18.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 229/94


CINNEADH (AE) 2023/1786 ÓN gCOIMISIÚN

an 15 Meán Fómhair 2023

lena n-aisghairtear Cinneadh 2006/928/CE lena mbunaítear sásra comhair agus fíorúcháin ar dhul chun cinn sa Rómáin chun aghaidh a thabhairt ar thagarmharcanna sonracha i réimsí an athchóirithe bhreithiúnaigh agus an chomhraic i gcoinne an éillithe

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint d’Ionstraim Aontachais Phoblacht na Bulgáire agus na Rómáine, agus go háirithe Airteagal 37 agus Airteagal 38 di,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Ina thuarascáil faireacháin an 26 Meán Fómhair 2006 maidir le staid ullmhachta do bhallraíocht na Bulgáire agus na Rómáine san Aontas (1), roimh aontachas na Rómáine leis an Aontas, shainaithin an Coimisiún roinnt saincheisteanna, go háirithe maidir le cuntasacht agus éifeachtúlacht an chórais bhreithiúnaigh agus na gcomhlachtaí forfheidhmithe dlí sa Rómáin, áit a raibh gá fós le tuilleadh dul chun cinn chun an cumas a áirithiú na bearta arna nglacadh chun go mbunófaí an margadh inmheánach agus limistéar na saoirse, na slándála agus an cheartais a chur chun feidhme agus a chur i bhfeidhm.

(2)

An 13 Nollaig 2006, ghlac an Coimisiún Cinneadh 2006/928/CE (2) lena mbunaítear sásra comhair agus fíorúcháin ar dhul chun cinn sa Rómáin chun aghaidh a thabhairt ar cheithre thagarmharc shonracha i réimsí an athchóirithe bhreithiúnaigh agus an chomhraic i gcoinne an éillithe. Luaitear sa Chinneadh sin go bhfuil sé le haisghairm nuair a bheidh na tagarmharcanna go léir comhlíonta go sásúil.

(3)

Le Cinneadh 2006/928/CE ceanglaítear ar an Rómáin tuairisc rialta a thabhairt don Choimisiún maidir leis an dul chun cinn a rinneadh chun aghaidh a thabhairt ar na tagarmharcanna. Chuir an Coimisiún a bharúlacha agus a thorthaí féin maidir le tuarascáil na Rómáine in iúl do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle den chéad uair i mí an Mheithimh 2007, agus tá tuairisc rialta tugtha aige ó shin i leith. Is toradh ar anailís chúramach gach tuarascáil ón gCoimisiún, ag tarraingt ar dhlúthchomhar leis na húdaráis náisiúnta, agus ar ionchur ón tsochaí shibhialta, agus ó pháirtithe leasmhara agus breathnóirí eile chomh maith.

(4)

Ina thuarascáil i mí Eanáir 2017 (3), rinne an Coimisiún measúnú cuimsitheach ar an dul chun cinn atá déanta ag an Rómáin ó bunaíodh an sásra comhair agus fíorúcháin. Ar an mbonn sin, leag an Coimisiún amach conair shoiléir i dtreo thabhairt chun críche an tsásra, bunaithe ar dhá mholadh déag lenar soiléiríodh na ceanglais ba ghá don Rómáin a chomhlíonadh chun na ceithre thagarmharc atá leagtha síos i gCinneadh a chomhlíonadh. I bhfianaise an dul chun cinn a rinneadh, mheas an Coimisiún gur leor comhlíonadh na moltaí sin chun an sásra comhair agus fíorúcháin a thabhairt chun críche, ar choinníoll nach mbeadh aon fhorbairt ann idir an dá linn lena n-aisiomprófaí go soiléir an dul chun cinn. Dhírigh roinnt de na moltaí ar choimircí inmheánacha a fhorbairt chun do-athraitheacht na dtorthaí a áirithiú agus chun a léiriú go leanfaí leis na hathchóirithe leanúnacha agus go ndéanfaí an dul chun cinn a chomhdhlúthú, fiú gan an sásra.

(5)

Ó shin i leith, tá ceithre mheasúnú déanta ag an gCoimisiún ar an dul chun cinn chun na moltaí a chur chun feidhme (4). Sainaithníodh cúlú na n-athchóirithe i dtuarascálacha ón gCoimisiún maidir le dul chun cinn sa Rómáin faoin sásra comhair agus fíorúcháin ó dheireadh 2017 go dtí 2019. Mar gheall ar chéimeanna a thug an Rómáin, athosclaíodh saincheisteanna ar measadh i dtuarascáil mhí Eanáir 2017 go raibh siad dúnta, agus rinneadh ocht moladh breise i dtuarascáil mhí na Samhna 2018 (5).

(6)

Sa tuarascáil uaidh i mí an Mheithimh 2021, ba dhíol sásaimh don Choimisiún an dul chun cinn a rinneadh sa Rómáin chun an sásra comhair agus fíorúcháin (6) a thabhairt chun críche go pras. Chuir an Coimisiún san áireamh go háirithe spreagadh athnuaite na Rómáine don athchóiriú agus chun an cúlú a tharla sa thréimhse 2017-2019 a aisiompú. Thug sé dá aire an dul chun cinn atá déanta sna moltaí go léir a bhí fágtha, agus go leor acu ar an mbealach le bheith comhlíonta má fhanann an dul chun cinn seasta.

(7)

Leagadh síos i dtuarascáil an Choimisiúin i mí na Samhna 2022 (7) gur leor an dul chun cinn a rinne an Rómáin faoin sásra comhair agus fíorúcháin chun na gealltanais a rinne sí tráth a haontachais leis an Aontas a chomhlíonadh agus gur comhlíonadh go sásúil na ceithre thagarmharc a leagtar amach i gCinneadh arna soiléiriú tríd an dá mholadh déag i dtuarascáil mhí Eanáir 2017 agus na hocht moladh breise i dtuarascáil mhí na Samhna 2018. Thug an Coimisiún dá aire go háirithe an dul chun cinn atá déanta ag an Rómáin maidir le neamhspleáchas agus éifeachtacht na mbreithiúna a neartú trí athchóiriú cuimsitheach a dhéanamh ar an gcóras ceartais. Glacadh Dlíthe Ceartais Nua lenar tugadh isteach athruithe tábhachtacha maidir le heagrú na gairme agus córais dliteanais do ghiúistísí; ceapadh, dífhostú, agus cumhachtaí na n-ionchúisitheoirí ardchéime; agus rialachas na Cigireachta Breithiúnaí. Thug an Coimisiún dá aire freisin an dul chun cinn atá déanta maidir le cur chun feidhme na straitéise náisiúnta frith-éillithe agus an dea-theist maidir le héilliú ardleibhéil a imscrúdú agus smachtbhannaí a fhorchur ina leith. Thug sé dá aire freisin go bhfuil na hinstitiúidí atá freagrach as rialacha maidir le sláine agus coinbhleachtaí leasa a chur i bhfeidhm, agus as sócmhainní coiriúla a bhainistiú agus a aisghabháil, ag obair go héifeachtach.

(8)

Thug an Coimisiún dá aire i gconclúid a thuarascála ó mhí na Samhna 2022 trí ghealltanas shonracha a rinne rialtas na Rómáine. Chuir Uachtarán na Rómáine an Coimisiún ar an eolas, i litir dar dáta an 28 Meitheamh 2023, faoi na bearta a glacadh chun na gealltanais sin a chomhlíonadh. Ar an gcéad dul síos, tá gealltanas tugtha ag an Rómáin tuilleadh anailíse a dhéanamh ar thuairimí Choimisiún na Veinéise agus iad a chur san áireamh go huile agus go hiomlán maidir lena Dlíthe Ceartais agus ar bhonn níos ginearálta más gá tuilleadh gníomhaíochtaí a dhéanamh. Bunaíodh painéal saineolaithe ardleibhéil chun machnamh a dhéanamh ar réitigh reachtacha leormhaithe chun obair leantach a dhéanamh ar thuairim Choimisiún na Veinéise, ar mhaithe le héifeachtúlacht agus neamhspleáchas na mbreithiúna a threisiú a thuilleadh. Ar an dara dul síos, tá gealltanas tugtha ag an Rómáin freisin an t-athbhreithniú ar an gCód Coiriúil agus ar an gCód Nós Imeachta Coiriúil a thabhairt chun críche, chun a áirithiú go mbeidh siad ag teacht leis na cinntí atá glactha ag Cúirt Bhunreachtúil na Rómáine ó bhí 2016 ann. Ghlac Parlaimint na Rómáine reachtaíocht chuige sin an 28 Meitheamh 2023. Cuid de ghealltanais na Rómáine faoina Plean Téarnaimh agus Athléimneachta (8) is ea an t-athbhreithniú ar an dá Chód a thabhairt chun críche freisin. Ar deireadh, chuir rialtas na Rómáine in iúl go raibh muinín aige as cumas Uaschomhairle nua na Giúistíseachta cur le móiminteam an athchóirithe, agus spreagadh nua a thabhairt don trédhearcacht agus don chuntasacht. Ghlac Uaschomhairle na Giúistíseachta ráiteas prionsabal maidir le trédhearcacht agus cuntasacht, rud a d’fhoilsigh sí an 3 Aibreán 2023.

(9)

Dá bhrí sin, comhlíonadh go sásúil na tagarmharcanna uile a leagtar amach i gCinneadh agus a soiléiríodh tríd an dá mholadh déag i dtuarascáil mhí Eanáir 2017 agus na hocht moladh breise i dtuarascáil mhí na Samhna 2018, chomh maith leis na gealltanais shonracha (9) a liostaítear i gconclúidí thuarascáil 2022.

(10)

Mar gheall ar fhorbairtí i dtimpeallacht smacht reachta an Aontais, tugadh comhthéacs nua don chomhar idir an Coimisiún agus an Rómáin. Go háirithe, le timthriall bliantúil an Smachta Reachta, a seoladh leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún i mí Iúil 2019 dar teideal ‘An Smacht Reachta a Neartú laistigh den Aontas’ (10) agus i dTreoirlínte Polaitiúla Uachtarán von der Leyen, cuirtear creat leanúnach ar fáil a bhfuil peirspictíocht fhadtéarmach ag gabháil leis chun dul leis an athchóiriú inbhuanaithe, don Rómáin mar aon le Ballstáit eile. Mar chuid den timthriall sin, i dTuarascáil bhliantúil an Choimisiúin um an Smacht Reachta, a chuimsíonn moltaí do na Ballstáit ó bhí 2022 ann, spreagtar treoir dhearfach maidir le saincheisteanna a bhaineann leis an smacht reachta, idirphlé agus feasacht chomhpháirteach a dhoimhniú agus cosc a chur ar theacht chun cinn dúshlán nó doimhniú na ndúshlán sin. Dá thoradh sin, beifear in ann faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme athchóirithe comhaontaithe na Rómáine.

(11)

Chuir an Coimisiún tuarascáil mhí na Samhna 2022 dá chuid maidir leis an dul chun cinn sa Rómáin faoin sásra comhair agus fíorúcháin faoi bhráid Choiste ábhartha Pharlaimint na hEorpa. Chuir an Coimisiún san áireamh go cuí na barúlacha a fuarthas ó Pharlaimint na hEorpa trí litir ó Uachtarán Pharlaimint na hEorpa an 6 Feabhra 2023.

(12)

Chuir an Coimisiún tuarascáil mhí na Samhna 2022 dá chuid maidir leis an dul chun cinn sa Rómáin faoin sásra comhair agus fíorúcháin faoi bhráid mheitheal ábhartha na Comhairle, agus thug an Coimisiún aird chuí ar an tuarascáil ó Uachtaránacht na Comhairle an 16 Nollaig 2022.

(13)

An 5 Iúil 2023, chuir an Coimisiún in iúl don Chomhairle go raibh rún aige Cinneadh lena mbunaítear sásra comhair agus fíorúcháin don Rómáin a aisghairm agus an sásra a thabhairt chun críche go cinntitheach. Cuireadh an méid sin in iúl freisin do Pharlaimint na hEorpa. I litir dar dáta an 26 Iúil, thug an Chomhairle dá haire go raibh rún ag an gCoimisiún an sásra comhair agus fíorúcháin a thabhairt chun críche go foirmiúil don Bhulgáir agus don Rómáin.

(14)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh a aisghairm.

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Aisghairtear Cinneadh (2006/928/CE).

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 15 Meán Fómhair 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  Tuarascáil Faireacháin maidir le Staid Ullmhachta do Bhallraíocht na Bulgáire agus na Rómáine san Aontas, 26 Meán Fómhair 2006, COM(2006) 549.

(2)  Cinneadh ón gCoimisiún 2006/928/CE an 13 Nollaig 2006 lena mbunaítear sásra comhair agus fíorúcháin ar dhul chun cinn sa Rómáin chun aghaidh a thabhairt ar thagarmharcanna sonracha i réimsí an athchóirithe bhreithiúnaigh agus an chomhraic i gcoinne an éillithe (IO L 354, 14.12.2006, lch. 56).

(3)  Tuarascáil ón gCoimisiún maidir le dul chun cinn sa Rómáin faoin sásra comhair agus fíorúcháin, COM(2017) 44 final.

(4)  COM(2017) 751; COM(2018) 851; COM(2019) 499; COM(2021) 370.

(5)  COM(2018) 851.

(6)  COM(2021) 370.

(7)  COM(2022) 664.

(8)  Cinneadh cur chun feidhme ón gComhairle maidir le formheas an mheasúnaithe ar phlean téarnaimh agus athléimneachta na Rómáine, an 26 Deireadh Fómhair 2021, ST 12319 2021 INIT. Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar chomhlíonadh na cloch mhíle i bplean téarnaimh agus athléimneachta na Rómáine nuair a thíolacfaidh an Rómáin an iarraidh íocaíochta ábhartha.

(9)  Tá an measúnú sin gan dochar don mheasúnú ar chomhlíonadh na gcloch mílte agus na spriocanna ábhartha i bplean téarnaimh agus athléimneachta na Rómáine.

(10)  COM(2019) 343.