12.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 224/100


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1759 ÓN gCOIMISIÚN

an 11 Meán Fómhair 2023

maidir leis na caighdeáin chomhchuibhithe do mhiasniteoirí tí arna ndréachtú chun tacú le Rialachán (AE) 2019/2022 agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2017

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le caighdeánú Eorpach, lena leasaítear Treoracha 89/686/CEE agus 93/15/CEE ón gComhairle agus Treoracha 94/9/CE, 94/25/CE, 95/16/CE, 97/23/CE, 98/34/CE, 2004/22/CE, 2007/23/CE, 2009/23/CE agus 2009/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh 87/95/CEE ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 10(6) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le hAirteagal 9(2) de Threoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), maidir le táirge ar cuireadh caighdeáin chomhchuibhithe i bhfeidhm ina leith agus ar foilsíodh a uimhreacha tagartha in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, ní mór do na Ballstáit a mheas go gcomhlíonann an táirge sin ceanglais ábhartha uile an bhirt cur chun feidhme is infheidhme lena mbaineann na caighdeáin sin. Leagtar síos in Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2019/2022 ón gCoimisiún (3) agus in Iarscríbhinn III a ghabhann leis na ceanglais ábhartha tomhais agus ríofa le haghaidh miasniteoirí tí. Leasaíodh Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/2022 le Rialachán (AE) 2021/341 ón gCoimisiún (4).

(2)

I gcomhréir le hAirteagal 13 de Rialachán (AE) 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), tar éis gníomh tarmligthe a ghlacadh de bhun Airteagal 16 den Rialachán sin ina socraítear ceanglais shonracha maidir le lipéadú, foilseoidh an Coimisiún tagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe lena gcomhlíontar na ceanglais ábhartha tomhais agus ríofa den ghníomh tarmligthe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. I gcás ina gcuirfear na caighdeáin chomhchuibhithe sin i bhfeidhm le linn measúnú comhréireachta táirge, measfar go bhfuil na ceanglais ábhartha tomhais agus ríofa den ghníomh tarmligthe á gcomhlíonadh ag an múnla. Leagtar síos in Airteagal 3 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2017 ón gCoimisiún (6) agus in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis na ceanglais tomhais agus ríofa le haghaidh miasniteoirí tí. Leasaíodh Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2017 le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/340 ón gCoimisiún (7).

(3)

Le Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2020)4329 (8), chuir an Coimisiún iarraidh isteach chuig an gCoiste Eorpach um Chaighdeánú (CEN), chuig Coiste Eorpach na gCaighdeán Leictriteicniúil (CENELEC) agus chuig Institiúid Eorpach na gCaighdeán Teileachumarsáide (ETSI) chun na caighdeáin chomhchuibhithe a bhí ann cheana do mhiasniteoirí tí, do mheaisíní níocháin tí agus do mheaisíní triomadóir-niteoir tí a athbhreithniú chun tacú le Rialacháin (AE) 2019/2022, Rialachán (AE) 2019/2023 ón gCoimisiún (9), Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2017 agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2014 ón gCoimisiún (10).

(4)

Ar bhonn na hiarrata a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme C(2020) 4329, rinne CENELEC athbhreithniú ar chaighdeán comhchuibhithe EN 60436:2020 arna leasú le EN 60436:2020/A11:2020, agus arna cheartú le EN 60436:2020/AC:2020-06 chun an dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch a chur san áireamh, athruithe eagarthóireachta a thabhairt isteach, agus slánú na n-uimhreacha tuairiscithe a ailíniú i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/341 agus le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/340. Is é an toradh a bhí air sin gur glacadh leasú EN 60436:2020/A12:2022 ar an gcaighdeán comhchuibhithe sin.

(5)

Rinne an Coimisiún, in éineacht le CENELEC, measúnú ar cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann leasú EN 60436/2020/A11:2022 a ghabhann le EN 60436:2020 arna leasú le EN 60436:2020/A11:2020 agus arna cheartú le EN 60436:2020/AC:2020-06, an iarraidh a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme C(2020) 4329.

(6)

Caighdeán comhchuibhithe EN 60436:2020, arna leasú le EN 60436:2020/A11:2020 agus EN 60436:2020/A11:2022 agus arna cheartú le EN 60436:2020/AC:2020-06, comhlíonann sé na ceanglais is aidhm leis a chumhdach, ar ceanglais iad a leagtar amach i Rialachán (AE) 2019/2022 agus i Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2017.

(7)

Is iomchuí, dá bhrí sin, an tagairt don chaighdeán comhchuibhithe EN 60436:2020, arna leasú le EN 60436:2020/A11:2020 agus EN 60436:2020/A12:2022 agus arna cheartú le EN 60436:2020/AC:2020-06, a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(8)

Cuirtear caighdeán comhchuibhithe EN 60436:2020, arna leasú le EN 60436:2020/A11:2020 agus EN 60436:2020/A12:2022 agus arna cheartú le EN 60436:2020/AC:2020-06 in ionad chaighdeán comhchuibhithe EN 60436:2020, arna leasú le EN 60436:2020/A11:2020 agus arna cheartú le EN 60436:2020/AC:2020-6. Dá bhrí sin is iomchuí an tagairt don chaighdeán sin a tharraingt siar d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(9)

Tá na tagairtí do chaighdeáin chomhchuibhithe arna ndréachtú chun tacú le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2017 agus Rialachán (AE) 2019/2022 foilsithe faoi láthair le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/913 ón gCoimisiún (11) le srianta. I bhfianaise leasú EN 60436:2020/A12:2022, níl gá leis na srianta sin a thuilleadh.

(10)

Ós rud é go bhfuil líon substaintiúil leasuithe le déanamh ar Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/913, ba cheart é a ionadú ar mhaithe leis an tsoiléireacht.

(11)

Is éard a thugtar le fios le caighdeán comhchuibhithe a chomhlíonadh go nglactar leis go bhfuil comhréir ann leis na ceanglais chomhfhreagracha a leagtar amach i reachtaíocht comhchuibhithe an Aontais ón dáta a fhoilsítear an tagairt don chaighdeán sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Dá bhrí sin, ba cheart don Chinneadh seo teacht i bhfeidhm lá a fhoilsithe,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Déantar leis seo an tagairt don chaighdeán comhchuibhithe i ndáil le lipéadú fuinnimh miasniteoirí tí, arna dhréachtú chun tacú le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2017 agus a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gCinneadh seo, a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Déantar leis seo an tagairt don chaighdeán comhchuibhithe i ndáil le héicidhearthóireacht miasniteoirí tí, arna dhréachtú chun tacú le Rialachán (AE) 2019/2022 agus a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gCinneadh seo, a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 2

Aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/913.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 11 Meán Fómhair 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 316, 14.11.2012, lch. 12.

(2)  Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear creat chun na ceanglais éicidhearthóireachta do tháirgí a bhaineann le fuinneamh a shocrú (IO L 285, 31.10.2009, lch. 10).

(3)  Rialachán (AE) 2019/2022 ón gCoimisiún an 1 Deireadh Fómhair 2019 lena leagtar síos ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh miasniteoirí tí de bhun Threoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1275/2008 ón gCoimisiún agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1016/2010 ón gCoimisiún (IO L 315, 5.12.2019, lch. 267).

(4)  Rialachán (AE) 2021/341 ón gCoimisiún an 23 Feabhra 2021 lena leasaítear Rialacháin (AE) 2019/424, (AE) 2019/1781, (AE) 2019/2019, (AE) 2019/2020, (AE) 2019/2021, (AE) 2019/2022, (AE) 2019/2023 agus (AE) 2019/2024 a mhéid a bhaineann le ceanglais éicidhearthóireachta maidir le freastalaithe agus táirgí stórála sonraí, mótair leictreacha agus tiomántáin luais inathraithe, fearais chuisniúcháin, foinsí solais agus gléasanna rialaithe ar leithligh, taispeántais leictreonacha, miasniteoirí tí, meaisíní níocháin tí agus meaisíní triomadóir-niteoir tí agus fearais chuisniúcháin a bhfuil feidhm díolacháin dhírigh acu (IO L 68, 26.2.2021, lch. 108).

(5)  Rialachán (AE) 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2017 lena leagtar amach creat i gcomhair lipéadú fuinnimh agus lena n-aisghairtear Treoir 2010/30/AE (IO L 198, 28.7.2017, lch. 1).

(6)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2017 ón gCoimisiún an 11 Márta 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le lipéadú fuinnimh le haghaidh miasniteoirí tí agus lena n-aisghairtear Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1059/2010 ón gCoimisiún (IO L 315, 5.12.2019, lch. 134).

(7)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/340 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2020 lena leasaítear Rialacháin Tharmligthe (AE) 2019/2013, (AE) 2019/2014, (AE) 2019/2015, (AE) 2019/2016, (AE) 2019/2017 agus (AE) 2019/2018 a mhéid a bhaineann le ceanglais maidir le lipéadú fuinnimh le haghaidh taispeántais leictreonacha, meaisíní níocháin tí agus meaisíní niteoir-triomadóir tí, foinsí solais, fearais chuisniúcháin, miasniteoirí tí, agus fearais chuisniúcháin a bhfuil feidhm díolacháin dhírigh acu (IO L 68, 26.2.2021, lch. 62).

(8)  Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2020)4329 ón gCoimisiún an 1 Iúil 2020 maidir le hiarraidh ar chaighdeánú a cuireadh chuig an gCoiste Eorpach um Chaighdeánú, chuig Coiste Eorpach na gCaighdeán Leictriteicniúil agus chuig Institiúid Eorpach na gCaighdeán Teileachumarsáide a mhéid a bhaineann le ceanglais éicidhearthóireachta agus lipéadaithe fuinnimh do mhiasniteoirí tí, do mheaisíní níocháin tí agus do mheaisíní triomadóir-niteoir tí chun tacú le Rialacháin (AE) 2019/2022 agus (AE) 2019/2023 ón gCoimisiún agus le Rialacháin Tharmligthe (AE) 2019/2017 agus (AE) 2019/2014 ón gCoimisiún.

(9)  Rialachán (AE) 2019/2023 ón gCoimisiún an 1 Deireadh Fómhair 2019 lena leagtar síos ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh meaisíní níocháin tí agus meaisíní triomadóir-niteoir tí de bhun Threoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1275/2008 ón gCoimisiún agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1015/2010 ón gCoimisiún (IO L 315, 5.12.2019, lch. 285).

(10)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2014 ón gCoimisiún an 11 Márta 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le lipéadú fuinnimh le haghaidh meaisíní níocháin tí agus meaisíní triomadóir-niteoir tí agus lena n-aisghairtear Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1061/2010 ón gCoimisiún agus Treoir 96/60/CE ón gCoimisiún (IO L 315, 5.12.2019, lch. 29).

(11)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/913 ón gCoimisiún an 3 Meitheamh 2021 maidir leis na caighdeáin chomhchuibhithe do mhiasniteoirí tí arna ndréachtú chun tacú le Rialachán (AE) 2019/2022 agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2017 (IO L 199, 7.6.2021, lch. 13).


IARSCRÍBHINN I

Tagairt don chaighdeán comhchuibhithe arna dhréachtú chun tacú le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2017

EN 60436:2020

Miasniteoirí leictreacha atá le húsáid sa teach – Modhanna chun feidhmíocht a thomhas

EN 60436:2020/A11:2020

EN 60436:2020/AC:2020-06

EN 60436:2020/A12:2022


IARSCRÍBHINN II

Tagairt don chaighdeán comhchuibhithe arna dhréachtú chun tacú le Rialachán (AE) 2019/2022

EN 60436:2020

Miasniteoirí leictreacha atá le húsáid sa teach – Modhanna chun feidhmíocht a thomhas

EN 60436:2020/A11:2020

EN 60436:2020/AC:2020-06

EN 60436:2020/A12:2022