méid a bhítear ag brath ar thosca neamhdhleathacha) a dhíospóid, agus chun sásamh a lorg. I réimse an chreidmheasa tomhaltóirí, tá coimircí in The Fair Credit Reporting Act (FCRA) agus in The Equal Credit Opportunity Act (ECOA) lena dtugtar ceart de chineál éigin do thomhaltóirí chun míniú a fháil agus chun an cinneadh a chonspóid. Tá na hAchtanna sin ábhartha i raon leathan réimsí, lena n-áirítear creidmheas, fostaíocht, tithíocht agus árachas. Ina theannta sin, le dlíthe áirithe i gcoinne an idirdhealaithe, amhail Teideal VII de The Civil Rights Act agus The Fair Housing Act, soláthraítear cosaintí do dhaoine aonair maidir le samhlacha a úsáidtear i gcinnteoireacht uathoibrithe a bhféadfadh idirdhealú ar bhonn saintréithe áirithe a bheith mar thoradh orthu, agus deonaítear cearta do dhaoine aonair agóid a dhéanamh in aghaidh cinntí den sórt sin, lena n-áirítear cinn uathoibrithe. Maidir le faisnéis sláinte, le Riail Phríobháideachais The Health Insurance Portability and Accountability Act (HIPAA), cruthaítear cearta áirithe atá comhchosúil leo siúd atá i Rialachán (AE) 2016/679 maidir le rochtain a fháil ar fhaisnéis sláinte phearsanta. Ina theannta sin, le treoraíocht ó údaráis na Stát Aontaithe, ceanglaítear ar sholáthraithe leighis faisnéis a fháil a cheadaíonn dóibh daoine aonair a chur ar an eolas maidir le córais cinnteoireachta uathoibrithe a úsáidtear san earnáil leighis (54).

(36)

Dá bhrí sin, leis na rialacha sin, soláthraítear cosaintí atá comhchosúil leo siúd a sholáthraítear faoi dhlí an Aontais maidir le cosaint sonraí sa chás neamhdhóchúil ina ndéanfadh eagraíocht CPS AE-SAM í féin cinntí uathoibrithe.

2.2.6    Srianta ar aistrithe ar aghaidh

(37)

An leibhéal cosanta a thugtar do shonraí pearsanta a aistrítear ón Aontas chuig eagraíochtaí sna Stáit Aontaithe, ní mór gan an bonn a bhaint de sin trí na sonraí sin a aistriú ar aghaidh chuig faighteoir sna Stáit Aontaithe nó i dtríú tír.

(38)

Faoin bPrionsabal maidir le Cuntasacht i leith Aistriú ar Aghaidh (55) , tá feidhm ag rialacha speisialta maidir le ‘haistrithe ar aghaidh’, mar a ghairtear díobh, i.e. aistrithe sonraí pearsanta ó eagraíocht CPS AE-SAM chuig rialaitheoir nó próiseálaí tríú páirtí, bíodh an tríú páirtí sin lonnaithe sna Stáit Aontaithe nó i dtríú tír lasmuigh de na Stáit Aontaithe (agus den Aontas). Ní fhéadfar aon aistriú ar aghaidh a dhéanamh ach amháin (i) chun críoch teoranta agus sonraithe, (ii) ar bhonn conradh idir eagraíocht CPS AE-SAM agus an tríú páirtí (56) (nó socrú inchomparáide laistigh de ghrúpa corparáideach (57)) agus (iii) sa chás amháin go gceanglaítear leis an gconradh sin go soláthróidh an tríú páirtí an leibhéal céanna cosanta leis an gceann a ráthaíonn na Prionsabail.

(39)

An oibleagáid sin chun an leibhéal céanna cosanta a sholáthar agus a ráthaítear leis na Prionsabail, nuair a léitear í in éineacht leis an bPrionsabal maidir le Sláine Sonraí agus Teorannú de réir Cuspóra, ciallaíonn sé go háirithe nach bhféadfaidh an tríú páirtí na sonraí pearsanta a tharchuirtear chuige a phróiseáil ach chun críoch nach bhfuil comhoiriúnach leis na críocha ar lena n-aghaidh a bailíodh iad nó a d’údaraigh an duine aonair ina dhiaidh sin (i gcomhréir leis an bPrionsabal maidir le Rogha).

(40)

Ba cheart an Prionsabal maidir le Cuntasacht i leith Aistriú ar Aghaidh a léamh freisin i gcomhar leis an bPrionsabal maidir le Fógra agus, i gcás aistriú ar aghaidh chuig rialaitheoir tríú páirtí (58), leis an bPrionsabal maidir le Rogha, ar dá réir nach mór ábhair sonraí (i measc páirtithe eile) a chur ar an eolas maidir le cineál/aitheantas aon fhaighteoir is tríú páirtí, maidir le críoch an aistrithe ar aghaidh agus maidir leis na roghanna a thairgtear, agus ar dá réir a fhéadfaidh siad agóid a dhéanamh ina n-aghaidh (nó roghnú gan bheith páirteach) nó, i gcás sonraí íogaire, nach mór dóibh ‘toiliú sainráite dearfach’ a thabhairt i leith an aistrithe ar aghaidh (roghnú a bheith páirteach ann).

(41)

An oibleagáid chun an leibhéal céanna cosanta a sholáthar agus a cheanglaítear leis na Prionsabail, tá feidhm aici maidir le haon tríú páirtí agus gach tríú páirtí a bhfuil baint aige le próiseáil na sonraí a aistrítear amhlaidh gan beann ar an áit a bhfuil siad lonnaithe (sna Stáit Aontaithe nó i dtríú tír eile) agus maidir le cás inarb é an faighteoir is tríú páirtí bunaidh é féin a tharchuireann na sonraí sin chuig faighteoir is tríú páirtí eile, chun críoch fophróiseála mar shampla.

(42)

I ngach cás, ní mór a fhoráil leis an gconradh leis an bhfaighteoir is tríú páirtí go dtabharfaidh an páirtí deireanach sin fógra d’eagraíocht CPS AE-SAM má chinneann sé nach féidir leis a oibleagáid a chomhlíonadh a thuilleadh. I gcás ina gcinnfear amhlaidh, ní mór don tríú páirtí deireadh a chur leis an bpróiseáil nó bearta réasúnacha iomchuí eile a dhéanamh chun an cás a leigheas (59).

(43)

Tá feidhm ag cosaintí breise i gcás aistriú ar aghaidh chuig gníomhaire is tríú páirtí (i.e. próiseálaí). I gcás den sórt sin, ní mór don eagraíocht de chuid SAM a áirithiú nach ngníomhóidh an gníomhaire ach ar threoracha a fháil uaithi agus ní mór di bearta réasúnacha iomchuí a dhéanamh (i) chun a áirithiú go ndéanfaidh an gníomhaire na sonraí pearsanta a aistrítear chuige a phróiseáil go héifeachtach ar bhealach atá comhsheasmhach le hoibleagáidí na heagraíochta faoi na Prionsabail agus, (ii) go gcuirfidh sé stad le próiseáil neamhúdaraithe agus go gceartóidh sé an phróiseáil sin, ach fógra a fháil (60). Féadfaidh DoC a cheangal ar an eagraíocht achoimre ar fhorálacha príobháideachais an chonartha, nó cóip ionadaíoch díobh, a sholáthar (61). I gcás ina dtiocfaidh fadhbanna comhlíonta i slabhra próiseála (fophróiseála) chun cinn, beidh an dliteanas i bprionsabal ar an eagraíocht a ghníomhaíonn mar rialaitheoir na sonraí pearsanta, mar a shonraítear sa Phrionsabal maidir le Ceart Cúitimh, Forfheidhmiú agus Dliteanas, ach amháin má chruthaíonn sí nach bhfuil freagracht uirthi as an teagmhas is siocair leis an damáiste (62).

2.2.7    Cuntasacht

(44)

Faoi phrionsabal na cuntasachta, ceanglaítear ar eintitis a phróiseálann sonraí bearta teicniúla agus eagraíochtúla iomchuí a chur i bhfeidhm chun a n-oibleagáidí maidir le cosaint sonraí a chomhlíonadh go héifeachtach agus chun bheith in ann comhlíonadh den sórt sin a léiriú, go háirithe don údarás maoirseachta inniúil.

(45)

Nuair a bheidh cinneadh deonach déanta ag eagraíocht deimhniú a dhéanamh (63) faoi CPS AE-SAM, is éigeantach agus in-fhorfheidhmithe é a bheith ag comhlíonadh na bPrionsabal go héifeachtach. Faoin bPrionsabal maidir le Ceart Cúitimh, Forfheidhmiú agus Dliteanas (64), ní mór d’eagraíochtaí CPS AE-SAM sásraí éifeachtacha a sholáthar chun comhlíonadh na bPrionsabal a áirithiú. Ní mór d’eagraíochtaí bearta a dhéanamh freisin chun a fhíorú (65) go gcomhlíonann a mbeartais phríobháideachais na Prionsabail agus, go deimhin, go gcomhlíontar na beartais. Is féidir é sin a dhéanamh trí chóras féinmheasúnaithe, nach mór nósanna imeachta inmheánacha a áireamh ann lena n-áirithítear go gcuirtear oiliúint ar fhostaithe maidir le cur chun feidhme beartas príobháideachais na heagraíochta agus go ndéantar athbhreithniú tráthrialta oibiachtúil ar chomhlíonadh, nó trí athbhreithnithe seachtracha ar chomhlíonadh, a bhféadfaí iniúchadh, seiceálacha randamacha nó úsáid uirlisí teicneolaíochta a áireamh ar a modhanna.

(46)

Ina theannta sin, ní mór d’eagraíochtaí taifid a choinneáil maidir le cur chun feidhme a gcleachtas CPS AE-SAM agus iad a chur ar fáil arna iarraidh sin i gcomhthéacs imscrúdaithe nó gearáin maidir le neamhchomhlíonadh a dhéantar le comhlacht neamhspleách um réiteach díospóidí nó le húdarás forfheidhmithe inniúil (66).

2.3   Riarachán, formhaoirseacht agus forfheidhmiú

(47)

Is é DoC a riarfaidh agus a dhéanfaidh faireachán ar CPS. Leis an gCreat, déantar foráil maidir le sásraí formhaoirseachta agus forfheidhmithe chun a fhíorú agus a áirithiú go gcomhlíonfaidh eagraíochtaí CPS AE-SAM na Prionsabail agus go dtabharfar aghaidh ar aon mhainneachtain comhlíonta. Leagtar na sásraí sin amach sna Prionsabail (Iarscríbhinn I) agus sna gealltanais a thugann DoC (Iarscríbhinn III), FTC (Iarscríbhinn IV) agus DoT (Iarscríbhinn V).

2.3.1    Deimhniúchán (athdheimhniúchán)

(48)

Chun deimhniú a dhéanamh faoi CPS AE-SAM, (nó chun athdheimhniú a dhéanamh ar bhonn bliantúil), ceanglaítear ar eagraíochtaí a ngealltanas a dhearbhú go poiblí go gcomhlíonfaidh siad na Prionsabail, a mbeartais phríobháideachais a chur ar fáil agus iad a chur chun feidhme go hiomlán (67). Mar chuid dá n-iarratas ar dheimhniúchán (athdheimhniúchán), tá ar eagraíochtaí faisnéis a chur faoi bhráid DoC maidir leis na nithe seo a leanas, inter alia: ainm na heagraíochta ábhartha, tuairisc ar na críocha ar lena n-aghaidh a phróiseálfaidh an eagraíocht sonraí pearsanta, na sonraí pearsanta a chumhdófar leis an deimhniúchán, chomh maith leis an modh fíorúcháin roghnaithe, an sásra neamhspleách ábhartha maidir le ceart cúitimh agus an comhlacht reachtúil a bhfuil dlínse aige comhlíonadh na bPrionsabal a fhorfheidhmiú (68).

(49)

Féadann eagraíochtaí sonraí pearsanta a fháil ar bhonn CPS AE-SAM ón dáta a chuireann DoC ar liosta CPS iad. Chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú agus ‘maímh bhréagacha’ a sheachaint, ní cheadaítear d’eagraíochtaí atá ag deimhniú den chéad uair tagairt a dhéanamh go poiblí do bheith ag cloí leis na Prionsabail sula gcinnfidh DoC go bhfuil iarratas na heagraíochta ar dheimhniúchán tugtha i gcrích agus sula gcuirfidh sé an eagraíocht le Liosta CPS (69). Chun go gceadófar dóibh leanúint de bheith ag brath ar CPS AE-SAM chun sonraí pearsanta a fháil ón Aontas, ní mór d’eagraíochtaí den sórt sin a rannpháirtíocht sa chreat a athdheimhniú go bliantúil. I gcás ina n-imeoidh eagraíocht ó CPS AE-SAM ar aon chúis, ní mór di gach ráiteas lena dtugtar le tuiscint go leanann an eagraíocht de bheith rannpháirteach sa Chreat a bhaint (70).

(50)

Mar a léirítear sna gealltanais a leagtar amach in Iarscríbhinn III, fíoróidh DoC cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann eagraíochtaí na ceanglais deimhniúcháin uile agus cé acu atá nó nach bhfuil beartas príobháideachais (poiblí) curtha i bhfeidhm acu ina bhfuil an fhaisnéis a cheanglaítear leis an bPrionsabal maidir le Fógra (71). Ag tógáil ar an taithí a fuarthas leis an bpróiseas deimhniúcháin (athdheimhniúcháin) faoin Sciath Phríobháideachais, déanfaidh DoC roinnt seiceálacha, lena n-áirítear chun a fhíorú an bhfuil hipearnasc i mbeartais phríobháideachais eagraíochtaí chuig an bhfoirm cheart ghearán ar shuíomh gréasáin an tsásra ábhartha um réiteach díospóidí agus, i gcás ina n-áirítear roinnt eintiteas agus fochuideachtaí d’aon eagraíocht amháin in iarratas ar dheimhniúchán, an gcomhlíonann beartais phríobháideachais gach ceann de na heintitis sin na ceanglais deimhniúcháin agus an bhfuil siad ar fáil go héasca d’ábhair sonraí (72). Ina theannta sin, i gcás inar gá, déanfaidh DoC cros-seiceálacha le FTC agus DoT chun a fhíorú go bhfuil na heagraíochtaí faoi réir comhlacht formhaoirseachta a shainaithnítear ina n-iarratais ar dheimhniúchán (athdheimhniúchán), agus oibreoidh sé le comhlachtaí malartacha um réiteach díospóidí chun a fhíorú go bhfuil eagraíochtaí cláraithe leis an sásra maidir le ceart cúitimh a shainaithnítear ina n-iarratas ar dheimhniúchán (athdheimhniúchán) (73).

(51)

Cuirfidh DoC in iúl d’eagraíochtaí nach mór dóibh aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna uile a shainaithnítear le linn a athbhreithnithe chun an deimhniúchán (an t-athdheimhniúchán) a thabhairt i gcrích. Sa chás nach bhfreagróidh eagraíocht laistigh de thráthchlár a shocraíonn DoC (a mhéid a bhaineann le hathdheimhniúchán, mar shampla, bheadh coinne leis go dtabharfaí an próiseas i gcrích laistigh de 45 lá) (74) nó sa chás go mainneoidh sí a deimhniúchán a thabhairt i gcrích ar aon bhealach eile, breithneofar an t-iarratas a bheith tréigthe. Sa chás sin, d’fhéadfadh aon mhífhaisnéis maidir le rannpháirtíocht in CPS AE-SAM nó maidir lena chomhlíonadh a bheith faoi réir gníomhaíocht forfheidhmithe ag FTC nó DoT (75).

(52)

Chun a áirithiú go gcuirfear CPS AE-SAM i bhfeidhm i gceart, ní mór páirtithe leasmhara, amhail ábhair sonraí, onnmhaireoirí sonraí agus na húdaráis náisiúnta cosanta sonraí (ÚCSanna), a bheith in ann na heagraíochtaí sin a chloíonn leis na Prionsabail a shainaithint. Chun trédhearcacht den sórt sin a áirithiú ag an ‘bpointe isteach’, tá gealltanas tugtha ag DoC an liosta eagraíochtaí a dheimhnigh go gcloíonn siad leis na Prionsabail agus a thagann faoi dhlínse ceann amháin, ar a laghad, de na húdaráis forfheidhmithe dá dtagraítear in Iarscríbhinní IV agus V a ghabhann leis an gCinneadh seo a choinneáil ar bun agus a chur ar fáil go poiblí (76). Tabharfaidh DoC an liosta cothrom le dáta ar bhonn iarratas bliantúil eagraíochta ar athdheimhniúchán agus tráth ar bith a tharraingíonn eagraíocht siar ó CPS AE-SAM nó a bhaintear de í. Thairis sin, chun trédhearcacht a ráthú ag an ‘bpointe amach’ freisin, déanfaidh DoC taifead eagraíochtaí a baineadh den liosta a choinneáil ar bun agus a chur ar fáil go poiblí, á sainaithint i ngach cás an chúis a bhí leis an mbaint sin (77). Ar deireadh, soláthróidh sé nasc le leathanach gréasáin FTC maidir le CPS AE-SAM, mar a liostófar gníomhaíocht forfheidhmithe FTC faoin gCreat (78).

2.3.2    Faireachán ar chomhlíontacht

(53)

Déanfaidh DoC faireachán ar bhonn leanúnach ar chomhlíonadh éifeachtach na bPrionsabal ag eagraíochtaí CPS AE-SAM trí shásraí éagsúla (79). Go háirithe, déanfaidh sé ‘spotseiceálacha’ ar eagraíochtaí arna roghnú go randamach, chomh maith le spotseiceálacha ad hoc ar eagraíochtaí sonracha i gcás ina sainaithnítear saincheisteanna comhlíonta a d’fhéadfadh a bheith ann (e.g. a thuairiscíonn tríú páirtithe do DoC) chun a fhíorú an bhfuil (i) pointe (pointí) teagmhála chun gearáin agus iarrataí ó ábhair sonraí a láimhseáil ar fáil agus freagrúil; (ii) beartas príobháideachais na heagraíochta ar fáil go héasca, ar a suíomh gréasáin agus trí hipearnasc ar shuíomh gréasáin DoC araon; (iii) beartas príobháideachais na heagraíochta ag leanúint de bheith ag comhlíonadh na gceanglas deimhniúcháin agus (iv) an sásra neamhspleách um réiteach díospóidí a roghnaigh an eagraíocht ar fáil chun gearáin a láimhseáil (80).

(54)

Má bhíonn fianaise inchreidte ann nach gcomhlíonann eagraíocht a gealltanais faoi CPS AE-SAM (lena n-áirítear má fhaigheann DoC gearáin nó mura bhfreagraíonn an eagraíocht fiosrúcháin DoC go sásúil), ceanglóidh DoC ar an eagraíocht ceistneoir mionsonraithe a líonadh isteach agus a chur faoina bhráid (81). Eagraíocht nach bhfreagraíonn an ceistneoir go sásúil agus go tráthúil, cuirfear ar aghaidh chuig an údarás ábhartha í (FTC nó DoT) i dtaca le gníomhaíocht forfheidhmithe fhéideartha (82). Mar chuid dá ghníomhaíochtaí faireacháin ar chomhlíonadh faoin Sciath Phríobháideachais, rinne DoC na spotseiceálacha a luaitear in aithris 53 go tráthrialta agus rinne faireachán leanúnach ar thuarascálacha poiblí, lenar tugadh caoi dó saincheisteanna comhlíonta a shainaithint, aghaidh a thabhairt orthu agus iad a réiteach (83). Má mhainníonn eagraíochtaí go leanúnach na Prionsabail a chomhlíonadh, bainfear de Liosta CPS iad agus ní mór dóibh na sonraí pearsanta a fuarthas faoin gCreat a thabhairt ar ais nó a léirscriosadh (84).

(55)

I gcásanna eile bainte, amhail tarraingt siar dheonach ón rannpháirtíocht nó neamhchomhlíonadh maidir le hathdheimhniúchán, ní mór don eagraíocht na sonraí a léirscriosadh nó a thabhairt ar ais, nó féadfaidh sí iad a choinneáil ar choinníoll go ndearbhaíonn sí a gealltanas do DoC ar bhonn bliantúil go leanfaidh sí de chur i bhfeidhm na bPrionsabal nó ar choinníoll go soláthróidh sí cosaint leormhaith do na sonraí trí mhodh údaraithe eile (e.g. trí chonradh a úsáid lena léirítear go hiomlán ceanglais na gclásal conarthach caighdeánach ábhartha arna bhformheas ag an gCoimisiún) (85). Sa chás sin, tá ar eagraíocht freisin pointe teagmhála laistigh den eagraíocht a shainaithint le haghaidh gach ceiste a bhaineann le CPS AE-SAM.

2.3.3    Maímh bhréagacha rannpháirtíochta a shainaithint agus aghaidh a thabhairt orthu

(56)

Déanfaidh DoC faireachán ar aon mhaíomh bréagach maidir le rannpháirtíocht in CPS AE-SAM nó ar úsáid mhíchuí a bhaintear as marc deimhniúcháin CPS AE-SAM, ar bhonn ex officio agus ar bhonn gearán araon (e.g. a fhaightear ó ÚCSanna) (86). Go sonrach, maidir le heagraíochtaí (i) a tharraingíonn siar ón rannpháirtíocht in CPS AE-SAM, (ii) a mhainníonn athdheimhniúchán bliantúil a thabhairt i gcrích (i.e., eagraíochtaí a thosaíonn ach a mhainníonn an próiseas athdheimhniúcháin bliantúil a thabhairt i gcrích go tráthúil nó nach dtosaíonn fiú ar an bpróiseas athdheimhniúcháin bliantúil), (iii) a bhaintear mar rannpháirtí, go háirithe mar gheall ar ‘mhainneachtain leanúnach comhlíonta,’ nó (iv) a mhainníonn deimhniúchán tosaigh a thabhairt i gcrích (i.e. a thosaigh air, ach a mhainnigh an próiseas deimhniúcháin tosaigh a thabhairt i gcrích go tráthúil), fíoróidh DoC ar bhonn leanúnach go mbainfidh siad dá mbeartais phríobháideachais aon tagairt fhoilsithe ábhartha do CPS AE-SAM lena dtugtar le tuiscint go mbíonn an eagraíocht rannpháirteach go gníomhach sa Chreat (87). Déanfaidh DoC cuardaigh idirlín freisin chun tagairtí do CPS AE-SAM i mbeartais phríobháideachais eagraíochtaí a shainaithint, lena n-áirítear chun maímh bhréagacha a shainaithint ag eagraíochtaí nach raibh rannpháirteach riamh in CPS AE-SAM (88).

(57)

I gcás ina suífidh DoC nár baineadh tagairtí do CPS AE-SAM nó go n-úsáidtear go míchuí iad, cuirfidh sé an eagraíocht ar an eolas faoi go bhféadfaí í a chur ar aghaidh chuig FTC/DoT (89). Mura bhfreagraíonn eagraíocht go sásúil, cuirfidh DoC an t-ábhar ar aghaidh chuig an údarás ábhartha i dtaca le gníomhaíocht forfheidhmithe fhéideartha (90). Aon mhífhaisnéis maidir leis an eagraíocht a bheith ag cloí leis na Prionsabail a thugann an eagraíocht don phobal i gcoitinne i bhfoirm ráitis nó cleachtais mhíthreoracha, tá sí faoi réir gníomhaíocht forfheidhmithe ag FTC, DoT nó údaráis forfheidhmithe ábhartha eile na Stát Aontaithe. Tá mífhaisnéis do DoC in-fhorfheidhmithe faoi The False Statements Act (18 U.S.C., Roinn 1001).

2.3.4    Forfheidhmiú

(58)

Chun a áirithiú go ráthaítear leibhéal leormhaith cosanta sonraí sa chleachtas, ba cheart údarás maoirseachta neamhspleách a bheith i bhfeidhm a mbeidh cumhachtaí curtha de chúram air chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na rialacha um chosaint sonraí agus an comhlíonadh sin a fhorfheidhmiú.

(59)

Ní mór eagraíochtaí CPS AE-SAM a bheith faoi réir dhlínse údaráis inniúla na Stát Aontaithe – FTC agus DoT – ag a bhfuil na cumhachtaí imscrúdaithe agus forfheidhmithe is gá chun a áirithiú go héifeachtach go gcomhlíontar na Prionsabail (91).

(60)

Is údarás neamhspleách é FTC ina bhfuil cúigear Coimisinéirí, arna gceapadh ag an Uachtarán de réir chomhairle agus le toil an tSeanaid (92). Ceaptar Coimisinéirí ar feadh téarma 7 mbliana agus is i ngeall ar neamhéifeachtúlacht, faillí i ndualgas nó mí-iompar oifigiúil agus i ngeall orthu sin amháin a fhéadfaidh an tUachtarán iad a chur as oifig. Ní fhéadfar níos mó ná triúr Coimisinéirí den pháirtí polaitiúil céanna a bheith ag FTC agus ní fhéadfaidh Coimisinéirí gabháil d’aon ghnó, gairm ná fostaíocht eile le linn a gceapacháin.

(61)

Is féidir le FTC imscrúdú a dhéanamh ar chomhlíonadh na bPrionsabal i measc eagraíochtaí, agus ar mhaímh bhréagacha eagraíochtaí maidir le hiad a bheith ag cloí leis na Prionsabail nó maidir le rannpháirtíocht in CPS AE-SAM, ar eagraíochtaí iad nach bhfuil ar Liosta CPS a thuilleadh nó nár deimhníodh riamh (93). Is féidir le FTC comhlíonadh a fhorfheidhmiú trí orduithe cúirte riaracháin nó feidearálacha a lorg (lena n-áirítear ‘orduithe um thoiliú’ a bhaintear amach trí réitigh) (94) maidir le réamh-urghairí nó urghairí buana nó leigheasanna eile, agus déanfaidh sé faireachán córasach ar orduithe den sórt sin (95). I gcás nach gcomhlíonfaidh eagraíochtaí orduithe den sórt sin, féadfaidh FTC pionóis shibhialta agus leigheasanna eile a lorg, lena n-áirítear maidir le haon díobháil arb é an t-iompar neamhdhleathach is cúis léi. Gach ordú um thoiliú a eisítear d’eagraíocht CPS AE-SAM, beidh forálacha um fhéintuairisciú ann (96), agus ceanglófar ar eagraíochtaí aon roinn ábhartha a bhaineann le CPS AE-SAM d’aon tuarascáil chomhlíontachta nó mheasúnachta a chuirtear faoi bhráid FTC a chur ar fáil go poiblí. Ar deireadh, coinneoidh FTC ar bun liosta ar líne d’eagraíochtaí atá faoi réir FTC nó orduithe cúirte i gcásanna CPS AE-SAM (97).

(62)

A mhéid a bhaineann leis an Sciath Phríobháideachais, rinne FTC gníomhaíocht forfheidhmithe in thart ar 22 chás, maidir le sáruithe ar cheanglais shonracha an chreata (e.g. gan a dhearbhú do DoC gur lean an eagraíocht de chosaintí na Scéithe Príobháideachais a chur i bhfeidhm tar éis di imeacht ón gcreat, gan a fhíorú, trí fhéinmheasúnú nó trí athbhreithniú seachtrach ar chomhlíonadh, gur chomhlíon an eagraíocht an creat) (98) agus maidir le maímh bhréagacha rannpháirtíochta sa chreat (e.g. ag eagraíochtaí nár thug i gcrích na bearta ba ghá a dhéanamh chun deimhniúchán a fháil, nó a lig dá ndeimhniúchán dul i léig ach a thug bréagléiriú gur lean siad de bheith rannpháirteach) (99). Bhí an ghníomhaíocht forfheidhmithe sin inter alia mar thoradh ar úsáid réamhghníomhach subpoena riaracháin chun ábhair a fháil ó rannpháirtithe áirithe sa Sciath Phríobháideachais chun a sheiceáil arbh ann do sháruithe substainteacha ar oibleagáidí na Scéithe Príobháideachais (100).

(63)

Ar bhonn níos ginearálta, le blianta beaga anuas tá gníomhaíocht forfheidhmiúcháin déanta ag FTC i roinnt cásanna a bhaineann le comhlíonadh ceanglas sonrach maidir le cosaint sonraí a chuirtear ar fáil freisin faoi CPS AE-SAM, e.g. a mhéid a bhaineann le prionsabail an teorannaithe de réir cuspóra agus na coinneála sonraí (101), íoslaghdú sonraí (102), slándáil sonraí (103) agus cruinneas sonraí (104).

(64)

Tá údarás eisiach ag DoT cleachtais phríobháideachais aerlínte a rialáil, agus comhroinneann sé dlínse le FTC maidir le cleachtais phríobháideachais gníomhairí ticéad i ndíol aeriompair. Féachann oifigigh DoT le teacht ar réiteach ar dtús agus, mura féidir sin, féadfaidh siad imeachtaí forfheidhmithe a thionscnamh ina mbeidh éisteacht fianaise os comhair breitheamh dlí riaracháin de chuid DoT a bhfuil sé d’údarás aige orduithe stop agus scoir agus pionóis shibhialta a eisiúint (105). Tairbhíonn breithiúna dlí riaracháin de roinnt cosaintí faoi The Administrative Procedure Act (APA) chun a áirithiú go mbeidh siad neamhspleách neamhchlaonta. Ní fhéadfar iad a chur as oifig ach ar chúis mhaith, mar shampla; sanntar do chásanna de réir uainíochta iad; ní fhéadfaidh siad dualgais a dhéanamh nach bhfuil i gcomhréir lena ndualgais agus a bhfreagrachtaí mar bhreithiúna dlí riaracháin; níl siad faoi réir maoirseachta ag foireann imscrúdaitheach an údaráis a fhostaíonn iad (DoT sa chás seo); agus ní mór dóibh a bhfeidhm bhreithiúnach/forfheidhmithe a dhéanamh go neamhchlaonta (106). Tá geallta ag DoT go ndéanfaidh sé faireachán ar orduithe forfheidhmithe agus go n-áiritheoidh sé go mbeidh orduithe a thagann as cásanna CPS AE-SAM le fáil ar a shuíomh gréasáin (107).

2.4   Sásamh

(65)

Chun cosaint leormhaith a áirithiú agus go háirithe forfheidhmiú ceart aonair, ba cheart sásamh éifeachtach riaracháin agus sásamh éifeachtach breithiúnach a sholáthar don ábhar sonraí.

(66)

Tríd an bPrionsabal maidir le Ceart Cúitimh, Forfheidhmiú agus Dliteanas, ceanglaíonn CPS AE-SAM ar eagraíochtaí cúiteamh a sholáthar do dhaoine aonair a ndéanann neamhchomhlíonadh difear dóibh agus an fhéidearthacht a sholáthar dá réir sin go ndéanfaidh ábhair sonraí AE gearáin maidir le neamhchomhlíonadh eagraíochtaí CPS AE-SAM agus go réiteofar na gearáin sin, trí chinneadh lena soláthraítear leigheas éifeachtach más gá (108). Mar chuid dá ndeimhniúchán, ní mór d’eagraíochtaí ceanglais an Phrionsabail sin a chomhlíonadh trí shásraí neamhspleácha maidir le ceart cúitimh a sholáthar atá éifeachtach agus ar fáil go héasca, lenar féidir imscrúdú a dhéanamh ar ghearáin agus díospóidí gach duine aonair agus iad a réiteach go gasta gan aon chostas a bheith ar an duine aonair as (109).

(67)

Féadfaidh eagraíochtaí sásraí neamhspleácha maidir le ceart cúitimh san Aontas nó sna Stáit Aontaithe a roghnú. Mar a mhínítear ar bhealach níos mionsonraithe in aithris 73, áirítear leis sin an fhéidearthacht go ngeallfaí go deonach dul i gcomhar le ÚCSanna Aontais. I gcás ina bpróiseálfaidh eagraíochtaí sonraí acmhainní daonna, is éigeantach an gealltanas sin dul i gcomhar le ÚCSanna an Aontais. Ar roghanna malartacha eile tá cláir neamhspleácha mhalartacha um réiteach díospóidí nó cláir phríobháideachais arna bhforbairt ag an earnáil phríobháideach ina n-ionchorpraítear na Prionsabail ina rialacha. Ní mór a áireamh sa cheann deireanach sin sásraí forfheidhmithe éifeachtacha i gcomhréir le ceanglais an Phrionsabail maidir le Ceart Cúitimh, Forfheidhmiú agus Dliteanas.

(68)

Dá thoradh sin, le CPS AE-SAM soláthraítear líon mór féidearthachtaí d’ábhair sonraí chun a gcearta a fhorfheidhmiú, gearáin a dhéanamh maidir le neamhchomhlíonadh eagraíochtaí AE-SAM agus réiteach a fháil ar a ngearáin, trí chinneadh lena soláthraítear leigheas éifeachtach más gá. Is féidir le daoine aonair gearán a dhéanamh go díreach le heagraíocht, le comhlacht neamhspleách um réiteach díospóidí arna ainmniú ag an eagraíocht, le ÚCSanna náisiúnta, le DoC nó le FTC. I gcásanna nach ndéantar a ngearáin a réiteach trí aon cheann de na sásraí sin maidir le ceart cúitimh nó forfheidhmiú , tá sé de cheart freisin ag daoine aonair eadráin cheangailteach a agairt (Iarscríbhinn I, Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gCinneadh seo). Cé is moite den phainéal eadrána, ar gá leigheasanna áirithe a ídiú ar dtús sula bhféadfar é a agairt, tá sé de shaoirse ag daoine aonair aon cheann de na sásraí sásaimh, nó iad uile, a shaothrú dá rogha féin, agus níl oibleagáid orthu sásra amháin a roghnú thar shásra eile nó seicheamh sonrach a leanúint.

(69)

Ar an gcéad dul síos, féadfaidh ábhair sonraí AE cásanna neamhchomhlíonta leis na bPrionsabail a shaothrú trí theagmhálaithe díreacha le heagraíochtaí CPS AE-SAM (110). Chun réiteach a éascú, ní mór don eagraíocht sásra sásaimh éifeachtach a chur i bhfeidhm chun déileáil le gearáin den sórt sin. Dá bhrí sin, le beartas príobháideachais eagraíochta, ní mór daoine aonair a chur ar an eolas go soiléir maidir le pointe teagmhála, laistigh nó lasmuigh den eagraíocht, a dhéileálfaidh le gearáin (lena n-áirítear aon bhunaíocht ábhartha san Aontas a fhéadann freagairt d’fhiosrúcháin nó do ghearáin), agus maidir leis an gcomhlacht neamhspleách ainmnithe um réiteach díospóidí (féach aithris 70). Ar ghearán a fháil ó dhuine aonair, go díreach ón duine sin nó trí DoC tar éis ÚCS é a chur ar aghaidh, ní mór don eagraíocht freagra a thabhairt don ábhar sonraí den Aontas laistigh de thréimhse 45 lá (111). Ar an gcaoi chéanna, ceanglaítear ar eagraíochtaí freagairt go pras d’fhiosrúcháin agus d’iarrataí eile ar fhaisnéis ó DoC nó ó ÚCS (112) (i gcás inar thug an eagraíocht gealltanas dul i gcomhar le ÚCS) a bhaineann le hiad a bheith ag cloí leis na Prionsabail.

(70)

Ar an dara dul síos, is féidir le daoine aonair gearán a dhéanamh go díreach leis an gcomhlacht neamhspleách um réiteach díospóidí (sna Stáit Aontaithe nó san Aontas) arna ainmniú ag eagraíocht chun imscrúdú a dhéanamh ar ghearáin aonair agus iad a réiteach (ach amháin má tá siad go follasach gan bhunús nó suaibhreosach) agus chun cúiteamh iomchuí a sholáthar saor in aisce don duine aonair (113). Smachtbhannaí agus leigheasanna a fhorchuireann comhlacht den sórt sin, ní mór iad a bheith dian go leordhóthanach chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh eagraíochtaí na Prionsabail agus ba cheart dóibh foráil a dhéanamh maidir le haisiompú nó ceartú éifeachtaí an neamhchomhlíonta ag an eagraíocht agus, ag brath ar na himthosca, foirceannadh ar phróiseáil bhreise na sonraí pearsanta i gceist agus/nó a léirscriosadh, chomh maith le poiblíocht maidir le neamhchomhlíonadh a aimsítear a bheith ann (114). Ní mór do chomhlachtaí neamhspleácha um réiteach díospóidí arna n-ainmniú ag eagraíocht faisnéis maidir le CPS AE-SAM agus maidir leis na seirbhísí a sholáthraíonn siad faoi a áireamh ar a suíomhanna gréasáin poiblí (115). Gach bliain, ní mór dóibh tuarascáil bhliantúil a fhoilsiú lena soláthraítear staidreamh comhiomlánaithe maidir leis na seirbhísí sin (116).

(71)

Mar chuid dá nósanna imeachta um athbhreithniú ar chomhlíonadh, féadfaidh DoC a fhíorú go bhfuil eagraíochtaí CPS AE-SAM cláraithe iarbhír leis na sásraí neamhspleácha maidir le ceart cúitimh a mhaíonn siad a bheith cláraithe leo (117). Ceanglaítear ar na heagraíochtaí agus ar na sásraí neamhspleácha maidir le ceart cúitimh freagracha araon freagairt go pras d’fhiosrúcháin agus d’iarrataí ó DoC ar fhaisnéis a bhaineann le CPS AE-SAM. Oibreoidh DoC le sásraí neamhspleácha maidir le ceart cúitimh chun a fhíorú go n-áirítear ar a suíomhanna gréasáin faisnéis maidir leis na Prionsabail agus na seirbhísí a sholáthraíonn siad faoi CPS AE-SAM agus go bhfoilseoidh siad tuarascálacha bliantúla (118).

(72)

I gcásanna nach gcomhlíonfaidh eagraíocht rialú comhlachta um réiteach díospóidí nó comhlachta féinrialála, ní mór don cheann deireanach fógra faoin neamhchomhlíonadh sin a thabhairt do DoC agus do FTC (nó d’údarás eile SAM a bhfuil dlínse aige imscrúdú a dhéanamh ar neamhchomhlíonadh na heagraíochta), nó do chúirt inniúil (119). Má dhiúltaíonn eagraíocht cinneadh críochnaitheach aon chomhlacht féinrialála príobháideachais, aon chomhlacht neamhspleách um réiteach díospóidí nó aon chomhlacht rialtais a chomhlíonadh, nó i gcás ina gcinnfidh comhlacht den sórt sin nach gcomhlíonann eagraíocht na Prionsabail go minic, féadfar a bhreithniú gur neamhchomhlíonadh leanúnach í sin agus go ndéanfaidh DoC an eagraíocht a bhaint de Liosta CPS, ach fógra 30 lá agus deis freagartha a thabhairt don eagraíocht neamhchomhlíonta ar dtús (120). Agus í bainte den liosta, má leanann an eagraíocht de bheith ag maíomh go bhfuil deimhniúchán CPS AE-SAM aici, cuirfidh DoC ar aghaidh chuig FTC nó chuig gníomhaireacht forfheidhmithe eile í (121).

(73)

Ar an tríú dul síos, féadfaidh daoine aonair a gcuid gearán a chur faoi bhráid ÚCS náisiúnta san Aontas, a fhéadfaidh úsáid a bhaint as a gcumhachtaí imscrúdúcháin agus feabhais faoi Rialachán (AE) 2016/679. Tá oibleagáid ar eagraíochtaí comhoibriú in imscrúdú agus réiteach gearáin arna ndéanamh ag ÚCS, i gcás ina mbaineann sé le próiseáil sonraí acmhainní daonna a bhailítear i gcomhthéacs caidrimh fostaíochta nó i gcás inar ghéill an eagraíocht sin go deonach don fhormhaoirseacht arna déanamh ag ÚCSanna (122). Go sonrach, tá ar eagraíochtaí freagairt d’fhiosrúcháin, an chomhairle a thugann ÚCS a chomhlíonadh, lena n-áirítear maidir le bearta sásaimh nó cúiteacha, agus deimhniú i scríbhinn a sholáthar do ÚCS go ndearnadh beart den sórt sin (123). I gcás nach gcomhlíontar an chomhairle arna tabhairt ag an ÚCS, cuirfidh an ÚCS cásanna den sórt sin faoi bhráid DoC (a d’fhéadfadh eagraíochtaí a bhaint de liosta CPS AE-U.S.) nó, i gcás beart forfheidhmiúcháin a d’fhéadfadh a bheith ann, chuig FTC nó DoT (mura gcomhoibrítear leis na ÚCSanna nó mura gcomhlíontar na Prionsabail, is rud iad sin atá inchaingne faoi dhlí na Stát Aontaithe) (124).

(74)

Chun comhar a éascú ar mhaithe le láimhseáil éifeachtach ar ghearáin, tá pointe teagmhála tiomnaithe curtha i bhfeidhm ag DoC agus FTC atá freagrach as idirchaidreamh a dhéanamh go díreach le ÚCSanna (125). Tugann na pointí teagmhála sin cúnamh i dtaca le fiosruithe ÚCS maidir le comhlíonadh eagraíochta leis na Prionsabail.

(75)

An chomhairle a sholáthraíonn ÚCSanna (126), eisítear í tar éis deis réasúnach a bheith tugtha don dá thaobh sa díospóid barúil a thabhairt agus aon fhianaise is mian leo a sholáthar. Féadfaidh an painéal comhairle a sholáthar chomh tapa agus a cheadaíonn an ceanglas maidir le dícheall cuí, agus mar riail ghinearálta laistigh de 60 lá ó ghearán a fháil (127). Mura gcomhlíonann eagraíocht an chomhairle laistigh de 25 lá ó sholáthar na comhairle, agus mura dtugann sí aon mhíniú sásúil ar an moill, féadfaidh an painéal fógra a thabhairt maidir lena rún an t-ábhar a chur faoi bhráid FTC (nó údarás forfheidhmithe inniúil eile de chuid na Stát Aontaithe), nó teacht ar an gconclúid go ndearnadh sárú tromchúiseach ar an ngealltanas dul i gcomhar. Sa chéad rogha mhalartach, d’fhéadfadh gníomhaíocht forfheidhmithe bunaithe ar Roinn 5 de The FTC Act (nó reacht comhchosúil) a bheith mar thoradh air sin (128). Sa dara rogha mhalartach, cuirfidh an painéal DoC ar an eolas agus breithneoidh DoC an eagraíocht a bheith ag diúltú comhairle phainéal ÚCS a chomhlíonadh a bheith ina chás mainneachtana leanúnaí comhlíonta, ar dá dheasca a bhainfear an eagraíocht de Liosta CPS.

(76)

ÚCS a ndearnadh an gearán leis, mura bhfuil aon ghníomhaíocht déanta aige nó má tá gníomhaíocht neamh-leordhóthanach déanta aige chun aghaidh a thabhairt ar an ngearán, d’fhéadfadh an gearánach aonair agóid a dhéanamh in aghaidh gníomhaíocht (easpa gníomhaíochta) den sórt sin i gcúirteanna náisiúnta an Bhallstáit faoi seach.

(77)

Féadfaidh daoine aonair gearáin a dhéanamh freisin le ÚCSanna fiú i gcás nach bhfuil painéal ÚCS ainmnithe ag eagraíocht mar a comhlacht neamhspleách um réiteach díospóidí. Sna cásanna sin, féadfaidh ÚCS gearáin den sórt sin a chur ar aghaidh chuig DoC nó chuig FTC. Chun comhair idir eagraíochtaí CPS AE-SAM in ábhair a bhaineann le gearáin aonair agus neamhchomhlíonadh a éascú agus a mhéadú, bunóidh DoC pointe teagmhála tiomnaithe a ghníomhóidh mar oifigeach idirchaidrimh agus a thabharfaidh cúnamh i dtaca le fiosrúcháin ÚCS maidir le comhlíontacht eagraíochta leis na Prionsabail (129). Ar an gcaoi chéanna, tá geallta ag FTC pointe teagmhála tiomnaithe a bhunú (130).

(78)

Ar an gceathrú dul síos, tá geallta ag DoC dea-chleachtas a fháil, a athbhreithniú agus a dhéanamh chun gearáin maidir le neamhchomhlíontacht eagraíochta leis na Prionsabail a réiteach (131). Chuige sin, soláthraíonn DoC nósanna imeachta speisialta lenar féidir le ÚCSanna gearáin a chur ar aghaidh chuig pointe teagmhála tiomnaithe, iad a rianú agus bearta leantacha a dhéanamh le heagraíochtaí chun réiteach a éascú (132). Chun próiseáil gearán aonair a bhrostú, déanann an pointe teagmhála idirchaidreamh go díreach le ÚCS féin maidir le saincheisteanna comhlíonta agus, go háirithe, tugann sé an t-eolas is déanaí dó maidir le stádas gearán laistigh de thréimhse nach mó ná 90 lá tar éis a gcur ar aghaidh (133). Leis sin, tugtar caoi d’ábhair shonraí gearáin a dhéanamh maidir le neamhchomhlíontacht eagraíochtaí CPS AE-SAM go díreach lena ÚCS náisiúnta sa chaoi go seolfar chuig DoC iad, mar údarás na Stát Aontaithe a riarann CPS AE-SAM.

(79)

I gcás ina dtiocfaidh DoC ar an gconclúid, ar bhonn a fhíorúcháin ex officio, gearán nó aon fhaisnéis eile, gur mhainnigh eagraíocht go leanúnach na Prionsabail a chomhlíonadh, féadfaidh sé an eagraíocht sin a bhaint de Liosta CPS (134). Má dhiúltaítear cinneadh críochnaitheach ó aon údarás féinrialála príobháideachais, údarás neamhspleách um réiteach díospóidí nó údarás rialtais, lena n-áirítear ÚCS, a chomhlíonadh, breithneofar é sin a bheith ina mhainneachtain leanúnach comhlíonta (135).

(80)

Ar an gcúigiú dul síos, ní mór d’eagraíocht CPS AE-SAM a bheith faoi réir dhlínse údaráis na Stát Aontaithe, go háirithe FTC (136), ag a bhfuil na cumhachtaí imscrúdaithe agus forfheidhmithe is gá chun a áirithiú go héifeachtach go gcomhlíontar na Prionsabail. Tugann FTC tosaíocht ina bhreithniú do chásanna neamhchomhlíonta a chuirtear ar aghaidh chuige ó chomhlachtaí neamhspleácha um réiteach díospóidí nó comhlachtaí féinrialála, nó ó DoC agus ÚCSanna (ag gníomhú dóibh ar a dtionscnamh féin nó ar bhonn gearán) chun a chinneadh cé acu ar sáraíodh nó nár sáraíodh Roinn 5 de The FTC Act (137). Tá geallta ag FTC próiseas caighdeánaithe a chruthú maidir le hábhair a chur ar aghaidh, pointe teagmhála a ainmniú sa ghníomhaireacht le haghaidh ábhair arna gcur ar aghaidh ó ÚCS, agus faisnéis a mhalartú maidir le hábhair arna gcur ar aghaidh. Ina theannta sin, féadfaidh sé glacadh le gearáin go díreach ó dhaoine aonair agus imscrúduithe CPS AE-SAM a dhéanamh ar a thionscnamh féin, go háirithe mar chuid dá imscrúdú níos leithne ar shaincheisteanna príobháideachais.

(81)

Ar an séú dul síos, mar shásra maidir le ceart cúitimh ar sásra ‘rogha deireanaí’ é i gcás nár réitigh aon cheann de na bealaí sásaimh eile atá ar fáil gearán duine aonair go sásúil, féadfaidh an t-ábhar sonraí den Aontas eadráin cheangailteach ag ‘Painéal Chreat Príobháideachais Sonraí AE-SAM’ (Painéal CPS AE-SAM) a agairt (138). Ní mór d’eagraíochtaí daoine aonair a chur ar an eolas maidir leis an bhféidearthacht go n-agróidh siad eadráin cheangailteach agus tá oibleagáid orthu freagra a thabhairt nuair a bheidh an rogha sin agartha ag duine aonair trí fhógra a thabhairt don eagraíocht lena mbaineann (139).

(82)

Is é atá i bPainéal CPS AE-SAM grúpa deichniúr eadránaithe ar a laghad a ainmneoidh DoC agus an Coimisiún bunaithe ar a neamhspleáchas, ar a n-ionracas, agus ar a dtaithí ar dhlí na Stát Aontaithe maidir le príobháideachas agus ar dhlí an Aontais maidir le cosaint sonraí. I gcás gach díospóide aonair, déanann na páirtithe painéal a roghnú ón ngrúpa sin ar a bhfuil eadránaí amháin nó triúr (140) eadránaithe.

(83)

Roghnaigh DoC an Lárionad Idirnáisiúnta um Réiteach Díospóidí (ICDR), an rannán idirnáisiúnta de Chomhlachas Eadrána Mheiriceá (AAA), chun eadránacha a riar. Déanfar imeachtaí roimh Phainéal CPS AE-SAM a rialú le tacar rialacha eadrána agus cód iompair le haghaidh eadránaithe ceaptha. Ar shuíomh gréasáin ICDR-AAA soláthraítear faisnéis shoiléir ghonta do dhaoine aonair maidir leis an sásra eadrána agus an nós imeachta chun iarratas a dhéanamh ar eadráin.

(84)

Tá na rialacha eadrána arna gcomhaontú idir DoC agus an Coimisiún ina bhforlíonadh ar CPS AE-SAM ina bhfuil roinnt gnéithe a fheabhsaíonn an rochtain ar an sásra sin ag ábhair sonraí AE: (i) agus é ag ullmhú éilimh roimh an bpainéal, féadfaidh ÚCS náisiúnta an ábhair sonraí cúnamh a thabhairt dó; (ii) cé go dtarlóidh an eadráin sna Stáit Aontaithe, féadfaidh ábhair sonraí AE roghnú a bheith rannpháirteach trí fhíschomhdháil nó trí chomhdháil teileafóin, a chuirfear ar fáil saor in aisce don duine aonair; (iii) cé gur i mBéarla a reáchtálfar an eadráin mar riail, soláthrófar ateangaireacht ag an éisteacht eadrána agus cuirfear aistriúchán ar fáil i bprionsabal ar iarraidh réasúnaithe a fháil ón ábhar sonraí agus saor in aisce dó; (iv) ar deireadh, cé go mbeidh ar gach páirtí a tháillí aturnae a íoc, má dhéanann aturnae ionadaíocht roimh an bpainéal, coinneoidh DoC ciste ar bun dá soláthraíonn eagraíochtaí CPS AE-SAM ranníocaíochtaí bliantúla, atá ceaptha costais an nós imeachta eadrána a chumhdach suas le huasmhéideanna atá le cinneadh ag údaráis na Stát Aontaithe i gcomhairle leis an gCoimisiún (141).

(85)

Tá sé d’údarás ag Painéal CPS AE-SAM faoiseamh cothromasach neamhairgeadaíochta a bhaineann go sonrach leis an duine aonair a fhorchur (142) a bhfuil gá leis chun neamhchomhlíonadh na bPrionsabal a leigheas. Cé go gcuireann an Painéal leigheasanna eile a fuarthas cheana féin trí shásraí CPS AE-SAM eile san áireamh agus a chinneadh á dhéanamh, féadfaidh daoine aonair leas a bhaint fós as eadráin má mheasann siad nach bhfuil na leigheasanna eile sin leordhóthanach. Leis sin, ceadaítear d’ábhair sonraí AE eadráin a agairt i ngach cás nár réitíodh a ngearáin go sásúil trí ghníomhaíocht nó easpa gníomhaíochta eagraíochtaí CPS AE-SAM, sásraí neamhspleách maidir le ceart cúitimh nó údaráis inniúla na Stát Aontaithe (FTC mar shampla). Ní fhéadfar eadráin a agairt má tá údarás dlíthiúil ag ÚCS réiteach a dhéanamh ar an éileamh i gceist maidir le heagraíocht CPS AE-SAM, is é sin na cásanna úd ina bhfuil oibleagáid ar an eagraíocht dul i gcomhar le ÚCSanna agus a gcomhairle a chomhlíonadh a mhéid a bhaineann le próiseáil sonraí acmhainní daonna a bhailítear i gcomhthéacs na fostaíochta, nó inar thug an eagraíocht gealltanas déanamh amhlaidh go deonach. Is féidir le daoine aonair an cinneadh eadrána a fhorfheidhmiú i gcúirteanna na Stát Aontaithe faoi The Federal Arbitration Act, lena n-áirithítear leigheas dlí i gcás nach mbíonn eagraíocht comhlíontach.

(86)

Ar an seachtú dul síos, i gcás nach gcomhlíonfaidh eagraíocht a gealltanas na Prionsabail agus an beartas príobháideachais foilsithe a urramú, tá bealaí breise le haghaidh sásamh breithiúnach ar fáil faoi dhlí na Stát Aontaithe, lena n-áirítear cúiteamh as damáistí a fháil. Faoi choinníollacha áirithe, mar shampla, is féidir le daoine aonair sásamh breithiúnach (lena n-áirítear cúiteamh as damáistí) a fháil faoi dhlíthe Stáit maidir le tomhaltóirí i gcásanna mífhaisnéise calaoisí, gníomhartha nó cleachtais éagóracha nó mheabhlacha (143), agus faoin dlí torta (go háirithe faoi na tortanna maidir le sárú ar uaigneas (144), leithreasú pearsantachta (145) agus nochtadh poiblí fíoras príobháideach (146)).

(87)

I dteannta a chéile, áirithítear leis na bealaí sásaimh éagsúla a dtugtar tuairisc orthu thuas go ndéanfar gach gearán maidir le neamhchomhlíonadh CPS AE-SAM ag eagraíochtaí deimhnithe a bhreithniú agus a leigheas go héifeachtach.

3.   ROCHTAIN AGUS ÚSÁID SONRAÍ PEARSANTA A AISTRÍTEAR ÓN AONTAS EORPACH AG ÚDARÁIS PHOIBLÍ SNA STÁIT AONTAITHE

(88)

Rinne an Coimisiún measúnú ar na teorainneacha agus na coimircí, lena n-áirítear na sásraí sásaimh formhaoirseachta agus aonair atá ar fáil i ndlí na Stát Aontaithe a mhéid a bhaineann le húdaráis phoiblí sna Stáit Aontaithe a bheith ag bailiú sonraí pearsanta a aistrítear chuig rialaitheoirí agus próiseálaithe sna Stáit Aontaithe ar mhaithe le leas an phobail agus á n-úsáid ina dhiaidh sin, go háirithe chun críocha fhorfheidhmiú an dlí choiriúil agus chun críoch slándála náisiúnta (rochtain ag an rialtas) (147). Agus measúnú á dhéanamh cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann na coinníollacha faoina bhfaigheann an rialtas rochtain ar shonraí a aistríodh chuig na Stáit Aontaithe faoin gCinneadh seo an tástáil ‘comhionannas bunriachtanach’ de bhun Airteagal 45(1) de Rialachán (AE) 2016/679, arna léirmhíniú ag an gCúirt Bhreithiúnais i bhfianaise na Cairte um Chearta Bunúsacha, chuir an Coimisiún roinnt critéar san áireamh.

(89)

Go háirithe, ní mór foráil maidir le haon teorainn leis an gceart chun sonraí pearsanta a chosaint a bheith i ndlí agus ní mór don bhunús dlí lena gceadaítear cur isteach ar cheart den sórt sin sainmhíniú a thabhairt ar raon feidhme na teorann ar fheidhmiú an chirt lena mbaineann (148). Anuas air sin, chun ceanglas na comhréireachta a chomhlíonadh, ar dá réir nach mór maoluithe uaidh agus teorainneacha le sonraí pearsanta a chosaint a bheith infheidhme, a mhéid a bhfuil fíorghá leis amháin i sochaí dhaonlathach chun cuspóirí sonracha leasa ghinearálta atá comhionann leo siúd a aithníonn an tAontas a bhaint amach, ní mór don bhunús dlí sin rialacha soiléire agus beachta a leagan síos chun raon feidhme agus cur i bhfeidhm na mbeart i gceist a rialú agus coimircí íosta a fhorchur ionas go mbeidh ráthaíochtaí leordhóthanacha ag na daoine ar aistríodh a sonraí chun a sonraí pearsanta a chosaint in aghaidh an riosca mí-úsáide (149). Thairis sin, ní mór na rialacha agus na coimircí sin a bheith ceangailteach ó thaobh dlí de agus in-fhorfheidhmithe ag daoine aonair (150). Go háirithe, ní mór go mbeadh an fhéidearthacht ag ábhair shonraí caingean dlí a ghlacadh os comhair binse neamhspleách neamhchlaonta chun rochtain a fháil ar a sonraí pearsanta, nó chun sonraí den sórt sin a cheartú nó a scriosadh (151).

3.1   Rochtain agus úsáid ag údaráis phoiblí na Stát Aontaithe chun críocha fhorfheidhmiú an dlí choiriúil

(90)

A mhéid a bhaineann le cur isteach ar shonraí pearsanta a aistrítear faoi CPS AE-SAM chun críocha fhorfheidhmiú an dlí choiriúil, forchuirtear le dlí na Stát Aontaithe roinnt teorainneacha ar rochtain agus ar úsáid sonraí pearsanta, agus foráiltear leis sásraí formhaoirseachta agus sásaimh atá i gcomhréir leis na ceanglais dá dtagraítear in aithris 89 den Chinneadh seo. Déantar measúnú mionsonraithe sna ranna a leanas ar na coinníollacha faoinar féidir rochtain den sórt sin tarlú agus ar na coimircí is infheidhme maidir le húsáid na gcumhachtaí sin. I ndáil leis sin, tá dearbhuithe tugtha ag rialtas na Stát Aontaithe (tríd an Roinn Dlí agus Cirt, DoJ) freisin maidir leis na teorainneacha agus na coimircí is infheidhme (Iarscríbhinn VI a ghabhann leis an gCinneadh seo).

3.1.1    Bunúis dlí, teorainneacha agus coimircí

3.1.1.1   Teorainneacha agus coimircí a mhéid a bhaineann le bailiú sonraí pearsanta chun críocha fhorfheidhmiú an dlí choiriúil

(91)

Sonraí pearsanta arna bpróiseáil ag eagraíochtaí deimhnithe na Stát Aontaithe a d’aistreofaí ón Aontas ar bhonn CPS AE-SAM, féadfaidh ionchúisitheoirí feidearálacha agus gníomhairí imscrúdaithe feidearálacha na Stát Aontaithe iad a rochtain faoi nósanna imeachta éagsúla chun críocha fhorfheidhmiú an dlí choiriúil, mar a mhínítear ar bhealach níos mionsonraithe in aithrisí 92-99. Is infheidhme na nósanna imeachta sin ar an mbealach céanna nuair a fhaightear faisnéis ó aon eagraíocht SAM, gan beann ar náisiúntacht nó áit chónaithe na n-ábhar sonraí lena mbaineann (152).

(92)

Ar an gcéad dul síos, arna iarraidh sin d’oifigeach forfheidhmithe dlí fheidearálaigh nó d’aturnae thar ceann an rialtais, féadfaidh breitheamh barántas cuardaigh nó urghabhála a eisiúint (lena n-áirítear le haghaidh faisnéis arna stóráil go leictreonach) (153). Ní fhéadfar barántas den sórt sin a eisiúint ach amháin má tá ‘cúis dhóchúil’ (154) ann gur dócha go n-aimseofar ‘míreanna in-urghafa’ (fianaise ar choir, míreanna arna sealbhú go neamhdhleathach, nó maoin atá ceaptha nó beartaithe a úsáid chun coireacht a dhéanamh nó a úsáidtear amhlaidh) san áit a shonraítear leis an mbarántas. Ar an mbarántas, ní mór an mhaoin nó an mhír atá le hurghabháil a shainaithint agus an breitheamh nach mór an barántas a chur ar ais chuige a ainmniú. Féadfaidh duine a bheidh faoi réir cuardaigh nó a mbeidh a mhaoin faoi réir cuardaigh gníomhú chun fianaise a shochtadh, ar fianaise í a fuarthas nó a díorthaíodh ó chuardach neamhdhleathach má thugtar an fhianaise sin isteach in aghaidh an duine sin le linn triail choiriúil (155). I gcás ina gceanglófar ar shealbhóir sonraí (e.g. cuideachta) sonraí a nochtadh de bhun barántais, féadfaidh sé go háirithe agóid a dhéanamh in aghaidh an cheanglais maidir le nochtadh mar cheanglas a mbaineann anró míchuí leis (156).

(93)

Ar an dara dul síos, féadfaidh ard-ghiúiré (ar rannóg imscrúdaithe de chuid na cúirte í a rollaíonn breitheamh nó giúistís) subpoena a eisiúint i gcomhthéacs imscrúduithe ar choireanna tromchúiseacha áirithe (157), arna iarraidh sin de ghnáth d’ionchúisitheoir feidearálach, chun a cheangal ar dhuine taifid ghnó, faisnéis arna stóráil go leictreonach, nó rudaí inláimhsithe eile a thabhairt ar aird nó a chur ar fáil. Ina theannta sin, údaraítear le reachtanna éagsúla úsáid a bhaint as subpoena riaracháin chun taifid ghnó, faisnéis arna stóráil go leictreonach, nó rudaí inláimhsithe eile a thabhairt ar aird nó a chur ar fáil in imscrúduithe a bhaineann le calaois cúraim sláinte, mí-úsáid leanaí, cosaint na Seirbhíse Rúnda, cásanna maidir le substaintí rialaithe, agus imscrúduithe de chuid an Ardchigire (158). Sa dá chás, ní mór an fhaisnéis a bheith ábhartha don imscrúdú agus ní féidir an subpoena a bheith míréasúnach, i.e. róleathan, leatromach nó anróiteach (agus is féidir le faighteoir an subpoena agóid a dhéanamh ina aghaidh ar na forais sin) (159).

(94)

Baineann coinníollacha an-chosúil le subpoena riaracháin a eisítear chun rochtain a lorg ar shonraí atá i seilbh cuideachtaí sna Stáit Aontaithe chun críoch sibhialta nó rialála (‘leas an phobail’). Ní mór údarás na ngníomhaireachtaí a bhfuil freagrachtaí sibhialta agus rialála acu chun subpoena riaracháin den sórt sin a eisiúint a bhunú i reacht. Tá úsáid subpoena riaracháin faoi réir ‘tástáil réasúntachta’, lena gceanglaítear go ndéantar an t-imscrúdú de bhun cuspóir dlisteanach, go bhfuil an fhaisnéis a iarrtar faoin subpoena ábhartha chun na críche sin, nach bhfuil an fhaisnéis atá á lorg ag an ngníomhaireacht leis an subpoena aici cheana féin, agus gur leanadh na céimeanna riaracháin is gá chun an subpoena a eisiúint (160). Tá soiléiriú déanta freisin i gcásdlí na Cúirte Uachtaraí ar an ngá atá le cothromaíocht a bhaint amach idir an tábhacht a bhaineann le leas an phobail san fhaisnéis atá á hiarraidh agus an tábhacht a bhaineann le leasanna príobháideachais pearsanta agus eagraíochtúla (161). Cé nach bhfuil úsáid subpoena riaracháin faoi réir formheas breithiúnach roimh ré, bíonn sé faoi réir athbhreithniú breithiúnach i gcás agóid ag an bhfaighteoir ar na forais thuasluaite, nó má fhéachann an ghníomhaireacht eisiúna leis an subpoena a fhorfheidhmiú sa chúirt (162). I dteannta na dteorainneacha ginearálta uileghabhálacha sin, d’fhéadfadh ceanglais shonracha (níos déine) teacht as reachtanna aonair (163).

(95)

Ar an tríú dul síos, cuireann roinnt bunúis dlí ar a gcumas d’údaráis forfheidhmithe dlí rochtain a fháil ar shonraí cumarsáide. Féadfaidh cúirt ordú a eisiúint lena n-údaraítear faisnéis a bhailiú, ar faisnéis fhíor-ama, neamh-inneachair diailithe, ródaithe, seolacháin agus comharthaíochta í maidir le huimhir theileafóin nó ríomhphost (trí úsáid a bhaint as rolla diailithe nó gaireas rianaithe agus taifeadta), má chinneann sí gur dheimhnigh an t-údarás go bhfuil an fhaisnéis ar dócha go bhfaighfear í ábhartha d’imscrúdú coiriúil ar feitheamh (164). Ní mór, inter alia, céannacht an duine atá faoi dhrochamhras, más eol sin, a shonrú leis an ordú; saintréithe na cumarsáide a bhfuil feidhm aige maidir léi agus ráiteas maidir leis an gcion lena mbaineann an fhaisnéis atá le bailiú. Féadfar úsáid rolla diailithe agus gairis rianaithe agus taifeadta a údarú ar feadh suas le tréimhse uasta 60 lá, nach bhféadfar síneadh a chur léi ach amháin trí ordú cúirte nua.

(96)

Ina theannta sin, ar bhonn The Stored Communications Act (165), féadfar rochtain chun críocha fhorfheidhmiú an dlí choiriúil a fháil ar fhaisnéis síntiúsóirí, sonraí tráchta agus inneachar stóráilte cumarsáide arna shealbhú ag soláthraithe seirbhíse idirlín, cuideachtaí teileafóin agus soláthraithe seirbhíse tríú páirtí eile. Chun inneachar stóráilte cumarsáide leictreonaí a fháil, ní mór d’údaráis forfheidhmithe dlí choiriúil i bprionsabal barántas a fháil ó bhreitheamh bunaithe ar chúis dhóchúil lena chreidiúint go bhfuil fianaise ar choir sa chuntas i gceist (166). I gcás faisnéis clárúcháin síntiúsóirí, seoltaí IP agus stampaí ama atá bainteach leo, agus faisnéis bhilleála, féadfaidh údaráis forfheidhmithe dlí subpoena a úsáid. I gcás fhormhór na faisnéise stóráilte neamh-inneachair eile, amhail ceanntásca ríomhphoist gan líne an ábhair, ní mór d’údarás forfheidhmithe dlí choiriúil ordú cúirte a fháil, a eiseofar má bhíonn an breitheamh sásta go bhfuil forais réasúnacha ann lena chreidiúint go bhfuil an fhaisnéis a iarrtar iomchuí agus ábhartha d’imscrúdú coiriúil leanúnach.

(97)

Féadfaidh soláthraithe a fhaigheann iarrataí faoiThe Stored Communications Act fógra a thabhairt go deonach do chustaiméir nó do shíntiúsóir a bhfuil a chuid faisnéise á lorg, cé is moite de chás ina bhfaigheann an t-údarás forfheidhmithe dlí choiriúil ábhartha ordú cosanta lena dtoirmeasctar fógra den sórt sin a thabhairt (167). Tá ordú cosanta den sórt sin ina ordú cúirte lena gceanglaítear ar sholáthraí seirbhísí cumarsáide leictreonaí nó seirbhísí ríomhaireachta cianda, ar a ndírítear barántas, subpoena nó ordú cúirte, gan fógra a thabhairt d’aon duine eile faoin mbarántas, subpoena nó ordú cúirte sin a bheith ann, a fhad a mheasann an chúirt is iomchuí. Deonaítear orduithe cosanta má chinneann cúirt go bhfuil cúis ann lena chreidiúint go gcuirfeadh fógra imscrúdú i mbaol go tromchúiseach nó go gcuirfeadh sé moill mhíchuí ar thriail, e.g. toisc gurb é a bheadh ann dá dheasca go gcuirfí beatha nó sábháilteacht fhisiceach duine aonair i mbaol, go dteithfeadh duine ó ionchúiseamh, go ndéanfaí imeaglú ar fhinnéithe féideartha, etc. Le meabhrán ón Leas-Ard-Aighne (atá ceangailteach ar aturnaetha agus gníomhairí uile DoJ) ceanglaítear ar ionchúisitheoirí cinneadh mionsonraithe a dhéanamh maidir leis an ngá atá le hordú cosanta agus an t-údar leis sin a thabhairt don chúirt maidir leis an gcaoi a gcomhlíontar na critéir reachtúla chun ordú cosanta a fháil sa chás sonrach (168). Ceanglaítear freisin leis an meabhrán nach bhféachfaidh iarratais ar orduithe cosanta, go ginearálta, le moill is faide ná 1 bhliain amháin a chur ar an bhfógra. I gcás ina bhféadfadh gá, in imthosca eisceachtúla, a bheith le horduithe de thréimhsí ní b’fhaide, ní fhéadfar orduithe den sórt sin a lorg ach amháin le comhaontú i scríbhinn ó mhaoirseoir arna ainmniú ag Ard-Aighne na Stát Aontaithe nó ag an Ard-Aighne Cúnta is iomchuí. Ina theannta sin, i gcás ina mbeidh clabhsúr á chur le himscrúdú, ní mór d’ionchúisitheoir measúnú a dhéanamh láithreach ar cé acu atá nó nach bhfuil bunús le haon ordú cosanta atá fós i bhfeidhm a choinneáil ar bun agus, i gcás nach amhlaidh sin, an t-ordú cosanta a fhoirceannadh agus a áirithiú go dtabharfar fógra don soláthraí seirbhíse faoi sin (169).

(98)

Féadfaidh údaráis forfheidhmithe dlí choiriúil cumarsáid sreinge, cumarsáid ó bhéal nó cumarsáid leictreonach a idircheapadh i bhfíor-am ar bhonn ordú cúirte ina gcinneann breitheamh, inter alia, go bhfuil cúis dhóchúil ann lena chreidiúint go dtabharfar fianaise ar choir fheidearálach ar aird de thoradh na cúléisteachta nó idircheapadh leictreonach, nó fianaise maidir leis an áit a bhfuil éalaitheach atá ag teitheadh ó ionchúiseamh (170).

(99)

Soláthraítear cosaintí breise le beartais agus treoirlínte éagsúla de chuid na Roinne Dlí agus Cirt, lena n-áirítear The Attorney General Guidelines for Domestic FBI Operations (AGG-DOM), lena gceanglaítear, inter alia, go n-úsáidfidh an Biúró Feidearálach Imscrúduithe (FBI) na modhanna imscrúdaithe is lú cunórtas is féidir, agus an éifeacht ar phríobháideachas agus ar shaoirsí sibhialta á cur san áireamh (171).

(100)

De réir uiríll a rinne rialtas na Stát Aontaithe, tá feidhm ag na cosaintí céanna nó ag cosaintí níos doichte a dtugtar tuairisc orthu thuas maidir le himscrúduithe forfheidhmithe dlí ar leibhéal an Stáit (maidir le himscrúduithe a dhéantar faoi dlíthe Stáit) (172). Athdhearbhaítear, go háirithe, le forálacha bunreachtúla, chomh maith le reachtanna agus cásdlí ar leibhéal an Stáit, na cosaintí thuasluaite in aghaidh cuardaigh agus urghabhálacha míréasúnta trína cheangal go n-eiseofar barántas cuardaigh (173). Cosúil leis na cosaintí a thugtar ar an leibhéal feidearálach, ní fhéadfar barántais chuardaigh a eisiúint ach amháin má léirítear cúis dhóchúil leo agus ní mór dóibh tuairisc a thabhairt ar an áit atá le cuardach agus ar an duine nó ar an rud atá le hurghabháil (174).

3.1.1.2   Úsáid bhreise a bhaint as an bhfaisnéis bhailithe

(101)

A mhéid a bhaineann le húsáid bhreise sonraí arna mbailiú ag údaráis forfheidhmithe dlí choiriúil fheidearálacha, forchuirtear coimircí sonracha le reachtanna, treoirlínte agus caighdeáin éagsúla. Cé is moite de na hionstraimí sonracha is infheidhme maidir le gníomhaíochtaí FBI (AGG-DOM agus Treoirleabhar FBI maidir le hImscrúduithe agus Oibríochtaí Intíre), tá feidhm ag na ceanglais a dtugtar tuairisc orthu sa roinn seo go ginearálta maidir le húsáid bhreise sonraí ag aon údarás feidearálach, lena n-áirítear sonraí a bhfaightear rochtain orthu chun críoch sibhialta nó rialála. Áirítear leis sin na ceanglais a leanann ó mheamraim/rialacháin na hOifige Bainistíochta agus Buiséid, ó The Federal Information Security Management Modernization Act, ó The E-Government Act agus ó The Federal Records Act.

(102)

I gcomhréir leis an údarás a sholáthraítear le hAcht Clinger-Cohen (P.L. 104-106, Roinn E) agus le The Computer Security Act 1987 (P.L. 100-235), d’eisigh an Oifig um Bainistíocht agus Buiséad (OMB) Ciorclán Uimh. A-130 chun treoraíocht cheangailteach ghinearálta a leagan síos a bhfuil feidhm aici maidir le gach gníomhaireacht fheidearálach (lena n-áirítear údaráis forfheidhmithe dlí) nuair a láimhseálann siad faisnéis chéannachta (175). Go sonrach, ceanglaítear leis an gciorclán ar gach gníomhaireacht fheidearálach ‘[to] limit the creation, collection, use, processing, storage, maintenance, dissemination, and disclosure of personally identifiable information to that which is legally authorized, relevant, and reasonably deemed necessary for the proper performance of authorised agency functions’ [cruthú, bailiú, úsáid, próiseáil, stóráil, coinneáil ar bun, scaipeadh agus nochtadh faisnéise céannachta a theorannú dá bhfuil údaraithe de réir an dlí, ábhartha agus a mheastar gá a bheith leis go réasúnach chun feidhmeanna údaraithe gníomhaireachta a dhéanamh i gceart] (176). Ina theannta sin, a mhéid is indéanta go réasúnach, ní mór do ghníomhaireachtaí feidearálacha a áirithiú go bhfuil faisnéis chéannachta cruinn, ábhartha, tráthúil agus iomlán, agus nach bhfuil inti ach an méid is lú is gá chun feidhmeanna gníomhaireachta a dhéanamh i gceart. Ar bhealach níos ginearálta, ní mór do ghníomhaireachtaí feidearálacha clár cuimsitheach príobháideachais a bhunú chun a áirithiú go ndéanfar ceanglais phríobháideachais is infheidhme a chomhlíonadh, beartais phríobháideachais a fhorbairt agus meastóireacht a dhéanamh orthu agus rioscaí príobháideachais a bhainistiú; nósanna imeachta a choinneáil ar bun chun teagmhais comhlíontachta príobháideachais a bhrath, a dhoiciméadú agus a thuairisciú; cláir oiliúna agus feasachta príobháideachais a fhorbairt le haghaidh fostaithe agus conraitheoirí; agus beartais agus nósanna imeachta a chur i bhfeidhm chun a áirithiú go gcoimeádfar an pearsanra cuntasach as ceanglais agus beartais phríobháideachais a chomhlíonadh (177).

(103)

Ina theannta sin, le The E-Government Act (178) ceanglaítear ar gach gníomhaireacht fheidearálach (lena n-áirítear údaráis forfheidhmithe dlí choiriúil) cosaintí slándála faisnéise a chur i bhfeidhm atá ar cóimhéid leis an riosca agus an leibhéal díobhála a thiocfadh as rochtain, úsáid, nochtadh, briseadh, modhnú nó scriosadh neamhúdaraithe; Príomhoifigeach Faisnéise a bheith acu chun a áirithiú go gcomhlíonfar ceanglais maidir le slándáil faisnéise agus go ndéanfar meastóireacht neamhspleách bhliantúil (e.g. go ndéanfaidh Ardchigire í, féach aithris 109) ar a gclár agus a gcleachtais slándála faisnéise (179). Ar an gcaoi chéanna, le The Federal Records Act (FRA) (180) agus rialacháin fhorlíontacha (181), ceanglaítear faisnéis arna sealbhú ag gníomhaireachtaí feidearálacha a bheith faoi réir coimircí lena n-áirithítear sláine fhisiceach na faisnéise agus lena gcosnaítear ar rochtain neamhúdaraithe í.

(104)

De bhun údarás reachtúil feidearálach, lena n-áirítear The Federal Information Security Modernisation Act 2014, rinne OMB agus an Institiúid Náisiúnta um Chaighdeáin agus Teicneolaíocht (NIST) caighdeáin a fhorbairt atá ceangailteach ar ghníomhaireachtaí feidearálacha (lena n-áirítear údaráis forfheidhmithe dlí choiriúil) agus a shonraíonn a thuilleadh na híoscheanglais slándála faisnéise is gá a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear rialuithe rochtana, feasacht agus oiliúint a áirithiú, pleanáil theagmhasachta, freagairt ar theagmhais, uirlisí iniúchta agus cuntasaíochta, sláine chórais agus faisnéise a áirithiú, measúnuithe ar riosca príobháideachais agus slándála a dhéanamh, etc. (182). Thairis sin, ní mór do gach gníomhaireacht fheidearálach (lena n-áirítear údaráis forfheidhmithe dlí choiriúil), i gcomhréir le treoirlínte OMB, plean a chur chun feidhme agus a choinneáil ar bun chun sáruithe sonraí den sórt sin a láimhseáil, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann lena bheith ag freagairt do sháruithe den sórt sin agus ag déanamh measúnú ar na rioscaí díobhála (183).

(105)

A mhéid a bhaineann le coinneáil sonraí, ceanglaítear le FRA (184) ar ghníomhaireachtaí feidearálacha (lena n-áirítear údaráis forfheidhmithe dlí choiriúil) tréimhsí coinneála a bhunú le haghaidh a dtaifead (nach mór na taifid sin a dhiúscairt ina ndiaidh) nach mór a bheith formheasta ag an gCartlann Náisiúnta agus Riarachán Taifead (185). Tá fad na dtréimhsí coinneála sin seasta i bhfianaise tosca éagsúla, amhail an cineál imscrúdaithe, cé acu atá nó nach bhfuil an fhianaise fós ábhartha don imscrúdú, etc. Maidir le FBI, foráiltear le AGG-DOM nach mór do FBI plean coinneála taifead den sórt sin a bheith i bhfeidhm aige agus córas a choinneáil ar bun lenar féidir teacht go pras ar stádas imscrúduithe agus ar an mbonn atá leo.

(106)

Ar deireadh, tá ceanglais áirithe i gCiorclán OMB Uimh. A-130 freisin maidir le faisnéis chéannachta a scaipeadh. I bprionsabal, ní mór scaipeadh agus nochtadh faisnéise lena bhféadfaí duine a shainaithint a theorannú don mhéid atá údaraithe de réir dlí, ábhartha agus a mheastar le réasún a bheith riachtanach chun feidhmeanna gníomhaireachta a chomhlíonadh go cuí (186). Nuair atá faisnéis chéannachta á roinnt le heintitis rialtais eile, ní mór do ghníomhaireachtaí feidearálacha na Stát Aontaithe coinníollacha a fhorchur (lena n-áirítear cur chun feidhme rialuithe sonracha slándála agus príobháideachais), i gcás inarb ábhartha, lena rialaítear próiseáil na faisnéise trí chomhaontuithe i scríbhinn (lena n-áirítear conarthaí, comhaontuithe maidir le húsáid sonraí, comhaontuithe maidir le malartú faisnéise agus meabhráin tuisceana) (187). A mhéid a bhaineann leis na forais ar a bhféadfar faisnéis a scaipeadh, foráiltear le AGG-DOM agus Treoirleabhar FBI maidir le hImscrúduithe agus Oibríochtaí Intíre (188), mar shampla, go bhféadfadh ceanglas dlíthiúil a bheith ar an FBI é sin a dhéanamh (e.g. faoi chomhaontú idirnáisiúnta) nó go gceadaítear dó faisnéis a scaipeadh in imthosca áirithe, e.g. ar ghníomhaireachtaí eile de chuid na Stát Aontaithe má tá an nochtadh comhoiriúnach leis an gcuspóir ar bailíodh an fhaisnéis ina leith agus má bhaineann sé lena bhfreagrachtaí; ar choistí comhdhála; ar ghníomhaireachtaí eachtracha má bhaineann an fhaisnéis lena bhfreagrachtaí agus má tá an scaipeadh comhsheasmhach le leasanna na Stát Aontaithe; má tá an scaipeadh riachtanach go háirithe chun sábháilteacht nó slándáil daoine nó maoine a chosaint, nó chun coir nó bagairt ar an tslándáil náisiúnta a chosaint nó a chosc agus má tá an nochtadh ag luí leis an gcuspóir dár bailíodh an fhaisnéis (189).

3.1.2    Formhaoirseacht

(107)

Tá gníomhaíochtaí gníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí choiriúil feidearálacha faoi réir formhaoirseachta ag comhlachtaí éagsúla (190). Mar a mhínítear in aithrisí 92-99, áirítear leis sin, i bhformhór na gcásanna, formhaoirseacht roimh ré ag na breithiúna, a chaithfidh bearta aonair um bailiú a údarú sular féidir iad a úsáid. Ina theannta sin, déanann comhlachtaí eile maoirseacht ar chéimeanna éagsúla de ghníomhaíochtaí na n-údarás forfheidhmithe dlí choiriúil, lena n-áirítear bailiú agus próiseáil sonraí pearsanta. I dteannta a chéile, áirithíonn na comhlachtaí breithiúnacha agus neamhbhreithiúnacha sin go bhfuil na húdaráis forfheidhmithe dlí faoi réir maoirseacht neamhspleách.

(108)

Ar an gcéad dul síos, tá Oifigigh Phríobháideachais agus Saoirsí Sibhialta i ranna éagsúla a bhfuil freagrachtaí acu maidir le forfheidhmiú an dlí choiriúil (191). Cé go bhféadfadh cumhachtaí sonracha na n-oifigeach sin a bheith éagsúil go pointe ag brath ar an reacht údarúcháin, cuimsítear leo de ghnáth maoirseacht ar nósanna imeachta chun a áirithiú go mbíonn an roinn/ghníomhaireacht faoi seach ag cuimhneamh go sásúil ar cheisteanna príobháideachais agus saoirsí sibhialta agus go bhfuil nósanna imeachta leormhaithe curtha i bhfeidhm acu chun aghaidh a thabhairt ar ghearáin ó dhaoine aonair a mheasann gur sáraíodh a bpríobháideachas nó a saoirsí sibhialta. Ní mór do cheannairí gach roinne nó gníomhaireachta a áirithiú go mbeidh na hábhair agus na hacmhainní ag na hOifigigh Phríobháideachais agus Saoirsí Sibhialta chun a sainordú a chomhlíonadh, go dtabharfar rochtain dóibh ar aon ábhar nó aon phearsanra is gá chun a bhfeidhmeanna a dhéanamh, agus go gcuirfear ar an eolas iad agus go rachfar i gcomhairle leo maidir le hathruithe beartais beartaithe (192). Tuairiscíonn Oifigigh Phríobháideachais agus Saoirsí Sibhialta do Chomhdháil na Stát Aontaithe go tréimhsiúil, lena n-áirítear maidir le líon agus cineál na ngearán a fuair an roinn/ghníomhaireacht agus achoimre ar dhiúscairt na ngearán sin, ar na hathbhreithnithe agus na fiosrúcháin a rinneadh agus ar thionchar na ngníomhaíochtaí a rinne an tOifigeach (193).

(109)

Ar an dara dul síos, déanann Ardchigire neamhspleách formhaoirseacht ar ghníomhaíochtaí na Roinne Dlí agus Cirt, lena n-áirítear FBI (194). Tá Ardchigirí neamhspleách go reachtúil (195) agus freagrach as imscrúduithe, iniúchtaí agus cigireachtaí neamhspleácha a dhéanamh ar chláir agus oibríochtaí na Roinne. Tá rochtain acu ar gach taifead, tuarascáil, iniúchadh, athbhreithniú, doiciméad, páipéar, moladh nó ábhar ábhartha eile, trí subpoena más gá sin, agus féadfaidh siad fianaise a ghlacadh (196). Eisíonn Ardchigirí moltaí neamhcheangailteacha maidir le gníomhaíocht cheartaitheach, agus go ginearálta déantar a dtuarascálacha, lena n-áirítear maidir le bearta leantacha (nó easpa bearta leantacha) (197), a chur ar fáil go poiblí agus a sheoladh chuig an gComhdháil a fhéadann a feidhm formhaoirseachta a fheidhmiú ar an mbonn sin (féach aithris 111) (198).

(110)

Ar an tríú dul síos, a mhéid a dhéanann siad gníomhaíochtaí frithsceimhlitheoireachta, tá ranna a bhfuil freagrachtaí forfheidhmithe dlí choiriúil acu faoi réir formhaoirseachta ag an mBord Formhaoirseachta um Príobháideachas agus Saoirsí Sibhialta (PCLOB), gníomhaireacht neamhspleách laistigh den bhrainse feidhmiúcháin atá comhdhéanta de Bhord dépháirteach, cúig chomhalta arna cheapadh ag an Uachtarán ar feadh téarma seasta 6 bliana le formheas ón Seanad (199). De réir a reachta bhunaidh, cuirtear freagrachtaí ar iontaoibh PCLOB i réimse beartas frithsceimhlitheoireachta agus a gcur chun feidhme, d’fhonn príobháideachas agus saoirsí sibhialta a chosaint. Ina athbhreithniú, is féidir leis rochtain a fháil ar gach a bhfuil ábhartha de thaifid, tuarascálacha, iniúchtaí, athbhreithnithe, doiciméid, páipéir agus moltaí gníomhaireachta, lena n-áirítear faisnéis rúnaicmithe, agallaimh a dhéanamh agus fianaise a ghlacadh (200). Faigheann sé tuarascálacha ó oifigigh saoirsí sibhialta agus phríobháideachais roinnt ranna/gníomhaireachtaí feidearálacha (201), féadfaidh sé moltaí a eisiúint don rialtas agus d’údaráis forfheidhmithe dlí, agus tuairiscíonn sé go tráthrialta do choistí Comhdhála agus don Uachtarán (202). Ní mór tuarascálacha de chuid an Bhoird, lena n-áirítear na cinn a dhéantar don Chomhdháil, a chur ar fáil go poiblí a mhéid is mó is féidir (203).

(111)

Ar deireadh, tá gníomhaíochtaí forfheidhmithe dlí choiriúil faoi réir formhaoirseachta ag Coistí sonracha de Chomhdháil na Stát Aontaithe (Coistí Breithiúnacha Theach na nIonadaithe agus an tSeanaid). Déanann na Coistí Breithiúnacha formhaoirseacht thráthrialta ar bhealaí éagsúla, go háirithe trí éisteachtaí, imscrúduithe, athbhreithnithe agus tuarascálacha (204).

3.1.3    Sásamh

(112)

Mar a léirítear, ní mór d’údaráis forfheidhmithe dlí choiriúil, sa chuid is mó de chásanna, údarú breithiúnach a fháil roimh ré chun sonraí pearsanta a bhailiú. Cé nach gceanglaítear é sin le haghaidh subpoena riaracháin, tá siad sin teoranta do chásanna sonracha agus beidh siad faoi réir athbhreithniú breithiúnach neamhspleách, ar a laghad i gcás ina lorgaíonn an rialtas forfheidhmiú i gcúirt. Go sonrach, féadfaidh faighteoirí subpoena riaracháin agóid a dhéanamh i gcúirt ina n-aghaidh ar na forais go bhfuil siad míréasúnach, i.e. róleathan, leatromach nó anróiteach (205).

(113)

Ar an gcéad dul síos, féadfaidh daoine aonair iarrataí nó gearáin a thaisceadh le húdaráis forfheidhmithe dlí choiriúil maidir le láimhseáil a gcuid sonraí pearsanta. Áirítear leis sin an fhéidearthacht rochtain ar shonraí pearsanta agus ceartú na sonraí sin a iarraidh (206). A mhéid a bhaineann le gníomhaíochtaí a bhaineann leis an bhfrithsceimhlitheoireacht, féadfaidh daoine aonair gearán a dhéanamh freisin le hOifigigh Phríobháideachais agus Saoirsí Sibhialta (nó le oifigigh phríobháideachais eile) laistigh d’údaráis forfheidhmithe dlí (207).

(114)

Thairis sin, déantar foráil le dlí na Stát Aontaithe maidir le roinnt bealaí sásaimh bhreithiúnaigh le haghaidh daoine aonair, in aghaidh údarás poiblí nó duine dá oifigigh, i gcás ina bpróiseálann na húdaráis sin sonraí pearsanta (208). Tá na bealaí sin, ar a n-áirítear go háirithe APA, The Freedom of Information Act (FOIA) agus The Electronic Communications Privacy Act (ECPA), oscailte do gach duine aonair gan beann ar a náisiúntacht, faoi réir aon choinníoll is infheidhme.

(115)

Go ginearálta, faoi fhorálacha APA maidir le hathbhreithniú breithiúnach (209), ‘any person suffering legal wrong because of agency action, or adversely affected or aggrieved by agency action’ [aon duine dá ndéantar éagóir dhlíthiúil mar gheall ar ghníomhaíocht ghníomhaireachta, nó a ndéanann gníomhaíocht ghníomhaireachta dochar nó éagóir dó], tá sé i dteideal athbhreithniú breithiúnach a lorg (210). Áirítear leis sin an fhéidearthacht go n-iarrfaí ar an gcúirt ‘[to] hold unlawful and set aside agency action, findings, and conclusions found to be […] arbitrary, capricious, an abuse of discretion, or otherwise not in accordance with law’ [gníomhaíocht, cinntí agus conclúidí gníomhaireachta a shuitear a bheith treallach, guagach, ina mí-úsáid discréide, nó gan bheith i gcomhréir leis an dlí ar aon bhealach eile a chinneadh a bheith neamhdhleathach agus a chur i leataobh] (211).

(116)

Ar bhealach níos sonraí, leagtar síos le Teideal II de (ECPA) (212) córas ceart príobháideachais reachtúil lena rialáiltear, dá réir sin, rochtain údarás forfheidhmithe dlí ar inneachar cumarsáide sreinge, ó bhéal agus leictreonaí arna stóráil ag soláthraithe seirbhíse tríú páirtí (213). Déantar rochtain neamhdhleathach (i.e. rochtain nach bhfuil údaraithe ag cúirt ná ceadaithe ar aon bhealach eile) ar chumarsáid den sórt sin a choiriúlú leis, agus soláthraítear ceart cúitimh do dhuine aonair a ndéantar difear dó chun caingean shibhialta a thionscnamh i gcúirt fheidearálach SAM as damáistí iarbhír nó pionósacha chomh maith le faoiseamh cothromasach nó dearbhaithe in aghaidh oifigeach rialtais a bhfuil gníomhartha neamhdhleathacha den sórt sin déanta go toiliúil aige, nó in aghaidh na Stát Aontaithe.

(117)

Ina theannta sin, le roinnt reachtanna eile, ceadaítear don duine aonair cás dlí a thionscnamh in aghaidh údarás nó oifigeach poiblí SAM maidir le próiseáil a sonraí pearsanta, amhail The Wiretap Act (214), The Computer Fraud and Abuse Act (215), The Federal Torts Claim Act (216), The Right to Financial Privacy Act (217), agus The Fair Credit Reporting Act (218).

(118)

Chomh maith leis sin, faoi FOIA (219), 5 U.S.C., Roinn 552 tá sé de cheart ag aon duine rochtain a fháil ar thaifid ghníomhaireachtaí feidearálacha, lena n-áirítear i gcás ina bhfuil sonraí pearsanta an duine aonair iontu. Tar éis na leigheasanna riaracháin ar fad a thriail, féadfaidh duine aonair an ceart rochtana sin a agairt sa chúirt ach amháin má chosnaítear na taifid sin ó nochtadh poiblí le díolúine nó le heisiamh speisialta um fhorfheidhmiú an dlí (220). Sa chás sin, déanfaidh an chúirt measúnú féachaint an bhfuil feidhm ag aon díolúine nó an ndearna an t-údarás poiblí ábhartha an díolúine a agairt go dleathach.

3.2   Rochtain agus úsáid ag údaráis phoiblí na Stát Aontaithe chun críoch slándála náisiúnta

(119)

I ndlí na Stát Aontaithe, tá roinnt teorainneacha agus coimircí maidir le sonraí pearsanta a rochtain agus a úsáid chun críoch slándála náisiúnta, agus soláthraítear leis sásraí formhaoirseachta agus sásaimh atá i gcomhréir leis na ceanglais dá dtagraítear in aithris 89 den Chinneadh seo. Déantar measúnú mionsonraithe sna ranna a leanas ar na coinníollacha faoinar féidir le rochtain den sórt sin tarlú agus ar na coimircí is infheidhme maidir le húsáid na gcumhachtaí sin.

3.2.1    Bunúis dlí, teorainneacha agus coimircí

3.2.1.1   An creat dlíthiúil is infheidhme

(120)

Sonraí pearsanta arna n-aistriú ón Aontas go dtí eagraíochtaí CPS AE-SAM, féadfaidh údaráis na Stát Aontaithe iad a bhailiú chun críoch slándála náisiúnta ar bhonn ionstraimí dlí éagsúla, faoi réir coinníollacha agus coimircí sonracha.

(121)

Nuair a bheidh sonraí pearsanta faighte ag eagraíochtaí atá lonnaithe sna Stáit Aontaithe, ní fhéadfaidh gníomhaireachtaí faisnéise na Stát Aontaithe rochtain ar an bhfaisnéis sin a lorg chun críoch slándála náisiúnta ach mar a údaraítear go reachtúil, faoi The Foreign Intelligence Surveillance Act go sonrach nó faoi fhorálacha reachtúla lena n-údaraítear rochtain trí Litreacha Slándála Náisiúnta (NSLanna) (221). Tá roinnt bunúis dlí in FISA a d’fhéadfaí a úsáid chun sonraí pearsanta ábhar sonraí AE arna n-aistriú faoi CPS AE-SAM (Roinn 105 FISA (222), Roinn 302 FISA (223), Roinn 402 FISA (224), Roinn 501 FISA (225) agus Roinn 702 FISA (226)) a bhailiú (agus a phróiseáil ina dhiaidh sin), mar a dtugtar tuairisc níos mionsonraithe air in aithrisí 142-152.

(122)

Tá deiseanna freisin ag gníomhaireachtaí faisnéise na Stát Aontaithe sonraí pearsanta a bhailiú lasmuigh de na Stáit Aontaithe, ar a bhféadfaí sonraí pearsanta faoi bhealach idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe a áireamh. Tá an bailiú lasmuigh de na Stáit Aontaithe bunaithe ar Ordú Feidhmiúcháin 12333 (EO 12333) (227), arna eisiúint ag an Uachtarán (228).

(123)

Is é bailiú faisnéise comharthaí an cineál bailithe faisnéise is ábhartha don toradh leordhóthanachta seo, toisc go mbaineann sé le cumarsáid leictreonach agus sonraí leictreonacha ó chórais faisnéise a bhailiú. Féadfaidh gníomhaireachtaí faisnéise na Stát Aontaithe an bailiú sin a dhéanamh laistigh de na Stáit Aontaithe (ar bhonn FISA) agus le linn do shonraí a bheith faoi bhealach go dtí na Stáit Aontaithe (ar bhonn EO 12333).

(124)

An 7 Deireadh Fómhair 2022 d’eisigh Uachtarán na Stát Aontaithe EO 14086 dar teideal Enhancing Safeguards for United States Signals Intelligence, lena socraítear teorainneacha agus coimircí maidir le gníomhaíochtaí faisnéise comharthaí uile na Stát Aontaithe. Gabhann an EO sin in ionad Treoir Bheartais 28 ón Uachtarán (PPD-28) den chuid is mó (229) agus neartaítear leis na coinníollacha, na teorainneacha agus na coimircí is infheidhme maidir le gach gníomhaíocht faisnéise comharthaí (i.e. ar bhonn FISA agus EO 12333), gan beann ar an áit a dtarlaíonn siad (230), agus bunaítear leis sásra sásaimh nua trínar féidir le daoine aonair na coimircí sin a agairt agus a fhorfheidhmiú (231) (féach aithrisí 176-194 chun mionsonraí a fháil). Agus sin á dhéanamh, cuireann sé chun feidhme i ndlí na Stát Aontaithe toradh na gcainteanna a rinneadh idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe tar éis don Chúirt Bhreithiúnais cinneadh leordhóthanachta an Choimisiúin maidir leis an Sciath Phríobháideachais a neamhbhailíochtú (féach aithris 6). Dá bhrí sin, is eilimint den chreat dlíthiúil ar a ndéantar measúnú sa Chinneadh seo í a bhfuil tábhacht ar leith léi.

(125)

Leis na teorainneacha agus na coimircí a tugadh isteach le EO 14086, déantar forlíonadh ar na teorainneacha agus na coimircí dá bhforáiltear i Roinn 702 FISA agus in EO 12333. Ní mór do ghníomhaireachtaí faisnéise na ceanglais a thuairiscítear thíos (i ranna 3.2.1.2 agus 3.2.1.3) a chur i bhfeidhm agus iad i mbun gníomhaíochtaí faisnéise comharthaí de bhun Roinn 702 FISA agus EO 12333, e.g. nuair atá catagóirí faisnéise eachtraí atá le fáil de bhun Roinn 702 FISA á roghnú/á sainaithint; faisnéis eachtrach nó frithfhaisnéis eachtrach á bailiú de bhun EO 12333; agus cinntí aonair um spriocdhíriú á ndéanamh faoi Roinn 702 FISA agus EO 12333.

(126)

Na ceanglais a leagtar síos san Ordú Feidhmiúcháin sin arna eisiúint ag an Uachtarán, tá siad ceangailteach ar an gComhphobal Faisnéise ina iomláine. Ní mór iad a chur chun feidhme a thuilleadh trí bheartais agus nósanna imeachta gníomhaireachta lena dtrasuitear ina dtreoracha coincréiteacha iad le haghaidh oibríochtaí laethúla. I ndáil leis sin, le EO 14086, tugtar 1 bhliain amháin ar a mhéad do ghníomhaireachtaí faisnéise na Stát Aontaithe na beartais agus na nósanna imeachta atá acu cheana féin a nuashonrú (i.e faoin 7 Deireadh Fómhair 2023) lena dtabhairt i gcomhréir le ceanglais an Ordaithe Feidhmiúcháin. Ní mór na beartais agus na nósanna imeachta nuashonraithe sin a fhorbairt i gcomhairle leis an Ard-Aighne, le hOifigeach Cosanta Saoirsí Sibhialta an Stiúrthóra um Fhaisnéis Náisiúnta (ODNI CLPO) agus le PLCOB – ar comhlacht formhaoirseachta neamhspleách é atá údaraithe athbhreithniú a dhéanamh ar bheartais an Bhrainse Feidhmiúcháin agus ar a gcur chun feidhme, d’fhonn príobháideachas agus saoirsí sibhialta a chosaint (féach aithris 110 a mhéid a bhaineann le ról agus stádas PCLOB) – agus iad a chur ar fáil go poiblí (232). Ina theannta sin, nuair a bheidh na beartais agus na nósanna imeachta nuashonraithe i bhfeidhm, déanfaidh PCLOB athbhreithniú chun a áirithiú go bhfuil siad i gcomhréir leis an Ordú Feidhmiúcháin. Laistigh de 180 lá ó PCLOB ag cur athbhreithniú den sórt sin í gcrích, ní mór do gach gníomhaireacht faisnéise moltaí uile PCLOB a bhreithniú go cúramach agus a chur chun feidhme nó aghaidh a thabhairt orthu ar bhealach eile. An 3 Iúil 2023, d’fhoilsigh rialtas na Stát Aontaithe beartais agus nósanna imeachta cothrom le dáta den sórt sin (233).

3.2.1.2   Teorainneacha agus coimircí a mhéid a bhaineann le bailiú sonraí pearsanta chun críoch slándála náisiúnta

(127)

Leagtar síos roinnt ceanglais uileghabhálacha le EO 14086 a bhfuil feidhm acu maidir le gach gníomhaíochta faisnéise comharthaí (sonraí pearsanta a bhailiú, a úsáid, a scaipeadh, etc.).

(128)

Ar an gcéad dul síos, ní mór gníomhaíochtaí den sórt sin a bheith bunaithe ar reacht nó ar údarú ón Uachtarán agus ní mór iad a dhéanamh i gcomhréir le dlí na Stát Aontaithe, lena n-áirítear an Bunreacht (234).

(129)

Ar an dara dul síos, ní mór coimircí iomchuí a bheith i bhfeidhm chun a áirithiú go mbeidh breithnithe príobháideachais agus saoirsí sibhialta ina gcuid dhílis de phleanáil gníomhaíochtaí den sórt sin (235).

(130)

Go sonrach, ní fhéadfar aon ghníomhaíocht faisnéise comharthaí a dhéanamh ach amháin ‘following a determination, based on a reasonable assessment of all relevant factors, that the activities are necessary to advance a validated intelligence priority’ [tar éis cinneadh, bunaithe ar mheasúnú réasúnach ar gach toisc ábhartha, go bhfuil gá leis na gníomhaíochtaí chun tosaíocht faisnéise bhailíochtaithe a chur chun cinn] (a mhéid a bhaineann leis an gcoincheap ‘tosaíocht faisnéise bhailíochtaithe’, féach aithris 135) (236).

(131)

Thairis sin, ní fhéadfar gníomhaíochtaí den sórt sin a dhéanamh ach amháin ‘to the extent and in a manner that is proportionate to the validated intelligence priority for which they have been authorized’ [a mhéid agus ar bhealach a bheidh comhréireach leis an tosaíocht faisnéise bhailíochtaithe dár údaraíodh iad] (237). I bhfocail eile, ní mór an chothromaíocht cheart a bhaint amach ‘between the importance of the intelligence priority pursued and the impact on the privacy and civil liberties of affected individuals, regardless of their nationality or wherever they might reside’ [idir tábhacht na tosaíochta faisnéise a bhfuiltear a shaothrú agus an tionchar ar phríobháideachas agus saoirsí sibhialta daoine aonair dá ndéantar difear, gan beann ar a náisiúntacht nó cibé áit a bhféadfaidís a bheith ina gcónaí] (238).

(132)

Ar deireadh, chun comhlíonadh na gceanglas ginearálta sin a áirithiú – atá ina léiriú ar phrionsabail na dlíthiúlachta, an riachtanais agus na comhréireachta – tá gníomhaíochtaí faisnéise comharthaí faoi réir formhaoirseachta (féach roinn 3.2.2 chun tuilleadh sonraí a fháil) (239).

(133)

Tugtar bunús breise leis na ceanglais uileghabhálacha sin maidir le bailiú faisnéise comharthaí trí roinnt coinníollacha agus teorainneacha lena n-áirithítear go mbeidh an cur isteach ar chearta daoine aonair teoranta dá bhfuil riachtanach agus comhréireach chun cuspóir dlisteanach a chur chun cinn.

(134)

Ar an gcéad dul síos, leis an Ordú Feidhmiúcháin cuirtear teorainn ar dhá bhealach leis na forais ar ar féidir sonraí a bhailiú mar chuid de ghníomhaíochtaí faisnéise comharthaí. Ar thaobh amháin, leagtar síos leis an Ordú Feidhmiúcháin na cuspóirí dlisteanacha a fhéadfar a shaothrú trí bhailiú faisnéise comharthaí, e.g. chun cumais, rúin nó gníomhaíochtaí eagraíochtaí eachtracha, lena n-áirítear eagraíochtaí sceimhlitheoireachta idirnáisiúnta, atá ina mbagairt faoi láthair nó a d’fhéadfadh a bheith ina mbagairt amach anseo do shlándáil náisiúnta na Stát Aontaithe a thuiscint nó chun measúnú a dhéanamh orthu; chun cosaint ar chumais agus gníomhaíochtaí míleata eachtracha a thabhairt; chun bagairtí trasnáisiúnta a imríonn tionchar ar shlándáil dhomhanda a thuiscint agus measúnú a dhéanamh orthu, amhail an t-athrú aeráide agus athrú éiceolaíoch eile, rioscaí sláinte poiblí agus bagairtí daonnúla (240). Ar an taobh eile, liostaítear cuspóirí áirithe san Ordú Feidhmiúcháin nach mór do ghníomhaíochtaí faisnéise comhartha gan a shaothrú choíche, e.g. chun cáineadh, easaontú nó saornochtadh smaointe nó tuairimí polaitiúla ag daoine aonair nó ag an bpreas a chur faoi chois; chun daoine a chur faoi mhíbhuntáiste bunaithe ar a n-eitneacht, a gcine, a n-inscne, a bhféiniúlacht inscne, a ngnéaschlaonadh nó a gcreideamh; chun buntáiste iomaíoch a thabhairt do chuideachtaí SAM (241).

(135)

Thairis sin, na cuspóirí dlisteanacha a leagtar síos in EO 14086, ní féidir le gníomhaireachtaí faisnéise brath orthu sin amháin chun údar a thabhairt le bailiú faisnéise comharthaí agus ní mór bunús breise a thabhairt leo, chun críoch oibríochtúil, ionas go ndéanfar tosaíochtaí níos coincréití díobh a bhféadfar faisnéis chomharthaí a bhailiú ina leith. I bhfocail eile, ní féidir an bailiú iarbhír a dhéanamh ach amháin chun tosaíocht níos sonraí a chur chun cinn. Leagtar síos tosaíochtaí den sórt sin trí phróiseas tiomnaithe atá dírithe ar chomhlíonadh na gceanglas dlíthiúil is infheidhme a áirithiú, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann le príobháideachas agus saoirsí sibhialta. Ar bhealach níos sonraí, is é an Stiúrthóir um Fhaisnéis Náisiúnta a fhorbraíonn tosaíochtaí faisnéise i dtosach (tríd an gCreat um Thosaíochtaí Faisnéise Náisiúnta, mar a thugtar air) agus cuirtear faoi bhráid an Uachtaráin iad lena bhformheas (242). Sula molfaidh sé tosaíochtaí faisnéise don Uachtarán, ní mór don Stiúrthóir, i gcomhréir le EO 14086, measúnú a fháil ó ODNI CLPO le haghaidh gach tosaíochta maidir le (1) cé acu a chuireann nó nach gcuireann sí ceann amháin nó níos mó de na cuspóirí dlisteanacha a liostaítear san Ordú Feidhmiúcháin chun cinn; (2) gan í a bheith ceaptha faisnéis chomharthaí a bhailiú le haghaidh cuspóir toirmeasctha a liostaítear san Ordú Feidhmiúcháin nó gan coinne a bheith leis go mbeidh an bailiú sin mar thoradh uirthi; agus (3) cé acu a leagadh nár leagadh síos í tar éis breithniú iomchuí ar phríobháideachas agus saoirsí sibhialta gach duine, gan beann ar a náisiúntacht nó cibé áit a bhféadfaidís a bheith ina gcónaí (243). I gcás ina n-easaontóidh an Stiúrthóir le measúnú CLPO, ní mór an dá thuairim a chur faoi bhráid an Uachtaráin (244).

(136)

Dá bhrí sin, áirithítear go háirithe leis an bpróiseas sin go gcuirtear breithnithe príobháideachais san áireamh ag an gcéim tosaigh ina bhforbraítear tosaíochtaí faisnéise.

(137)

Ar an dara dul síos, nuair a bheidh tosaíocht faisnéise leagtha síos, tá roinnt ceanglas ann lena rialaítear an cinneadh maidir le cé acu a fhéadfar nó nach bhféadfar faisnéis chomharthaí a bhailiú chun an tosaíocht sin a chur chun cinn agus a mhéid a fhéadfar sin. Leis na ceanglais sin, déantar na caighdeáin uileghabhálacha riachtanais agus comhréireachta a leagtar amach le Roinn 2(a) den Ordú Feidhmiúcháin a oibríochtúlú.

(138)

Go sonrach, ní fhéadfar faisnéis chomharthaí a dhéanamh ach amháin ‘following a determination that, based on a reasonable assessment of all relevant factors, the collection is necessary to advance a specific intelligence priority’ [tar éis cinneadh, bunaithe ar mheasúnú réasúnach ar gach toisc ábhartha, go bhfuil gá leis an mbailiú chun tosaíocht faisnéise shonrach a chur chun cinn] (245). Chun a chinneadh cé acu atá nó nach bhfuil gá le gníomhaíocht shonrach bailithe faisnéise comharthaí chun tosaíocht faisnéise bhailíochtaithe a chur chun cinn, ní mór do ghníomhaireachtaí faisnéise na Stát Aontaithe breithniú a dhéanamh ar infhaighteacht, indéantacht agus oiriúnacht foinsí agus modhanna eile nach bhfuil chomh cunórach céanna, lena n-áirítear foinsí taidhleoireachta agus poiblí (246). I gcás ina mbeidh siad ar fáil, ní mór tosaíocht a thabhairt d’fhoinsí agus modhanna malartacha den sórt sin nach bhfuil chomh cunórach céanna (247).

(139)

I gcás ina mbreithneofar gá a bheith le bailiú faisnéise comharthaí, agus na critéir sin á gcur i bhfeidhm, ní mór é a bheith ‘[as] tailored as feasible’ [a shaincheaptha is féidir] agus ‘not disproportionately impact privacy and civil liberties’ [gan tionchar díréireach a imirt ar phríobháideachas agus saoirsí sibhialta] (248). Chun a áirithiú nach ndéanfar difear díréireach do phríobháideachas agus saoirsí sibhialta – i.e. chun an chothromaíocht cheart a bhaint amach idir riachtanais slándála náisiúnta agus cosaint príobháideachais agus saoirsí sibhialta – ní mór gach toisc ábhartha a chur san áireamh go cuí, amhail cineál an chuspóra a shaothraítear; cunórtas na gníomhaíochta bailithe, lena n-áirítear a fad; an chaoi ar dócha go rannchuideoidh an bailiú leis an gcuspóir a shaothraítear; na hiarmhairtí do dhaoine aonair is féidir a thuar go réasúnach; agus cineál agus íogaireacht na sonraí atá le bailiú (249).

(140)

A mhéid a bhaineann leis an gcineál bailithe faisnéise comharthaí, ní mór bailiú sonraí laistigh de na Stáit Aontaithe a bheith spriocdhírithe, arb é an bailiú is ábhartha don toradh leordhóthanachta seo é toisc go mbaineann sé le sonraí a aistríodh chuig eagraíochtaí sna Stáit Aontaithe, mar a mhínítear ar bhealach níos mionsonraithe in aithrisí 142-153.

(141)

Ní fhéadfar ‘bulcbhailiú’ (250) a dhéanamh ach amháin lasmuigh de na Stáit Aontaithe, ar bhonn EO 12333. Sa chás sin freisin, de bhun EO 14086, ní mór tosaíocht a thabhairt do bhailiú spriocdhírithe (251). Os a choinne sin, ní cheadaítear bulcbhailiú ach amháin i gcás nach féidir an fhaisnéis is gá chun tosaíocht faisnéise bhailíochtaithe a chur chun cinn a fháil go réasúnta trí bhailiú spriocdhírithe (252). I gcás inar gá bulcbhailiú sonraí a dhéanamh lasmuigh de na Stáit Aontaithe, is infheidhme coimircí sonracha faoi EO 14086 (253). Ar an gcéad dul síos, ní mór modhanna agus bearta teicniúla a chur i bhfeidhm chun an bailiú sonraí a theorannú dá bhfuil riachtanach chun tosaíocht faisnéise bhailíochtaithe a chur chun cinn agus dó sin amháin, agus bailiú faisnéise nach mbaineann le hábhar a íoslaghdú (254). Ar an dara dul síos, leis an Ordú Feidhmiúcháin, déantar úsáid faisnéise arna bailiú ar an mórchóir (lena n-áirítear trí chuardach) a theorannú do shé cinn de chuspóirí sonracha, lena n-áirítear cosaint ar sceimhlitheoireacht, gialla a ghabháil, agus daoine a bheith á gcoinneáil i mbraighdeanas ag rialtas, eagraíocht nó duine eachtrach nó thar a gceann; cosaint ar spiaireacht eachtrach, sabaitéireacht nó feallmharú; cosaint ar bhagairtí a bhaineann le hairm ollscriosta nó teicneolaíochtaí agus bagairtí gaolmhara a fhorbairt, a shealbhú nó a leathadh, etc (255). Ar deireadh, ní fhéadfar aon chuardach ar fhaisnéis chomharthaí a fuarthas ar an mórchóir a dhéanamh ach amháin i gcás ina bhfuil gá leis chun tosaíocht faisnéise bhailíochtaithe a chur chun cinn, chun na sé chuspóir sin a shaothrú agus i gcomhréir le beartais agus nósanna imeachta lena gcuirtear san áireamh go hiomchuí tionchar na gcuardach ar phríobháideachas agus saoirsí sibhialta gach duine, gan beann ar a náisiúntacht nó cibé áit a bhféadfaidís a bheith ina gcónaí (256).

(142)

I dteannta cheanglais EO 14086, an bailiú faisnéise comharthaí ar shonraí a aistríodh chuig eagraíocht sna Stáit Aontaithe, tá sé faoi réir teorainneacha agus coimircí sonracha a rialaítear le Roinn 702 FISA (257). Le Roinn 702 FISA, ceadaítear eolas faisnéise eachtraí a bhailiú trí spriocdhíriú ar dhaoine nach saoránaigh de na Stáit Aontaithe iad a gcreidtear le réasún go bhfuil siad lonnaithe lasmuigh de na Stáit Aontaithe, a dhéantar le cúnamh ó sholáthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí na Stát Aontaithe, a gcuirtear iallach orthu an cúnamh sin a thabhairt (258). Chun eolas faisnéise eachtraí a bhailiú de bhun Roinn 702 FISA, cuireann an tArd-Aighne agus an Stiúrthóir um Fhaisnéis Náisiúnta deimhniúcháin faoi bhráid na Cúirte um Fhaireachas Faisnéise Eachtraí (FISC) lena sainaithnítear catagóirí eolais faisnéise eachtraí atá le fáil (259). Ní mór nósanna imeachta um spriocdhíriú, íoslaghdú agus cuardach a bheith ag gabháil leis na deimhniúcháin, a fhormheasann an Chúirt freisin agus atá ceangailteach ó thaobh dlí de ar ghníomhaireachtaí faisnéise na Stát Aontaithe.

(143)

Is cúirt neamhspleách í FISC (260) arna cruthú le reacht feidearálach ar féidir achomharc in aghaidh a cinntí a dhéanamh chuig an gCúirt Athbhreithniúcháin um Fhaireachas Faisnéise Eachtraí (FISCR) (261) agus, faoi dheireadh, chuig Cúirt Uachtarach na Stát Aontaithe (262). Tugann buanphainéal cúigear aturnaetha agus cúigear saineolaithe teicniúla a bhfuil saineolas acu in ábhair slándála náisiúnta agus saoirsí sibhialta tacaíocht do FISC (agus FISCR) (263). As measc an ghrúpa sin, ceapann an chúirt duine aonair chun feidhmiú mar amicus curiae chun cúnamh a thabhairt le breithniú a dhéanamh ar aon iarratas ar ordú nó athbhreithniú ina gcuirtear léirmhíniú nua nó suntasach ar an dlí i láthair, dar leis an gcúirt, ach amháin má chinneann an chúirt nach iomchuí ceapachán den sórt sin (264). Áirithítear leis sin go háirithe go ndéantar breithnithe príobháideachais a léiriú go cuí i measúnú na cúirte. Féadfaidh an chúirt duine aonair nó eagraíocht a cheapadh freisin chun feidhmiú mar amicus curiae, lena n-áirítear chun saineolas teicniúil a sholáthar, tráth ar bith a mheasann sí is iomchuí nó, le foriarratas, cead comhdaithe nóta amicus curiae a thabhairt do dhuine aonair nó d’eagraíocht (265).

(144)

Déanann FISC athbhreithniú ar na deimhniúcháin agus na nósanna imeachta gaolmhara (go háirithe nósanna imeachta um spriocdhíriú agus íoslaghdú) le féachaint an gcomhlíonann siad ceanglais FISA. Má bhreithníonn sé nach gcomhlíontar na ceanglais, féadann sé an deimhniúchán a dhiúltú go hiomlán nó go páirteach agus a iarraidh go leasófaí na nósanna imeachta (266). I ndáil leis sin, tá deimhnithe arís agus arís eile ag FISC nach bhfuil a athbhreithniú ar nósanna imeachta Roinn 702 um spriocdhíriú agus íoslaghdú teoranta do na nósanna imeachta mar atá siad scríofa, ach go n-áirítear ann freisin an chaoi a gcuireann an rialtas na nósanna imeachta chun feidhme (267).

(145)

Déanann an Ghníomhaireacht Slándála Náisiúnta (NSA, an ghníomhaireacht faisnéise atá freagrach as spriocdhíriú faoi Roinn 702 FISA) cinntí aonair maidir le spriocdhíriú i gcomhréir le nósanna imeachta um spriocdhíriú arna bhformheas ag FISC, lena gceanglaítear ar NSA a mheasúnú, bunaithe ar na himthosca ina n-iomláine, gur dócha go bhfaighfear catagóir eolais faisnéise eachtraí a shainaithnítear i ndeimhniúchán má spriocdhírítear ar dhuine sonrach. (268). Ní mór an measúnú sin a bheith sonraithe fíorasbhunaithe, agus ní mór breithiúnas anailísíoch, oiliúint speisialaithe agus saineolas an anailísí, agus cineál an eolais faisnéise eachtraí atá le fáil bonn eolais a chur faoi (269). Déantar an spriocdhíriú trí roghnóirí a shainaithint, mar a ghairtear díobh, lena sainaithnítear saoráidí cumarsáide, amhail seoladh ríomhphoist nó uimhir theileafóin na sprice, ach gan eochairfhocail ná ainmneacha daoine aonair a úsáid choíche (270).

(146)

Sainaithneoidh anailísithe NSA ar dtús daoine nach saoránaigh de na Stáit Aontaithe iad atá lonnaithe ar an gcoigríoch a bhfaighfear an fhaisnéis eachtrach ábhartha a shonraítear sa deimhniúchán mar thoradh ar fhaireachas a dhéanamh orthu, bunaithe ar mheasúnú na n-anailísithe (271). Mar a leagtar amach i nósanna imeachta NSA um spriocdhíriú, ní fhéadann NSA faireachas a dhíriú ar sprioc ach amháin i gcás ina bhfuil rud éigin foghlamtha aige faoin sprioc cheana féin (272). D’fhéadfadh sé sin teacht as faisnéis ó fhoinsí éagsúla, mar shampla faisnéis dhaonna. Trí na foinsí eile sin, ní mór don anailísí foghlaim faoi roghnóir sonrach (i.e. cuntas cumarsáide) a úsáideann an sprioc ionchasach freisin. Nuair a bheidh na daoine pearsantaithe sin sainaitheanta agus nuair a bheidh an spriocdhíriú orthu formheasta ag sásra athbhreithniúcháin fhairsing laistigh de NSA (273), déanfar roghnóirí a shainaithníonn saoráidí cumarsáide (amhail seoltaí ríomhphoist) a úsáideann na spriocanna a ‘thascáil’ (i.e. forbrófar agus cuirfear chun feidhme iad) (274).

(147)

Ní mór do NSA an bonn fíorasach atá le roghnú na sprice a dhoiciméadú (275) agus a dhearbhú, go tráthrialta tar éis an spriocdhírithe bunaidh, go leantar de bheith ag comhlíonadh an chaighdeáin spriocdhírithe (276). A thúisce nach gcomhlíontar an caighdeán spriocdhírithe a thuilleadh, ní mór scor den bhailiú (277). Roghnú gach sprice ag NSA agus a thaifead ar gach measúnaithe um spriocdhíriú taifeadta agus a réasúnaíocht i ndáil leis an spriocdhíriú sin, déanann oifigigh in oifigí formhaoirseachta faisnéise na Roinne Dlí agus Cirt, a bhfuil oibleagáid orthu aon sárú a thuairisciú do FISC agus don Chomhdháil, athbhreithniú orthu sin ar bhonn démhíosúil féachaint an gcomhlíontar na nósanna imeachta um spriocdhíriú (278). Déanann doiciméadacht scríofa NSA éascaíocht d’fhormhaoirseacht FISC ar cé acu a spriocdhírítear nó nach spriocdhírítear go cuí ar dhaoine aonair sonracha faoi Roinn 702 FISA, i gcomhréir lena chumhachtaí maoirseachta mar a thuairiscítear in aithrisí 173-174 (279). Ar deireadh, ceanglaítear freisin ar an Stiúrthóir um Fhaisnéis Náisiúnta (DNI) an líon iomlán spriocanna faoi Roinn 702 FISA a thuairisciú gach bliain i dTuarascálacha Trédhearcachta Staidrimh, ar tuarascálacha poiblí bliantúla iad. Féadfaidh cuideachtaí a fhaigheann treoracha faoi Roinn 702 FISA sonraí comhiomlánaithe maidir leis na hiarrataí a fhaigheann siad a fhoilsiú (trí thuarascálacha trédhearcachta) (280).

(148)

A mhéid a bhaineann leis na bunúis eile dlí maidir le sonraí pearsanta arna n-aistriú chuig eagraíochtaí sna Stáit Aontaithe a bhailiú, is infheidhme teorainneacha agus coimircí éagsúla. Go ginearálta, faoi Roinn 402 FISA (rolla diailithe agus údaráis rianaithe agus taifeadta) agus trí úsáid NSLanna, toirmeasctar go sonrach bulcbhailiú sonraí agus ceanglaítear ina ionad sin ‘téarmaí roghnúcháin’ sonracha a úsáid (281).

(149)

Chun faireachas leictreonach pearsantaithe traidisiúnta a dhéanamh (de bhun Roinn 105 FISA), ní mór do ghníomhaireachtaí faisnéise iarratas a chur faoi bhráid FISC ina bhfuil ráiteas maidir leis na fíorais agus na himthosca a mbraitear orthu chun údar a thabhairt leis an gcreideamh go bhfuil cúis dhóchúil ann go bhfuil an tsaoráid á húsáid ag cumhacht eachtrach nó ag gníomhaire de chumhacht eachtrach nó gur gearr go n-úsáidfidh (282). Déanfaidh FISC measúnú, i measc nithe eile, ar cé acu atá nó nach bhfuil cúis dhóchúil ann gurb amhlaidh go deimhin atá an scéal bunaithe ar na fíorais a chuirtear isteach (283).

(150)

Chun cuardach a dhéanamh ar bhonn Roinn 301 FISA ar áitribh nó maoin a bhfuil sé beartaithe go mbeidh cigireacht, urghabháil etc. ar fhaisnéis, ábhar nó maoin (e.g. gaireas ríomhaire) mar thoradh air, ní mór iarratas ar ordú ó FISC a dhéanamh (284). Leis an iarratas sin ní mór, inter alia, a léiriú go bhfuil cúis dhóchúil ann gur cumhacht eachtrach nó gníomhaire de chumhacht eachtrach í sprioc an chuardaigh; go bhfuil eolas faisnéise eachtraí san áitreabh nó sa mhaoin atá le cuardach agus go bhfuil an t-áitreabh atá le cuardach faoi úinéireacht, á úsáid nó arna shealbhú ag cumhacht eachtrach (nó ag gníomhaire de chumhacht eachtrach) nó go bhfuil sé faoi bhealach chuici nó uaithi (chuige nó uaidh) (285).

(151)

Ar an gcaoi chéanna, chun rolla diailithe nó gairis rianaithe agus taifeadta a shuiteáil (de bhun Roinn 402 FISA) ní mór iarratas ar ordú ó FISC (nó ó Bhreitheamh Cúirte Dúiche SAM) a dhéanamh agus téarma roghnúcháin sonrach a úsáid, i.e. téarma a shainaithníonn duine, cuntas, etc. go sonrach agus a úsáidtear chun raon feidhme na faisnéise atá á lorg a theorannú a mhéid is mó is féidir go réasúnach (286). Ní bhaineann an t-údarás sin le hinneachar cumarsáide, ach díríonn sé ina ionad sin ar fhaisnéis maidir leis an gcustaiméir nó an síntiúsóir a úsáideann seirbhís (amhail ainm, seoladh, uimhir shíntiúsóra, fad/cineál na seirbhíse a fhaightear, foinse/sásra íocaíochta).

(152)

Ní mór iarratas a dhéanamh le FISC nó Breitheamh Cúirte Dúiche faoi Roinn 501 FISA freisin (287), lena gceadaítear taifid ghnó a bhailiú ó iompróir coiteann (i.e. aon duine nó eintiteas a iompraíonn daoine nó maoin de thalamh, d’iarnród, d’uisce nó d’aer chun cúiteamh a ghnóthú), ó shaoráid cóiríochta poiblí (e.g. óstán, móstán nó teach ósta), ó shaoráid fruilithe feithiclí, nó ó shaoráid stórála fisicí (a sholáthraíonn spás le haghaidh seirbhísí a bhaineann le stóráil earraí agus ábhar) (288). Ní mór a shonrú san iarratas na taifid atá á lorg agus na fíorais shonracha, ar féidir iad a chur in iúl i bhfocail, a thugann údar lena chreidiúint gur cumhacht eachtrach nó gníomhaire de chumhacht eachtrach é an duine a mbaineann na taifid leis (289).

(153)

Ar deireadh, déantar NSLanna a údarú le reachtanna éagsúla agus ceadaítear do ghníomhaireachtaí imscrúdaithe leo faisnéis ábhartha a fháil (nach n-áirítear inneachar cumarsáide léi) ó eintitis ábhartha (e.g. institiúidí airgeadais, gníomhaireachtaí tuairiscithe creidmheasa, soláthraithe cumarsáide leictreonaí) atá i dtuarascálacha creidmheasa, taifid airgeadais agus taifid leictreonacha maidir le síntiúsóirí agus idirbhearta (290). Is é FBI amháin a fhéadfaidh úsáid a bhaint as an reacht maidir le NSLanna lena n-údaraítear rochtain a fháil ar chumarsáid leictreonach agus ceanglaítear leis an reacht sin go mbainfear úsáid in iarrataí as téarma a shainaithníonn duine, eintiteas, uimhir theileafóin nó cuntas go sonrach agus go ndeimhneofar iontu go bhfuil an fhaisnéis ábhartha d’imscrúdú slándála náisiúnta údaraithe chun cosaint a thabhairt ar an sceimhlitheoireacht idirnáisiúnta nó ar ghníomhaíochtaí faisnéise folaitheacha (291). Tá sé de cheart ag faighteoirí NSL agóid a dhéanamh ina haghaidh i gcúirt (292).

3.2.1.3   Úsáid bhreise a bhaint as an bhfaisnéis bhailithe

(154)

Próiseáil sonraí pearsanta a bhailíonn gníomhaireachtaí faisnéise na Stát Aontaithe tríd an bhfaisnéis chomharthaí, tá sí faoi réir roinnt coimircí.

(155)

Ar an gcéad dul síos, ní mór do gach gníomhaireacht faisnéise slándáil sonraí iomchuí a áirithiú agus rochtain ag daoine neamhúdaraithe ar shonraí pearsanta arna mbailiú tríd an bhfaisnéis chomharthaí a chosc. I ndáil leis sin, sonraítear le hionstraimí éagsúla, lena n-áirítear reachtanna, treoirlínte agus caighdeáin, na híoscheanglais slándála faisnéise is gá a chur i bhfeidhm (e.g. fíordheimhniúchán ilfhachtóra, criptiú, etc.) (293). Ní mór rochtain ar shonraí bailithe a bheith teoranta do phearsanta údaraithe oilte a bhfuil sé riachtanach an fhaisnéis sin a bheith ar eolas acu chun a misean a dhéanamh (294). Ar bhealach níos ginearálta, ní mór do ghníomhaireachtaí faisnéise oiliúint iomchuí a sholáthar dá bhfostaithe, lena n-áirítear i ndáil le nósanna imeachta maidir le sáruithe ar an dlí a thuairisciú agus aghaidh a thabhairt orthu (lena n-áirítear EO 14086) (295).

(156)

Ar an dara dul síos, ní mór do ghníomhaireachtaí faisnéise caighdeáin an Chomhphobail Faisnéise maidir le cruinneas agus oibiachtúlacht a chomhlíonadh, go háirithe i ndáil le cáilíocht agus iontaofacht sonraí a áirithiú, foinsí malartacha faisnéise a bhreithniú agus anailísí a dhéanamh go hoibiachtúil (296).

(157)

Ar an tríú dul síos, a mhéid a bhaineann le coinneáil sonraí, soiléirítear le EO 14086 go bhfuil sonraí pearsanta daoine nach saoránaigh de na Stáit Aontaithe iad faoi réir na dtréimhsí coinneála céanna leis na cinn is infheidhme maidir le sonraí daoine ar saoránaigh de na Stáit Aontaithe iad (297). Ceanglaítear ar ghníomhaireachtaí faisnéise tréimhsí coinneála sonracha agus/nó na tosca nach mór a chur san áireamh a shainiú chun fad na dtréimhsí coinneála is infheidhme a chinneadh (e.g. an fianaise ar choir an fhaisnéis; an eolas faisnéise eachtraí í an fhaisnéis; an bhfuil gá leis an bhfaisnéis chun sábháilteacht daoine nó eagraíochtaí a chosaint, lena n-áirítear íospartaigh nó spriocanna na sceimhlitheoireachta idirnáisiúnta), a leagtar síos in ionstraimí dlí éagsúla (298).

(158)

Ar an gceathrú dul síos, is infheidhme rialacha sonracha a mhéid a bhaineann le scaipeadh sonraí pearsanta a bhailítear tríd an bhfaisnéis chomharthaí. Mar cheanglas ginearálta, ní fhéadfar sonraí pearsanta maidir le daoine nach saoránaigh de na Stáit Aontaithe iad a scaipeadh ach amháin má bhaineann siad leis an gcineál céanna faisnéise maidir le daoine ar saoránaigh de na Stáit Aontaithe is féidir a scaipeadh, e.g. faisnéis a bhfuil gá léi chun sábháilteacht duine nó eagraíochta a chosaint (amhail spriocanna, íospartaigh nó gialla eagraíochtaí sceimhlitheoireachta idirnáisiúnta) (299). Thairis sin, ní fhéadfar sonraí pearsanta a scaipeadh i ngeall ar náisiúntacht nó tír chónaithe duine agus i ngeall uirthi sin amháin nó chun ceanglais EO 14086 a imchéimniú (300). Ní fhéadfar iad a scaipeadh laistigh de rialtas na Stát Aontaithe ach amháin má chreideann duine aonair údaraithe oilte, go réasúnach, gur gá don fhaighteoir an fhaisnéis sin a bheith ar eolas aige (301) agus go gcosnóidh sé í mar is iomchuí (302). Chun a chinneadh cé acu is féidir nó nach féidir sonraí pearsanta a scaipeadh chuig faighteoirí lasmuigh de rialtas na Stát Aontaithe (lena n-áirítear rialtas eachtrach nó eagraíocht idirnáisiúnta), ní mór críoch an scaipthe, cineál agus méid na sonraí atá á scaipeadh, agus an fhéidearthacht go n-imreofaí tionchar díobhálach ar an duine (na daoine) lena mbaineann a chur san áireamh (303).

(159)

Ar deireadh, lena n-áirítear chun formhaoirseacht ar chomhlíonadh na gceanglas dlíthiúil is infheidhme agus sásamh éifeachtach a éascú, faoi EO 14086 ceanglaítear ar gach gníomhaireacht faisnéise doiciméadacht iomchuí a choimeád maidir le bailiú faisnéise comharthaí. Cumhdaítear leis na ceanglais doiciméadachta eilimintí amhail bonn fíorasach an mheasúnaithe go bhfuil gá le gníomhaíocht shonrach bailithe chun tosaíocht faisnéise bhailíochtaithe a chur chun cinn (304).

(160)

I dteannta choimircí thuasluaite EO 14086 maidir le faisnéis a úsáid a bhailítear trí fhaisnéis comharthaí, tá gníomhaireachtaí faisnéise uile na Stát Aontaithe faoi réir ceanglais níos ginearálta maidir le teorannú de réir cuspóra, íoslaghdú sonraí, cruinneas, slándáil, coinneáil agus scaipeadh, ag leanúint go háirithe ó Chiorclán OMB Uimh. A-130, The E-Government Act, The Federal Records Act (féach aithrisí 101-106) agus treoir ón gCoiste um Chórais Slándála Náisiúnta (CNSS) (305).

3.2.2    Formhaoirseacht

(161)

Tá gníomhaíochtaí ghníomhaireachtaí faisnéise na Stát Aontaithe faoi réir maoirseacht ag comhlachtaí éagsúla.

(162)

Ar an gcéad dul síos, ceanglaítear le EO 14086 ar gach gníomhaireacht faisnéise oifigigh dlí, formhaoirseachta agus comhlíonta ar ardleibhéal a bheith acu chun a áirithiú go gcomhlíonfar dlí infheidhme na Stát Aontaithe (306). Go sonrach, ní mór dóibh formhaoirseacht thréimhsiúil a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí faisnéise comharthaí agus a áirithiú go ndéanfar aon neamhchomhlíonadh a leigheas. Ní mór do ghníomhaireachtaí faisnéise rochtain a sholáthar do na hoifigigh sin ar an bhfaisnéis ábhartha uile is gá chun go ndéanfaidh siad a bhfeidhmeanna formhaoirseachta agus ní fhéadfaidh siad aon ghníomhaíocht a dhéanamh a chuirfidh isteach nó a imreoidh tionchar míchuí ar a ngníomhaíochtaí formhaoirseachta (307). Ina theannta sin, aon teagmhas suntasach neamhchomhlíonta (308) a shainaithníonn oifigeach formhaoirseachta nó aon fhostaí eile, ní mór é a thuairisciú go pras do cheannaire na gníomhaireachta faisnéise agus don Stiúrthóir um Fhaisnéis Náisiúnta, nach mór dósan a áirithiú go ndéanfar aon ghníomhaíocht is gá chun an teagmhas suntasach neamhchomhlíonta a leigheas agus a atarlú a chosc (309).

(163)

Is iad a dhéanann an fheidhm formhaoirseachta sin oifigigh a bhfuil ról comhlíonta ainmnithe acu, chomh maith le hOifigigh Phríobháideachais agus Saoirsí Sibhialta agus Ardchigirí (310).

(164)

Mar is amhlaidh i gcás údaráis forfheidhmithe dlí choiriúil, tá Oifigigh Phríobháideachais agus Saoirsí Sibhialta i ngach gníomhaireacht faisnéise (311). Cuimsítear le cumhachtaí na n-oifigeach sin de ghnáth maoirseacht ar nósanna imeachta chun a áirithiú go mbíonn an roinn/ghníomhaireacht faoi seach ag cuimhneamh go sásúil ar cheisteanna príobháideachais agus saoirsí sibhialta agus go bhfuil nósanna imeachta leormhaithe curtha i bhfeidhm acu chun aghaidh a thabhairt ar ghearáin ó dhaoine aonair a mheasann gur sáraíodh a bpríobháideachas nó a saoirsí sibhialta (agus d’fhéadfadh an chumhacht a bheith acu féin i gcásanna áirithe, amhail Oifig an Stiúrthóra um Fhaisnéis Náisiúnta (ODNI), imscrúdú a dhéanamh ar ghearáin (312)). Ní mór do cheannairí gníomhaireachtaí faisnéise a áirithiú go mbeidh na hacmhainní ag na hOifigigh Phríobháideachais agus Saoirsí Sibhialta chun a sainordú a chomhlíonadh, go dtabharfar rochtain dóibh ar aon ábhar nó aon phearsanra is gá chun a bhfeidhmeanna a dhéanamh, agus go gcuirfear ar an eolas iad agus go rachfar i gcomhairle leo maidir le hathruithe beartais beartaithe (313). Tuairiscíonn Oifigigh Phríobháideachais agus Saoirsí Sibhialta do Chomhdháil na Stát Aontaithe agus do PCLOB go tréimhsiúil, lena n-áirítear maidir le líon agus cineál na ngearán a fuair an roinn/ghníomhaireacht agus achoimre ar dhiúscairt na ngearán sin, ar na hathbhreithnithe agus na fiosrúcháin a rinneadh agus ar thionchar na ngníomhaíochtaí a rinne an tOifigeach (314).

(165)

Ar an dara dul síos, tá Ardchigire neamhspleách ag gach gníomhaireacht faisnéise atá freagrach as formhaoirseacht a dhéanamh ar ghníomhaireachtaí faisnéise eachtraí, i measc freagrachtaí eile. Áirítear orthu sin, laistigh de ODNI, Oifig Ardchigire an Chomhphobail Faisnéise a bhfuil dlínse cuimsitheach aige ar an gComhphobal Faisnéise uile atá údaraithe imscrúdú a dhéanamh ar ghearáin maidir le faisnéis a bhaineann le líomhaintí i ndáil le hiompar neamhdhleathach, nó mí-úsáid údaráis, i dtaca le cláir nó gníomhaíochtaí ODNI agus/nó an Chomhphobail Faisnéise (315). Mar is amhlaidh i gcás údaráis forfheidhmithe dlí choiriúil (féach aithris 109), tá na hArdchigirí sin neamhspleách go reachtúil (316) agus freagrach as iniúchtaí agus imscrúduithe a dhéanamh a bhaineann leis na cláir agus na hoibríochtaí a dhéanann an ghníomhaireacht faoi seach chun críoch slándála náisiúnta, lena n-áirítear i ndáil le mí-úsáid nó sárú ar an dlí (317). Tá rochtain acu ar gach taifead, tuarascáil, iniúchadh, athbhreithniú, doiciméad, páipéar, moladh nó ábhar ábhartha eile, trí subpoena más gá sin, agus féadfaidh siad fianaise a ghlacadh (318). Déanann Ardchigirí cásanna sáruithe coiriúla amhrasta a tharchur lena n-ionchúiseamh agus déanann siad moltaí do cheannairí gníomhaireachta maidir le gníomhaíocht cheartaitheach (319). Cé go bhfuil a moltaí neamhcheangailteach, déantar a dtuarascálacha, lena n-áirítear maidir le bearta leantacha (nó easpa bearta leantacha) (320), a chur ar fáil go poiblí agus a sheoladh go ginearálta chuig an gComhdháil a fhéadann a feidhm formhaoirseachta féin a fheidhmiú ar an mbonn sin (féach aithrisí 168-169) (321).

(166)

Ar an tríú dul síos, déanann an Bord Formhaoirseachta Faisnéise (IOB), atá bunaithe laistigh de Bhord Comhairleach Faisnéise an Uachtaráin (PIAB), formhaoirseacht ar chomhlíonadh an Bhunreachta agus na rialacha uile is infheidhme ag údaráis faisnéise na Stát Aontaithe (322). Is comhlacht comhairleach é PIAB laistigh d’Oifig Feidhmeannach an Uachtaráin ina bhfuil 16 chomhalta ó lasmuigh de rialtas na Stát Aontaithe arna gceapadh ag an Uachtarán. Bíonn cúigear comhaltaí ar a mhéad in IOB arna n-ainmniú ag an Uachtarán as measc chomhaltaí PIAB. De réir EO 12333 (323), ceanglaítear ar cheannairí na ngníomhaireachtaí faisnéise uile aon ghníomhaíocht faisnéise a bhfuil cúis ann lena chreidiúint go bhféadfadh sí a bheith neamhdhleathach nó contrártha d’Ordú Feidhmiúcháin nó Treoir ón Uachtarán a thuairisciú do IOB. Chun a áirithiú go mbeidh rochtain ag IOB ar an bhfaisnéis is gá chun a fheidhmeanna a dhéanamh, treoraítear le hOrdú Feidhmiúcháin 13462 don Stiúrthóir um Fhaisnéis Náisiúnta agus do cheannairí gníomhaireachtaí faisnéise aon fhaisnéis agus aon chúnamh a sholáthar a chinneann IOB is gá chun a fheidhmeanna a dhéanamh, a mhéid atá ceadaithe leis an dlí (324). Ceanglaítear ar IOB, ar a sheal, an tUachtarán a chur ar an eolas maidir le gníomhaireachtaí faisnéise a chreideann sé a d’fhéadfadh a bheith de shárú ar dhlí na Stát Aontaithe (lena n-áirítear Orduithe Feidhmiúcháin) agus nach bhfuil an tArd-Aighne, an Stiúrthóir um Fhaisnéis Náisiúnta nó ceannaire gníomhaireachta faisnéise ag tabhairt aghaidh orthu go sásúil (325). Ina theannta sin, ceanglaítear ar IOB an tArd-Aighne a chur ar an eolas maidir le sáruithe féideartha ar an dlí coiriúil.

(167)

Ar an gceathrú dul síos, tá gníomhaireachtaí faisnéise faoi réir maoirseacht ag PCLOB. De réir a reachta bhunaidh, cuirtear freagrachtaí ar iontaoibh PCLOB i réimse beartas frithsceimhlitheoireachta agus a gcur chun feidhme, d’fhonn príobháideachas agus saoirsí sibhialta a chosaint. Ina athbhreithniú ar ghníomhaíochtaí gníomhaireachtaí faisnéise, is féidir leis rochtain a fháil ar gach a bhfuil ábhartha de thaifid, tuarascálacha, iniúchtaí, athbhreithnithe, doiciméid, páipéir agus moltaí gníomhaireachta, lena n-áirítear faisnéis rúnaicmithe, agallaimh a dhéanamh agus fianaise a ghlacadh (326). Faigheann sé tuarascálacha ó oifigigh saoirsí sibhialta agus phríobháideachais roinnt ranna/gníomhaireachtaí feidearálacha (327), féadfaidh sé moltaí a eisiúint don rialtas agus do ghníomhaireachtaí faisnéise, agus tuairiscíonn sé go tráthrialta do choistí Comhdhála agus don Uachtarán (328). Ní mór tuarascálacha de chuid an Bhoird, lena n-áirítear na cinn a dhéantar don Chomhdháil, a chur ar fáil go poiblí a mhéid is mó is féidir (329). Tá roinnt tuarascálacha maidir le formhaoirseacht agus bearta leantacha eisithe ag PCLOB, lena n-áirítear anailís ar na cláir a reáchtáiltear ar bhonn Roinn 702 FISA agus ar chosaint príobháideachais sa chomhthéacs sin, ar chur chun feidhme PPD 28 agus EO 12333 (330). Cuirtear de fhreagracht freisin ar PCLOB feidhmeanna formhaoirseachta sonracha a dhéanamh a mhéid a bhaineann le cur chun feidhme EO 14086, go háirithe trí athbhreithniú a dhéanamh cé acu atá nó nach bhfuil nósanna imeachta gníomhaireachta i gcomhréir leis an Ordú Feidhmiúcháin (féach aithris 126) agus meastóireacht a dhéanamh ar fheidhmiú ceart an tsásra sásaimh (féach aithris 194).

(168)

Ar an gcúigiú dul síos, i dteannta na sásraí formhaoirseachta laistigh den bhrainse feidhmiúcháin, tá freagrachtaí formhaoirseachta ag Coistí i gComhdháil na Stát Aontaithe (Coistí Faisnéise agus Breithiúnacha Theach na nIonadaithe agus an tSeanaid) maidir le gníomhaíochtaí faisnéise eachtraí uile na Stát Aontaithe. Tá rochtain ag comhaltaí na gCoistí sin ar fhaisnéis rúnaicmithe chomh maith le modhanna agus cláir faisnéise (331). Déanann na Coistí a bhfeidhmeanna formhaoirseachta ar bhealaí éagsúla, go háirithe trí éisteachtaí, imscrúduithe, athbhreithnithe agus tuarascálacha (332).

(169)

Faigheann na Coistí Comhdhála tuarascálacha tráthrialta maidir le gníomhaíochtaí faisnéise, lena n-áirítear ón Ard-Aighne, ón Stiúrthóir um Fhaisnéis Náisiúnta, ó ghníomhaireachtaí faisnéise agus ó chomhlachtaí formhaoirseachta eile (e.g. Ardchigirí), féach aithrisí 164-165. Go sonrach, de réir The National Security Act, ‘[t]he President shall ensure that the congressional intelligence committees are kept fully and currently informed of the intelligence activities of the United States, including any significant anticipated intelligence activity as required by this subchapter’ [áiritheoidh an tUachtarán go gcoinneofar coistí faisnéise na Comhdhála cothrom le dáta go hiomlán agus ar an eolas is déanaí maidir le gníomhaíochtaí faisnéise na Stát Aontaithe, lena n-áirítear aon ghníomhaíocht faisnéise shuntasach a bhfuil coinne léi mar a cheanglaítear leis an bhfochaibidil seo] (333). Ina theannta sin, ‘[t]he President shall ensure that any illegal intelligence activity is reported promptly to the congressional intelligence committees, as well as any corrective action that has been taken or is planned in connection with such illegal activity’ [áiritheoidh an tUachtarán go ndéanfar aon ghníomhaíocht faisnéise neamhdhleathach a thuairisciú go pras do choistí faisnéise na Comhdhála, chomh maith le haon ghníomhaíocht cheartaitheach atá déanta nó beartaithe a dhéanamh i ndáil leis an ngníomhaíocht neamhdhleathach sin] (334).

(170)

Thairis sin, leanann ceanglais bhreise tuairiscithe as na reachtanna sonracha. Go sonrach, le FISA ceanglaítear ar an Ard-Aighne Coistí Breithiúnacha agus Faisnéise an tSeanaid agus Theach na nIonadaithe a ‘chur ar an eolas go hiomlán’ maidir le gníomhaíochtaí an rialtais faoi ranna áirithe de FISA (335). Ceanglaítear ar an rialtas leis freisin cóipeanna de chinntí, orduithe nó tuairimí FISC nó FISCR ina n-áirítear ‘forléiriú nó léirmhíniú suntasach’ ar fhorálacha FISA a sholáthar do choistí na Comhdhála. A mhéid a bhaineann le faireachas faoi Roinn 702 FISA, feidhmítear formhaoirseacht pharlaiminteach trí thuarascálacha do na Coistí Faisnéise agus Breithiúnacha, a cheanglaítear de reacht, agus trí sheisiúin faisnéise agus éisteachtaí minice. Áirítear orthu sin tuarascáil leathbhliantúil ag an Ard-Aighne lena dtugtar tuairisc ar úsáid Roinn 702 FISA, in éineacht le doiciméid tacaíochta, lena n-áirítear tuarascálacha na Roinne Dlí agus Cirt agus ODNI ar chomhlíonadh agus tuairisc ar aon teagmhas neamhchomhlíonta (336), agus measúnú leathbhliantúil ar leithligh ag an Ard-Aighne agus DNI lena ndoiciméadaítear comhlíonadh na nósanna imeachta um spriocdhíriú agus íoslaghdú (337).

(171)

Ina theannta sin, le FISA ceanglaítear ar rialtas na Stát Aontaithe an líon orduithe FISA arna lorg agus arna bhfáil a nochtadh don Chomhdháil (agus don phobal) gach bliain, chomh maith le meastacháin ar an líon daoine ar saoránaigh de na Stáit Aontaithe iad agus nach saoránaigh de na Stáit Aontaithe iad ar spriocdhíríodh faireachas orthu, i measc nithe eile (338). Ceanglaítear freisin leis an Acht tuairisciú poiblí breise maidir leis an líon NSLanna arna n-eisiúint, arís maidir le daoine ar saoránaigh de na Stáit Aontaithe iad agus nach saoránaigh de na Stáit Aontaithe iad araon (agus caoi a thabhairt an tráth céanna d’fhaighteoirí orduithe agus deimhniúcháin FISA, chomh maith le hiarrataí NSL, tuarascálacha trédhearcachta a eisiúint faoi choinníollacha áirithe) (339).

(172)

Ar bhealach níos ginearálta, déanann Comhphobal Faisnéise na Stát Aontaithe iarrachtaí éagsúla chun trédhearcacht maidir lena ghníomhaíochtaí faisnéise (eachtraí) a sholáthar. Ghlac ODNI Prionsabail maidir le Trédhearcacht Faisnéise agus Plean Cur Chun Feidhme Trédhearcachta in 2015, mar shampla, agus thug treoir do gach gníomhaireacht faisnéise Oifigeach Trédhearcachta Faisnéise a ainmniú chun trédhearcacht a chothú agus ceannaireacht a thabhairt do thionscnaimh trédhearcachta (340). Mar chuid de na hiarrachtaí sin, tá codanna de bheartais, nósanna imeachta, tuarascálacha formhaoirseachta, tuarascálacha maidir le gníomhaíochtaí faoi Roinn 702 FISA agus EO 12333, cinntí FISC agus ábhair eile arna scaoileadh ó rúnaicmiú curtha ar fáil go poiblí an gComhphobal Faisnéise, agus leanann sé dá gcur ar fáil, lena n-áirítear ar shuíomh gréasáin tiomnaithe ‘IC on the Record’, a bhainistíonn ODNI (341).

(173)

Ar deireadh, tá bailiú sonraí pearsanta de bhun Roinn 702 FISA, i dteannta na maoirseachta a dhéanann comhlachtaí formhaoirseachta a luaitear in aithrisí 162-168, faoi réir formhaoirseacht ag FISC (342). De bhun Riail 13 de Rialacha Nós Imeachta FISA, ceanglaítear ar oifigigh um chomhlíonadh i ngníomhaireachtaí faisnéise na Stát Aontaithe aon sárú ar nósanna imeachta FISA 702 um spriocdhíriú, íoslaghdú agus cuardach a thuairisciú do DoJ agus ODNI, a thuairisceoidh do FISC ar a seal iad. Thairis sin, cuireann DoJ agus ODNI tuarascálacha measúnachta formhaoirseachta comhpháirtí leathbhliantúla faoi bhráid FISC, lena sainaithnítear treochtaí comhlíonta spriocdhírithe; lena soláthraítear sonraí staidrimh; lena dtugtar tuairisc ar chatagóirí teagmhas comhlíonta; lena dtugtar tuairisc mhionsonraithe ar na cúiseanna uile a bhí le teagmhais comhlíonta spriocdhírithe áirithe, agus lena leagtar amach na bearta a rinne gníomhaireachtaí faisnéise chun a n-atarlú a sheachaint (343).

(174)

I gcás inar gá (e.g. má shainaithnítear sáruithe ar nósanna imeachta um spriocdhíriú), féadfaidh an Chúirt a ordú don ghníomhaireacht faisnéise ábhartha gníomhaíocht cheartaitheach a dhéanamh (344). D’fhéadfadh idir bhearta aonair agus bhearta struchtúracha a bheith sna leigheasanna i gceist, e.g. fáil sonraí a fhoirceannadh agus sonraí a fuarthas go neamhdhleathach a scriosadh agus athrú ar an gcleachtas bailithe, lena n-áirítear i dtéarmaí treoraíochta agus oiliúna don fhoireann (345). Thairis sin, le linn a athbhreithnithe bhliantúil ar dheimhniúcháin Roinn 702, déanann FISC breithniú ar theagmhais neamhchomhlíonta chun a chinneadh an gcomhlíonann na deimhniúcháin a chuirtear isteach ceanglais FISA. Ar an gcaoi chéanna, má chinneann FISC nach raibh deimhniúcháin an rialtais leordhóthanach, lena n-áirítear mar gheall ar theagmhais comhlíonta áirithe, is féidir leis ‘ordú easnaimh’ a eisiúint, mar a ghairtear de, lena gceanglaítear ar an rialtas an sárú a leigheas laistigh de 30 lá nó lena gceanglaítear ar an rialtas scor de dheimhniúchán Roinn 702 a chur chun feidhme nó gan tús a chur lena chur chun feidhme. Ar deireadh, déanann FISC measúnú ar threochtaí a bhreathnaíonn sé i saincheisteanna comhlíonta agus féadfaidh sé athruithe ar nósanna imeachta nó formhaoirseacht agus tuairisciú breise a cheangal chun aghaidh a thabhairt ar threochtaí comhlíonta (346).

3.2.3    Sásamh

(175)

Mar a mhínítear ar bhealach níos mionsonraithe sa roinn seo, tugann roinnt bealaí sna Stáit Aontaithe deis d’ábhair sonraí de chuid an Aontais caingean dlí a thabhairt os comhair cúirt neamhspleách neamhchlaonta a bhfuil cumhachtaí ceangailteacha aici. I dteannta a chéile, tugann siad caoi do dhaoine aonair rochtain a bheith acu ar a gcuid sonraí pearsanta, athbhreithniú a fháil ar dhlíthiúlacht na rochtana atá ag an rialtas ar a gcuid sonraí agus, má bhíonn sárú ann, leigheas a fháil ar an sárú sin, lena n-áirítear trína gcuid sonraí pearsanta a cheartú nó a léirscriosadh.

(176)

Ar an gcéad dul síos, bunaítear sásra sásaimh sonrach, faoi EO 14086, a chomhlánaítear le The AG Regulation lena mbunaítear an Chúirt Athbhreithniúcháin um Chosaint Sonraí, chun gearáin ó dhaoine aonair maidir le gníomhaíochtaí faisnéise comharthaí na Stát Aontaithe a láimhseáil agus a réiteach. Tá aon duine aonair san Aontas i dteideal gearán a chur faoi bhráid an tsásra sásaimh maidir le sárú líomhnaithe ar dhlí na Stát Aontaithe lena rialaítear gníomhaíochtaí faisnéise comharthaí (e.g. EO 14086, Roinn 702 FISA, EO 12333) a dhéanann díobháil dá leasanna príobháideachais agus saoirsí sibhialta (347). Tá an sásra sásaimh sin ar fáil do dhaoine aonair as tíortha nó as eagraíochtaí réigiúnacha um chomhtháthú eacnamaíochta arna n-ainmniú ag Ard-Aighne na Stát Aontaithe mar ‘stáit cháilitheacha’ (348). An 30 Meitheamh 2023, faoi Alt 3(f) EO 14086 d’ainmnigh an tArd-Aighne an tAontas Eorpach agus na trí thír de Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa a chomhdhéanann an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch le chéile mar ‘stát cáilitheach’ (349). Tá an t-ainmniú sin seo gan dochar d’Airteagal 4(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

(177)

Ábhar sonraí den Aontas ar mian leis gearán den sórt sin a dhéanamh, ní mór dó é a chur faoi bhráid údarás maoirseachta i mBallstát atá inniúil as formhaoirseacht ar phróiseáil sonraí pearsanta ag údaráis phoiblí (ÚCS) (350). Áirithítear leis sin go mbeidh rochtain éasca ar an sásra sásaimh trína cheadú do dhaoine aonair dul i muinín údaráis atá ‘gar don bhaile’ lenar féidir leo cumarsáid a dhéanamh ina dteanga féin. Nuair a bheidh na ceanglais maidir le gearán a chomhdú dá dtagraítear in aithris 178 fíoraithe, déanfaidh an ÚCS inniúil, trí rúnaíocht an Bhoird Eorpaigh um Chosaint Sonraí, an gearán a sheoladh chuig an sásra sásaimh.

(178)

Gearán a dhéanamh leis an sásra sásaimh, tá sé faoi réir ceanglais ísle inghlacthachta, toisc nach gá do dhaoine aonair a léiriú go raibh a gcuid sonraí faoi réir ghníomhaíochtaí faisnéise comharthaí na Stát Aontaithe i ndáiríre (351). An tráth céanna, chun túsphointe a sholáthar don sásra sásaimh chun athbhreithniú a dhéanamh, ní mór bunfhaisnéis áirithe a sholáthar, e.g. maidir leis na sonraí pearsanta a gcreidtear le réasún gur aistríodh chuig na Stáit Aontaithe iad agus an bealach a gcreidtear gur aistríodh iad ann; aitheantas eintitis rialtais na Stát Aontaithe a gcreidtear go bhfuil baint acu leis an sárú líomhnaithe (más eol sin); an bonn leis an líomhain gur tharla sárú ar dhlí na Stát Aontaithe (cé nach gá, arís, a léiriú gur bhailigh gníomhaireachtaí faisnéise na Stát Aontaithe na sonraí pearsanta i ndáiríre) agus cineál an fhaoisimh atá á lorg.

(179)

Is é ODNI CLPO a dhéanann an t-imscrúdú bunaidh ar ghearáin a dhéantar leis an sásra sásaimh sin, a bhfuil an ról agus na cumhachtaí reachtúla atá aige cheana féin leathnaithe chun na gníomhaíochtaí sonracha sin a dhéanamh de bhun EO 14086 (352). Laistigh den Chomhphobal Faisnéise, tá CLPO freagrach, inter alia, as a áirithiú go ndéantar cosaint saoirsí sibhialta agus príobháideachais a ionchorprú mar is iomchuí i mbeartais agus nósanna imeachta ODNI agus gníomhaireachtaí faisnéise; formhaoirseacht a dhéanamh ar chomhlíonadh ODNI leis na ceanglais is infheidhme maidir le saoirsí sibhialta agus príobháideachas; agus measúnuithe tionchair príobháideachais a dhéanamh (353). Is i ngeall ar chúis agus i ngeall uirthi sin amháin a fhéadfaidh an Stiúrthóir um Fhaisnéis Náisiúnta ODNI CLPO a chur as oifig, i.e. i gcás mí-iompair, mí-iompar oifigiúil, sárú ar shlándáil, faillí i ndualgas nó neamhinniúlachta (354).

(180)

Nuair a bheidh athbhreithniú á dhéanamh aige, beidh rochtain ag ODNI CLPO ar an bhfaisnéis le haghaidh a mheasúnaithe agus féadann sé brath ar chúnamh ó Oifigigh Phríobháideachais agus Saoirsí Sibhialta sna gníomhaireachtaí faisnéise éagsúla a gcuirtear iallach orthu an cúnamh sin a thabhairt (355). Toirmeasctar gníomhaireachtaí faisnéise ó bheith ag cur isteach nó ag imirt tionchar míchuí ar athbhreithnithe ODNI CLPO. Áirítear orthu sin an Stiúrthóir um Fhaisnéis Náisiúnta nach mór dó gan cur isteach ar an athbhreithniú (356). Nuair a bheidh athbhreithniú á dhéanamh aige ar ghearán, ní mór do ODNI CLPO an dlí a chur i bhfeidhm ‘go neamhchlaonta,’ ag féachaint do leasanna slándála náisiúnta i ngníomhaíochtaí faisnéise comharthaí agus do chosaintí príobháideachais araon (357).

(181)

Mar chuid dá athbhreithniú, cinneann ODNI CLPO cé acu a rinneadh nó nach ndearnadh sárú ar dhlí infheidhme na Stát Aontaithe agus, má rinneadh, déanann sé cinneadh maidir le leigheas iomchuí (358). Tagraíonn an leigheas sin do bhearta lena dtugtar sásamh iomlán i leith sárú sainaitheanta, amhail fáil neamhdhleathach sonraí a fhoirceannadh, sonraí arna mbailiú go neamhdhleathach a scriosadh, torthaí cuardach arna ndéanamh go míchuí ar shonraí a bailíodh go dleathach seachas sin a scriosadh, rochtain ar shonraí arna mbailiú go dleathach a shrianadh do phearsanra atá oilte go hiomchuí, nó tuarascálacha faisnéise ina bhfuil sonraí a fuarthas gan údarú dleathach nó a scaipeadh go neamhdhleathach a aisghairm (359). Cinntí ODNI CLPO maidir le cinntí aonair (lena n-áirítear maidir leis an leigheas), tá siad ceangailteach ar na gníomhaireachtaí faisnéise lena mbaineann (360).

(182)

Ní mór do ODNI CLPO doiciméadacht maidir lena athbhreithniú a choinneáil ar bun agus cinneadh rúnaicmithe a sholáthar lena mínítear an bonn atá lena chinntí fíorasacha, an cinneadh maidir le cé acu a rinneadh nó nach ndearnadh sárú agus an cinneadh maidir leis an leigheas iomchuí (361). Má thagann sárú ar aon údarás faoi réir fhormhaoirseacht FISC chun solais de dhroim athbhreithniú ODNI CLPO, ní mór do CLPO tuarascáil rúnaicmithe a sholáthar freisin don Leas-Ard-Aighne um Shlándáil Náisiúnta, a bhfuil oibleagáid airsean ar a sheal an neamhchomhlíonadh a thuairisciú do FISC, a fhéadann gníomhaíocht forfheidhmithe bhreise a dhéanamh (i gcomhréir leis an nós imeachta a thuairiscítear in aithrisí 173-174) (362).

(183)

Nuair a bheidh an t-athbhreithniú tugtha i gcrích, cuirfidh ODNI CLPO an gearánach ar an eolas tríd an údarás náisiúnta, ‘[that] the review either did not identify any covered violations or the ODNI CLPO issued a determination requiring appropriate remediation’ [nár sainaithníodh leis an athbhreithniú aon sárú a chumhdaítear nó gur eisigh ODNI CLPO cinneadh lena gceanglaítear leigheas iomchuí] (363). Leis sin, tugtar caoi do rúndacht gníomhaíochtaí a dhéantar chun an tslándáil náisiúnta a chosaint agus, an tráth céanna, soláthraítear cinneadh do na daoine aonair lena ndeimhnítear go ndearnadh imscrúdú agus breithniú cuí ar a ngearán. Thairis sin, féadfaidh an duine aonair agóid a dhéanamh in aghaidh an chinnidh sin. Chuige sin, cuirfear an duine ar an eolas maidir leis an bhféidearthacht go ndéanfar achomharc chuig DPRC le haghaidh athbhreithniú ar chinntí CLPO (féach aithris 184 agus aithrisí ina diaidh) agus, i gcás ina dtabharfaí an t-ábhar os comhair na Cúirte, go roghnófar abhcóide speisialta chun tacú le leas an ghearánaigh (364).

(184)

Féadfaidh aon ghearánach, chomh maith le gach eilimint den Chomhphobal Faisnéise, athbhreithniú ar chinneadh ODNI CLPO a lorg os comhair na Cúirte Athbhreithniúcháin um Chosaint Sonraí (DPRC). Ní mór na hiarratais sin ar athbhreithniú a chur isteach laistigh de 60 lá ó fháil fógra ó ODNI CLPO go bhfuil a athbhreithniú tugtha i gcrích agus aon fhaisnéis is mian leis an duine aonair a sholáthar do DPRC (e.g. argóintí maidir le ceisteanna dlí nó cur i bhfeidhm an dlí maidir le fíorais an cháis) a áireamh iontu (365). Féadfaidh ábhair sonraí de chuid an Aontais a n-iarratas a chur faoi bhráid an ÚCS inniúil arís (féach aithris 177).

(185)

Is cúirt neamhspleách í DPRC a bhunaigh an tArd-Aighne ar bhonn EO 14086 (366). Bíonn seisear breithiúna ar a laghad uirthi, arna gceapadh ag an Ard-Aighne i gcomhairle le PCLOB, leis an Rúnaí Tráchtála agus leis an Stiúrthóir um Fhaisnéis Náisiúnta ar feadh téarmaí inathnuaite 4 bliana (367). Na critéir a úsáideann an brainse feidhmiúcháin nuair a bhíonn measúnú á dhéanamh ar iomaitheoirí ar an mbreithiúnacht fheidearálach, tugann siad bonn eolais do cheapadh breithiúna ag an Ard-Aighne, agus iad ualaithe ag aon taithí bhreithiúnach roimhe sin (368). Ina theannta sin, ní mór na breithiúna a bheith ina ndlíodóirí (i.e. ina gcomhaltaí gníomhacha den bharra a bhfuil dea-stádas acu ann agus atá ceadúnaithe go cuí an dlí a chleachtadh) agus ní mór taithí iomchuí a bheith acu ar an dlí maidir le príobháideachas agus slándáil náisiúnta. Ní mór don Ard-Aighne féachaint lena áirithiú go bhfuil taithí bhreithiúnach roimhe sin ag leath de na breithiúna ar a laghad ag aon am, agus ní mór imréitigh slándála a bheith ag na breithiúna uile chun go mbeidh siad in ann rochtain a fháil ar fhaisnéis slándála náisiúnta rúnaicmithe (369).

(186)

Ní fhéadfar ach daoine aonair a chomhlíonann na cáilíochtaí a luaitear in aithris 185 agus nach fostaithe den bhrainse feidhmiúcháin tráth a gceapacháin nó sa 2 bhliain roimhe sin iad a cheapadh chun DPRC. Ar an gcaoi chéanna, ní fhéadfaidh aon dualgas oifigiúil nó fostaíocht laistigh de Rialtas na Stát Aontaithe a bheith ag breithiúna le linn a dtéarma oifige ag DPRC (seachas mar bhreithiúna ag DPRC) (370).

(187)

Déantar neamhspleáchas an phróisis breithnithe a bhaint amach trí roinnt ráthaíochtaí. Go sonrach, tá urchosc ar an mbrainse feidhmiúcháin (an tArd-Aighne agus gníomhaireachtaí faisnéise) ó bheith ag cur isteach nó ag imirt tionchar míchuí ar athbhreithniú DPRC (371). Ceanglaítear ar DPRC féin breithniú neamhchlaonta a dhéanamh ar chásanna (372) agus oibríonn sé de réir a rialacha nós imeachta féin (arna nglacadh trí vótáil tromlaigh). Thairis sin, is é an tArd-Aighne amháin a fhéadfaidh breithiúna DPRC a chur as oifig agus ní fhéadfaidh déanamh amhlaidh ach i ngeall ar chúis (i.e. mí-iompar, mí-iompar oifigiúil, sárú ar shlándáil, faillí i ndualgas nó neamhinniúlacht), tar éis na caighdeáin is infheidhme maidir le breithiúna feidearálacha a leagtar síos sna Rialacha maidir le hImeachtaí i ndáil le hIompar Breithiúna agus Míchumas Breithiúna a chur san áireamh go cuí (373).

(188)

Déanann painéil de thriúr breithiúna, lena n-áirítear breitheamh ceannais, athbhreithniú ar iarratais chuig DPRC, agus ní mór dóibh gníomhú i gcomhréir leis an gCód Iompair do Bhreithiúna na Stát Aontaithe (374). Tugann Abhcóide Speisialta (375) cúnamh do gach painéal, a bhfuil rochtain aige ar an bhfaisnéis uile a bhaineann leis an gcás, lena n-áirítear faisnéis rúnaicmithe (376). Is é an ról atá ag an Abhcóide Speisialta a áirithiú go ndéantar ionadaíocht do leasanna an ghearánaigh agus go gcuirtear painéal DPRC ar an eolas uile maidir leis na saincheisteanna ábhartha dlí agus fíorais (377). Chun bonn eolais breise a thabhairt lena sheasamh maidir le hiarratas duine aonair ar athbhreithniú ag DPRC, is féidir leis an Abhcóide Speisialta faisnéis a lorg ón ngearánach trí cheisteanna i scríbhinn (378).

(189)

Déanann DPRC athbhreithniú ar na cinntí a rinne ODNI CLPO (cé acu a rinneadh nó nach ndearnadh sárú ar dhlí infheidhme na Stát Aontaithe agus a mhéid a bhaineann leis an leigheas iomchuí) bunaithe, ar a laghad, ar thaifead imscrúdú ODNI CLPO, chomh maith le haon fhaisnéis agus aighneacht a sholáthraíonn an gearánach, an tAbhcóide Speisialta nó gníomhaireacht faisnéise (379). Tá rochtain ag painéal DPRC ar an bhfaisnéis uile is gá chun athbhreithniú a dhéanamh, a fhéadfaidh sé a fháil trí ODNI CLPO (féadfaidh an painéal e.g. iarraidh ar CLPO a thaifead a fhorlíonadh le faisnéis bhreise nó torthaí fíorasacha más gá chun an t-athbhreithniú a dhéanamh) (380).

(190)

Nuair a bheidh an t-athbhreithniú á thabhairt i gcrích aige, féadfaidh DPRC (1) cinneadh a dhéanamh nach bhfuil aon fhianaise ann a léiríonn go ndearnadh gníomhaíochtaí faisnéise comharthaí a raibh baint ag sonraí pearsanta an ghearánaigh leo, (2) cinneadh a dhéanamh go raibh cinntí ODNI CLPO ceart ó thaobh an dlí de agus go dtacaíonn fianaise shubstaintiúil leo, nó (3) má easaontaíonn DPRC le cinntí ODNI CLPO (maidir le cé acu a rinneadh nó nach ndearnadh sárú ar dhlí infheidhme na Stát Aontaithe nó maidir leis an leigheas iomchuí), a chinntí féin a eisiúint (381).

(191)

I ngach cás, glacann DPRC cinneadh i scríbhinn trí vótáil tromlaigh. I gcás ina léireoidh an t-athbhreithniú go ndearnadh sárú ar na rialacha is infheidhme, sonrófar aon leigheas iomchuí leis an gcinneadh, lena n-áirítear sonraí arna mbailiú go neamhdhleathach a scriosadh, torthaí cuardach arna ndéanamh go míchuí a scriosadh, rochtain ar shonraí arna mbailiú go dleathach a shrianadh do phearsanra atá oilte go hiomchuí, nó tuarascálacha faisnéise ina bhfuil sonraí a fuarthas gan údarú dleathach nó a scaipeadh go neamhdhleathach a aisghairm (382). Tá cinneadh DPRC ceangailteach agus críochnaitheach maidir leis an ngearán os a chomhair (383). Thairis sin, má thagann sárú ar aon údarás faoi réir fhormhaoirseacht FISC chun solais de dhroim an athbhreithnithe, ní mór do DPRC tuarascáil rúnaicmithe a sholáthar freisin don Leas-Ard-Aighne um Shlándáil Náisiúnta, a bhfuil oibleagáid airsean ar a sheal an neamhchomhlíonadh a thuairisciú do FISC, a fhéadann gníomhaíocht forfheidhmithe bhreise a dhéanamh (i gcomhréir leis an nós imeachta a thuairiscítear in aithrisí 173-174) (384).

(192)

Gach cinneadh a dhéanann painéal DPRC, tarchuirtear chuig ODNI CLPO é (385). I gcásanna inar spreag iarratas ón ngearánach athbhreithniú DPRC, tugtar fógra don ghearánach tríd an údarás náisiúnta gur thug DPRC a athbhreithniú i gcrích agus ‘[that] the review either did not identify any covered violations or the DPRC issued a determination requiring appropriate remediation’ [nár sainaithníodh leis an athbhreithniú aon sárú a chumhdaítear nó gur eisigh DPRC cinneadh lena gceanglaítear leigheas iomchuí] (386). Coinníonn Oifig Phríobháideachais agus Saoirsí Sibhialta DoJ taifead ar bun den fhaisnéis uile a ndearna DPRC athbhreithniú uirthi agus de na cinntí uile a eisíodh, a chuirtear ar fáil lena bhreithniú mar fhasach neamhcheangailteach ag painéil DPRC amach anseo (387).

(193)

Ceanglaítear freisin ar DoC taifead a choinneáil ar bun de gach gearánach a chuireann gearán isteach (388). Chun an trédhearcacht a fheabhsú, ní mór do DoC, gach 5 bliana ar a laghad, teagmháil a dhéanamh le gníomhaireachtaí faisnéise ábhartha chun a fhíorú an ndearna DPRC faisnéis a bhaineann le hathbhreithniú a scaoileadh ó rúnaicmiú (389). Más amhlaidh gur scaoileadh, tabharfar fógra don duine aonair go bhféadfadh an fhaisnéis sin a bheith ar fáil faoin dlí is infheidhme (i.e. go bhféadfaidh sé rochtain uirthi a iarraidh faoi The Freedom of Information Act, féach aithris 199).

(194)

Ar deireadh, beidh feidhmiú ceart an tsásra sásaimh sin faoi réir meastóireacht thráthrialta neamhspleách. Ar bhealach níos sonraí, de bhun EO 14086, tá feidhmiú an tsásra sásaimh faoi réir athbhreithniú bliantúil ag PCLOB, ar comhlacht neamhspleách é (féach aithris 110) (390). Mar chuid den athbhreithniú sin, déanfaidh PCLOB, inter alia, measúnú ar cé acu a rinne nó nach ndearna ODNI CLPO agus DPRC gearáin a phróiseáil go tráthúil; cé acu a fuair nó nach bhfuair siad rochtain iomlán ar an bhfaisnéis is gá; cé acu a rinneadh nó nach ndearnadh coimircí substainteacha EO 14086 a bhreithniú go cuí sa phróiseas athbhreithniúcháin; agus cé acu a rinne nó nach ndearna an Comhphobal Faisnéise cinntí ODNI CLPO agus DPRC a chomhlíonadh go hiomlán. Déanfaidh PCLOB tuarascáil maidir le toradh a athbhreithnithe a sholáthar don Uachtarán, don Ard-Aighne, don Stiúrthóir um Fhaisnéis Náisiúnta, do cheannairí gníomhaireachtaí faisnéise, do ODNI CLPO agus do choistí faisnéise na Comhdhála, a gcuirfear leagan neamhaicmithe di ar fáil go poiblí freisin – agus cuirfear í sin san áireamh san athbhreithniú tréimhsiúil a dhéanfaidh an Coimisiún ar fheidhmiú an Chinnidh seo. Ceanglaítear ar an Ard-Aighne, ar an Stiúrthóir um Fhaisnéis Náisiúnta, ar ODNI CLPO agus ar cheannairí gníomhaireachtaí faisnéise na moltaí uile a áirítear sna tuarascálacha sin a chur chun feidhme nó aghaidh a thabhairt orthu ar bhealach eile. Ina theannta sin, déanfaidh PCLOB deimhniúchán poiblí gach bliain maidir le cé acu atá nó nach bhfuil gearáin á bpróiseáil ag an sásra sásaimh i gcomhréir le ceanglais EO 14086.

(195)

Sa bhreis ar an sásra sásaimh sonrach a bunaíodh faoi EO 14086, tá bealaí sásaimh ar fáil do gach duine aonair (gan beann ar náisiúntacht nó áit chónaithe) i ngnáthchúirteanna na Stát Aontaithe (391).

(196)

Go sonrach, déantar foráil le FISA agus le reacht gaolmhar maidir leis an bhféidearthacht go dtionscnóidh daoine aonair caingean shibhialta as damáistí airgid in aghaidh na Stát Aontaithe i gcás ina ndéanfar faisnéis maidir leo a úsáid nó a nochtadh go neamhdhleathach agus go toiliúil (392); go ndéanfaidh siad agra as damáistí airgid ar oifigigh rialtas na Stát Aontaithe ag gníomhú dóibh ina gcáil phearsanta (393); agus go ndéanfaidh siad agóid in aghaidh dlíthiúlacht faireachais (agus go lorgóidh siad an fhaisnéis a shochtadh) i gcás ina mbeartaíonn na Stáit Aontaithe aon fhaisnéis a fhaightear nó a dhíorthaítear ó fhaireachas leictreonach a nochtadh nó a úsáid in aghaidh an duine aonair in imeachtaí breithiúnacha nó riaracháin sna Stáit Aontaithe (394). Ar bhealach níos ginearálta, má bheartaíonn an rialtas faisnéis a fhaightear le linn oibríochtaí faisnéise a úsáid i gcás coiriúil in aghaidh duine atá faoi dhrochamhras, forchuirtear oibleagáidí le ceanglais bhunreachtúla agus reachtúla (395) faisnéis áirithe a nochtadh ionas go ndéanfaidh an cosantóir agóid in aghaidh dhlíthiúlacht na fianaise a bheith á bailiú agus á húsáid ag an Rialtas.

(197)

Thairis sin, tá roinnt bealaí sonracha ann chun ceart cúitimh dlíthiúil a lorg in aghaidh oifigigh rialtais as rochtain neamhdhleathach ag an rialtas ar shonraí pearsanta, nó as úsáid sonraí pearsanta, lena n-áirítear chun críoch airbheartaithe slándála náisiúnta (i.e. The Computer Fraud and Abuse Act(396); The Electronic Communications Privacy Act (397); agus The Right to Financial Privacy Act (398)). Baineann na caingne dlí sin uile le sonraí sonracha, spriocanna sonracha agus/nó cineálacha sonracha rochtana (e.g. cianrochtain ag ríomhaire tríd an idirlíon) agus tá siad ar fáil faoi choinníollacha áirithe (e.g. iompar d’aon ghnó/toiliúil, iompar nach iompar i gcáil oifigiúil é, díobháil a fulaingíodh).

(198)

Cuirtear féidearthacht sásaimh níos ginearálta ar fáil APA (399), ar dá réir ‘any person suffering legal wrong because of agency action, or adversely affected or aggrieved by agency action [is entitled to seek judicial review]’ [atá aon duine dá ndéantar éagóir dhlíthiúil mar gheall ar ghníomhaíocht ghníomhaireachta, nó a ndéanann gníomhaíocht ghníomhaireachta dochar nó éagóir dó’ i dteideal athbhreithniú breithiúnach a lorg (400). Áirítear leis sin an fhéidearthacht go n-iarrfaí ar an gcúirt ‘[to] hold unlawful and set aside agency action, findings, and conclusions found to be […] arbitrary, capricious, an abuse of discretion, or otherwise not in accordance with law’ [gníomhaíocht, cinntí agus conclúidí gníomhaireachta a shuitear a bheith treallach, guagach, ina mí-úsáid discréide, nó gan bheith i gcomhréir leis an dlí ar aon bhealach eile a chinneadh a bheith neamhdhleathach agus a chur i leataobh] (401). Maidir le héileamh APA in 2015, mar shampla, rialaigh cúirt achomhairc fheidearálach nach raibh an bulcbhailiú a rinne rialtas na Stát Aontaithe ar mheiteashonraí teileafónaíochta údaraithe le Roinn 501 FISA (402).

(199)

Ar deireadh, i dteannta na mbealaí sásaimh a luaitear in aithrisí 176-198, tá sé de cheart ag aon duine aonair rochtain a lorg faoi FOIA ar thaifid gníomhaireachta feidearálaí atá ann cheana, lena n-áirítear i gcás ina bhfuil sonraí pearsanta an duine aonair sna taifid sin (403). D'fhéadfadh sé go n-éascófaí freisin imeachtaí a thabhairt os comhair gnáthchúirteanna trí rochtain den sórt sin a fháil, lena n-áirítear chun tacú le seasamh a léiriú. Féadfaidh gníomhaireachtaí faisnéis a thagann faoi roinnt eisceachtaí áirithe a shiarchoinneáil, lena n-áirítear rochtain ar fhaisnéis slándála náisiúnta rúnaicmithe agus faisnéis maidir le himscrúduithe forfheidhmithe dlí (404), ach tá deis ag gearánaigh nach bhfuil sásta leis an bhfreagairt agóid a dhéanamh ina haghaidh trí athbhreithniú riaracháin agus, ina dhiaidh sin, athbhreithniú breithiúnach a lorg (os comhair cúirteanna feidearálacha) (405).

(200)

Leanann sé ón méid thuas, i gcás ina bhfaigheann údaráis forfheidhmithe dlí agus slándála náisiúnta na Stát Aontaithe rochtain ar shonraí pearsanta a thagann faoi raon feidhme an Chinnidh seo, go bhfuil an rochtain sin rialaithe ag creat dlíthiúil lena leagtar síos na coinníollacha faoina bhféadfar rochtain a fháil agus lena n-áirithítear go mbeidh an rochtain sin agus an úsáid bhreise a bhainfear as na sonraí teoranta dá bhfuil riachtanach agus comhréireach leis an gcuspóir leasa phoiblí a shaothraítear. Féadfaidh daoine aonair a bhfuil cearta sásaimh éifeachtacha acu na coimircí sin a agairt.

4.   CONCLÚID

(201)

Measann an Coimisiún go ndéanann na Stáit Aontaithe – trí na Prionsabail arna n-eisiúint ag DoC na Stát Aontaithe – leibhéal cosanta a áirithiú do shonraí pearsanta a aistrítear ón Aontas chuig eagraíochtaí deimhnithe sna Stáit Aontaithe faoi Chreat Príobháideachais Sonraí AE-SAM atá coibhéiseach go bunúsach leis an leibhéal a ráthaítear le Rialachán (AE) 2016/679.

(202)

Thairis sin, measann an Coimisiún go ráthaítear le hoibleagáidí trédhearcachta agus leis an riarachán a dhéanann DoC ar CPS cur i bhfeidhm éifeachtach na bPrionsabal. Ina theannta sin, trí na sásraí formhaoirseachta agus na bealaí sásaimh ina n-iomláine i ndlí na Stát Aontaithe, is féidir sáruithe ar na rialacha maidir le cosaint sonraí a shainaithint agus pionós a ghearradh astu sa chleachtas agus cuirtear leigheasanna dlí ar fáil don ábhar sonraí chun rochtain a fháil ar shonraí pearsanta a bhaineann leis agus, ar deireadh thiar, ceartú nó léirscriosadh na sonraí sin a fháil.

(203)

Ar deireadh, ar bhonn na faisnéise atá ar fáil maidir le dlíchóras na Stát Aontaithe, lena n-áirítear an fhaisnéis atá in Iarscríbhinní VI agus VII, measann an Coimisiún i gcás aon chur isteach ag údaráis phoiblí na Stát Aontaithe ar mhaithe le leas an phobail, go háirithe chun críocha fhorfheidhmiú an dlí choiriúil agus chun críoch slándála náisiúnta, ar chearta bunúsacha daoine aonair a n-aistrítear a sonraí pearsanta ón Aontas chuig na Stáit Aontaithe faoi Chreat Príobháideachais Sonraí AE-SAM, go mbeidh an cur isteach sin teoranta dá bhfuil fíorghá leis chun an cuspóir dlisteanach i gceist a bhaint amach, agus go bhfuil cosaint dlí éifeachtach ann in aghaidh an chur isteach sin. Dá bhrí sin, i bhfianaise na dtorthaí thuas, ba cheart an cinneadh a dhéanamh go n-áirithíonn na Stáit Aontaithe leibhéal leormhaith cosanta de réir bhrí Airteagal 45 de Rialachán (AE) 2016/679, arna léirmhíniú i bhfianaise na Cairte um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, le haghaidh sonraí pearsanta a aistrítear ón Aontas Eorpach chuig eagraíochtaí deimhnithe faoi Chreat Príobháideachais Sonraí AE-SAM.

(204)

Ina fhianaise go bhfuil na teorainneacha, na coimircí agus an sásra sásaimh a bhunaítear le EO 14086 ina n-eilimintí bunriachtanacha de dhlíchóras na Stát Aontaithe ar a bhfuil measúnú an Choimisiúin bunaithe, tá glacadh an Chinnidh seo bunaithe go háirithe ar ghlacadh beartas agus nósanna imeachta nuashonraithe ag gníomhaireachtaí faisnéise uile na Stát Aontaithe chun EO 14086 a chur chun feidhme agus ar ainmniú an Aontais mar eagraíocht cháilitheach chun críoch an tsásra sásaimh, rudaí a tharla ar an 3 Iúil 2023 (féach aithris 126) agus ar an 30 Meitheamh 2023 (féach aithris 176) faoi seach.

5.   ÉIFEACHTAÍ AN CHINNIDH SEO AGUS GNÍOMHAÍOCHT NA nÚDARÁS UM CHOSAINT SONRAÍ

(205)

Ceanglaítear ar na Ballstáit agus ar a gcuid orgán na bearta is gá a dhéanamh chun gníomhartha Institiúidí an Aontais a chomhlíonadh, de bharr go dtoimhdítear na gníomhartha sin a bheith dleathach agus go mbaineann iarmhairtí dlíthiúla leo dá réir nó go dtí go dtarraingítear siar iad, go neamhnítear i gcaingean le haghaidh neamhniú iad, nó go ndearbhaítear iad a bheith neamhbhailí tar éis tarchur le haghaidh breithiúnas tosaigh nó pléadáil neamhdhleathachta.

(206)

Dá dheasca sin, is ceangailteach ar gach orgán na mBallstát Airteagal a ndírítear orthu é cinneadh leordhóthanachta ón gCoimisiún a glacadh de bhun Airteagal 45(3) de Rialachán (AE) 2016/679, lena n-áirítear ar a n-údaráis mhaoirseachta neamhspleácha. Go sonrach, féadfar aistrithe a dhéanamh ó rialaitheoir nó próiseálaí san Aontas chuig eagraíochtaí deimhnithe sna Stáit Aontaithe gan gá a bheith le haon údarú breise a fháil.

(207)

Ba cheart go gcuimhneofaí, de bhun Airteagal 58(5) de Rialachán (AE) 2016/679 agus mar a mhínigh an Chúirt Bhreithiúnais i mbreithiúnas Schrems (406), i gcás ina gceistíonn údarás náisiúnta um chosaint sonraí, lena n-áirítear ar fáil gearáin dó, comhoiriúnacht chinneadh leordhóthanachta ón gCoimisiún le cearta bunúsacha an duine aonair ar phríobháideachas agus cosaint sonraí, ní mór leigheas dlí a chur ar fáil sa dlí náisiúnta di chun na hagóidí sin a thabhairt os comhair cúirt náisiúnta, a bhféadfaí a cheangal uirthi tarchur a dhéanamh le haghaidh réamhbhreithiúnais chuig an gCúirt Bhreithiúnais (407).

6.   FAIREACHÁN AGUS ATHBHREITHNIÚ AR AN gCINNEADH SEO

(208)

De réir chásdlí na Cúirte Breithiúnais (408), agus mar a aithnítear in Airteagal 45(4) de Rialachán (AE) 2016/679, ba cheart don Choimisiún faireachán a dhéanamh go leanúnach ar fhorbairtí ábhartha sa tríú tír tar éis ghlacadh an chinnidh leordhóthanachta d’fhonn measúnú a dhéanamh cé acu a áirithíonn an tír go fóill nó nach n-áirithíonn leibhéal cosanta arb ionann go bunúsach é. Bíonn seiceáil mar sin de dhíth, in aon chás, nuair a fhaigheann an Coimisiún faisnéis óna dtagann amhras a bhfuil bunús maith leis ina leith sin.

(209)

Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún faireachán a dhéanamh ar bhonn leanúnach ar an gcás sna Stáit Aontaithe a mhéid a bhaineann leis an gcreat dlíthiúil agus leis an gcleachtas maidir le próiseáil sonraí pearsanta, ar a ndéantar measúnú sa Chinneadh seo. Chun an próiseas sin a éascú, ba cheart d’údaráis na Stát Aontaithe an Coimisiún a chur ar an eolas go pras maidir le forbairtí ábhartha ar dhlíchóras na Stát Aontaithe a bhfuil tionchar acu ar an gcreat dlíthiúil is ábhar don Chinneadh seo, agus maidir le haon fhorbairt ar chleachtais a bhaineann leis an bpróiseáil sonraí pearsanta a ndéantar measúnú uirthi sa Chinneadh seo, a mhéid a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta ag eagraíochtaí deimhnithe sna Stáit Aontaithe chomh maith leis na teorainneacha agus na coimircí is infheidhme maidir le rochtain ar shonraí pearsanta ag údaráis phoiblí.

(210)

Thairis sin, chun caoi a thabhairt don Choimisiún a fheidhm faireacháin a dhéanamh go héifeachtach, ba cheart do na Ballstáit an Coimisiún a chur ar an eolas maidir le haon ghníomhaíocht ábhartha a dhéanann na húdaráis náisiúnta cosanta sonraí, go háirithe maidir le fiosruithe nó gearáin ó ábhair sonraí AE i ndáil le haistriú sonraí pearsanta ón Aontas chuig eagraíochtaí deimhnithe sna Stáit Aontaithe. Ba cheart an Coimisiún a chur ar an eolas freisin faoi aon táscaire nach n-áirithítear an leibhéal cosanta riachtanach le gníomhaíochtaí údaráis phoiblí SAM le freagracht as cosc, imscrúdú, brath nó ionchúiseamh na gcionta coiriúla, nó as an tslándáil náisiúnta, lena n-áirítear aon chomhlacht formhaoirseachta.

(211)

Agus Airteagal 45(3) de Rialachán (AE) 2016/679 (409) á chur i bhfeidhm, ba cheart don Choimisiún, tar éis an Cinneadh seo a ghlacadh, athbhreithniú tréimhsiúil a dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil bunús fíorasach dlíthiúil fós leis na torthaí a bhaineann le leordhóthanacht an leibhéil cosanta arna áirithiú ag na Stáit Aontaithe faoi CPS AE-SAM. Ós rud é go gceanglaítear le EO 14086 go háirithe agus le The AG Regulation go ndéanfar sásraí nua a chruthú agus coimircí nua a chur chun feidhme, ba cheart an Cinneadh a bheith faoi réir an chéad athbhreithnithe laistigh de 1 bhliain amháin tar éis dó teacht i bhfeidhm, chun a fhíorú cé acu atá nó nach bhfuil na heilimintí ábhartha uile arna gcur chun feidhme go hiomlán agus ag feidhmiú go héifeachtach sa chleachtas. Tar éis an chéad athbhreithnithe sin, agus ag brath ar a thoradh, déanfaidh an Coimisiún cinneadh i ndlúthchomhairle leis an gCoiste a bhunaítear faoi Airteagal 93(1) de Rialachán (AE) 2016/679 agus leis an mBord Eorpach um Chosaint Sonraí maidir le tréimhsiúlacht athbhreithnithe amach anseo (410).

(212)

Chun na hathbhreithnithe a dhéanamh, ba cheart don Choimisiún teacht le chéile le DoC, FTC agus DoT agus, más iomchuí, le ranna agus gníomhaireachtaí eile a bhfuil baint acu le cur chun feidhme CPS AE-SAM, agus, le haghaidh ábhair a bhaineann le rochtain a bheith ag an rialtas ar shonraí, le hionadaithe DoJ, ODNI (lena n-áirítear CLPO), eilimintí eile den Chomhphobal Faisnéise, DPRC agus na hAbhcóidí Speisialta. Ba cheart go mbeadh an rannpháirtíocht sa chruinniú sin ar oscailt d’ionadaithe chomhaltaí an Bhoird Eorpaigh um Chosaint Sonraí.

(213)

Leis na hathbhreithnithe ba cheart gach gné d’fheidhmiú an Chinnidh seo i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta sna Stáit Aontaithe a chumhdach, go háirithe cur i bhfeidhm agus cur chun feidhme na bPrionsabal, agus aird faoi leith á tabhairt ar na cosaintí a thugtar i gcás aistrithe ar aghaidh; forbairtí ábhartha sa chásdlí; éifeachtacht feidhmithe ceart aonair; faireachán ar chomhlíonadh na bPrionsabal agus forfheidhmiú an chomhlíonta sin; chomh maith leis na teorainneacha agus na coimircí maidir le rochtain rialtais, go háirithe cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm na gcoimircí a tugadh isteach le EO 14086, lena n-áirítear trí bheartais agus nósanna imeachta arna bhforbairt ag gníomhaireachtaí faisnéise; an t-idirghníomhú idir EO 14086 agus Roinn 702 FISA agus EO 12333; agus éifeachtacht na sásraí maoirseachta agus na mbealaí sásaimh (lena n-áirítear feidhmiú an tsásra sásaimh nua a bunaíodh faoi EO 14086). I gcomhthéacs na n-athbhreithnithe sin, tabharfar aird freisin ar an gcomhar idir ÚCSanna agus údaráis inniúla na Stát Aontaithe, lena n-áirítear treoraíocht agus uirlisí léirmhínitheacha eile a fhorbairt maidir le cur i bhfeidhm na bPrionsabal chomh maith le gnéithe eile d’fheidhmiú an Chreata.

(214)

Ar bhonn an athbhreithnithe, ba cheart don Choimisiún tuarascáil phoiblí a ullmhú lena cur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.

7.   FIONRAÍ, AISGHAIRM NÓ LEASÚ AN CHINNIDH SEO

(215)

I gcás ina léireofar leis an bhfaisnéis atá ar fáil, go háirithe faisnéis a leanann as faireachán a dhéantar faoin gCinneadh seo nó a sholáthraíonn údaráis na Stát Aontaithe nó na mBallstát, go bhféadfadh sé nach leormhaith a thuilleadh an leibhéal cosanta a thugtar do shonraí arna n-aistriú faoin gCinneadh seo, ba cheart don Choimisiún údaráis inniúla na Stát Aontaithe a chur ar an eolas maidir leis sin agus a iarraidh orthu bearta iomchuí a dhéanamh laistigh de thráthchlár réasúnach sonraithe.

(216)

Más rud é, ar dhul in éag an tráthchláir shonraithe sin, go mainníonn údaráis inniúla na Stát Aontaithe na bearta sin a dhéanamh nó má theipeann orthu a léiriú go sásúil ar bhealach eile go bhfuil an Cinneadh seo bunaithe go fóill ar leibhéal cosanta leormhaith, tionscnóidh an Coimisiún an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 93(2) de Rialachán (AE) 2016/679 d’fhonn an Cinneadh seo a chur ar fionraí nó a aisghairm go páirteach nó go hiomlán.

(217)

Mar mhalairt rogha, tionscnóidh an Coimisiún an nós imeachta sin d’fhonn an Cinneadh a leasú, go háirithe trí aistrithe sonraí a chur faoi réir coinníollacha breise nó gan srian a chur le raon feidhme an chinnidh leordhóthanachta ach amháin do na haistrithe sonraí amháin dá bhfuil leibhéal cosanta leordhóthanach fós á áirithiú.

(218)

Go sonrach, ba cheart don Choimisiún an nós imeachta maidir le fionraíocht nó aisghairm a thionscnamh i gcás:

(a)

tásca nach mbíonn eagraíochtaí a bhfuil sonraí pearsanta faighte ón Aontas acu faoin gCinneadh seo ag comhlíonadh na bPrionsabal agus nach dtugann na comhlachtaí inniúla formhaoirseachta agus forfheidhmithe aghaidh ar an neamhchomhlíonadh sin go héifeachtach;

(b)

tásca nach gcomhlíonann údaráis na Stát Aontaithe na coinníollacha agus na teorainneacha is infheidhme maidir le rochtain a bheith ag údaráis phoiblí na Stát Aontaithe chun críocha fhorfheidhmiú an dlí agus chun críoch slándála náisiúnta ar shonraí pearsanta arna n-aistriú faoi CPS AE-SAM; nó

(c)

nach dtugtar aghaidh go héifeachtach ar ghearáin a dhéanann ábhair sonraí AE, lena n-áirítear i gcás nach dtugann ODNI CLPO agus/nó DPRC aghaidh orthu sin go héifeachtach.

(219)

Ba cheart don Choimisiún cuimhneamh freisin ar an nós imeachta a thionscnamh óna dtiocfaidh leasú, fionraíocht nó aisghairm an Chinnidh seo mura soláthróidh údaráis na Stát Aontaithe an fhaisnéis nó na soiléirithe is gá chun measúnú a dhéanamh ar an leibhéal cosanta a thugtar do shonraí pearsanta a aistrítear ón Aontas chuig na Stáit Aontaithe, nó a mhéid a bhaineann le comhlíonadh an Chinnidh seo. I dtaca leis an méid sin, ba cheart don Choimisiún a mhéid is féidir an fhaisnéis ábhartha a fháil ó fhoinsí eile a thabhairt san áireamh.

(220)

Ar mhórchúiseanna phráinne a bhfuil údar cuí leo, mar shampla dá leasófaí EO 14086 nó The AG Regulation ar bhealach a bhainfeadh an bonn den leibhéal cosanta a thuairiscítear sa Chinneadh seo, nó dá dtarraingeofaí siar ainmniú an Aontais mar eagraíocht cháilitheach chun críoch an tsásra sásaimh ag an Ard-Aighne, bainfidh an Coimisiún leas as an bhféidearthacht, i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 93(3) de Rialachán (AE) 2016/679, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, arb infheidhme láithreach iad, lena bhfionraítear, lena n-aisghairtear nó lena leasaítear an Cinneadh seo.

8.   BREITHNITHE DEIRIDH

(221)

D’fhoilsigh An Bord Eorpach um Chosaint Sonraí a thuairim (411), a tugadh san áireamh agus an Cinneadh seo á ullmhú.

(222)

Ghlac Parlaimint na hEorpa rún maidir le leordhóthanacht na cosanta a thugtar le Creat Príobháideachais Sonraí AE-SAM (412).

(223)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste a bhunaítear faoi Airteagal 93(1) de Rialachán (AE) 2016/679.

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Chun críoch Airteagal 45 de Rialachán (AE) 2016/679, áirithíonn na Stáit Aontaithe leibhéal leormhaith cosanta do chosaint sonraí pearsanta a aistrítear ón Aontas chuig eagraíochtaí sna Stáit Aontaithe a áirítear i ‘Liosta an Chreata Príobháideachais Sonraí’, arb í Roinn Tráchtála na Stát Aontaithe a choinníonn ar bun agus a chuireann ar fáil go poiblí é i gcomhréir le Roinn I.3 d’Iarscríbhinn I.

Airteagal 2

Aon uair a fheidhmíonn na húdaráis inniúla i mBallstáit a gcumhachtaí, chun daoine aonair a chosaint maidir le próiseáil a bhfaisnéise pearsanta, de bhun Airteagal 58 de Rialachán (AE) 2016/679 maidir le haistrithe sonraí dá dtagraítear in Airteagal 1 den Chinneadh seo, cuirfidh an Ballstát lena mbaineann an Coimisiún ar an eolas gan mhoill.

Airteagal 3

1.   Déanfaidh an Coimisiún faireachán leanúnach ar chur i bhfeidhm an chreata dhlíthiúil is ábhar don Chinneadh seo, lena n-áirítear na coinníollacha faoina ndéantar aistrithe ar aghaidh, faoina bhfeidhmítear cearta aonair agus faoina bhfaigheann údaráis phoiblí na Stát Aontaithe rochtain ar shonraí a aistrítear ar bhonn an Chinnidh seo, d’fhonn measúnú a dhéanamh ar cé acu a leanann nó nach leanann na Stáit Aontaithe de bheith ag áirithiú leibhéal leormhaith cosanta dá dtagraítear in Airteagal 1.

2.   Cuirfidh na Ballstáit agus an Coimisiún a chéile ar an eolas maidir le cásanna inar cosúil nach ndéanann na comhlachtaí sna Stáit Aontaithe a bhfuil sé de chumhacht reachtúil acu comhlíonadh na bPrionsabal a leagtar amach in Iarscríbhinn I a fhorfheidhmiú sásraí éifeachtacha braite agus maoirseachta a sholáthar lenar féidir sáruithe ar na Prionsabail a leagtar amach in Iarscríbhinn I a shainaithint agus pionós a ghearradh astu sa chleachtas.

3.   Cuirfidh na Ballstáit agus an Coimisinéir a chéile ar an eolas maidir le haon tásc go bhfuil údaráis phoiblí na Stát Aontaithe atá freagrach as saothrú na slándála náisiúnta, forfheidhmiú an dlí nó leasanna eile an phobail ag cur isteach, thar mar is gá agus comhréireach, ar chearta daoine aonair a sonraí pearsanta a chosaint, agus/nó nach bhfuil aon chosaint dlí éifeachtach ann in aghaidh an chur isteach sin.

4.   Tar éis 1 bhliain amháin ón dáta a thugtar fógra faoin gCinneadh seo do na Ballstáit agus ina dhiaidh sin ag tréimhsiúlacht a chinnfear i ndlúthchomhar leis an gCoiste arna bhunú le hAirteagal 93(1) de Rialachán (AE) 2016/679 agus leis an mBord Eorpach um Chosaint Sonraí, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an toradh dá dtagraítear in Airteagal 1(1) ar bhonn na faisnéise uile atá ar fáil, lena n-áirítear faisnéis a fhaightear tríd an athbhreithniú a dhéantar in éineacht le húdaráis inniúla na Stát Aontaithe.

5.   I gcás go bhfaigheann an Coimisiún tásca nach n-áirithítear a thuilleadh leibhéal cosanta leormhaith, cuirfidh an Coimisiún údaráis inniúla na Stát Aontaithe ar an eolas faoi sin. Más gá, déanfaidh sé cinneadh an Cinneadh seo a chur ar fionraí, a leasú nó a aisghairm, nó teorainn a chur lena raon feidhme, i gcomhréir le hAirteagal 45(5) de Rialachán (AE) 2016/679. Féadfaidh an Coimisiún cinneadh den sórt sin a ghlacadh freisin má chuireann easpa comhair rialtas na Stát Aontaithe cosc ar an gCoimisiún a chinneadh cé acu a leanann nó nach leanann na Stáit Aontaithe de bheith ag áirithiú leibhéal leormhaith cosanta.

Airteagal 4

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 10 Iúil 2023

Thar ceann an Choimisiúin

Didier REYNDERS

Comhalta den Choimisiún


(1)   IO L 119, 4.5.2016, lch. 1.

(2)  Ar mhaithe le héascaíocht, áirítear liosta giorrúchán a úsáidtear sa Chinneadh seo in Iarscríbhinn VIII.

(3)  Féach aithris 101 de Rialachán (AE) 2016/679.

(4)  Féach, an cás is déanaí, Cás C-311/18, Facebook Ireland agus Schrems (Schrems II) ECLI:EU:C:2020:559.

(5)  Cás C-362/14, Maximilian Schrems v. An Coimisinéir Cosanta Sonraí (Schrems), ECLI:EU:C:2015:650, mír 73.

(6)   Schrems, mír 74.

(7)  Féach Communication from the Commission to the European Parliament and the Council, Exchanging and Protecting Personal Data in a Globalised World [Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle, Sonraí Pearsanta a Mhalartú agus a Chosaint sa Saol Domhandaithe], COM(2017)7, 10.1.2017, roinn 3.1, lgh. 6-7.

(8)   Schrems, mír 88-89.

(9)  An Bord Eorpach um Chosaint Sonraí, Leordhóthanacht Thagrach, WP 254 rev. 01. le fáil ag an nasc seo a leanas: https://ec.europa.eu/newsroom/article29/item-detail.cfm?item_id=614108.

(10)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1250 ón gCoimisiún an 12 Iúil 2016 de bhun Threoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le leordhóthanacht na cosanta a sholáthraítear le Sciath Phríobháideachais AE-SAM (IO L 207, 1.8.2016, lch. 1).

(11)   Schrems II, mír 185.

(12)   Schrems II, mír 197.

(13)  28 CFR Cuid 302.

(14)  Tá an Cinneadh seo ábhartha maidir le LEE. Leis an gComhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (Comhaontú LEE) déantar foráil maidir le margadh inmheánach an Aontais a leathnú chun trí Stát LEE a chumhdach, mar atá an Íoslainn, an Iorua agus Lichtinstéin. Cinneadh an Chomhchoiste lena n-ionchorpraítear Rialachán (AE) 2016/679 in Iarscríbhinn XI a ghabhann le Comhaontú LEE, ghlac Comhchoiste LEE an 6 Iúil 2018 é agus tháinig sé i bhfeidhm an 20 Iúil 2018. Dá bhrí sin, cumhdaítear an Rialachán leis an gcomhaontú sin. Chun críocha an chinnidh, tagairtí don Aontas agus do Bhallstáit an Aontais, ba cheart iad a thuiscint, dá bhrí sin, mar thagairtí lena gcumhdaítear Stáit LEE freisin.

(15)  Ní dhéanann an Cinneadh seo difear do cheanglais Rialachán (AE) 2016/679 a bhfuil feidhm acu maidir leis na heintitis (rialaitheoirí agus próiseálaithe) san Aontas a aistríonn na sonraí, i ndáil le teorannú de réir cuspóra, íoslaghdú sonraí, trédhearcacht agus slándáil sonraí, mar shampla (féach freisin Airteagal 44 de Rialachán (AE) 2016/679).

(16)  Ina leith sin, féach Schrems, mír 81, inar dheimhnigh an Chúirt Bhreithiúnais gur féidir leibhéal leormhaith cosanta a áirithiú trí chóras féindeimhniúcháin.

(17)  Iarscríbhinn I, Roinn I.2. Tá dlínse leathan ag FTC ar ghníomhaíochtaí tráchtála, cé is moite de roinnt eisceachtaí, e.g. i ndáil le bainc, aerlínte, gnó an árachais agus gníomhaíochtaí iompróra choitinn soláthraithe seirbhíse teileachumarsáide (cé gur dheimhnigh an cinneadh ó Chúirt Achomhairc na Stát Aontaithe don Naoú Cuaird an 26 Feabhra 2018 in FTC v. AT &T go bhfuil dlínse ag an FTC ar ghníomhaíochtaí iompróra neamhchoitinne na n-eintiteas sin). Féach Iarscríbhinn IV, fonóta 2 chomh maith. Tá DoT inniúil ar chomhlíonadh aerlínte agus gníomhairí ticéad (i gcás aeriompair) a fhorfheidhmiú, féach Iarscríbhinn V, faoi roinn A.

(18)  Iarscríbhinn I, Roinn III.6.

(19)  Iarscríbhinn I, Roinn III.2.

(20)  Iarscríbhinn I, Roinn I.8.a.

(21)  Iarscríbhinn I, Roinn III.14.g.

(22)  Iarscríbhinn I, Roinn I.8.b.

(23)  Iarscríbhinn I, Roinn I.8.c.

(24)  Féach e.g. Iarscríbhinn I, Roinn II.2.b agus Roinn II.3.b agus Roinn 7.d, lena soiléirítear go ngníomhaíonn gníomhairí thar ceann rialaitheora, faoi réir threoracha an rialaitheora sin agus faoi réir oibleagáidí conarthacha sonracha.

(25)  Iarscríbhinn I, Roinn III.10.a. Féach freisin an treoraíocht arna hullmhú ag DoC, i gcomhairle leis an mBord Eorpach um Chosaint Sonraí, faoin Sciath Phríobháideachais, lenar soiléiríodh na hoibleagáidí atá ar próiseálaithe de chuid na Stát Aontaithe a fhaigheann sonraí pearsanta ón Aontas faoin gcreat. Ós rud é nach bhfuil aon athrú tagtha ar na rialacha sin, tá an treoir/FAQ sin fós ábhartha faoi CPS AE-SAM (https://www.privacyshield.gov/article?id=Processing-FAQs).

(26)  Iarscríbhinn I, Roinn II.3.b.

(27)  Iarscríbhinn I, Roinn II.5.a. Féadfar a áireamh ar chuspóirí comhoiriúnacha iniúchadh, cosc ar chalaois, nó cuspóirí eile atá i gcomhréir le hionchais duine réasúnaigh i bhfianaise chomhthéacs an bhailithe (féach Iarscríbhinn I, fonóta 6).

(28)  Iarscríbhinn I, Roinn II.2.a. Níl feidhm aige sin maidir le cás ina soláthraíonn eagraíocht sonraí pearsanta do phróiseálaí a ghníomhaíonn thar a ceann agus faoina treoracha (Iarscríbhinn I, Roinn II.2.b). Mar sin féin, sa chás sin is gá don eagraíocht conradh a bheith i bhfeidhm aige agus a áirithiú go gcomhlíontar an Prionsabal maidir le Cuntasacht i leith Aistriú ar Aghaidh, mar a dtugtar tuairisc níos mionsonraithe air in aithris 43. Ina theannta sin, féadfar an Prionsabal maidir le Rogha (chomh maith leis an bPrionsabal maidir le Fógra) a shrianadh i gcás ina bpróiseálfar sonraí pearsanta i gcomhthéacs díchill chuí (mar chuid de chumasc nó táthcheangal ionchasach) nó i gcomhthéacs iniúchtaí, a mhéid agus a fhad is gá chun ceanglais reachtúla nó leasa phoiblí a chomhlíonadh, nó a mhéid agus a fhad a dhéanfadh cur i bhfeidhm na bPrionsabal sin dochar do leasanna dlisteanacha na heagraíochta i gcomhthéacs sonrach imscrúduithe díchill chuí nó iniúchtaí (Iarscríbhinn I, Roinn III.4). Le Prionsabal Forlíontach 15 (Iarscríbhinn I, Roinn III.15.a agus b), déantar foráil freisin maidir le heisceacht ar an bPrionsabal maidir le Rogha (chomh maith leis na Prionsabail maidir le Fógra agus Cuntasacht i leith Aistriú ar Aghaidh) i gcás sonraí pearsanta ó fhoinsí atá ar fáil go poiblí (ach amháin má shonraíonn onnmhaireoir sonraí AE go bhfuil an fhaisnéis faoi réir srianta lena gceanglaítear cur i bhfeidhm na bprionsabal sin) nó i gcás sonraí pearsanta a bhailítear ó thaifid atá oscailte lena gceadú ag an bpobal i gcoitinne (a fhad nach bhfuil siad comhcheangailte le faisnéis nach bhfuil ar an taifead poiblí agus go n-urramaítear aon choinníoll maidir lena gceadú). Ar an gcaoi chéanna, le Prionsabal Forlíontach 14 (Iarscríbhinn I, Roinn III.14.f), déantar foráil maidir le heisceacht ar an bPrionsabal maidir le Rogha (chomh maith leis na Prionsabail maidir le Fógra agus Cuntasacht i leith Aistriú ar Aghaidh) i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag cuideachta cógaisíochta nó feiste leighis le haghaidh gníomhaíochtaí faireacháin sábháilteachta agus éifeachtúlachta táirge, a mhéid a chuirtear isteach ar chomhlíonadh ceanglas reachtúil trína bheith ag cloí leis na Prionsabail.

(29)  Tá feidhm aige sin maidir le gach aistriú sonraí faoi CPS AE-SAM, lena n-áirítear nuair a bhaineann siad sin le sonraí a bhailítear i gcomhthéacs an chaidrimh fostaíochta. Dá bhrí sin, cé go bhféadfaidh eagraíocht dheimhnithe SAM sonraí acmhainní daonna a úsáid i bprionsabal chun críoch éagsúil nach mbaineann leis an bhfostaíocht (e.g. cineálacha áirithe cumarsáide margaíochta), ní mór di an toirmeasc ar phróiseáil neamhréireach a urramú agus, ina theannta sin, ní fhéadfaidh sí iad a úsáid ach amháin i gcomhréir leis na Prionsabail maidir le Fógra agus Roghnú. D’eisceacht, féadfaidh eagraíocht sonraí pearsanta a úsáid chun críche comhoiriúnaí breise gan Fógra agus Rogha a chur ar fáil, ach í féidir déanamh amhlaidh ach a mhéid is gá, agus ar feadh na tréimhse is gá, chun nach ndéanfar dochar do chumas na heagraíochta ardú céime, ceapacháin nó cinntí fostaíochta comhchosúla eile a dhéanamh (Féach Iarscríbhinn I, Roinn III.9.b.(iv)). Leis an toirmeasc ar eagraíocht SAM aon ghníomhaíocht phionósach a dhéanamh in aghaidh an fhostaí as an rogha sin a fheidhmiú, lena n-áirítear aon srian ar dheiseanna fostaíochta, áiritheofar go mbeidh an fostaí saor ó bhrú agus in ann fíor-shaor-rogha a fheidhmiú, d’ainneoin an chaidrimh fo-ordúcháin agus an spleáchais is cuid dhílis de. Féach Iarscríbhinn I, Roinn III.9.b.(i).

(30)  Iarscríbhinn I, Roinn II.2.c.

(31)  Iarscríbhinn I, Roinn II.2.c.

(32)  Iarscríbhinn I, Roinn III.1.

(33)  Iarscríbhinn I, Roinn II.5.

(34)  Féach Iarscríbhinn I, fonóta 7, lena soiléirítear go mbreithnítear duine a bheith ‘in-sainaitheanta’ fad a bheadh eagraíocht nó tríú páirtí in ann an duine sin a shainaithint go réasúnach, á chur san áireamh an modh sainaitheantais ar dócha, le réasún, go n-úsáidfí é (i bhfianaise an chostais agus an mhéid ama ba ghá chun an duine a shainaithint agus an teicneolaíocht atá ar fáil tráth na próiseála, i measc nithe eile).

(35)  Iarscríbhinn I, Roinn II.5.b.

(36)   Ibid.

(37)  Iarscríbhinn I, Roinn II.4.a. Ina theannta sin, a mhéid a bhaineann le sonraí acmhainní daonna, ceanglaítear le CPS AE-SAM ar fhostóirí freastal ar roghanna príobháideachais fostaithe trí rochtain ar na sonraí pearsanta a shrianadh, sonraí áirithe a anaithnidiú nó cóid nó ainmneacha bréige a shannadh (Iarscríbhinn I, Roinn III.9.b.(iii)).

(38)  Iarscríbhinn I, Roinn II.1.

(39)  Iarscríbhinn I, Roinn II.1.b. Le Prionsabal Forlíontach 14 (Iarscríbhinn I, Roinn III.14.b agus c), leagtar síos forálacha sonracha maidir le próiseáil sonraí pearsanta i gcomhthéacs taighde sláinte agus trialacha cliniciúla. Go sonrach, leis an bPrionsabal sin, ceadaítear d’eagraíochtaí sonraí trialacha cliniciúla a phróiseáil fiú tar éis do dhuine tarraingt siar as an triail, má bhí sé sin soiléir san fhógra a tugadh nuair a d’aontaigh an duine a bheith rannpháirteach. Ar an gcaoi chéanna, i gcás ina bhfaighidh eagraíocht CPS AE-SAM sonraí pearsanta chun críoch taighde sláinte, ní fhéadfaidh sí úsáid a bhaint astu ach amháin le haghaidh gníomhaíocht taighde nua i gcomhréir leis na Prionsabail maidir le Fógra agus Rogha. Sa chás sin, ba cheart faisnéis maidir le haon úsáid shonrach a bhainfear as na sonraí amach anseo (e.g. staidéir ghaolmhara) a sholáthar i bprionsabal leis an bhfógra don duine aonair. I gcás nach féidir na húsáidí uile a bhainfear as na sonraí amach anseo a áireamh ag an tús (toisc go bhféadfadh úsáid nua taighde teacht chun cinn de bharr léargais nua nó forbairtí leighis/taighde), ní mór míniú a áireamh ann á rá go bhféadfaí na sonraí a úsáid amach anseo i ngníomhaíochtaí taighde leighis agus cógaisíochta nach bhfuil coinne leo. Mura bhfuil an úsáid bhreise sin comhsheasmhach leis na cuspóirí ginearálta taighde dár bailíodh na sonraí (i.e. má tá na críocha nua éagsúil go hábhartha, ach fós comhoiriúnach leis an gcuspóir bunaidh, féach aithrisí 14-15), ní mór toiliú nua (i.e. rogha a bheith páirteach) a fháil. Féach ina theannta sin na srianta/eisceachtaí sonracha ar an bPrionsabal maidir le Fógra a dtugtar tuairisc orthu i bhfonóta 28.

(40)  Iarscríbhinn I, Roinn III.6.d.

(41)  Féach freisin an Prionsabal Forlíontach maidir le ‘Rochtain’ (Iarscríbhinn I, Roinn III.8).

(42)  Iarscríbhinn I, Roinn III.8.a.(i)-(ii).

(43)  Iarscríbhinn I, Roinn III.8.i.

(44)  Iarscríbhinn I, Roinn III.8.f.(i)-(ii) agus g.

(45)  Iarscríbhinn I, Roinn III.4; 8.b, c, e; 14.e, f agus 15.d.

(46)  Iarscríbhinn I, Roinn III.8.e.(ii). Ní mór don eagraíocht an duine aonair a chur ar an eolas maidir leis na cúiseanna atá leis an diúltú/srianadh agus pointe teagmhála a sholáthar le haghaidh tuilleadh fiosrúchán, Roinn III.8.a.(iii).

(47)  Iarscríbhinn I, Roinn III.8.a.(ii)-(iii).

(48)  Iarscríbhinn I, Roinn III.8.a.(i).

(49)  Iarscríbhinn I, Roinn II.6 agus III.8.a.(i).

(50)  Iarscríbhinn I, Roinn III.8.12.

(51)  Os a choinne sin, sa chás eisceachtúil ina mbeidh caidreamh díreach ag eagraíocht SAM le hábhar sonraí AE, is gnách gurb amhlaidh sin mar gheall ar an eagraíocht a bheith ag spriocdhíriú ar an duine aonair sin san Aontas trí earraí nó seirbhísí a thairiscint dó nó trí fhaireachán a dhéanamh ar a iompraíocht. Sa chás sin, tiocfaidh eagraíocht SAM laistigh de raon feidhme chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2016/679 (Airteagal 3(2)) í féin agus beidh uirthi dlí an Aontais maidir le cosaint sonraí a chomhlíonadh go díreach.

(52)  SWD(2018)497final, roinn 4.1.5. Díríodh sa staidéar ar (i) a mhéid a dhéanann eagraíochtaí Scéithe Príobháideachais sna Stáit Aontaithe cinntí lena ndéantar difear do dhaoine aonair bunaithe ar uathphróiseáil sonraí pearsanta arna n-aistriú ó chuideachtaí san Aontas faoin Sciath Phríobháideachais; agus (ii) na coimircí do dhaoine aonair a ndéanann dlí feidearálach na Stát Aontaithe foráil maidir leo sa chineál cásanna sin agus na coinníollacha a bhaineann le cur i bhfeidhm na gcoimircí sin.

(53)  Féach e.g. The Equal Credit Opportunity Act (15 U.S.C. 1691 et seq.), The Fair Credit Reporting Act (15 USC Ranna 1681 et seq.), nó The Fair Housing Act (42 U.S.C. 3601 et seq.). Ina theannta sin, tá glactha ag na Stáit Aontaithe le Prionsabail na hEagraíochta um Chomhar Eacnamaíochta agus Forbartha maidir le hIntleacht Shaorga, lena n-áirítear, inter alia, prionsabail maidir le trédhearcacht, inmhínitheacht, slándáil agus cuntasacht.

(54)  Féach e.g. an treoraíocht atá le fáil ag 2042-What personal health information do individuals have a right under HIPAA to access from their health care providers and health plans? | HHS.gov.

(55)  Féach Iarscríbhinn I, Roinn II.3 agus Prionsabal Forlíontach ‘Conarthaí oibleagáideacha maidir le hAistrithe ar Aghaidh’ (Iarscríbhinn I, Roinn III.10).

(56)  Mar eisceacht ar an bprionsabal ginearálta sin, féadfaidh eagraíocht sonraí pearsanta líon beag fostaithe a aistriú ar aghaidh gan conradh a dhéanamh leis an bhfaighteoir le haghaidh riachtanais oibríochtúla ócáideacha a bhaineann leis an bhfostaíocht, e.g. eitilt, seomra óstáin nó cumhdach árachais a chur in áirithe. Sa chás sin freisin, áfach, ní mór fós don eagraíocht na Prionsabail maidir le Fógra agus Rogha a chomhlíonadh (féach Iarscríbhinn I, Roinn III.9.e).

(57)  Féach Prionsabal Forlíontach ‘Conarthaí oibleagáideacha maidir le hAistrithe ar Aghaidh’ (Iarscríbhinn I, Roinn III.10.b). Cé go gceadaítear leis an bprionsabal sin aistrithe bunaithe ar ionstraimí neamhchonarthacha freisin (e.g. cláir comhlíonta agus rialaithe inghrúpa), is soiléir ón téacs nach mór ‘leanúnachas cosanta sonraí pearsanta faoi na Prionsabail a áirithiú’ leis na hionstraimí sin i gcónaí. Thairis sin, ós rud é go mbeidh freagracht fós ar eagraíocht dheimhnithe SAM as na Prionsabail a chomhlíonadh, beidh dreasacht láidir aici úsáid a bhaint as na hionstraimí atá éifeachtach go deimhin sa chleachtas.

(58)  Ní bheidh aon cheart ag daoine aonair roghnú gan bheith páirteach i gcás ina n-aistrítear na sonraí pearsanta chuig tríú páirtí a ghníomhaíonn mar ghníomhaire chun cúraimí a dhéanamh thar ceann agus faoi threoracha eagraíocht SAM. Lena aghaidh sin, áfach, is gá conradh a bheith ann leis an ngníomhaire agus le heagraíocht SAM a bheidh freagrach as na cosaintí a sholáthraítear faoi na Prionsabail a ráthú trína cumhachtaí treoraithe a fheidhmiú.

(59)  Cásanna éagsúla atá ann ag brath ar cé acu rialaitheoir nó próiseálaí (gníomhaire) é an tríú páirtí. Sa chéad chás, ní mór a fhoráil leis an gconradh leis an tríú páirtí go gcuirfidh an páirtí deireanach sin deireadh leis an bpróiseáil nó go ndéanfaidh sé bearta réasúnacha iomchuí eile chun an cás a leigheas. Sa dara cás, is faoi eagraíocht CPS AE-SAM atá sé - mar an páirtí a rialaíonn an phróiseáil a n-oibríonn an gníomhaire faoina treoracha - na bearta sin a dhéanamh. Féach Iarscríbhinn I, Roinn II.3.

(60)  Iarscríbhinn I, Roinn II.3.b.

(61)   Ibid.

(62)  Iarscríbhinn I, Roinn II.7.d.

(63)  Féach freisin an Prionsabal Forlíontach ‘Féindeimhniúchán’ (Iarscríbhinn I, Roinn III.6).

(64)  Féach freisin an Prionsabal Forlíontach ‘Réiteach Díospóidí agus Forfheidhmiú’ (Iarscríbhinn I, Roinn III.11).

(65)  Féach freisin an Prionsabal Forlíontach ‘Fíorú’ (Iarscríbhinn I, Roinn III.7).

(66)  Iarscríbhinn I, Roinn III.7.

(67)  Iarscríbhinn I, Roinn I.2.

(68)  Iarscríbhinn I, Roinn III.6.b agus Iarscríbhinn III, féach an roinn ‘Ceanglais maidir le Féindeimhniú a Fhíorú’.

(69)  Iarscríbhinn I, fonóta 12.

(70)  Iarscríbhinn I, Roinn III.6.h.

(71)  Iarscríbhinn I, Roinn III.6.a agus fonóta 12, chomh maith le hIarscríbhinn III, féach an roinn ‘Ceanglais maidir le Féindeimhniú a Fhíorú’.

(72)  Iarscríbhinn III, an roinn ‘Ceanglais maidir le Féindeimhniú a Fhíorú’.

(73)  Ar an gcaoi chéanna, oibreoidh DoC leis an tríú páirtí a bheidh ina choimeádaí ar na cistí a bhailítear trí tháille do phainéal ÚCS (féach aithris 73) chun a fhíorú go bhfuil an táille don bhliain ábhartha íoctha ag eagraíochtaí a roghnaíonn ÚCSanna mar a sásra neamhspleách maidir le ceart cúitimh. Féach Iarscríbhinn III, an roinn ‘Ceanglais maidir le Féindeimhniú a Fhíorú’.

(74)  Iarscríbhinn III, fonóta 2.

(75)  Féach Iarscríbhinn III, an roinn ‘Ceanglais maidir le Féindeimhniú a Fhíorú’.

(76)  Is féidir teacht ar fhaisnéis maidir leis an mbainistíocht ar Liosta CPS in Iarscríbhinn III (féach an réamhrá faoi ‘Riaradh agus Maoirsiú ar Chlár an Chreata Príobháideachais Sonraí ag an Roinn Tráchtála’) agus Iarscríbhinn I (Roinn I.3, Roinn I.4, III.6.d, agus Roinn III.11.g).

(77)  Iarscríbhinn III, féach an réamhrá faoi ‘Riaradh agus Maoirsiú ar Chlár an Chreata Príobháideachais Sonraí ag an Roinn Tráchtála’.

(78)  Féach Iarscríbhinn III, an roinn ‘Suíomh Gréasáin an Chreata Príobháideachais Sonraí a Shaincheapadh do Spriocphobail’.

(79)  Féach Iarscríbhinn III, an roinn ‘Athbhreithnithe agus Measúnuithe Tréimhsiúla ex officio ar Chomhlíonadh a Dhéanamh ar Chlár an Chreata Príobháideachais Sonraí’.

(80)  Mar chuid dá ghníomhaíochtaí faireacháin, féadfaidh DoC uirlisí éagsúla a úsáid, lena n-áirítear chun naisc bhriste chuig beartais phríobháideachais a sheiceáil nó chun faireachán gníomhach a dhéanamh ar an nuacht le haghaidh tuarascálacha lena dtugtar fianaise inchreidte maidir le neamhchomhlíonadh.

(81)  Féach Iarscríbhinn III, an roinn ‘Athbhreithnithe agus Measúnuithe Tréimhsiúla ex officio ar Chomhlíonadh a Dhéanamh ar Chlár an Chreata Príobháideachais Sonraí’.

(82)  Féach Iarscríbhinn III, an roinn ‘Athbhreithnithe agus Measúnuithe Tréimhsiúla ex officio ar Chomhlíonadh a Dhéanamh ar Chlár an Chreata Príobháideachais Sonraí’.

(83)  Le linn an dara hathbhreithniú bliantúil ar an Sciath Phríobháideachais, chuir DoC in iúl go ndearna sé spotseiceálacha ar 100 eagraíocht agus gur sheol sé ceistneoirí maidir le comhlíonadh in 21 chás (ar réitíodh na saincheisteanna a braitheadh ina ndiaidh), féach SWD (2018) 497 final ón gCoimisiún, lch. 9. Ar an gcaoi chéanna, thuairiscigh DoC le linn an tríú hathbhreithniú bliantúil ar an Sciath Phríobháideachais gur bhraith sé trí theagmhas tríd an bhfaireachán a dhéanann sé ar thuarascálacha poiblí agus gur thosaigh sé ar spotseiceálacha a dhéanamh gach mí ar 30 cuideachta, a raibh mar thoradh ar 28 % de na cásanna sin go ndearnadh bearta leantacha le ceistneoirí maidir le comhlíonadh (ar réitíodh láithreach na saincheisteanna a braitheadh ina ndiaidh nó, i dtrí chás díobh, a réitíodh i ndiaidh litir rabhaidh a thabhairt), féach SWD (2019) 495 final ón gCoimisiún, lch. 8.

(84)  Iarscríbhinn I, Roinn III.11.g. Tagann neamhchomhlíonadh leanúnach chun cinn go háirithe nuair a dhiúltaíonn eagraíocht cinneadh críochnaitheach ó aon údarás féinrialála príobháideachais, údarás neamhspleách um réiteach díospóidí nó údarás forfheidhmithe a chomhlíonadh.

(85)  Iarscríbhinn I, Roinn III.6.f.

(86)  Iarscríbhinn III, an Roinn ‘Maímh Bhréagacha Rannpháirtíochta a Chuardach agus Aghaidh a Thabhairt Orthu’.

(87)   Ibid.

(88)   Ibid.

(89)   Ibid.

(90)  Faoin Sciath Phríobháideachais, thuairiscigh DoC le linn an tríú hathbhreithniú bliantúil ar an gcreat gur shainaithin sé 669 gcás de mhaímh bhréagacha rannpháirtíochta (idir mí Dheireadh Fómhair 2018 agus mí Dheireadh Fómhair 2019), ar réitíodh an chuid ba mhó díobh tar éis litir rabhaidh a fháil ó DoC, agus cuireadh 143 chás ar aghaidh chuig FTC (féach aithris 62 thíos). Féach SWD (2019) 495 final ón gCoimisiún, lch. 10.

(91)  Tá ar eagraíocht CPS AE-SAM a gealltanas a dhearbhú go poiblí go gcomhlíonfaidh sí na Prionsabail, go nochtfaidh sí a beartais phríobháideachais i gcomhréir leis na Prionsabail sin agus go gcuirfidh sí chun feidhme go hiomlán iad. Tá neamhchomhlíonadh in-fhorfheidhmithe faoi Roinn 5 de The FTC Act lena dtoirmeasctar gníomhartha éagóracha agus meabhlacha sa tráchtáil nó a dhéanann difear don tráchtáil (15 U.S.C., Roinn 45) agus faoi 49 U.S.C., Roinn 41712, lena dtoirmeasctar ar iompróir nó ar ghníomhaire ticéad a bheith ag gabháil do chleachtas éagórach nó meabhlach san aeriompar nó i ndíol aeriompair.

(92)  15 U.S.C., Roinn 41.

(93)  Iarscríbhinn IV.

(94)  De réir na faisnéise ó FTC, níl sé de chumhacht aige cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh i réimse na cosanta príobháideachais. Tá sé de chumhacht aige, áfach, iallach a chur ar eagraíochtaí doiciméid agus ráitis ó fhinnéithe a sholáthar (féach Roinn 20 de The FTC Act), agus féadfaidh sé an córas cúirteanna a úsáid chun orduithe den sórt sin a fhorfheidhmiú i gcásanna neamhchomhlíonta.

(95)  Féach Iarscríbhinn IV, an roinn ‘Orduithe a Lorg agus Faireachán a Dhéanamh Orthu’.

(96)  Féadfaidh FTC nó orduithe cúirte a cheangal ar chuideachtaí cláir phríobháideachais a chur chun feidhme agus tuarascálacha comhlíontachta nó measúnuithe neamhspleácha tríú páirtí maidir leis na cláir sin a chur ar fáil go tráthrialta do FTC.

(97)  Iarscríbhinn IV, an roinn ‘Orduithe a Lorg agus Faireachán a Dhéanamh Orthu’.

(98)  SWD (2019) 495 final ón gCoimisiún, lch. 11.

(99)  Féach na cásanna a liostaítear ar shuíomh gréasáin FTC, le fáil ag https://www.ftc.gov/gnólacht-treoraíocht/príobháideachas-security/príobháideachas-shield. Féach freisin SWD (2017) 344 final ón gCoimisiún, lch. 17; SWD (2018) 497 final ón gCoimisiún, lch. 12 agus SWD (2019) 495 final ón gCoimisiún, lch. 11.

(100)  Féach e.g. Prepared Remarks of Chairman Joseph Simons at the Second Privacy Shield Annual Review (ftc.gov).

(101)  Féach e.g. ordú FTC in Drizly, LLC, inter alia, lena gceanglaítear ar an gcuideachta (1) aon sonraí pearsanta a bhailigh sí agus nach bhfuil gá aici leo chun táirgí nó seirbhísí a sholáthar do thomhaltóirí a scriosadh, (2) gan faisnéis phearsanta a bhailiú nó a stóráil ach amháin más gá sin chun críoch sonrach a leagtar amach i sceideal coinneála.

(102)  Féach e.g. an t-ord FTC in CafePress (24 Márta 2022) lena gceanglaítear, inter alia, an méid sonraí a bhailítear a íoslaghdú.

(103)  Féach e.g. gníomh forfheidhmiúcháin FTC i Drizzly, LLC agus CafePress, faoinar cheangail sé ar na cuideachtaí ábhartha clár slándála tiomnaithe nó bearta slándála sonracha a chur i bhfeidhm. Ina theannta sin, a mhéid a bhaineann le sáruithe ar shonraí, féach freisin ord FTC an 27 Eanáir 2023 in Chegg, an socrú a dtángthas air le Equifax in 2019 (https://www.ftc.gov/news-events/news/press-releases/2019/07/equifax-pay-575-million-part-settlement-ftc-cfpb-states-related-2017-data-breach)

(104)  Féach e.g. cás RealPage, Inc (16 Deireadh Fómhair 2018), ina ndearna FTC gníomh forfheidhmiúcháin faoin FCRA in aghaidh cuideachta scagtha tionóntaí a chuir tuarascálacha cúlra ar fáil maidir le daoine aonair d’úinéirí maoine agus do chuideachtaí bainistíochta maoine, bunaithe ar fhaisnéis ó stair cíosa, faisnéis ó thaifid phoiblí (lena n-áirítear stair choiriúil agus dhíshealbhaithe) agus faisnéis chreidmheasa, a úsáideadh mar thoisc chun incháilitheacht le haghaidh tithíochta a chinneadh. Fuair FTC amach nár ghlac an chuideachta bearta réasúnta chun cruinneas na faisnéise a chuir sí ar fáil ar bhonn a huirlise uathchinnteoireachta a áirithiú.

(105)  Féach Iarscríbhinn V, an roinn ‘Cleachtais Forfheidhmithe’.

(106)  Féach 5 U.S.C., Roinn 3105, Roinn 7521(a), Roinn 554(d) agus Roinn 556(b)(3).

(107)  Iarscríbhinn V, féach an roinn ‘Faireachán a Dhéanamh ar Orduithe Forfheidhmithe maidir le Sáruithe ar CPS AE-SAM agus na hOrduithe sin a Chur ar Fáil go Poiblí’.

(108)  Iarscríbhinn I, Roinn II.7.

(109)  Iarscríbhinn I, Roinn III.11.

(110)  Iarscríbhinn I, Roinn III.11.d.(i).

(111)  Iarscríbhinn I, Roinn III.11.d.(i).

(112)  Is é sin an t-údarás láimhseála arna ainmniú ag painéal ÚCSanna dá bhforáiltear sa Phrionsabal Forlíontach maidir le ‘Ról na nÚdarás Cosanta Sonraí’ (Iarscríbhinn I, Roinn III.5).

(113)  Iarscríbhinn I, Roinn III.11.d.

(114)  Iarscríbhinn I, Roinn II.7 agus III.11.e.

(115)  Iarscríbhinn I, Roinn III.11.d.(ii).

(116)  Ní mór an méid seo a leanas a bheith sa tuarascáil bhliantúil: (1) an líon iomlán gearán a bhaineann le CPS AE-SAM a fuarthas le linn na bliana tuairiscithe; (2) na cineálacha gearán a fuarthas; (3) bearta cáilíochta maidir le réiteach díospóidí, amhail an fad ama a thógann sé gearáin a phróiseáil; agus (4) torthaí na ngearán a fuarthas, go háirithe an líon agus na cineálacha leigheasanna nó smachtbhannaí a forchuireadh.

(117)  Iarscríbhinn I, an roinn ‘Ceanglais maidir le Féindeimhniú a Fhíorú’.

(118)  Féach Iarscríbhinn III, an roinn ‘Comhar a Éascú le Comhlachtaí Malartacha um Réiteach Díospóidí a Sholáthraíonn Seirbhísí a Bhaineann leis na Prionsabail’. Féach freisin Iarscríbhinn I, Roinn III.11.d.(ii)-(iii).

(119)  Féach Iarscríbhinn I, Roinn III.11.e.

(120)  Féach Iarscríbhinn I, Roinn III.11.g, go háirithe pointí (ii) agus (iii).

(121)  Féach Iarscríbhinn III, an roinn maidir le ‘Maímh Bhréagacha Rannpháirtíochta a Chuardach agus Aghaidh a Thabhairt Orthu’.

(122)  Iarscríbhinn I, Roinn II.7.b.

(123)  Iarscríbhinn I, Roinn III.5.

(124)  Iarscríbhinn I, Roinn III.5.c.(ii).

(125)  Iarscríbhinn III (féach an roinn ‘Comhar le ÚCSanna a Éascú’) agus Iarscríbhinn IV (féach na ranna ‘Tosaíocht maidir le Cur ar Aghaidh agus Imscrúdú’ agus ‘Comhar Forfheidhmiúcháin le ÚCSanna Aontais’).

(126)  Ba cheart do ÚCSanna na rialacha maidir le nós imeachta phainéal neamhfhoirmiúil ÚCS a leagan síos bunaithe ar a n-inniúlacht a gcuid oibre a eagrú agus dul i gcomhar le chéile.

(127)  Iarscríbhinn I, Roinn III.5.c.(i).

(128)  Iarscríbhinn I, Roinn III.5.c.(ii).

(129)  Féach Iarscríbhinn III, an roinn ‘Comhar le ÚCSanna a Éascú’.

(130)  Féach Iarscríbhinn IV, na ranna ‘Tosaíocht maidir le Cur ar Aghaidh agus Imscrúdú’ agus ‘Comhar Forfheidhmiúcháin le ÚCSanna Aontais’.

(131)  Iarscríbhinn III, féach e.g. an roinn ‘Comhar le ÚCSanna a Éascú’.

(132)  Iarscríbhinn I, Roinn II.7.e agus Iarscríbhinn III, an roinn ‘Comhar le ÚCSanna a Éascú’.

(133)   Ibid.

(134)  Iarscríbhinn I, Roinn III.11.g.

(135)  Iarscríbhinn I, Roinn III.11.g.

(136)  Tá ar eagraíocht CPS AE-SAM a gealltanas a dhearbhú go poiblí go gcomhlíonfaidh sí na Prionsabail, go nochtfaidh sí a beartais phríobháideachais go poiblí i gcomhréir leis na Prionsabail sin agus go gcuirfidh sí chun feidhme go hiomlán iad. Tá neamhchomhlíonadh in-fhorfheidhmithe faoi Roinn 5 de The FTC Act lena dtoirmeasctar gníomhartha éagóracha agus meabhlacha sa tráchtáil nó a dhéanann difear don tráchtáil.

(137)  Féach freisin na gealltanais chomhchosúla a thug DoT, Iarscríbhinn V.

(138)  Féach Iarscríbhinn I, Iarscríbhinn I ‘Samhail Eadrána’.

(139)  Féach Iarscríbhinn I, Roinn II.1.a.(xi) agus II.7.c.

(140)  Beidh ar na páirtithe an líon eadránaithe a bheidh ar an bpainéal a chomhaontú.

(141)  Iarscríbhinn I a ghabhann le hIarscríbhinn I, Roinn G.6.

(142)  Ní fhéadfaidh daoine aonair damáistí a éileamh in imeachtaí eadrána, ach ní dhéantar an rogha chun damáistí a lorg i ngnáthchúirteanna na Stát Aontaithe a fhoriamh trí eadráin a agairt.

(143)  Féach e.g. dlíthe stáit maidir le cosaint tomhaltóirí in California (Cal. Civ. Code, Ranna 1750 - 1785 (West) The Consumers Legal Remedies Act); Ceantar Columbia (D.C. Code, Ranna 28-3901); Florida (Fla. Stat. Ranna 501.201 - 501.213, The Deceptive and Unfair Trade Practices Act); Illinois (815 Ill. Comp. Stat. 505/1 - 505/12, The Consumer Fraud and Deceptive Business Practices Act); Pennsylvania (73 Pa. Stat. Ann., Ranna 201-1 - 201-9.3 (West) The Unfair Trade Practices and Consumer Protection Law).

(144)  I.e. i gcás cur isteach idirnáisiúnta ar ghnóthaí nó ceisteanna príobháideacha duine aonair, ar bhealach a bheadh thar a bheith maslach do dhuine réasúnach (Restatement (2nd) of Torts, Roinn 652(b)).

(145)  Bíonn feidhm ag an tort sin de ghnáth maidir le cás ina ndéantar pearsantacht duine aonair a leithreasú agus a úsáid chun fógraíocht a dhéanamh faoi ghnólacht nó táirge, nó chun críche tráchtála comhchosúla éigin (féach Restatement (2nd) of Torts, Roinn 652C).

(146)  I.e. i gcás i gcuirtear faisnéis maidir le saol príobháideach duine aonair ar fáil go poiblí, i gcás ina bhfuil sé sin thar a bheith maslach do dhuine réasúnach agus nach bhfuil leas dlisteanach ag an bpobal san fhaisnéis (Restatement (2nd) of Torts, Roinn 652D).

(147)  Tá sé seo ábhartha freisin i bhfianaise Alt I.5 d’Iarscríbhinn I. De bhun na Roinne sin agus ar an gcaoi chéanna le RGCS, d’fhéadfadh comhlíonadh na gceanglas agus na gceart maidir le cosaint sonraí atá mar chuid de na Prionsabail Phríobháideachais a bheith faoi réir teorainneacha. Mar sin féin, ní teorainneacha daingne iad na teorainneacha sin, ach ní féidir brath orthu ach amháin faoi roinnt coinníollacha, mar shampla a mhéid is gá chun ordú cúirte a chomhlíonadh nó chun ceanglais leas an phobail, fhorfheidhmiú an dlí, nó slándála náisiúnta a chomhlíonadh. Sa chomhthéacs sin agus ar mhaithe le soiléireacht, tagraíonn an Roinn seo freisin do na coinníollacha a leagtar amach in EO 14086 a ndéantar measúnú orthu inter alia in aithrisí 127-141.

(148)  Féach Schrems II, míreanna 174-175 agus an cásdlí a luaitear. Féach freisin, a mhéid a bhaineann le rochtain ag údaráis phoiblí na mBallstát, Cás C-623/17 Príobháideachas Idirnáisiúnta, ECLI:AE:C:2020:790, mír 65; agus Cásanna Uamtha C-511/18, C-512/18 agus C-520/18 La Quadrature du Net agus Eile, ECLI:AE:C:2020:791, mír 175.

(149)  Féach Schrems II, míreanna 176 agus 181, chomh maithe leis an gcásdlí a luaitear. Féach freisin, a mhéid a bhaineann le rochtain ag údaráis phoiblí na mBallstát, Príobháideachas Idirnáisiúnta, mír 68; agus La Quadrature du Net agus Eile, mír 132.

(150)  Féach Schrems II, míreanna 181-182.

(151)  Féach Schrems I, mír 95 agus Schrems II, mír 194. Chuige sin, chuir CBAE i bhfios go láidir maidir le comhlíonadh Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha, a ráthaíonn an ceart chun leigheas éifeachtach a fháil os comhair binse neamhspleách agus neamhchlaonta, ‘[go g]cuireann sé leis an leibhéal cosanta is gá san Aontas Eorpach [agus] nach mór don Choimisiún é a chinneadh sula nglacann sé cinneadh leordhóthanachta de bhun Airteagal 45(1) de Rialachán (AE) 2016/679’ (Schrems II, mír 186).

(152)  Féach Iarscríbhinn VI. Féach, mar shampla, maidir le The Wiretap Act, The Stored Communications Act agus The Pen Register Act (a luaitear tuilleadh sonraí ina dtaobh in aithrisí 95-98), Suzlon Energy Ltd v. Microsoft Corp., 671 F.3d 726, 729 (9th Cir. 2011).

(153)   Federal Rules of Criminal Procedure, 41. I mbreithiúnas ó 2018, dheimhnigh an Chúirt Uachtarach go bhfuil gá freisin le barántas cuardaigh nó eisceacht bharántais chun go bhfaighidh údaráis forfheidhmithe dlí rochtain ar thaifid stairiúla ar shuíomhanna de réir crainn cumarsáide fón póca, lena soláthraítear forbhreathnú cuimsitheach ar ghluaiseachtaí úsáideora agus a bhféadfadh ionchas réasúnach príobháideachais a bheith ag an úsáideoir maidir leis an bhfaisnéis sin (Timothy Ivory Carpenter v. Stáit Aontaithe Mheiriceá, Uimh. 16-402, 585 U.S. (2018)). Dá thoradh sin, ní féidir sonraí den sórt sin a fháil go ginearálta ó chuideachta líonra fón póca ar bhonn ordú cúirte ar bhonn forais réasúnacha lena chreidiúint go bhfuil an fhaisnéis iomchuí agus ábhartha d’imscrúdú coiriúil leanúnach, ach is gá a léiriú go bhfuil cúis dhóchúil ann nuair a úsáidtear barántas.

(154)  De réir na Cúirte Uachtaraí, is é is cúis dhóchúil ann caighdeán ‘praiticiúil neamhtheicniúil’ a bhraitheann ar ‘factual and practical considerations of everyday life on which reasonable and prudent men […] act’ [breithnithe fíorasacha praiticiúla an tsaoil laethúil ar dá réir a ghníomhaíonn daoine réasúnacha stuama] (Illinois v. Gates, 462 U.S 213, 232 (1983)). A mhéid a bhaineann le barántais chuardaigh, tá cúis dhóchúil ann má bhíonn sé réasúnta dóchúil go n-aimseofar fianaise ar choir de thoradh cuardaigh (id).

(155)   Mapp v. Ohio, 367 U.S. 643 (1961).

(156)  Féach In re Application of United States, 610 F.2d 1148, 1157 (3d Cir. 1979) (lena ndearbhaítear ‘due process requires a hearing on the issue of burdensomeness before compelling a telephone company to provide [assistance]’ [go gceanglaítear leis an bpróiseas cuí go mbeidh éisteacht ann maidir le saincheist an anró sula gcuirfear iallach ar chuideachta teileafóin cúnamh a sholáthar] i dtaca le barántas cuardaigh) agus In re Application of United States, 616 F.2d 1122 (9th Cir. 1980).

(157)  Leis an gCúigiú Leasú ar Bhunreacht SAM ceanglaítear díotáil ó ard-ghiúiré as aon ‘capital or otherwise infamous crime’ [coir lena ngabhann pionóis báis nó coir atá míchlúiteach ar aon bhealach eile]. Bíonn idir 16 agus 23 chomhalta ar an ard-ghiúiré agus cinneann siad cé acu atá nó nach bhfuil cúis dhóchúil ann lena chreidiúint go ndearnadh coir. Chun teacht ar an gconclúid sin, dílsítear cumhachtaí imscrúdaithe d’ard-ghiúiréanna a cheadaíonn dóibh subpoena a eisiúint.

(158)  Féach Iarscríbhinn VI.

(159)   Federal Rules of Criminal Procedure, 17.

(160)   Na Stáit Aontaithe v. Powell, 379 U.S. 48 (1964)

(161)   Oklahoma Press Publishing Co. v. Walling, 327 U.S. 186 (1946).

(162)  Thug an Chúirt Uachtarach soiléiriú nach mór do chúirt, i gcás agóid in aghaidh subpoena riaracháin, breithniú a dhéanamh (1) an chun críoch atá údaraithe go dleathach atá an t-imscrúdú á dhéanamh, (2) an bhfuil sé de chumhacht ag an gComhdháil ordú a thabhairt don údarás subpoena atá i gceist, agus (3) an bhfuil ‘na doiciméid atá á lorg ábhartha don fhiosrúchán.’ Thug an Chúirt dá haire chomh maith nach mór iarraidh ar subpoena a bheith ‘réasúnach’, i.e. go n-éilítear ‘sonrú na ndoiciméad atá le soláthar a bheith leormhaith chun críocha an fhiosrúcháin ábhartha, ach gan bheith iomarcach,’ lena n-áirítear ‘sainiúlacht i dtaobh le ‘tuairisc ar an áit atá le cuardach, agus na daoine nó na rudaí atá le hurghabháil.” ’

(163)  Mar shampla, ní thugann The Right to Financial Privacy Act an chumhacht d’údarás rialtais taifid airgeadais atá i seilbh institiúide airgeadais a fháil de bhun subpoena riaracháin ach amháin más rud é (1) go bhfuil cúis ann lena chreidiúint go bhfuil na taifid atá á lorg ábhartha d’fhiosrúchán dlisteanach forfheidhmithe dlí agus (2) gur cuireadh cóip den subpoena nó den toghairm ar fáil don chustaiméir mar aon le fógra ina sonraítear go measartha sonrach cineál an fhiosrúcháin (12 U.S.C. Roinn 3405). Sampla eile is ea The Fair Credit Reporting Act, a chuireann toirmeasc ar ghníomhaireachtaí tuairiscithe tomhaltóirí tuarascálacha tomhaltóirí a nochtadh mar fhreagra ar iarrataí subpoena riaracháin (agus ní cheadaíonn sé dóibh ach freagra a thabhairt ar iarrataí subpoena ard-ghiúiré nó ar orduithe cúirte, 15 U.S.C. Roinn 1681 et seq.). A mhéid a bhaineann le rochtain ar fhaisnéis chumarsáide, tá feidhm ag ceanglais shonracha The Stored Communications Act, lena n-áirítear maidir leis an bhféidearthacht subpoena riaracháin a úsáid (féach aithrisí 96-97 chun forléargas mionsonraithe a fháil).

(164)  18 U.S.C., Roinn 3123.

(165)  18 U.S.C., Ranna 2701-2713.

(166)  18 U.S.C., Ranna 2701(a)-(b)(1)(A). Má thugtar fógra don síntiúsóir nó don chustaiméir lena mbaineann (roimh ré nó, in imthosca áirithe, trí fhógra moillithe), féadfar an fhaisnéis inneachair arna stóráil ar feadh tréimhse is faide ná 180 lá a fháil freisin ar bhonn subpoena riaracháin nó subpoena ó ard-ghiúiré (18 U.S.C., Roinn 2701(b)(1)(B)) nó ar bhonn ordú cúirte (má bhíonn forais réasúnacha ann lena chreidiúint go bhfuil an fhaisnéis iomchuí agus ábhartha d’imscrúdú coiriúil leanúnach (18 U.S.C., Roinn 2701(d)). I gcomhréir le riail ó chúirt achomhairc fheidearálach, áfach, faigheann imscrúdaitheoirí rialtais barántais chuardaigh ó bhreithiúna de ghnáth chun inneachar cumarsáide príobháidí nó sonraí stóráilte a bhailiú ó sholáthraí seirbhíse cumarsáide tráchtála. Na Stáit Aontaithe v. Warshak, 631 F.3d 266 (6th Cir. 2010).

(167)  18 U.S.C., Roinn 2705(b).

(168)  Féach an Meabhrán arna eisiúint ag an Leas-Ard-Aighne Rod Rosenstein an 19 Deireadh Fómhair 2017 maidir le beartas níos sriantaí i ndáil le hiarratais ar orduithe cosanta (nó rúndachta), le fáil ag https://www.justice.gov/criminal-ccips/page/file/1005791/download.

(169)  Meabhrán arna eisiúint ag an Leas-Ard-Aighne Lisa Monaco an 27 Bealtaine 2022 maidir le beartas forlíontach i ndáil le hiarratais ar orduithe cosanta de bhun 18 U.S.C., Roinn 2705(b).

(170)  18 U.S.C. Ranna 2510-2522.

(171)   Attorney General’s Guidelines for Domestic Federal Bureau of Investigation (FBI) Operations, (mí Mheán Fómhair 2008), le fáil ag http://www.justice.gov/archive/opa/docs/guidelines.pdf. Rialacha agus beartais bhreise lena bhforordaítear teorainneacha ar ghníomhaíochtaí imscrúdaithe ionchúisitheoirí feidearálacha, leagtar amach in The United States Attorneys’ Manual iad, le fáil ag http://www.justice.gov/usam/united-states-attorneys-manual. Chun imeacht ó na Treoirlínte sin, ní mór formheas roimh ré a fháil ó Stiúrthóir nó Leas-Stiúrthóir FBI nó ó Stiúrthóir Cúnta Feidhmiúcháin arna ainmniú ag an Stiúrthóir, ach amháin mura féidir an formheas sin a fháil mar gheall ar a phráinní nó a thromchúisí atá an bhagairt do shábháilteacht daoine nó maoine nó do shlándáil náisiúnta (ar cás é inar gá fógra a thabhairt a luaithe is indéanta don Stiúrthóir nó do dhuine údarúcháin eile). I gcás nach leanfar na Treoirlínte, ní mór do FBI fógra a thabhairt do DoJ faoi, a chuirfidh an tArd-Aighne agus an Leas-Ard-Aighne ar an eolas ina sheal.

(172)  Iarscríbhinn VI, fonóta 2. Féach freisin e.g., Arnold v. Cathair Cleveland, 67 Ohio St.3d 35, 616 N.E.2d 163, 169 (1993) (‘In the areas of individual rights and civil liberties, the United States Constitution, where applicable to the states, provides a floor below which state court decisions may not fall’ [I réimsí na gceart aonair agus na saoirsí sibhialta, tugann Bunreacht na Stát Aontaithe, nuair is infheidhme maidir leis na stáit, íosráta nach féidir cinntí cúirteanna stáit dul faoina bhun]); Cooper v. California, 386 U.S. 58, 62, 87 S.Ct. 788, 17 L.Ed.2d 730 (1967) (‘Our holding, of course, does not affect the State’s power to impose higher standards on searches and seizures than required by the Federal Constitution if it chooses to do so.’ [Ní dhéanann ár ngabháltas, ar ndóigh, difear do chumhacht an Stáit caighdeáin níos airde a fhorchur ar chuardaigh agus urghabhálacha ná mar a cheanglaítear leis an mBunreacht Feidearálach má roghnaíonn sé déanamh amhlaidh.]); Petersen v. Cathair Mesa, 63 P.3d 309, 312 (Ariz. Ct. App. 2003) (‘Although the Arizona Constitution may impose stricter standards on searches and seizures than does the federal constitution, Arizona courts cannot provide less protection than does the Fourth Amendment’ [Cé go bhféadfadh Bunreacht Arizona ceanglais níos déine a fhorchur ar chuardaigh agus urghabhálacha ná mar a fhorchuireann an bunreacht feidearálach, ní féidir le cúirteanna Arizona níos lú cosanta a thabhairt ná mar a thugtar leis an gCeathrú Leasú]).

(173)  Tá cosaintí an Cheathrú Leasú le fáil i mbunreachtanna fhormhór na stát. Féach Bunreacht Alabama, Airteagal I, Roinn 5); Bunreacht Alaska, Airteagal I, Roinn 14; 1; Bunreacht Arkansas, Airteagal II, Roinn 15; Bunreacht California, Airteagal I, Roinn 13; Bunreacht Colorado, Airteagal II, Roinn 7; Bunreacht Conneticut, Airteagal I, Roinn 7; Bunreacht Delaware, Airteagal I, Roinn 6; Bunreacht Florida, Airteagal I, Roinn 12; Bunreacht Georgia, Airteagal I, Roinn I, mír XIII; Bunreacht Hawai, Airteagal I, Roinn 7; Bunreacht Idaho, Airteagal I, Roinn 17; Bunreacht Illinois, Airteagal I, Roinn 6; Bunreacht Indiana, Airteagal I, Roinn 11; Bunreacht Iowa, Airteagal I, Roinn 8; Bunreacht Kansas Bill of Rights, Roinn 15; Bunreacht Kentucky Roinn 10; Bunreacht Louisiana, Airteagal I, Roinn 5; Bunreacht Maine, Airteagal I, Roinn 5; Bunreacht Massachusets Decl. of Rights, Airteagal 14; Bunreacht Michigan, Airteagal I, Roinn 11; Bunreacht Minnesota, Airteagal I, Roinn 10; Bunreacht Mississippi, Airteagal III, Roinn 23; Bunreacht Missouri, Airteagal I, Roinn 15; Bunreacht Montana, Airteagal II, Roinn 11; Bunreacht Nebraska, Airteagal I, Roinn 7; Bunreacht Nevada, Airteagal I, Roinn 18; Bunreacht New Hampshire, Cuid 1, Airteagal 19; Bunreacht N.J., Airteagal II, Roinn 7; Bunreacht New Mexico, Airteagal II, Roinn 10; Bunreacht New York, Airteagal I, Roinn 12; Bunreacht North Dakota, Airteagal I, Roinn 8; Bunreacht Ohio, Airteagal I, Roinn 14; Bunreacht Oklahoma, Airteagal II, Roinn 30; Bunreacht Oregon, Airteagal I, Roinn 9; Bunreacht Pennsylvania, Airteagal I, Roinn 8; Bunreacht Rhode Island, Airteagal I, Roinn 6; Bunreacht South Carolina, Airteagal I, Roinn 10; Bunreacht South Dakota, Airteagal VI, Roinn 11; Bunreacht Tennessee, Airteagal I, Roinn 7; Bunreacht Texas, Airteagal I, Roinn 9; Bunreacht Utah, Airteagal I, Roinn 14; Bunreacht Vermont, Caibidil I, Airteagal 11; Bunreacht West Virginia, Airteagal III, Roinn 6; Bunreacht Wisconsin, Airteagal I, Roinn 11; Bunreacht Wyoming, Airteagal I, Roinn 4. Tá teanga sonrach a bhaineann le barántais a léirmhíníodh go breithiúnach go dtugtar léi cosaintí atá cosúil le cosaintí an Cheathrú Leasú nó níos airde ná sin cumhdaithe ina mbunreachtanna ag stáit eile (e.g. Maryland, North Carolina agus Virginia) (féach Maryland Decl. of Rts, Airteagal 26; Bunreacht North Carolina, Airteagal I, Roinn 20; Bunreacht Virginia, Airteagal I, Roinn 10, agus cásdlí ábhartha, e.g. Hamel v. State, 943 A.2d 686, 701 (Md. Ct. Spec. App. 2008; State v. Johnson, 861 S.E.2d 474, 483 (N.C. 2021) agus Lowe v. Commonwealth, 337 S.E.2d 273, 274 (Va. 1985)). Ar deireadh, tá forálacha bunreachtúla ag Arizona agus Washington a chosnaíonn an príobháideachas ar bhealach níos ginearálta (Bunreacht Arizona, Airteagal 2, Roinn 8; Bunreacht Washington, Airteagal I, Roinn 7), a léirmhínigh na cúirteanna go dtugtar leo breis cosaintí ná mar a thugtar leis an gCeathrú Leasú (féach e.g. State v. Bolt, 689 P.2d 519, 523 (Ariz. 1984), State v. Ault, 759 P.2d 1320, 1324 (Ariz. 1988), State v. Myrick, 102 Wn.2d 506, 511, 688 P.2d 151, 155 (1984) , State v. Young, 123 Wn.2d 173, 178, 867 P.2d 593, 598 (1994) ).

(174)  Féach, e.g. California Penal Code, Roinn 1524,3(b); Riail 3.6-3.13 Rialacha Alabama um Nós Imeachta Coiriúil; Roinn 10.79.035; Revised Code of Washington; Roinn 19.2-59 de Chaibidil 5, Teideal 19.2 Nós Imeachta Coiriúil, Code of Virginia.

(175)  I.e. ‘information that can be used to distinguish or trace an individual’s identity, either alone or when combined with other information that is linked or linkable to a specific individual’ [faisnéis ar féidir úsáid a bhaint aisti chun céannacht duine aonair a aithint nó a rianú, ina haonar nó i gcomhcheangal le faisnéis eile atá nasctha nó in-nasctha le duine aonair sonrach], féach Ciorclán OMB Uimh. A-130, lch. 33 (sainmhíniú ar ‘fhaisnéis chéannachta’).

(176)  Ciorclán OMB Uimh. A-130, Managing Information as a Strategic Resource, Foscríbhinn II, Responsibilities for Managing Personally Identifiable Information, 81 Fed. Reg. 49,689 (28 Iúil 2016), lch. 17.

(177)  Foscríbhinn II, Roinn 5(a)-(h).

(178)  44 U.S.C. Caibidil 36.

(179)  44 U.S.C. Ranna 3544-3545.

(180)  FAC, 44 U.S.C. Roinn 3105.

(181)  36 C.F.R. Ranna 1228,150, et seq., 1228,228, agus Foscríbhinn A.

(182)  Féach e.g. Ciorclán OMB Uimh. A-130; NIST SP 800-53, Rev. 5, Security and Privacy Controls for Information Systems and Organizations (10 Nollaig 2020); agus NIST Federal Information Processing Standards 200: Minimum Security Requirements for Federal Information and Information Systems.

(183)  Meabhrán 17-12, Preparing for and Responding to a Breach of Personally Identifiable Information le fáil ag https://obamawhitehouse.archives.gov/sites/default/files/omb/memoranda/2017/m-17-12_0.pdf agus Ciorclán OMB Uimh. A-130. Chun nósanna imeachta freagartha na Roinne Dlí agus Cirt do sháruithe sonraí a fháil, mar shampla, féach https://www.justice.gov/file/4336/download.

(184)  FRA, 44 U.S.C. Ranna 3101 et seq.

(185)  Tá sé d’údarás ag an gCartlann Náisiúnta agus Riarachán Taifead measúnú a dhéanamh ar chleachtais bainistithe taifead gníomhaireachtaí, agus féadfaidh sé a chinneadh an bhfuil údar le coinneáil leanúnach taifead áirithe (44 U.S.C. Roinn 2904(c), Roinn 2906).

(186)  Ciorclán OMB Uimh. A-130, Roinn 5.f.1.(d)

(187)  Ciorclán OMB Uimh. A-130, Foscríbhinn I, Roinn 3(d).

(188)  Féach freisin Treoirleabhar FBI maidir le hImscrúduithe agus Oibríochtaí Intíre (DIOG), Roinn 14.

(189)  AGG-DOM, Roinn VI, B agus C; Treoirleabhar FBI maidir le hImscrúduithe agus Oibríochtaí Intíre (DIOG), Roinn 14.

(190)  Tá feidhm ag na sásraí a luaitear sa roinn seo maidir le bailiú agus úsáid sonraí ag údaráis fheidearálacha chun críoch sibhialta agus rialála freisin. Tá gníomhaireachtaí feidearálacha sibhialta agus rialála faoi réir grinnscrúdú ag a nArd-Chigirí féin agus maoirseacht ag an gComhdháil, lena n-áirítear Oifig Cuntasachta an Rialtais, gníomhaireacht iniúchóireachta agus imscrúdaithe na Comhdhála. Mura bhfuil Oifigeach Príobháideachais agus Saoirsí Sibhialta ainmnithe ag an ngníomhaireacht - post a bhíonn ann de ghnáth laistigh de ghníomhaireachtaí amhail an Roinn Dlí agus Cirt agus an Roinn Slándála Dúiche (DHS) mar gheall ar a bhfreagrachtaí forfheidhmithe dlí agus slándála náisiúnta - is ar Oifigeach Sinsearach Príobháideachais na Gníomhaireachta (SAOP) atá na dualgais sin. Tá oibleagáid dhlíthiúil ar gach gníomhaireacht fheidearálach SAOP a ainmniú, a bhfuil an fhreagracht air as a áirithiú go gcomhlíonann an ghníomhaireacht dlíthe príobháideachais agus as maoirseacht a dhéanamh ar ábhair ghaolmhara. Féach, e.g., OMB M-16-24, Ról agus Ainmniú Oifigigh Shinsearacha Príobháideachais na Gníomhaireachta (2016).

(191)  Féach 42 U.S.C., Roinn 2000ee-1. Áirítear orthu sin an Roinn Dlí agus Cirt, an Roinn Slándála Dúiche agus FBI. Sa Roinn Slándála Dúiche (DHS), ina theannta sin, tá Príomhoifigeach Príobháideachais freagrach as cosaintí príobháideachais a chaomhnú agus a fheabhsú agus as trédhearcacht a chur chun cinn laistigh den Roinn (6 U.S.C. 142, Roinn 222). Gach córas, teicneolaíocht, foirm agus clár in DHS lena mbailítear sonraí pearsanta nó a bhfuil tionchar príobháideachais acu, tá siad faoi réir fhormhaoirseacht an Phríomhoifigigh Phríobháideachais a bhfuil rochtain aige ar gach taifead, tuarascáil, iniúchadh, athbhreithniú, doiciméad, páipéar, moladh agus ábhar eile atá ar fáil don Roinn, agus trí subpoena más gá sin. Tá ar an bPríomhoifigeach Príobháideachais tuairisciú don Chomhdháil ar bhonn bliantúil maidir le gníomhaíochtaí na Roinne a dhéanann difear do phríobháideachas, lena n-áirítear gearáin maidir le sáruithe príobháideachais.

(192)  42 U.S.C., Roinn 2000ee-1(d).

(193)  Féach 42 U.S.C., Ranna 2000ee-1 (f)(1)-(2). Tuarascáil Phríomhoifigeach Príobháideachais agus Saoirsí Sibhialta DoJ agus na hOifige Príobháideachais agus Saoirsí Sibhialta, mar shampla, lena gcumhdaítear an tréimhse idir mí Dheireadh Fómhair 2020 agus mí an Mhárta 2021, léiríonn sí go ndearnadh 389 n-athbhreithniú príobháideachais, lena n-áirítear ar chórais faisnéise agus ar chláir eile (https://www.justice.gov/d9/pages/attachments/2021/05/10/2021-4-21opclsection803reportfy20sa1_final.pdf).

(194)  Ar an gcaoi chéanna, le The Homeland Security Act 2002, bunaítear Oifig Ardchigire sa Roinn Slándála Dúiche.

(195)  Tá tionacht dhaingean ag Ardchigirí agus ní fhéadfaidh ach an tUachtarán iad a chur as oifig, nach mór na cúiseanna lena gcur as oifig a chur in iúl don Chomhdháil i scríbhinn.

(196)  Féach The Inspector General Act de 1978, Roinn 6.

(197)  Ina leith sin, féach, mar shampla, an forbhreathnú a d’ullmhaigh Oifig Ardchigire DoJ maidir leis na moltaí a rinne sí agus a mhéid a cuireadh chun feidhme iad trí bhearta leantacha roinne agus gníomhaireachta, https://oig.justice.gov/sites/default/files/reports/22-043.pdf.

(198)  Féach The Inspector General Act de 1978, Roinn 4(5), Roinn 5. Rinne an Oifig Ardchigire laistigh den Roinn Dlí agus Cirt, mar shampla, a tuarascáil leathbhliantúil don Chomhdháil (1 Deireadh Fómhair 2021-31 Márta 2022, https://oig.justice.gov/node/23596) a fhoilsiú le déanaí, lena dtugtar forbhreathnú ar na hiniúchtaí, meastóireachtaí, cigireachtaí, athbhreithnithe speisialta agus imscrúduithe a rinne sé ar chláir agus oibríochtaí DoJ. Áirítear ar na gníomhaíochtaí sin imscrúdú ar iarchonraitheoir maidir le faireachas leictreonach (cúléisteacht ar dhuine aonair) in imscrúdú leanúnach a nochtadh go neamhdhleathach, ar cuireadh pianbhreith ar an gconraitheoir dá dheasca. Rinne Oifig an Ardchigire imscrúdú freisin ar chláir agus cleachtais slándála faisnéise ghníomhaireachtaí DoJ, ar a n-áirítear tástáil ar éifeachtacht beartas, nósanna imeachta agus cleachtas slándála faisnéise tacair ionadaíoch de chórais ghníomhaireachta.

(199)  Ní mór comhaltaí an Bhoird a roghnú ar bhonn a gcáilíochtaí gairmiúla, a bhfuil bainte amach acu go gairmiúil, a staide i measc an phobail, a gcuid saineolais i saoirsí sibhialta agus príobháideachas, agus na taithí ábhartha atá acu, agus ar an mbonn sin amháin gan féachaint dá gcleamhnacht pholaitiúil. Ní fhéadfar, in aon chás, níos mó ná triúr comhaltaí a bhaineann leis an bpáirtí polaitiúil céanna a bheith ar an mBord. Ní fhéadfaidh duine aonair a cheaptar chuig an mBord, le linn dó a bheith ar an mBord, a bheith ina oifigeach tofa, ina oifigeach nó ina fhostaí den Rialtas Feidearálach, seachas ina cháil mar chomhalta den Bhord. Féach 42 U.S.C., Roinn 2000ee (h).

(200)  42 U.S.C., Roinn 2000ee (g).

(201)  Féach 42 U.S.C., Roinn 2000ee-1 (f)(1)(A)(iii). Áirítear orthu sin, ar a laghad, an Roinn Dlí agus Cirt, an Roinn Cosanta, an Roinn Slándála Dúiche, móide aon roinn, gníomhaireacht nó eilimint eile den bhrainse feidhmiúcháin a ainmníonn PCLOB a bheith iomchuí lena gcumhdach.

(202)  42 U.S.C., Roinn 2000ee, (e).

(203)  42 U.S.C., Roinn 2000ee (f).

(204)  Eagraíonn na Coistí éisteachtaí téamacha, mar shampla (féach e.g. éisteacht de chuid Choiste Breithiúnach Theach na nIonadaithe le déanaí maidir le ‘hoibríochtaí gabhála digiteacha’, https://judiciary.house.gov/calendar/eventsingle.aspx?EventID=4983), chomh maith le héisteachtaí formhaoirseachta tráthrialta, e.g. de chuid FBI agus DoJ, féach https://www.judiciary.senate.gov/meetings/08/04/2022/oversight-of-the-federal-bureau-of-investigation; https://judiciary.house.gov/calendar/eventsingle.aspx?EventID=4966 agus https://judiciary.house.gov/calendar/eventsingle.aspx?EventID=4899.

(205)  Féach Iarscríbhinn VI.

(206)  Ciorclán OMB Uimh. A-130, Foscríbhinn II, Roinn 3(a) agus (f), lena gceanglaítear ar ghníomhaireachtaí feidearálacha rochtain agus ceartú iomchuí a áirithiú arna iarraidh sin do dhaoine aonair, agus nósanna imeachta a bhunú chun gearáin agus iarrataí a bhaineann le príobháideachas a fháil agus aghaidh a thabhairt orthu.

(207)  Féach 42 U.S.C., Roinn 2000ee-1 a mhéid a bhaineann, mar shampla, le DoJ agus leis an Roinn Slándála Dúiche. Féach freisin Meabhrán OMB M-16-24, Role and Designation of Senior Agency Officials for Privacy.

(208)  Tá feidhm ag na sásraí sásaimh a luaitear sa roinn seo maidir le bailiú agus úsáid sonraí ag údaráis fheidearálacha chun críoch sibhialta agus rialála freisin.

(209)  5 U.S.C., Roinn 702.

(210)  Go ginearálta, is gníomhaíocht ‘deiridh’ ghníomhaireachta agus sin amháin a bhíonn faoi réir athbhreithniú breithiúnach — ní gníomhaíocht ghníomhaireachta ar ‘réamhghníomhaíocht, gníomhaíocht nós imeachta nó gníomhaíocht idirmheánach’ í. Féach 5 U.S.C., Roinn 704.

(211)  5 U.S.C., Roinn 706(2)(A).

(212)  18 U.S.C., Ranna 2701-2712.

(213)  Le ECPA cosnaítear cumarsáid arna sealbhú ag dhá aicme soláthraithe seirbhíse líonra, mar atá soláthraithe: (i) seirbhísí cumarsáide leictreonaí, mar shampla seirbhísí teileafónaíochta nó ríomhphoist; (ii) seirbhísí ríomhaireachta cianda amhail seirbhísí stórála ríomhaire nó próiseála.

(214)  18 U.S.C., Ranna 2510 et seq. Faoi The Under the Wiretap Act (18 U.S.C. Roinn 2520), aon duine a ndéantar a chumarsáid sreinge, a chumarsáid ó bhéal nó a chumarsáid leictreonach a idircheapadh, a nochtadh nó a úsáid d’aon ghnó, féadfaidh sé caingean shibhialta a thionscnamh as sárú ar The Wiretap Act, lena n-áirítear, in imthosca áirithe, in aghaidh oifigeach rialtais aonair nó in aghaidh na Stát Aontaithe. I gcás faisnéis neamh-inneachair a bhailiú (e.g. seoladh IP, seoladh ríomhphoist a seoltar chuige nó uaidh), féach freisin an chaibidil maidir le Rollaí Diailithe agus Gairis Rianaithe agus Taifeadta de Theideal 18 (18 U.S.C., Ranna 3121-3127 agus, i gcás caingean shibhialta, féach Roinn 2707).

(215)  18 U.S.C., Roinn 1030. Faoi The Computer Fraud and Abuse Act, féadfaidh duine cás dlí a thionscnamh in aghaidh aon duine maidir le rochtain neamhúdaraithe d’aon ghnó (nó maidir le rochtain údaraithe a shárú) chun faisnéis a fháil ó institiúid airgeadais, córas ríomhairí de chuid rialtas SAM nó ríomhaire sonraithe eile, lena n-áirítear, in imthosca áirithe, in aghaidh oifigeach rialtais aonair.

(216)  28 U.S.C., Ranna 2671 et seq. Faoi The Federal Tort Claims Act, féadfaidh duine cás dlí a thionscnamh, in imthosca áirithe, in aghaidh na Stát Aontaithe maidir le ‘the negligent or wrongful act or omission of any employee of the Government while acting within the scope of his office or employment’ [gníomh nó neamhghníomh faillíoch nó éagórach aon fhostaí de chuid an Rialtais agus é ag gníomhú dó faoi raon feidhme a oifige nó a fhostaíochta].

(217)  12 U.S.C., Ranna 3401 et seq. Faoi The Right to Financial Privacy Act, féadfaidh duine cás dlí a thionscnamh, in imthosca áirithe, in aghaidh na Stát Aontaithe maidir le taifid airgeadais chosanta a fháil nó a nochtadh de shárú ar an reacht. Bíonn toirmeasc go ginearálta ar rochtain ag an rialtas ar thaifid airgeadais chosanta, ach amháin má dhéanann an rialtas an iarraidh faoi réir subpoena nó barántas cuardaigh dleathach nó, faoi réir teorainneacha, iarraidh fhoirmiúil i scríbhinn agus má fhaigheann an duine a bhfuil a chuid faisnéise á lorg fógra faoin iarraidh sin.

(218)  15 U.S.C., Ranna 1681-1681x. Faoi The Fair Credit Reporting Act, féadfaidh duine cás dlí a thionscnamh in aghaidh aon duine nach gcomhlíonann ceanglais (go háirithe an gá le húdarú dleathach) maidir le tuarascálacha creidmheasa tomhaltóirí a bhailiú, a scaipeadh agus a úsáid nó, in imthosca áirithe, in aghaidh gníomhaireacht rialtais.

(219)  5 U.S.C., Roinn 552.

(220)  Tá na heisiaimh sin ceaptha go cúng, áfach. Mar shampla, de réir 5 U.S.C., Roinn 552 (b)(7), cuirtear cearta FOIA as an áireamh i gcás ‘records or information compiled for law enforcement purposes, but only to the extent that the production of such law enforcement records or information (A) could reasonably be expected to interfere with enforcement proceedings, (B) would deprive a person of a right to a fair trial or an impartial adjudication, (C) could reasonably be expected to constitute an unwarranted invasion of personal privacy, (D) could reasonably be expected to disclose the identity of a confidential source, including a State, local, or foreign agency or authority or any private institution which furnished information on a confidential basis, and, in the case of a record or information compiled by criminal law enforcement authority in the course of a criminal investigation or by an agency conducting a lawful national security intelligence investigation, information furnished by a confidential source, (E) would disclose techniques and procedures for law enforcement investigations or prosecutions, or would disclose guidelines for law enforcement investigations or prosecutions, if such disclosure could reasonably be expected to risk circumvention of the law, or (F) could reasonably be expected to endanger the life or physical safety of any individual’ [taifid nó faisnéis arna dtiomsú chun críocha fhorfheidhmiú an dlí, ach amháin a mhéid a bheadh na nithe seo a leanas mar thoradh ar thaifid nó faisnéis forfheidhmithe dlí den sórt sin a thabhairt ar aird: (A) go bhféadfadh coinne réasúnach a bheith leis go gcuirfeadh sé isteach ar imeachtaí forfheidhmithe dlí, (B) go mbainfeadh sé an ceart chun trialach córa nó chun breithnithe neamhchlaonta de dhuine, (C) go bhféadfadh coinne réasúnach a bheith leis gur sárú gan údar ar phríobháideachas pearsanta a bheadh ann, (D) go bhféadfadh coinne réasúnach a bheith leis go nochtfadh sé céannacht foinse rúnda, lena n-áirítear gníomhaireacht nó údaráis stáit, áitiúil nó eachtrach nó aon institiúid phríobháideach a sholáthair faisnéis ar bhonn rúnda, agus, i gcás taifead nó faisnéis arna dtiomsú ag údarás forfheidhmithe dlí choiriúil le linn imscrúdú coiriúil nó ag gníomhaireacht ag déanamh imscrúdú faisnéise slándála náisiúnta, faisnéis arna soláthar ag foinse rúnda, (E) go nochtfadh sé teicnící agus nósanna imeachta le haghaidh imscrúduithe nó ionchúisimh forfheidhmithe dlí, a bhféadfadh coinne réasúnach a bheith leis go mbeadh an baol ann go n-imchéimneofaí an dlí de dheasca an nochta sin, nó (F) go bhféadfadh coinne réasúnach a bheith leis go gcuirfeadh sé beatha nó sábháilteacht fhisiceach aon duine aonair i mbaol]. Chomh maith leis sin, ‘[w]henever a request is made which involves access to records [the production of which could reasonably be expected to interfere with enforcement proceedings] and– (A) the investigation or proceeding involves a possible violation of criminal law; and (B) there is reason to believe that (i) the subject of the investigation or proceeding is not aware of its pendency, and (ii) disclosure of the existence of the records could reasonably be expected to interfere with enforcement proceedings, the agency may, during only such time as that circumstance continues, treat the records as not subject to the requirements of this section.’ [in aon chás ina ndéantar iarraidh a bhaineann le rochtain ar thaifid [a bhféadfadh coinne réasúnach a bheith leis go gcuirfeadh a dtabhairt ar aird isteach ar imeachtaí forfheidhmithe] agus– (A) ina mbaineann an t-imscrúdú nó an t-imeacht le sárú féideartha ar an dlí coiriúil;] agus (B) ina bhfuil cúis lena chreidiúint (i) nach eol d’ábhair an imscrúdaithe nó an imeachta go bhfuil sé ar feitheamh, agus (ii) go bhféadfadh coinne réasúnach a bheith leis go gcuirfí isteach ar imeachtaí forfheidhmithe dá nochtfaí gurb ann do na taifid, féadfaidh an ghníomhaireacht, le linn don imthoisc sin a bheith amhlaidh agus lena linn sin amháin, déileáil leis na taifid mar thaifid nach bhfuil faoi réir cheanglais na ranna seo] (5 U.S.C., Roinn 552 (c)(1)).

(221)  12 U.S.C., Roinn 3414; 15 U.S.C., Ranna 1681u-1681v; agus 18 U.S.C., Roinn 2709. Féach aithris 153.

(222)  50 U.S.C., Roinn 1804, a bhaineann le faireachas leictreonach pearsantaithe traidisiúnta.

(223)  50 U.S.C., Roinn 1822, a bhaineann le cuardaigh fhisiceacha chun críoch faisnéise eachtraí.

(224)  50 U.S.C., Roinn 1842 in éineacht le Roinn 1841(2) agus Roinn 3127 de Theideal 18, a bhaineann le suiteáil rollaí diailithe nó gaireas rianaithe agus taifeadta.

(225)  50 U.S.C., Roinn 1861, lena gceadaítear do FBI ‘[to submit] an application for an order authorizing a common carrier, public accommodation facility, physical storage facility, or vehicle rental facility to release records in its possession for an investigation to gather foreign intelligence information or an investigation concerning international terrorism’ [iarratas a dhéanamh ar ordú lena n-údaraítear d’iompróir coiteann, saoráid cóiríochta poiblí, saoráid stórála fisicí, nó saoráid fruilithe feithiclí taifid atá ina seilbh aici a scaoileadh lena n-imscrúdú chun eolas faisnéise eachtraí a bhailiú nó le haghaidh imscrúdú a bhaineann le sceimhlitheoireacht idirnáisiúnta.]

(226)  50 U.S. Code, Roinn 1881a, lena gceadaítear d’eilimintí Chomhphobal Faisnéise na Stát Aontaithe rochtain a lorg ar fhaisnéis, lena n-áirítear inneachar cumarsáide idirlín, ó chuideachtaí SAM, ag spriocdhíriú ar dhaoine áirithe nach saoránaigh de na Stáit Aontaithe iad atá lasmuigh de na Stáit Aontaithe le cúnamh ó sholáthraithe cumarsáide leictreonaí, a gcuirtear iallach dlí orthu an cúnamh sin a thabhairt.

(227)  EO 12333: United States Intelligence Activities, Federal Register Imleabhar 40, Uimh. 235 (an 8 Nollaig 1981 arna leasú an 30 Iúil 2008). Ar bhealach níos ginearálta, le EO 12333 sainmhínítear spriocanna, treonna, dualgais agus freagrachtaí iarrachtaí faisnéise na Stát Aontaithe (lena n-áirítear an ról atá ag na heilimintí éagsúla den Chomhphobal Faisnéise) agus leagtar amach na paraiméadair ghinearálta maidir leis an gcaoi a ndéantar gníomhaíochtaí faisnéise.

(228)  Faoi Airteagal II de Bhunreacht na Stát Aontaithe, tá an fhreagracht as slándáil náisiúnta a áirithiú, lena n-áirítear go sonrach faisnéis eachtrach a bhailiú, laistigh d’údarás an Uachtaráin mar Ardcheannasaí na bhfórsaí armtha.

(229)  Forshuíonn EO 14086 Treoir roimhe seo ón Uachtarán, PPD 28, cé is moite de Roinn 3 di agus d’Iarscríbhinn a chomhlánaíonn í, (lena gceanglaítear ar ghníomhaireachtaí faisnéise athbhreithniú a dhéanamh go bliantúil ar a dtosaíochtaí agus a gceanglais faisnéise comharthaí, á gcur san áireamh na bealaí a dtairbhíonn leasanna náisiúnta na Stát Aontaithe de ghníomhaíochtaí faisnéise comharthaí, chomh maith leis na rioscaí a bhaineann leis na gníomhaíochtaí sin) agus cé is moite de Roinn 6 (ina bhfuil forálacha ginearálta), féach The National Security Memorandum on Partial Revocation of Presidential Policy Directive 28, le fáil ag https://www.whitehouse.gov/briefing-room/statements-releases/2022/10/07/national-security-memorandum-on-partial-revocation-of-presidential-policy-directive-28/

(230)  Féach Roinn 5(f) EO 14086, lena mínítear go bhfuil raon feidhme chur i bhfeidhm an Ordaithe Feidhmiúcháin mar an gcéanna le PPD-28, a cuireadh i bhfeidhm, de réir fhonóta 3 de, maidir le gníomhaíochtaí faisnéise comharthaí a rinneadh chun cumarsáid nó faisnéis faoi chumarsáid a bhailiú, ach amháin gníomhaíochtaí faisnéise comharthaí a rinneadh chun cumais faisnéise comharthaí a thástáil nó a fhorbairt.

(231)  I ndáil leis sin, féach e.g. Roinn 5(h) de EO 14086, lena soiléirítear go gcruthaíonn na coimircí san Ordú Feidhmiúcháin teidlíocht dhlíthiúil agus gur féidir le daoine aonair iad a fhorfheidhmiú tríd an sásra sásaimh.

(232)  Féach Roinn 2(c)(iv)(C) EO 14086.

(233)  https://www.intel.gov/ic-on-the-record-database/results/oversight/1278-odni-releases-ic-procedures-implementing-new-safeguards-in-executive-order-14086.

(234)  Roinn 2(a)(i) EO 14086.

(235)  Roinn 2(a)(ii) EO 14086.

(236)  Roinn 2(a)(ii)(A) EO 14086. Ní cheanglaítear i gcónaí leis sin gurb í an fhaisnéis chomharthaí an t-aon bhealach amháin chun gnéithe de thosaíocht faisnéise bhailíochtaithe a chur chun cinn. Féadfar bailiú faisnéise comharthaí a úsáid, mar shampla, chun conairí malartacha bailíochtaithe a áirithiú (e.g. chun comhthacú le faisnéis a fhaightear ó fhoinsí faisnéise eile) nó chun rochtain iontaofa ar an bhfaisnéis chéanna a choinneáil ar bun (Roinn 2(c)(i)(A) EO 14086).

(237)  Roinn 2(a)(ii)(B) EO 14086.

(238)  Roinn 2(a)(ii)(B) EO 14086.

(239)  Roinn 2(a)(iii), i gcomhar le Roinn 2(d) EO 14086.

(240)  Roinn 2(b)(i) EO 14086. Mar gheall ar an liosta teoranta de chuspóirí dlisteanacha san EO, nach gcuimsíonn bagairtí a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo, foráiltear leis an EO go bhféadfaidh an tUachtarán an liosta sin a thabhairt cothrom le dáta má thagann riachtanais nua slándála náisiúnta chun cinn, amhail bagairtí nua ar an tslándáil náisiúnta. Ní mór, i bprionsabal, nuashonruithe den sórt sin a chur ar fáil go poiblí, ach amháin má chinneann an tUachtarán go mbeadh riosca do shlándáil náisiúnta na Stát Aontaithe ag baint leis an méid sin féin (Roinn 2(b)(i)(B) EO 14086).

(241)  Roinn 2(b)(ii) EO 14086.

(242)  Roinn 102A de The National Security Act agus Roinn 2(b)(iii) EO 14086.

(243)  I gcásanna eisceachtúla (go háirithe i gcás nach féidir próiseas den sórt sin a dhéanamh mar gheall ar ghá a bheith le haghaidh a thabhairt ar cheanglas nua faisnéise nó ceanglas faisnéise atá i mbun forbartha) féadfaidh an tUachtarán nó ceann eiliminte den Chomhphobal Eorpach na tosaíochtaí sin a shocrú go díreach, nach mór dóibh i bprionsabal critéir a chur i bhfeidhm atá mar an gcéanna leis na cinn a dtugtar tuairisc orthu i roinn 2(b)(iii)(A)(1)-(3), féach Roinn 4(n) EO 14086.

(244)  Roinn 2(b)(iii)(C) EO 14086.

(245)  Roinn 2(b) agus (c)(i)(A) EO 14086.

(246)  Roinn 2(c)(i)(A) EO 14086.

(247)  Roinn 2(c)(i)(A) EO 14086.

(248)  Roinn 2(c)(i)(B) EO 14086.

(249)  Roinn 2(c)(i)(B) EO 14086.

(250)  I.e. bailiú cainníochtaí móra faisnéise comharthaí a fhaightear, i ngeall ar bhreithnithe teicniúla nó oibríochtúla, gan idirdhealaithe a úsáid (mar shampla, gan aitheantóirí sonracha nó téarmaí roghnúcháin a úsáid), féach Roinn 4(b) EO 14086. De bhun EO 14086 agus mar a mhínítear a thuilleadh in aithris 141, ní dhéantar bulcbhailiú faoi EO 12333 ach amháin i gcás ina bhfuil gá leis chun tosaíochtaí faisnéise bailíochtaithe sonracha a chur chun cinn agus tá sé faoi réir roinnt teorainneacha agus coimircí atá ceaptha a áirithiú nach bhfaighfear rochtain ar na sonraí ar bhonn neamh-idirdhealaitheach. Tá bulcbhailiú le cur i gcodarsnacht dá bhrí sin le bailiú a dhéantar ar bhonn ginearálaithe neamh-idirdhealaithe (‘ollfhaireachas’) gan teorainneacha agus coimircí.

(251)  Roinn 2(c)(ii)(A) EO 14086.

(252)  Roinn 2(c)(ii)(A) EO 14086.

(253)  Tá feidhm ag na rialacha sonracha EO 14086 maidir le bulcbhailiú freisin i ndáil le gníomhaíocht bailithe faisnéise comharthaí spriocdhírithe a úsáideann go sealadach sonraí a fhaightear gan idirdhealaithe (e.g. téarmaí nó aitheantóirí roghnúcháin sonracha), i.e. i mbulc (nach féidir a dhéanamh ach lasmuigh de chríoch na Stát Aontaithe). Ní hamhlaidh atá i gcás nach n-úsáidtear sonraí den sórt sin ach amháin chun tacú leis an gcéim theicniúil tosaigh den ghníomhaíocht bailithe faisnéise comharthaí spriocdhírithe, i gcás nach gcoinnítear iad ach ar feadh tréimhse ghearr ama a bhfuil gá léi chun an chéim sin a chríochnú agus i gcás ina scriostar láithreach ina dhiaidh sin iad (Roinn 2(c)(ii)(D) EO 14086). Sa chás sin, is é an t-aon chuspóir atá leis an mbailiú tosaigh gan idirdhealaithe ná bailiú spriocdhírithe faisnéise a cheadú trí aitheantóir nó téarma roghnúcháin sonrach a chur i bhfeidhm. I gcás den sórt sin, ní chuirtear ach na sonraí a fhreagraíonn do chur i bhfeidhm idirdhealaí áirithe isteach i mbunachair sonraí rialtais, agus scriostar na sonraí uile eile. Dá bhrí sin, rialaítear an bailiú spriocdhírithe sin leis na rialacha ginearálta is infheidhme maidir le bailiú faisnéise comharthaí, lena n-áirítear Roinn 2(a)-(b) agus 2(c)(i) EO 14086.

(254)  Roinn 2(c)(ii)(A) EO 14086.

(255)  Roinn 2(c)(ii)(B) EO 14086. Sa chás go dtiocfaidh dianriachtanais nua slándála náisiúnta chun cinn, amhail bagairtí nua don tslándáil náisiúnta, féadfaidh an tUachtarán an liosta sin a nuashonrú. Ní mór, i bprionsabal, nuashonruithe den sórt sin a chur ar fáil go poiblí, ach amháin má chinneann an tUachtarán go mbeadh riosca do shlándáil náisiúnta na Stát Aontaithe ag baint leis an méid sin féin (Roinn 2(c)(ii)(C) EO 14086). A mhéid a bhaineann le cuardaigh sonraí arna mbailiú ar an mórchóir, féach Roinn 2(c)(iii)(D) EO 14086.

(256)  Roinn 2(a)(ii)(A), i gcomhar le Roinn 2(c)(iii)(D) EO 14086. Féach freisin Iarscríbhinn VII.

(257)  50 U.S.C., Roinn 1881.

(258)  50 U.S.C., Roinn 1881a (a). Go sonrach, mar a thug PCLOB dá aire, i dtaobh faireachas faoi Roinn 702 ‘consists entirely of targeting specific [non-U.S.] persons about whom an individualised determination has been made’ [is é atá ann go hiomlán spriocdhíriú ar dhaoine sonracha [nach saoránaigh de na Stáit Aontaithe iad] a ndearnadh cinneadh pearsantaithe ina leith] (an Bord Formhaoirseachta um Príobháideachas agus Saoirsí Sibhialta, Report on the Surveillance Program Operated Pursuant to Section 702 of the Foreign Intelligence Surveillance Act, an 2 Iúil 2014, Tuarascáil Roinn 702, lch. 111). Féach freisin NSA's Implementation of Foreign Intelligence Act Section 702, 16 Aibreán 2014. Sainmhínítear an téarma ‘soláthraí seirbhíse cumarsáide leictreonaí’ in 50 U.S.C., Roinn 1881 (a)(4).

(259)  50 U.S.C., Roinn 1881a (g).

(260)  Is é atá in FISC breithiúna arna gceapadh ag Príomh-Bhreitheamh na Stát Aontaithe as measc breithiúna cúirte dúiche na Stát Aontaithe atá ina suí cheana féin, ar cheap an tUachtarán agus ar dheimhnigh an Seanad roimhe sin iad. Caitheann na breithiúna, a bhfuil tionacht acu agus nach féidir a chur as oifig ach amháin ar chúis mhaith, téarmaí céimnithe 7 mbliana ar FISC. Ceanglaítear le FISA go roghnófar na breithiúna as measc seacht gceantar bhreithiúnacha éagsúla sna Stáit Aontaithe. Féach 50 U.S.C., Roinn 1803 (a). Cléirigh dlí bhreithiúnacha chleachta, arb iad foireann dlí na cúirte iad, a thacaíonn leis na breithiúna agus a ullmhaíonn anailís dhlíthiúil ar iarrataí ar bhailiú. Féach an Litir ón Onórach Reggie B. Walton, Breitheamh Ceannais, Cúirt na Stát Aontaithe um Fhaireachas Faisnéise Eachtraí, chuig an Onórach Patrick J. Leahy, Cathaoirleach, An Coiste um na Breithiúna, Seanad na Stát Aontaithe (29 Iúil 2013) (Litir Walton), lch. 2, le fáil ag https://fas.org/irp/news/2013/07/fisc-leahy.pdf.

(261)  Is éard atá in FISCR breithiúna arna gceapadh ag Príomh-Bhreitheamh na Stát Aontaithe agus arna dtarraingt as measc cúirteanna dúiche nó cúirteanna achomhairc na Stát Aontaithe, a chaitheann téarma céimnithe 7 mbliana ann. Féach 50 U.S.C., Roinn 1803 (b).

(262)  Féach 50 U.S.C., Roinn 1803 (b), Roinn 1861 a (f), Roinn 1881 a (h), Roinn 1881 a (i)(4).

(263)  50 U.S.C., Roinn 1803 (i)(1),(3)(A).

(264)  50 U.S.C., Roinn 1803 (i)(2)(A).

(265)  50 U.S.C., Roinn 1803 (i)(2)(B).

(266)  Féach e.g. Tuairim FISC an 18 Deireadh Fómhair 2018, le fáil ag athttps://www.intelligence.gov/assets/documents/702%20Documents/declassified/2018_Cert_FISC_Opin_18Oct18.pdf , arna ndeimhniú ag an gCúirt um Fhaireachas Faisnéise Eachtraí sa Tuairim uaithi an 12 Iúil 2019, ar fáil ag athttps://www.intelligence.gov/assets/documents/702%20Documents/declassified/2018_Cert_FISCR_Opinion_12Jul19.pdf .

(267)  Féach e.g. FISC, Memorandum Opinion and Order, lch. 35 (18 Samhain 2020) (Údaraithe lena scaoileadh go poiblí an 26 Aibreán 2021), (Iarscríbhinn D).

(268)  50 U.S.C., Roinn 1881a(a), Procedures used by the National Security Agency for Targeting Non-United States Persons Reasonably Believed to be Located outside the United States to Acquire Foreign Intelligence Information Pursuant to Section 702 of the Foreign Intelligence Surveillance Act of 1978, arna leasú, mí an Mhárta 2018 (nósanna imeachta NSA um spriocdhíriú), le fáil ag https://www.intelligence.gov/assets/documents/702%20Documents/declassified/2018_Cert_NSA_Targeting_27 Mar18.pdf, lgh. 1-4, a mhínítear a thuilleadh i dtuarascáil PCLOB, lgh. 41-42.

(269)  Nósanna imeachta NSA um spriocdhíriú, lch. 4.

(270)  Féach PCLOB, Tuarascáil Roinn 702, lgh. 32-33, 45 agus tagairtí breise inti. Féach freisin Semiannual Assessment of Compliance with Procedures and Guidelines Issued Pursuant to Section 702 of the Foreign Intelligence Surveillance Act, Submitted by the Attorney General and the Director of National Intelligence, Reporting Period: December 1, 2016 – May 31, 2017 , lch. 41 (mí Dheireadh Fómhair 2018), le fáil ag: https://www.dni.gov/files/icotr/18th_Joint_Assessment.pdf.

(271)  PCLOB, Tuarascáil Roinn 702, lgh. 42-43.

(272)  Nósanna imeachta NSA um spriocdhíriú, lch. 2.

(273)  PCLOB, Tuarascáil Roinn 702, lch. 46. Ní mór do NSA a fhíorú, mar shampla, go bhfuil nasc idir an sprioc agus an roghnóir, ní mór dó an t-eolas faisnéise eachtraí a bhfuil coinne lena fháil a dhoiciméadú, ní mór do bheirt anailísithe NSA an fhaisnéis sin a athbhreithniú agus a fhormheas, agus déanfar an próiseas foriomlán a rianú ar mhaithe le hathbhreithnithe comhlíonta ina dhiaidh sin a dhéanfaidh ODNI agus an Roinn Dlí agus Cirt. Féach freisin NSA CLPO, NSA’s Implementation of Foreign Intelligence Act Section 702, 16 Aibreán 2014.

(274)  50 U.S.C., Roinn 1881a (h).

(275)  Nósanna imeachta NSA um spriocdhíriú, lch. 8. Féach freisin PCLOB, Tuarascáil Roinn 702, lch. 46. Mura dtugtar údar i scríbhinn, is teagmhas comhlíonta doiciméadachta atá ann nach mór a thuairisciú do FISC agus don Chomhdháil. Féach Semiannual Assessment of Compliance with Procedures and Guidelines Issued Pursuant to Section 702 of the Foreign Intelligence Surveillance Act, Submitted by the Attorney General and the Director of National Intelligence, Reporting Period: December 1, 2016 – May 31, 2017 , lch. 41 (mí Dheireadh Fómhair 2018), DOJ/ODNI Compliance Report to FISC for Dec. 2016 – May 2017 ar lch. A-6, le fáil ag https://www.dni.gov/files/icotr/18th_Joint_Assessment.pdf.

(276)  Féach U.S. Government Submission to Foreign Intelligence Surveillance Court, 2015 Summary of Notable Section 702 Requirements, lgh. 2-3 (15 Iúil 2015) agus an fhaisnéis a sholáthraítear in Iarscríbhinn VII.

(277)  Féach U.S. Government Submission to Foreign Intelligence Surveillance Court, 2015 Summary of Notable Section 702 Requirements, lgh. 2-3 (15 Iúil 2015), lena bhforáiltear ‘[i]f the Government later assesses that the continued tasking of a target’s selector is not expected to result in the acquisition of foreign intelligence information, prompt detasking is required, and delay may result in a reportable compliance incident’ [má mheasúnaíonn an Rialtas níos déanaí nach bhfuil coinne leis go bhfaighfear eolas faisnéise eachtraí as tascú leanúnach roghnóra sprice, go gceanglaítear é a dhíthascú go pras, agus má bhíonn moill air sin go bhféadfadh sí a bheith ina teagmhas comhlíonta intuairiscithe]. Féach freisin an fhaisnéis a sholáthraítear in Iarscríbhinn VII.

(278)  PCLOB, Tuarascáil Roinn 702, lgh. 70-72; Riail 13(b) de Rules of Procedure of the United States Intelligence Surveillance Court, le fáil ag https://www.fisc.uscourts.gov/sites/default/files/FISC%20Rules%20of%20Procedure.pdf.

(279)  Féach freisin DOJ/ODNI Compliance Report to FISC for Dec. 2016 – May 2017 ar lch. A-6.

(280)  50 U.S.C., Roinn 1874.

(281)  50 U.S. Code, Roinn 1842(c)(3) agus, a mhéid a bhaineann le NSL, 12 U.S.C., Roinn 3414(a)(2); 15 U.S.C., Roinn 1681u; 15 U.S.C., Roinn 1681v(a); agus 18 U.S.C., Roinn 2709(a).

(282)  Féadfar a áireamh ar ‘ghníomhaire de chumhacht eachtrach’ daoine nach saoránaigh de na Stáit Aontaithe iad a ghabhann don sceimhlitheoireacht idirnáisiúnta nó don leathadh idirnáisiúnta arm ollscriosta (lena n-áirítear gníomhartha ullmhúcháin) (50 U.S.C., Roinn 1801 (b)(1)).

(283)  50 U.S.C., Roinn 1804. Féach freisin Roinn 1841(4) maidir le téarmaí roghnúcháin a roghnú.

(284)  50 U.S.C., Roinn 1821(5).

(285)  50 U.S.C., Roinn 1823(a).

(286)  50 U.S.C., Roinn 1842 in éineacht le Roinn 1841(2) agus Roinn 3127 de Theideal 18.

(287)  50 U.S.C., Roinn 1862.

(288)  50 U.S.C., Ranna 1861-1862.

(289)  50 U.S.C., Roinn 1862(b).

(290)  12 U.S.C., Roinn 3414; 15 U.S.C., Ranna 1681u-1681v; agus 18 U.S.C., Roinn 2709.

(291)  18 U.S.C., Roinn 2709(b).

(292)  E.g., 18 U.S.C., Roinn 2709(d).

(293)  Roinn 2(c)(iii)(B)(1) EO 14086. Féach freisin Teideal VIII de The National Security Act (lena dtugtar mionsonraí maidir leis na ceanglais rochtana ar fhaisnéis rúnaicmithe), E.O. 12333 roinn 1.5 (lena gceanglaítear ar Cheannairí Ghníomhaireachtaí an Chomhphobail Faisnéise treoirlínte maidir le comhroinnt agus slándáil faisnéise, príobháideachas faisnéise, agus ceanglais dlíthiúla eile a leanúint), Treoir Slándála Náisiúnta 42, National Policy for the Security of National Security Telecommunications and Information Systems (lena dtreoraítear don Choiste um Chórais Slándála Náisiúnta treoraíocht maidir le slándáil córas le haghaidh córais slándála náisiúnta a sholáthar do ranna feidhmiúcháin agus do ghníomhaireachtaí), agus Meabhrán Slándála Náisiúnta 8, Improving the Cybersecurity of National Security, Department of Defense, and Intelligence Community Systems (lena mbunaítear amlínte agus treoraíocht maidir leis an gcaoi a gcuirfear ceanglais chibearshlándála chun feidhme le haghaidh córais slándála náisiúnta, lena n-áirítear fíordheimhniúchán ilfhachtóra, criptiú, néalteicneolaíochtaí agus seirbhísí braite críochphointe).

(294)  Féach 2(c)(iii)(B)(2) EO 14086. Ina theannta sin, ní fhéadfar rochtain a fháil ar shonraí pearsanta nach ndearnadh aon chinneadh críochnaitheach maidir lena gcoinneáil ach amháin chun cinneadh den sórt sin a dhéanamh, nó chun tacú leis an gcinneadh sin nó chun feidhmeanna údaraithe riaracháin, tástála, forbartha, slándála nó formhaoirseachta a dhéanamh (Roinn 2(c)(iii)(B)(3) EO 14086.

(295)  Roinn 2(d)(ii) EO 14086.

(296)  Roinn 2(c)(iii)(C) EO 14086.

(297)  Roinn 2(c)(iii)(A)(2)(a)-(c) EO 14086. Ar bhealach níos ginearálta, ní mór do gach gníomhaireacht beartais agus nósanna imeachta a chur i bhfeidhm atá ceaptha íoslaghdú a dhéanamh ar scaipeadh agus coinneáil sonraí pearsanta a bhailítear tríd an bhfaisnéis chomharthaí (Roinn 2(c)(iii)(A) EO 14086).

(298)  Féach e.g. Roinn 309 de The Intelligence Authorization Act for Fiscal Year 2015; nósanna imeachta um íoslaghdú arna nglacadh ag gníomhaireachtaí faisnéise aonair faoi Roinn 702 FISA agus arna n-údarú ag FISC; nósanna imeachta arna gceadú ag an Ard-Aighne agus ag FRA (lena gceanglaítear ar ghníomhaireachtaí feidearálacha na Stát Aontaithe, lena n-áirítear gníomhaireachtaí slándála náisiúnta, tréimhsí coinneála a bhunú dá dtaifid nach mór a bheith ceadaithe ag an gCartlann Náisiúnta agus Riarachán na dTaifead).

(299)  Roinn 2(c)(iii)(A)(1)(a) agus 5(d) EO 14086, i gcomhar le Roinn 2.3 EO 12333.

(300)  Roinn 2(c)(iii)(A)(1)(b) agus (e)EO 14086.

(301)  Féach e.g. forálann AG-DOM, mar shampla, nach bhféadfaidh FBI faisnéis a scaipeadh ach amháin más gá don fhaighteoir a bheith ar an eolas chun misean an fhaighteora a chur i gcrích nó chun an pobal a chosaint.

(302)  Roinn 2(c)(iii)(A)(1)(c) EO 14086. Féadfaidh gníomhaireachtaí faisnéise, mar shampla, faisnéis a scaipeadh in imthosca atá ábhartha d’imscrúdú coiriúil nó a bhaineann le coir, lena n-áirítear, mar shampla, trí rabhaidh a scaipeadh faoi bhagairtí a bhaineann le marú, mórdhíobháil coirp, nó fuadach; trí fhaisnéis faoi chibearbhagairt, faoi theagmhais, nó faoi fhreagairt ionraidh a scaipeadh; agus fógra a thabhairt d’íospartaigh nó rabhadh a thabhairt d’íospartaigh ionchasacha na coireachta.

(303)  Roinn 2(c)(iii)(A)(1)(d) EO 14086.

(304)  Roinn 2(c)(iii)(E) EO 14086.

(305)  Féach Beartas CNSS Uimh. 22, The Cybersecurity Risk Management Policy, agus Treoraíocht CNSS 1253, ina dtugtar treoraíocht mhionsonraithe maidir le bearta slándála atá le cur i bhfeidhm do chórais slándála náisiúnta.

(306)  Roinn 2(d)(i)(A)-(B) EO 14086.

(307)  Ranna 2(d)(i)(B)-(C) EO 14086.

(308)  I.e. mainneachtain shistéamach nó d’aon ghnó dlí infheidhme na Stát Aontaithe a chomhlíonadh a d’fhéadfadh amhras a chaitheamh ar chlú nó ionracas eiliminte den Chomhphobal Faisnéise nó amhras a chaitheamh ar aon bhealach eile ar chuibheas gníomhaíochta de chuid an Chomhphobail Faisnéise, lena n-áirítear i bhfianaise aon tionchar suntasach ar leasanna príobháideachais agus saoirsí sibhialta an duine nó na ndaoine lena mbaineann, féach Roinn 5(l) EO 14086.

(309)  Roinn 2(d)(iii) EO 14086.

(310)  Roinn 2(d)(i)(B) EO 14086.

(311)  Féach 42 U.S.C., Roinn 2000ee-1. Áirítear orthu sin, mar shampla, an Roinn Stáit, an Roinn Dlí agus Cirt, an Roinn Slándála Dúiche, an Roinn Cosanta, NSA, an Lár-Ghníomhaireacht Faisnéise (CIA), FBI agus ODNI.

(312)  Féach Roinn 3(c) EO 14086.

(313)  42 U.S.C., Roinn 2000ee-1(d).

(314)  Féach 42 U.S.C., Ranna 2000ee-1 (f)(1),(2). Leis an tuarascáil ó Oifig NSA um Shaoirsí Sibhialta, Príobháideachas agus Trédhearcacht lena gcumhdaítear an tréimhse idir mí Eanáir 2021 agus mí an Mheithimh 2021, mar shampla, léirítear go ndearnadh 591 athbhreithniú maidir le tionchair saoirsí sibhialta agus phríobháideachais i gcomhthéacsanna éagsúla, e.g. i ndáil le gníomhaíochtaí bailithe, socruithe agus cinntí roinnte faisnéise, cinntí coinneála sonraí, etc., agus tosca éagsúla á gcur san áireamh, amhail an méid agus an cineál faisnéise atá bainteach leis an ngníomhaíocht, na daoine aonair lena mbaineann, críoch agus úsáid bheartaithe na sonraí, na coimircí atá i bhfeidhm chun rioscaí príobháideachais a d’fhéadfadh a bheith ann a mhaolú, etc. (https://media.defense.gov/2022/Apr/11/2002974486/-1/-1/1/REPORT%207_CLPT%20JANUARY%20-%20JUNE%202021%20_FINAL.PDF). Ar an gcaoi chéanna, le tuarascálacha ó Oifig CIA um Príobháideachas agus Saoirsí Sibhialta le haghaidh mhí Eanáir go mí an Mheithimh 2019, soláthraítear faisnéis maidir le gníomhaíochtaí formhaoirseachta na hOifige, e.g. athbhreithniú ar chomhlíonadh Threoirlínte an Ard-Aighne faoi EO 12333 maidir le faisnéis a choinneáil agus a scaipeadh, treoraíocht a soláthraíodh maidir le cur chun feidhme PPD 28 agus ceanglais maidir le sáruithe i ndáil le sonraí a shainaithint agus aghaidh a thabhairt orthu, agus athbhreithnithe ar úsáid agus láimhseáil sonraí pearsanta (https://www.cia.gov/static/9d762fbef6669c7e6d7f17e227fad82c/2019-Q1-Q2-CIA-OPCL-Semi-Annual-Report.pdf).

(315)  Is é an tUachtarán a cheapann an tArdchigire sin, agus deimhníonn an Seanad é, agus ní fhéadfaidh ach an tUachtarán é a chur as oifig.

(316)  Tá tionacht dhaingean ag Ardchigirí agus ní fhéadfaidh ach an tUachtarán iad a chur as oifig, nach mór na cúiseanna lena gcur as oifig a chur in iúl don Chomhdháil i scríbhinn. Ní gá go gciallaíonn sé sin go mbíonn siad go hiomlán saor ó threoracha. I gcásanna áirithe, féadfaidh ceannaire na roinne an tArdchigire a thoirmeasc ó iniúchadh nó imscrúdú a thionscnamh, a dhéanamh nó a thabhairt i gcrích i gcás ina mbreithnítear gá a bheith leis sin chun leasanna (slándála) náisiúnta tábhachtacha a chaomhnú. Ní mór an Chomhdháil a chur ar an eolas maidir le feidhmiú an údaráis sin, áfach, agus d’fhéadfadh an Chomhdháil freagracht a chur ar an stiúrthóir féin ar an mbonn sin. Féach, e.g. The Inspector General Act de 1978, Roinn 8 (i gcás na Roinne Cosanta); Roinn 8E (i gcás DOJ), Ranna 8G (d)(2)(A),(B) (i gcás NSA); 50. U.S.C., Roinn 403q (b) (i gcás CIA); The Intelligence Authorization Act For Fiscal Year 2010, Roinn 405(f) (i gcás an Chomhphobail Faisnéise).

(317)   The Inspector General Act de 1978, arna leasú, Pub. L. 117-108 an 8 Aibreán 2022. Mar a mhínítear ina thuarascálacha leathbhliantúla don Chomhdháil lena gcumhdaítear an tréimhse idir an 1 Aibreán 2021 agus an 31 Márta 2022, mar shampla, rinne Ard-Chigire NSA meastóireachtaí ar láimhseáil faisnéise saoránach de na Stáit Aontaithe a bailíodh faoi EO 12333, ar an bpróiseas chun sonraí faisnéise comharthaí a ghlanadh, ar uirlis spriocdhírithe uathoibrithe a d’úsáid NSA, agus ar chomhlíonadh na doiciméadachta agus na rialacha cuardaigh maidir le bailiú faoi Roinn 702 FISA, agus d’eisigh sé roinnt moltaí sa chomhthéacs sin (féach https://oig.nsa.gov/Portals/71/Reports/SAR/NSA%20OIG%20SAR%20-%20APR%202021%20-%20SEP%202021%20-%20Unclassified.pdf?ver=IwtrthntGdfEb-EKTOm3gg%3d%3d, lgh. 5-8 agus https://oig.nsa.gov/Portals/71/Images/NSAOIGMAR2022.pdf?ver=jbq2rCrJ00HJ9qDXGHqHLw%3d%3d&timestamp=1657810395907, lgh. 10-13). Féach freisin na hiniúchtaí agus na himscrúduithe a rinne Ardchigire an Chomhphobail Faisnéise le déanaí ar shlándáil faisnéise agus nochtaí neamhúdaraithe faisnéise slándála náisiúnta rúnaicmithe (https://www.dni.gov/files/ICIG/Documents/Publications/Semiannual%20Report/2021/ICIG_Semiannual_Report_April_2021_to_September_2021.pdf, lgh. 8, 11 agus https://www.dni.gov/files/ICIG/Documents/News/ICIGNews/2022/Oct21_SAR/Oct%202021-Mar%202022%20ICIG%20SAR_Unclass_FINAL.pdf, lgh. 19-20).

(318)  Féach The Inspector General Act de 1978, Roinn 6.

(319)  Féach ibid. Roinn 4, Roinn 6-5.

(320)  A mhéid a bhaineann leis na bearta leantacha a dhéantar i dtaobh tuarascálacha agus moltaí Ardchigirí, féach e.g. an fhreagairt ar thuarascáil de chuid Ardchigire DoJ lenar suíodh nach raibh FBI trédhearcach go leordhóthanach le FISC in iarratais idir 2014 agus 2019, as a dtáinig athchóirithe chun chomhlíonadh, formhaoirseacht agus cuntasacht ag FBI a fheabhsú (e.g. d’ordaigh Stiúrthóir FBI níos mó ná 40 gníomhaíocht cheartaitheacha, lena n-áirítear 12 cheann a bhaineann go sonrach le próiseas FISA maidir le doiciméadacht, maoirseacht, coinneáil comhad ar bun, oiliúint agus iniúchtaí) (féach https://www.justice.gov/opa/pr/department-justice-and-federal-bureau-investigation-announce-critical-reforms-enhance agus https://oig.justice.gov/reports/2019/o20012.pdf). Féach mar shampla an t-iniúchadh a rinne Ardchigire DoJ ar róil agus freagrachtaí formhaoirseachta Oifig FBI an Ard-Abhcóide ar chomhlíonadh na ndlíthe, na mbeartas agus na nósanna imeachta is infheidhme maidir le gníomhaíochtaí slándála náisiúnta FBI agus Foscríbhinn 2, ina n-áirítear litir ó FBI ina nglacann sé leis na moltaí uile. I ndáil leis sin, soláthraítear forbhreathnú le Foscríbhinn 3 ar na bearta leantacha agus ar an bhfaisnéis a chuir an tArdchigire de cheangal ar FBI chun go mbeadh sé in ann clabhsúr a chur lena mholtaí (https://oig.justice.gov/sites/default/files/reports/22-116.pdf).

(321)  Féach The Inspector General Act de 1978, Roinn 4(5), Roinn 5.

(322)  Féach EO 13462.

(323)  Roinn 1.6(c) EO 12333.

(324)  Roinn 8(a) EO 13462.

(325)  Roinn 6(b) EO 13462.

(326)  42 U.S.C., Roinn 2000ee (g).

(327)  Féach 42 U.S.C., Roinn 2000ee-1 (f)(1)(A)(iii). Áirítear orthu sin, ar a laghad, an Roinn Dlí agus Cirt, an Roinn Cosanta, an Roinn Slándála Dúiche, an Stiúrthóir um Fhaisnéis Náisiúnta agus an Lár-Ghníomhaireacht Faisnéise, móide aon roinn, gníomhaireacht nó eilimint eile den bhrainse feidhmiúcháin a ainmníonn PCLOB a bheith iomchuí lena gcumhdach.

(328)  42 U.S.C,. Roinn2000ee (e).

(329)  42 U.S.C., Roinn 2000ee (f).

(330)  Le fáil ag https://www.pclob.gov/Oversight.

(331)  50 U.S.C., Roinn 3091.

(332)  Eagraíonn na Coistí éisteachtaí téamacha, mar shampla (féach e.g. éisteacht de chuid Choiste Breithiúnach Theach na nIonadaithe le déanaí maidir le ‘hoibríochtaí gabhála digiteacha’, https://judiciary.house.gov/calendar/eventsingle.aspx?EventID=4983, chomh maith le héisteacht de chuid Choiste Faisnéise Theach na nIonadaithe maidir le hintleacht saorga a bheith á húsáid ag an gComhphobal Faisnéise, https://docs.house.gov/Committee/Calendar/ByEvent.aspx?EventID=114263) éisteachtaí formhaoirseachta tráthrialta, e.g. de chuid FBI agus rannóg slándála náisiúnta DoJ, féach https://www.judiciary.senate.gov/meetings/08/04/2022/oversight-of-the-federal-bureau-of-investigation; https://judiciary.house.gov/calendar/eventsingle.aspx?EventID=4966 agus https://judiciary.house.gov/calendar/eventsingle.aspx?EventID=4899. Mar shampla d’imscrúdú, féach imscrúdú Choiste Faisnéise an tSeanaid ar chur isteach na Rúise ar thoghcháin na Stát Aontaithe in 2016, féach https://www.intelligence.senate.gov/publications/report-select-committee-intelligence-united-states-senate-russian-active-measures. Ó thaobh an tuairiscithe de, féach e.g. forbhreathnú ar ghníomhaíochtaí (formhaoirseachta) an Choiste i dtuarascáil Choiste Faisnéise an tSeanaid don Seanad lena gcumhdaítear an tréimhse idir an 4 Eanáir 2019 agus an 3 Eanáir 2021, https://www.intelligence.senate.gov/publications/report-select-committee-intelligence-united-states-senate-covering-period-january-4.

(333)  Féach 50 U.S.C., Roinn 3091(a)(1). Tá ceanglais ghinearálta san fhoráil a mhéid a bhaineann le formhaoirseacht na Comhdhála i réimse na slándála náisiúnta.

(334)  Féach 50 U.S.C., Roinn 3091(b).

(335)  Féach 50 U.S.C., Ranna 1808, 1846, 1862, 1871, Roinn 1881f.

(336)  Féach 50 U.S.C., Roinn 1881f.

(337)  Féach 50 U.S.C., Roinn 1881a(l)(1).

(338)  50 U.S.C., Roinn 1873(b). Ina theannta sin, de réir Roinn 402, ‘the Director of National Intelligence, in consultation with the Attorney General, shall conduct a declassification review of each decision, order, or opinion issued by the Foreign Intelligence Surveillance Court or the Foreign Intelligence Surveillance Court of Review (as defined in section 601(e)) that includes a significant construction or interpretation of any provision of law, including any novel or significant construction or interpretation of the term “specific selection term”, and, consistent with that review, make publicly available to the greatest extent practicable each such decision, order, or opinion’ [déanfaidh an Stiúrthóir um Fhaisnéis Náisiúnta, i gcomhairle leis an Ard-Aighne, athbhreithniú maidir le scaoileadh ó rúnaicmiú ar gach cinneadh, ordú nó tuairim arna n-eisiúint ag an gCúirt um Fhaireachas Faisnéise Eachtraí nó ag an gCúirt Athbhreithniúcháin um Fhaireachas Faisnéise Eachtraí (mar a shainmhínítear i roinn 601(e)) ina n-áirítear forléiriú nó léirmhíniú suntasach ar aon fhoráil dlí, lena n-áirítear aon fhorléiriú nó léirmhíniú nua nó suntasach ar an téarma ‘téarma roghnúcháin shonraigh’, agus, i gcomhréir leis an athbhreithniú sin, gach cinneadh, ordú nó tuairim den sórt sin a chur ar fáil go poiblí a mhéid is mó is indéanta].

(339)  50 U.S.C., Roinn 1873(b)(7) agus Roinn 1874.

(340)  https://www.dni.gov/index.php/ic-legal-reference-book/the-principles-of-intelligence-transparency-for-the-ic.

(341)  Féach ‘IC on the Record’, le fáil ag https://icontherecord.tumblr.com/.

(342)  San am a chuaigh thart, tháinig FISC ar an gconclúid ‘[i]t is apparent to the Court that the implementing agencies, as well as [ODNI] and [DOJ’s National Security Division], devote substantial resources to their compliance and oversight responsibilities under Section 702. As a general rule, instances of non-compliance are identified promptly and appropriate remedial actions are taken, to include purging information that was improperly obtained or otherwise subject to destruction requirements under applicable procedures’ [gur léir don Chúirt go ndéanann na gníomhaireachtaí cur chun feidhme, chomh maith le [ODNI] agus [Rannán Slándála Náisiúnta DOJ], acmhainní suntasacha a chaitheamh ar a bhfreagrachtaí um chomhlíonadh agus maoirseacht faoi Roinn 702. Mar riail ghinearálta, sainaithnítear cásanna de neamhchomhlíonadh go pras agus déantar gníomhaíochtaí ceartaitheacha iomchuí, lena n-áirítear faisnéis a fuarthas go míchuí nó a bhí faoi réir ceanglais um scriosadh ar bhealach eile a ghlanadh faoi na nósanna imeachta is infheidhme]. Cúirt FISA, Memorandum Opinion and Order [teideal folaithe] (2014), le fáil ag https://www.dni.gov/files/documents/0928/FISC%20Memorandum%20Opinion%20and%20Order%2026%20August%202014.pdf.

(343)   Féach e.g., DOJ/ODNI FISA 702 Compliance Report to FISC for June 2018 – Nov. 2018, lgh. 21-65.

(344)  50 U.S.C., Roinn 1803(h). Féach freisin PCLOB, Tuarascáil Roinn 702, lch. 76. Ina theannta sin, féach FISC Memorandum Opinion and Order an 3 Deireadh Fómhair 2011 mar shampla d’ordú easnaimh inar ordaíodh don rialtas na heasnaimh a sainaithníodh a cheartú laistigh de 30 lá. Le fáil ag https://www.dni.gov/files/documents/0716/October-2011-Bates-Opinion-and%20Order-20140716.pdf. Féach Litir Walton, Roinn 4, lgh. 10-11. Féach freisin Tuairim FISC an 18 Deireadh Fómhair 2018, ar fáil ag https://www.intelligence.gov/assets/documents/702%20Documents/declassified/2018_Cert_FISC_Opin_18Oct18.pdf, arna dheimhniú ag an gCúirt um Fhaireachas Faisnéise Eachtraí sa Tuairim uaithi an 12 Iúil 2019, le fáil ag https://www.intelligence.gov/assets/documents/702%20Documents/declassified/2018_Cert_FISCR_Opinion_12Jul19.pdf, inar ordaigh FISC, inter alia, don rialtas ceanglais áirithe maidir le fógra agus doiciméadacht a thabhairt agus tuairisciú a dhéanamh do FISC a chomhlíonadh.

(345)  Féach e.g. FISC, Memorandum Opinion and Order, lch. 76 (6 Nollaig 2019) (Údaraithe lena scaoileadh go poiblí an 4 Meán Fómhair 2020), inar threoraigh FISC don rialtas tuairisc i scríbhinn a chur faoina bhráid faoin 28 Feabhra 2020 maidir leis na bearta a bhí an rialtas a dhéanamh chun tuarascálacha a díorthaíodh ó fhaisnéis FISA 702 arna haisghairm ar chúiseanna comhlíonta a shainaithint agus a bhaint, agus maidir le hábhair eile freisin. Féach freisin Iarscríbhinn VII.

(346)  Féach Iarscríbhinn VII.

(347)  Féach Roinn 4(k)(iv) EO 14086, lena bhforáiltear nach mór do ghearánach a ghníomhaíonn ar a shon féin (i.e. ní mar ionadaí rialtais nó eagraíochta neamhrialtasaigh nó idir-rialtasaigh) gearán a dhéanamh leis an sásra sásaimh. Leis an gcoincheap ‘dá ndéantar dochar díobhálach’, ní cheanglaítear ar an ngearánach tairseach áirithe a bhaint amach chun rochtain a fháil ar an sásra sásaimh (féach aithris 178 ina leith sin). Ina ionad sin, soiléiríonn sé go bhfuil an t-údarás ag ODNI CLPO agus DPRC sáruithe ar dhlí na Stát Aontaithe lena rialaítear gníomhaíochtaí faisnéise comharthaí a dhéanann dochar díobhálach do phríobháideachas aonair agus leasanna saoirsí sibhialta an ghearánaigh a leigheas. Os a choinne sin, bheadh sáruithe ar cheanglais faoin dlí is infheidhme de chuid na Stát Aontaithe nach bhfuil ceaptha chun daoine aonair a chosaint (e.g. ceanglais bhuiséadacha), lasmuigh de dhlínse ODNI CLPO agus DPRC.

(348)  Roinn 3(f) EO 14086.

(349)  https://www.justice.gov/opcl/executive-order-14086.

(350)  Roinn 4(d)(v) EO 14086.

(351)  Féach Roinn 4(k)(i)-(iv) EO 14086.

(352)  Roinn 3(c)(iv) EO 14086. Féach freisin The National Security Act de 1947, 50 U.S.C. Roinn 403-3d, Roinn 103D maidir le ról CLPO laistigh den ODNI.

(353)  50 U.S.C., Roinn 3029 (b).

(354)  Roinn 3(c)(iv) EO 14086.

(355)  Roinn 3(c)(iii) EO 14086.

(356)  Roinn 3(c)(iv) EO 14086.

(357)  Roinn 3(c)(i)(B)(i) agus (iii) EO 14086.

(358)  Roinn 3(c)(i) EO 14086.

(359)  Roinn 4(a) EO 14086.

(360)  Roinn 3(c)(d) EO 14086.

(361)  Roinn 3(c)(i)(F)-(G) EO 14086.

(362)  Féach freisin Roinn 3(c)(i)(D) EO 14086.

(363)  Roinn 3(c)(i)(E)(1) EO 14086.

(364)  Ranna 3(c)(i)(E)(2)-(3) EO 14086.

(365)  Ranna 201.6(a)-(b) de The AG Regulation.

(366)  Roinn 3(d)(i)) agus The AG Regulation. D’aithin Cúirt Uachtarach na Stát Aontaithe an fhéidearthacht go mbunóidh an tArd-Aighne comhlachtaí neamhspleácha a bhfuil cumhacht chinnteoireachta acu, lena n-áirítear chun breithniú a dhéanamh ar chásanna aonair, féach go háirithe Na Stáit Aontaithe ex rel. Accardi v. Shaughnessy, 347 U.S. 260 (1954) agus Na Stáit Aontaithe v. Nixon, 418 U.S. 683, 695 (1974). Tá comhlíonadh cheanglais éagsúla EO 14086, e.g. na critéir agus an nós imeachta maidir le breithiúna DPRC a cheapadh agus a dhífhostú, faoi réir mhaoirseacht Ard-Chigire na Roinne Dlí agus Cirt go háirithe (féach aithris 109 maidir le húdarás reachtúil na nArd-Chigirí freisin).

(367)  Roinn 3(d)(i)(A) EO 14086 agus Roinn 201.3(a) de The AG Regulation.

(368)  Roinn 201.3(b) de The AG Regulation.

(369)  Roinn 3(d)(i)(B) EO 14086.

(370)  Roinn 3(d)(i)(A) EO 14086 agus Roinn 201.3(a) agus (c) de The AG Regulation. Daoine aonair a cheaptar chun DPRC, féadfaidh siad a bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí seachbhreithiúnacha, lena n-áirítear gnó, gníomhaíochtaí airgeadais, gníomhaíochtaí tiomsaithe airgid neamhbhrabúsacha agus muiníneacha, chomh maith le cleachtadh an dlí, fad nach gcuireann gníomhaíochtaí den sórt sin isteach ar fheidhmíocht neamhchlaonta a ndualgas nó ar éifeachtacht nó neamhspleáchas DPRC (Roinn 201.7(c) de Rialachán an Ard-Aighne).

(371)  Ranna 3(d)(iii)-(iv) EO 14086 agus Roinn 201.7(d) de The AG Regulation.

(372)  Roinn 3(d)(i)(D) EO 14086 agus Roinn 201.9 de The AG Regulation.

(373)  Roinn 3(d)(iv) EO 14086 agus Roinn 201.7(d) de The AG Regulation. Féach freisin Bumap v. na Stáit Aontaithe, 252 US 512, 515 (1920), a dheimhnigh an prionsabal seanbhunaithe i ndlí na Stát Aontaithe go bhfuil an chumhacht baint a dhéanamh nasctha leis an gcumhacht ceapachán a dhéanamh (mar a mheabhraigh Oifig Comhairleoireachta Dlí DoJ in The Constitutional Separation of Powers Between the President and Congress, 20 Op. O.L.C. 124, 166 (1996)).

(374)  Roinn 3(d)(i)(B) EO 14086 agus Roinn 201.7(a)-(c) de The AG Regulation. Déanann Oifig Phríobháideachais agus Saoirsí Sibhialta na Roinne Dlí agus Cirt (OPCL), atá freagrach as tacaíocht riaracháin a thabhairt do DPRC agus do na hAbhcóidí Speisialta (féach Roinn 201.5 de The AG Regulation), painéal triúir a roghnú ar bhonn uainíochta, ag féachaint lena áirithiú go mbeidh breitheamh amháin ar gach painéal a bhfuil taithí bhreithiúnach roimhe sin aige (mura bhfuil an taithí sin ag aon duine de na breithiúna ar an bpainéal, is é an breitheamh ceannais an chéad bhreitheamh a roghnóidh OPCL).

(375)  Roinn 201.4 de The AG Regulation. Ceapann an tArd-Aighne beirt Abhcóidí Speisialta ar a laghad, i gcomhairle leis an Rúnaí Tráchtála, leis an Stiúrthóir um Fhaisnéis Náisiúnta agus le PCLOB, ar feadh téarmaí atá inathnuaite faoi dhó. Ní mór taithí iomchuí a bheith ag Abhcóidí Speisialta i réimse an dlí maidir le príobháideachas agus slándáil náisiúnta, ní mór dóibh a bheith ina ndlíodóirí cleachta, ina gcomhaltaí gníomhacha den bharra a bhfuil dea-stádas acu ann agus atá ceadúnaithe go cuí an dlí a chleachtadh. Ina theannta sin, tráth a gceapacháin tosaigh, ní mór gan iad a bheith ina bhfostaithe den Bhrainse Feidhmiúcháin sa 2 bhliain roimhe sin anuas. I gcás gach athbhreithnithe ar iarratas, roghnaíonn an breitheamh ceannais Abhcóide Speisialta chun cúnamh a thabhairt don phainéal, féach Roinn 201.8(a) de The AG Regulation.

(376)  Roinn 201.8(c) agus 201.11 de The AG Regulation.

(377)  Roinn 3(d)(i)(C) EO 14086 agus Roinn 201.8(e) deThe AG Regulation. Ní ghníomhaíonn an tAbhcóide Speisialta mar ghníomhaire agus níl caidreamh gairmiúil dlíodóra aige leis an ngearánach.

(378)  Féach Roinn 201.8(d)(e) de The AG Regulation. Is é OPCL a dhéanann athbhreithniú ar cheisteanna den sórt sin ar dtús, i gcomhairle leis an eilimint ábhartha den Chomhphobal Faisnéise, d’fhonn aon fhaisnéis atá rúnaicmithe, faoi phribhléid nó cosanta a shainaithint agus a eisiamh sula gcuirfear ar aghaidh chuig an ngearánach í. Áirítear sna haighneachtaí a chuireann an tAbhcóide Speisialta faoi bhráid DPRC faisnéis bhreise a fhaigheann an tAbhcóide Speisialta mar fhreagairt ar cheisteanna den sórt sin.

(379)  Roinn 3(d)(i)(D) EO 14086.

(380)  Roinn 3(d)(iii) EO 14086 agus Roinn 201.9(b) de The AG Regulation.

(381)  Roinn 3(d)(i)(E) EO 14086 agus Roinn 201.9(c)-(e) de The AG Regulation. De réir an tsainmhínithe ar ‘leigheas iomchuí’, i Roinn 4(a) de EO 14086, ní mór do DPRC ‘na bealaí inar tugadh aghaidh de ghnáth ar shárú den chineál a sainaithníodh’ a chur san áireamh agus cinneadh á dhéanamh maidir le beart feabhais chun aghaidh a thabhairt go hiomlán ar shárú, i.e. breithneoidh DPRC, i measc tosca eile, an chaoi ar leigheasadh saincheisteanna comhchosúla maidir le comhlíonadh san am a chuaigh thart chun a áirithiú go mbeidh an leigheas éifeachtach agus iomchuí.

(382)  Roinn 4(a) EO 14086.

(383)  Roinn 3(d)(ii) EO 14086 agus Roinn 201.9(g) de The AG Regulation. Ós rud é go bhfuil cinneadh DPRC críochnaitheach agus ceangailteach, ní féidir le haon institiúid/comhlacht feidhmiúcháin nó riaracháin eile (lena n-áirítear Uachtarán na Stát Aontaithe) cinneadh DPRC a chur ar neamhní. Deimhníodh é sin freisin i gcásdlí na Cúirte Uachtaraí, inar soiléiríodh, trí údarás uathúil an Ard-Aighne laistigh den Bhrainse Feidhmiúcháin cinntí ceangailteacha a eisiúint a tharmligean do chomhlacht neamhspleách, go séanann an tArd-Aighne air féin an cumas cinneadh an chomhlachta sin a stiúradh ar aon bhealach (féach United States ex rel. Accardi v. Shaughnessy, 347 U.S. 260 (1954).

(384)  Roinn 3(d)(i)(F) EO 14086 agus Roinn 201.9(i) de The AG Regulation.

(385)  Roinn 201.9(h) de The AG Regulation.

(386)  Roinn 3(d)(i)(H) EO 14086 agus Roinn 201.9(h) de The AG Regulation. A mhéid a bhaineann le cineál an fhógra, féach Roinn 201.9(h))(3) de The AG Regulation.

(387)  Roinn 201.9(j) de The AG Regulation.

(388)  Roinn 3(d)(v)(A) EO 14086.

(389)  Roinn 3(d)(v) EO 14086.

(390)  Roinn 3(e) EO 14086. Féach freisin https://documents.pclob.gov/prod/Documents/EventsAndPress/4db0a50d-cc62-4197-af2e-2687b14ed9b9/Trans-Atlantic%20Data%20Privacy%20Framework%20EO%20press%20release%20(FINAL).pdf.

(391)  Tá rochtain ar na bealaí sin faoi réir ‘seasamh’ a léiriú. Tá feidhm ag an gcaighdeán sin maidir le haon duine aonair gan beann ar náisiúntacht agus eascraíonn sé as an gceanglas maidir le ‘cás nó conspóid’ i mBunreacht na Stát Aontaithe, Airteagal III. De réir na Cúirte Uachtaraí, ceanglaítear leis sin (1) go ndearnadh ‘díobháil iarbhír’ don duine aonair (i.e. díobháil choincréiteach phearsantaithe do leas atá cosanta de réir dlí a rinneadh iarbhír nó atá ar tí tarlú), (2) go bhfuil nasc cúisíoch idir an díobháil agus an t-iompar a bhfuil agóid á déanamh ina aghaidh os comhair na cúirte, agus (3) gur dóchúil, seachas tuairimeach, go dtabharfar aghaidh ar an díobháil le cinneadh fabhrach ón gcúirt (féach Lujan v. Defenders of Wildlife, 504 U.S. 555 (1992)).

(392)  18 U.S.C., Roinn 2712.

(393)  50 U.S.C., Roinn 1810.

(394)  50 U.S.C., Roinn 1806.

(395)   Féach, faoi seach, Brady v. Maryland, 373 U.S. 83 (1963) agus The Jencks Act, 18 U.S.C. Roinn 3500.

(396)  18 U.S.C., Roinn 1030.

(397)  18 U.S.C., Ranna 2701-2712.

(398)  12 U.S.C., Roinn 3417.

(399)  5 U.S.C., Roinn 702.

(400)  Go ginearálta, is gníomhaíocht ‘deiridh’ ghníomhaireachta agus sin amháin a bhíonn faoi réir athbhreithniú breithiúnach — ní gníomhaíocht ghníomhaireachta ar ‘réamhghníomhaíocht, gníomhaíocht nós imeachta nó gníomhaíocht idirmheánach’ í. Féach 5 U.S.C., Roinn 704.

(401)  5 U.S.C., Roinn 706(2)(A).

(402)   ACLU v. Clapper, 785 F.3d 787 (2d Cir. 2015), An clár bailithe meiteashonraí teileafónaíochta ar an mórchóir a ndearnadh agóid ina aghaidh sna cásanna sin, foirceannadh é le hAcht USA FREEDOM in 2015.

(403)  5 U.S.C., Roinn 552. Tá dlíthe comhchosúla ann ar leibhéal an Stáit.

(404)  Más amhlaidh sin, ní bhfaighidh an duine aonair de ghnáth ach freagra caighdeánach lena ndiúltaíonn an ghníomhaireacht a dheimhniú nó a shéanadh go bhfuil aon taifead ann. Féach ACLU v CIA, 710 F.3d 422 (D.C. Cir. 2014). Tá na critéir maidir le haicmiú agus fad an aicmithe leagtha síos in Ordú Feidhmiúcháin 13526, lena bhforáiltear, mar riail ghinearálta, nach mór dáta sonrach nó teagmhas sonrach le haghaidh dí-aicmiúcháin a bhunú bunaithe ar fhad íogaireacht slándála náisiúnta na faisnéise, tráth nach mór an fhaisnéis a scaoileadh ó rúnaicmiú go huathoibríoch (féach Roinn 1.5 de EO 13526).

(405)  Déanann an chúirt cinneadh de novo maidir le cé acu atá nó nach bhfuil na taifid á siarchoinneáil go dleathach agus is féidir léi iallach a chur ar an rialtas rochtain ar na taifid a sholáthar (5 U.S.C. Roinn 552(a)(4)(B)).

(406)   Schrems, mír 65.

(407)   Schrems, mír 65: ‘It is incumbent upon the national legislature to provide for legal remedies enabling the national supervisory authority concerned to put forward the objections which it considers well founded before the national courts in order for them, if they share its doubts as to the validity of the Commission decision, to make a reference for a preliminary ruling for the purpose of examination of the decision’s validity.’[Ní mór don reachtas náisiúnta foráil a dhéanamh maidir le leigheasanna dlí lena gcumasófar an t-údarás náisiúnta maoirseachta lena mbaineann na hagóidí a chur os comhair na gcúirteanna náisiúnta a measann sé a bhfuil bunús maith leo, d’fhonn go ndéanfaidís iad a tharchur le haghaidh réamhbhreithiúnais, má thagann siad lena amhrais maidir le bailíocht an chinnidh ón gCoimisiún, chun na críche iniúchadh a dhéanamh ar bhailíocht an chinnidh.]

(408)   Schrems, mír 76.

(409)  De réir Airteagal 45(3) de Rialachán (AE) 2016/679, ‘[f]orálfar, leis an ngníomh cur chun feidhme, do shásra chun athbhreithniú tréimhsiúil a dhéanamh, […] ina gcuirfear san áireamh na forbairtí ábhartha uile sa tríú tír sin nó san eagraíocht idirnáisiúnta sin.’

(410)  Foráiltear in Airteagal 45(3) de Rialachán (AE) 2016/679 nach mór athbhreithniú tréimhsiúil a dhéanamh ‘ar a laghad uair amháin gach ceithre bliana’. Féach freisin an Bord Eorpach um Chosaint Sonraí, Leordhóthanacht Thagrach, WP 254 rev. 01.

(411)  Tuairim 5/2023 maidir leis an Dréacht-Chinneadh Cur Chun Feidhme ón gCoimisiún Eorpach maidir le leordhóthanachta na cosanta a thugtar do shonraí pearsanta le Creat Príobháideachais Sonraí AE-SAM an 28 Feabhra 2023.

(412)  Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Bealtaine 2023 maidir le leordhóthanacht na cosanta a thugtar le Creat Príobháideachais Sonraí AE-SAM (2023/2501(RSP)).


IARSCRÍBHINN I

PRIONSABAIL AN CHREATA PRÍOBHÁIDEACHAIS SONRAÍ AE-SAM ARNA nEISIÚINT AG ROINN TRÁCHTÁLA NA STÁT AONTAITHE

I.   ACHOIMRE

1.

Cé go bhfuil na Stáit Aontaithe agus an tAontas Eorpach (‘an tAontas’) araon tiomanta d’fheabhas a chur ar chosaint príobháideachais agus don smacht reachta, agus aithníonn siad araon an tábhacht atá le sreabha sonraí trasatlantacha dár saoránaigh, dár ngeilleagair, agus dár sochaithe féin, glacann na Stáit Aontaithe cur chuige difriúil maidir le cosaint príobháideachais leis sin a ghlacann an tAontas. Úsáideann na Stáit Aontaithe cur chuige earnála a bhíonn ag brath ar mheascán den reachtaíocht, rialáil, agus féinrialáil. Tá Roinn Tráchtála SAM (‘an Roinn’) ag eisiúint Phrionsabail Chreat Príobháideachais Sonraí AE-SAM lena n-áirítear na Prionsabail Fhorlíontacha (‘na Prionsabail’ a dtugtar i gcomhpháirt orthu) agus Iarscríbhinn I de na Prionsabail (‘Iarscríbhinn I’), faoina húdarás reachtúil an tráchtáil idirnáisiúnta a chothú, a chur chun cinn, agus a fhorbairt (15 U.S.C., Roinn 1512). Forbraíodh na prionsabail i gcomhairliúchán leis an gCoimisiún Eorpach (‘an Coimisiún’), an tionscal, agus le páirtithe leasmhara eile chun trádáil agus tráchtáil a éascú idir na Stáit Aontaithe agus an tAontas. Soláthraíonn na Prionsabail, ar príomh-chomhpháirt iad de Chreat Príobháideachais Sonraí AE-SAM (‘CPS AE-SAM’), sásra iontaofa d’eagraíochtaí sna Stáit Aontaithe le haghaidh aistrithe sonraí pearsanta chuig na Stáit Aontaithe ón Aontas agus ag áirithiú an tráth céanna go leanann ábhair sonraí an Aontais ag tairbhiú de choimircí agus de chosaintí éifeachtacha mar a cheanglaítear leis an reachtaíocht Eorpach i ndáil le próiseáil a gcuid sonraí pearsanta nuair a aistrítear iad chuig tíortha nach Ballstáit den Aontas iad. Tá na Prionsabail beartaithe lena n-úsáid ag eagraíochtaí incháilithe sna Stáit Aontaithe agus acu sin amháin, a fhaigheann sonraí pearsanta ón Aontas chun cáiliú do CPS AE-SAM agus chun tairbhe a bhaint dá bhrí sin as cinneadh leordhóthanachta an Choimisiúin (1). Ní dhéanann na Prionsabail difear do chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2016/679 (‘an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí’ nó ‘RGCS’) (2) atá i bhfeidhm maidir le próiseáil sonraí pearsanta i mBallstáit an Aontais. Ná ní chuireann na Prionsabail teorainn le hoibleagáidí príobháideachais atá i bhfeidhm ar aon bhealach eile faoi dhlí na Stát Aontaithe.

2.

Chun a bheith ag brath ar CPS AE-SAM chun aistrithe sonraí pearsanta ón Aontas a chur i gcrích, ní mór d’eagraíocht féindeimhniú a thabhairt don Roinn (nó dá hainmní) go gcloíonn sé leis na Prionsabail. Cé go bhfuil na cinntí a dhéanann eagraíochtaí dá bhrí sin dul isteach in CPS AE-SAM go hiomlán deonach, tá comhlíontacht éifeachtach éigeantach: eagraíochtaí a thugann féindeimhniú don Roinn agus a dhearbhaíonn go poiblí a ngealltanas cloí leis na Prionsabail, ní mór dóibh na Prionsabail a chomhlíonadh go hiomlán. Chun dul isteach in CPS AE-SAM, ní mór d’eagraíocht (a) a bheith faoi réir chumhachtaí imscrúdaithe agus forfheidhmithe an Choimisiúin Trádála Feidearálaí (‘FTC’), Roinn Iompair na Stát Aontaithe (‘DOT’) nó comhlachta reachtúil eile a áiritheoidh go bunúsach go gcomhlíonfar na Prionsabail (féadfar comhlachtaí reachtúla eile de chuid na Stát Aontaithe a bheidh aitheanta ag an Aontas a áireamh mar iarscríbhinn sa todhchaí); (b) a gealltanas maidir leis na Prionsabail a chomhlíonadh a dhearbhú go poiblí; (c) a beartais phríobháideachais a nochtadh go poiblí i gcomhréir leis na Prionsabail sin; agus (d) iad a chur chun feidhme go hiomlán (3). I gcás nach gcomhlíonann eagraíocht na prionsabail, is ábhar in-fhorfheidhmithe é sin le FTC faoi Alt 5 de The Federal Trade Commission (FTC) Act lena dtoirmeasctar gníomhartha éagóracha nó meabhlacha sa tráchtáil nó a dhéanann difear don tráchtáil (15 U.S.C., Roinn 45); le DOT faoi 49 U.S.C., Roinn 41712, lena dtoirmeasctar ar iompróir nó ar ghníomhaire ticéad a bheith ag gabháil do chleachtas éagórach nó meabhlach san aeriompar nó i ndíol aeriompair; nó faoi dhlíthe nó rialacháin eile lena dtoirmeasctar gníomhartha den sórt sin.

3.

Coinneoidh an Roinn liosta údarásach ar bun agus cuirfidh ar fáil go poiblí é, ar liosta é d’eagraíochtaí ó na Stáit Aontaithe a rinne féindeimhniú don Roinn agus a dhearbhaigh a ngealltanas chun cloí leis na Prionsabail (‘Liosta an Chreata Príobháideachais Sonraí’). Déantar tairbhí CPS AE-SAM a dhearbhú ón dáta a chuireann an Roinn an eagraíocht ar Liosta an Chreata Príobháideachais Sonraí. Bainfidh an Roinn ó Liosta an Chreata Príobháideachais Sonraí na heagraíochtaí sin a tharraingíonn siar dá ndeoin féin ó CPS AE-SAM nó nach gcuireann a n-athdheimhniúchán bliantúil leis an Roinn i gcrích; ní mór do na heagraíochtaí sin leanúint ag cur na bPrionsabal i bhfeidhm maidir leis an bhfaisnéis phearsanta a fhaigheann siad faoi CPS AE-SAM agus a dheimhniú don Roinn ar bhonn bliantúil go ngeallann siad déanamh amhlaidh (i.e., fad agus a choinníonn siad faisnéis den sórt sin), cosaint ‘leormhaith’ a sholáthar don fhaisnéis trí bhealaí údaraithe eile (mar shampla, conradh a úsáid a thugann léiriú iomlán ar cheanglais na gclásal conarthach caighdeánach ábhartha arna nglacadh ag an gCoimisiún), nó an fhaisnéis a sheoladh ar ais nó a scriosadh. Bainfidh an Roinn de Liosta an Chreata Príobháideachais Sonraí freisin na heagraíochtaí sin ar theip orthu go leanúnach na Prionsabail a chomhlíonadh; ní mór do na heagraíochtaí sin an fhaisnéis phearsanta a fuair siad faoi CPS AE-SAM a sheoladh ar ais nó a scriosadh. I gcás ina mbaintear eagraíocht ó Liosta an Chreata Príobháideachais Sonraí ciallaíonn sé sin nach bhfuil sí i dteideal tairbhiú níos mó de chinneadh leordhóthanachta an Choimisiúin chun faisnéis phearsanta a fháil ón Aontas.

4.

Coinneoidh an Roinn taifead údarásach ar bun freisin agus cuirfidh ar fáil go poiblí é, ar taifead é d’eagraíochtaí ó na Stáit Aontaithe a raibh féindeimhniúchán tugtha acu roimhe seo don Roinn, ach atá bainte de Liosta an Chreata Príobháideachais Sonraí. Soláthróidh an Roinn rabhadh follasach nach rannpháirtithe in CPS AE-SAM iad na heagraíochtaí sin; go gciallaíonn sé nuair a bhaintear eagraíocht de Liosta an Chreata Príobháideachais Sonraí nach féidir le heagraíochtaí den sórt sin a mhaíomh go bhfuil siad ag comhlíonadh CPS AE-SAM agus nach mór dóibh aon ráiteas nó aon chleachtas míthreorach ina dtabharfaí le fios go bhfuil siad rannpháirteach in CPS AE-SAM a sheachaint; agus nach bhfuil eagraíochtaí den sórt sin i dteideal tairbhiú níos mó de chinneadh leordhóthanachta an Choimisiúin chun faisnéis phearsanta a fháil ón Aontas. Eagraíocht a leanann ag maíomh rannpháirtíochta in CPS AE-SAM nó a dhéanann mífhaisnéis eile a bhaineann le CPS AE-SAM tar éis í a bhaint de Liosta an Chreata Príobháideachais Sonraí féadfaidh sí a bheith faoi réir gníomhaíocht forfheidhmiúcháin ag FTC, DOT, nó ag údaráis forfheidhmithe eile.

5.

Féadfaidh teorainn a bheith le comhlíonadh na bPrionsabal sin: (a) a mhéid is gá chun ordú cúirte a chomhlíonadh nó chun ceanglais leasa phoiblí, forfheidhmiú an dlí, nó ceanglais shlándála náisiúnta a chomhlíonadh, lena n-áirítear i gcás ina gcruthaíonn rialachán reachta nó rialtais oibleagáidí easaontacha; (b) de réir reachta, ordú cúirte, nó rialachán rialtais lena gcruthaítear údaruithe sainráite, ar choinníoll, agus údarú den sórt sin á chur i gcrích, gur féidir le heagraíocht a léiriú go bhfuil a neamhchomhlíonadh leis na Prionsabail teoranta don mhéid is gá chun na leasanna dlisteanacha sáraitheacha arna gcur chun cinn le húdarú den sórt sin a chomhlíonadh; nó (c) más é éifeacht RGCS eisceachtaí nó maoluithe a cheadú, faoi na coinníollacha a leagtar amach ann, ar choinníoll go gcuirtear eisceachtaí nó maoluithe den sórt sin i bhfeidhm i gcomhthéacsanna inchomparáide. Sa chomhthéacs seo, áirítear le coimircí i ndlí na Stát Aontaithe chun príobháideachas agus saoirsí sibhialta a chosaint iad sin a cheanglaítear le hOrdú Feidhmiúcháin 14086 (4) faoi na coinníollacha a leagtar amach ann (lena n-áirítear a cheanglais maidir le riachtanas agus comhréireacht). I gcomhréir leis an sprioc maidir le feabhas a chur ar chosaint príobháideachais, ba cheart d’eagraíochtaí féachaint leis na Prionsabail sin a chur chun feidhme ina n-iomláine agus go trédhearcach, lena n-áirítear trí fhéachaint lena léiriú ina mbeartais phríobháideachais cá háit a mbeidh feidhm ag na heisceachtaí leis na Prionsabail a cheadaítear le (b) thuas. Ar an gcúis chéanna, i gcás ina bhfuil an rogha incheadaithe faoi na Prionsabail agus/nó dlí na Stát Aontaithe, tá coinne leis go roghnóidh eagraíochtaí an chosaint is airde i gcás inar féidir é.

6.

Tá sé d’oibleagáid ar eagraíochtaí na Prionsabail a chur i bhfeidhm maidir leis na sonraí pearsanta uile a aistrítear agus iad ag brath ar CPS AE-SAM tar éis dóibh dul isteach in CPS AE-SAM. Eagraíocht a roghnaíonn tairbhí CPS AE-SAM a shíneadh chuig faisnéis phearsanta acmhainní daonna a aistrítear ón Aontas lena húsáid i gcomhthéacs caidreamh fostaíochta, ní mór di é sin a thabhairt le fios nuair a thugann sí féindeimhniúchán don Roinn agus ní mór di na ceanglais a leagtar amach sa Phrionsabal Forlíontach maidir le Féindeimhniúchán a chomhlíonadh.

7.

Beidh feidhm ag dlí na Stát Aontaithe maidir le ceisteanna léirmhíniúcháin agus comhlíontachta leis na Prionsabail agus beartais phríobháideachais ábhartha eagraíochtaí atá rannpháirteach in CPS AE-SAM, ach amháin i gcás ina bhfuil eagraíochtaí den sórt sin tiomanta dul i gcomhar le húdaráis chosanta sonraí an Aontais (‘ÚCSanna’). Mura luaitear a mhalairt, beidh feidhm ag forálacha uile na bPrionsabal i gcás inarb ábhartha iad.

8.

Sainmhínithe:

a.

Is éard is ‘sonraí pearsanta’ agus ‘faisnéis phearsanta’ sonraí maidir le duine aonair sainaitheanta nó in-sainaitheanta atá faoi raon feidhme RGCS, a fhaigheann eagraíocht sna Stáit Aontaithe ón Aontas, agus a thaifeadtar in aon fhoirm.

b.

Ciallaíonn ‘próiseáil’ sonraí pearsanta aon oibríocht nó aon sraith d’oibríochtaí a dhéantar ar shonraí pearsanta, trí mhodhanna uathoibrithe nó trí mhodhanna eile, amhail bailiú, taifeadadh, eagrú, stóráil, oiriúnú nó athrú, aisghabháil, ceadú, úsáid, nochtadh nó scaipeadh, agus léirscriosadh nó díothú.

c.

ciallaíonn ‘rialaitheoir’ duine nó eagraíocht a chinneann, ina aonar nó i gcomhpháirt le páirtithe eile, cuspóirí na próiseála sonraí pearsanta agus conas a dhéantar an phróiseáil.

9.

Is é dáta éifeachtach na bPrionsabal agus Iarscríbhinn I de na Prionsabail an dáta a thiocfaidh cinneadh leordhóthanachta an Choimisiúin Eorpaigh i bhfeidhm.

II.   PRIONSABAIL

1.   FÓGRA

a.

Ní mór d’eagraíocht daoine aonair a chur ar an eolas maidir leis na nithe a leanas:

i.

a rannpháirtíocht in CPS AE-SAM agus nasc a sholáthar chuig Liosta an Chreata Príobháideachais Sonraí, nó seoladh gréasáin an Liosta,

ii.

na cineálacha sonraí pearsanta arna mbailiú agus, i gcás inarb infheidhme, eintitis na Stát Aontaithe nó fochuideachtaí na Stát Aontaithe de chuid na heagraíochta atá ag comhlíonadh na bPrionsabal freisin,

iii.

a gealltanas na sonraí pearsanta uile a fhaightear ón Aontas agus í ag brath ar CPS AE-SAM a chur faoi réir na bPrionsabal,

iv.

na cuspóirí dá mbailíonn sí agus dá n-úsáideann sí faisnéis phearsanta maidir leo,

v.

conas dul i dteagmháil leis an eagraíocht le haon fhiosrú nó gearán, lena n-áirítear aon bhunaíocht ábhartha san Aontas atá in ann freagairt d’fhiosrúcháin nó do ghearáin den sórt sin,

vi.

cineál nó aitheantas tríú páirtithe dá nochtann sí faisnéis phearsanta, agus na cuspóirí dá ndéanann sí amhlaidh,

vii.

an ceart atá ag daoine aonair a gcuid sonraí pearsanta a rochtain,

viii.

na roghanna agus na bealaí a thairgeann an eagraíocht do dhaoine aonair chun teorainn a chur le húsáid agus le nochtadh a gcuid sonraí pearsanta,

ix.

an comhlacht neamhspleách um réiteach díospóide atá ainmnithe chun aghaidh a thabhairt ar ghearáin agus cúiteamh iomchuí a sholáthar saor in aisce don duine aonair, agus cé acu: (1) ar painéal é arna bhunú ag ÚCSanna, (2) ar soláthraí malartach um réiteach díospóide atá bunaithe san Aontas, nó (3) ar soláthraí malartach um réiteach díospóide atá bunaithe sna Stáit Aontaithe é,

x.

atá sé faoi réir chumhachtaí imscrúdaitheacha agus forfheidhmithe FTC, DOT nó aon chomhlachta reachtúla údaraithe eile de chuid na Stát Aontaithe,

xi.

an fhéidearthacht, faoi choinníollacha áirithe, don duine aonair eadráin cheangailteach a agairt, (5)

xii.

an ceanglas chun faisnéis phearsanta a nochtadh mar fhreagairt ar iarrataí dlíthiúla ó údaráis phoiblí, lena n-áirítear chun ceanglais maidir leis an tslándáil náisiúnta nó forfheidhmiú an dlí a chomhlíonadh, agus

xiii.

a dliteanas i gcásanna aistrithe ar aghaidh chuig tríú páirtithe.

b.

Ní mór an fógra sin a thabhairt i bhfriotal soiléir feiceálach nuair a iarrtar den chéad uair ar dhaoine aonair faisnéis phearsanta a sholáthar don eagraíocht nó a luaithe is indéanta dá éis, ach in aon chás sula n-úsáideann an eagraíocht faisnéis den sórt sin chun críche seachas an chríoch ar lena haghaidh a bhailigh nó a phróiseáil an eagraíocht aistrithe í nó sula nochtar den chéad uair do thríú páirtí í.

2.   ROGHA

a.

Ní mór d’eagraíocht an deis a thabhairt do dhaoine aonair roghnú (i.e. gan bheith páirteach) cé acu, maidir lena bhfaisnéis phearsanta, atá nó nach bhfuil sí (i) le nochtadh do thríú páirtí nó (ii) le húsáid chun críche atá difriúil go hábhartha leis an gcríoch ar lena haghaidh a bailíodh í an chéad lá riamh nó ar údaraigh na daoine aonair í ina dhiaidh sin. Ní mór sásraí soiléire, feiceálacha, atá ar fáil go héasca a sholáthar do dhaoine aonair chun rogha a dhéanamh.

b.

De mhaolú ar an mír roimhe seo, ní gá rogha a sholáthar i gcás ina ndéantar nochtadh do thríú páirtí atá ag gníomhú mar ghníomhaire chun cúram/cúraimí a dhéanamh thar ceann na heagraíochta agus faoi threoracha na heagraíochta. Déanfaidh eagraíocht conradh leis an ngníomhaire i gcónaí áfach.

c.

I gcás faisnéis íogair (i.e., faisnéis phearsanta ina sonraítear riochtaí leighis nó sláinte, tionscnamh ciníoch nó eitneach, tuairimí polaitiúla, creideamh reiligiúnach nó creideamh fealsúnach, ballraíocht ceardchumainn nó faisnéis ina sonraítear cleachtadh gnéis an duine aonair), ní mór don eagraíocht toiliú sainráite dearfach a fháil (i.e., roghnú a bheith rannpháirteach) ó dhaoine aonair má táthar chun faisnéis den sórt sin (i) a nochtadh do thríú páirtí nó (ii) a úsáid chun críche seachas iad sin ar lena haghaidh a bailíodh í an chéad lá riamh nó ar údaraigh na daoine aonair í ina dhiaidh sin tríd an rogha a bheith rannpháirteach a chur i gcrích. Ina theannta sin, ba cheart d’eagraíocht caitheamh go híogair le haon fhaisnéis phearsanta a fhaightear ó thríú páirtí i gcás ina sainaithníonn agus ina láimhseálann an tríú páirtí í mar fhaisnéis íogair.

3.   CUNTASACHT MAIDIR LE hAISTRIÚ AR AGHAIDH

a.

Chun faisnéis phearsanta a aistriú chuig tríú páirtí atá ag gníomhú mar rialaitheoir, ní mór d’eagraíochtaí na Prionsabail maidir le Fógra agus Rogha a chomhlíonadh. Ní mór d’eagraíochtaí conradh a dhéanamh freisin leis an rialaitheoir tríú páirtí lena bhforáiltear nach bhféadfar sonraí den sórt sin a phróiseáil ach amháin chun críocha teoranta agus sonraithe atá i gcomhréir leis an toiliú arna sholáthar ag an duine aonair agus go soláthróidh an faighteoir an leibhéal céanna cosanta leis na Prionsabail agus go dtabharfaidh sé fógra don eagraíocht má dhéanann sé cinneadh nach féidir leis an oibleagáid sin a chomhlíonadh níos mó. Forálfar sa chonradh i gcás ina ndéanfar cinneadh den sórt sin go scoirfidh an rialaitheoir tríú páirtí do phróiseáil nó go nglacfaidh sé céimeanna eile réasúnta agus iomchuí chun an cás a leigheas.

b.

Chun sonraí pearsanta a aistriú chuig tríú páirtí atá ag gníomhú mar ghníomhaire, ní mór d’eagraíochtaí: (i) sonraí den sórt sin a aistriú chun críocha teoranta agus sonraithe amháin; (ii) a dheimhniú go bhfuil sé d’oibleagáid ar an ngníomhaire an leibhéal céanna cosanta príobháideachais ar a laghad a sholáthar de réir mar a cheanglaítear leis na Prionsabail; (iii) céimeanna réasúnta agus iomchuí a ghlacadh chun a áirithiú go bpróiseálfaidh an gníomhaire go héifeachtach an fhaisnéis phearsanta a aistríodh ar bhealach atá i gcomhréir le hoibleagáidí na heagraíochta faoi na Prionsabail; (iv) a cheangal ar an ngníomhaire fógra a thabhairt don eagraíocht má chinneann sé nach féidir leis a oibleagáid chun an leibhéal céanna cosanta agus a cheanglaítear leis na Prionsabail a chomhlíonadh a thuilleadh; (v) ar fhógra a thabhairt, lena n-áirítear faoi (iv), céimeanna réasúnta agus iomchuí a ghlacadh chun próiseáil neamhúdaraithe a stopadh agus a leigheas; agus (vi) achoimre nó cóip ionadaíoch a sholáthar don Roinn d’fhorálacha príobháideachais ábhartha a chonartha leis an ngníomhaire sin arna iarraidh sin.

4.   AN tSLÁNDÁIL

a.

Eagraíochtaí a chruthaíonn, a choinníonn ar bun, a úsáideann nó a scaipeann faisnéis phearsanta, ní mór dóibh bearta réasúnacha agus iomchuí a dhéanamh chun í a chosaint ar chaillteanas, mí-úsáid agus rochtain neamhúdaraithe, nochtadh, athrú agus scrios, agus aird chuí ar na rioscaí a bhaineann le próiseáil na sonraí pearsanta agus cineál na sonraí sin.

5.   SLÁINE SONRAÍ AGUS TEORANNÚ DE RÉIR CUSPÓRA

a.

I gcomhréir leis na Prionsabail, ní mór d’fhaisnéis phearsanta a bheith teoranta don fhaisnéis atá ábhartha do na críocha próiseála (6). Ní fhéadfaidh eagraíocht faisnéis phearsanta a phróiseáil ar bhealach atá neamhréireach leis na críocha ar lena haghaidh a bailíodh í an chéad lá riamh nó ar údaraigh an duine aonair í ina dhiaidh sin. A mhéid is gá chun na gcríoch sin, ní mór d’eagraíocht céimeanna réasúnacha a ghlacadh chun a áirithiú go mbeidh sonraí pearsanta iontaofa don úsáid atá beartaithe dóibh, agus go mbeidh siad cruinn, iomlán agus cothrom le dáta. Ní mór d’eagraíocht na Prionsabail a chomhlíonadh a fhad agus a choimeádann sí faisnéis den sórt sin.

b.

Ní fhéadfar faisnéis a choinneáil i bhfoirm lena sainaithnítear nó lena ndéantar an duine aonair in-sainaitheanta (7) ach amháin a fhad agus a fheidhmíonn sé críoch próiseála de réir bhrí 5(a). Leis an oibleagáid sin, ní chuirtear cosc ar eagraíochtaí faisnéis phearsanta a phróiseáil ar feadh tréimhsí is faide ná sin, a fhad agus a mhéid a fhónann an phróiseáil sin go réasúnach na críocha maidir le cartlannú a dhéanamh ar mhaithe le leas an phobail, iriseoireacht, litríocht agus ealaín, taighde eolaíoch nó stairiúil, agus anailís staidrimh. Sna cásanna sin, beidh próiseáil den sórt sin faoi réir phrionsabail agus fhorálacha eile CPS AE-SAM. Ba cheart d’eagraíochtaí bearta réasúnacha agus iomchuí a dhéanamh chun an fhoráil sin a chomhlíonadh.

6.   ROCHTAIN

a.

Ní mór do dhaoine aonair rochtain a bheith acu ar fhaisnéis phearsanta maidir leo atá i seilbh eagraíochta agus a bheith in ann an fhaisnéis sin a cheartú, a leasú, nó a scriosadh i gcás ina bhfuil sí míchruinn, nó gur próiseáladh í de shárú ar na Prionsabail, ach amháin i gcás ina mbeadh an t-ualach nó an costas maidir le rochtain a sholáthar díréireach leis na rioscaí do phríobháideachas duine aonair sa chás i gceist, nó i gcás ina sárófaí cearta daoine seachas an duine aonair.

7.   CÚITEAMH, FORFHEIDHMIÚ AGUS DLITEANAS

a.

Ní mór sásraí láidre a áireamh le cosaint éifeachtach don phríobháideachas chun comhlíontacht leis na Prionsabail a dheimhniú, ionas go bhfaighidh daoine aonair a ndéanann neamhchomhlíonadh leis na Prionsabail difear dóibh cúiteamh, agus go mbeidh iarmhairtí ann don eagraíocht i gcás nach leantar na Prionsabail. Ní mór a áireamh le sásraí den sórt sin ar a laghad:

i.

sásraí neamhspleácha maidir le ceart cúitimh a bheidh ar fáil go héasca faoi ndéantar gearáin agus díospóidí gach duine aonair a imscrúdú agus a réiteach go gasta gan aon chostas ar an duine aonair agus faoi threoir na bPrionsabal, agus na damáistí arna ndeonú i gcás ina bhforáiltear é sin leis an dlí is infheidhme nó le tionscnaimh de chuid na hearnála príobháidí;

ii.

nósanna imeachta leantacha chun a fhíorú go bhfuil na fianuithe agus na dearbhuithe a dhéanann eagraíochtaí faoina gcleachtais phríobháideachais fíor agus gur cuireadh cleachtais phríobháideachais chun feidhme mar a cuireadh i láthair iad agus, go háirithe, i dtaca le cásanna neamhchomhlíonta; agus

iii.

oibleagáidí chun fadhbanna a réiteach, ar fadhbanna iad a thagann chun cinn mar gheall nach gcomhlíonann eagraíochtaí na Prionsabail tar éis dóibh a fhógairt go bhfuil siad á gcomhlíonadh agus na hiarmhairtí d’eagraíochtaí den sórt sin. Ní mór na smachtbhannaí a bheith láidir go leor chun comhlíontacht na n-eagraíochtaí a áirithiú.

b.

Tabharfaidh eagraíochtaí agus a sásraí neamhspleácha roghnaithe maidir le ceart cúitimh freagairt ghasta ar fhiosrúcháin agus ar iarrataí ón Roinn ar fhaisnéis a bhaineann le CPS AE-SAM. Ní mór do gach eagraíocht freagairt go gasta do ghearáin maidir le comhlíontacht leis na Prionsabail arna dtarchur ag údaráis na mBallstát tríd an Roinn. Eagraíochtaí a roghnaíonn dul i gcomhar le ÚCSanna, lena n-áirítear eagraíochtaí a phróiseálann sonraí acmhainní daonna, ní mór dóibh freagairt go díreach d’údaráis den sórt sin i ndáil le himscrúdú agus réiteach na ngearán.

c.

Tá sé d’oibleagáid ar eagraíochtaí eadráin a dhéanamh maidir le héilimh agus na téarmaí mar atá leagtha amach in Iarscríbhinn I a leanúint, ar choinníoll go ndearna duine aonair eadráin cheangailteach a agairt trí fhógra a thabhairt don eagraíocht atá i gceist agus na nósanna imeachta á leanúint agus faoi réir coinníollacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I.

d.

I gcomhthéacs aistriú ar aghaidh, tá freagracht ar eagraíocht rannpháirteach as faisnéis phearsanta a fhaigheann sí faoi CPS AE-SAM a phróiseáil agus aistrithe ina dhiaidh sin chuig tríú páirtí ag gníomhú dó mar ghníomhaire thar a ceann. Beidh an eagraíocht rannpháirteach fós faoi dhliteanas faoi na Prionsabail má phróiseálann a gníomhaire faisnéis phearsanta den sórt sin ar bhealach atá ar neamhréir leis na Prionsabail, mura gcruthaíonn an eagraíocht nach bhfuil sí freagrach as an teagmhas as ar eascair an damáiste.

e.

I gcás ina dtagann eagraíocht chun bheith faoi réir ordaithe cúirte atá bunaithe ar neamhchomhlíontacht nó ordaithe ó chomhlacht reachtúil de chuid na Stát Aontaithe (e.g., FTC nó DOT) atá liostaithe sna Prionsabail nó in iarscríbhinn a ghabhfaidh leis na Prionsabail sa todhchaí atá bunaithe ar neamhchomhlíontacht, cuirfidh an eagraíocht ar fáil go poiblí aon roinn a bhaineann le CPS AE-SAM d’aon tuarascáil chomhlíontachta nó mheasúnaithe a chuirtear faoi bhráid na cúirte nó comhlacht reachtúil de chuid na Stát Aontaithe a mhéid a bheidh sé i gcomhréir le ceanglais rúndachta. Bhunaigh an Roinn pointe teagmhála tiomnaithe le haghaidh ÚCSanna maidir le haon fhadhb a bhaineann le comhlíontacht ó eagraíochtaí rannpháirteacha. Tabharfaidh FTC agus DOT tús áite ina mbreithniú do chásanna neamhchomhlíontachta leis na Prionsabail a tharchuirtear ón Roinn agus ó údaráis Bhallstáit an Aontais, agus malartóidh siad faisnéis maidir le cásanna tarchurtha leis na húdaráis stáit a chuirfidh na cásanna ar aghaidh ar bhonn caoithiúil, faoi réir srianta rúndachta atá ann cheana.

III.   PRIONSABAIL FHORLÍONTACHA

1.   Sonraí Íogaire

a.

Ní cheanglaítear ar eagraíocht toiliú dearfach, sainráite a fháil (i.e., roghnú a bheith rannpháirteach) i ndáil le sonraí íogaire i gcás inarb amhlaidh maidir leis an bpróiseáil:

i.

go bhfuil sí ar mhaithe le leasanna bunúsacha an ábhair sonraí nó duine eile;

ii.

go bhfuil gá léi chun éilimh nó cosaint dhlíthiúla a shuí;

iii.

go gceanglaítear í chun cúram leighis a thabhairt nó chun fáthmheas leighis a dhéanamh;

iv.

go ndéanann fondúireacht, comhlachas nó aon chomhlacht seachbhrabúsach eile an phróiseáil lena mbaineann aidhm pholaitiúil, fhealsúnach, reiligiúnach nó ceardchumannachais agus ar choinníoll nach mbaineann an phróiseáil ach le comhaltaí an chomhlachta nó leis na daoine a mbíonn teagmháil rialta acu leis an gcomhlacht maidir lena chuspóirí agus ar choinníoll nach nochtar na sonraí sin lasmuigh den chomhlacht sin gan toiliú ó na hábhair sonraí;

v.

go bhfuil gá léi chun oibleagáidí na heagraíochta a dhéanamh i réimse an dlí fostaíochta; nó

vi.

go mbaineann an phróiseáil le sonraí is follas gur chuir an duine aonair ar fáil go poiblí.

2.   Eisceachtaí Iriseoireachta

a.

Ag glacadh leis na cosaintí bunreachta a thugann na Stáit Aontaithe do shaoirse an phreasa, i gcás ina dtrasnaíonn na cearta maidir le saoirse an phreasa atá corpraithe sa Chéad Leasú ar Bhunreacht na Stát Aontaithe le leasanna cosanta príobháideachais, ní mór don Chéad Leasú cothromú na leasanna sin a rialú i dtaca le gníomhaíochtaí daoine nó eagraíochtaí de chuid na Stát Aontaithe.

b.

Faisnéis phearsanta a bhailítear lena foilsiú, lena craoladh, nó le haghaidh foirmeacha eile cumarsáide poiblí d’ábhar iriseoireachta, bíodh sí in úsáid nó ná bíodh, chomh maith le faisnéis a fuarthas cheana in ábhar a foilsíodh roimhe seo a scaipeadh ó chartlanna meán, níl sí faoi réir cheanglais na bPrionsabal.

3.   Dliteanas Tánaisteach

a.

Níl Soláthraithe Seirbhíse Idirlín (‘ISPanna’), iompróirí teileachumarsáide, ná eagraíochtaí eile faoi dhliteanas faoi na Prionsabail i gcás nach ndéanann siad, thar ceann eagraíochta eile, ach díreach faisnéis a tharchur, a ródú, a aistriú, nó a thaisceadh. Ní chruthaítear dliteanas tánaisteach le CPS AE-SAM. A mhéid atá eagraíocht ag gníomhú mar chainéal fórach maidir le sonraí arna dtarchur ag tríú páirtithe agus nach gcinneann sí aidhmeanna agus modhanna próiseála na sonraí pearsanta sin, ní bheadh sí faoi dhliteanas.

4.   Dícheall Cuí a Dhéanamh agus Iniúchtaí a Chur i gCrích

a.

D’fhéadfadh próiseáil sonraí pearsanta gan toiliú nó i ngan fhios don duine aonair a bheith i gceist le gníomhaíochtaí iniúchóirí agus baincéirí infheistíochta. Ceadaítear é sin leis na Prionsabail maidir le Fógra, Rogha, agus Rochtain faoi na himthosca a thuairiscítear thíos.

b.

Bíonn corparáidí stoic poiblí agus cuideachtaí dlúthsheilbhe, lena n-áirítear eagraíochtaí rannpháirteacha, faoi réir iniúchtaí go tráthrialta. Féadfar iniúchtaí den sórt sin, go háirithe iad sin a fhéachann ar éagóiritheoireacht ionchasach, a chur i mbaol má nochtar róluath iad. Mar an gcéanna, beidh ar eagraíocht rannpháirteach a bheidh ag gabháil do chumasc nó do tháthcheangal ionchasach athbhreithniú ‘díchill chuí’ a dhéanamh, nó a bheith faoina réir. Leis sin cuimseofar bailiú agus próiseáil sonraí pearsanta go minic, amhail faisnéis maidir le feidhmeannaigh shinsearacha agus príomhphearsanra eile. D’fhéadfadh nochtadh róluath bac a chur ar an idirbheart nó fiú rialachán urrús is infheidhme a shárú. Baincéirí infheistíochta agus aturnaetha a bhíonn ag gabháil do dhícheall cuí, nó iniúchóirí atá i mbun iniúchta, féadfaidh siad faisnéis a phróiseáil i ngan fhios don duine aonair ach amháin a mhéid agus ar feadh na tréimhse is gá chun ceanglais reachtúla nó leasa poiblí a chomhlíonadh agus in imthosca eile ina ndéanfadh cur i bhfeidhm na bPrionsabal sin dochar do leasanna dlisteanacha na heagraíochta. Áirítear leis na leasanna dlisteanacha sin faireachán a dhéanamh ar chomhlíontacht eagraíochtaí lena n-oibleagáidí dlíthiúla agus lena ngníomhaíochtaí dlisteanacha cuntasaíochta, agus an gá atá le rúndacht a bhaineann le héadálacha, cumaisc, comhfhiontair fhéideartha, nó le hidirbhearta comhchosúla eile arna ndéanamh ag baincéirí infheistíochta nó ag iniúchóirí.

5.   Ról na nÚdarás um Chosaint Sonraí

a.

Cuirfidh eagraíochtaí a ngealltanas dul i gcomhar le ÚCSanna chun feidhme mar a thuairiscítear thíos. Faoi CPS AE-SAM, ní mór d’eagraíochtaí ó na Stáit Aontaithe a fhaigheann sonraí pearsanta ón Aontas gealltanas a thabhairt go gcuirfidh siad sásraí éifeachtacha in úsáid chun comhlíontacht leis na Prionsabail a dhearbhú. Níos sonraithe fós, mar a leagtar amach sa Phrionsabal maidir le Ceart Cúitimh, Forfheidhmiú agus Dliteanas, ní mór d’eagraíochtaí rannpháirteacha na nithe seo a leanas a sholáthar: (a)(i) cúiteamh do dhaoine aonair lena mbaineann na sonraí; (a)(ii) nósanna imeachta leantacha chun a fhíorú go bhfuil na fianuithe agus na dearbhuithe a rinne siad maidir lena gcleachtais phríobháideachais fíor; agus (a)(iii) oibleagáidí chun fadhbanna a leigheas, ar fadhbanna iad a thagann chun cinn nuair nach gcomhlíonann eagraíochtaí na Prionsabail agus na hiarmhairtí do na heagraíochtaí sin. Comhlíonfaidh eagraíocht pointí (a)(i) agus (a)(iii) den Phrionsabal maidir le Ceart Cúiteamh, Forfheidhmiú agus Dliteanas má chloíonn sí leis na ceanglais a leagtar síos anseo chun dul i gcomhar leis na ÚCSanna.

b.

Tugann eagraíocht gealltanas dul i gcomhar leis na ÚCSanna trína dhearbhú ina féindeimhniúchán CPS AE-SAM a chuirfidh sí faoi bhráid na Roinne (féach Prionsabal Forlíontach maidir le Féindeimhniúchán) maidir leis an eagraíocht:

i.

go roghnaíonn sí an ceanglas i bpointí (a)(i) agus (a)(iii) den Phrionsabal maidir le Ceart Cúiteamh, Forfheidhmiú agus Dliteanas a chomhlíonadh trí thiomantas a thabhairt dul i gcomhar leis na ÚCSanna;

ii.

go gcomhoibreoidh sí le ÚCSanna chun na gearáin a thabharfar faoi na Prionsabail a imscrúdú agus a réiteach; agus

iii.

go gcomhlíonfaidh sí aon chomhairle a thabharfaidh ÚCSanna i gcás inarb é tuairim ÚCSanna gur gá don eagraíocht gníomhaíocht shonrach a ghlacadh chun na Prionsabail a chomhlíonadh, lena n-áirítear bearta leighis nó cúiteacha ar mhaithe le daoine aonair dá ndearna neamhchomhlíonadh leis na Prionsabail difear, agus soláthróidh sí deimhniú i scríbhinn do ÚCSanna gur glacadh gníomhaíocht den sórt sin.

c.

Oibriú na bPainéal ÚCS

i.

Soláthrófar comhar ÚCSanna i bhfoirm faisnéise agus comhairle ar an mbealach seo a leanas:

1.

Soláthrófar comhairle ÚCSanna trí phainéal neamhfhoirmiúil ÚCSanna arna bhunú ar leibhéal an Aontais, a chuideoidh inter alia chun cur chuige comhchuibhithe agus comhleanúnach a áirithiú.

2.

Soláthróidh an painéal comhairle do na heagraíochtaí ó na Stáit Aontaithe lena mbaineann maidir le gearáin nach bhfuil réitithe ó dhaoine aonair maidir le faisnéis phearsanta a aistríodh ón Aontas faoi CPS AE-SAM a láimhseáil. Ceapfar an chomhairle sin chun a áirithiú go bhfuil na Prionsabail á gcur i bhfeidhm i gceart agus áireofar léi aon leigheas don duine aonair lena mbaineann a mheasann ÚCSanna gurb iomchuí.

3.

Soláthróidh an painéal comhairle den sórt sin mar fhreagairt ar chásanna a chuirtear ar aghaidh ó na heagraíochtaí lena mbaineann agus/nó ar ghearáin a fhaightear díreach ó dhaoine aonair in aghaidh eagraíochtaí a thug gealltanas dul i gcomhar le ÚCSanna chun críocha CPS AE-SAM, agus spreagfar agus más gá cuideofar le daoine aonair den sórt sin ar an gcéad dul síos leas a bhaint as na socruithe láimhseála gearán inmheánacha a thairgfidh an eagraíocht.

4.

Ní eiseofar comhairle ach amháin tar éis deis réasúnach a bheith tugtha don dá thaobh sa díospóid barúil a thabhairt agus aon fhianaise is mian leo a sholáthar. Féachfaidh an painéal le comhairle a sholáthar chomh tapa agus a cheadaíonn an ceanglas seo maidir le dícheall cuí. Mar riail ghinearálta, beidh sé mar aidhm ag an bpainéal comhairle a sholáthar laistigh de 60 lá tar éis gearán nó atreorú a fháil agus níos tapa ná sin más féidir é.

5.

Cuirfidh an painéal torthaí a bhreithnithe ar ghearáin a chuirtear faoina bhráid ar fáil go poiblí, má oireann sin dó.

6.

Ní eascróidh aon dliteanas don phainéal ná do ÚCSanna aonair de thoradh comhairle a sholáthar tríd an bpainéal.

ii.

Mar a luaitear thuas, ní mór d’eagraíochtaí a roghnaíonn an rogha sin le haghaidh réiteach díospóidí gealltanas a thabhairt go gcomhlíonfaidh siad comhairle ÚCSanna. Mura gcomhlíonann eagraíocht an chomhairle laistigh de 25 lá ó sholáthar na comhairle, agus mura dtugann sí aon mhíniú sásúil ar an moill, tabharfaidh an painéal fógra maidir lena rún an t-ábhar a chur faoi bhráid FTC, DOT, nó comhlacht feidearálach nó comhlacht stáit eile de chuid na Stát Aontaithe ag a bhfuil cumhachtaí reachtúla chun gníomhaíocht forfheidhmithe a dhéanamh i gcásanna meabhlaireachta nó mífhaisnéise, nó teacht ar an gconclúid go ndearnadh sárú tromchúiseach ar an gcomhaontú dul i gcomhar agus nach mór dá bhrí sin í a mheas mar chomhairle atá ar neamhní go hiomlán. Sa chás deiridh sin, cuirfidh an painéal an Roinn ar an eolas ionas go mbeifear in ann Liosta an Chreata Príobháideachais Sonraí a leasú go cuí. I gcás nach gcomhlíonfar an gealltanas dul i gcomhar le ÚCSanna, agus i gcás nach gcomhlíonfar na Prionsabail, beidh an neamhchomhlíonadh sin inchaingne mar chleachtas meabhlach faoi Roinn 5 de The FTC Act (15 U.S.C., Roinn 45), 49 U.S.C. § 41712, nó reacht comhchosúil eile.

d.

Eagraíocht ar mian léi go gcumhdóidh a tairbhí CPS AE-SAM sonraí acmhainní daonna arna n-aistriú ón Aontas i gcomhthéacs an chaidrimh fostaíochta, ní mór di gealltanas a thabhairt dul i gcomhar le ÚCSanna i dtaca le sonraí den sórt sin (féach Prionsabal Forlíontach maidir le Sonraí Acmhainní Daonna).

e.

Eagraíochtaí a roghnaíonn an rogha sin, ceanglófar orthu táille bhliantúil a íoc, a dhearfar chun costais oibriúcháin an phainéil a chumhdach. Féadfar iarraidh orthu anuas air sin aon chostas aistriúcháin is gá a íoc a thiocfaidh as breithniú an phainéil ar chásanna a chuirtear ar aghaidh chucu nó ar ghearáin ina n-aghaidh. Cinnfidh an Roinn méid na táille tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún. Féadfaidh tríú páirtí arna roghnú ag an Roinn an táille a bhailiú agus beidh an tríú páirtí sin mar choimeádaí na gcistí arna mbailiú chun na críche sin. Rachaidh an Roinn i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún agus le ÚCSanna maidir le nósanna imeachta iomchuí a leagan síos maidir le dáileadh na gcistí a bhailítear tríd an táille, chomh maith le gnéithe nós imeachta agus riaracháin eile a bhaineann leis an bpainéal. Féadfaidh an Roinn agus an Coimisiún comhaontú a dhéanamh maidir le chomh minic a bhailítear an táille a athrú.

6.   Féindeimhniúchán

a.

Dearbhaítear tairbhí CPS AE-SAM ón dáta a chuireann an Roinn an eagraíocht ar Liosta an Chreata Príobháideachais Sonraí. Ní chuirfidh an Roinn eagraíocht ar Liosta an Chreata Príobháideachais Sonraí ach amháin tar éis di a chinneadh go bhfuil aighneacht féindeimhniúcháin tosaigh na heagraíochta iomlán, agus bainfidh sí an eagraíocht den liosta sin má tharraingíonn sí siar go saorálach, mura líonann sí isteach a hathdheimhniúchán bliantúil, nó mura gcomhlíonann sí na Prionsabail arís is arís (féach Prionsabal Forlíontach maidir le Réiteach Díospóidí agus Forfheidhmiú).

b.

Chun féindeimhniú ar dtús nó athdheimhniú a dhéanamh ina dhiaidh sin do CPS AE-SAM, ní mór d’eagraíocht aighneacht a sholáthar gach uair don Roinn ó oifigeach corparáideach thar ceann na heagraíochta go bhfuil sé ag féindeimhniú nó ag athdheimhniú (de réir mar is infheidhme) go bhfuil sé ag comhlíonadh na bPrionsabal (8), agus an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad a bheith san aighneacht sin:

i.

ainm na heagraíochta de chuid na Stát Aontaithe atá ag féindeimhniú nó ag athdheimhniú, chomh maith le hainm(neacha) a heintitis de chuid na Stát Aontaithe nó a fochuideachtaí de chuid na Stát Aontaithe atá ag comhlíonadh freisin na bPrionsabal is mian leis an eagraíocht a chumhdach;

ii.

tuairisc ar ghníomhaíochtaí na heagraíochta i ndáil leis an bhfaisnéis phearsanta a gheofaí ón Aontas faoi CPS AE-SAM;

iii.

tuairisc ar bheartas(i)s p(h)ríobháideachais ábhartha na heagraíochta maidir le faisnéis phearsanta den sórt sin, lena n-áirítear:

1.

má tá suíomh gréasáin poiblí ag an eagraíocht, an seoladh gréasáin ábhartha mar a bhfuil an beartas príobháideachais ar fáil, nó mura bhfuil suíomh gréasáin poiblí ag an eagraíocht, mar a bhfuil an beartas príobháideachais ar fáil don phobal chun breathnú air; agus

2.

an dáta a ngabhfaidh éifeacht leis an gcur chun feidhme;

iv.

oifig teagmhála laistigh den eagraíocht chun gearáin a láimhseáil, iarrataí a rochtain, agus le haghaidh aon saincheist eile a thagann chun cinn faoi na Prionsabail (9), lena n-áirítear:

1.

ainm (ainmneacha), teideal (teidil) poist (mar is infheidhme), seoladh (seoltaí) ríomhphoist, agus uimhir (uimhreacha) teileafóin an duine (na ndaoine) aonair nó na hoifige (na n-oifigí) teagmhála ábhartha laistigh den eagraíocht; agus

2.

seoladh poist ábhartha na heagraíochta sna Stáit Aontaithe;

v.

an comhlacht reachtúil sonrach ag a bhfuil an dlínse chun aon mhaíomh in aghaidh na heagraíochta a éisteacht maidir le cleachtais nó sáruithe dlíthe nó rialachán, lena rialaítear an príobháideachas, a d’fhéadfadh a bheith éagórach nó meabhlach (agus ar dlíthe nó rialacháin iad a liostaítear sna Prionsabail nó in iarscríbhinn a ghabhfaidh leis na Prionsabail amach anseo);

vi.

ainm aon chláir príobháideachais ar clár é dá bhfuil an eagraíocht ina comhalta;

vii.

an modh fíorúcháin (i.e., féinmheasúnú; nó athbhreithnithe seachtracha ar chomhlíontacht, lena n-áirítear an tríú páirtí a líonann isteach athbhreithnithe den sórt sin) (10); agus

viii.

an sásra neamhspleách ábhartha maidir le ceart cúitimh atá ar fáil chun imscrúdú a dhéanamh ar ghearáin a bhaineann le Prionsabail nach bhfuil réitithe (11).

c.

I gcás inar mian leis an eagraíocht go gcumhdódh a tairbhí CPS AE-SAM faisnéis acmhainní daonna arna n-aistriú ón Aontas le húsáid i gcomhthéacs an chaidrimh fostaíochta, féadfaidh sí é sin a dhéanamh i gcás ina bhfuil dlínse ag comhlacht reachtúil atá liostaithe sna Prionsabail nó in iarscríbhinn a ghabhfaidh leis na Prionsabail amach anseo éilimh in aghaidh na heagraíochta a eascraíonn as próiseáil faisnéise acmhainní daonna a éisteacht. Ina theannta sin, ní mór don eagraíocht é sin a léiriú san fhéindeimhniúchán tosaigh a chuirfidh sí isteach, agus in aon athdheimhniúchán a dhéanfaidh sí, agus a gealltanas a dhearbhú go rachaidh sí i gcomhar leis an údarás nó leis na húdaráis lena mbaineann de chuid an Aontais i gcomhréir leis na Prionsabail Fhorlíontacha maidir le Sonraí Acmhainní Daonna agus Ról na nÚdarás um Chosaint Sonraí (de réir mar is infheidhme) agus go gcomhlíonfaidh sí an chomhairle a thabharfaidh údaráis den sórt sin. Ní mór don eagraíocht cóip dá beartas príobháideachais acmhainní daonna a sholáthar don Roinn freisin agus faisnéis a sholáthar i gcás ina bhfuil an beartas príobháideachais ar fáil dá fostaithe dá ndéantar difear chun breathnú air.

d.

Coinneoidh an Roinn Liosta an Chreata Príobháideachais Sonraí ar bun agus cuirfidh sí ar fáil go poiblí é, d’eagraíochtaí a chomhdaigh aighneachtaí féindeimhniúcháin comhlánaithe, tosaigh agus tabharfaidh sí an liosta sin cothrom le dáta ar bhonn aighneachtaí athdheimhniúcháin bliantúla, comhlánaithe, chomh maith le fógraí a fhaightear de bhun an Phrionsabail Fhorlíontaigh maidir le Réiteach Díospóidí agus Forfheidhmiú. Níor cheart athdheimhniúcháin den sórt sin a sholáthar nach lú ná uair amháin sa bhliain; nó bainfear an eagraíocht de Liosta an Chreata Príobháideachais Sonraí agus ní dheimhneofar tairbhí CPS AE-SAM níos mó. Gach eagraíocht a chuireann an Roinn ar Liosta an Chreata Príobháideachais Sonraí ní mór dóibh beartais phríobháideachais ábhartha a bheith acu lena gcomhlíontar an Prionsabal maidir le Fógra agus a lua sna beartais phríobháideachais sin go gcloíonn siad leis na Prionsabail (12). Má tá fáil air ar líne, ní mór hipearnasc a bheith i mbeartas príobháideachais eagraíochta chuig suíomh gréasáin Chreat Príobháideachais Sonraí na Roinne nó chuig foirm an tsásra neamhspleáiche maidir le ceart cúitimh chun gearán a chur isteach atá ar fáil chun imscrúdú a dhéanamh ar ghearáin neamhréitithe a bhaineann le Prionsabail agus níl aon chostas i gceist don duine aonair.

e.

Beidh feidhm ag na Prionsabail láithreach tráth féindeimhniúchán. Eagraíochtaí rannpháirteacha a rinne féindeimhniúchán roimhe seo maidir le Prionsabail Chreat Sciath Phríobháideachais AE-SAM, beidh orthu a mbeartais phríobháideachais a thabhairt cothrom le dáta chun tagairt in ionad sin do ‘Phrionsabail Chreat Príobháideachais Sonraí AE-SAM’. Áireofar an tagairt sin le heagraíochtaí den sórt sin a luaithe is féidir, agus in aon chás tráth nach déanaí ná 3 mhí tar éis dháta éifeachtach Phrionsabail Chreat Príobháideachais Sonraí AE-SAM.

f.

Ní mór d’eagraíocht na sonraí pearsanta uile a fhaightear ón Aontas agus í ag brath ar CPS AE-SAM a chur faoi réir na bPrionsabal. Níl aon teorainn ama ag baint leis an ngealltanas cloí leis na Prionsabail i leith sonraí pearsanta a fhaightear le linn na tréimhse ina mbaineann an eagraíocht leas as tairbhí CPS AE-SAM; ciallaíonn a gealltanas go leanfaidh sí ag cur na bPrionsabal i bhfeidhm maidir le sonraí den sórt sin fad agus a stórálann an eagraíocht iad, a úsáideann sí iad nó a nochtann sí iad, fiú má fhágann sí an CPS AE-SAM ar aon chúis ina dhiaidh sin. Eagraíocht ar mian léi tarraingt siar ón CPS AE-SAM ní mór di fógra a thabhairt don Roinn faoi sin roimh ré. Ní mór a léiriú san fhógra sin freisin cad a dhéanfar leis na sonraí pearsanta a fuair sí agus í ag brath ar CPS AE-SAM (i.e., na sonraí a choinneáil, a sheoladh ar ais, nó a scriosadh, agus má choinníonn sí na sonraí, an bealach údaraithe faoina soláthróidh sí cosaint do na sonraí). Eagraíocht a tharraingíonn siar ón CPS AE-SAM, ach ar mian léi sonraí den sórt sin a choinneáil ní mór di a gealltanas a dheimhniú don Roinn ar bhonn bliantúil go gcuirfidh sí na Prionsabail i bhfeidhm maidir leis na sonraí nó cosaint ‘leormhaith’ a sholáthar do na sonraí ar bhealach údaraithe eile (mar shampla, conradh a úsáid lena léirítear go hiomlán ceanglais na gclásal conarthach caighdeánach ábhartha arna nglacadh ag an gCoimisiún); nó, ní mór don eagraíocht an fhaisnéis a sheoladh ar ais nó a scriosadh (13). Eagraíocht a tharraingíonn siar ó CPS AE-SAM, ní mór di aon tagairt do CPS AE-SAM a bhaint as aon bheartas príobháideachais ábhartha ar tagairtí iad a thugann le fios go bhfuil an eagraíocht fós rannpháirteach in CPS AE-SAM agus go bhfuil sí i dteideal leas a bhaint as a thairbhí.

g.

Eagraíocht nach ann di mar eintiteas dlítheanach ar leithligh i ngeall ar athrú ar a stádas corparáideach, de thoradh cumaisc, táthcheangail, féimheachta, nó lánscoir, ní mór di fógra a thabhairt don Roinn faoi sin roimh ré. Ba cheart a thabhairt le fios freisin san fhógra cé acu a leanfaidh an t-eintiteas de bharr an athraithe ar stádas corparáideach (i) de bheith rannpháirteach in CPS AE-SAM trí féindeimhniúchán atá ann cheana; (ii) d’fhéindeimhniú mar rannpháirtí nua in CPS AE-SAM (e.g., i gcás nach bhfuil féindeimhniúchán reatha cheana féin ag an eintiteas nua nó ag an eintiteas marthanach trína bhféadfadh sé a bheith rannpháirteach in CPS AE-SAM); nó (iii) coimircí eile a chur i bhfeidhm, amhail comhaontú i scríbhinn lena n-áiritheofar go leanfar de chur i bhfeidhm na bPrionsabal maidir le haon sonraí pearsanta a fuair an eagraíocht faoi CPS AE-SAM agus a choinneofar. I gcás nach bhfuil feidhm le (i), (ii), ná (iii), ní mór aon sonraí pearsanta a fuarthas faoi CPS AE-SAM a chur ar ais nó a scriosadh gan mhoill.

h.

I gcás ina bhfágann eagraíocht CPS AE-SAM ar aon chúis, ní mór di gach ráiteas lena dtugtar le tuiscint go leanann an eagraíocht de bheith rannpháirteach in CPS AE-SAM nó go bhfuil sí i dteideal tairbhí CPS AE-SAM a bhaint. Ní mór marc deimhniúcháin CPS AE-SAM, má úsáidtear é, a bhaint freisin. Aon mhífhaisnéis maidir le heagraíocht a bheith ag cloí leis na Prionsabail a thugann an eagraíocht don phobal i gcoitinne, féadfaidh sí a bheith inchaingne ag FTC, DOT nó comhlacht rialtais ábhartha eile. Féadfaidh mífhaisnéis don Roinn a bheith inchaingne faoi The False Statements Act (18 U.S.C., Roinn 1001).

7.   Fíorú

a.

Ní mór d’eagraíochtaí nósanna imeachta leantacha a sholáthar chun a fhíorú go bhfuil na fianuithe agus na dearbhuithe a dhéanann siad maidir lena gcleachtais phríobháideachais CPS AE-SAM fíor agus gur cuireadh na cleachtais sin chun feidhme mar a léiríodh iad agus i gcomhréir leis na Prionsabail.

b.

Chun ceanglais fíorúcháin an Phrionsabail maidir le Ceart Cúitimh, Forfheidhmiú agus Dliteanas a chomhlíonadh, ní mór d’eagraíocht fianuithe agus dearbhuithe den sórt sin a fhíorú trí fhéinmheasúnú nó trí athbhreithnithe seachtracha ar chomhlíontacht.

c.

I gcás inar roghnaigh an eagraíocht féinmheasúnú, ní mór a léiriú le fíorú den sórt sin go bhfuil a beartas príobháideachais maidir le faisnéis phearsanta a fuarthas ón Aontas cruinn, cuimsitheach, ar fáil go héasca, go gcloíonn sé leis na Prionsabail, agus gur cuireadh chun feidhme ina iomláine é (i.e., go bhfuil sé á chomhlíonadh). Ní mór di a thabhairt le fios freisin go bhfuil daoine aonair ar an eolas maidir le haon socrú intí chun gearáin a láimhseáil agus maidir leis an sásra neamhspleách nó na sásraí neamhspleácha maidir le ceart cúitimh trína féidir leo gearáin a leanúint; go bhfuil nósanna imeachta i bhfeidhm aici chun fostaithe a chur faoi oiliúint maidir lena chur chun feidhme, agus iad a smachtú i gcás nach leanann siad é; agus go bhfuil nósanna imeachta inmheánacha i bhfeidhm aici chun athbhreithnithe oibiachtúla a dhéanamh ar chomhlíontacht leis seo thuas ar bhonn tréimhsiúil. Ní mór d’oifigeach corparáideach nó d’ionadaí údaraithe eile den eagraíocht ráiteas ina bhfíoraítear go bhfuil an féinmheasúnú déanta a shíniú uair amháin sa bhliain ar a laghad agus é a chur ar fáil arna iarraidh sin ag daoine aonair nó i gcomhthéacs imscrúdaithe nó gearáin maidir le neamhchomhlíonadh.

d.

I gcás inar roghnaigh an eagraíocht athbhreithniú seachtrach ar chomhlíontacht, ní mór a léiriú le fíorú den sórt sin go bhfuil a beartas príobháideachais maidir le faisnéis phearsanta a fuarthas ón Aontas cruinn, cuimsitheach, ar fáil go héasca, go gcloíonn sé leis na Prionsabail, agus gur cuireadh chun feidhme ina iomláine é (i.e., go bhfuil sé á chomhlíonadh). Ní mór a léiriú leis freisin go bhfuil daoine aonair ar an eolas maidir leis an sásra/na sásraí trína bhféadfaidh siad gearáin a dhéanamh. Féadfar a áireamh leis na modhanna athbhreithniúcháin, gan teorainn, iniúchadh, athbhreithnithe randamacha, úsáid ‘díthreoraithe’, nó úsáid uirlisí teicneolaíochta de réir mar is iomchuí. Ní mór don athbhreithneoir nó don oifigeach corparáideach nó d’ionadaí údaraithe eile den eagraíocht ráiteas ina bhfíoraítear go ndearnadh athbhreithniú seachtrach ar chomhlíontacht a shíniú uair amháin sa bhliain ar a laghad agus é a chur ar fáil arna iarraidh sin ag daoine aonair nó i gcomhthéacs imscrúdaithe nó gearáin maidir le chomhlíonadh.

e.

Ní mór d’eagraíochtaí a dtaifid a choinneáil maidir le cur chun feidhme a gcleachtas príobháideachais CPS AE-SAM agus iad a chur ar fáil arna iarraidh sin i gcomhthéacs imscrúdaithe nó gearáin maidir le neamhchomhlíonadh a dhéantar le comhlacht neamhspleách um réiteach díospóidí atá freagrach as gearáin a láimhseáil nó leis an ngníomhaireacht ag a bhfuil dlínse maidir le cleachtais éagóracha agus mheabhlacha. Ní mór d’eagraíochtaí freagairt go pras freisin d’fhiosrúcháin agus d’iarrataí eile ar fhaisnéis ón Roinn a bhaineann le hiad a bheith ag cloí leis na Prionsabail.

8.   Rochtain

a.   An Prionsabal maidir le Rochtain sa Chleachtas

i.

Faoi na Prionsabail, tá an ceart rochtana bunúsach do chosaint príobháideachais. Go háirithe, ligeann sé do dhaoine aonair cruinneas na faisnéise atá á sealbhú maidir leo a fhíorú. Ciallaíonn an Prionsabal maidir le Rochtain go bhfuil an ceart ag daoine aonair:

1.

deimhniú a fháil ó eagraíocht faoi cé acu atá nó nach bhfuil an eagraíocht ag próiseáil sonraí pearsanta a bhaineann leo (14);

2.

sonraí den sórt sin a chur in iúl dóibh ionas go bhféadfaidís cruinneas na sonraí agus dlíthiúlacht na próiseála a fhíorú; agus

3.

na sonraí a cheartú, a leasú nó a scriosadh i gcás ina bhfuil siad míchruinn nó i gcás inar próiseáladh iad de shárú ar na Prionsabail.

ii.

Ní gá do dhaoine aonair údar a thabhairt le hiarrataí ar rochtain ar a sonraí pearsanta. Agus iad ag tabhairt freagra ar iarrataí rochtana daoine aonair, ba cheart d’eagraíochtaí treoir a fháil ar dtús ón ábhar imní ar lean na hiarrataí astu ar an gcéad dul síos. Mar shampla, má tá iarraidh ar rochtain doiléir nó leathan ina raon feidhme, féadfaidh eagraíocht dul i mbun idirphlé leis an duine ionas go bhfaighfear tuiscint níos fearr ar an gcúis a bhí leis an iarraidh agus chun faisnéis fhreagrúil a aimsiú. D’fhéadfadh an eagraíocht fiosrú a dhéanamh faoi cén chuid den eagraíocht lena raibh idirghníomhaíocht ag an duine aonair nó faoin gcineál faisnéise nó úsáid na faisnéise atá faoi ábhar na hiarrata ar rochtain.

iii.

I gcomhréir le cineál bunúsach na rochtana, ba cheart d’eagraíochtaí iarrachtaí a dhéanamh i gcónaí de mheon macánta chun rochtain a sholáthar. Mar shampla, i gcás ina gcaitear faisnéis áirithe a chosaint agus gur féidir í a leithlisiú go héasca ó fhaisnéis phearsanta eile faoi réir iarrata ar rochtain, ba cheart don eagraíocht an fhaisnéis faoi chosaint a fholú agus an fhaisnéis eile a chur ar fáil. Má chinneann eagraíocht gur cheart srian a chur ar rochtain in aon ásc ar leith, ba cheart di míniú a sholáthar don duine aonair atá ag iarraidh rochtana faoin gcúis a ndearna sí an cinneadh sin agus pointe teagmhála a thabhairt maidir le haon fhiosrúchán eile.

b.   An tUalach nó an Costas maidir le Rochtain a Sholáthar

i.

D’fhéadfadh an ceart rochtana ar shonraí pearsanta a bheith srianta in imthosca eisceachtúla i gcás ina sárófaí cearta dlisteanacha daoine seachas an duine aonair nó i gcás ina mbeadh an t-ualach nó an costas maidir le rochtain a sholáthar ar neamhréir leis na rioscaí do phríobháideachas an duine sa chás atá i gceist. Is tosca tábhachtacha iad costas agus ualach agus ba cheart iad a chur san áireamh ach ní tosca rialaitheacha iad maidir le cinneadh a dhéanamh faoi cibé an bhfuil sé réasúnach rochtain a sholáthar.

ii.

Mar shampla, má úsáidtear an fhaisnéis phearsanta le haghaidh cinntí a dhéanfaidh difear go suntasach don duine aonair (e.g., tairbhí thábhachtacha a shéanadh nó a dheonú, amhail árachas, morgáiste, nó post), ansin i gcomhréir leis na forálacha eile de na Prionsabail Fhorlíontacha sin, chaithfeadh an eagraíocht an fhaisnéis sin a nochtadh fiú má tá sé sách deacair nó sách daor í a sholáthar. Mura bhfuil an fhaisnéis phearsanta a iarrtar íogair nó mura n-úsáidtear í le haghaidh cinntí a dhéanfaidh difear go suntasach don duine aonair, ach go bhfuil sí ar fáil go héasca agus saor le soláthar, chaithfeadh eagraíocht rochtain a sholáthar ar fhaisnéis den sórt sin.

c.   Faisnéis Tráchtála Faoi Rún

i.

Is ionann faisnéis tráchtála faoi rún agus faisnéis ar ghlac eagraíocht céimeanna chun í a chosaint ar nochtadh, i gcás ina gcuideodh nochtadh le hiomaitheoir sa mhargadh. Féadfaidh eagraíochtaí rochtain a shéanadh nó a theorannú a mhéid go léireofaí trí rochtain iomlán a dheonú a faisnéis tráchtála féin faoi rún, amhail tátail nó aicmiúcháin mhargaíochta arna nginiúint ag an eagraíocht, nó faisnéis tráchtála faoi rún de chuid eagraíochta eile atá faoi réir oibleagáid chonartha maidir le rúndacht.

ii.

I gcás inar féidir faisnéis tráchtála faoi rún a leithlisiú go héasca ó fhaisnéis phearsanta eile faoi réir iarrata ar rochtain, ba cheart don eagraíocht an fhaisnéis tráchtála faoi rún a fholú agus an fhaisnéis nach bhfuil faoi rún a chur ar fáil.

d.   Bunachair Sonraí a Eagrú

i.

Is féidir rochtain a sholáthar i bhfoirm nochta arna dhéanamh ag eagraíocht ar fhaisnéis phearsanta ábhartha don duine aonair agus ní cheanglaítear leis go mbeadh rochtain ag an duine aonair ar bhunachar sonraí eagraíochta.

ii.

Ní gá rochtain a sholáthar ach amháin a mhéid a stórálann eagraíocht an fhaisnéis phearsanta. Ní chruthaítear aon oibleagáid ann féin leis an bPrionsabal maidir le Rochtain chun comhaid faisnéise phearsanta a choimeád, a choinneáil ar bun, a atheagrú, nó a athstruchtúrú.

e.   Cás ina bhFéadfaí Rochtain a Shrianadh

i.

Toisc nach mór d’eagraíochtaí iarrachtaí de mheon macánta a dhéanamh i gcónaí chun rochtain a thabhairt do dhaoine aonair ar a sonraí pearsanta, tá teorainn leis na himthosca ina bhféadfaidh eagraíochtaí srian a chur ar rochtain den sórt sin, agus ní mór aon chúis atá le rochtain a shrianadh a bheith sonrach. Mar is amhlaidh faoi RGCS, is féidir le heagraíocht srian a chur ar rochtain ar fhaisnéis a mhéid ar dócha go gcuirfidh an nochtadh isteach ar choimirciú leasanna poiblí frithchúitimh tábhachtacha, amhail an tslándáil náisiúnta; cosaint; nó an tslándáil phoiblí. Ina theannta sin, i gcás ina ndéantar an fhaisnéis a phróiseáil chun críoch taighde nó staidrimh amháin, féadfar rochtain a shéanadh. Seo a leanas na cúiseanna eile a ndéantar rochtain a shéanadh nó teorainn a chur léi:

1.

cur isteach ar chur i gcrích nó ar fhorfheidhmiú an dlí nó ar chúiseanna gníomhaíochta príobháideacha, lena n-áirítear cionta nó an ceart maidir le triail chóir a chosc, a imscrúdú nó a bhrath;

2.

nochtadh i gcás ina sárófaí cearta dlisteanacha nó leasanna tábhachtacha daoine eile;

3.

pribhléid nó oibleagáid dhlíthiúil nó pribhléid nó oibleagáid ghairmiúil eile a shárú;

4.

dochar a dhéanamh d’imscrúduithe slándála nó imeachtaí casaoide fostaithe nó maidir le pleanáil comharbais fostaithe agus atheagrú corparáideach; nó

5.

dochar a dhéanamh don rúndacht is gá i bhfeidhmeanna faireacháin, cigireachta nó rialála a bhaineann le bainistíocht fhónta, nó i gcaibidlíochtaí sa todhchaí nó caibidlíochtaí leanúnacha lena mbaineann an eagraíocht.

ii.

Eagraíocht a mhaíonn eisceacht tá sé d’ualach uirthi a léiriú go bhfuil sé riachtanach, agus ba cheart na cúiseanna a bhfuil rochtain á srianadh agus pointe teagmhála le haghaidh fiosrúcháin bhreise a thabhairt do dhaoine aonair.

f.   An Ceart maidir le Deimhniú a Fháil agus Táille a Ghearradh chun na Costais maidir le Soláthar Rochtana a Chumhdach

i.

Tá sé de cheart ag duine aonair deimhniú a fháil faoi cé acu atá nó nach bhfuil sonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi ag an eagraíocht sin. Tá sé de cheart freisin ag duine aonair go gcuirfí na sonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi in iúl dó nó di. Féadfaidh eagraíocht táille nach bhfuil iomarcach a ghearradh.

ii.

Féadfar bunús a thabhairt le táille a ghearradh, mar shampla, i gcás ina bhfuil iarrataí ar rochtain iomarcach go follasach, go háirithe toisc go bhfuil siad athráiteach.

iii.

Ní fhéadfar rochtain a dhiúltú ar fhorais costais má thairgeann an duine aonair na costais a íoc.

g.   Iarrataí Athráiteacha nó Cráiteacha ar Rochtain

i.

Féadfaidh eagraíocht teorainneacha réasúnacha a leagan síos maidir leis an líon uaireanta laistigh de thréimhse ar leith a chomhlíonfar iarrataí ar rochtain ó dhuine aonair ar leith. Agus teorainneacha den sórt sin á leagan síos, ba cheart d’eagraíocht tosca a chur san áireamh amhail an mhinicíocht lena ndéantar faisnéis a thabhairt cothrom le dáta, an aidhm dá n-úsáidtear na sonraí, agus cineál na faisnéise.

h.   Iarrataí Calaoiseacha ar Rochtain

i.

Ní cheanglaítear ar eagraíocht rochtain a sholáthar mura soláthraítear faisnéis leordhóthanach di chun a cheadú di aitheantas an duine a dhéanann an iarraidh a dheimhniú.

i.   Tréimhse Ama le haghaidh Freagairtí

i.

Ba cheart d’eagraíochtaí freagairt d’iarrataí ar rochtain laistigh de thréimhse ama réasúnach, ar bhealach réasúnach, agus i bhfoirm atá intuigthe go héasca don duine aonair. Eagraíocht a sholáthraíonn faisnéis d’ábhair sonraí ag idirthréimhsí tráthrialta féadfaidh siad iarraidh aonair ar rochtain a chomhlíonadh lena nochtadh tráthrialta mura mbeadh moill iomarcach i gceist leis.

9.   Sonraí Acmhainní Daonna

a.   Cumhdach le CPS AE-SAM

i.

I gcás ina n-aistríonn eagraíocht san Aontas faisnéis phearsanta maidir lena fostaithe (iarfhostaithe nó fostaithe reatha) a bailíodh i gcomhthéacs an chaidrimh fostaíochta, do thuismitheoir, cleamhnaí, nó soláthraí seirbhíse neamhchleamhnaithe sna Stáit Aontaithe atá rannpháirteach in CPS AE-SAM, baineann an t-aistriú leas as tairbhí CPS AE-SAM. Sna cásanna sin, beidh bailiú na faisnéise agus a próiseáil roimh an aistriú faoi réir dhlíthe náisiúnta an Bhallstáit den Aontas inar bailíodh í, agus caithfear aon choinníoll maidir lena haistriú nó aon srian ar a haistriú de réir na ndlíthe sin a urramú.

ii.

Níl na Prionsabail ábhartha ach amháin i gcás ina n-aistrítear nó ina bhfaightear rochtain ar thaifid shainaitheanta nó in-sainaitheanta. Tuairisciú staidrimh ina mbítear ag brath ar shonraí fostaíochta comhiomlána gan aon sonraí pearsanta ann nó gan aon úsáid as sonraí anaithnidithe ann, ní tharraingítear anuas imní maidir le príobháideachas sa tuairisciú sin.

b.   Na Prionsabail maidir le Fógra agus Rogha a Chur i bhFeidhm

i.

Eagraíocht as na Stáit Aontaithe a fuair faisnéis faoi fhostaithe ón Aontas faoi CPS AE-SAM féadfaidh sí í a nochtadh do thríú páirtithe nó í a úsáid chun críocha difriúla amháin i gcomhréir leis na Prionsabail maidir le Fógra agus Rogha. Mar shampla, i gcás ina bhfuil sé beartaithe ag eagraíocht faisnéis phearsanta a bailíodh tríd an gcaidreamh fostaíochta chun críocha nach mbaineann le fostaíocht a úsáid, amhail cumarsáid margaíochta, ní mór don eagraíocht as na Stáit Aontaithe an rogha riachtanach a sholáthar do na daoine dá ndéanfar difear sula ndéanfaidh sí amhlaidh, murar údaraigh siad úsáid na faisnéise cheana féin le haghaidh na gcríoch sin. Ní fhéadfaidh úsáid den sórt sin a bheith neamhréireach leis na críocha ar lena n-aghaidh a bailíodh an fhaisnéis nó lenar údaraigh an duine aonair í ina dhiaidh sin. Thairis sin, ní mór gan roghanna den sórt sin a úsáid chun srian a chur ar dheiseanna fostaíochta nó aon ghníomhaíocht phionósach a dhéanamh in aghaidh fostaithe den sórt sin.

ii.

Ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfadh coinníollacha áirithe is infheidhme go ginearálta maidir le haistriú ó roinnt Ballstát den Aontas bac a chur ar úsáidí eile faisnéise den sórt sin fiú tar éis a haistrithe lasmuigh den Aontas agus caithfear coinníollacha den sórt sin a urramú.

iii.

Ina theannta sin, ba cheart d’fhostóirí iarrachtaí réasúnacha a dhéanamh chun freastal ar shainroghanna fostaithe maidir le príobháideachas. D’fhéadfaí a áireamh leis sin, mar shampla, rochtain ar na sonraí pearsanta a shrianadh, sonraí áirithe a anaithnidiú, nó cóid nó ainmneacha bréige a shannadh nuair nach dteastaíonn na hainmneacha iarbhír le haghaidh na críche bainistíochta idir lámha.

iv.

A mhéid agus ar feadh na tréimhse is gá ionas nach ndéanfar dochar do chumas na heagraíochta promóisin, ceapacháin, nó cinntí eile fostaíochta den chineál céanna a dhéanamh, ní gá d’eagraíocht fógra agus rogha a thairiscint.

c.   An Prionsabal maidir le Rochtain a Chur i bhFeidhm

i.

Soláthraítear leis an bPrionsabal Forlíontach maidir le Rochtain treoraíocht maidir leis na cúiseanna a d’fhéadfadh údar a thabhairt le rochtain arna hiarraidh sa chomhthéacs acmhainní daonna a shéanadh nó a theorannú. Ar ndóigh, ní mór d’fhostóirí san Aontas rialacháin áitiúla a chomhlíonadh agus a áirithiú go mbeidh rochtain ag fostaithe an Aontais ar an gcineál faisnéise a cheanglaítear de réir dlí ina dtíortha baile, gan beann ar cá háit a dhéantar na sonraí a phróiseáil agus a stóráil. Ceanglaítear le CPS AE-SAM go rachaidh eagraíocht a phróiseálann sonraí den sórt sin sna Stáit Aontaithe i gcomhar chun rochtain den sórt sin a sholáthar go díreach nó tríd an bhfostóir san Aontas.

d.   Forfheidhmiú

i.

A mhéid nach n-úsáidtear faisnéis phearsanta ach amháin i gcomhthéacs an chaidrimh fostaíochta, is í an eagraíocht san Aontas a bheidh freagrach go príomha as na sonraí vis-à-vis an fostaí. Leanann sé, i gcás ina ndéanann fostaithe as an Eoraip gearáin faoi sháruithe ar a gcearta cosanta sonraí agus nach mbíonn siad sásta le torthaí na nósanna imeachta maidir le hathbhreithniú inmheánach, gearán, agus achomharc (nó aon nós imeachta casaoide is infheidhme faoi chonradh le ceardchumann), gur cheart iad a threorú chuig an stát nó chuig údarás náisiúnta cosanta sonraí nó údarás saothair sa dlínse ina n-oibríonn na fostaithe. Áirítear leis sin cásanna ina mbíonn an fhreagracht ar an eagraíocht sna Stáit Aontaithe as míláimhseáil líomhnaithe a gcuid faisnéise pearsanta, a fuair an fhaisnéis ón bhfostóir agus a bhaineann dá bhrí sin le sárú líomhnaithe ar na Prionsabail. Beidh sé sin ar an mbealach is éifeachtúla chun aghaidh a thabhairt ar na cearta agus na hoibleagáidí a thagann salach ar a chéile go minic agus a fhorchuirtear le dlí saothair áitiúil agus comhaontuithe saothair chomh maith le dlí cosanta sonraí.

ii.

Eagraíocht sna Stáit Aontaithe atá rannpháirteach in CPS AE-SAM a úsáideann sonraí acmhainní daonna de chuid an Aontais a aistrítear ón Aontas i gcomhthéacs an chaidrimh fostaíochta agus ar mian léi aistrithe den sórt sin a chumhdach le CPS AE-SAM ní mór di dá bhrí sin a bheith meáite ar dhul i gcomhar in imscrúduithe a dhéanfaidh údaráis inniúla an Aontais sna cásanna sin agus comhairle na n-údarás sin a chomhlíonadh.

e.   An Prionsabal maidir le Cuntasacht i leith Aistriú ar Aghaidh a Chur i bhFeidhm

i.

Maidir le riachtanais oibríochtúla anois is arís a bhaineann le fostaíocht de chuid na heagraíochta rannpháirtí i dtaca le sonraí pearsanta a aistrítear faoi CPS AE-SAM, amhail eitilt, seomra óstáin a chur in áirithe, nó cumhdach árachais, is féidir sonraí pearsanta líon beag fostaithe a aistriú chuig rialaitheoirí gan an Prionsabal maidir le Rochtain a chur i bhfeidhm nó gan conradh a dhéanamh leis an rialaitheoir tríú páirtí, mar a cheanglaítear ar bhealach eile faoin bPrionsabal maidir le Cuntasacht i leith Aistriú ar Aghaidh, ar choinníoll gur chomhlíon an eagraíocht rannpháirteach na Prionsabail maidir le Fógra agus Rogha.

10.   Conarthaí Éigeantacha maidir le hAistrithe ar Aghaidh

a.   Conarthaí Próiseála Sonraí

i.

Nuair a aistrítear sonraí pearsanta ón Aontas chuig na Stáit Aontaithe chun críocha próiseála amháin, beidh conradh de dhíth, gan beann ar rannpháirtíocht an phróiseálaí in CPS AE-SAM.

ii.

Ceanglaítear i gcónaí ar rialaitheoirí sonraí san Aontas conradh a dhéanamh nuair a dhéantar aistriú le haghaidh próiseáil amháin, cé acu a dhéantar an oibríocht phróiseála laistigh nó lasmuigh den Aontas, agus cé acu a bhíonn nó nach mbíonn an próiseálaí rannpháirteach in CPS AE-SAM. Is é is aidhm don chonradh a dhéanamh cinnte maidir leis an bpróiseálaí:

1.

nach ngníomhaíonn sé ach ar threoracha ón rialaitheoir amháin;

2.

go soláthraíonn sé bearta teicniúla agus eagraíochtúla iomchuí chun sonraí pearsanta a chosaint ar a scriosadh trí thimpiste nó a scriosadh neamhdhleathach nó caillteanas trí thimpiste, athrú, nochtadh nó rochtain neamhúdaraithe, agus go dtuigeann sé cé acu a cheadaítear nó nach gceadaítear aistriú ar aghaidh; agus

3.

ag cur cineál na próiseála san áireamh, tugann sé cúnamh don rialaitheoir chun freagairt do dhaoine aonair a chuireann a gcearta i gcrích faoi na Prionsabail.

iii.

Toisc go soláthraíonn eagraíochtaí rannpháirteacha cosaint leormhaith, ní theastaíonn réamhúdarú le haghaidh conarthaí le heagraíochtaí den sórt sin le haghaidh próiseáil amháin.

b.   Aistrithe laistigh de Ghrúpa Rialaithe Corparáidí nó Eintiteas

i.

I gcás ina n-aistrítear faisnéis phearsanta idir beirt rialaitheoirí laistigh de ghrúpa rialaithe corparáidí nó eintiteas, ní bhíonn gá le conradh i gcónaí faoin bPrionsabal maidir le Cuntasacht i leith Aistriú ar Aghaidh. Rialaitheoirí sonraí laistigh de ghrúpa rialaithe corparáidí nó eintiteas, féadfaidh siad aistrithe den sórt sin a bhunú ar ionstraimí eile, amhail Rialacha Ceangailteacha Corparáideacha nó ionstraimí eile inghrúpa (e.g., cláir chomhlíontachta agus rialaithe), ag áirithiú go leanfar de chosaint na faisnéise pearsanta faoi na Prionsabail. I gcás aistrithe den sórt sin, beidh an eagraíocht rannpháirteach fós freagrach as na Prionsabail a chomhlíonadh.

c.   Aistrithe idir Rialaitheoirí

i.

Maidir le haistrithe idir rialaitheoirí, ní gá gur eagraíocht rannpháirteach a bheadh sa rialaitheoir fála nó ní gá dó sásra neamhspleách maidir le ceart cúitimh a bheith aige. Ní mór don eagraíocht rannpháirteach conradh a dhéanamh leis an rialaitheoir tríú páirtí fála lena soláthraítear an leibhéal céanna cosanta agus atá ar fáil faoi CPS AE-SAM, gan an ceanglas go mbeadh an rialaitheoir tríú páirtí ina eagraíocht rannpháirteach nó go mbeadh sásra neamhspleách maidir le ceart cúitimh aige san áireamh, ar choinníoll go gcuireann sé sásra coibhéiseach ar fáil.

11.   Réiteach Díospóidí agus Forfheidhmiú

a.

Faoin bPrionsabal maidir le Ceart Cúitimh, Forfheidhmiú agus Dliteanas leagtar amach na ceanglais maidir le forfheidhmiú CPS AE-SAM. Leagtar amach sa Phrionsabal Forlíontach maidir le Fíorú conas ceanglais phointe (a)(ii) den Phrionsabal a chomhlíonadh. Tugtar aghaidh leis an bPrionsabal Forlíontach ar phointí (a)(i) agus (a)(iii), agus ceanglaítear sásraí neamhspleácha maidir le ceart cúitimh leis an dá cheann acu. D’fhéadfadh na sásraí sin a bheith i bhfoirmeacha éagsúla, ach ní mór dóibh ceanglais an Phrionsabail maidir le Ceart Cúitimh, Forfheidhmiú agus Dliteanas a chomhlíonadh. Comhlíonann eagraíochtaí na ceanglais tríd an méid seo a leanas: (i) comhlíontacht le cláir phríobháideachais arna bhforbairt ag an earnáil phríobháideach lena ndéantar na Prionsabail a ionchorprú ina gcuid rialacha agus ina n-áirítear sásraí forfheidhmiúcháin éifeachtacha den chineál a dtugtar tuairisc orthu sa Phrionsabal maidir le Ceart Cúitimh, Forfheidhmiú agus Dliteanas; (ii) comhlíontacht le húdaráis mhaoirseachta dlíthiúla nó rialála a dhéanann foráil maidir le gearáin aonair a láimhseáil agus maidir le réiteach díospóidí; nó (iii) gealltanas dul i gcomhar le ÚCSanna atá lonnaithe san Aontas nó lena n-ionadaithe údaraithe.

b.

Tá an liosta seo beartaithe a bheith léiritheach agus ní teorantach. Féadfaidh an earnáil phríobháideach sásraí breise a dhearadh chun forfheidhmiú a sholáthar, a fhad agus a chomhlíonann siad ceanglais an Phrionsabail maidir le Ceart Cúitimh, Forfheidhmiú agus Dliteanas agus na bPrionsabal Forlíontach. Tabhair faoi deara go bhfuil ceanglais an Phrionsabail maidir le Ceart Cúitimh, Forfheidhmiú agus Dliteanas sa bhreis ar an gceanglas nach mór do na hiarrachtaí féinrialála a bheith in-fhorfheidhmithe faoi Alt 5 deThe FTC Act (15 U.S.C., Roinn 45) lena dtoirmeasctar gníomhartha éagóracha nó meabhlacha, 49 U.S.C., Roinn 41712, lena dtoirmeasctar ar iompróir nó ar ghníomhaire ticéad a bheith ag gabháil do chleachtas éagothrom nó meabhlach san aeriompar nó i ndíol aeriompair, nó dlí nó rialachán eile lena dtoirmeasctar gníomhartha den sórt sin.

c.

Chun cuidiú chun comhlíontacht a áirithiú lena ngealltanais faoi CPS AE-SAM agus chun tacú le riar an chláir, ní mór d’eagraíochtaí, chomh maith lena sásraí neamhspleácha maidir le ceart cúitimh, faisnéis a sholáthar a bhaineann le CPS AE-SAM arna iarraidh sin ag an Roinn. Ina theannta sin, ní mór d’eagraíochtaí freagairt go gasta do ghearáin maidir lena gcomhlíontacht leis na Prionsabail arna dtarchur ag ÚCSanna tríd an Roinn. Ba cheart aghaidh a thabhairt sa fhreagairt ar cé acu atá nó nach bhfuil fiúntas ag baint leis an ngearán agus, má tá, conas a réiteoidh an eagraíocht an fhadhb. Tabharfaidh an Roinn cosaint do rúndacht na faisnéise a fhaigheann sí i gcomhréir le dlí na Stát Aontaithe.

d.

Sásraí maidir le Ceart Cúitimh

i.

Ba cheart daoine aonair a spreagadh chun aon ghearán a d’fhéadfadh a bheith acu a ardú leis an eagraíocht ábhartha sula dtéann siad ar aghaidh chuig sásraí neamhspleácha maidir le ceart cúitimh. Ní mór d’eagraíochtaí freagairt do dhuine aonair laistigh de 45 lá ó ghearán a fháil. Is ceist fhíorasach é cé acu atá nó nach bhfuil sásra neamhspleách maidir le ceart cúitimh agus ar féidir é a léiriú go háirithe le neamhchlaontacht, comhdhéanamh trédhearcach agus maoiniú, agus le cuntas teiste cruthaithe. Mar a cheanglaítear leis an bPrionsabal maidir le Ceart Cúitimh, Forfheidhmiú agus Dliteanas, ní mór don iontaoibh a bheidh ar fáil do dhaoine aonair a bheith ar fáil go héasca agus saor in aisce do dhaoine. Ba cheart do chomhlachtaí neamhspleácha um réiteach díospóidí féachaint ar gach gearán a fhaightear ó dhaoine aonair seachas más léir go bhfuil siad gan bhunús nó suaibhreosach. Ní chuirtear bac leis sin ar an gcomhlacht neamhspleách um réiteach díospóidí a fheidhmíonn an sásra maidir le ceart cúitimh ceanglais incháilitheachta a bhunú, ach ba cheart do na ceanglais sin a bheith trédhearcach agus ba cheart bonn cirt a bheith leo (mar shampla, gearáin atá lasmuigh de raon feidhme an chláir nó atá á mbreithniú i bhfóram eile a chur as an áireamh), agus ba cheart go mbainfidís an bonn don ghealltanas féachaint ar ghearáin dhlisteanacha. Ina theannta sin, ba cheart do shásraí maidir le ceart cúitimh faisnéis iomlán atá ar fáil go héasca a sholáthar do dhaoine aonair faoin gcaoi a n-oibríonn an nós imeachta réitigh díospóidí le linn dóibh gearán a chomhdú. Ba cheart a áireamh le faisnéis den sórt sin fógra maidir le cleachtais phríobháideachais an tsásra, i gcomhréir leis na Prionsabail. Ba cheart dóibh dul i gcomhar freisin chun uirlisí a fhorbairt, amhail foirmeacha caighdeánacha chun gearán a dhéanamh chun an próiseas réitigh gearán a éascú.

ii.

Ní mór do shásraí neamhspleácha maidir le ceart cúitimh faisnéis a áireamh ar a suíomhanna gréasáin poiblí maidir leis na Prionsabail agus na seirbhísí a sholáthraíonn siad faoi CPS AE-SAM. Ní mór a áireamh leis an bhfaisnéis sin: (1) faisnéis ar cheanglais na bPrionsabal maidir le sásraí neamhspleácha maidir le ceart cúitimh nó nasc leis na ceanglais sin; (2) nasc le suíomh gréasáin na Roinne faoin gCreat Príobháideachais Sonraí; (3) míniú go bhfuil a gcuid seirbhísí réitigh díospóidí faoi CPS AE-SAM saor in aisce do dhaoine aonair; (4) tuairisc ar an mbealach is féidir gearán a bhaineann leis na Prionsabail a chomhdú; (5) an tréimhse ama a bhíonn i gceist chun gearáin a bhaineann le Prionsabail a phróiseáil; agus (6) tuairisc ar raon na leigheasanna féideartha.

iii.

Ní mór do shásraí neamhspleácha maidir le ceart cúitimh tuarascáil bhliantúil a fhoilsiú ina soláthrófar staitisticí comhiomlána maidir lena seirbhísí um réiteach díospóide. Ní mór an méid seo a leanas a bheith sa tuarascáil bhliantúil: (1) an líon foriomlán gearán a bhaineann le Prionsabail agus a fuarthas le linn na bliana tuairiscithe; (2) na cineálacha gearán a fuarthas; (3) bearta cáilíochta maidir le réiteach díospóidí, amhail an fad ama a thógann sé gearáin a phróiseáil; agus (4) torthaí na ngearán a fuarthas, go háirithe an líon agus na cineálacha leigheasanna nó smachtbhannaí a forchuireadh.

iv.

Mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I, tá an rogha eadrána seo ar fáil do dhuine aonair chun a chinneadh, i ndáil le héilimh iarmharacha, cé acu a sháraigh nó nár sháraigh eagraíocht rannpháirteach a hoibleagáidí faoi na Prionsabail i leith an duine aonair sin, agus cé acu atá nó nach bhfuil an sárú sin neamh-leigheasta go hiomlán nó go páirteach fós. Níl an rogha sin ar fáil ach chun na gcríoch sin amháin. Níl an rogha sin ar fáil, mar shampla, maidir leis na heisceachtaí ar na Prionsabail (15) nó maidir le líomhain faoi leordhóthanacht CPS AE-SAM. Faoin rogha eadrána sin, tá an t-údarás ag ‘Painéal Chreat Príobháideachais Sonraí AE-SAM’ (ina gcuimsítear eadránaí amháin nó triúr eadránaithe) chun faoiseamh cothromasach neamhairgeadaíochta a bhaineann go sonrach leis an duine aonair a fhorchur (amhail rochtain, ceartú, scriosadh, nó sonraí ann duine aonair i gceist a chur ar ais chuige) is gá chun sárú na bPrionsabal a leigheas i leith an duine aonair amháin. Beidh daoine aonair agus eagraíochtaí rannpháirteacha in ann athbhreithniú breithiúnach agus forfheidhmiú na gcinntí eadrána a lorg de bhun dhlí na Stát Aontaithe faoi The Federal Arbitration Act.

e.

Leigheasanna agus Smachtbhannaí

i.

Ba cheart gurb é an toradh a bheadh ar aon leigheas arna sholáthar ag an gcomhlacht neamhspleách um réiteach díospóidí go ndéanfadh an eagraíocht éifeachtaí na neamhchomhlíontachta a aisiompú nó a cheartú, a mhéid is féidir, agus go mbeidh an phróiseáil a dhéanfaidh an eagraíocht sa todhchaí i gcomhréir leis na Prionsabail agus, i gcás inarb iomchuí, go scoirfear de phróiseáil sonraí pearsanta an duine aonair a thug an gearán. Ní mór do smachtbhannaí a bheith láidir go leor chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh an eagraíocht na Prionsabail. Ceadóidh an raon smachtbhannaí de mhéideanna éagsúla tromchúise do chomhlachtaí um réiteach díospóidí freagairt go hiomchuí do mhéideanna éagsúla neamhchomhlíontachta. Ba cheart a áireamh le smachtbhannaí poiblíocht maidir le torthaí na neamhchomhlíontachta agus an ceanglas sonraí a scriosadh in imthosca áirithe (16). D’fhéadfaí a áireamh le smachtbhannaí eile séala a chur ar fionraí agus a bhaint, cúiteamh do dhaoine aonair as caillteanais arna dtabhú de thoradh neamhchomhlíontachta agus dámhachtainí urghaire. Ní mór do chomhlachtaí neamhspleácha um réiteach díospóidí ón earnáil phríobháideach agus do chomhlachtaí féinrialála fógra a thabhairt nuair nach gcomhlíonann eagraíochtaí rannpháirteacha a gcuid rialuithe don chomhlacht rialtais ag a bhfuil dlínse is infheidhme nó na cúirteanna, de réir mar is iomchuí, agus an Roinn.

f.

Gníomhaíocht FTC

i.

Tá FTC tiomanta d’athbhreithniú a dhéanamh ar bhonn tosaíochta ar chásanna a thugtar ar aghaidh ina líomhnaítear nár comhlíonadh na Prionsabail a fuarthas: (i) ó chomhlachtaí féinrialála príobháideachais agus ó chomhlachtaí neamhspleácha eile um réiteach díospóidí; (ii) ó Bhallstáit an Aontais; agus (iii) ón Roinn, chun a chinneadh cé acu a sáraíodh nó nár sáraíodh Roinn 5 de The FTC Act lena gcuirtear toirmeasc ar ghníomhartha nó cleachtais éagóracha nó mheabhlacha sa tráchtáil. Má chinneann FTC go bhfuil cúis aige le creidiúint gur sáraíodh Roinn 5, féadfaidh sé an t-ábhar a réiteach trí ordú riaracháin stop agus scoir a lorg lena gcuirtear toirmeasc ar na cleachtais a bhfuil agóid á ndéanamh ina leith nó trí ghearán a dhéanamh i gcúirt dúiche fheidearálach, ina bhféadfadh ordú cúirte feidearálach ag a mbeadh an éifeacht chéanna a bheith mar thoradh air má éiríonn leis. Áirítear leis sin maímh bhréagacha maidir le comhlíonadh na bPrionsabal nó rannpháirtíocht na n-eagraíochtaí in CPS AE-SAM nach bhfuil ar Liosta an Chreata Príobháideachais Sonraí a thuilleadh nó nach ndearna féindeimhniú don Roinn riamh. Is féidir le FTC pionóis shibhialta a fháil maidir le sáruithe ar ordú riaracháin stop agus scoir agus féadfaidh sé díspeagadh coiriúil nó sibhialta a shaothrú maidir le sárú ar ordú cúirte feidearálach. Tabharfaidh FTC fógra don Roinn maidir le haon ghníomhaíocht den sórt sin a dhéanann sé. Spreagann an Roinn comhlachtaí rialtais eile chun fógra a thabhairt di faoi dhiúscairt deiridh aon cháis den sórt sin a chuirtear ar aghaidh nó rialaithe eile lena gcinntear comhlíonadh na bPrionsabal.

g.

Neamhchomhlíonadh Leanúnach

i.

Má mhainníonn eagraíocht go leanúnach na Prionsabail a chomhlíonadh, níl sí i dteideal tairbhiú de CPS AE-SAM a thuilleadh. Na heagraíochtaí a mhainnigh go leanúnach na Prionsabail a chomhlíonadh, bainfidh siad de Liosta an Chreata Príobháideachais Sonraí agus ní mór dóibh an fhaisnéis phearsanta a fuair siad faoi CPS AE-SAM a thabhairt ar ais nó a scriosadh.

ii.

Tagann neamhchomhlíonadh leanúnach chun cinn i gcás ina ndiúltaíonn eagraíocht a rinne féindeimhniú don Roinn cinneadh críochnaitheach ó aon chomhlacht féinrialála príobháideachais, aon chomhlacht neamhspleách um réiteach díospóidí, nó aon chomhlacht rialtais a chomhlíonadh, nó i gcás ina gcinneann comhlacht den sórt sin, lena n-áirítear an Roinn, nach gcomhlíonann eagraíocht na Prionsabail go minic, go dtí an pointe nach bhfuil maíomh na heagraíochta ar chomhlíonadh inchreidte a thuilleadh. I gcásanna ina ndéanann comhlacht seachas an Roinn cinneadh den sórt sin ní mór don eagraíocht fógra a thabhairt don Roinn gan mhoill faoi fhíorais den sórt sin. An fógra sin a bheith gan tabhairt, sin rud a fhéadfaidh a bheith inchaingne faoi The False Statements Act (18 U.S.C., Roinn 1001). Ní dhéanann tarraingt siar eagraíochta ó chlár féinrialála príobháideachais san earnáil phríobháideach nó ó shásra neamhspleách um réiteach díospóidí an eagraíocht a shaoradh óna hoibleagáidí maidir leis na Prionsabail a chomhlíonadh agus neamhchomhlíonadh leanúnach a bheadh ann.

iii.

Bainfidh an Roinn eagraíocht de Liosta an Chreata Príobháideachais Sonraí mar gheall ar neamhchomhlíonadh leanúnach, lena n-áirítear de thoradh aon fhógra a fhaigheann sí maidir le neamhchomhlíonadh den sórt sin ón eagraíocht féin, ó chomhlacht féinrialála príobháideachais nó comhlacht neamhspleách eile um réiteach díospóidí nó ó chomhlacht rialtais, ach fógra 30 lá agus deis freagartha a thabhairt don eagraíocht ar dtús (17). Dá réir sin, beidh sé soiléir i Liosta an Chreata Príobháideachais Sonraí atá coinnithe ar bun ag an Roinn, cé na heagraíochtaí atá áirithithe agus cé na heagraíochtaí nach bhfuil áirithithe maidir le tairbhí CPS AE-SAM a thuilleadh.

iv.

Eagraíocht a dhéanann iarratas ar a bheith rannpháirteach i gcomhlacht féinrialála chun críocha athcháilithe do CPS AE-SAM, ní mór di faisnéis iomlán a sholáthar maidir lena rannpháirtíocht roimhe sin in CPS AE-SAM.

12.   Rogha – Uainiú maidir le Gan Bheith Páirteach

a.

Go ginearálta, is é is cuspóir don Phrionsabal maidir le Rogha a áirithiú go n-úsáidfear agus go nochtfar faisnéis phearsanta ar bhealaí a bheidh i gcomhréir le hionchais agus le rogha an duine aonair. Dá réir sin, ba cheart go mbeadh an duine in ann an rogha ‘gan bheith páirteach’ a fheidhmiú tráth ar bith maidir le faisnéis phearsanta a úsáidtear le haghaidh margaíocht dhíreach faoi réir teorainneacha réasúnacha arna mbunú ag an eagraíocht, amhail am a thabhairt don eagraíocht ionas go mbeadh éifeachtach leis an rogha gan bheith páirteach. Féadfaidh eagraíocht faisnéis leordhóthanach a éileamh freisin chun aitheantas an duine aonair a d’iarr ‘gan bheith páirteach’ a dheimhniú. Sna Stáit Aontaithe, féadfar go mbeidh daoine aonair in ann an rogha seo a fheidhmiú trí chlár lárnach ‘gan bheith páirteach’ a úsáid. I gcás ar bith, ba cheart go dtabharfaí sásra atá ar fáil go héasca agus atá inacmhainne do dhuine aonair chun an rogha seo a fheidhmiú.

b.

Ar an gcaoi chéanna, féadfaidh eagraíocht faisnéis chun críocha na margaíochta dírí áirithe a úsáid nuair a bhíonn sé neamhphraiticiúil deis a sholáthar don duine aonair gan bheith páirteach sula n-úsáidfear an fhaisnéis, má thugann an eagraíocht deis den sórt sin gan mhoill ag an tráth céanna (agus ar iarraidh ag tráth ar bith) maidir le diúltú (gan costas don duine aonair) do thuilleadh teachtaireachtaí margaíochta díreacha d’aon chineál a fháil agus go gcomhlíonann an eagraíocht mianta an duine aonair.

13.   Faisnéis faoi Thaisteal

a.

Féadfar faisnéis áirithinte paisinéara aerlíne agus faisnéis taistil eile, amhail faisnéis faoi phaisinéirí rialta nó faoi áirithint óstáin agus riachtanais láimhseála speisialta, amhail béilí chun ceanglais reiligiúnacha a chomhlíonadh nó cúnamh fisiciúil, a aistriú chuig eagraíochtaí atá lonnaithe lasmuigh den Aontas Eorpach i roinnt cúinsí difriúla. Faoi RGCS, féadfar sonraí pearsanta, in éagmais cinneadh leordhóthanachta, a aistriú chuig tríú tír má sholáthraítear coimircí iomchuí maidir le cosaint sonraí de bhun Airteagal 46 RGCS nó, i gcásanna sonracha, má chomhlíontar ceann de na coinníollacha de bhun Airteagal 49 RGCS (e.g., i gcás inar thoiligh an t-ábhar sonraí go follasach leis an aistriú). Soláthraíonn eagraíochtaí na Stát Aontaithe atá rannpháirteach in CPS AE-SAM cosaint leormhaith maidir le sonraí pearsanta agus dá bhrí sin féadfaidh siad aistrithe sonraí a fháil ón Aontas ar bhonn Airteagal 45 RGCS, gan gá ionstraim aistrithe de bhun Airteagal 46 RGCS a chur i bhfeidhm ná coinníollacha d’Airteagal 49 RGCS a chomhlíonadh. Ós rud é go n-áirítear le CPS AE-SAM rialacha sonracha maidir le faisnéis íogair, féadfar faisnéis den sórt sin (a bhféadfadh gá a bheith ann í a bhailiú, mar shampla, i ndáil le riachtanais custaiméirí i leith cúnamh fisiciúil) a áireamh in aistrithe chuig eagraíochtaí rannpháirteacha. I ngach cás, áfach, ní mór don eagraíocht a bhfuil an fhaisnéis á aistriú aici an dlí a urramú sa Bhallstát den Aontas ina bhfuil sí ag feidhmiú, a fhéadfaidh inter alia coinníollacha speisialta a fhorchur ar shonraí íogaire a láimhseáil.

14.   Táirgí Cógaisíochta agus Leighis

a.   Dlíthe an Aontais/na mBallstát nó na Prionsabail a chur i bhfeidhm

i.

Tá feidhm ag dlí an Aontais/na mBallstát maidir le sonraí pearsanta a bhailiú agus le haon próiseáil a tharlaíonn roimh an aistriú chuig na Stáit Aontaithe. Tá feidhm ag na Prionsabail maidir leis na sonraí a luaithe a ndéantar iad a aistriú chuig na Stáit Aontaithe. Ba cheart go mbeadh na sonraí a úsáidtear le haghaidh taighde cógaisíochta agus cuspóirí eile anaithnidithe nuair is iomchuí.

b.   Taighde Eolaíoch sa Todhchaí

i.

Sonraí pearsanta a forbraíodh i staidéir thaighde shonracha leighis agus cógaisíochta, is minic a bhíonn ról luachmhar acu i dtaighde eolaíoch sa todhchaí. I gcás ina n-aistrítear sonraí pearsanta a bhailítear le haghaidh staidéir taighde amháin chuig eagraíocht de chuid na Stát Aontaithe in CPS AE-SAM, féadfaidh an eagraíocht na sonraí pearsanta a úsáid le haghaidh gníomhaíocht taighde eolaíoch nua má sholáthraítear fógra agus rogha iomchuí ar an gcéad dul síos. Ba cheart faisnéis maidir le haon úsáid shonrach a bhainfear as na sonraí sa todhchaí a sholáthar leis an bhfógra, amhail obair leantach thréimhsiúil, staidéir ábhartha, nó margaíocht.

ii.

Tuigtear nach féidir gach úsáid a bhainfear as na sonraí pearsanta sa todhchaí a shonrú, mar go bhféadfadh úsáid taighde nua teacht chun cinn ó léargais nua maidir leis na sonraí bunaidh, fionnachtana agus dul chun cinn leighis nua, agus forbairtí sláinte poiblí agus rialála. I gcás inarb iomchuí, ba cheart dá bhrí sin go n-áireofaí leis an bhfógra míniú go bhféadfar sonraí pearsanta a úsáid sa todhchaí i ngníomhaíochtaí leighis agus cógaisíochta nach bhfuil coinne leo. Mura bhfuil an úsáid i gcomhréir leis an gcuspóir/na cuspóirí lenar bailíodh na sonraí pearsanta ina leith i dtosach, nó lenar tugadh toiliú ina leith ag an duine aonair ina dhiaidh sin, ní mór toiliú nua a fháil.

c.   Tarraingt siar ó Thriail Chliniciúil

i.

Féadfaidh rannpháirtithe a chinneadh nó féadfar a iarraidh orthu tarraingt siar ó thriail chliniciúil ag tráth ar bith. Aon sonraí pearsanta a bailíodh roimh an tarraingt siar a dhéanamh, féadfar iad a phróiseáil in éineacht le sonraí pearsanta eile mar chuid den triail chliniciúil, áfach, má bhí sé sin soiléir don rannpháirtí san fhógra tráth a d’aontaigh sé nó sí a bheith rannpháirteach.

d.   Aistrithe chun Críocha Rialála agus Maoirseachta

i.

Ceadaítear do chuideachtaí cógaisíochta agus feiste leighis sonraí pearsanta a sholáthar ó thrialacha cliniciúla a rinneadh san Aontas Eorpach do rialaitheoirí sna Stáit Aontaithe chun críocha rialála agus maoirseachta. Ceadaítear aistrithe do pháirtithe nach rialaitheoirí iad, amhail suíomhanna cuideachta agus taighdeoirí eile, i gcomhréir leis na Prionsabail maidir le Fógra agus Rogha.

e.   Staidéir ‘Dhallta’

i.

Chun oibiachtúlacht a áirithiú i roinnt mhaith trialacha cliniciúla, ní féidir rochtain a thabhairt do rannpháirtithe, ná ní d’imscrúdaitheoirí go minic ach an oiread, ar fhaisnéis faoin gcóireáil a d’fhéadfaí a bheith á cur ar gach rannpháirtí. Chuirfí bailíocht an staidéir taighde agus na dtorthaí i mbaol dá ndéanfaí é sin. Ní gá rochtain a sholáthar do rannpháirtithe i dtrialacha cliniciúla den sórt sin (dá ngairtear staidéir ‘dhallta’) ar na sonraí pearsanta maidir lena gcuid cóireála le linn na trialach má míníodh an srian seo tráth a ghlac an rannpháirtí páirt sa triail agus go gcuirfí ionracas na hiarrachta taighde i mbaol dá nochtfaí faisnéis den sórt sin.

ii.

Is ionann aontú chun bheith rannpháirteach sa triail faoi na coinníollacha sin agus tarscaoileadh réasúnach maidir leis an gceart chun rochtana. I ndiaidh chonclúid na trialach agus anailís na dtorthaí, ba cheart go mbeadh rochtain ag rannpháirtithe ar a gcuid sonraí pearsanta má iarrann siad amhlaidh. Ba cheart dóibh é a lorg ar an gcéad dul síos ón dochtúir nó soláthraí cúraim sláinte eile a chuir cóireáil orthu laistigh den triail chliniciúil, nó ar an dara dul síos ón eagraíocht urraíochta.

f.   Faireachán Sábháilteachta agus Éifeachtúlachta Táirge

i.

Ní gá do chuideachta cógaisíochta nó feiste leighis na Prionsabail a chur i bhfeidhm maidir le hurraim do Phrionsabail maidir le Fógra, Rogha, Cuntasacht i leith Aistriú Ar Aghaidh, agus Rochtain i ndáil lena gníomhaíochtaí faireacháin sábháilteachta agus éifeachtúlachta táirge, lena n-áirítear tuairisciú a dhéanamh ar theagmhais dhiúltacha agus othair/ábhair a rianú lena n-áirítear leighis nó feistí leighis áirithe, a mhéid a chuirtear isteach ar chomhlíontacht ceanglas reachtúil trína bheith ag cloí leis na Prionsabail. Tá an cás amhlaidh maidir le tuarascálacha a dhéanann, mar shampla, soláthraithe cúraim sláinte do chuideachtaí cógaisíochta agus feiste leighis, agus maidir le tuarascálacha a dhéanann cuideachtaí cógaisíochta agus feiste leighis do ghníomhaireachtaí rialtais amhail an tÚdarás Bia agus Drugaí.

g.   Sonraí Eochairchódaithe

i.

Déanann i gcónaí an príomh-imscrúdaitheoir eochairchodú go huathúil ar shonraí taighde nuair a bhailítear i dtosach iad ionas nach nochtfar aitheantas na n-ábhar sonraí aonair riamh. Ní thugtar an eochair do chuideachtaí cógaisíochta a dhéanann urraíocht ar an taighde sin. Is ag an taighdeoir amháin a choinnítear an eochairchód uathúil, ionas gur féidir leis nó léi an t-ábhar taighde a shainaithint faoi chúinsí speisialta (e.g., má tá cóir leighis leantach de dhíth). Aistriú ón Aontas Eorpach chuig na Stáit Aontaithe de shonraí atá códaithe ar an mbealach sin ar sonraí pearsanta an Aontais iad faoi dhlí an Aontais, chumhdófaí an t-aistriú sin leis na Prionsabail.

15.   Taifead Poiblí agus Faisnéis atá ar fáil go poiblí

a.

Ní mór d’eagraíocht na Prionsabail maidir le Slándáil, Sláine Sonraí agus Teorannú de réir Cuspóra, agus maidir le Ceart Cúitimh, Forfheidhmiú agus Dliteanas a chur i bhfeidhm i ndáil le sonraí pearsanta ó fhoinsí atá ar fáil go poiblí. Beidh feidhm chomh maith ag na Prionsabail sin maidir le sonraí pearsanta a bhailítear ó thaifid phoiblí (i.e., na taifid siúd a choinníonn gníomhaireachtaí rialtais nó eintitis ar aon leibhéal atá oscailte lena gceadú ag an bpobal i gcoitinne).

b.

Ní gá na Prionsabail maidir le Fógra, Rogha, nó Cuntasacht i leith Aistriú ar Aghaidh a chur i bhfeidhm maidir le faisnéis ó thaifid phoiblí, a fhad nach bhfuil siad comhcheangailte le faisnéis ó thaifid neamh-phoiblí, agus go n-urramaítear aon choinníoll maidir le comhairliúchán arna mbunú ag an dlínse ábhartha. Chomh maith leis sin, ní gá go ginearálta na Prionsabail maidir le Fógra, Rogha, nó Cuntasacht i leith Aistriú ar Aghaidh a chur i bhfeidhm maidir le faisnéis atá ar fáil go poiblí ach amháin i gcás ina sonraíonn an t-aistreoir Eorpach go bhfuil faisnéis den sórt sin faoi réir srianta lena gceanglaítear cur chun feidhme na bPrionsabal sin ag an eagraíocht le haghaidh na n-úsáidí atá beartaithe aici. Ní bheidh aon dliteanas ag eagraíochtaí maidir leis an gcaoi a n-úsáidfear faisnéis den sórt sin acu siúd a fhaigheann an fhaisnéis sin ó ábhair fhoilsithe.

c.

I gcás ina bhfuarthas amach gur chuir eagraíocht faisnéis phearsanta ar fáil go poiblí d’aon ghnó de shárú ar na Prionsabail ionas go bhféadfaidh daoine eile tairbhiú de na heisceachtaí sin, ní cháileoidh sí a thuilleadh do shochair CPS AE-SAM.

d.

Ní gá an Prionsabal maidir le Rochtain a chur i bhfeidhm maidir le faisnéis ó thaifid phoiblí a fhad nach bhfuil sé comhcheangailte le faisnéis phearsanta eile (cé is moite de mhéideanna beaga a úsáidtear chun faisnéis ó thaifid phoiblí a innéacsú nó a eagrú); urramófar, áfach, aon choinníoll maidir le comhairliúchán arna mbunú ag an dlínse ábhartha. Os a choinne sin, i gcás ina gcomhcheanglaítear faisnéis ó thaifid phoiblí le faisnéis ó thaifid neamh-phoiblí (seachas an méid a luaitear go sonrach thuas), ní mór d’eagraíocht rochtain ar fhaisnéis den sórt sin a sholáthar, ag glacadh leis nach faoi réir eisceachtaí ceadaithe eile atá sé.

e.

Mar an gcéanna le faisnéis ó thaifid phoiblí, ní gá rochtain ar fhaisnéis atá ar fáil go poiblí cheana a sholáthar don phobal i gcoitinne, a fhad nach bhfuil sí comhcheangailte le faisnéis nach bhfuil ar fáil go poiblí. Eagraíochtaí ar gnóthaí iad a dhíolann faisnéis atá ar fáil go poiblí, féadfaidh siad gnáth-tháille na heagraíochta a ghearradh maidir le freagairt d’iarrataí ar rochtain. De rogha air sin, féadfaidh daoine aonair rochtain a lorg ar a gcuid faisnéise ón eagraíocht a chuir na sonraí le chéile i dtosach.

16.   Iarrataí ar Rochtain ó Údaráis Phoiblí

a.

Chun trédhearcacht a sholáthar i leith iarrataí dlíthiúla ó údaráis phoiblí ar rochtain ar fhaisnéis phearsanta, féadfaidh eagraíochtaí rannpháirteacha tuarascálacha tréimhsiúla a eisiúint go deonach maidir le méid na n-iarrtaí ar fhaisnéis phearsanta a fhaigheann siad ó údaráis phoiblí ar chúiseanna maidir le forfheidhmiú an dlí nó slándáil náisiúnta, a mhéid is atá nochtaí den sórt sin incheadaithe faoin dlí is infheidhme.

b.

Is féidir an fhaisnéis a soláthraíodh ag na heagraíochtaí rannpháirteacha sna tuarascálacha sin in éineacht leis an bhfaisnéis a eisíodh ag an gcomhphobal faisnéise, chomh maith le faisnéis eile, a úsáid chun bonn eolais a chur faoin athbhreithniú comhpháirteach tréimhsiúil maidir le feidhmiú CPS AE-SAM i gcomhréir leis na Prionsabail.

c.

Ní chuirfidh éagmais fógra i gcomhréir le pointe (a)(xii) den Phrionsabal maidir le Fógra cosc ná bac ar chumas eagraíochta i leith freagairt a thabhairt ar aon iarraidh dlíthiúil.


(1)  Ar choinníoll go mbeidh feidhm ag an gCinneadh ón gCoimisiún maidir le leormhaithe na cosanta arna soláthar le CPS AE-SAM maidir leis an Íoslainn, Lichtinstéin agus an Iorua, cumhdófar le CPS AE-SAM an tAontas agus na trí thír sin. Dá dheasca sin, déanfar tagairtí don Aontas agus dá Bhallstáit a léamh mar thagairtí ina gcuimsítear an Íoslainn, Lichtinstéin, agus an Iorua.

(2)  RIALACHÁN (AE) 2016/679 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí).

(3)  Rinneadh Prionsabail Chreat Sciath Phríobháideachais AE-SAM a leasú mar ‘Phrionsabail an Chreata Príobháideachais Sonraí AE-SAM’. (Féach an Prionsabal Forlíontach maidir le Féindeimhniúchán).

(4)  Ordú Feidhmiúcháin an 7 Deireadh Fómhair, 2022, ‘Coimircí a fheabhsú le haghaidh Gníomhaíochtaí Faisnéise Comharthaí SAM.’

(5)   Féach, e.g., roinn (c) den Phrionsabal maidir le Ceart Cúitimh, Forfheidhmiú agus Dliteanas.

(6)  Ag brath ar na himthosca, féadfar a áireamh le samplaí de chríocha próiseála comhoiriúnacha iad sin a fhónann go réasúnta do chaidreamh le custaiméirí, comaoineacha comhlíontachta agus dlíthiúla, iniúchadh, slándáil agus cosc ar chalaois, cearta dlíthiúla na heagraíochta a chaomhnú nó a chosaint, nó críocha eile atá i gcomhréir le hionchais duine réasúnaigh i bhfianaise chomhthéacs an bhailithe.

(7)  Sa chomhthéacs seo, i gcás ina bhféadfadh sé tarlú, ag glacadh leis na modhanna aitheantais is dóchúla a úsáidfear (ag cur san áireamh, i measc rudaí eile, na costais agus an méid ama a theastaíonn i gcomhair sainaitheantais agus an teicneolaíocht atá ar fáil tráth na próiseála) agus an fhoirm ina gcoinnítear na sonraí, go sainaithneodh an eagraíocht duine aonair go réasúnta, nó go bhféadfadh tríú páirtí é a shainaithint i gcás ina mbeadh rochtain aige ar na sonraí, ansin beidh an duine aonair ‘in-sainaitheanta’.

(8)  Ní mór do dhuine aonair laistigh den eagraíocht an aighneacht a dhéanamh trí shuíomh gréasáin Chreat Príobháideachais Sonraí na Roinne, ar duine é atá údaraithe chun uiríll a dhéanamh thar ceann na heagraíochta agus aon cheann dá heintitis chumhdaithe maidir lena comhlíontacht leis na Prionsabail.

(9)  Ní féidir le príomh-‘theagmhálaí na heagraíochta’ ná le ‘oifigeach corparáideach na heagraíochta’ a bheith lasmuigh den eagraíocht (e.g., comhairle sheachtrach nó comhairleoir seachtrach).

(10)   Féach an Prionsabal Forlíontach maidir le Fíorú.

(11)   Féach Prionsabal Forlíontach maidir le Réiteach Díospóidí agus Forfheidhmiú.

(12)  Eagraíocht a bheidh ag féindeimhniú den chéad uair ní fhéadfaidh sí éileamh a dhéanamh a bheith rannpháirteach in CPS AE-SAM ina beartas príobháideachais deiridh go dtí go dtugann an Roinn fógra don eagraíocht gur féidir léi déanamh amhlaidh. Ní mór don eagraíocht dréacht-bheartas príobháideachais a sholáthar don Roinn, a bheidh i gcomhréir leis na Prionsabail, le linn di a féindeimhniúchán tosaigh a chur isteach. A luaithe agus a bheidh cinneadh déanta ag an Roinn go bhfuil féindeimhniúchán tosaigh na heagraíochta comhlánaithe murach sin, tabharfaidh an Roinn fógra don eagraíocht gur cheart di bailchríoch a chur (e.g., a fhoilsiú i gcás inarb infheidhme) ar a beartas príobháideachais atá comhsheasmhach le CPS AE-SAM. Ní mór don eagraíocht fógra gasta a thabhairt don Roinn a luaithe agus a chuirtear bailchríoch ar an mbeartas príobháideachais ábhartha, tráth a gcuirfidh an Roinn an eagraíocht ar Liosta an Chreata Príobháideachais Sonraí.

(13)  Má roghnaíonn eagraíocht tráth a tarraingthe siar na sonraí pearsanta a fuair sí agus í ag brath ar CPS AE-SAM a choinneáil agus go ndeimhníonn sí don Roinn ar bhonn bliantúil go leanann sí ag cur na bPrionsabal i bhfeidhm ar shonraí den sórt sin, ní mór don eagraíocht a fhíorú don Roinn uair amháin sa bhliain tar éis di tarraingt siar (i.e., ach amháin agus go dtí go soláthróidh an eagraíocht cosaint ‘leormhaith’ le haghaidh na sonraí sin ar bhealach údaraithe eile nó go dtí go dtabharfaidh sí ar ais nó go scriosfaidh sí na sonraí sin uile agus fógra a thabhairt don Roinn faoin ngníomhaíocht sin) a bhfuil déanta aici leis na sonraí pearsanta sin, mar aon lena ndéanfaidh sí le haon chuid de na sonraí pearsanta a leanann sí uirthi a choimeád, mar aon leis an duine a bheidh ina phointe teagmhála leanúnach le haghaidh ceisteanna a bhaineann le Prionsabail.

(14)  Ba cheart don eagraíocht freagra a thabhairt ar iarrataí ó dhuine aonair maidir le críocha na próiseála, catagóirí na sonraí pearsanta lena mbaineann, agus na faighteoirí nó na catagóirí faighteoirí dá nochtar na sonraí pearsanta.

(15)  Na Prionsabail, Forbhreathnú, mír 5.

(16)  Tá lánrogha ag comhlachtaí neamhspleácha um réiteach díospóidí maidir leis na himthosca ina n-úsáideann siad na smachtbhannaí sin. Toisc amháin a chuirfear san áireamh is ea íogaireacht na sonraí lena mbaineann nuair a bheidh cinneadh á dhéanamh faoi cé acu ba cheart a iarraidh go scriosfaí na sonraí, agus cé acu ar bhailigh, ar úsáid, nó ar nocht eagraíocht faisnéis de shárú follasach ar na Prionsabail.

(17)  Sonróidh an Roinn san fhógra an méid ama, ar gá go mbeidh sé níos lú ná 30 lá, a bheidh ag an eagraíocht chun freagairt a thabhairt ar an bhfógra.


IARSCRÍBHINN I: SAMHAIL EADRÁNA

Le hIarscríbhinn I seo soláthraítear na téarmaí faoina bhfuil oibleagáid ar eagraíochtaí atá rannpháirteach in CPS AE-SAM éilimh a eadránú, de bhun an Phrionsabail maidir le Ceart Cúitimh, Forfheidhmiú agus Dliteanas. Tá feidhm ag an rogha eadrána ceangailteach ar a dtugtar tuairisc thíos maidir le héilimh ‘iarmharacha’ i leith na sonraí a chumhdaítear le CPS AE-SAM. Is é cuspóir na rogha sin ná sásra cóir, neamhspleách, agus pras a sholáthar, ar rogha na ndaoine aonair, maidir le réiteach ar aon sárú a mhaítear ar na Prionsabail nach bhfuil réitithe ag aon cheann de shásraí eile CPS AE-SAM.

A.   Raon feidhme

Tá an rogha eadrána seo ar fáil do dhuine aonair chun a chinneadh, i ndáil le héilimh iarmharacha, cé acu a sháraigh nó nár sháraigh eagraíocht rannpháirteach a hoibleagáidí faoi na Prionsabail i leith an duine aonair sin, agus cé acu atá nó nach bhfuil an sárú sin gan leigheas go hiomlán nó go páirteach fós. Níl an rogha sin ar fáil ach chun na gcríoch sin amháin. Níl an rogha sin ar fáil, mar shampla, maidir leis na heisceachtaí ar na Prionsabail (1) nó maidir le líomhain faoi leordhóthanacht CPS AE-SAM.

B.   Leigheasanna atá ar fáil

Faoin rogha eadrána sin, tá an t-údarás ag ‘Painéal Chreat Príobháideachais Sonraí AE-SAM’ (an painéal eadrána ina bhfuil duine nó triúr eadránaithe, mar a chomhaontaigh na páirtithe) chun faoiseamh cothromasach neamhairgeadaíochta a bhaineann go sonrach le duine aonair a fhorchur (amhail rochtain, ceartú, scriosadh, nó na sonraí a chur ar ais don duine aonair i gceist) atá riachtanach chun sárú na bPrionsabal a leigheas i leith an duine aonair amháin. Is iad sin cumhachtaí uile Phainéal Chreat Príobháideachais Sonraí AE-SAM i leith na leigheasanna. Agus na leigheasanna á meas, ceanglaítear ar Phainéal Chreat Príobháideachais Sonraí AE-SAM meas a dhéanamh ar leigheasanna eile a forchuireadh cheana ag sásraí eile faoi CPS AE-SAM. Níl damáistí, costais, táillí, ná leigheasanna eile ar fáil. Seasann gach páirtí a dtáillí aturnae féin.

C.   Ceanglais maidir le Réamheadráin

Duine aonair a dhéanann an cinneadh chun an rogha eadrána sin a agairt, ní mór dó nó di na bearta seo a leanas a dhéanamh sula dtionscnófar éileamh eadrána: (1) an sárú a mhaítear a thabhairt chun cinn go díreach leis an eagraíocht agus deis a thabhairt don eagraíocht an tsaincheist a réiteach laistigh de thráthchlár a leagtar amach i Roinn (d)(i) den Phrionsabal Forlíontach um Réiteach Díospóidí agus Forfheidhmiú; (2) úsáid a bhaint as an sásra neamhspleách maidir le ceart cúitimh faoi na Prionsabail, gan aon chostas don duine aonair; agus (3) an tsaincheist a thabhairt chun cinn trí ÚCS an duine aonair don Roinn agus deis a thabhairt don Roinn a dícheall a dhéanamh chun an tsaincheist a réiteach laistigh de na tráthchláir a leagtar amach i Litir ó Údarás Trádála Idirnáisiúnta na Roinne, gan aon chostas don duine aonair.

Ní fhéadfar an rogha eadrána sin a agairt má bhí an sárú céanna a mhaíonn an duine aonair ar na Prionsabail (1) faoi réir eadrána ceangailtí roimhe sin; (2) ina ábhar breithiúnais deiridh a cuireadh isteach i ngníomhaíocht chúirte lena raibh an duine aonair ina pháirtí; nó (3) má shocraigh na páirtithe é roimhe sin. Ina theannta sin, ní fhéadfar an rogha sin a agairt má tá (1) údarás ag ÚCS faoin bPrionsabal Forlíontach maidir le Ról na nÚdarás um Chosaint Sonraí nó an Prionsabal Forlíontach maidir le Sonraí Acmhainní Daonna; nó (2) an t-údarás aige chun an sárú a mhaítear a réiteach go díreach leis an eagraíocht. An t-údarás atá ag ÚCS chun réiteach a dhéanamh ar an éileamh céanna in aghaidh rialaitheoir sonraí AE, ní chuireann sé bac ar chaingean na rogha eadrána sin in aghaidh eintiteas dlítheanach difriúil nach bhfuil faoi cheangal ag údarás ÚCS.

D.   Cineál Ceangailteach na gCinntí

Is go hiomlán deonach atá cinneadh an duine aonair chun an rogha eadrána cheangailteach a agairt. Beidh cinntí maidir le headráin ceangailteach ar gach páirtí san eadráin. Agus é agartha, tarscaoileann an duine aonair an rogha chun faoiseamh a lorg i bhfóram eile maidir leis an sárú céanna a mhaítear a tharla, ach amháin mura leigheasann an faoiseamh neamhairgeadaíochta cothromasach an sárú a mhaítear go hiomlán, ní chuirfidh caingean an duine aonair maidir le headráin bac ar éileamh i leith damáistí atá ar fáil sna cúirteanna ar bhealach eile.

E.   Athbhreithniú agus Forfheidhmiú

Beidh daoine aonair agus eagraíochtaí rannpháirteacha in ann athbhreithniú breithiúnach agus forfheidhmiú na gcinntí eadrána a lorg de bhun dhlí na Stát Aontaithe faoi The Federal Arbitration Act(2) Ní mór cásanna den sórt sin a thionscnamh sa chúirt dúiche fheidearálach a n-áirítear ina cumhdach críche príomh-shuíomh ghnó na heagraíochta rannpháirtí.

Beartaítear leis an rogha eadrána sin díospóidí aonair a réiteach, agus ní bheartaítear le cinntí eadrána feidhmiú mar fhasach áititheach nó ceangailteach in ábhair lena mbaineann páirtithe eile, lena n-áirítear in eadránacha sa todhchaí nó eadránacha i gcúirteanna an Aontais nó na Stát Aontaithe, nó imeachtaí FTC.

F.   An Painéal Eadrána

Roghnóidh na páirtithe eadránaithe do Phainéal Chreat Príobháideachais Sonraí AE-SAM ó liosta na n-eadránaithe a phléitear thíos.

I gcomhréir leis an dlí is infheidhme, forbróidh an Roinn agus an Coimisiún liosta de 10 n-eadránaí ar a laghad, a roghnófar ar bhonn neamhspleáchais, ionracais, agus saineolais. Beidh feidhm ag an méid seo a leanas i ndáil leis an bpróiseas sin:

Eadránaithe:

(1)

Fanfaidh eadránaithe ar an liosta ar feadh tréimhse 3 bliana, seachas i gcás cúinsí eisceachtúla nó baint den liosta de bharr cúise, tréimhse is féidir leis an Roinn a athnuachan, agus réamhfhógra á thabhairt don Choimisiúin, go ceann tréimhsí breise 3 bliana;

(2)

Ní bheidh eadránaithe faoi réir aon treoir ó aon cheann de na páirtithe, ná aon eagraíocht rannpháirteach, ná na Stáit Aontaithe, an tAontas Eorpach, ná aon Bhallstát den Aontas Eorpach ná aon údarás rialtais, údarás poiblí, nó údarás forfheidhmiúcháin eile, ná ní bheidh siad cleamhnaithe leo; agus

(3)

ní mór go gceadaítear d’eadránaithe an dlí a chleachtadh agus ní mór dóibh a bheith ina saineolaithe i ndlí príobháideachais na Stát Aontaithe, agus saineolas a bheith acu i dlí an Aontais maidir le cosanta sonraí.

G.   Nósanna Imeachta Eadrána

Chomhaontaigh an Roinn agus an Coimisiún, i gcomhréir leis an dlí is infheidhme, rialacha eadrána a ghlacadh a rialaíonn imeachtaí os comhair Phainéal Chreat Príobháideachais Sonraí AE-SAM (3). I gcás ina mbeidh gá le hathrú a dhéanamh ar rialacha lena rialaítear na himeachtaí, comhaontóidh an Roinn agus an Coimisiún na rialacha sin a leasú nó tacar imeachtaí eadrána dea-bhunaithe na Stát Aontaithe atá ann cheana a ghlacadh, de réir mar is iomchuí, faoi réir gach ceann de na breithnithe seo a leanas:

1.

Féadfaidh duine aonair eadráin cheangailteach a thionscnamh, faoi réir na forála maidir le ceanglais réamheadrána thuas, trí ‘Fhógra’ a sholáthar don eagraíocht. Beidh achoimre san Fhógra ar na bearta a rinneadh faoi Mhír C chun an t-éileamh a réiteach, tuairisc ar an sárú líomhnaithe, agus, ar rogha an duine aonair, aon doiciméad tacaíochta agus ábhair agus/nó plé ar an dlí maidir leis an éileamh líomhnaithe.

2.

Forbrófar nósanna imeachta chun a áirithiú nach bhfaighfear leigheasanna nó nósanna imeachta dúbailteacha maidir le sárú céanna a mhaíonn duine aonair.

3.

Féadfaidh gníomhaíocht FTC dul ar aghaidh i gcomhthráth leis an eadráin.

4.

Ní fhéadfaidh aon ionadaí de chuid na Stát Aontaithe, an Aontais Eorpaigh, ná aon Bhallstát den Aontas nó aon údarás rialtais, údarás poiblí, nó údarás forfheidhmithe a bheith rannpháirteach sna headráin sin, ar choinníoll, ar iarraidh duine aonair an Aontais, nach bhféadfaidh ÚCSanna cúnamh a sholáthar ach amháin maidir le hullmhú an Fhógra ach ní fhéadfaidh ÚCSanna rochtain a bheith acu ar fhionnachtain nó ar aon ábhar eile a bhaineann leis na headránacha sin.

5.

Is sna Stáit Aontaithe a bheidh suíomh na headrána, agus féadfaidh an duine aonair rannpháirtíocht físeáin nó fóin a roghnú, rud a sholáthrófar don duine aonair gan aon chostas. Ní bheidh gá le rannpháirtíocht duine le duine.

6.

Is sa Bhéarla a bheidh an eadráin ach amháin mura gcomhaontaíonn na Páirtithe a mhalairt. Ar iarraidh réasúnaithe, agus cé acu atá nó nach bhfuil aturnae ag déanamh ionadaíochta ar son an duine aonair á chur san áireamh, soláthrófar ateangaireacht ag an éisteacht eadrána, chomh maith le haistriúchán ar ábhair eadrána gan aon chostas don duine aonair, ach amháin i gcás ina bhfaigheann Painéal Chreat Príobháideachais Sonraí AE-SAM amach, faoi chúinsí na headrána sonraí, go mbeadh costais gan údar nó costais dhíréireacha mar thoradh air sin.

7.

Caitear go rúnda le hábhair a chuirtear faoi bhráid na n-eadránaithe agus ní úsáidfear ach amháin i dtaca leis an eadráin iad.

8.

Féadfar fionnachtain a bhaineann go sonrach leis an duine aonair a bheith ceadaithe más gá, agus caithfear go rúnda le fionnachtain den sórt sin ag na páirtithe agus ní úsáidfear ach amháin i dtaca leis an eadráin í.

9.

Ba cheart eadránacha a chur i gcrích laistigh de 90 lá de sholáthar an Fhógra don eagraíocht atá i gceist, ach amháin mura gcomhaontaítear a mhalairt i measc na bpáirtithe.

H.   Costais

Ba cheart d’eadránaithe bearta réasúnacha a dhéanamh chun costais nó táillí na n-eadránacha a íoslaghdú.

Éascóidh an Roinn, i gcomhréir leis an dlí is infheidhme, cothabháil an chiste lena gceanglófar ar eagraíochtaí rannpháirteacha rannchuidiú ina leith, bunaithe i gcomhpháirt ar mhéid na heagraíochta, a chumhdófar an costas eadrána, lena n-áirítear táillí, suas le méideanna uasmhais (‘caidhpeanna’). Déanfaidh tríú páirtí bainistíocht ar an gciste, agus tuairisceoidh an tríú páirtí go rialta don Roinn maidir le hoibríochtaí an chiste. Oibreoidh an Roinn leis an tríú páirtí chun athbhreithniú tréimhsiúil a dhéanamh ar oibriú an chiste, lena n-áirítear an gá le méid na ranníocaíochtaí nó na n-uasteorainneacha ar an gcostas eadrána a choigeartú, agus measfaidh, i measc nithe eile, an líon eadránacha agus costais agus uainiú na n-eadránacha, agus é le tuiscint go nach bhforchuirfear aon ualach airgeadais iomarcach ar eagraíochtaí rannpháirteacha. Tabharfaidh an Roinn fógra don Choimisiún faoi thoradh na n-athbhreithnithe sin leis an tríú páirtí agus soláthróidh réamhfhógra don Choimisiún faoi aon choigeartú ar mhéid na ranníocaíochtaí. Ní chumhdaítear táillí aturnae leis an bhforáil sin ná le haon chiste faoin bhforáil sin.


(1)  Na Prionsabail, Forbhreathnú, mír 5.

(2)  Foráiltear le Caibidil 2 de The Federal Arbitration Act (‘FAA’) ‘[a]n arbitration agreement or arbitral award arising out of a legal relationship, whether contractual or not, which is considered as commercial, including a transaction, contract, or agreement described in [section 2 of the FAA], falls under the Convention [on the Recognition and Enforcement of Foreign Arbitral Awards of June 10, 1958, 21 U.S.T. 2519, T.I.A.S. No. 6997 (“New York Convention”)]’ [go dtagann comhaontú eadrána nó dámhachtain eadrána a eascraíonn as gaolmhaireacht dhlíthiúil, cé acu an ghaolmhaireacht chonarthach í nó nach í, a mheastar gur gaolmhaireacht thráchtáil í, lena n-áirítear idirbheart, conradh nó comhaontú ar a dtugtar tuairisc i [roinn 2 de FAA], faoin gCoinbhinsiún [maidir le Dámhachtainí Eadrána Coigríche a Aithint agus a Fhorghníomhú an 10 Meitheamh 1958, 21 U.S.T. 2519, T.I.A.S. Uimh 6997 (“Coinbhinsiún Nua-Eabhrac.”)] 9 U.S.C. Roinn 202. Foráiltear ina theannta sin le FAA ‘[a]n agreement or award arising out of such a relationship which is entirely between citizens of the United States shall be deemed not to fall under the [New York] Convention unless that relationship involves property located abroad, envisages performance or enforcement abroad, or has some other reasonable relation with one or more foreign states’ [nach measfar comhaontú nó dámhachtain a eascraíonn as gaolmhaireacht den sórt sin atá idir saoránaigh na Stát Aontaithe go hiomlán teacht faoi Choinbhinsiún [Nua-Eabhrac] ach amháin i gcás ina mbaineann an ghaolmhaireacht sin le maoin a lonnaítear ar an gcoigríoch, ina mbeartaítear leis feidhmíocht nó forfheidhmiú ar an gcoigríoch, nó ina bhfuil gaolmhaireacht réasúnach eile aige le stáit eachtrach amháin nó níos mó]. Id. Faoi Chaibidil 2, ‘any party to the arbitration may apply to any court having jurisdiction under this chapter for an order confirming the award as against any other party to the arbitration. The court shall confirm the award unless it finds one of the grounds for refusal or deferral of recognition or enforcement of the award specified in the said [New York] Convention’ [féadfaidh aon pháirtí san eadráin iarratas a chur faoi bhráid aon chúirte ag a mbeidh dlínse faoin gcaibidil seo le haghaidh ordú lena ndaingnítear an dámhachtain amhail in aghaidh aon pháirtí eile san eadráin. Daingneoidh an chúirt an dámhachtain mura gcinnfidh sí go bhfuil ceann de na forais chun sainaithint nó forghníomhú na dámhachtana a shonraítear sa Choinbhinsiún [Nua-Eabhrac] sin a dhiúltú nó a iarchur]. Id. Roinn 207. Ina theannta sin, foráiltear i gCaibidil 2 ‘[t]he district courts of the United States . . . shall have original jurisdiction over . . . an action or proceeding [under the New York Convention], regardless of the amount in controversy’ [go mbeidh dlínse bhunaidh … ag cúirteanna dúiche na Stát Aontaithe … ar chaingean nó imeacht [faoi Choinbhinsiún Nua-Eabhrac], gan beann ar an méid atá i gconspóid]. Id. Roinn 203.

Foráiltear chomh maith le Caibidil 2 ‘Chapter 1 applies to actions and proceedings brought under this chapter to the extent that chapter is not in conflict with this chapter or the [New York] Convention as ratified by the United States.’ [go bhfuil feidhm ag Caibidil 1 maidir le gníomhaíochtaí agus imeachtaí a thugtar faoin gcaibidil sin a mhéid nach bhfuil an caibidil i gcoinbhleacht leis an gcaibidil sin nó le Coinbhinsiún [Nua-Eabhrac] mar a dhaingnítear ag na Stáit Aontaithe.] Id. Roinn 208. Foráiltear le Caibidil 1, ansin, ‘[a] written provision in . . . a contract evidencing a transaction involving commerce to settle by arbitration a controversy thereafter arising out of such contract or transaction, or the refusal to perform the whole or any part thereof, or an agreement in writing to submit to arbitration an existing controversy arising out of such a contract, transaction, or refusal, shall be valid, irrevocable, and enforceable, save upon such grounds as exist at law or in equity for the revocation of any contract.’ [go mbeidh foráil i scríbhinn i gconradh a léiríonn idirbheart lena mbaineann tráchtáil chun conspóid a eascraíonn ina dhiaidh sin as conradh den sórt sin nó idirbheart a eadránú nó an diúltú maidir leis an gconradh iomlán nó cuid de a chomhlíonadh, nó comhaontú i scríbhinn chun conspóideach atá ann cheana a eascraíonn as conradh, idirbheart, nó diúltú den sórt sin a chur faoi bhráid na headrána, nó diúltú den sórt sin, bailí, neamh-inchúlghairthe, agus in-fhorghníomhaithe, seachas ar fhorais mar atá ann sa dlí cheana nó i gcothromas maidir le cúlghairm aon chonartha.] Id. Roinn 2. Foráiltear le Caibidil 1 ina theannta sin ‘any party to the arbitration may apply to the court so specified for an order confirming the award, and thereupon the court must grant such an order unless the award is vacated, modified, or corrected as prescribed in sections 10 and 11 of [the FAA].’ [go bhféadfaidh aon pháirtí san eadráin iarratas a dhéanamh chuig an gcúirt shonraithe ar ordú lena ndeimhnítear an dámhachtain, agus air sin ní mór don chúirt ordú den sórt sin a dheonú ach amháin i gcás ina bhfuil an dámhachtain díchurtha, modhnaithe, nó ceartaithe mar a fhorordaítear i Ranna 10 agus 11 de [FAA].] Id. Roinn 9.

(3)  Roghnaigh an Roinn an Lárionad Idirnáisiúnta um Réiteach Díospóidí (‘ICDR’), an rannán idirnáisiúnta de Chumann Eadrána Mheiriceá (‘AAA’) (a dtugtar ‘ICDR-AAA’ i gcomhpháirt orthu) chun eadránacha a riaradh de bhun Iarscríbhinn I de na Prionsabail agus chun an ciste eadrána arna shainaithint in Iarscríbhinn I de na Prionsabail a bhainistiú. An 15 Meán Fómhair 2017, chomhaontaigh an Roinn agus an Coimisiún tacar rialacha eadrána a ghlacadh chun nósanna imeachta eadrána ceangailteacha a rialú, ar a dtugtar tuairisc in Iarscríbhinn I de na Prionsabail, mar aon le cód iompair le haghaidh eadránaithe atá i gcomhréir le caighdeáin eitice a nglactar go ginearálta leo le haghaidh eadránaithe tráchtála agus Iarscríbhinn I de na Prionsabail. Chomhaontaigh an Roinn agus an Coimisiún na rialacha eadrána agus an cód iompair a oiriúnú chun na nuashonruithe a léiriú faoi CPS AE-SAM agus oibreoidh an Roinn le ICDR-AAA chun na nuashonruithe sin a dhéanamh.


IARSCRÍBHINN II

Image 1

UNITED STATES DEPARTMENT OF COMMERCE

Secretary of Commerce

Washington, D.C. 20230

An 6 Iúil 2023

An tOnórach Didier Reynders

An Coimisinéir um Cheartas

An Coimisiún Eorpach

Rue de la Loi/ Westraat 200

1049 An Bhruiséil

An Bheilg

A Choimisinéir Reynders, a chara:

Thar ceann na Stát Aontaithe, tá áthas orm a tharchur leis seo pacáiste d’ábhair a bhaineann le Creat Príobháideachais Sonraí AE-SAM, ábhair a léiríonn agus iad comhcheangailte le hOrdú Feidhmiúcháin 14086, ‘Coimircí a fheabhsú le haghaidh Gníomhaíochtaí Faisnéise Comharthaí SAM’ agus 28 CFR cuid 201 lena leasaítear rialacháin na Roinne Dlí agus Cirt chun an ‘An Chúirt Athbhreithnithe um Chosaint Sonraí’ a bhunú, caibidlíocht mhionsonraithe agus thábhachtach chun an príobháideachas agus cosaintí saoirsí sibhialta a láidriú. De thoradh na caibidlíochta sin tá coimircí nua ann chun a áirithiú gur gníomhaíochtaí riachtanacha agus comhréireacha iad gníomhaíochtaí faisnéise comharthaí na Stát Aontaithe chun cuspóirí sainithe na slándála náisiúnta a shaothrú mar aon le sásra nua le haghaidh daoine aonair den Aontas Eorpaigh (‘AE’) sásamh a lorg má chreideann siad go bhfuiltear ag díriú orthu go neamhdhleathach le gníomhaíochtaí faisnéise comharthaí, agus leis na coimircí agus an sásra in éineacht le chéile, áiritheofar príobháideachas shonraí pearsanta an Aontais. Beidh Creat Príobháideachais Sonraí AE-SAM Príobháideachais Sonraí mar bhonn taca faoi gheilleagar digiteach iomaíoch agus ionchuimsitheach. Ba cheart dúinn araon a bheith bródúil as na feabhsuithe a léirítear sa Chreat sin, rud lena bhfeabhsófar cosaint an phríobháideachais timpeall an domhain. Leis an bpacáiste sin, mar aon leis an Ordú Feidhmiúcháin, na Rialacháin, agus ábhair eile atá ar fáil ó fhoinsí poiblí, soláthraítear bonn an-láidir le haghaidh toradh leordhóthanachta nua ón gCoimisiún Eorpach (1).

Tá na hábhair seo a leanas curtha i gceangal:

Prionsabail Chreat Príobháideachais Sonraí AE-SAM, lena n-áirítear na Prionsabail Fhorlíontacha (a dtugtar ‘na Prionsabail’ i gcomhpháirt orthu) agus Iarscríbhinn I de na Prionsabail (i.e., iarscríbhinn lena ndéantar foráil maidir leis na téarmaí faoina bhfuil sé d’oibleagáid ar eagraíochtaí an Chreata Príobháideachais Sonraí eadráin a dhéanamh maidir le héilimh iarmharacha áirithe a bhaineann le sonraí pearsanta a chumhdaítear leis na Prionsabail);

Litir ó Údarás Trádála Idirnáisiúnta na Roinne, a riarann clár an Chreata Príobháideachais Sonraí, lena dtugtar tuairisc ar na gealltanais atá déanta ag ár Roinn chun a áirithiú go n-oibreoidh Creat Príobháideachais Sonraí AE-SAM go héifeachtach;

Litir ón gCoimisiún Trádála Feidearálach lena dtugtar tuairisc ar fhorfheidhmiú na bPrionsabal aige;

Litir ón Roinn Iompair lena dtugtar tuairisc ar fhorfheidhmiú na bPrionsabal aici;

Litir arna hullmhú ag Oifig Stiúrthóir na Faisnéise Náisiúnta maidir le coimircí agus teorainneacha is infheidhme maidir le húdaráis slándála náisiúnta na Stát Aontaithe; agus

Litir arna hullmhú ag an Roinn Dlí agus Cirt maidir le coimircí agus teorainneacha ar rochtain rialtas na Stát Aontaithe chun críocha fhorfheidhmiú an dlí agus leas an phobail.

Foilseofar Pacáiste iomlán Chreat Príobháideachais Sonraí AE-SAM ar shuíomh gréasáin na Roinne maidir leis an gCreat Príobháideachais Sonraí agus beidh éifeacht leis na Prionsabail agus le hIarscríbhinn I de na Prionsabail an dáta a thiocfaidh cinneadh leordhóthanachta an Choimisiúin Eorpaigh i bhfeidhm.

Is féidir leat a bheith cinnte go bhfuil na Stáit Aontaithe i ndáiríre faoi na gealltanais sin. Táimid ag súil le bheith ag obair libh agus Creat Príobháideachais Sonraí AE-SAM á chur chun feidhme agus muid ag tosú ar an gcéad chéim eile den phróiseas seo in éineacht le chéile.

Is mise le meas,

Image 2

Gina M. Raimondo


(1)  Ar choinníoll, i dtaca leis an gCinneadh ón gCoimisiún maidir le leordhóthanacht na cosanta arna soláthar le Creat Príobháideachais Sonraí AE-SAM, go mbeidh feidhm ag an gCinneadh maidir leis an Íoslainn, Lichtinstéin agus an Iorua, cumhdófar le Pacáiste Chreat Príobháideachais Sonraí AE-SAM an tAontas Eorpach, mar aon leis na trí thír sin.


IARSCRÍBHINN III

Image 3

An 12 Nollaig 2022

An tOnórach Didier Reynders

An Coimisinéir um Cheartas

An Coimisiún Eorpach

Rue de la Loi/Westraat 200

1049 An Bhruiséil

An Bheilg

A Choimisinéir Reynders, a chara:

Thar cheann an Údaráis Trádála Idirnáisiúnta (‘ITA’), tá áthas orm tuairisc a thabhairt ar na gealltanais atá déanta ag an Roinn Tráchtála (‘an Roinn’) chun cosaint na sonraí pearsanta a áirithiú tríd an riaradh agus an maoirsiú a dhéanfaidh an Roinn ar chlár an Chreata Príobháideachais Sonraí. I gcás Creat Príobháideachais Sonraí AE-SAM (‘CPS AE-SAM’) a thabhairt i gcrích, is éacht mór é ar mhaithe leis an bpríobháideachas agus le haghaidh gnólachtaí ar dhá thaobh an Atlantaigh, toisc go dtairgfear muinín leis do dhaoine aonair as an Aontas go gcosnófar a gcuid sonraí agus go mbeidh leigheasanna dlí acu chun aghaidh a thabhairt ar údair imní a bhaineann lena gcuid sonraí, agus cuirfear ar a gcumas do na mílte gnólachtaí leanúint den infheistiú agus de ghabháil don trádáil agus don tráchtáil ar bhealaí eile trasna an Atlantaigh chun tairbhe dár ngeilleagair agus dár saoránaigh faoi seach. Léiríonn CPS AE-SAM na blianta d’obair chrua agus comhair libh agus le bhur gcomhghleacaithe sa Choimisiún Eorpach (‘an Coimisiún’). Tá súil againn le leanúint de bheith oibriú leis an gCoimisiún chun a áirithiú go bhfeidhmeoidh an chomhiarracht seo go héifeachtach.

Beidh tairbhí suntasacha ann de thoradh CPS AE-SAM le haghaidh daoine aonair agus gnólachtaí araon. Ar an gcead dul síos, soláthraíonn sé tacar tábhachtach de chosaintí príobháideachais le haghaidh sonraí daoine aonair as an Aontas a aistrítear chuig na Stáit Aontaithe. Ceanglaítear leis ar eagraíochtaí ó na Stáit Aontaithe beartas príobháideachais a fhorbairt a bheidh i gcomhréir leis; gealltanas poiblí a dhéanamh go gcomhlíonfar ‘Prionsabail Chreat Príobháideachais Sonraí AE-SAM’, lena n-áirítear na Prionsabail Fhorlíontacha (a dtugtar ‘na Prionsabail’ i gcomhpháirt orthu) agus Iarscríbhinn I de na Prionsabail (i.e., iarscríbhinn lena ndéantar foráil maidir leis na téarmaí faoina bhfuil sé d’oibleagáid ar eagraíochtaí CPS AE-SAM eadráin a dhéanamh maidir le héilimh iarmharacha áirithe a bhaineann le sonraí pearsanta a chumhdaítear leis na Prionsabail), chun go dtiocfaidh an gealltanas in-fhorfheidhmithe faoi dhlí na Stát Aontaithe (1); a gcomhlíontacht a athdheimhniú leis an Roinn go bliantúil; réiteach díospóidí neamhspleách a sholáthar saor in aisce do dhaoine aonair as an Aontas; agus a bheith faoi réir údarás imscrúdaitheach agus forfheidhmiúcháin comhlachta reachtúla de chuid na Stát Aontaithe a liostaítear sna Prionsabail (e.g., an Coimisiún Trádála Feidearálach (an ‘FTC’) agus an Roinn Iompair (an ‘DOT’)), nó comhlachta reachtúla de chuid na Stát Aontaithe a liostaítear in iarscríbhinn a ghabhfaidh leis na Prionsabail amach anseo. Cé gur deonach a bhíonn cinneadh eagraíochta chun féindeimhniú a dhéanamh, nuair a thugann eagraíocht gealltanas poiblí go gcomhlíonfaidh sí CPS AE-SAM, bíonn an gealltanas in-fhorfheidhmithe faoi dhlí na Stát Aontaithe ag FTC, DOT, nó ag comhlacht reachtúil eile de chuid na Stát Aontaithe, ag brath ar an gcomhlacht ag a bhfuil dlínse maidir leis an eagraíocht rannpháirteach. Ar an dara dul síos, le CPS AE-SAM, cuirfear ar a gcumas do ghnólachtaí sna Stáit Aontaithe, lena n-áirítear fochuideachtaí de chuid gnólachtaí Eorpacha atá lonnaithe sna Stáit Aontaithe, sonraí pearsanta a fháil ón Aontas Eorpach chun sreabha sonraí a thacaíonn leis an trádáil thrasatlantach a éascú. Is iad na sreabha sonraí idir na Stáit Aontaithe agus an tAontas Eorpach na sreabha sonraí is mó ar domhan agus tá siad mar bhonn taca faoin gcaidreamh eacnamaíoch SAM-AE dar luach USD 7,1 trilliún, rud a thacaíonn leis na milliún post ar dhá thaobh an Atlantaigh. Tagann gnólachtaí a bhraitheann ar shreabha sonraí trasatlantacha as gach earnáil thionsclaíoch agus cuimsítear leo gnólachtaí móra a liostaítear ar Fortune 500, mar aon le roinnt mhaith fiontair bheaga agus mheánmhéide. Fágann sreabha sonraí trasatlantacha go mbíonn eagraíochtaí ó na Stáit Aontaithe in ann sonraí a phróiseáil a bhfuil gá leo chun earraí, seirbhísí agus deiseanna fostaíochta a thairiscint do dhaoine aonair Eorpacha.

Tá rún daingean ag an Roinn oibriú go dlúth agus go táirgiúil lenár gcontrapháirtithe san Aontas chun riaradh agus maoirsiú éifeachtach a dhéanamh ar chlár an Chreata Príobháideachais Sonraí. Léirítear an gealltanas sin san fhorbairt agus sa mhionchoigeartú leanúnach atá á dhéanamh ag an Roinn ar acmhainní éagsúla chun cúnamh a thabhairt d’eagraíochtaí leis an bpróiseas féindeimhniúcháin, le suíomh gréasáin a chruthú chun faisnéis spriocdhírithe a sholáthar do pháirtithe leasmhara, comhar leis an gCoimisiún agus le húdaráis cosanta sonraí Eorpacha (‘ÚCSanna’) chun treoraíocht a fhorbairt lena soiléireofar eilimintí tábhachtacha de CPS AE-SAM, for-rochtain chun éascú le tuiscint mhéadaithe ar oibleagáidí um chosaint sonraí atá ar eagraíochtaí, agus formhaoirseacht agus faireachán a dhéanamh ar chomhlíontacht eagraíochtaí le ceanglais an chláir.

Lenár gcomhar leanúnach le contrapháirtithe an Aontais ar mór againn iad, cuirfear ar a cumas don Roinn a áirithiú go bhfeidhmeoidh CPS AE-SAM go héifeachtach. Tá Rialtas na Stát Aontaithe ag obair leis an gCoimisiún le fada an lá chun prionsabail chomhroinnte um chosaint sonraí a chur chun cinn, lena maolófar na difríochtaí idir ár gcuir chuige dhlíthiúla faoi seach agus an fás trádála agus eacnamaíoch a chur ar aghaidh san Aontas Eorpach agus sna Stáit Aontaithe. Creidimid, le CPS AE-SAM, ar sampla den chomhar sin é, go mbeidh an Coimisiún in ann cinneadh leordhóthanachta nua a eisiúint lena gceadófar d’eagraíochtaí CPS AE-SAM a úsáid chun sonraí pearsanta a aistriú ón Aontas Eorpach chuig na Stáit Aontaithe ar bhealach a bheidh i gcomhréir le dlí an Aontais.

Riaradh agus Maoirsiú ar Chlár an Chreata Príobháideachais Sonraí ag an Roinn Tráchtála

Tá rún daingean ag an Roinn riaradh agus maoirsiú éifeachtach a dhéanamh ar chlár an Chreata Príobháideachais Sonraí agus tabharfar faoi iarrachtaí iomchuí agus tiomnófar acmhainní iomchuí ina leith chun an toradh sin a áirithiú. Coinneoidh an Roinn liosta údarásach ar bun agus cuirfear ar fáil go poiblí é, ar liosta é d’eagraíochtaí ó na Stáit Aontaithe a rinne féindeimhniú don Roinn agus a dhearbhaigh a ngealltanas chun cloí leis na Prionsabail (‘Liosta an Chreata Príobháideachais Sonraí’), ar liosta é a thabharfaidh an Roinn cothrom le dáta ar bhonn na n-aighneachtaí athdheimhniúcháin bliantúla a dhéanfaidh eagraíochtaí rannpháirteacha agus trí eagraíochtaí a bhaint den Liosta nuair a tharraingíonn siad siar go deonach, nuair a theipeann orthu an t-athdheimhniú bliantúil a chur i gcrích i gcomhréir le nósanna imeachta na Roinne, nó nuair a fhaightear amach go dteipeann orthu go leanúnach na ceanglais a chomhlíonadh. Coinneoidh an Roinn taifead údarásach ar bun agus cuirfear ar fáil go poiblí é, ar taifead é d’eagraíochtaí ó na Stáit Aontaithe atá bainte de Liosta an Chreata Príobháideachais Sonraí agus sainaithneofar ann an chúis ar baineadh gach eagraíocht den Liosta. Beidh an liosta agus an taifead údarásach réamhluaite ar fáil don phobal i gcónaí ar shuíomh gréasáin na Roinne faoin gCreat Príobháideachais Sonraí. Áireofar le suíomh gréasáin an Chreata Príobháideachais Sonraí míniú a bheidh in áit fheiceálach agus lena dtabharfar le fios maidir le haon eagraíocht dá mbaintear de Liosta an Chreata Príobháideachais Sonraí nach mór di scor de mhaímh a dhéanamh go nglacann sí páirt in CPS AE-SAM nó go gcomhlíonann an eagraíocht é agus go bhféadfaidh sí faisnéis phearsanta a fháil de bhun CPS AE-SAM. Eagraíocht den sórt sin ní mór di dá ainneoin sin leanúint de na Prionsabail a chur i bhfeidhm maidir leis an bhfaisnéis phearsanta a fuair sí le linn di páirt a ghlacadh in CPS AE-SAM a fhad agus a choimeádann an eagraíocht an fhaisnéis sin. Geallann an Roinn, agus a gealltanas leanúnach, uileghabhálach á chur ar aghaidh aici chun riaradh agus maoirsiú éifeachtach a dhéanamh ar chlár an Chreata Príobháideachais Sonraí, go ndéanfaidh an Roinn an méid seo a leanas:

Ceanglais maidir le Féindeimhniúchán a Fhíorú

Sula dtabharfaidh an Roinn féindeimhniú tosaigh nó athdheimhniú bliantúil eagraíochta i gcrích (a dtugtar ‘féindeimhniú’ orthu i dteannta a chéile) agus sula gcuirfidh sí eagraíocht ar Liosta an Chreata Príobháideachais Sonraí nó sula ndéanfaidh sí áit eagraíochta ar an liosta sin a choinneáil ar bun, fíoróidh an Roinn go mbeidh, ar a laghad, na ceanglais ábhartha comhlíonta ag an eagraíocht a leagtar amach sa Phrionsabal Forlíontach maidir leis an bhFéindeimhniúchán agus a bhaineann leis an bhfaisnéis nach mór d’eagraíocht a sholáthar ina haighneacht féindeimhniúcháin chuig an Roinn agus fíoróidh sí go mbeidh beartas príobháideachais ábhartha soláthartha ag an eagraíocht ag tráth iomchuí lena gcuirtear daoine aonair ar an eolas faoi gach ceann de na 13 eilimint liostaithe a leagtar amach i bPrionsabal an Fhógra. Fíoróidh an Roinn go mbeidh an méid seo a leanas déanta ag an eagraíocht:

an eagraíocht sainaitheanta arb í an eagraíocht a bhfuil a féindeimhniú á chur isteach aici, mar aon le haon eintiteas ó na Stáit Aontaithe, nó aon fhochuideachta ó na Stáit Aontaithe ar de chuid na heagraíochta atá i mbun an fhéindeimhnithe í, agus atá ag cloí leis na Prionsabail freisin, agus ar mian leis an eagraíocht iad a bheith cumhdaithe lena féindeimhniú;

faisnéis teagmhála a cheanglaítear soláthraithe le haghaidh na heagraíochta (e.g. faisnéis teagmhála le haghaidh duine nó daoine aonair sonrach(a) agus/nó oifig(í) sonrach(a) laistigh den eagraíocht atá i mbun an fhéindeimhnithe agus a bhíonn freagrach as gearáin a láimhseáil, mar aon le hiarrataí rochtana, agus aon fhadhb eile a thagann chun cinn faoi CPS AE-SAM);

tuairisc tugtha ar an gcríoch nó ar na críocha a mbaileodh agus a n-úsáidfeadh an eagraíocht faisnéis phearsanta, a fuarthas ón Aontas Eorpach, chuige nó chucu;

an fhaisnéis phearsanta a gheofaí ón Aontas Eorpach tugtha le fios, ar faisnéis í a bhraitheann ar CPS AE-SAM agus a chumhdaítear lena féindeimhniú dá bhrí sin;

má tá suíomh gréasáin poiblí ag an eagraíocht, an seoladh gréasáin soláthraithe, mar a bhfuil an beartas príobháideachais ábhartha ar fáil go héasca ar an suíomh gréasáin sin, nó mura bhfuil suíomh gréasáin poiblí ag an eagraíocht, cóip den bheartas príobháideachais ábhartha soláthraithe don Roinn mar aon le faisnéis faoin áit mar a bhfuil an beartas príobháideachais sin ar fáil do dhaoine dá ndéantar difear chun breathnú air (i.e., fostaithe dá ndéantar difear más beartas príobháideachais acmhainní daonna atá sa bheartas príobháideachais nó an pobal mura beartas príobháideachais acmhainní daonna é an beartas príobháideachais ábhartha);

é cuimsithe ina beartas príobháideachais ábhartha an tráth iomchuí (i.e., i dtosach báire, gan a bheith ach i ndréachtbheartas príobháideachais a soláthraíodh in éineacht leis an aighneacht más féindeimhniú tosaigh atá san aighneacht sin; murab amhlaidh sin, i mbeartas príobháideachais críochnaitheach agus i gcás inarb infheidhme, i mbeartas príobháideachais foilsithe), ráiteas go gcloíonn an eagraíocht leis na Prionsabail agus hipearnasc leis an seoladh gréasáin le haghaidh shuíomh gréasáin na Roinne faoin gCreat Príobháideachais Sonraí (e.g., an leathanach baile nó leathanach gréasáin Liosta an Chreata Príobháideachais Sonraí);

é cuimsithe ina beartas príobháideachais ábhartha an tráth iomchuí gach ceann den 12 eilimint eile atá liostaithe agus a leagtar amach i bPrionsabal an Fhógra (i.e., an fhéidearthacht, faoi choinníollacha áirithe, go n-agróidh an duine aonair as an Aontas eadráin cheangailteach; an ceanglas chun faisnéis phearsanta a nochtadh mar fhreagairt ar iarrataí dlíthiúla ó údaráis phoiblí, lena n-áirítear chun ceanglais maidir leis an tslándáil náisiúnta nó forfheidhmiú an dlí a chomhlíonadh; agus a dliteanas i gcásanna aistrithe ar aghaidh chuig tríú páirtithe);

an comhlacht reachtúil sonrach sainaitheanta ag a bhfuil an dlínse chun aon mhaíomh in aghaidh na heagraíochta a éisteacht maidir le cleachtais agus sáruithe dlíthe nó rialachán, lena rialaítear an príobháideachas, a d’fhéadfadh a bheith éagórach nó meabhlach (agus ar dlíthe nó rialacháin iad a liostaítear sna Prionsabail nó in iarscríbhinn a ghabhfaidh leis na Prionsabail amach anseo);

aon chlár príobháideachais sainaitheanta ar clár é dá bhfuil an eagraíocht ina comhalta;

é sainaitheanta, maidir leis an modh ábhartha (i.e., nósanna imeachta leantacha nach mór don eagraíocht a sholáthar) chun a comhlíontacht leis na Prionsabail a fhíorú, cé acu is ‘féinmheasúnú’ (i.e., fíorú inmheánach) atá ann nó nach ea nó ‘athbhreithniú seachtrach ar chomhlíontacht’ (i.e., fíorú tríú páirtí) agus más rud é gur shainaithin an eagraíocht an modh ábhartha mar athbhreithniú seachtrach ar chomhlíontacht, gur sainaithníodh freisin an tríú páirtí a chuir an t-athbhreithniú sin i gcrích;

an sásra neamhspleách iomchuí sainaitheanta maidir le ceart cúitimh ar sásra é atá ar fáil chun aghaidh a thabhairt ar ghearáin a dhéantar faoi na Prionsabail agus ceart cúitimh iomchuí soláthraithe saor in aisce don duine dá ndéantar difear.

Má tá sásra neamhspleách maidir le ceart cúitimh roghnaithe ag an eagraíocht, ar sásra é atá soláthraithe ag comhlacht neamhspleách malartach um réiteach díospóide ón earnáil phríobháideach, gur chuimsigh an eagraíocht ina beartas príobháideachais ábhartha hipearnasc leis an suíomh gréasáin ábhartha nó an seoladh gréasáin le haghaidh an tsuímh sin, nó hipearnasc nó seoladh gréasáin leis an bhfoirm chun gearán a chur isteach, a bhaineann leis an sásra atá ar fáil chun imscrúdú a dhéanamh ar ghearáin neamhréitithe a rinneadh faoi na Prionsabail.

Má cheanglaítear ar an eagraíocht (i.e., i leith sonraí acmhainní daonna a aistrítear ón Aontas Eorpach i gcomhthéacs an chaidrimh fostaíochta) nó má roghnaigh an eagraíocht dul i gcomhar le ÚCSanna iomchuí i bpróiseas chun imscrúdú a dhéanamh ar ghearáin a dhéantar faoi na Prionsabail agus iad a réiteach, gur dhearbhaigh an eagraíocht a gealltanas i leith an chomhair sin le ÚCSanna agus go gcomhlíonfadh an eagraíocht a gcomhairle ghaolmhar chun gníomhaíocht shonrach a dhéanamh chun na Prionsabail a chomhlíonadh.

Fíoróidh an Roinn freisin go mbeidh aighneacht féindeimhniúcháin na heagraíochta i gcomhréir lena beartas/beartais príobháideachais ábhartha. I gcás inar mian le heagraíocht a dhéanann féindeimhniú aon cheann dá heintitis ó na Stáit Aontaithe nó aon cheann dá cuid fochuideachtaí ó na Stáit Aontaithe a chumhdach, arb eintitis nó fochuideachtaí iad a bhfuil beartais phríobháideachais ábhartha ar leithligh acu, déanfaidh an Roinn athbhreithniú ar na beartais phríobháideachais ábhartha de chuid na n-eintiteas nó na bhfochuideachtaí sin a chumhdaítear chun a áirithiú go gcuimsítear iontu na heilimintí uile dá gceanglaítear agus dá leagtar amach i bPrionsabal an Fhógra.

Oibreoidh an Roinn le comhlachtaí reachtúla (e.g., FTC agus DOT) chun a fhíorú go mbeidh na heagraíochtaí faoi réir dhlínse an chomhlachta reachtúil ábhartha a shainaithnítear ina n-aighneachtaí féindeimhniúcháin, i gcás ina mbeidh údar amhrais ag an Roinn go bhfuil siad faoi réir an dlínse sin.

Oibreoidh an Roinn le comhlachtaí malartacha um réiteach díospóide ón earnáil phríobháideach chun a fhíorú go mbeidh na heagraíochtaí cláraithe go gníomhach le haghaidh an tsásra neamhspleách maidir le ceart cúitimh a shainaithnítear ina n-aighneachtaí féindeimhniúcháin; agus oibreoidh leis na comhlachtaí sin chun a fhíorú go mbeidh na heagraíochtaí cláraithe go gníomhach le haghaidh an athbhreithnithe sheachtraigh ar chomhlíontacht a shainaithnítear ina n-aighneachtaí féindeimhniúcháin, i gcás ina bhféadfaidh na comhlachtaí sin an dá chineál seirbhísí a thairiscint.

Oibreoidh an Roinn leis an tríú páirtí arna roghnú ag an Roinn chun fónamh mar choimeádaí na gcistí a bhailítear trí tháille phainéil ÚCS (i.e., an táille bhliantúil a dheartar chun costais oibriúcháin phainéal ÚCS a chumhdach) chun a fhíorú go mbeidh an táille sin íoctha ag na heagraíochtaí le haghaidh na bliana ábhartha, i gcás ina mbeidh ÚCSanna sainaitheanta ag na heagraíochtaí mar an sásra neamhspleách ábhartha maidir le ceart cúitimh.

Oibreoidh an Roinn leis an tríú páirtí arna roghnú ag an Roinn chun eadránacha a riaradh de bhun Iarscríbhinn I de na Prionsabail, agus chun an ciste eadrána arna shainaithint in Iarscríbhinn I a bhainistiú, chun a fhíorú go mbeidh ranníocaíocht tugtha ag na heagraíochtaí don chiste eadrána sin.

I gcás ina sainaithneoidh an Roinn aon fhadhb le linn a hathbhreithnithe ar aighneachtaí féindeimhniúcháin na n-eagraíochtaí, cuirfidh an Roinn ar an eolas iad nach mór dóibh aghaidh a thabhairt ar gach fadhb den sórt sin laistigh den fhráma ama iomchuí arna ainmniú ag an Roinn (2). Cuirfidh an Roinn ar an eolas iad freisin má theipeann orthu freagairt laistigh de na frámaí ama arna n-ainmniú ag an Roinn nó má theipeann orthu ar bhealach eile lena bhféindeimhniú a chur i gcrích i gcomhréir le nósanna imeachta na Roinne, go measfar gur tréigeadh na haighneachtaí féindeimhniúcháin sin, agus go bhféadfaidh aon mhífhaisnéis faoi rannpháirtíocht eagraíochta in CPS AE-SAM nó faoi chomhlíontacht na heagraíochta le CPS AE-SAM a bheith faoi réir gníomhaíocht forfheidhmiúcháin ag FTC, DOT nó ag comhlacht ábhartha eile de chuid an rialtais. Cuirfidh an Roinn na heagraíochtaí ar an eolas trí bhíthin na teagmhála a sholáthair na heagraíochtaí don Roinn.

Comhar a Éascú le Comhlachtaí Malartacha um Réiteach Díospóide a Sholáthraíonn Seirbhísí a Bhaineann le Prionsabail

Oibreoidh an Roinn le comhlachtaí malartacha um réiteach díospóide ón earnáil phríobháideach a sholáthraíonn sásraí neamhspleácha maidir le ceart cúitimh agus a bhíonn ar fáil chun imscrúdú a dhéanamh ar ghearáin neamhréitithe a rinneadh faoi na Prionsabail, chun a fhíorú go gcomhlíonann siad, ar a laghad, na ceanglais a leagtar amach sa Phrionsabal Forlíontach um Réiteach Díospóide agus Forfheidhmiú. Fíoróidh an Roinn go ndéanann siad an méid seo a leanas:

faisnéis a chuimsiú ar a suíomhanna gréasáin poiblí maidir leis na Prionsabail agus na seirbhísí a sholáthraíonn siad faoi CPS AE-SAM, nach mór an méid seo a leanas a chuimsiú inti: (1) faisnéis ar cheanglais na bPrionsabal maidir le sásraí iontaoibhe neamhspleácha nó hipearnasc leis na ceanglais sin; (2) hipearnasc le suíomh gréasáin na Roinne maidir leis an gCreat Príobháideachais Sonraí; (3) míniú go bhfuil a gcuid seirbhísí réitigh díospóidí faoi CPS AE-SAM saor in aisce do dhaoine aonair; (4) tuairisc ar an mbealach is féidir gearán a bhaineann leis na Prionsabail a chomhdú; (5) an tréimhse ama a bhíonn i gceist chun gearáin a bhaineann le Prionsabail a phróiseáil; agus (6) tuairisc ar raon na leigheasanna féideartha. Soláthróidh an Roinn fógra tráthúil do na comhlachtaí faoi athruithe ábhartha ar mhaoirsiú agus ar riaradh na Roinne ar chlár an Chreata Príobháideachais Sonraí, i gcás ina mbeidh athruithe den sórt sin ar na bacáin nó ina mbeidh siad déanta cheana féin agus i gcás ina mbeidh na hathruithe sin ábhartha don ról atá ag na comhlachtaí faoi CPS AE-SAM;

foilseoidh siad tuarascáil bhliantúil lena soláthrófar staitisticí comhiomlána maidir lena seirbhísí um réiteach díospóide, nach mór an méid seo a leanas a chuimsiú inti: (1) an líon foriomlán gearán a bhaineann le Prionsabail agus a fuarthas le linn na bliana tuairiscithe; (2) na cineálacha gearán a fuarthas; (3) bearta cáilíochta maidir le réiteach díospóidí, amhail an fad ama a thógann sé gearáin a phróiseáil; agus (4) torthaí na ngearán a fuarthas, go háirithe an líon agus na cineálacha leigheasanna nó smachtbhannaí a forchuireadh. Soláthróidh an Roinn do na comhlachtaí treoraíocht chomhlántach shonrach maidir leis an bhfaisnéis ba cheart dóibh a sholáthar sna tuarascálacha bliantúla sin, agus na ceanglais sin á mionsaothrú aici (e.g., na critéir shonracha á liostú nach mór a chomhlíonadh le gearán chun go measfar gur gearán é a bhaineann le Prionsabail chun críocha na tuarascála bliantúla), mar aon le cineálacha eile faisnéise a shainaithint ba cheart dóibh a sholáthar (e.g., má sholáthraíonn an comhlacht seirbhís fíorúcháin a bhaineann leis na Prionsabail, tuairisc ar an mbealach a seachnaíonn an comhlacht aon choinbhleacht leasa iarbhír nó ionchasach i staideanna nuair a sholáthraíonn an comhlacht idir sheirbhísí fíorúcháin agus seirbhísí um réiteach díospóide). Leis an treoraíocht bhreise arna soláthar ag an Roinn, sonrófar freisin an dáta faoinar cheart tuarascálacha bliantúla na gcomhlachtaí a fhoilsiú le haghaidh na tréimhse tuairiscithe ábhartha.

Bearta Leantacha le hEagraíochtaí Ar Mian Leo a Bheith Bainte de Liosta an Chreata Príobháideachais Sonraí nó Ar Baineadh De Iad

Más mian le heagraíocht tarraingt siar ó CPS AE-SAM, ceanglóidh an Roinn ar an eagraíocht aon tagairt a bhaint d’aon bheartas príobháideachais ábhartha ar tagairt do CPS AE-SAM í, lena dtugtar le fios go leanann an eagraíocht de pháirt a ghlacadh in CPS AE-SAM agus go bhféadfaidh sí faisnéis phearsanta a fháil de bhun CPS AE-SAM (féach tuairisc ar ghealltanas na Roinne chun maímh rannpháirtíochta bhréagacha a chuardach). Ceanglóidh an Roinn ar an eagraíocht freisin go gcuirfidh sí ceistneoir iomchuí i gcrích agus faoi bhráid na Roinne chun an méid seo a leanas a fhíorú:

gur mian leis an eagraíocht tarraingt siar;

cén ceann díobh seo a leanas a dhéanfaidh an eagraíocht leis na sonraí pearsanta a fuair sí agus í ag brath ar CPS AE-SAM le linn di páirt a ghlacadh in CPS AE-SAM: (a) na sonraí sin a choimeád, leanúint de na Prionsabail a chur i bhfeidhm maidir leis na sonraí sin agus a gealltanas a dhearbhú don Roinn ar bhonn bliantúil chun na Prionsabail a chur i bhfeidhm maidir leis na sonraí sin; (b) na sonraí sin a choimeád agus cosaint ‘leormhaith’ a sholáthar le haghaidh na sonraí sin ar bhealach údaraithe eile; nó (c) na sonraí uile sin a thabhairt ar ais nó a scriosadh faoi dháta sonraithe; agus

an duine laistigh den eagraíocht a bheidh ina phointe teagmhála leanúnach le haghaidh ceisteanna a bhaineann le Prionsabail.

Má roghnaigh eagraíocht (a) mar a thuairiscítear go díreach thuas, ceanglóidh an Roinn uirthi freisin go gcuirfidh an eagraíocht i gcrích agus faoi bhráid na Roinne gach bliain tar éis di tarraingt siar (i.e., faoi bhliain amháin tar éis di tarraingt siar, faoin dáta céanna gach bliain dá héis sin ach amháin agus go dtí go soláthróidh an eagraíocht cosaint ‘leormhaith’ le haghaidh na sonraí sin ar bhealach údaraithe eile nó go dtí go dtabharfaidh sí ar ais nó go scriosfaidh sí na sonraí sin uile agus fógra a thabhairt don Roinn faoin ngníomhaíocht sin) ceistneoir iomchuí chun a bhfuil déanta ag an eagraíocht leis na sonraí pearsanta sin a fhíorú, mar aon lena ndéanfaidh sí le haon chuid de na sonraí pearsanta a leanann sí uirthi a choimeád, mar aon leis na duine laistigh den eagraíocht a bheidh ina phointe teagmhála leanúnach le haghaidh ceisteanna a bhaineann le Prionsabail.

Má lig eagraíocht dá féindeimhniú dul as feidhm (i.e., agus nach mbeidh a hathdheimhniú bliantúil curtha i gcrích aici maidir le bheith ag cloí leis na Prionsabail ná níor baineadh de Liosta an Chreata Príobháideachais Sonraí ar chúis éigin eile í, amhail a bheith ag tarraingt siar), ordóidh an Roinn di ceistneoir iomchuí a chur i gcrích agus a chur faoi bhráid na Roinne chun a fhíorú cé acu is mian léi tarraingt siar nó athdheimhniú a dhéanamh:

agus más mian leis an eagraíocht tarraingt siar, fíorú thairis sin maidir leis an méid a dhéanfaidh sí leis na sonraí pearsanta a fuair sí agus í ag brath ar CPS AE-SAM le linn di páirt a ghlacadh in CPS AE-SAM (féach tuairisc roimhe ar an méid nach mór d’eagraíocht a fhíorú más mian léi tarraingt siar);

agus má bhíonn faoin eagraíocht athdheimhniú a dhéanamh, fíorú thairis sin gurb amhlaidh, le linn na tréimhse a raibh a stádas deimhniúcháin as feidhm lena linn, gur chuir sí na Prionsabail i bhfeidhm maidir le sonraí pearsanta a fuair sí faoi CPS AE-SAM agus na céimeanna a dhéanfaidh sí a shoiléiriú, chun aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna atá gan réiteach fós agus a chuir moill ar a hathdheimhniú.

Má bhaintear eagraíocht de Liosta an Chreata Príobháideachais Sonraí ar aon cheann de na cúiseanna seo a leanas: (a) tharraing an eagraíocht siar ó CPS AE-SAM, (b) theip ar an eagraíocht an t-athdheimhniú bliantúil a chur i gcrích maidir le bheith ag cloí leis na Prionsabail (i.e., gur thosaigh an eagraíocht, ach gur theip uirthi an próiseas athdheimhniúcháin bliantúil a chur i gcrích go tráthúil nó nár thosaigh an eagraíocht ar an bpróiseas athdheimhniúcháin bliantúil fiú), nó (c) ‘gur theip go seasmhach ar an eagraíocht maidir le comhlíonadh’, seolfaidh an Roinn fógra chuig an teagmhálaí nó na teagmhálaithe a sainaithníodh in aighneacht féindeimhniúcháin na heagraíochta lena sonrófar an chúis gur baineadh an eagraíocht den Liosta agus lena míneofar nach mór di scor d’aon mhaíomh intuigthe nó sainráite a dhéanamh go nglacann sí páirt in nó go gcomhlíonann sí CPS AE-SAM agus go bhféadfaidh sí sonraí pearsanta a fháil de bhun CPS AE-SAM. Leis an bhfógra, a bhféadfar ábhar eile a chuimsiú ann a bheidh curtha in oiriúint don chúis lenar baineadh an eagraíocht den liosta, tabharfar le fios maidir le heagraíochtaí a thugann bréagléiriú ar a rannpháirtíocht in CPS AE-SAM nó ar a gcomhlíontacht leis, lena n-áirítear i gcás ina léiríonn siad go bhfuil páirt á glacadh acu in CPS AE-SAM tar éis dóibh a bheith bainte de Liosta an Chreata Príobháideachais Sonraí go bhféadfaidh an eagraíocht a bheith faoi réir gníomhaíocht forfheidhmiúcháin ó FTC, DOT nó ó chomhlacht ábhartha eile de chuid an rialtais.

Maímh Rannpháirtíochta Bhréagacha a Chuardach agus Aghaidh a Thabhairt Orthu

Ar bhonn leanúnach, i gcás inarb amhlaidh maidir le heagraíocht: (a) go dtarraingíonn sí siar ó rannpháirtíocht in CPS AE-SAM, (b) nach gcuireann sí an t-athdheimhniú bliantúil i gcrích maidir le bheith ag cloí leis na Prionsabail (i.e., gur thosaigh an eagraíocht, ach nár chuir sí an próiseas athdheimhniúcháin bliantúil i gcrích go tráthúil nó nár thosaigh sí ar an bpróiseas athdheimhniúcháin bliantúil fiú), nó (c) go mbaintear an eagraíocht de Liosta na rannpháirtithe in CPS AE-SAM, go háirithe i ngeall ar ‘neamhchomhlíonadh seasmhach’ nó (d) nach gcuireann sí féindeimhniú tosaigh i gcrích maidir le bheith ag cloí leis na Prionsabail (i.e., gur thosaigh sí ar an bpróiseas féindeimhniúcháin tosaigh, ach nár chuir sí i gcrích é go tráthúil), tabharfaidh an Roinn faoi ghníomhaíocht, ar bhonn ex officio chun a fhíorú nach mbeidh aon tagairt in aon bheartas príobháideachais foilsithe ábhartha de chuid na heagraíochta do CPS AE-SAM lena dtugtar le fios go nglacann an eagraíocht páirt in CPS AE-SAM agus go bhféadfaidh sí faisnéis phearsanta a fháil de bhun CPS AE-SAM. I gcás ina n-aimseoidh an Roinn na tagairtí sin, cuirfidh an Roinn an eagraíocht ar an eolas go n-atreoróidh an Roinn, de réir mar is iomchuí, an t-ábhar chuig an ngníomhaireacht ábhartha le haghaidh gníomhaíocht forfheidhmiúcháin ionchasach má leanann an eagraíocht de bhréagléiriú a thabhairt ar a rannpháirtíocht in CPS AE-SAM. Cuirfidh an Roinn an eagraíocht ar an eolas trí bhíthin na teagmhála a sholáthair an eagraíocht don Roinn nó ar bhealaí iomchuí eile i gcás inar gá. Mura mbaineann an eagraíocht na tagairtí amach ná mura bhféindeimhníonn sí a comhlíontacht faoi CPS AE-SAM i gcomhréir le nósanna imeachta na Roinne, atreoróidh an Roinn ex officio, an t-ábhar chuig FTC, DOT, nó gníomhaireacht forfheidhmithe iomchuí eile, nó déanfaidh gníomhaíocht iomchuí eile chun úsáid cheart mharc deimhniúcháin CPS AE-SAM a áirithiú;

Tabharfaidh an Roinn faoi iarrachtaí eile chun maímh bhréagacha maidir le rannpháirtíocht in CPS AE-SAM a shainaithint mar aon le húsáid mhícheart mharc deimhniúcháin CPS AE-SAM, lena n-áirítear ag eagraíochtaí, murab ionann agus na heagraíochtaí ar a dtugtar tuairisc díreach thuas, nár thosaigh an próiseas féindeimhniúcháin riamh fiú (e.g., cuardach iomchuí ar an Idirlíon a dhéanamh chun tagairtí a shainaithint ar tagairtí iad do CPS AE-SAM i mbeartais phríobháideachais de chuid eagraíochtaí). I gcás ina sainaithneoidh an Roinn maímh bhréagacha maidir le rannpháirtíocht in CPS AE-SAM mar aon le húsáid mhícheart mharc deimhniúcháin CPS AE-SAM, cuirfidh an Roinn an eagraíocht ar an eolas go n-atreoróidh an Roinn, de réir mar is iomchuí, an t-ábhar chuig an ngníomhaireacht ábhartha le haghaidh gníomhaíocht forfheidhmiúcháin ionchasach má leanann an eagraíocht de bhréagléiriú a thabhairt ar a rannpháirtíocht in CPS AE-SAM. Cuirfidh an Roinn an eagraíocht ar an eolas trí bhíthin na teagmhála, más ann, a sholáthair an eagraíocht don Roinn nó ar bhealaí iomchuí eile i gcás inar gá. Mura mbaineann an eagraíocht na tagairtí amach ná mura bhféindeimhníonn sí a comhlíontacht faoi CPS AE-SAM i gcomhréir le nósanna imeachta na Roinne, atreoróidh an Roinn ex officio, an t-ábhar chuig FTC, DOT, nó gníomhaireacht forfheidhmithe iomchuí eile, nó déanfaidh gníomhaíocht iomchuí eile chun úsáid cheart mharc deimhniúcháin CPS AE-SAM a áirithiú;

Déanfaidh an Roinn athbhreithniú agus tabharfaidh aghaidh go pras ar ghearáin neamhshuaibhreosacha, shonracha faoi mhaímh bhréagacha maidir le rannpháirtíocht in CPS AE-SAM a fhaigheann an Roinn (e.g., gearáin a fhaightear ó ÚCSanna, sásraí neamhspleácha maidir le ceart cúitimh arna soláthair ag comhlachtaí malartacha um réiteach díospóide ón earnáil phríobháideach, ábhair sonraí, gnólachtaí ón Aontas agus ó na Stáit Aontaithe, agus cineálacha eile tríú páirtithe); agus

Féadfaidh an Roinn gníomhaíocht cheartaitheach iomchuí eile a dhéanamh. Féadfaidh mífhaisnéis don Roinn a bheith inchaingne faoi The False Statements Act (18 U.S.C., Roinn 1001).

Athbhreithnithe agus Measúnuithe Tréimhsiúla ar Chomhlíontacht a Dhéanamh ex officio ar Chlár an Chreata Príobháideachais Sonraí

Ar bhonn leanúnach, tabharfaidh an Roinn faoi iarrachtaí chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíontacht eagraíochtaí CPS AE-SAM chun fadhbanna a bhféadfadh gníomhaíocht leantach a bheith riachtanach ina leith a shainaithint. Go háirithe, déanfaidh an Roinn, ar bhonn ex officio, gnáth-bhonn-spotseiceálacha ar eagraíochtaí CPS AE-SAM a roghnófar go randamach, mar aon le spotseiceálacha ad hoc ar eagraíochtaí sonracha CPS AE-SAM nuair a shainaithneofar easnaimh chomhlíontachta ionchasacha (e.g., i gcás ina dtarraingeoidh tríú páirtithe aird na Roinne ar easnaimh chomhlíontachta ionchasacha) chun an méid seo a leanas a fhíorú: (a) go bhfuil an pointe (na pointí) teagmhála a bhíonn freagrach as gearáin, iarrataí ar rochtain, agus fadhbanna eile a thagann chun cinn faoi CPS AE-SAM a láimhseáil, ar fáil; (b) i gcás inarb infheidhme, go bhfuil beartas príobháideachais poiblí na heagraíochta ar fáil go héasca don phobal le feiceáil ar shuíomh gréasáin poiblí na heagraíochta agus trí hipearnasc ar Liosta an Chreata Príobháideachais Sonraí chomh maith; (c) go leanann beartas príobháideachais na heagraíochta de bheith ag comhlíonadh na gceanglas maidir le féindeimhniú ar a dtugtar tuairisc sna Prionsabail; agus (d) go mbíonn an sásra neamhspleách maidir le ceart cúitimh a shainaithin an eagraíocht ar fáil chun aghaidh a thabhairt ar ghearáin a dhéantar faoi CPS AE-SAM. Déanfaidh an Roinn faireachán gníomhach freisin ar an nuacht le haghaidh tuairiscí a sholáthraíonn fianaise inchreidte ar neamhchomhlíontacht eagraíochtaí CPS AE-SAM;

Mar chuid den athbhreithniú ar chomhlíontacht, ceanglóidh an Roinn ar eagraíocht CPS AE-SAM ceistneoir mionsonraithe a chur i gcrích agus a chur faoi bhráid na Roinne nuair is amhlaidh an méid seo a leanas: (a) tá aon ghearán neamhshuaibhreosach, sonrach faighte ag an Roinn faoi chomhlíontacht na heagraíochta leis na Prionsabail, (b) ní thugann an eagraíocht freagra sásúil ar fhiosrúcháin ón Roinn maidir le faisnéis a bhaineann le CPS AE-SAM, nó (c) tá fianaise inchreidte ann nach gcomhlíonann an eagraíocht a gealltanais faoi CPS AE-SAM. I gcás ina mbeidh ceistneoir mionsonraithe den sórt sin seolta ag an Roinn chuig an eagraíocht agus ina dteipfidh ar an eagraíocht an ceistneoir a fhreagairt go sásúil, cuirfidh an Roinn an eagraíocht ar an eolas go n-atreoróidh an Roinn, de réir mar is iomchuí, an t-ábhar chuig an ngníomhaireacht ábhartha le haghaidh gníomhaíocht forfheidhmiúcháin ionchasach mura bhfaighidh an Roinn freagra sásúil agus tráthúil ón eagraíocht. Cuirfidh an Roinn an eagraíocht ar an eolas trí bhíthin na teagmhála a sholáthair an eagraíocht don Roinn nó ar bhealaí iomchuí eile i gcás inar gá. Mura soláthróidh an eagraíocht freagra sásúil agus tráthúil, atreoróidh an Roinn ex officio, an t-ábhar chuig FTC, DOT, nó gníomhaireacht forfheidhmithe iomchuí eile, nó déanfaidh gníomhaíocht iomchuí eile i dtreo comhlíontacht a áirithiú. Rachaidh an Roinn, i gcás inarb iomchuí, i gcomhairle leis na húdaráis cosanta sonraí inniúla faoi na hathbhreithnithe sin ar chomhlíontacht; agus

Déanfaidh an Roinn measúnú tréimhsiúil ar riaradh agus ar mhaoirsiú chlár an Chreata Príobháideachais Sonraí chun a áirithiú gurb iomchuí a cuid iarrachtaí faireacháin, lena n-áirítear aon iarracht dá dtugtar fúthu trí uirlisí cuardaigh a úsáid (e.g., chun naisc bhriste le beartais phríobháideachais eagraíochtaí CPS AE-SAM a sheiceáil), chun aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna atá ann cheana agus ar aon fhadhb nua de réir mar a thagann siad chun cinn.

Suíomh Gréasáin an Chreata Príobháideachais Sonraí a Chur in Oiriúint do Spriocphobal

Cuirfidh an Roinn suíomh gréasáin an Chreata Príobháideachais Sonraí in oiriúint chun díriú ar na spriocphobail seo a leanas: Daoine aonair as an Aontas, gnólachtaí ón Aontas, gnólachtaí ó na Stáit Aontaithe agus ÚCSanna. Ach ábhar a dhírítear ar dhaoine aonair as an Aontas agus ar ghnólachtaí ón Aontas go díreach a chuimsiú, éascófar leis an trédhearcacht ar roinnt bealaí. Maidir le daoine aonair as an Aontas, míneofar leis an suíomh gréasáin an méid seo a leanas go soiléir: (1) na cearta a sholáthraítear le CPS AE-SAM do dhaoine aonair as an Aontas; (2) na sásraí maidir le ceart cúitimh a bhíonn ar fáil do dhaoine aonair as an Aontas nuair a chreideann siad go bhfuil a gealltanas chun na Prionsabail a chomhlíonadh sáraithe ag eagraíocht; agus (3) an bealach chun faisnéis a bhaineann le féindeimhniú eagraíocht CPS AE-SAM a aimsiú. Maidir le gnólachtaí ón Aontas, éascóidh sé leis an méid seo a leanas a fhíorú: (1) cé acu is rannpháirtí í eagraíocht in CPS AE-SAM nó nach ea; (2) an cineál faisnéise a chumhdaítear le féindeimhniú CPS AE-SAM eagraíochta; (3) an beartas príobháideachais ag a bhfuil feidhm maidir leis an bhfaisnéis a chumhdaítear; agus (4) an modh a úsáideann an eagraíocht chun a fhíorú go gcloíonn sí leis na Prionsabail. Maidir le gnólachtaí ó na Stáit Aontaithe, míneofar an méid seo a leanas go soiléir: (1) na tairbhí a bhaineann le rannpháirtíocht in CPS AE-SAM; (2) an bealach chun dul isteach in CPS AE-SAM, mar aon leis an mbealach chun athdheimhniú a dhéanamh le haghaidh CPS AE-SAM agus tarraingt siar uaidh; agus (3) an bealach a riarann agus a bhforfheidhmíonn na Stáit Aontaithe CPS AE-SAM. Ach ábhar a dhírítear ar ÚCSanna go díreach a chuimsiú (e.g., faisnéis faoi phointe teagmhála tiomnaithe na Roinne le haghaidh ÚCSanna agus hipearnasc leis an ábhar a bhaineann leis na Prionsabail ar shuíomh ghréasáin FTC), éascófar leis an gcomhar agus leis an trédhearcacht araon. Oibreoidh an Roinn freisin ar bhonn ad hoc leis an gCoimisiún agus leis an mBord Eorpach um Chosaint Sonraí (‘EDPB’) chun ceist cúrsaí reatha bhreise a fhorbairt (e.g., freagraí ar cheisteanna coitianta) lena húsáid ar shuíomh gréasáin an Chreata Príobháideachais Sonraí, i gcás ina n-éascódh faisnéis den sórt sin leis an riaradh agus maoirsiú ar chlár an Chreata Príobháideachais Sonraí.

Comhar le ÚCSanna a Éascú

Chun deiseanna le haghaidh comhar le ÚCSanna a mhéadú, coinneoidh an Roinn pointe teagmhála tiomnaithe ar bun ag an Roinn chun gníomhú mar idirchaidreamh le ÚCSanna. I gcásanna ina gcreidfidh ÚCS nach bhfuil eagraíocht CPS AE-SAM ag comhlíonadh na bPrionsabal, lena n-áirítear tar éis gearán a fháil ó dhuine as an Aontas, beidh an ÚCS in ann teagmháil a dhéanamh leis an bpointe teagmhála tiomnaithe ag an Roinn chun an eagraíocht a atreorú chun go ndéanfar athbhreithniú breise uirthi. Déanfaidh an Roinn a dícheall chun éascaíocht a dhéanamh leis an ngéarán a réiteach leis an eagraíocht atá rannpháirteach in CPS AE-SAM. Laistigh de 90 lá tar éis di an gearán a fháil, soláthróidh an Roinn nuashonrú do ÚCS. Gheobhaidh an pointe teagmhála tiomnaithe cásanna atreoraithe freisin maidir le heagraíochtaí a mhaíonn go bréagach go nglacann siad páirt in CPS AE-SAM. Déanfaidh an pointe teagmhála tiomnaithe gach cás atreoraithe ó ÚCSanna arna bhfáil ag an Roinn a rianú, agus soláthróidh an Roinn, in athbhreithniú comhpháirteach ar a dtugtar tuairisc thíos, tuarascáil lena ndéanfar anailís go comhiomlán ar na gearáin a fhaigheann sí gach bliain. Tabharfaidh an pointe teagmhála tiomnaithe cúnamh do ÚCSanna a lorgaíonn faisnéis a bhaineann le féindeimhniú eagraíochta sonraí nó rannpháirtíocht ag eagraíocht shonrach in CPS AE-SAM roimhe, agus freagróidh an pointe teagmhála tiomnaithe d’fhiosrúcháin ÚCS maidir le ceanglais shonracha CPS AE-SAM a chur chun feidhme. Rachaidh an Roinn i gcomhar leis an gCoimisiún agus le EDPB freisin maidir le gnéithe nós imeachta agus riaracháin a bhaineann le painéal ÚCS, lena n-áirítear nósanna imeachta iomchuí a bhunú chun cistí a bhailítear trí tháille phainéil ÚCS a dháileadh. Tuigimid go n-oibreoidh an Coimisiún leis an Roinn chun réiteach ar aon fhadhb a fhéadfaidh teacht chun cinn maidir leis na nósanna imeachta sin a éascú. Ina theannta sin, soláthróidh an Roinn do ÚCSanna ábhar maidir le CPS AE-SAM lena chuimsiú ar a suímh ghréasáin féin chun an trédhearcacht a mhéadú le haghaidh daoine aonair as an Aontas agus gnólachtaí ón Aontas. Le feasacht méadaithe ar CPS AE-SAM agus ar na cearta agus na freagrachtaí a chruthaítear leis, ba cheart sainaithint na bhfadhbanna a éascú de réir mar a thagann siad chun cinn, chun gur féidir aghaidh a thabhairt orthu sin go hiomchuí.

A Gealltanais Faoi Iarscríbhinn I de na Prionsabail a Chomhlíonadh

Comhlíonfaidh an Roinn a gealltanais faoi Iarscríbhinn I de na Prionsabail, lena n-áirítear liosta eadránaithe a choinneáil ar bun arb eadránaithe iad a roghnaigh an Coimisiún ar bhonn neamhspleáchais, ionracais, agus saineolais; agus tacóidh an Roinn, de réir mar is iomchuí, leis an tríú páirtí arna roghnú ag an Roinn chun eadránacha a riaradh de bhun Iarscríbhinn I de na Prionsabail, agus chun an ciste eadrána arna shainaithint in Iarscríbhinn I díobh a bhainistiú (3). Oibreoidh an Roinn leis an tríú páirtí chun, i measc nithe eile, a fhíorú go gcoinníonn an tríú páirtí suíomh gréasáin ar bun lena ngabhfaidh treoraíocht maidir leis an bpróiseas eadrána, lena n-áirítear: (1) an bealach chun imeachtaí a thionscnamh agus doiciméid a chur isteach; (2) liosta na n-eadránaithe a choinníonn an Roinn ar bun agus an bealach chun eadránaithe ón liosta sin a roghnú; (3) na nósanna imeachta eadrána lena rialaítear an próiseas agus cód iompair na n-eadránaithe a ghlac an Roinn agus an Coimisiún (4); agus (4) maidir le táillí na n-eadránaithe a bhailiú agus a íoc. Ina theannta sin, oibreoidh an Roinn leis an tríú páirtí chun athbhreithniú tréimhsiúil a dhéanamh ar oibriú an chiste eadrána, lena n-áirítear an gá le méid na ranníocaíochtaí nó na huasteorainneacha (i.e., uasmhéideanna) ar an gcostas eadrána a choigeartú, agus measfaidh, i measc nithe eile, an líon eadránacha agus costais agus uainiú na n-eadránacha, agus é le tuiscint nach bhforchuirfear aon ualach airgeadais iomarcach ar eagraíochtaí CPS AE-SAM. Tabharfaidh an Roinn fógra don Choimisiún faoi thoradh na n-athbhreithnithe sin leis an tríú páirtí agus soláthróidh réamhfhógra don Choimisiún faoi aon choigeartú ar mhéid na ranníocaíochtaí.

Athbhreithnithe Comhpháirteacha a Dhéanamh ar Fheidhmiú CPS AE-SAM

Reáchtálfaidh an Roinn agus gníomhaireachtaí eile, de réir mar is iomchuí, cruinnithe ar bhonn tréimhsiúil leis an gCoimisiún, ÚCSanna leasmhara, agus ionadaithe iomchuí ó EDPB, a soláthróidh an Roinn nuashonruithe lena linn maidir le CPS AE-SAM. Cuimseofar leis na cruinnithe plé ar fhadhbanna bheidh ann an tráth sin agus a bhainfidh le clár an Chreata Príobháideachais Sonraí a fheidhmiú, a chur chun feidhme, a mhaoirsiú agus a fhorfheidhmiú. Féadfar plé ar thopaicí gaolmhara a chuimsiú leis na cruinnithe, de réir mar is iomchuí, amhail sásraí aistrithe sonraí a thairbhíonn de na coimircí faoi CPS AE-SAM.

Dlíthe a Nuashonrú

Déanfaidh an Roinn iarrachtaí réasúnacha chun an Coimisiún a chur ar an eolas faoi fhorbairtí ábhartha sa dlí sna Stáit Aontaithe a mhéid agus a bhíonn siad ábhartha do CPS AE-SAM i réimse na cosanta príobháideachais sonraí agus na teorainneacha agus na coimircí is infheidhme maidir le rochtain ar shonraí pearsanta ag údaráis na Stát Aontaithe agus úsáid na sonraí sin dá éis.

Rochtain ag Rialtas na Stát Aontaithe ar Shonraí Pearsanta

D’eisigh na Stáit Aontaithe Ordú Feidhmiúcháin 14086 ‘ Coimircí a fheabhsú le haghaidh Gníomhaíochtaí Faisnéise Comharthaí SAM ’ agus 28 CFR cuid 201 lena leasaítear rialacháin na Roinne Dlí agus Cirt chun an Chúirt Athbhreithnithe um Chosaint Sonraí (‘DPRC’) a bhunú, lena soláthraítear cosaint láidir le haghaidh sonraí pearsanta i leith rochtain ag an rialtas ar shonraí chun críocha slándála náisiúnta. Cuimsítear an méid seo a leanas leis an gcosaint a sholáthraítear: coimircí príobháideachais agus saoirsí sibhialta a láidriú chun a áirithiú gur gníomhaíochtaí riachtanacha agus comhréireacha iad gníomhaíochtaí faisnéise comharthaí na Stát Aontaithe chun cuspóirí sainithe na slándála náisiúnta a shaothrú; sásra sásaimh nua a bhunú lena ngabhfaidh údarás ceangailteach agus neamhspleách; agus an fhormhaoirseacht dhian, ina bhfuil sraitheanna difriúla agus atá ann cheana ar ghníomhaíochtaí faisnéise comharthaí na Stát Aontaithe a fheabhsú. Trí na cosaintí sin, féadfaidh daoine aonair as an Aontas sásamh a lorg ó shásra sásaimh ilsrathach nua lena gcuimsítear DPRC neamhspleách a bheadh comhdhéanta de dhaoine aonair a roghnófaí as lasmuigh de Rialtas na Stát Aontaithe agus ag a mbeadh údarás iomlán chun maímh a bhreithniú agus bearta feabhais díreacha a ordú de réir mar is gá. Coinneoidh an Roinn taifead ar bun de dhaoine aonair as an Aontas a chuireann gearán cáilitheach isteach de bhun Ordú Feidhmiúcháin 14086 agus 28 CFR cuid 201. 5 bliana tar éis dháta na litreach seo, agus ar bhonn 5 bliana dá éis sin, rachaidh an Roinn i dteagmháil le gníomhaireachtaí ábhartha maidir le cé acu a scaoileadh ó rúnaicmiú nó nár scaoileadh faisnéis a bhaineann leis an athbhreithniú ar ghearáin cháilitheacha nó le hathbhreithniú ar aon iarratas ar athbhreithniú a cuireadh faoi bhráid DPRC. Murar scaoileadh an fhaisnéis sin ó rúnaicmiú, oibreoidh an Roinn leis an ÚCS ábhartha chun an duine aonair as an Aontas a chur ar an eolas. Deimhníonn na feabhsuithe sin go gcaithfear le sonraí pearsanta as an Aontas a aistrítear chuig na Stáit Aontaithe ar bhealach a bheith i gcomhréir le ceanglais dhlíthiúla an Aontais i leith na rochtana ar shonraí ag an rialtas.

Ar bhonn na bPrionsabal, Ordú Feidhmiúcháin 14086, 28 CFR cuid 201, agus na litreacha agus ábhair a ghabhann leo, lena n-áirítear gealltanais na Roinne maidir leis an riaradh agus maoirsiú ar chlár an Chreata Príobháideachais Sonraí, is éard lena bhfuil coinne againn go gcinnfidh an Coimisiún go ndéantar foráil le CPS AE-SAM maidir le cosaint leormhaith chun críocha dhlí an Aontais agus go leanfar d’aistrithe sonraí ón Aontas Eorpach chuig eagraíochtaí a ghlacann páirt in CPS AE-SAM. Tá coinne againn leis freisin maidir le haistrithe chuig eagraíochtaí ó na Stáit Aontaithe a dhéantar agus iad ag brath ar Chlásail Chonarthacha Chaighdeánacha de chuid an Aontais nó ar Rialacha Corparáideacha Ceangailteacha de chuid an Aontais, go n-éascóidh téarmaí na socruithe sin a thuilleadh leis na haistrithe sin.

Is mise le meas,

Image 4

Marisa Lago


(1)  Eagraíochtaí a rinne féindeimhniú ar a ngealltanas Prionsabail Chreat Sciath Phríobháideachais AE-SAM a chomhlíonadh agus ar mian leo go mbeidh acu na tairbhí a eascraíonn as rannpháirtíocht in CPS AE-SAM, ní mór dóibh ‘Prionsabail Chreat Príobháideachais Sonraí AE-SAM’ a chomhlíonadh. An gealltanas sin chun ‘Prionsabail Chreat Príobháideachais Sonraí AE-SAM’ a chomhlíonadh, léireofar é i mbeartais príobháideachais na n-eagraíochtaí rannpháirteacha sin a luaithe is féidir, agus in aon chás tráth nach déanaí ná 3 mhí ón dáta éifeachtach le haghaidh ‘Phrionsabail Chreat Príobháideachais Sonraí AE-SAM’. (Féach roinn (e) den Phrionsabal Forlíontach maidir le Féindeimhniúchán).

(2)   E.g., A mhéid a bhaineann le hathdheimhniú, beadh coinne leis go dtabharfadh na heagraíochtaí aghaidh ar gach fadhb den sórt sin laistigh de 45 lá; ach amháin i gcás ina n-ainmneoidh an Roinn fráma ama iomchuí difriúil.

(3)  Roghnaigh an Roinn an Lárionad Idirnáisiúnta um Réiteach Díospóidí (‘ICDR’), an rannán idirnáisiúnta de Chumann Eadrána Mheiriceá (‘AAA’) (a dtugtar ‘ICDR-AAA’ i gcomhpháirt orthu) chun eadránacha a riaradh de bhun Iarscríbhinn I de na Prionsabail agus chun an ciste eadrána arna shainaithint in Iarscríbhinn I de na Prionsabail a bhainistiú.

(4)  An 15 Meán Fómhair 2017, chomhaontaigh an Roinn agus an Coimisiún tacar rialacha eadrána a ghlacadh chun nósanna imeachta eadrána ceangailteacha a rialú, ar a dtugtar tuairisc in Iarscríbhinn I de na Prionsabail, mar aon le cód iompair le haghaidh eadránaithe atá i gcomhréir le caighdeáin eitice a nglactar go ginearálta leo le haghaidh eadránaithe tráchtála agus Iarscríbhinn I de na Prionsabail. Chomhaontaigh an Roinn agus an Coimisiún na rialacha eadrána agus an cód iompair a oiriúnú chun na nuashonruithe a léiriú faoi CPS AE-SAM agus oibreoidh an Roinn le ICDR-AAA chun na nuashonruithe sin a dhéanamh.


IARSCRÍBHINN IV

Image 5

Office of the Chair

UNITED STATES OF AMERICA

Federal Trade Commission

WASHINGTON, D.C. 20580

An 9 Meitheamh 2023

Didier REYNDERS

An Coimisinéir um Cheartas

An Coimisiún Eorpach

Rue de la Loi / Wetstraat 200

1049 An Bhruiséil

An Bheilg

A Choimisinéir Reynders, a chara:

Is mór ag Coimisiún Trádála Feidearálach na Stát Aontaithe (‘FTC’) an deis chun aghaidh a thabhairt ar a ról i dtaca le forfheidhmiú Chreat Príobháideachais Sonraí AE-SAM (‘Prionsabail CPS AE-SAM’). Bhí sé ina rún daingean le fada an lá ag FTC tomhaltóirí agus an príobháideachas a chosaint thar theorainneacha, agus tá rún daingean againn gnéithe an chreata seo a bhaineann leis an earnáil tráchtála a fhorfheidhmiú. Tá ról den sórt sin á fheidhmiú ag FTC ón mbliain 2000, i dtaca le Creat SAM-AE maidir le Cuain Shábháilte, agus an ghníomhaíocht is déanaí sa ról sin ó 2016, i dtaca le Creat Sciath Phríobháideachais AE-SAM (1). An 16 Iúil 2020, chuir Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (‘CBAE’) cinneadh leordhóthanachta an Choimisiúin Eorpaigh, is bonn do Chreat Sciath Príobháideachais AE-SAM, ó bhail, ar bhonn fadhbanna eile seachas na prionsabail tráchtála a d’fhorfheidhmigh FTC. Rinne na Stáit Aontaithe agus an Coimisiún Eorpach caibidlíocht ar Chreat Príobháideachais Sonraí AE-SAM ón tráth sin chun aghaidh a thabhairt ar an rialú sin ó CBAE.

Scríobhaim chun a dheimhniú go bhfuil rún daingean ag FTC Prionsabail CPS AE-SAM a fhorfheidhmiú go láidir. Go háirithe, dearbhaímid ár ngealltanas i dtrí phríomhréimse: (1) beartú tosaíochta na gcásanna atreoraithe agus imscrúduithe; (2) orduithe a lorg agus faireachán a dhéanamh orthu; agus (3) comhar um fhorfheidhmiú le húdaráis chosanta sonraí an Aontais (‘ÚCSanna’).

I.   Réamhrá

a.   Forfheidhmiú an Phríobháideachais agus Obair Bheartais FTC

Tá údarás leathan um fhorfheidhmiú sibhialta ag FTC chun cosaint tomhaltóirí agus iomaíocht a chur chun cinn sa saol tráchtála. Mar chuid dá shainordú um chosaint tomhaltóirí, forfheidhmíonn FTC raon leathan dlíthe chun príobháideachas agus slándáil tomhaltóirí agus a gcuid sonraí a chosaint. Leis an dlí bunúsach a bhíonn á fhorfheidhmiú ag FTC, The FTC Act, toirmeasctar ‘gníomhartha nó cleachtais éagóracha’ nó ‘meabhlacha’ sa tráchtáil nó i ngníomhartha agus cleachtais lena ndéantar difear don tráchtáil (2). Forfheidhmíonn FTC reachtanna spriocdhírithe freisin lena gcosnaítear faisnéis a bhaineann le hábhair shláinte, chreidmheasa agus airgeadais eile, mar aon le faisnéis leanaí atá ar líne, agus tá rialacháin eisithe ag FTC lena gcuirtear gach ceann de na reachtanna sin chun feidhme (3).

Shaothraigh FTC tionscnaimh iomadúla le déanaí freisin chun ár gcuid oibre ó thaobh an phríobháideachais de a láidriú. I mí Lúnasa 2022 d’fhógair FTC go bhfuil sé ag cuimhneamh ar rialacha chun cniogbheartaíocht a dhéanamh ar an bhfaireachas tráchtála díobhálach agus ar an tslándáil sonraí lag (4). Is é sprioc an tionscadail taifead poiblí láidir a fhorbairt chun eolas a thabhairt faoi cé acu ba cheart nó nár cheart do FTC rialacha a eisiúint chun aghaidh a thabhairt ar chleachtais faireachais agus slándála sonraí tráchtála, agus faoin gcuma ba cheart a bheith ar na rialacha sin b’fhéidir. Chuireamar fáilte roimh bharúlacha ó pháirtithe leasmhara an Aontais maidir leis sin agus tionscnaimh eile.

Leanann ár gcomhdhálacha ‘PrivacyCon’ de bheith ag tabhairt taighdeoirí atá ar thús cadhnaíochta le chéile chun an taighde agus na treochtaí is déanaí, a bhaineann leis an bpríobháideachas tomhaltóirí agus slándáil sonraí a phlé. Mhéadaíomar cumas ár ngníomhaireachta freisin chun coimeád cothrom le dáta leis na forbairtí teicneolaíochta atá i lár roinnt mhaith dá n-oibre maidir leis an bpríobháideachas, agus foireann teicneolaithe agus taighdeoirí idirdhisciplíneacha á méadú againn. D’fhógraíomar, mar is eol duit, idirphlé comhpháirteach leat féin agus le do chomhghleacaithe ag an gCoimisiún Eorpach freisin, rud lena gcuimsítear aghaidh a thabhairt ar thopaicí a bhaineann leis an bpríobháideachas amhail patrúin agus múnlaí dorcha gnó ar saintréith díobh an bailiú sonraí forleatach (5). D’eistear tuarascáil le déanaí do Theach na Comhdhála freisin lenar tugadh rabhadh faoi dhíobhálacha atá bainteach leis an intleacht shaorga (‘AI’) a úsáid chun aghaidh a thabhairt ar dhíobhálacha ar líne arna sainaithint ag Teach na Comhdhála. Léiríodh údair imní leis an tuarascáil sin maidir leis an neamhchruinneas, claonadh, idirdhealú, agus leathadh téaltaitheach an fhaireachais tráchtála (6).

b.   Cosaintí Dlí SAM a dTairbhíonn Tomhaltóirí an Aontais Díobh

Tá feidhm ag CPS AE-SAM i comhthéacs chúrsaí príobháideachais na Stát Aontaithe ar leibhéal níos fairsinge, rud lena gcosnaítear tomhaltóirí an Aontais freisin ar roinnt bealaí. Níl toirmeasc The FTC Act ar ghníomhartha nó cleachtais éagóracha nó mheabhlacha teoranta do thomhaltóirí as na Stáit Aontaithe a chosaint ar chuideachtaí na Stát Aontaithe, toisc go gcuimsítear leis an Acht na cleachtais sin (1) atá ina n-údar nó is dócha a bheidh ina n-údar le gortú intuartha sna Stáit Aontaithe, nó (2) a bhaineann le hiompar ábhartha sna Stáit Aontaithe. Thairis sin, is féidir le FTC na leigheasanna uile atá ar fáil a úsáid chun tomhaltóirí intíre a chosaint le linn dó tomhaltóirí eachtracha a chosaint (7).

Forfheidhmíonn FTC dlíthe spriocdhírithe eile freisin a bhfuil feidhm ag na cosaintí iontu maidir le tomhaltóirí nach tomhaltóirí as na Stáit Aontaithe iad chomh maith, amhail The Children’s Online Privacy Protection Act (‘COPPA’). I measc nithe eile, ceanglaítear le COPPA ar oibreoirí suíomhanna gréasáin agus seirbhísí ar líne a dhíríonn ar leanaí, nó ar shuíomhanna ag a mbíonn lucht féachana ginearálta agus a bhailíonn faisnéis phearsanta go feasach ó leanaí faoi bhun 13 bliana d’aois, fógra do thuismitheoirí a sholáthar agus toiliú infhíoraithe a fháil ó thuismitheoirí. Suíomhanna gréasáin agus seirbhísí atá sna Stáit Aontaithe agus faoi réir COPPA agus a bhailíonn faisnéis phearsanta ó leanaí eachtracha, ceanglaítear orthu COPPA a chomhlíonadh. Ní mór do shuíomhanna gréasáin eachtracha agus seirbhísí eachtracha ar líne COPPA a chomhlíonadh freisin má threoraítear iad chuig leanaí sna Stáit Aontaithe, nó má bhailíonn siad faisnéis phearsanta go feasach ó leanaí sna Stáit Aontaithe. Thairis sin, i dteannta dhlíthe feidearálacha na Stát Aontaithe a bhíonn á bhforfheidhmiú ag FTC, féadfaidh dlíthe stáit agus feidearálacha eile um chosaint tomhaltóirí, sárú ar shonraí, agus príobháideachas tairbhí breise a sholáthar do thomhaltóirí an Aontais.

c.   Gníomhaíocht Forfheidhmiúcháin FTC

Thug FTC cásanna os comhair na cúirte faoi chreat SAM-AE maidir le Cuain Shábháilte agus faoi chreat Sciath Phríobháideachais AE-SAM araon agus lean de Sciath Phríobháideachais AE-SAM a fhorfheidhmiú fiú tar éis do CBAE an cinneadh leordhóthanachta ba bhonn do Chreat Sciath Phríobháideachais AE-SAM a chur ó bhail (8). Ar roinnt gearáin a láimhseáil FTC le déanaí, áiríodh cúisimh inar líomhnaíodh gur sháraigh gnólachtaí forálacha Sciath Phríobháideachais AE-SAM, lena n-áirítear in imeachtaí in aghaidh Twitter (9), CafePress (10), agus Flo (11). Sa ghníomhaíocht forfheidhmiúcháin in aghaidh Twitter, dhaingnigh FTC USD 150 milliún ó Twitter i ngeall ar ordú ó FTC níos luaithe a shárú le cleachtais lena ndearnadh difear do bhreis agus 140 milliún custaiméir, lena n-áirítear Prionsabal 5 de Sciath Phríobháideachais AE-SAM (Sláine Sonraí agus Teorannú de réir Cuspóra) a shárú. Thairis sin, ceanglaítear leis an ordú ón ngníomhaireacht go gceadóidh Twitter d’úsáideoirí modhanna slána fíorúcháin dhá chéim a chur in úsáid nach gceanglaítear leo ar úsáideoirí a n-uimhreacha teileafóin a sholáthar.

In CafePress, líomhain FTC gur theip ar an gcuideachta faisnéis íogair tomhaltóirí a dhaingniú, gur cheilt an chuideachta mórshárú ar shonraí, agus gur sáraíodh Prionsabail 2 (Rogha), 4 (Slándáil), agus 6 (Rochtain) de Sciath Phríobháideachais AE-SAM. Leis an ordú ó FTC ceanglaítear ar an gcuideachta fíorú dhá chéim a chur in ionad bearta fíordheimhniúcháin neamh-leormhaithe, teorainn shubstainteach a chur leis an méid sonraí a bhailítear agus a choimeádtar, uimhreacha Slándála Sóisialta a chriptiú, agus go ndéanfaidh tríú páirtí measúnú ar a cuid clár slándála agus cóip a sholáthar do FTC ar féidir í a phoibliú.

In Flo, líomhain FTC gur nochtadh faisnéis sláinte leis an aip rianúcháin torthúlachta do sholáthraithe anailísíochta sonraí tríú páirtí tar éis don chuideachta gealltanais a thabhairt an fhaisnéis sin a choimeád príobháideach. Le gearán FTC tugtar faoi deara go sonrach idirghníomhaíochtaí na cuideachta le tomhaltóirí an Aontais agus gur sháraigh Flo Prionsabail 1 (Fógra), 2 (Rogha), 3 (Cuntasacht as Aistriú Ar Aghaidh), agus 5 (Sláine Sonraí agus Teorannú de réir Cuspóra) de Sciath Phríobháideachais AE-SAM. I measc nithe eile, ceanglaítear leis an ordú ón ngníomhaireacht ar Flo fógra a thabhairt d’úsáideoirí dá ndéantar difear faoi nochtadh a gcuid faisnéise pearsanta agus ordú d’aon tríú páirtí a fuair faisnéis sláinte úsáideoirí na sonraí sin a scriosadh. Rud atá tábhachtach le horduithe ó FTC is ea go gcosnaítear na tomhaltóirí uile ar fud an domhain a idirghníomhaíonn le gnólacht ó na Stáit Aontaithe, ní díreach na tomhaltóirí úd a thaisc gearáin.

Le roinnt mhaith cásanna forfheidhmiúcháin maidir le Cuain Shábháilte SAM-AE agus Sciath Phríobháideachais AE-SAM roimhe seo, bhain siad le heagraíochtaí a chuir féindeimhniú tosaigh i gcrích tríd an Roinn Tráchtála, ar theip orthu a bhféindeimhniú bliantúil a choinneáil ar bun agus a lean dá n-eagraíochtaí a léiriú mar rannpháirtithe reatha. Bhain cásanna eile le maímh rannpháirtíochta bhréagacha ó eagraíochtaí nár chuir féindeimhniú tosaigh i gcrích riamh tríd an Roinn Tráchtála. As seo amach, tá sé de rún againn ár n-iarrachtaí forfheidhmiúcháin réamhghníomhacha a dhíriú ar na cineálacha sáruithe substainteacha ar CPS AE-SAM a líomhnaíodh i gcásanna amhail Twitter, CafePress, agus Flo. Lena linn sin, riarfaidh agus maoirseoidh an Roinn Tráchtála an próiseas féindeimhniúcháin, coinneoidh liosta údarásach rannpháirtithe CPS AE-SAM ar bun, agus tabharfaidh aghaidh ar fhadhbanna eile a bhaineann le maímh rannpháirtíochta sa chlár (12). Rud atá tábhachtach is ea go bhféadfaidh eagraíochtaí a mhaíonn rannpháirtíocht in CPS AE-SAM a bheith faoi réir fhorfheidhmiú substainteach Phrionsabail CPS AE-SAM fiú má theipeann orthu a bhféindeimhniú a dhéanamh tríd an Roinn Tráchtála nó an féindeimhniú sin a choinneáil ar bun.

II.   Beartú Tosaíochta na gCásanna Atreoraithe agus Imscrúduithe

Mar a rinneamar faoi Chreat SAM-AE maidir le Cuain Shábháilte agus faoi Chreat Sciath Príobháideachais AE-SAM, geallann FTC tús áite a thabhairt ina bhreithniú do chásanna arna n-atreorú faoi Phrionsabail CPS AE-SAM ón Roinn Tráchtála agus ó Bhallstáit an Aontais. Tabharfaimid tús áite freisin do bhreithniú a dhéanamh ar tharchuir maidir le neamhchomhlíonadh Phrionsabail CPS AE-SAM ó eagraíochtaí féinrialála príobháideachais agus ó chomhlachtaí neamhspleácha eile um réiteach díospóidí.

Chun atreorú cásanna a éascú faoi CPS AE-SAM ó Bhallstáit an Aontais, chruthaigh FTC próiseas atreorúcháin caighdeánaithe agus sholáthair treoraíocht do Bhallstáit an Aontais maidir leis an gcineál faisnéise ab fhearr a thabharfadh cúnamh do FTC ina fhiosrú ar chás atreoraithe. Mar chuid den iarracht sin, d’ainmnigh FTC pointe teagmhála gníomhaireachta le haghaidh cásanna arna n-atreorú ó Bhallstáit an Aontais. Is úsáidí é nuair a bheidh fiosrúchán tosaigh déanta ag an údarás, a d’atreoraigh an cás, ar an sárú líomhnaithe agus i gcás inar féidir leis dul i gcomhar le FTC in imscrúdú.

Ar dó cás atreoraithe den sórt sin a fháil ón Roinn Tráchtála, ó Bhallstát den Aontas Eorpach, nó ó eagraíocht féinrialála nó ó chomhlachtaí neamhspleácha eile um réiteach díospóide, is féidir le FTC raon gníomhaíochtaí a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna a tarraingíodh anuas. Mar shampla, féadfaimid athbhreithniú a dhéanamh ar bheartais phríobháideachais na heagraíochta, tuilleadh faisnéise a fháil ón eagraíocht nó ó thríú páirtithe go díreach, bearta leantacha a dhéanamh leis an eintiteas a d’atreoraigh an cás, measúnú a dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil patrún sáruithe ann nó líon suntasach tomhaltóirí dá ndéantar difear, cinneadh cé acu a bhaineann nó nach mbaineann an cás atreoraithe le fadhbanna atá faoi chúram na Roinne Tráchtála, measúnú a dhéanamh ar cé acu a bheadh nó nach mbeadh iarrachtaí breise chun foláireamh a thabhairt do rannpháirtithe sa mhargadh ina gcuidiú, agus, de réir mar is iomchuí, imeachtaí forfheidhmiúcháin a thionscnamh.

I dteannta tosaíocht a thabhairt do chásanna atreoraithe a bhaineann le Prionsabail CPS AE-SAM ón Roinn Tráchtála, ó Bhallstáit den Aontas Eorpach, nó ó eagraíochtaí féinrialála nó ó chomhlachtaí neamhspleácha eile um réiteach díospóidí (13), leanfaidh FTC d’imscrúdú a dhéanamh ar sháruithe suntasacha ar Phrionsabail CPS AE-SAM ar a thionscnamh féin i gcás inarb iomchuí, agus raon uirlisí á úsáid. Mar chuid de chlár FTC d’imscrúdú a dhéanamh ar fhadhbanna príobháideachais agus slándála a bhaineann le heagraíochtaí tráchtála, scrúdaigh an ghníomhaireacht go gnáthúil cé a raibh uiríll a bhain le Sciath Phríobháideachais AE-SAM á ndéanamh ag an eintiteas a bhí i gceist. Más rud é go ndearnadh an t-eintiteas na huiríll sin agus gur nochtadh leis an imscrúdú gur cosúil go ndearnadh sáruithe ar Phrionsabail Sciath Phríobháideachais AE-SAM, chuimsigh FTC líomhaintí maidir le sáruithe ar Sciath Phríobháideachais AE-SAM ina chuid gníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin. Leanfaimid den chur chuige réamhghníomhach sin, anois i leith Phrionsabail CPS AE-SAM.

III.   Orduithe a Lorg agus Faireachán a Dhéanamh Orthu

Dearbhaíonn FTC freisin a ghealltanas chun orduithe forfheidhmiúcháin a lorg agus faireachán a dhéanamh orthu chun a áirithiú go gcomhlíonfar Prionsabail CPS AE-SAM. Ceanglóimid comhlíontacht le Prionsabail CPS AE-SAM trí fhorálacha urghaire iomchuí éagsúla in orduithe amach anseo a bhainfidh le Prionsabail CPS AE-SAM. Má sháraítear orduithe riaracháin de chuid FTC, is féidir pionóis shibhialta suas le USD 50 120 a ghearradh in aghaidh an tsáraithe, nó USD 50 120 in aghaidh an lae as sárú leanúnach (14), rud a bhféadfadh, i gcás na gcleachtas a dhéanann difear do roinnt mhaith tomhaltóirí, na milliúin dollar a bheith i gceist leis ar deireadh. Gabhann forálacha maidir le tuairisciú agus comhlíontacht le gach ordú um thoiliú. Ní mór do na heintitis atá faoi réir ordú doiciméid, a léiríonn a gcomhlíontacht, a choimeád ar feadh líon sonraithe blianta. Ní mór na horduithe a scaipeadh chuig fostaithe a bhíonn freagrach as a áirithiú go gcomhlíonfar na horduithe freisin.

Déanann FTC faireachán córasach ar chomhlíontacht orduithe atá ann cheana agus a bhaineann le Prionsabail Sciath Phríobháideachais AE-SAM, mar a dhéanann sé ar gach ceann dá chuid orduithe, agus tionscnaíonn caingne chun iad a fhorfheidhmiú nuair is gá (15). Rud atá tábhachtach le horduithe ó FTC is ea go leanfar de na tomhaltóirí uile ar fud an domhain a idirghníomhaíonn le gnólacht a chosaint leo, ní díreach na tomhaltóirí úd a thaisc gearáin. Ar deireadh, coinneoidh FTC liosta ar líne ar bun de chuideachtaí atá faoi réir orduithe a fuarthas i dtaca le Prionsabail CPS AE-SAM a fhorfheidhmiú (16).

IV.   Comhar um Fhorfheidhmiú le ÚCSanna an Aontais maidir le Forfheidhmiú

Aithníonn FTC an ról tábhachtach gur féidir a bheith ag ÚCSanna an Aontais i leith chomhlíonadh Phrionsabail CPS AE-SAM agus spreagann comhairliúchán méadaithe agus comhar méadaithe um fhorfheidhmiú. Go deimhin, is minice gur criticiúil cur chuige comhordaithe a bheith ann i leith na ndúshlán a bhaineann le forbairtí an mhargaidh dhigitigh atá ann faoi láthair, agus le múnlaí gnó a bhraitheann ar shonraí go mór. Malartóidh FTC faisnéis maidir le cásanna atreoraithe le húdaráis forfheidhmithe a atreoraíonn cásanna, lena n-áirítear stádas na gcásanna sin, faoi réir dlíthe agus srianta rúndachta. A mhéid agus is indéanta i bhfianaise líon agus chineál na gcásanna atreoraithe a gheofar, áireofar leis an bhfaisnéis a sholáthrófar meastóireacht ar na hábhair a atreoraíodh, lena n-áirítear tuairisc ar fhadhbanna suntasacha a tarraingíodh anuas agus aon ghníomhaíocht a rinneadh chun aghaidh a thabhairt ar sháruithe an dlí laistigh de dhlínse FTC. Soláthróidh FTC aiseolas don údarás a d’atreoraigh an cás freisin maidir le cineálacha na gcásanna atreoraithe arna bhfáil chun éifeachtacht na n-iarrachtaí chun aghaidh a thabhairt ar iompar neamhdhleathach a mhéadú. Má lorgaíonn údarás forfheidhmithe a atreoraíonn cásanna faisnéis faoi chás atreoraithe áirithe chun a imeachtaí forfheidhmiúcháin féin a shaothrú, freagróidh FTC, agus an líon cásanna atreoraithe atá á mbreithniú á chur san áireamh agus faoi réir ceanglais rúndachta agus dlíthiúla eile.

Oibreoidh FTC go dlúth le ÚCSanna an Aontais freisin chun cúnamh forfheidhmiúcháin a sholáthar. I gcásanna iomchuí, d’fhéadfaí comhroinnt faisnéise agus cúnamh imscrúdaitheach a áireamh leis sin de bhun The SAFE WEB Act atá ag SAM, lena n-údaraítear do FTC cúnamh a thabhairt do ghníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí eachtracha nuair a bhíonn dlíthe á bhforfheidhmiú ag an ngníomhaireacht eachtrach lena dtoirmeasctar cleachtais atá comhchosúil go maith leis na cleachtais a thoirmeasctar le dlíthe a bhíonn á bhforfheidhmiú ag FTC (17). Mar chuid den chúnamh sin, is féidir le FTC faisnéis a fuarthas i dtaca le himscrúdú de chuid FTC a chomhroinnt, próiseas éigeantach a eisiúint thar ceann ÚCS de chuid an Aontais a bhfuil a imscrúdú féin a dhéanamh aige, agus fianaise ó bhéal a lorg ó fhinnéithe nó ó chosantóirí i dtaca le himeachtaí forfheidhmiúcháin ÚCS, faoi réir cheanglais The SAFE WEB Act atá ag SAM. Úsáideann FTC an t-údarás sin go tráthrialta chun cúnamh a thabhairt d’údaráis eile timpeall an domhain i gcásanna príobháideachais agus cosanta tomhaltóirí.

I dteannta aon chomhairliúcháin le ÚCSanna de chuid an Aontais, a atreoraíonn cásanna, maidir le hábhair a bhaineann le cásanna sonracha, glacfaidh FTC páirt i gcruinnithe tréimhsiúla le hionadaithe ainmnithe den Bhord Eorpach um Chosaint Sonraí (‘EDPB’) chun bealaí chun feabhas a chur ar an gcomhar um fhorfheidhmiú a phlé i dtéarmaí ginearálta. Glacfaidh FTC páirt freisin, in éineacht leis an Roinn Tráchtála, leis an gCoimisiún Eorpach, agus le hionadaithe ó EDPB, san athbhreithniú tréimhsiúil ar CPS AE-SAM chun cur chun feidhme CPS a phlé. Spreagann FTC forbairt na n-uirlisí freisin lena bhfeabhsófar an comhar um fhorfheidhmiú in éineacht le ÚCSanna an Aontais, mar aon le húdaráis forfheidhmithe phríobháideachais timpeall eile an domhain. Tá sé ina údar áthais do FTC a ghealltanas a dhearbhú i dtaca gnéithe de CPS AE-SAM a bhaineann leis an earnáil tráchtála a fhorfheidhmiú. Maidir lenár gcomhpháirtíocht le comhghleacaithe an Aontais, is cuid chriticiúil í dar linn de chosaint an phríobháideachais a sholáthar le haghaidh ár saoránach agus bhur saoránach araon.

Is mise le meas,

Image 6

Lina M. Khan

Cathaoirleach, Coimisiún Feidearálach Trádála Stáit Aontaithe Mheiriceá


(1)  Litir ón gCathaoirleach Edith Ramirez chuig Věra Jourová, Coimisinéir um Cheartas, Tomhaltóirí agus Comhionannas Inscne an Choimisiúin Eorpaigh, lena dTugtar Tuairisc ar an bhForfheidhmiú ón gCoimisiún Trádála Feidearálach ar Sciath Phríobháideachais Nua AE-SAM (29 Feabhra 2016),le fáil ag https://www.ftc.gov/legal-library/browse/cases-proceedings/public-statements/letter-chairwoman-edith-ramirez-vera-jourova-commissioner-justice-consumers-gender-equality-european. Thug FTC gealltanas roimhe freisin chun Clár SAM-AE maidir le Cuain Shábháilte a fhorfheidhmiú. Litir ó Robert Pitofsky, Cathaoirleach FTC, chuig John Mogg, Stiúrthóir Ard-Stiúrthóireacht an Mhargaidh Inmheánaigh, An Coimisiún Eorpach (14 Iúil 2000), ar fáil ag https://www.federalregister.gov/documents/2000/07/24/00-18489/issuance-of-safe-harbor-principles-and-transmission-to-european-commission. Téann an litir seo in ionad na ngealltanas sin a rinneadh níos luaithe.

(2)  15 U.S.C., Roinn 45(a). Níl dlínse ag FTC maidir le forfheidhmiú an dlí choiriúil ná ábhair shlándála náisiúnta. Ná ní féidir le raon feidhme FTC dul i bhfeidhm ar fhormhór na ngníomhaíochtaí rialtasacha eile. Ina theannta sin, baineann eisceachtaí le dlínse FTC maidir le gníomhaíochtaí tráchtála, lena n-áirítear i leith na mbanc, aerlínte, ghnó an árachais, agus ghníomhaíochtaí iompróra choitinn na soláthraithe seirbhíse teileachumarsáide. Ná níl dlínse ag FTC maidir le formhór na n-eagraíochtaí neamhbhrabúsacha, cé go bhfuil dlínse aige maidir le carthanais bhréige nó eintitis neamhbhrabúsacha eile a oibríonn le haghaidh brabúis i ndáiríre. Tá dlínse freisin ag FTC maidir le heagraíochtaí neamhbhrabúsacha a oibríonn ar mhaithe le brabús a dhéanamh le haghaidh a gcomhaltaí atá san eagraíocht ar mhaithe le brabús, lena n-áirítear trí shochair eacnamaíocha shubstaintiúla a sholáthar do na comhaltaí sin. I roinnt cásanna, tá dlínse FTC comhthráthach le dlínse gníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí eile. Tá caidrimh oibre láidre forbartha againn le húdaráis fheidearálacha agus stáit, agus oibrímid go dlúth leo chun imscrúduithe a chomhordú nó cásanna a atreorú i gcás inarb iomchuí.

(3)   Féach FTC, Privacy and Security, https://www.ftc.gov/business-guidance/privacy-security.

(4)   Féach Preaseisiúint, Coimisiún Feidearálach Trádála Stáit Aontaithe Mheiriceá, FTC Explores Rules Cracking Down on Commercial Surveillance and Lax Data Security Practices (11 Lúnasa 2022), https://www.ftc.gov/news-events/news/press-releases/2022/08/ftc-explores-rules-cracking-down-commercial-surveillance-lax-data-security-practices.

(5)   Féach Preasráiteas Comhpháirteach ó Didier Reynders, Coimisinéir um Cheartas an Choimisiúin Eorpaigh agus Lina Khan, Cathaoirleach Choimisiún Feidearálach Trádála Stáit Aontaithe Mheiriceá (30 Mhárta 2022), le fáil ag https://www.ftc.gov/system/files/ftc_gov/pdf/Joint%20FTC-EC%20Statement%20informal%20dialogue%20consumer%20protection%20issues.pdf.

(6)   Féach Preaseisiúint, Coimisiún Feidearálach Trádála Stáit Aontaithe Mheiriceá, FTC Report Warns About Using Artificial Intelligence to Combat Online Problems (16 Meitheamh 2022), https://www.ftc.gov/news-events/news/press-releases/2022/06/ftc-report-warns-about-using-artificial-intelligence-combat-online-problems.

(7)  15 U.S.C., Roinn 45(a)(4)(B). Thairis sin, áirítear ar ‘ghníomhartha nó cleachtais éagóracha nó mheabhlacha’ na gníomhartha nó na cleachtais sin a bhaineann leis an tráchtáil eachtrach (i) atá ina n-údar nó is dócha a bheidh ina n-údar le gortú intuartha laistigh de na Stáit Aontaithe; nó (ii) a bhaineann le hiompar ábhartha a tharlaíonn laistigh de na Stáit Aontaithe. 15 U.S.C., Roinn 45(a)(4)(A).

(8)   Féach Foscríbhinn A chun liosta a fheiceáil d’ábhair FTC a bhaineann le Cuain Shábháilte agus Sciath Phríobháideachais.

(9)   Féach Preaseisiúint, Coimisiún Feidearálach Trádála Stáit Aontaithe Mheiriceá, FTC Charges Twitter with Deceptively Using Account Security Data to Sell Targeted Ads (25 Bealtaine 2022), https://www.ftc.gov/news-events/news/press-releases/2022/05/ftc-charges-twitter-deceptively-using-account-security-data-sell-targeted-ads.

(10)   See Preaseisiúint, Coimisiún Feidearálach Trádála Stáit Aontaithe Mheiriceá, FTC Takes Action Against CafePress for Data Breach Cover Up (15 Márta 2022), https://www.ftc.gov/news-events/news/press-releases/2022/03/ftc-takes-action-against-cafepress-data-breach-cover.

(11)   See Preaseisiúint, Coimisiún Feidearálach Trádála Stáit Aontaithe Mheiriceá, FTC Finalizes Order with Flo Health, a Fertility-Tracking App that Shared Sensitive Health Data with Facebook, Google, and Others (22 Meitheamh 2021), https://www.ftc.gov/news-events/news/press-releases/2021/06/ftc-finalizes-order-flo-health-fertility-tracking-app-shared-sensitive-health-data-facebook-google.

(12)  Litir ó Marisa Lago, Fo-Rúnaí Tráchtála na Trádála Idirnáisiúnta, chuig an Onórach Didier Reynders, an Coimisinéir um Cheartas, an Coimisiún Eorpach (12 Nollaig 2022).

(13)  Cé nach réitíonn FTC gearáin aonair ó thomhaltóirí ná nach ndéanann sé idirghabháil iontu, dearbhaíonn FTC go dtabharfaidh sé tosaíocht do chásanna atreoraithe a bhaineann le Prionsabail CPS AE-SAM ó ÚCSanna an Aontais. Ina theannta sin, úsáideann FTC gearáin i mbunachar sonraí a Fhairtheora Tomhaltóirí, atá inrochtana ag roinnt mhaith gníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí eile, chun treochtaí a shainaithint, tosaíochtaí forfheidhmiúcháin a chinneadh, agus spriocanna ionchasacha le haghaidh imscrúdú a shainaithint. Is féidir le daoine aonair as an Aontas an córas gearán céanna a úsáid agus a bhíonn ar fáil do thomhaltóirí as na Stáit Aontaithe chun gearán a chur faoi bhráid FTC ag https://reportfraud.ftc.gov/. I gcás gearán aonair a bhaineann le Prionsabail CPS AE-SAM, áfach, b’fhéidir gurbh úsáidí do dhaoine aonair as an Aontas gearáin a chur faoi bhráid ÚCS a mBallstáit féin nó faoi bhráid comhlacht neamhspleách um réiteach díospóide.

(14)  15 U.S.C., Roinn 45(m); 16 C.F.R. Roinn 1.98. Déantar an méid sin a choigeartú go tréimhsiúil i leith boilsciú.

(15)  Anuraidh, vótáil FTC chun an próiseas a chuíchóiriú maidir le himscrúdú a dhéanamh ar athchiontóirí. Féach Preaseisiúint, Coimisiún Feidearálach Trádála Stáit Aontaithe Mheiriceá, FTC Authorizes Investigations into Key Enforcement Priorities (1 Iúil, 2021), https://www.ftc.gov/news-events/news/press-releases/2021/07/ftc-authorizes-investigations-key-enforcement-priorities.

(16)   Cf. FTC, Privacy Shield, https://www.ftc.gov/business-guidance/privacy-security/privacy-shield.

(17)  Agus é á chinneadh ag FTC cé acu a fheidhmeoidh nó nach bhfeidhmeoidh sé a údarás faoi The SAFE WEB Act atá ag SAM, measann FTC inter alia: ‘(A) whether the requesting agency has agreed to provide or will provide reciprocal assistance to the Commission; (B) whether compliance with the request would prejudice the public interest of the United States; and (C) whether the requesting agency’s investigation or enforcement proceeding concerns acts or practices that cause or are likely to cause injury to a significant number of persons.’ [(A) cé acu a chomhaontaigh nó nár chomhaontaigh an ghníomhaireacht iarrthach cúnamh cómhalartach a sholáthar nó cé acu a sholáthróidh nó nach soláthróidh an ghníomhaireacht sin an cúnamh sin don Choimisiún; (B) cé acu a dhéanfaí nó nach ndéanfaí dochar do leas phobal na Stát Aontaithe dá gcomhlíonfaí an iarraidh; agus (C) cé acu a bhaineann nó nach mbaineann imscrúdú nó imeachtaí forfheidhmiúcháin na gníomhaireachta iarrata le gníomhaíochtaí nó cleachtais atá ina n-údar, nó is dócha a bheidh ina n-údar le gortú do líon suntasach daoine.] 15 U.S.C. Roinn 46(j)(3). Níl feidhm ag an údarás sin maidir le dlíthe iomaíochta a fhorfheidhmiú.


Foscríbhinn A

Forfheidhmiú na Scéithe Príobháideachais agus maidir le Cuain Shábháilte

 

Uimh. Dhuillín/Chomhaid FTC

Cás

Nasc

 

 

 

 

1

Comhad FTC Uimh. 2023062

Cás Uimh. 3:22-cv-03070 (N.D. Cal.)

SAM v. Twitter, Inc.

Twitter

2

Comhad FTC Uimh. 192 3209

Maidir le Residual Pumpkin Entity, LLC, arbh é roimhe seo ag déanamh gnó i gcáil CafePress, agus PlanetArt, LLC, ag déanamh gnó i gcáil CafePress

CafePress

3

Comhad FTC Uimh. 192 3133

Duillín Uimh. C-4747

Maidir le Flo Health, Inc.

Flo Health

4

Comhad FTC Uimh. 192 3050

Duillín Uimh. C-4723

Maidir le Ortho-Clinical Diagnostics, Inc.

Ortho-Clinical

5

Comhad FTC Uimh. 192 3092

Duillín Uimh. C-4709

Maidir le T&M Protection, LLC

T&M Protection

6

Comhad FTC Uimh. 192 3084

Duillín Uimh. C-4704

Maidir le TDARX, Inc.

TDARX

7

Comhad FTC Uimh. 192 3093

Duillín Uimh. C-4706

Maidir le Global Data Vault, LLC

Global Data

8

Comhad FTC Uimh. 192 3078

Duillín Uimh. C-4703

Maidir le Incentive Services, Inc.

Incentive Services

9

Comhad FTC Uimh. 192 3090

Duillín Uimh. C-4705

Maidir le Click Labs, Inc.

Click Labs

10

Comhad FTC Uimh. 182 3192

Duillín Uimh. C-4697

Maidir le Medable, Inc.

Medable

11

Comhad FTC Uimh. 182 3189

Duillín Uimh. 9386

Maidir le NTT Global Data Centers Americas, Inc., mar chomharba i leas do RagingWire Data Centers, Inc.

RagingWire

12

Comhad FTC Uimh. 182 3196

Duillín Uimh. C-4702

Maidir le Thru, Inc.

Thru

13

Comhad FTC Uimh. 182 3188

Duillín Uimh. C-4698

Maidir le DCR Workforce, Inc.

DCR Workforce

14

Comhad FTC Uimh. 182 3194

Duillín Uimh. C-4700

Maidir le LotaData, Inc.

LotaData

15

Comhad FTC Uimh. 182 3195

Duillín Uimh. C-4701

Maidir le EmpiriStat, Inc.

EmpiriStat

16

Comhad FTC Uimh. 182 3193

Duillín Uimh. C-4699

Maidir le 214 Technologies, Inc., ag déanamh gnó i gcáil Trueface.ai freisin

Trueface.ai

17

Comhad FTC Uimh. 182 3107

Duillín Uimh. 9383

Maidir le Cambridge Analytica, LLC

Cambridge Analytica

18

Comhad FTC Uimh. 182 3152

Duillín Uimh. C-4685

Maidir le SecureTest, Inc.

SecurTest

19

Comhad FTC Uimh. 182 3144

Duillín Uimh. C-4664

Maidir le VenPath, Inc.

VenPath

20

Comhad FTC Uimh. 182 3154

Duillín Uimh. C-4666

Maidir le SmartStart Employment Screening, Inc.

SmartStart

21

Comhad FTC Uimh. 182 3143

Duillín Uimh. C-4663

Maidir le mResourceLLC, ag déanamh gnó i gcáil Loop Works LLC

mResource

22

Comhad FTC Uimh. 182 3150

Duillín Uimh. C-4665

Maidir le Idmission LLC

IDmission

23

Comhad FTC Uimh. 182 3100

Duillín Uimh. C-4659

Maidir le ReadyTech Corporation

ReadyTech

24

Comhad FTC Uimh. 172 3173

Duillín Uimh. C-4630

Maidir le Decusoft, LLC

Decusoft

25

Comhad FTC Uimh. 172 3171

Duillín Uimh. C-4628

Maidir le Tru Communication, Inc.

Tru

26

Comhad FTC Uimh. 172 3172

Duillín Uimh. C-4629

Maidir le Md7, LLC

Md7

30

Comhad FTC Uimh. 152 3198

Duillín Uimh. C-4543

Maidir le Jhayrmaine Daniels (ag déanamh gnó i gcáil California Skate-Line)

Jhayrmaine Daniels

31

Comhad FTC Uimh. 152 3190

Duillín Uimh. C-4545

Maidir le Dale Jarrett Racing Adventure, Inc.

Dale Jarrett

32

Comhad FTC Uimh. 152 3141

Duillín Uimh. C-4540

Maidir le Golf Connect, LLC

Golf Connect

33

Comhad FTC Uimh. 152 3202

Duillín Uimh. C-4546

Maidir le Inbox Group, LLC

Inbox Group

34

Comhad Uimh. 152 3187

Duillín Uimh. C-4542

Maidir le IOActive, Inc.

IOActive

35

Comhad FTC Uimh. 152 3140

Duillín Uimh. C-4549

Maidir le Jubilant Clinsys, Inc.

Jubilant

36

Comhad FTC Uimh. 152 3199

Duillín Uimh. C-4547

Maidir le Just Bagels Manufacturing, Inc.

Just Bagels

37

Comhad FTC Uimh. 152 3138

Duillín Uimh. C-4548

Maidir le NAICS Association, LLC

NAICS

38

Comhad FTC Uimh. 152 3201

Duillín Uimh. C-4544

Maidir le One Industries Corp.

One Industries

39

Comhad FTC Uimh. 152 3137

Duillín Uimh. C-4550

Maidir le Pinger, Inc.

Pinger

40

Comhad FTC Uimh. 152 3193

Duillín Uimh. C-4552

Maidir le SteriMed Medical Waste Solutions

SteriMed

41

Comhad FTC Uimh. 152 3184

Duillín Uimh. C-4541

Maidir le Contract Logix, LLC

Contract Logix

42

Comhad FTC Uimh. 152 3185

Duillín Uimh. C-4551

Maidir le Forensics Consulting Solutions, LLC

Forensics Consulting

43

Comhad FTC Uimh. 152 3051

Duillín Uimh. C-4526

Maidir le American Int'l Mailing, Inc.

AIM

44

Comhad FTC Uimh. 152 3015

Duillín Uimh. C-4525

Maidir le TES Franchising, LLC

TES

45

Comhad FTC Uimh. 142 3036

Duillín Uimh. C-4459

Maidir le American Apparel, Inc.

American Apparel

46

Comhad FTC Uimh. 142 3026

Duillín Uimh. C-4469

Maidir le Fantage.com, Inc.

Fantage

47

Comhad FTC Uimh. 142 3017

Duillín Uimh. C-4461

Maidir le Apperian, Inc.

Apperian

48

Comhad FTC Uimh. 142 3018

Duillín Uimh. C-4462

Maidir le Atlanta Falcons Football Club, LLC

Atlanta Falcons

49

Comhad FTC Uimh. 142 3019

Duillín Uimh. C-4463

Maidir le Baker Tilly Virchow Krause, LLP

Baker Tilly

50

Comhad FTC Uimh. 142 3020

Duillín Uimh. C-4464

Maidir le BitTorrent, Inc.

BitTorrent

51

Comhad FTC Uimh. 142 3022

Duillín Uimh. C-4465

Maidir le Charles River Laboratories, Int'l

Charles River

52

Comhad FTC Uimh. 142 3023

Duillín Uimh. C-4466

Maidir le DataMotion, Inc.

DataMotion

53

Comhad FTC Uimh. 142 3024

Duillín Uimh. C-4467

Maidir le DDC Laboratories, Inc., ag déanamh gnó i gcáil DNA Diagnostics Center

DDC

54

Comhad FTC Uimh. 142 3028

Duillín Uimh. C-4470

Maidir le Level 3 Communications, LLC

Leibhéal 3

55

Comhad FTC Uimh. 142 3025

Duillín Uimh. C-4468

Maidir le PDB Sports, Ltd., ag déanamh gnó i gcáil an Denver Broncos Football Club, LLP

Broncos

56

Comhad FTC Uimh. 142 3030

Duillín Uimh. C-4471

Maidir le Reynolds Consumer Products, Inc.

Reynolds

57

Comhad FTC Uimh. 142 3031

Duillín Uimh. C-4472

Maidir le Receivable Management Services Corporation

Receivable Mgmt

58

Comhad FTC Uimh. 142 3032

Duillín Uimh. C-4473

Maidir le Tennessee Football, Inc.

Tennessee Football

59

Comhad FTC Uimh. 102 3058

Duillín Uimh. C-4369

Maidir le Myspace LLC

Myspace

60

Comhad FTC Uimh. 092 3184

Duillín Uimh. C-4365

Maidir le Facebook, Inc.

Facebook

61

Comhad FTC Uimh. 092 3081

Caingean Shibhialta Uimh. 09-CV-5276 (C.D. Cal.)

FTC v. Javian Karnani, agus Balls of Kryptonite, LLC, ag déanamh gnó i gcáil Bite Size Deals, LLC, agus Best Priced Brands, LLC

Balls of Kryptonite

62

Comhad FTC Uimh. 102 3136

Duillín Uimh. C-4336

Maidir le Google, Inc.

Google

63

Comhad FTC Uimh. 092 3137

Duillín Uimh. C-4282

Maidir le World Innovators, Inc.

World Innovators

64

Comhad FTC Uimh. 092 3141

Duillín Uimh. C-4271

Maidir le Progressive Gaitways LLC

Progressive Gaitways

65

Comhad FTC Uimh. 092 3139

Duillín Uimh. C-4270

Maidir le Onyx Graphics, Inc.

Onyx Graphics

66

Comhad FTC Uimh. 092 3138

Duillín Uimh. C-4269

Maidir le ExpatEdge Partners, LLC

ExpatEdge

67

Comhad FTC Uimh. 092 3140

Duillín Uimh. C-4281

Maidir le Directors Desk LLC

Directors Desk

68

Comhad FTC Uimh. 092 3142

Duillín Uimh. C-4272

Maidir le Collectify LLC

Collectify


IARSCRÍBHINN V

Image 7

An 6 Iúil 2023

An Coimisinéir Didier Reynders

An Coimisiún Eorpach

Rue de la Loi / Wetstraat 200

1049 1049 An Bhruiséil

An Bheilg

A Choimisinéir Reynders, a chara:

Is mór ag Roinn Iompair na Stát Aontaithe (‘Roinn’ nó ‘DOT’) an deis chun tuairisc a thabhairt ar a ról i bhforfheidhmiú Phrionsabail Chreat Príobháideachais Sonraí AE-SAM (‘CPS AE-SAM’). Beidh ról criticiúil ag CPS AE-SAM i gcosaint na sonraí pearsanta a sholáthraítear le linn idirbhearta tráchtála i saol atá ag éirí níos idirnasctha i gcónaí. Leis an gcreat, cuirfear ar a gcumas do ghnólachtaí oibríochtaí tábhachtacha a dhéanamh sa gheilleagar domhanda, agus áiritheofar leis an tráth céanna go gcoimeádfaidh tomhaltóirí an Aontais cosaintí tábhachtacha ó thaobh an phríobháideachais de.

Chuir DOT a gealltanas in iúl go poiblí den chéad uair chun Creat SAM-AE maidir le Cuain Shábháilte a fhorfheidhmiú i litir a seoladh chuig an gCoimisiún Eorpach breis agus 22 bhliain ó shin, ar gealltanais iad a cuireadh in iúl an athuair agus a leathnaíodh i litir sa bhliain 2016 maidir le Creat Sciath Phríobháideachais AE-SAM. Gheall DOT Prionsabail SAM-AE maidir le Cuain Shábháilte a fhorfheidhmiú go láidir, agus ansin Prionsabail Sciath Phríobháideachais AE-SAM, sna litreacha sin. Leathnaíonn DOT an gealltanas sin chun Prionsabail CPS AE-SAM a chuimsiú agus déantar an gealltanas sin a chomóradh sa litir seo.

Go háirithe, deimhníonn DOT a gealltanas sna príomhréimsí seo a leanas: (1) tosaíocht a thabhairt d’imscrúdú a dhéanamh ar sháruithe líomhnaithe ar Phrionsabail CPS AE-SAM; (2) gníomhaíocht forfheidhmiúcháin iomchuí in aghaidh eintitis a dhéanann maímh mheabhlacha nó bhréagacha maidir le rannpháirtíocht in CPS AE-SAM; agus (3) faireachán a dhéanamh ar orduithe forfheidhmiúcháin phoiblí agus na horduithe sin a dhéanamh maidir le sáruithe ar Phrionsabail CPS AE-SAM. Soláthraímid faisnéis faoi gach ceann de na gealltanais sin agus, mar chomhthéacs riachtanach, cúlra ábhartha faoi ról DOT i gcosaint príobháideachais tomhaltóirí agus i bhforfheidhmiú Phrionsabail CPS AE-SAM.

1.   Cúlra

A.   Údarás Príobháideachais DOT

Tá rún daingean ag an Roinn príobháideachas na faisnéise a sholáthraíonn

tomhaltóirí d’aerlínte agus do ghníomhairí ticéad a áirithiú. Tá údarás DOT chun beart a dhéanamh sa réimse sin le fáil in 49 U.S.C. 41712, lena dtoirmeasctar ar iompróir nó ar ghníomhaire ticéad gabháil ‘do chleachtas éagórach nó mheabhlach’ san aeriompar nó i ndíol an aeriompair. Leanann Roinn 41712

patrún Roinn 5 de The Federal Trade Commission (FTC) Act (15 U.S.C. 45). Le déanaí, d’eisigh DOT rialacháin lenar sainíodh cleachtais éagóracha agus mheabhlacha, i gcomhréir le fasaigh DOT agus fasaigh FTC araon (14 CFR Roinn 399.79). Go sonrach, is cleachtas ‘éagothrom’ é má bhíonn sé ina údar nó más dócha go mbeidh sé ina údar le gortú substaintiúil, nach bhfuil inseachanta le réasún, agus nach mó na tairbhí do thomhaltóirí nó don iomaíocht

ná an díobháil. Is cleachtas ‘meabhlach’ é cleachtas más dócha go gcuirfear tomhaltóir ar míthreoir leis, ag gníomhú go réasúnach faoi na himthosca dó, i leith ábhair ábhartha. Is ábhar ábhartha é más dócha go ndearnadh difear leis d’iompar nó do chinneadh an tomhaltóra i leith táirge nó seirbhíse. Seachas na prionsabail ghinearálta sin, léirmhíníonn DOT roinn 41712 go sonrach mar roinn lena dtoirmeasctar ar iompróirí agus ar ghníomhairí ticéad an méid seo a leanas a dhéanamh: (1) téarmaí a bheartais phríobháideachais a shárú; (2) aon riail arna heisiúint ag an Roinn a shárú ar riail í lena sainítear cleachtais phríobháideachais shonracha mar chleachtais éagóracha nó mheabhlacha; nó (3) The Children’s Online Privacy Protection Act (‘COPPA’) nó rialacha de chuid FTC lena gcuirtear COPPA chun feidhme a shárú; nó (4) gan Prionsabail CPS AE-SAM a chomhlíonadh, mar rannpháirtí in CPS AE-SAM (1).

Mar a luadh thuas, faoin dlí feidearálach, tá údarás eisiach ag DOT cleachtais phríobháideachais na n-aerlínte a rialáil, agus comhroinneann sé dlínse le FTC i leith chleachtais phríobháideachais na ngníomhairí ticéad i ndíol an aeriompair.

Dá réir sin, nuair a gheallann iompróir nó díoltóir aeriompair go poiblí Prionsabail CPS AE-SAM a chomhlíonadh, bíonn an Roinn in ann cumhachtaí reachtúla roinn 41712 a úsáid chun comhlíontacht leis na prionsabail sin a áirithiú. Dá bhrí sin, nuair a sholáthraíonn paisinéir faisnéis d’iompróir nó do ghníomhaire ticéad, a gheall Prionsabail CPS AE-SAM a urramú, bheadh aon teip ag an iompróir nó ag an ngníomhaire ticéad déanamh amhlaidh ina shárú ar roinn 41712.

B.   Cleachtais Forfheidhmiúcháin

Déanann Oifig na Roinne um Chosaint Tomhaltóirí Eitlíochta (‘OACP’) (2) imscrúdú ar chásanna agus iad a ionchúiseamh faoi 49 U.S.C. 41712. Forfheidhmíonn an oifig an toirmeasc reachtúil i roinn 41712 in aghaidh cleachtais éagóracha agus mheabhlacha tríd an gcaibidlíocht go príomha, trí orduithe stop agus scoir a ullmhú, agus orduithe a dhréachtú lena ndéantar measúnú ar phionóis shibhialta. Faigheann an oifig amach faoi sháruithe ionchasacha go príomha ó ghearáin a fhaigheann sí ó dhaoine aonair, gníomhairí taistil, aerlínte agus gníomhaireachtaí de chuid na Stát Aontaithe agus rialtais eachtracha. Féadfaidh tomhaltóirí suíomh gréasáin DoT a úsáid chun gearáin a bhaineann le cúrsaí príobháideachais a dhéanamh in aghaidh aerlínte agus gníomhairí ticéad (3).

Mura dtiocfar ar shocraíocht réasúnach iomchuí i gcás, tá sé d’údarás ag OACP imeachtaí forfheidhmiúcháin a thionscnamh a mbeidh éisteacht fianaise i gceist leo os comhair breitheamh sa dlí riaracháin DOT (‘ALJ’). Tá sé d’údarás ag ALG orduithe stop agus scoir agus pionóis shibhialta a eisiúint. I ngeall ar sháruithe ar roinn 41712, is féidir orduithe stop agus scoir a eisiúint agus pionóis shibhialta suas le USD 37 377 a fhorchur i ngach sárú ar roinn 41712.

Níl sé d’údarás ag an Roinn damáistí a dhámhachtain ná faoiseamh airgid a sholáthar do ghearánaithe aonair. Mar sin féin, tá sé d’údarás ag an Roinn socraíochtaí a fhormheas de thoradh imscrúduithe arna dtionscain ag OACP a dtairbhíonn tomhaltóirí díobh go díreach (e.g. airgead tirim, dearbháin) mar fhritháireamh in aghaidh pionóis airgeadaíochta ab iníoctha murach sin le Rialtas SAM. Tharla sé sin san am atá caite, agus féadfaidh sé tarlú i gcomhthéacs Phrionsabail CPS AE-SAM freisin i gcás ina mbeidh údar leis i ngeall ar imthosca. Dá ndéanfadh aerlíne roinn 41712 a shárú arís is arís eile, bheadh ceisteanna ann maidir le diúscairt na comhlíontachta ag an aerlíne freisin, rud a d’fhéadfadh a fhágáil, i staideanna fíordhona amach is amach, go gcinnfí nach bhfuil aerlíne oiriúnach chun oibriú a thuilleadh agus, dá bhrí sin, go gcailleadh sé a údarás oibriúcháin eacnamaíoch.

Go dtí seo, ní bhfuair DOT ach méid cuíosach beag de ghearáin a bhain le sáruithe líomhnaithe ó thaobh an phríobháideachais de arna ndéanamh ag gníomhairí ticéad nó aerlínte. Nuair a thagann siad chun cinn, déantar imscrúdú orthu de réir na bprionsabal a leagtar amach thuas.

C.   Cosaintí Dlí de chuid DOT a dTairbhíonn Tomhaltóirí an Aontais Díobh

Faoi roinn 41712, tá feidhm ag an toirmeasc ar chleachtais éagóracha nó mheabhlacha san aeriompar nó i ndíol an aeriompair maidir le haeriompróirí agus gníomhairí ticéad ó na Stáit Aontaithe mar aon le haeriompróirí agus gníomhairí ticéad eachtracha. Is minic a thionscnaíonn DOT caingne in aghaidh aerlínte ó na Stáit Aontaithe agus aerlínte eachtracha i ngeall ar chleachtais lena ndéantar difear do thomhaltóirí eachtracha agus do thomhaltóirí as na Stáit Aontaithe araon ar an mbonn gur tharla cleachtais na haerlíne le linn iompar a sholáthar chuig na Stáit Aontaithe nó uathu. Úsáideann DOT gach leigheas dá bhfuil ar fáil, agus leanfaidh de na leigheasanna uile sin a úsáid chun idir thomhaltóirí eachtracha agus tomhaltóirí as na Stáit Aontaithe a chosaint ar chleachtais éagóracha nó mheabhlacha san aeriompar ag eintitis rialáilte.

Forfheidhmíonn DOT freisin, i leith na n-aerlínte, dlíthe spriocdhírithe eile a bhfuil bhfeidhm ag na cosaintí iontu maidir le tomhaltóirí nach tomhaltóirí as na Stáit Aontaithe iad, amhail The Children’s Online Privacy Act (‘COPPA’). I measc nithe eile, ceanglaítear le COPPA ar oibreoirí suíomhanna gréasáin agus seirbhísí ar líne a dhíríonn ar leanaí, nó ar shuíomhanna ag a mbíonn lucht féachana ginearálta agus a bhailíonn faisnéis phearsanta go feasach ó leanaí faoi bhun 13 bliana d’aois, fógra do thuismitheoirí a sholáthar agus toiliú infhíoraithe a fháil ó thuismitheoirí. Suíomhanna gréasáin agus seirbhísí atá sna Stáit Aontaithe agus faoi réir COPPA agus a bhailíonn faisnéis phearsanta ó leanaí eachtracha, ceanglaítear orthu COPPA a chomhlíonadh. Ní mór do shuíomhanna gréasáin eachtracha agus seirbhísí eachtracha ar líne COPPA a chomhlíonadh freisin má threoraítear iad chuig leanaí sna Stáit Aontaithe, nó má bhailíonn siad faisnéis phearsanta go feasach ó leanaí sna Stáit Aontaithe. A mhéid a sháraíonn aerlínte ó na Stáit Aontaithe nó aerlínte eachtracha a ghabhann do ghnó sna Stáit Aontaithe COPPA, bheadh dlínse ag DOT gníomhaíocht forfheidhmiúcháin a dhéanamh.

II.   Prionsabail CPS AE-SAM a Fhorfheidhmiú

Má roghnaíonn aerlíne nó gníomhaire ticéad páirt a ghlacadh in CPS AE-SAM agus má fhaigheann an Roinn gearán go ndearna an aerlíne sin nó an gníomhaire ticéad sin sárú líomhnaithe ar Phrionsabail CPS AE-SAM, dhéanfadh an Roinn na céimeanna seo a leanas chun Prionsabail CPS AE-SAM a fhorfheidhmiú go láidir.

A.   Tosaíocht a Thabhairt d’Imscrúdú ar Sháruithe Líomhnaithe

Déanfaidh OACP na Roinne imscrúdú ar gach gearán lena líomhnaítear sárú a bheith déanta ar Phrionsabail

CPS AE-SAM, lena n-áirítear gearáin a fhaightear ó údaráis chosanta sonraí an Aontais (‘ÚCSanna’) agus déanfaidh gníomhaíocht forfheidhmiúcháin i gcás ina mbeidh fianaise ar shárú ann. Thairis sin, rachaidh OACP i gcomhar le FTC agus leis an Roinn Tráchtála agus tabharfaidh tús áite do líomhaintí nach bhfuil na heintitis rialáilte ag comhlíonadh na ngealltanas maidir le príobháideachas a rinneadh mar chuid de CPS AE-SAM.

Ar don Oifig líomhain a fháil maidir le sárú ar Phrionsabail CPS AE-SAM, féadfaidh OACP raon gníomhaíochtaí a dhéanamh mar chuid dá himscrúdú. Mar shampla, féadfaidh an oifig athbhreithniú a dhéanamh ar bheartais príobháideachais an ghníomhaire ticéad nó na haerlíne, tuilleadh faisnéise a fháil ón ngníomhaire ticéad nó aerlíne nó ó thríú páirtithe, bearta leantacha a dhéanamh leis an eintiteas a d’atreoraigh an cás, agus measúnú a dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil patrún sáruithe ann nó líon suntasach tomhaltóirí dá ndéantar difear. Ina theannta sin, chinnfeadh an oifig cé acu a bhaineann nó nach mbaineann an fhadhb le hábhair atá faoi chúram na Roinne Tráchtála nó FTC, dhéanfadh measúnú ar cé a bheadh nó nach mbeadh oideachas do thomhaltóirí agus oideachas do ghnólachtaí ina chuidiú, agus de réir mar is iomchuí, thionscnódh imeachtaí forfheidhmiúcháin.

Má thagann an Roinn ar an eolas faoi sháruithe ionchasacha ar Phrionsabail CPS AE-SAM arna ndéanamh ag gníomhairí ticéad, oibreoidh sí i gcomhordú le FTC maidir leis an ábhar. Tabharfaimid comhairle do FTC agus don Roinn Tráchtála freisin maidir le toradh aon ghníomhaíocht forfheidhmiúcháin a bhaineann le Prionsabail CPS AE-SAM.

B.   Aghaidh a Thabhairt ar Mhaímh Rannpháirtíochta Mheabhlacha nó Bhréagacha

Tá rún daingean fós ag an Roinn imscrúdú a dhéanamh ar sháruithe ar Phrionsabal CPS AE-SAM, lena n-áirítear maímh mheabhlacha nó bhréagacha maidir le rannpháirtíocht in CPS AE-SAM. Tabharfaimid tús áite inár mbreithniú do chásanna arna n-atreorú ón Roinn Tráchtála maidir le heagraíochtaí a shainaithneoidh an Roinn ina n-eagraíochtaí a dhearbhaíonn go míchuí gur rannpháirtithe in CPS AE-SAM iad nó a úsáideann

marc deimhniúcháin CPS AE-SAM gan údarú. Ina theannta sin, tabharfaimid faoi deara, má ghealltar le beartas príobháideachais de chuid eagraíochta go gcomhlíonann sí Prionsabail CPS AE-SAM, agus má theipeann ar an eagraíocht féindeimhniú a dhéanamh nó a choinneáil ar bun tríd an Roinn Tráchtála, ní dócha, i ngeall air sin amháin, go scaoilfear an eagraíocht ó fhorfheidhmiú na ngealltanas sin ag DOT.

C.   Faireachán a Dhéanamh ar Orduithe Forfheidhmiúcháin Poiblí maidir le Sáruithe ar CPS AE-SAM agus na hOrduithe sin a Dhéanamh

Tá rún daingean fós ag OACP na Roinne faireachán a dhéanamh ar orduithe forfheidhmiúcháin de réir mar is gá chun comhlíontacht le Prionsabail AE-SAM a áirithiú. Go sonrach, má eisíonn an oifig ordú lena n-ordófar d’aerlíne nó do ghníomhaire ticéad stopadh agus scor de sháruithe a dhéanamh ar Phrionsabail CPS AE-SAM agus ar roinn 41712 as sin amach, déanfaidh an oifig faireachán ar chomhlíontacht an eintitis leis an bhforáil maidir le stop agus scor san ordú. Ina theannta sin áiritheoidh an oifig go mbeidh orduithe a eascraíonn as cásanna maidir le Prionsabail CPS AE-SAM ar fáil ar a suíomh gréasáin.

Táimid ag súil lenár obair leanúnach lenár gcomhpháirtithe feidearálacha agus le páirtithe leasmhara den Aontas maidir le hábhair a bhaineann le CPS AE-SAM.

Tá súil agam go mbeidh an fhaisnéis seo cuiditheach. Má bhíonn aon cheist agat nó má theastaíonn tuilleadh faisnéise uait, ná bíodh drogall ort dul i dteagmháil liom.

Is mise le meas,

Image 8

Pete Buttigieg


(1)   https://www.transportation.gov/individuals/aviation-consumer-protection/privacy.

(2)  Thugtaí an Oifig um Fhorfheidhmiú agus Imeachtaí Eitlíochta uirthi roimhe.

(3)   http://www.transportation.gov/airconsumer/privacy-complaints.


IARSCRÍBHINN VI

Image 9

U.S. Department of Justice

Criminal Division

Office of Assistant Attorney General

Washington, D.C. 20530

An 23 Meitheamh 2023

Ana Gallego Torres, Uas.

An tArd-Stiúrthóir um Cheartas agus Tomhaltóirí

An Coimisiún Eorpach

Rue Montoyer/Montoyerstraat 59

1049 An Bhruiséil

An Bheilg

A Ard-Stiúrthóir Gallego Torres, a chara:

Tugtar forbhreathnú achomair leis an litir seo ar na príomhuirlisí imscrúdaitheacha a úsáidtear chun sonraí tráchtála agus faisnéis ó thaifid eile a fháil ó chorparáidí sna Stáit Aontaithe chun an dlí coiriúil a fhorfheidhmiú nó chun críocha atá ar mhaithe le leas an phobail (críocha sibhialta agus rialála), lena n-áirítear na teorainneacha rochtana a leagtar amach sna húdaráis sin (1). Tá na próisis dlí uile ar a dtugtar tuairisc sa litir seo neamh-idirdhealaitheach sa mhéid go n-úsáidtear iad chun faisnéis a fháil ó chorparáidí sna Stáit Aontaithe, lena n-áirítear ó chuideachtaí a dhéanfaidh féindeimhniú trí Chreat Príobháideachais Sonraí AE-SAM, gan beann ar náisiúntacht an ábhair sonraí ná a áit chónaithe. Thairis sin, corparáidí a fhaigheann próiseas dlí sna Stáit Aontaithe, féadfaidh siad agóid a dhéanamh ina aghaidh i gcúirt mar a phléitear thíos (2).

Rud atá suntasach go háirithe i leith urghabháil sonraí ag údaráis phoiblí, is ea an Ceathrú Leasú ar Bhunreacht na Stát Aontaithe, lena ndéantar foráil ‘[t]he right of the people to be secure in their persons, houses, papers, and effects, against unreasonable searches and seizures, shall not be violated, and no Warrants shall issue, but upon probable cause, supported by Oath or affirmation, and particularly describing the place to be searched, and the persons or things to be seized’ [maidir le ceart na ndaoine ar a gcoirp, a dtithe, a bpáipéir, agus a sealúchais, a bheith slán in aghaidh cuardaigh agus urghabhálacha míréasúnacha, agus ní shárófar an ceart sin, ná ní eiseofar aon Bharántas, ach ar chúis dhóchúil, agus Mionn nó dearbhasc ag tacú leis an gcúis chéanna, agus go háirithe lena dtabharfar tuairisc ar an áit atá le cuardach agus ar na daoine nó ar na nithe atá le hurghabháil]. U.S. Const. amend. IV. Mar a luaigh Cúirt Uachtarach na Stát Aontaithe in Berger v. Stát Nua-Eabhrac, ‘[t]he basic purpose of this Amendment, as recognized in countless decisions of this Court, is to safeguard the privacy and security of individuals against arbitrary invasions by governmental officials’ [is é bunchuspóir an Leasaithe seo, mar a aithnítear san iomaí cinneadh ón gCúirt seo, príobháideachas agus slándáil daoine aonair a chosaint ar sháruithe treallacha ó oifigigh rialtais]. 388 SAM 41, 53 (1967) (ina luaitear Camara v. Mun. Cúirt San Francisco, 387 SAM 523, 528 (1967)). In imscrúduithe coiriúla intíre, ceanglaítear go ginearálta leis an gCeathrú Leasú ar oifigigh forfheidhmithe dlí barántas arna eisiúint ag cúirt a fháil sula ndéanfar cuardach. Féach Katz v. Na Stáit Aontaithe, 389 U.S. 347, 357 (1967). Tá feidhm ag caighdeáin maidir le barántas a eisiúint, amhail na ceanglais maidir le cúis dhóchúil agus saintréithe, i dtaca le barántais chun cuardaigh fhisiciúla agus urghabhálacha a dhéanamh agus i dtaca le barántais le haghaidh ábhar stóráilte na cumarsáide leictreonaí arna n-eisiúint faoi The Stored Communications Act mar a phléitear thíos. Nuair nach bhfuil feidhm ag an gceanglas maidir le barántas, bíonn gníomhaíocht rialtais fós faoi réir thástáil na ‘réasúntachta’ faoin gCeathrú Leasú. Áirithítear leis an mBunreacht féin, dá bhrí sin, nach mbíonn cumhacht gan teorainn, ná cumhacht threallach, ag rialtas SAM chun faisnéis phríobháideach a urghabháil (3).

Údaráis Forfheidhmithe Dlí Choiriúil:

Ionchúisitheoirí feidearálacha, arb iad oifigigh na Roinne Dlí agus Cirt (DoJ), agus gníomhairí imscrúdaitheacha feidearálacha lena n-áirítear gníomhairí an Bhiúró Imscrúdúcháin Fheidearálaigh (FBI), gníomhaireacht forfheidhmithe dlí laistigh de DoJ, bíonn siad in ann iallach a chur ar chorparáidí sna Stáit Aontaithe doiciméid agus faisnéis eile i dtaifid a thabhairt ar aird chun críocha imscrúdúcháin choiriúil trí chineálacha éagsúla próiseas dlí éigeantach, lena n-áirítear subpoenae ard-ghiúiré, subpoenae riaracháin, agus barántais chuardaigh, agus féadfaidh siad cumarsáid eile a fháil de bhun cúléisteacht choiriúil fheidearálach agus údaráis rolla diailithe.

Ard-Ghiúiré nó Subpoenae chun Trialach: Úsáidtear subpoenae coiriúla chun tacú le himscrúduithe spriocdhírithe forfheidhmithe dlí. Is éard is subpoenae ard-ghiúiré ann iarraidh oifigiúil arna heisiúint ó ard-ghiúiré (arna hiarraidh ag ionchúisitheoir feidearálach de ghnáth) chun tacú le himscrúdú de chuid ard-ghiúiré ar shárú amhrasta áirithe ar dhlí coiriúil. Is aidhm imscrúdaitheach den chúirt iad ard-ghiúiréithe agus is é breitheamh nó giúistís a chláraíonn daoine orthu. Le subpoena, féadfar a chur de cheangal ar dhuine fianaise a thabhairt ag imeachtaí, nó taifid ghnó, faisnéis arna stóráil go leictreonach, nó ítimí inláimhsithe eile a thabhairt ar aird nó a chur ar fáil. Ní mór an fhaisnéis a bheith ábhartha don imscrúdú agus ní féidir leis an subpoena a bheith míréasúnach toisc go bhfuil sé róleathan, nó toisc go bhfuil sé leatromach nó go mbaineann anró leis. Féadfaidh faighteoir tairiscint a chomhdú chun dúshlán a thabhairt do subpoena bunaithe ar an bhforas sin. Féach Fed. R. Crim. P. 17. In imthosca teoranta, féadfar subpoenae trialach le haghaidh doiciméad a úsáid tar don chás a bheith díotáilte ag an ard-ghiúiré.

Údarás um Subpoena Riaracháin: Féadfar údaráis um subpoena riaracháin a fheidhmiú in imscrúduithe sibhialta nó coiriúla. I gcomhthéacs an fhorfheidhmithe dlí choiriúil, údaraítear le roinnt reachtanna feidearálacha úsáid a bhaint as subpoenae riaracháin chun taifid ghnó, faisnéis arna stóráil go leictreonach, nó ítimí inláimhsithe eile a thabhairt ar aird nó a chur ar fáil, ar taifid, faisnéis nó ítimí iad atá ábhartha d’imscrúduithe a bhaineann le calaois chúram sláinte, mí-úsáid leanaí, cosaint na Seirbhíse Rúnda, cásanna maidir le substaintí rialaithe, agus imscrúduithe de chuid an Ard-Chigire a bhaineann le gníomhaireachtaí rialtais. Má fhéachann an rialtas le subpoena riaracháin a fhorfheidhmiú i gcúirt, is féidir le faighteoir an subpoena riaracháin, cosúil le faighteoir subpoena ard-ghiúiré, a mhaíomh go bhfuil an subpoena míréasúnach, toisc go bhfuil sé róleathan, nó toisc go bhfuil sé leatromach nó go mbaineann anró leis.

Orduithe Cúirte le haghaidh Rolla Diailithe agus Gaistiú agus Rianú: Faoi fhorálacha coiriúla maidir le rolla diailithe agus gaistiú agus rianú, féadfaidh comhlachtaí forfheidhmithe dlí ordú cúirte a fháil chun faisnéis comharthaíochta, seolacháin, ródúcháin, agus diailithe fíor-ama nach inneachar í a fháil faoi uimhir theileafóin nó ríomhphost ar dheimhniú a fháil go bhfuil an fhaisnéis arna soláthar ábhartha d’imscrúdú coiriúil atá ar feitheamh. Féach 18 U.S.C., Ranna 3121-3127. Is coir fheidearálach é gaireas den sórt sin a úsáid nó a shuiteáil lasmuigh den dlí.

The Electronic Communications Privacy Act (ECPA): Le rialacha breise, rialaítear rochtain an rialtais ar fhaisnéis síntiúsóirí, sonraí tráchta, agus ábhar stóráilte cumarsáide arna sealbhú ag soláthraithe seirbhíse idirlín (ar a dtugtar ‘ISPanna’ freisin), cuideachtaí teileafóin, agus soláthraithe seirbhíse tríú páirtí eile, de bhun Theideal II de ECPA, ar a dtugtar The Stored Communications Act (SCA) freisin, 18 U.S.C., Ranna 2701-2712. Le SCA, leagtar síos córas de chearta príobháideachais reachtúla lena dteorannaítear rochtain chomhlachtaí forfheidhmithe dlí ar shonraí thar an méid a cheanglaítear faoin dlí Bunreachtúil ó chustaiméirí agus ó shíntiúsóirí ISPanna. Déantar foráil le SCA maidir le méaduithe ar leibhéal na gcosaintí príobháideachais a bhraitheann ar chunóracht an bhailithe. I gcás faisnéis chlárúcháin síntiúsóirí, seoltaí Prótacail Idirlín (IP) agus stampaí ama atá bainteach leo, agus faisnéis billeála, ní mór d’údaráis forfheidhmithe dlí subpoena a fháil. I gcás fhormhór na faisnéise stóráilte eile, nach inneachar í, amhail ceanntásca ríomhphoist gan líne an ábhair, ní mór do chomhlachtaí forfheidhmithe dlí fíorais shonracha a chur i láthair breithimh lena léireofar go bhfuil an fhaisnéis arna hiarraidh iomchuí agus ábhartha d’imscrúdú coiriúil atá ar siúl. Chun ábhar stóráilte cumarsáide leictreonaí a fháil, ní mór d’údaráis forfheidhmithe dlí choiriúil barántas a fháil ó bhreitheamh bunaithe ar chúis dhóchúil le creidiúint go bhfuil fianaise ar choir sa chuntas atá i gceist. Déantar foráil le SCA freisin maidir le pionóis dliteanais shibhialta agus choiriúla (4).

Orduithe Cúirte um Fhaireachas De Bhun Dlí Feidearálach maidir leis an gCúléisteacht: Ina theannta sin, féadfaidh comhlachtaí forfheidhmithe dlí cumarsáid de dhroim sreinge, ó bhéal nó leictreonach a idircheapadh i bhfíor-am chun críoch imscrúdaitheach coiriúil de bhun an dlí fheidearálaigh maidir leis an gcúléisteacht. Féach 18 U.S.C., Ranna 2510-2523. Ní bhíonn an t-údarás sin ar fáil ach amháin de bhun ordú cúirte ina gcinneann breitheamh inter alia go bhfuil cúis dhóchúil ann le creidiúint go dtabharfar fianaise ar choir fheidearálach ar aird de thoradh na cúléisteachta nó idircheapadh leictreonach, nó faoi shuíomh éalaitheach atá ag teitheadh ó ionchúiseamh. Déantar foráil leis an reacht maidir le pionóis dliteanais shibhialta agus choiriúla i leith na forálacha maidir leis an gcúléisteacht a shárú.

Barántas Cuardaigh — Fed. R. Crim. P. Riail 41: Is féidir le comhlachtaí forfheidhmithe dlí áitreabh a chuardach go fisiciúil sna Stáit Aontaithe agus iad údaraithe ag breitheamh chun déanamh amhlaidh. Ní mór do chomhlachtaí forfheidhmithe dlí a léiriú don bhreitheamh, bunaithe ar chúis dhóchúil a thaispeáint, go ndearnadh coir nó go bhfuil coir ar tí a déanta agus gur dócha go n-aimseofar ítimí atá ceangailte leis an gcoir san áit a shonraítear leis an mbarántas. Is minic a úsáidtear an t-údarás sin nuair a bhíonn gá ag póilíní le háitreabh a chuardach go fisiciúil i ngeall ar an gcontúirt go bhféadfar fianaise a scriosadh má sheirbheáiltear subpoena nó ordú cosanta eile ar an gcorparáid chun fianaise a thabhairt ar aird. Féadfaidh duine a bheidh faoi réir cuardaigh nó a mbeidh a mhaoin faoi réir cuardaigh gníomhú chun fianaise a shochtadh, ar fianaise í a fuarthas nó a díorthaíodh ó chuardach neamhdhleathach má thugtar an fhianaise sin isteach in aghaidh an duine sin le linn triail choiriúil. Féach Mapp v. Ohio, 367 U.S. 643 (1961). I gcás ina gceanglófar ar shealbhóir sonraí a nochtadh de bhun barántais, féadfaidh an páirtí ar cuireadh iallach air leis an mbarántas dúshlán a thabhairt don cheanglas maidir le nochtadh mar cheanglas a mbaineann anró míchuí leis. Féach In re Application of United States, 610 F.2d 1148, 1157 (3d Cir. 1979) (lena ndearbhaítear ‘due process requires a hearing on the issue of burdensomeness before compelling a telephone company to provide’ [go gceanglaítear leis an bpróis chuí go mbeidh éisteacht ann maidir le hanró a bheith i gceist sula gcuirfear d’iallach ar chuideachta teileafóin] cúnamh a sholáthar le barántas cuardaigh’); In re Application of United States, 616 F.2d 1122 (9th Cir. 1980) (lenar thángthas ar an gconclúid chéanna bunaithe ar údarás maoirseachta na cúirte).

Treoirlínte agus Beartais DoJ: I dteannta na dteorainneacha Bunreachtúla agus reachtúla sin, agus na dteorainneacha atá bunaithe ar rialacha maidir le rochtain ag an rialtas ar shonraí, tá treoirlínte eisithe ag an Ard-Aighne lena gcuirtear tuilleadh teorainneacha ar rochtain ag comhlachtaí forfheidhmithe dlí ar shonraí, agus ina bhfuil cosaintí maidir le príobháideachas agus saoirsí sibhialta freisin. Mar shampla, le Treoirlínte an Ard-Aighne maidir le hOibríochtaí Intíre FBI (Meán Fómhair 2008) (Treoirlínte AG FBI anseo feasta), le fáil ag http://www.justice.gov/archive/opa/docs/guidelines.pdf, leagtar síos teorainneacha ar úsáid bhealaí imscrúdaitheacha chun faisnéis a lorg ar faisnéis í a bhaineann le himscrúduithe a bhfuil coireanna feidearálacha i gceist leo. Leis na treoirlínte sin, ceanglaítear ar FBI na modhanna imscrúdaitheacha is lú cunórtas is indéanta a úsáid, agus an éifeacht ar an bpríobháideachas agus saoirsí sibhialta á cur san áireamh mar aon leis an damáiste ionchasach don cháil. Thairis sin, tugann siad dá n-aire ‘it is axiomatic that the FBI must conduct its investigations and other activities in a lawful and reasonable manner that respects liberty and privacy and avoids unnecessary intrusions into the lives of law-abiding people’ [go bhfuil sé soiléirseach nach mór do FBI a imscrúduithe agus gníomhaíochtaí eile a dhéanamh ar bhealach dleathach agus réasúnach lena n-urramaítear an tsaoirse agus an príobháideachas agus lena seachnaítear cur isteach gan ghá ar shaol daoine atá géilliúil don dlí.] AG Treoirlínte FBI, lch. 5. Tá na treoirlínte sin curtha chun feidhme trí Threoirleabhar FBI maidir le hImscrúduithe agus Oibríochtaí Intíre (DIOG), atá le fáil aghttps://vault.fbi.gov/FBI%20Domestic%20Investigations%20and%20Operations%20Guide%20%28DIOG%29, ar lámhleabhar cuimsitheach é lena n-áirítear teorainneacha mionsonraithe ar úsáid uirlisí imscrúdaitheacha agus treoraíocht chun a dhearbhú go gcosnaítear saoirsí sibhialta agus an príobháideachas i ngach imscrúdú. Rialacha agus beartais bhreise lena bhforordaítear teorainneacha ar ghníomhaíochtaí imscrúdaitheacha ionchúisitheoirí feidearálacha, leagtar amach i Lámhleabhar an Cheartais iad, atá le fáil ar líne freisin ag https://www.justice.gov/jm/justice-manual.

Údaráis Shibhialta agus Rialála (Leas an Phobail):

Tá teorainneacha suntasacha freisin ar rochtain shibhialta nó rialála (i.e., ‘leas an phobail’) ar shonraí arna sealbhú ag corparáidí sna Stáit Aontaithe. Féadfaidh gníomhaireachtaí ar a bhfuil freagrachtaí sibhialta agus rialála orthu subpoenae a eisiúint do chorparáidí le haghaidh taifid ghnó, faisnéis arna stóráil go leictreonach, nó ítimí inláimhsithe eile. Bíonn na gníomhaireachtaí sin teoranta i bhfeidhmiú an údaráis um subpoena riaracháin nó sibhialta acu, ní hamháin lena reachtanna orgánacha, ach freisin le hathbhreithniú breithiúnach neamhspleách ar subpoenae roimh fhorfheidhmiú breithiúnach ionchasach na subpoenae sin. Féach, e.g., Fed. R. Civ. P. 45. Ní fhéadfaidh gníomhaireachtaí rochtain a lorg ach amháin ar shonraí atá ábhartha d’ábhair atá laistigh de raon feidhme a n-údaráis lena rialáil. Thairis sin, féadfaidh faighteoir subpoena riaracháin dúshlán a thabhairt d’fhorfheidhmiú an subpoena sin i gcúirt trí fhianaise a chur i láthair nár ghníomhaigh an ghníomhaireacht i gcomhréir le bunchaighdeáin na réasúntachta, mar a pléadh níos luaithe.

Tá bunúis dlí eile ann lena bhfágtar gur féidir le cuideachtaí dúshlán a thabhairt d’iarrataí sonraí ó ghníomhaireachtaí riaracháin bunaithe ar a dtionscail shonracha agus ar na cineálacha sonraí atá acu. Mar shampla, is féidir le hinstitiúidí airgeadais agóid a dhéanamh in aghaidh subpoenae riaracháin lena lorgaítear cineálacha áirithe faisnéise mar sháruithe ar The Bank Secrecy Act agus ar na rialacháin lena gcuirtear chun feidhme é. 31 U.S.C., Roinn 5318; 31 C.F.R. Caibidil X. Is féidir le gnólachtaí eile brath ar The Fair Credit Reporting Act, 15 U.S.C. Roinn 1681b, nó ar roinnt dlíthe eile a bhaineann le hearnálacha sonracha. Is féidir le dliteanas gníomhaireachta, nó dliteanas pearsanta eascairt as mí-úsáid a bhaint as údarás gníomhaireachta um subpoena. Féach, e.g., The Right to Financial Privacy Act, 12 U.S.C. Ranna 3401-3423. Is iad na cúirteanna sna Stáit Aontaithe na caomhnóirí in aghaidh iarrataí rialála míchuí agus soláthraíonn siad maoirseacht neamhspleách ar ghníomhaíochtaí na ngníomhaireachtaí feidearálacha.

Ar deireadh, aon chumhacht reachtúil dá bhfuil ag údaráis riaracháin chun taifid a urghabháil go fisiciúil ó chuideachta sna Stáit Aontaithe de bhun cuardach riaracháin, ní mór di ceanglais atá bunaithe ar an gCeathrú Leasú a chomhlíonadh. Féach See v. Cathair Seattle, 387 U.S. 541 (1967).

Conclúid:

Ní mór do gach gníomhaíocht forfheidhmithe dlí agus rialála sna Stáit Aontaithe a bheith comhréireach leis an dlí is infheidhme, lena n-áirítear Bunreacht, reachtanna, rialacha, agus rialacháin na Stát Aontaithe. Ní mór do na gníomhaíochtaí sin beartais is infheidhme a chomhlíonadh freisin, lena n-áirítear aon Attorney General Guidelines lena rialaítear gníomhaíochtaí forfheidhmithe dlí feidearálacha. Leis an gcreat dlíthiúil ar a dtugtar tuairisc thuas, cuirtear teorainn le cumas ghníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí agus rialála na Stát Aontaithe faisnéis a fháil ó chorparáidí sna Stáit Aontaithe-cé acu a bhaineann an fhaisnéis le daoine as na Stáit Aontaithe nó le saoránaigh de thíortha eachtracha-agus ina theannta sin, ceadaítear leis an gcreat dlíthiúil sin athbhreithniú breithiúnach a dhéanamh ar aon iarraidh rialtais ar shonraí de bhun na n-údarás sin.

Image 10


(1)  Leis an bhforbhreathnú seo, ní thugtar tuairisc ar na huirlisí imscrúdaitheacha um shlándáil náisiúnta a úsáidtear i bhforfheidhmiú an dlí in imscrúduithe sceimhlitheoireachta agus slándála náisiúnta eile, lena n-áirítear Litreacha Slándála Náisiúnta (NSLanna) le haghaidh faisnéis taifid áirithe i dtuarascálacha creidiúna, taifid airgeadais, agus i dtaifid síntiúsóirí leictreonacha agus taifid idirbhearta leictreonacha, 12 U.S.C., Roinn 3414; 15 U.S.C., Roinn 1681u; 15 U.S.C., Roinn 1681v; 18 U.S.C., Roinn 2709, 50 U.S.C., Roinn 3162, agus le haghaidh faireachas leictreonach, barántais chuardaigh, taifid ghnó, agus faisnéis eile a bhailiú de bhun The Foreign Intelligence Surveillance Act, 50 U.S.C., Ranna 1801 et seq.

(2)  Pléitear údaráis forfheidhmithe dlí agus rialála fheidearálacha sa litir seo. Déanann údaráis forfheidhmithe dlí stáit imscrúdú ar sháruithe ar dhlí stáit agus déantar iad a thriail i gcúirteanna stáit. Úsáideann údaráis forfheidhmithe dlí barántais agus subpoenae a eisítear faoi dhlí stáit ar an mbealach céanna go bunúsach agus a ndéantar tuairisc air anseo, ach leis an bhféidearthacht go bhféadfaidh próiseas dlí stáit a bheith faoi réir cosaintí breise a ndéantar foráil maidir leo le bunreachtanna nó reachtanna stáit is fairsinge ná cosaintí Bhunreacht na Stát Aontaithe. Ní mór cosaintí dlí stáit a bheith ar a laghad comhionann le cosaintí Bhunreacht na Stát Aontaithe, lena n-áirítear ach gan a bheith teoranta don Cheathrú Leasú.

(3)  I leith phrionsabail an Cheathrú Leasú maidir le leasanna príobháideachais agus slándála a choimirciú agus a phléitear thuas, cuireann cúirteanna SAM na prionsabail sin i bhfeidhm go tráthrialta maidir le cineálacha nua uirlisí imscrúdaitheacha forfheidhmithe dlí a chumasaítear le forbairtí sa teicneolaíocht. Mar shampla, in 2018, rialaigh an Chúirt Uachtarach gurb ábhar ‘cuardaigh’ atá faoi réir cheanglas an Cheathrú Leasú maidir le barántas a bhí i gceist in imscrúdú forfheidhmithe dlí agus an rialtas ag fáil faisnéise stairiúla faoi shuíomh fóin láimhe ó chuideachta fóin láimhe ar feadh tréimhse ama fadaithe. Carpenter v. Na Stáit Aontaithe, 138 S. Ct. 2206 (2018).

(4)  Ina theannta sin, údaraítear le roinn 2705(b) de SCA don rialtas ordú cúirte a fháil, bunaithe ar riachtanas léirithe le cosaint ó nochtadh, lena dtoirmeascfar ar sholáthraí seirbhísí cumarsáide fógra a thabhairt dá úsáideoirí dá dheoin féin faoi phróiseas dlí SCA a bheith faighte. I mí Dheireadh Fómhair 2017, d’eisigh an Leas-Ard-Aighne Rod Rosenstein meabhrán chuig aturnaetha agus gníomhairí DOJ lenar leagadh treoraíocht amach chun a áirithiú go n-oiriúnófar iarratais ar na horduithe cosanta sin de réir fíorais agus údair shonracha imscrúdaithe, agus leagadh síos uasteorainn ghinearálta 1 bhliana maidir leis an bhfad lena bhféadfaí féachaint le hiarratas chun moill a chur ar fhógra. I mí na Bealtaine 2022, d’eisigh an Leas-Ard-Aighne Lisa Monaco treoraíocht fhorlíontach maidir leis an topaic, lenar leagadh síos, i measc ábhair eile, ceanglais inmheánacha maidir le formheas ó DOJ le haghaidh iarratais chun síneadh a chur le hordú cosanta thar an tréimhse thosaigh 1 bhliana agus lenar ceanglaíodh orduithe cosanta a fhoirceannadh ar clabhsúr a bheith curtha le himscrúdú.


IARSCRÍBHINN VII

OFFICE OF THE DIRECTOR OF NATIONAL INTELLIGENCE OFFICE OF GENERAL COUNSEL

WASHINGTON, DC 20511

An 9 Nollaig 2022

Leslie B. Kiernan

Ard-Dlíodóir

Roinn Tráchtála Stáit Aontaithe

Mheiriceá 1401 Constitution

Ave., NW Washington, DC 20230

A Ard-Dlíodóir Kiernan, a chara,

An 7 Deireadh Fómhair 2022, shínigh an tUachtarán Biden Ordú Feidhmiúcháin 14086, Coimircí a fheabhsú le haghaidh Gníomhaíochtaí Faisnéise Comharthaí SAM, lena gcuirtear borradh faoi raon dian na gcoimircí príobháideachais agus saoirsí sibhialta ag a bhfuil feidhm maidir le gníomhaíochtaí faisnéise comharthaí na Stát Aontaithe. Áirítear an méid seo a leanas ar na coimircí sin: ceanglaítear ar ghníomhaíochtaí faisnéise comharthaí cuspóirí dlisteanacha sonraithe a chomhlíonadh; cosc sainráite a chur ar na gníomhaíochtaí sin chun críche cuspóirí toirmiscthe sonracha; nósanna imeachta nua a chur i bhfeidhm chun a áirithiú go saothraítear na cuspóirí sin a thuilleadh leis na gníomhaíochtaí faisnéise comharthaí sin agus nach saothraítear cuspóirí toirmiscthe leo; ceanglaítear nach ndéanfar gníomhaíochtaí faisnéise comharthaí ach amháin tar éis cinneadh, bunaithe ar mheasúnú réasúnach ar gach toisc ábhartha, gur gá iad na gníomhaíochtaí chun tosaíocht faisnéise bhailíochtaithe a chur chun cinn agus gan an tosaíocht sin a chur chun cinn ach a mhéid agus ar bhealach a bheidh comhréireach leis an tosaíocht faisnéise bhailíochtaithe dá údaraíodh na gníomhaíochtaí sin; agus eilimintí den Phobal Faisnéise (IC) a ordú chun a mbeartais agus a nósanna imeachta a thabhairt cothrom le dáta chun coimircí faisnéise comharthaí a cheanglaítear leis an Ordú Feidhmiúcháin a léiriú. An ghné is suntasaí den Ordú Feidhmiúcháin is ea go dtugtar sásra ceangailteach agus neamhspleách isteach leis lena gcuirtear ar a gcumas do dhaoine aonair as ‘stáit cháilitheacha,’ arna n-ainmniú de bhun an Ordaithe Feidhmiúcháin, sásamh a lorg má chreideann siad go ndearnadh gníomhaíochtaí faisnéise comharthaí neamhdhleathacha de chuid na Stát Aontaithe ina leith, lena n-áirítear gníomhaíochtaí lena sáraítear na cosaintí atá san Ordú Feidhmiúcháin.

Bhí eisiúint Ordú Feidhmiúcháin 14086 ag Uachtarán Biden ina chomhartha gur tugadh breis agus bliain de chaibidlíocht mhionsonraithe i gcrích idir ionadaithe ón gCoimisiún Eorpach (CE) agus ó na Stáit Aontaithe agus treoraítear leis an Ordú na céimeanna a dhéanfaidh na Stáit Aontaithe chun a ngealltanais faoi Chreat Príobháideachais Sonraí AE-SAM a chur chun feidhme. I gcomhréir le spiorad an chomhair lenar táirgeadh an Creat, is é mo thuiscint go bhfuil dhá shraith ceisteanna faighte ó CE agat faoin mbealach a gcuirfidh IC an tOrdú Feidhmiúcháin chun feidhme. Táim breá sásta aghaidh a thabhairt ar na ceisteanna sin leis an litir seo.

Roinn 702 de The Foreign Intelligence Surveillance Act (FIS) 1978 (Roinn 702 FIS)

Baineann an chéad sraith ceisteanna le Roinn 702 FISA, lena gceadaítear eolas faisnéise eachtraí a bhailiú trí dhíriú ar dhaoine nach daoine as na Stáit Aontaithe iad a chreidtear le réasún go bhfuil siad lonnaithe lasmuigh de na Stáit Aontaithe le cúnamh ó sholáthraithe seirbhísí cumarsáide ar cuireadh iallach orthu. Go sonrach, baineann na ceisteanna leis an idirghníomhú idir an fhoráil sin agus Ordú Feidhmiúcháin 14086, mar aon leis na coimircí eile ag a bhfuil feidhm maidir le gníomhaíochtaí a dhéantar de bhun FISA Roinn 702.

I dtosach báire, is féidir linn a dheimhniú go gcuirfidh IC na coimircí i bhfeidhm a leagtar amach in Ordú Feidhmiúcháin 14086 maidir le gníomhaíochtaí a dhéantar de bhun FISA Roinn 702.

Ina theannta sin, tá feidhm ag coimircí iomadúla eile maidir leis an úsáid a bhaineann an Rialtas as FISA Roinn 702. Mar shampla, ní mór don Ard-Aighne agus don Stiúrthóir Faisnéise Ginearálta (DNI) araon gach deimhniú faoi FISA Roinn 702 a shíniú, agus ní mór don Rialtas gach deimhniú den sórt sin a chur faoi bhráid na Cúirte um Fhaireachas Faisnéise Eachtraí (FISC) lena fhormheas, ar cúirt í atá comhdhéanta de bhreithiúna neamhspleácha ag a mbíonn tréimhse oifige saoil agus téarmaí neamh-inathnuaite ar feadh 7 mbliana. Leis na deimhniúcháin, sainaithnítear catagóirí eolais faisnéise eachtraí atá le bailiú, nach mór dóibh an sainmhíniú reachtúil ar eolas faisnéise eachtrach a chomhlíonadh, trí dhíriú ar dhaoine nach daoine as na Stáit Aontaithe iad a chreidtear le réasún go bhfuil siad lonnaithe lasmuigh de na Stáit Aontaithe. Áiríodh ar na deimhniúcháin faisnéis a bhain leis an sceimhlitheoireacht idirnáisiúnta agus le topaicí eile, amhail faisnéis a fháil maidir le hairm ollscriosta. Ní mór gach deimhniú bliantúil a chur faoi bhráid FISC lena fhormheas i bpacáiste iarratais deimhniúcháin lena n-áirítear deimhniúcháin an Ard-Aighne agus DNI, mionnscríbhinní ó cheannairí gníomhaireachtaí faisnéise áirithe, agus nósanna imeachta um spriocdhíriú, nósanna imeachta um íoslaghdú, agus nósanna imeachta um fhiosrú a bhíonn ceangailteach ar an Rialtas. Leis na nósanna imeachta um spriocdhíriú, ceanglaítear, i measc nithe eile, go ndéanfaidh IC measúnú le réasún, bunaithe ar iomlán na n-imthosca, ar an dóchúlacht go mbaileofar eolas faisnéise eachtraí de thoradh an spriocdhírithe, ar eolas faisnéise é a shainaithnítear i ndeimhniú faoi PISA Roinn 702.

Thairis sin, agus eolas faisnéise á bhailiú de bhun FISA Roinn 702, ní mór do IC an méid seo a leanas a dhéanamh: míniú scríofa a sholáthar ar an mbunús lena mheasúnú, tráth an spriocdhírithe, go bhfuil coinne leis go mbeidh eolas faisnéise eachtraí a shainaithnítear i ndeimhniú faoi PISA Roinn 702 i seilbh na sprice, nó go bhfuil coinne leis go bhfaighidh an sprioc an t-eolas faisnéise, nó go gcuirfidh an sprioc an t-eolas faisnéise sin in iúl; deimhniú go bhfuil an caighdeán um spriocdhíriú mar a leagtar amach i nósanna imeachta um spriocdhíriú, Roinn 702, PISA, fós á chomhlíonadh; agus go scoirfear den bhailiú mura mbeidh an caighdeán á chomhlíonadh a thuilleadh. Féach Aighneacht Rialtas SAM a cuireadh faoi bhráid na Cúirte um Fhaireachas Faisnéise Eachtraí Achoimre 2015 ar Cheanglais Shuntasacha Roinn 702, ag 2-3 (15 Iúil 2015).

Toisc go gceanglaítear ar IC a mheasúnú go gcomhlíonann spriocanna Roinn 702 FISA na caighdeáin is infheidhme um spriocdhíriú a thaifeadadh i scríbhinn, agus bailíocht an mheasúnaithe sin a dhearbhú go tráthrialta, éascaítear maoirsiú FISC ar ghníomhaíochtaí spriocdhírithe IC. Déanann aturnaetha maoirseachta faisnéise sa Roinn Dlí agus Cirt (DOJ) athbhreithniú ar bhonn démhíosúil ar gach measúnú agus réasúnaíocht um spriocdhíriú dá dtaifeadtar, agus déanann na haturnaetha sin an fheidhm maoirseachta sin go neamhspleách ar oibríochtaí eolais faisnéise eachtracha. Bíonn an rannóg DOJ a fheidhmíonn an fheidhm sin freagrach ansin faoi riail fhadbhunaithe de chuid FISC chun aon sárú ar na nósanna imeachta is infheidhme a thuairisciú do FISC. Leis an tuairisciú sin, mar aon le cruinnithe tráthrialta idir FISC agus an rannóg sin de chuid DOJ maidir leis an maoirseacht ar spriocdhíriú faoi Roinn 702 FISA, cuirtear ar a cumas do FISC comhlíontacht le nósanna imeachta um spriocdhíriú agus nósanna imeachta eile faoi Roinn 702 FISA a fhorfheidhmiú agus a áirithiú ar bhealaí eile go mbeidh gníomhaíochtaí an Rialtais dleathach. Go háirithe, is féidir le FISC é sin a dhéanamh ar roinnt bealaí, lena n-áirítear trí chinntí feabhais ceangailteacha a eisiúint chun údarás an Rialtais, chun bailiú a dhéanamh in aghaidh sprioc áirithe, a fhoirceannadh, nó chun bailiú sonraí faoi Roinn 702 FISA a mhodhnú nó a mhoilliú. Is féidir le FISC a chur de cheangal ar an Rialtas freisin tuilleadh tuairiscithe nó faisnéise a sholáthar maidir lena chomhlíontacht le nósanna imeachta um spriocdhíriú agus le nósanna imeachta eile nó é a chur de cheangal go ndéanfar athruithe ar na nósanna imeachta sin.

Bailiú Faisnéise Comharthaí ar an Mórchóir

Baineann an dara sraith ceisteanna le bailiú faisnéise comharthaí ar an mórchóir, a shainmhínítear le hOrdú Feidhmiúcháin 14086 mar ‘the authorized collection of large quantities of signals intelligence data that, due to technical or operational considerations, is acquired without the use of discriminants (for example, without the use of specific identifiers or selection terms).’ [bailiú údaraithe cainníochtaí móra sonraí faisnéise comharthaí a fhaightear, i ngeall ar bhreithnithe teicniúla nó oibriúcháin, gan gnéithe idirdhealaithe a úsáid (mar shampla, gan sainaitheantóirí sonracha nó téarmaí roghnúcháin sonracha a úsáid).]

I leith na gceisteanna sin, tugaimid dár n-aire ar an gcéad dul síos nach n-údaraítear an bulcbhailiú le FISA ná le Litreacha Slándála Náisiúnta. I leith FISA:

Le Teidil I agus III de FISA, lena n-údaraítear an faireachas leictreonach agus cuardaigh fhisiciúla faoi seach, ceanglaítear ordú cúirte (gan ach eisceachtaí teoranta i gceist, amhail imthosca éigeandála) agus ceanglaítear cúis dhóchúil i gcónaí le creidiúint gur cumhacht eachtrach í an sprioc nó gníomhaire de chuid cumhacht eachtrach. Féach 50 U.S.C., Ranna 1805, 1824.

Le The USA FREEDOM Act de 2015, leasaíodh Teideal IV de FISA, lena n-údaraítear rolla diailithe a úsáid agus gairis gaistithe agus rianúcháin, de bhun ordú cúirte (seachas in imthosca éigeandála), chun é a chur de cheangal ar an Rialtas iarrataí a bhunú ar ‘specific selection term’ [théarma roghnúcháin sonrach].’ Féach 50 U.S.C., Roinn 1842(c)(3).

Le Teideal V de FISA, lena gceadaítear don Bhiúró Imscrúdúcháin Feidearálach cineálacha áirithe taifead gnó a fháil, ceanglaítear ordú cúirte bunaithe ar iarratas lena sonraítear ‘there are specific and articulable facts giving reason to believe that the person to whom the records pertain is a foreign power or an agent of a foreign power.’ [go bhfuil fíorais shonracha ann is féidir a chur in iúl agus lena dtugtar cúis le creidiúint gur cumhacht eachtrach nó gníomhaire de chuid cumhacht eachtrach an duine lena mbaineann na taifid.] Féach 50 U.S.C., Roinn 1862(b)(2)(B) (1).

Ar deireadh, údaraítear le Roinn 702 FISA ‘targeting of persons reasonably believed to be located outside the United States to acquire foreign intelligence information’ [díriú ar dhaoine a chreidtear le réasún go bhfuil siad lonnaithe lasmuigh de na Stáit Aontaithe chun eolas faisnéise eachtrach a fháil]. Féach 50 U.S.C., Roinn 188la(a). Dá bhrí sin, mar a thug an Bord um Maoirseacht ar Phríobháideachas agus Saoirsí Sibhialta faoi deara, maidir leis an mbailiú sonraí ag an Rialtas faoi Roinn 702 FISA ‘consists entirely of targeting individual persons and acquiring communications associated with those persons, from whom the government has reason to expect it will obtain certain types of foreign intelligence,’ [is éard atá i gceist le hiomlán an bhailithe sin spriocdhíriú ar dhaoine aonair agus cumarsáid atá bainteach leis na daoine sin a fháil, ar daoine iad a bhfuil cúis ag an rialtas le coinne a bheith acu leis go bhfaighidh sé cineálacha áirithe faisnéise eachtraí uathu] rud a fhágann ‘program does not operate by collecting communications in bulk’ [nach n-oibríonn an clár trí chumarsáid a bhailiú ar an mórchóir]. An Bord um Maoirseacht ar Phríobháideachas agus Saoirsí Sibhialta, Report on the Surveillance Program Operated Pursuant to Section 702 of the Foreign Intelligence Surveillance Act, ag 103 (2 Iúil 2014) (2).

I leith Litreacha Slándála Náisiúnta, forchuirtear le The USA FREEDOM Act 2015 ceanglas maidir le specific selection term’ [‘téarma roghnúcháin sonrach] i dtaca le litreacha den sórt sin a úsáid. Féach 12 U.S.C., Roinn 3414(a)(2); 15 U.S.C., Roinn 1681u; 15 U.S.C., Roinn 1681v(a); 18 U.S.C., Roinn 2709(b).

Thairis sin, déantar foráil le hOrdú Feidhmiúcháin 14086 ‘[t]argeted collection shall be prioritized’ [go dtabharfar tosaíocht don bhailiú spriocdhírithe] agus, nuair is amhlaidh go ndéanann IC bailiú ar an mórchóir, ‘bulk collection of signals intelligence shall be authorized only based on a determination ... that the information necessary to advance a validated intelligence priority cannot reasonably be obtained by targeted collection’ [nach n-údarófar bulcbhailiú faisnéise comharthaí ach amháin i gcás ina mbeidh sé bunaithe ar chinneadh ... nach féidir an t-eolas is gá chun tosaíocht faisnéise bailíochtaithe a chur chun cinn a fháil le réasún trí bhailiú spriocdhírithe.] Féach Ordú Feidhmiúcháin 14086, Roinn 2(c)(ii)(A).

Thairis sin, nuair a chinneann IC go gcomhlíonann an bulcbhailiú na caighdeáin sin, déantar foráil maidir le coimircí breise le hOrdú Feidhmiúcháin 14086. Go sonrach, ceanglaítear leis an Ordú Feidhmiúcháin ar IC, agus bulcbhailiú á dhéanamh, ‘apply reasonable methods and technical measures in order to limit the data collected to only what is necessary to advance a validated intelligence priority, while minimizing the collection of non-pertinent information.’ [modhanna agus bearta teicniúla réasúnacha a chur i bhfeidhm chun teorainn a chur leis na sonraí a bhaileofar ionas nach mbaileofar ach an méid is gá chun tosaíocht faisnéise bailíochtaithe a chur chun cinn, agus bailiú faisnéise nach mbaineann le hábhar á íoslaghdú.] Féach id. Sonraítear leis an Ordú freisin maidir le ‘signals intelligence activities’ [gníomhaíochtaí faisnéise comharthaí], lena n-áirítear faisnéis chomharthaí a fhaightear tríd an bulcbhailiú a fhiosrú, ‘shall be conducted only following a determination, based on a reasonable assessment of all relevant factors, that the activities are necessary to advance a validated intelligence priority’ [nach ndéanfar na gníomhaíochtaí sin ach amháin tar éis cinneadh, bunaithe ar mheasúnú réasúnach ar gach toisc ábhartha, gur gá iad na gníomhaíochtaí chun tosaíocht faisnéise bhailíochtaithe a chur chun cinn.] Féach id. Roinn 2(a)(ii)(A). Cuirtear an prionsabal sin chun feidhme a thuilleadh leis an Ordú trí shonrú nach bhféadfaidh IC faisnéis chomharthaí neamh-íoslaghdaithe a fuarthas ar an mórchóir a fhiosrú, ach amháin i gcás ina mbeidh sé chuspóir incheadaithe á saothrú, agus nach mór na fiosrúcháin sin a dhéanamh de réir beartais agus nósanna imeachta ‘appropriately take into account the impact [of the queries] on the privacy and civil liberties of all persons, regardless of their nationality or wherever they might reside’ [lena gcuirtear san áireamh go hiomchuí tionchar [na bhfiosrúchán] ar phríobháideachas agus ar shaoirsí sibhialta gach duine, gan beann ar a náisiúntacht nó cibé áit mar a bhféadfaidís a bheith ina gcónaí.] Féach id. Roinn 2(c)(iii)(D). Ar deireadh, déantar foráil leis an Ordú maidir le rialuithe láimhseála, slándála, agus rochtana le haghaidh sonraí a bhailítear. Féach id. Roinn 2(c)(iii)(A) agus Roinn 2(c)(iii)(B).

* * * * *

Tá súil agam go mbeidh na soiléirithe sin ina gcúnamh. Ná bíodh drogall ort teagmháil a dhéanamh linn má bhíonn tuilleadh ceisteanna agat faoin mbealach a bhfuil sé beartaithe ag IC SAM Ordú Feidhmiúcháin 14086 a chur chun feidhme.

Sincerely,

Image 11

Christopher C. FONZONE

Ard-Abhcóide


(1)  Ó 2001 go 2020, ceadaíodh le Teideal V de FISA do FBI údarú a lorg ó FISC chun ‘nithe inláimhsithe’ a fháil atá ábhartha d’imscrúduithe údaraithe áirithe. Féach The USA PATRIOT Act, Pub. L. Uimh. 107-56, 115 Stat. 272, Roinn 215 (2001). Leis an bhfriotal sin, atá dulta i léig agus nach é an dlí é a thuilleadh, soláthraíodh an t-údarás ar dá bhun sin a bhailigh an Rialtas meiteashonraí teileafónaíochta ar an mórchóir tráth dá raibh. Fiú sula ndeachaigh an fhoráil i léig, áfach, leasaíodh í le The USA FREEDOM Act chun é a chur de cheangal ar an Rialtas iarratas chuig FISC a bhunú ar ‘specific selection term’ [théarma roghnúcháin sonrach]. Féach The USA FREEDOM Act, Pub. L. Uimh. 114-23, 129 Stat. 268, Roinn I 03 (2015).

(2)  Le Ranna 703 agus 704, lena n-údaraítear do IC spriocdhíriú ar dhaoine as na Stáit Aontaithe atá lonnaithe ar an gcoigríoch, ceanglaítear ordú cúirte (seachas in imthosca éigeandála) agus ceanglaítear cúis dhóchúil i gcónaí le creidiúint gur cumhacht eachtrach í an sprioc, gníomhaire de chuid cumhacht eachtrach, nó oifigeach nó fostaí de chuid cumhacht eachtrach. Féach 50 U.S.C., Ranna 1881b, 1881c.


IARSCRÍBHINN VIII

Liosta giorrúchán

Úsáidtear na giorrúcháin seo a leanas sa Chinneadh seo:

AAA

American Arbitration Association (Comhlachas Eadrána Mheiriceá)

AG Regulation

Attorney General Regulation on the Data Protection Review Court (Rialachán an Ard-Aighne maidir leis an gCúirt Athbhreithniúcháin um Chosaint Sonra)

AGG-DOM

Attorney General Guidelines for Domestic FBI Operations (Treoirlínte an Ard-Aighne maidir le hOibríochtaí Intíre FBI)

APA

Administrative Procedure Act (An tAcht um Nós Imeachta Riaracháin)

CIA

Central Intelligence Agency (An Lár-Ghníomhaireacht Faisnéise)

CNSS

Committee on National Security Systems (An Coiste um Chórais Slándála Náisiúnta)

An Chúirt Bhreithiúnais

Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh

Cinneadh

Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gCoimisiún de bhun Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an leibhéal leormhaith cosanta sonraí pearsanta faoi Chreat Príobháideachais Sonraí AE-SAM

DHS

Department of Homeland Security (an Roinn Slándála Dúiche)

DNI

Director of National Intelligence (Stiúrthóir Faisnéise Náisiúnta)

DoC

U.S. Department of Commerce (Roinn Tráchtála Stáit Aontaithe Mheiriceá)

DoJ

U.S. Department of Justice (Roinn Dlí agus Cirt Stáit Aontaithe Mheiriceá)

DoT

U.S. Department of Transportation (Roinn Iompair Stáit Aontaithe Mheiriceá)

ÚCS

Údarás Cosanta Sonraí

Liosta CPS

Liosta an Chreata Príobháideachais Sonraí

DPRC

Data Protection Review Court (An Chúirt Athbhreithniúcháin um Chosaint Sonraí)

ECOA

Equal Credit Opportunity Act (An tAcht um Dheiseanna Comhionanna Creidmheasa)

ECPA

Electronic Communications Privacy Act (An tAcht um Phríobháideachas Cumarsáide Leictreonaí)

LEE

An Limistéar Eorpach Eacnamaíoch

EO 12333

Ordú Feidhmiúcháin 12333 ‘Gníomhaíochtaí Faisnéise na Stát Aontaithe’

EO 14086

Ordú Feidhmiúcháin 14086 ‘Coimircí a fheabhsú le haghaidh Gníomhaíochtaí Faisnéise Comharthaí SAM’

CPS AE-SAM nó CPS

Creat Príobháideachais Sonraí AE-SAM

Painéal CPS AE-SAM

Painéal Chreat Príobháideachais Sonraí AE-SAM

FBI

Federal Bureau of Investigation (Biúró Feidearálach Imscrúduithe)

FCRA

Fair Credit Reporting Act (An tAcht um Thuairisciú Creidmheasa Chóir)

FISA

Foreign Intelligence Surveillance Act (An tAcht um Fhaireachas Faisnéise Eachtraí)

FISC

Foreign Intelligence Surveillance Court (An Chúirt um Fhaireachas Faisnéise Eachtraí)

FISCR

Foreign Intelligence Surveillance Court of Review (An Chúirt Athbhreithniúcháin um Fhaireachas Faisnéise Eachtraí)

FOIA

Freedom of Information Act (An tAcht um Shaoráil Faisnéise)

FRA

Federal Records Act (An tAcht um Thaifid Fheidearálacha)

FTC

U.S. Federal Trade Commission (Coimisiún Feidearálach Trádála Stáit Aontaithe Mheiriceá)

HIPAA

Health Insurance Portability and Accountability Act (An tAcht um Iniomparthacht agus Cuntasacht Árachais Sláinte)

ICDR

International Centre for Dispute Resolution (An Lárionad Idirnáisiúnta um Réiteach Díospóidí)

IOB

Intelligence Oversight Board (An Bord Formhaoirseachta Faisnéise)

NIST

National Institute of Standards and Technology (An Institiúid Náisiúnta um Chaighdeáin agus Teicneolaíocht)

NSA

National Security Agency (An Ghníomhaireacht Náisiúnta Slándála)

NSL

Litir/Litreacha Slándála Náisiúnta

ODNI

Office of the Director of National Intelligence (Oifig an Stiúrthóra um Fhaisnéis Náisiúnta)

ODNI CLPO, CLPO

Civil Liberties Protection Officer of the Director of National Intelligence (Oifigeach Cosanta Saoirsí Sibhialta Oifig an Stiúrthóra um Fhaisnéis Náisiúnta)

OMB

Office of Management and Budget (Oifig um Bainistíocht agus Buiséad)

OPCL

Office of Privacy and Civil Liberties of the Department of Justice (Oifig Phríobháideachais agus Saoirsí Sibhialta na Roinne Dlí agus Cirt)

PCLOB

Privacy and Civil Liberties Oversight Board (An Bord Formhaoirseachta um Príobháideachas agus Saoirsí Sibhialta)

PIAB

President’s Intelligence Advisory Board (Bord Comhairleach Faisnéise an Uachtaráin)

PPD 28

Treoir Bheartas 28 ón Uachtarán

Rialachán (AE) 2016/679

Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE

SAOP

Oifigeach Sinsearach Príobháideachais na Gníomhaireachta

Na Prionsabail

Prionsabail Chreata Príobháideachais Sonraí AE-SAM

SAM

Na Stáit Aontaithe

An tAontas

An tAontas Eorpach