|
15.9.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 228/251 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1778 ÓN gCOIMISIÚN
an 12 Meán Fómhair 2023
maidir le bearta éigeandála eatramhacha áirithe a bhaineann le fiabhras Afracach na muc sa tSualainn
(a tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2023) 6246)
(Is é an téacs Sualainnise amháin atá barántúil)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (‘Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe’) (1), agus go háirithe Airteagal 259(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Is galar víreasach tógálach é fiabhras Afracach na muc a bhíonn ar mhuc-ainmhithe atá ar coimeád agus ar mhuc-ainmhithe fiáine agus d’fhéadfadh tionchar tromchúiseach a bheith aige ar an daonra ainmhithe lena mbaineann agus ar bhrabúsacht na feirmeoireachta, rud a chuirfeadh isteach ar ghluaiseacht choinsíneachtaí na n-ainmhithe sin agus a dtáirgí laistigh den Aontas agus ar onnmhairí go tríú tíortha. |
|
(2) |
I gcás ráigeanna d’fhiabhras Afracach na muc i measc muc-ainmhithe fiáine, tá riosca tromchúiseach ann go bhféadfadh an galar sin leathadh chuig muc-ainmhithe fiáine eile agus chuig bunaíochtaí muc-ainmhithe atá ar coimeád. |
|
(3) |
Le Rialachán Tarmligthe 2020/687 ón gCoimisiún (2) forlíontar na rialacha i dtaca le rialú na ngalar liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 9(1), pointí (a), (b) agus (c) de Rialachán (AE) 2016/429, agus a shainmhínítear mar ghalair i gcatagóirí A, B agus C i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 ón gCoimisiún (3). Go háirithe, déantar foráil in Airteagail 63 go 66 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 maidir le bearta áirithe atá le glacadh i gcás dearbhú oifigiúil ar ráig ghalair i gcatagóir A i measc ainmhithe fiáine, lena n-áirítear fiabhras Afracach na muc i measc muc-ainmhithe fiáine. Leis na forálacha sin, déantar foráil, go háirithe, maidir le crios ionfhabhtaithe a bhunú, maille le toirmisc ar ghluaiseachtaí ainmhithe fiáine de speicis liostaithe agus táirgí de bhunadh ainmhíoch díobh. |
|
(4) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594 ón gCoimisiún (4) leagtar síos bearta speisialta rialaithe galar maidir le fiabhras Afracach na muc. Go háirithe, i gcás ráige den ghalar sin i measc muc-ainmhithe fiáine i limistéar de Bhallstát, déantar foráil le hAirteagal 3, pointe (b), den Rialachán Cur Chun Feidhme sin maidir le crios ionfhabhtaithe a bhunú i gcomhréir le hAirteagal 63 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687. Ina theannta sin, déantar foráil in Airteagal 6 den Rialachán Cur Chun Feidhme sin go bhfuil an limistéar sin le liostú mar chrios srianta II i gCuid II d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis agus go bhfuil an limistéar ionfhabhtaithe, a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 63 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, le coigeartú gan mhoill chun go gcuimseofar ann, ar a laghad, an crios srianta II. Maidir leis na bearta rialaithe speisialta a bhaineann le fiabhras Afracach na muc a leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594, áirítear leo, inter alia, toirmisc ar ghluaiseachtaí coinsíneachtaí de mhuc-ainmhithe a choimeádtar i gcriosanna srianta II agus a dtáirgí lasmuigh de na criosanna srianta sin. |
|
(5) |
Chuir an tSualainn an Coimisiún ar an eolas gur deimhníodh go raibh ráig amháin d’fhiabhras Afracach na muc ann i muc-ainmhithe fiáine i mbardasacht Fagersta an 6 Meán Fómhair 2023. Dá réir sin, bhunaigh údarás inniúil an Bhallstáit sin crios ionfhabhtaithe i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594. |
|
(6) |
Chun aon suaitheadh nach bhfuil gá leis ar thrádáil laistigh den Aontas a chosc agus chun bacainní ar thrádáil ag tríú tíortha nach bhfuil údar leo a sheachaint, is gá an crios ionfhabhtaithe i dtaca le fiabhras Afracach na muc sa tSualainn a shainaithint ar leibhéal an Aontais i gcomhar leis an mBallstát sin. |
|
(7) |
Chun leathadh fhiabhras Afracach na muc a chosc, go dtí go liostófar an limistéar sa tSualainn atá buailte ag na ráigeanna seo a tharla le déanaí i muc-ainmhithe fiáine mar chrios srianta II i gCuid II d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594, maidir leis na bearta rialaithe speisialta a bhaineann le fiabhras Afracach na muc a leagtar síos ann, a bhfuil feidhm acu maidir le gluaiseachtaí coinsíneachtaí de mhuc-ainmhithe a choimeádtar i gcriosanna srianta II agus a dtáirgí lasmuigh de na criosanna sin, ba cheart feidhm a bheith ag na bearta sin freisin maidir le gluaiseachtaí na gcoinsíneachtaí sin ón gcrios ionfhabhtaithe arna bhunú ag an tSualainn de dhroim na ráige sin a tharla le déanaí, chomh maith leis na bearta sin a leagtar síos in Airteagail 63 go 66 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687. |
|
(8) |
Dá réir sin, ba cheart an crios ionfhabhtaithe sin a liostú san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo agus ba cheart é a bheith faoi réir na mbeart rialaithe speisialta a bhaineann le fiabhras Afracach na muc a bhfuil feidhm acu maidir le criosanna srianta II a leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594. Mar gheall ar an staid eipidéimeolaíoch nua seo a bhaineann le fiabhras Afracach na muc san Iodáil, áfach, agus an riosca láithreach méadaithe maidir le leathadh an ghalair á chur san áireamh, níor cheart gluaiseachtaí coinsíneachtaí de mhuc-ainmhithe ar coimeád agus a dtáirgí chuig Ballstáit eile agus chuig tríú tíortha a údarú ón gcrios ionfhabhtaithe i gcomhréir leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin. Ba cheart fad an chriosúcháin sin a leagan síos sa Chinneadh seo freisin. |
|
(9) |
Dá bhrí sin, chun na rioscaí a eascróidh as an ráig d’fhiabhras Afracach na muc a tharla le déanaí i measc muc-ainmhithe fiáine sa tSualainn a mhaolú, ba cheart foráil a dhéanamh sa Chinneadh seo nár cheart don tSualainn gluaiseachtaí coinsíneachtaí de mhuc-ainmhithe a choimeádtar sa chrios ionfhabhtaithe agus de tháirgí ó na hainmhithe sin chuig Ballstáit eile agus chuig tríú tíortha a údarú go dtí dáta dhul in éag an Chinnidh seo. |
|
(10) |
I bhfianaise phráinn na staide eipidéimeolaíche san Aontas a mhéid a bhaineann le leathadh fhiabhras Afracach na muc, tá sé tábhachtach go mbeadh feidhm ag na bearta a leagtar síos sa Chinneadh Cur Chun Feidhme seo a luaithe is féidir. |
|
(11) |
Dá réir sin, go dtí go bhfaighfear tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, ba cheart an crios ionfhabhtaithe sa tSualainn a bhunú láithreach agus a liostú san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo, agus ba cheart ré an chriosúcháin sin a shocrú. |
|
(12) |
Tá an Cinneadh seo le hathbhreithniú ag an gcéad chruinniú eile den Bhuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Áiritheoidh an tSualainn go mbunóidh an tSualainn láithreach crios ionfhabhtaithe i dtaca le fiabhras Afracach na muc i gcomhréir le hAirteagal 63 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 agus Airteagal 3, pointe (b) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594, agus go gcuimseofar ann, ar a laghad, na limistéir a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Maidir leis na bearta rialaithe speisialta a bhaineann le fiabhras Afracach na muc is infheidhme maidir le criosanna srianta II a leagtar amach i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594, áiritheoidh an tSualainn go mbeidh feidhm acu sna limistéir a liostaítear mar chrios ionfhabhtaithe san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo, chomh maith leis na bearta sin a leagtar síos in Airteagail 63 go 66 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687.
Airteagal 3
Maidir le coinsíneachtaí de mhuc-ainmhithe a choimeádtar sna limistéir a liostaítear mar chrios ionfhabhtaithe san Iarscríbhinn agus de tháirgí ó na hainmhithe sin, áiritheoidh an tSualainn nach n-údarófar iad le haghaidh gluaiseachtaí chuig Ballstáit eile agus chuig tríú tíortha.
Airteagal 4
Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí an 6 Nollaig 2023.
Airteagal 5
Is chuig Ríocht na Sualainne a dhírítear an Cinneadh seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 12 Meán Fómhair 2023.
Thar ceann an Choimisiúin
Stella KYRIAKIDES
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 84, 31.3.2016, lch. 1.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le rialacha i dtaca le galair liostaithe áirithe a chosc agus a rialú (IO L 174, 3.6.2020, lch. 64).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 ón gCoimisiún an 3 Nollaig 2018 maidir le rialacha áirithe coisctheacha agus rialaithe galar a chur i bhfeidhm ar chatagóirí galar liostaithe agus lena mbunaítear liosta speiceas agus grúpaí speiceas a bhfuil riosca suntasach ag baint leo maidir le leathadh na ngalar liostaithe sin (IO L 308, 4.12.2018, lch. 21).
(4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594 ón gCoimisiún an 16 Márta 2023 lena leagtar síos bearta speisialta rialaithe galar maidir le fiabhras Afracach na muc agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605 (IO L 79, 17.3.2023, lch. 65).
IARSCRÍBHINN
|
Limistéir a bunaíodh mar an crios ionfhabhtaithe sa tSualainn dá dtagraítear in Airteagal 1 |
An dáta a bheidh sé infheidhme go dtí |
||||||||||||||||
|
Contae Västmanland:
Contae Dalarna:
|
6.12.2023 |