27.7.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 188/45


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1552 ÓN gCOMHAIRLE

an 25 Iúil 2023

lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/784 a mhéid a bhaineann le tréimhse údaraithe, agus le raon feidhme, an bhirt speisialta arna dhéanamh ag an Iodáil de mhaolú ar Airteagail 206 agus 226 de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (1), agus go háirithe d’Airteagal 395(1) di,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1401 ón gComhairle (2), údaraíodh an Iodáil, go dtí an 31 Nollaig 2017, a cheangal go mbeadh cáin bhreisluacha (CBL) atá dlite ar sholáthairtí d’údaráis phoiblí le híoc ag na húdaráis sin isteach i gcuntas bainc leithleach, blocáilte de chuid na n-údarás cánach (‘an beart speisialta’). Is éard a bhí sa bheart speisialta ná maolú ar Airteagail 206 agus 226 de Threoir 2006/112/CE i ndáil le rialacha um íoc agus sonrascadh CBL.

(2)

Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/784 ón gComhairle (3), údaraíodh an Iodáil an beart speisialta a chur i bhfeidhm go dtí an 30 Meitheamh 2020, agus leathnaíodh raon feidhme an bhirt speisialta chun go gcuirfí san áireamh soláthairtí do chuideachtaí áirithe atá á rialú ag údaráis phoiblí agus do chuideachtaí atá liostaithe ar an stocmhalartán agus a áirítear in innéacs Milano Indice di Borsa, stocmhalartán de chuid Financial Times Stock Exchange (‘FTSE MIB’). Cuireadh síneadh leis an mbeart speisialta ina dhiaidh sin go dtí an 30 Meitheamh 2023 le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1105 ón gComhairle (4).

(3)

Le litir a cláraíodh leis an gCoimisiún an 26 Meán Fómhair 2022, d’iarr an Iodáil údarú chun leanúint le cur i bhfeidhm an bhirt speisialta go dtí an 31 Nollaig 2026. Le litir a cláraíodh leis an gCoimisiún an 8 Bealtaine 2023, d’iarr an Iodáil go ndéanfaí, ón 1 Iúil 2025 ar aghaidh, raon feidhme an bhirt speisialta a shrianadh do sholáthairtí earraí agus seirbhísí d’údaráis phoiblí agus do chuideachtaí áirithe arna rialú ag údaráis phoiblí.

(4)

I gcomhréir le hAirteagal 395(2), an dara fomhír, de Threoir 2006/112/CE, tharchuir an Coimisiún an iarraidh a rinne an Iodáil chuig na Ballstáit eile le litir dar dáta an 11 Bealtaine 2023. Le litir dar dáta an 12 Bealtaine 2023, thug an Coimisiún fógra don Iodáil go raibh an fhaisnéis uile ba ghá aige chun breithmheas a dhéanamh ar an iarraidh.

(5)

Tá an beart speisialta mar chuid de phacáiste beart a thug an Iodáil isteach chun calaois chánach agus imghabháil cánach a chomhrac. An pacáiste beart sin, lena n-áirítear ríomhshonrascadh sainordaitheach a údaraítear le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/593 ón gComhairle (5), tá sé curtha in ionad bearta rialaithe eile agus cuireann sé ar a gcumas d’údaráis chánach na hIodáile na hoibríochtaí éagsúla arna ndearbhú ag na daoine inchánach a chros-seiceáil agus faireachán a dhéanamh ar a gcuid íocaíochtaí CBL.

(6)

Measann an Iodáil, i gcomhthéacs an phacáiste beart a cuireadh chun feidhme, go ngiorraíonn an ríomhshonrascadh sainordaitheach an t-am a theastaíonn ón gcóras riaracháin cánach chun teacht ar an eolas faoi chás féideartha calaoise nó imghabhála cánach a bheith ann. Mar sin féin, measann an Iodáil freisin, in éagmais an tsásra íocaíochta scoilte a tugadh isteach leis an mbeart speisialta, go bhféadfadh sé a bheith dodhéanta méideanna CBL atá dlite ó dhaoine inchánach atá i mbun na calaoise cánach nó na himghabhála cánach a aisghabháil tar éis don chros-seiceáil a bheith déanta toisc, idir an dá linn, go bhféadfadh na daoine inchánacha sin a bheith dócmhainneach. Dá bhrí sin, is léir go bhfuil an sásra íocaíochta deighilte, mar bheart ex ante, an-éifeachtach agus go bhfuil sé comhlántach leis an ríomhshonrascadh sainordaitheach, mar bheart ex post.

(7)

Thug an Iodáil gealltanas arís agus arís eile nach n-iarrfadh sí an beart speisialtaa athnuachan, tar éis an pacáiste beart a chur chun feidhme ina iomláine. Mar sin féin, measann an Iodáil, i bhfianaise éifeachtacht an bhirt speisialta agus na sineirgí atá aige le bearta eile a chuirtear i bhfeidhm, go háirithe an ríomhshonrascadh sainordaitheach, gur cheart síneadh a chur leis an mbeart speisialta chun nach dtitfí ar gcúl sna hiarrachtaí a rinneadh chun an difríocht fhoriomlán idir an t-ioncam measta ó CBL agus an méid a bailíodh go hiarbhír san Iodáil a laghdú. Mar sin féin, chun a gealltanas an beart speisialta a chéimniú amach de réir a chéile a chomhlíonadh, rinne an Iodáil modhnú ar a hiarraidh soláthairtí earraí agus seirbhísí do chuideachtaí atá liostaithe ar an stocmhalartán agus atá ar áireamh in innéacs FTSE MIB a eisiamh ó raon feidhme an bhirt speisialta ón 1 Iúil 2025 ar aghaidh. Leis an tréimhse ama sin, daoine inchánach a ndéanann an srian ar raon feidhme an bheirt speisialta difear dóibh, beidh siad in ann na coigeartuithe oibríochtúla iomchuí a dhéanamh. Anuas air sin, cuirfí ar a gcumas d’údaráis chánach na hIodáile faireachán a dhéanamh ar éifeachtacht an bhirt speisialta agus meastóireacht leormhaith a dhéanamh ar bhearta malartacha féideartha.

(8)

Tá ar cheann d’éifeachtaí an bhirt speisialta nach féidir le soláthróirí, ós daoine inchánach iad, an CBL a íocadh ar a n-ionchur a fhritháireamh in aghaidh an CBL a fuarthas ar a soláthairtí. D’fhéadfadh sé go mbeadh soláthróirí den sórt sin de shíor i suíomh creidmheasa agus d’fhéadfadh sé go mbeadh orthu a iarraidh ar na húdaráis chánach an CBL sin a íocadh ar a n-ionchur a aisíoc leo iarbhír. De réir na faisnéise a thug an Iodáil, daoine inchánach a dhéanann idirbhearta atá faoi réir an bhirt speisilata, tá siad i dteideal íocaíocht na gcreidmheasanna CBL ábhartha a fháil mar thosaíocht, laistigh de theorainn an chreidmheasa a eascraíonn as na hidirbhearta sin. Tugtar le tuiscint leis an gcleachtas sin go bpróiseáiltear mar ábhar tosaíochta na hiarrataí ar aisíocaíocht a bhaineann leis an mbeart speisialta, agus go ndéantar amhlaidh ní hamháin le linn an réamh-imscrúdaithe ach freisin le linn íoc na méideanna atá dlite ó aisíocaíochtaí neamhthosaíochta.

(9)

Ba cheart teorainn ama a chur leis an síneadh breise a iarradh ar an údarú chun an beart speisialta a chur i bhfeidhm ionas gur féidir measúnú a dhéanamh an bhfuil an beart speisialta iomchuí agus éifeachtach. Ba cheart, dá bhrí sin, síneadh a chur leis an údarú chun an beart speisialta a chur i bhfeidhm go dtí an 30 Meitheamh 2026. Thabharfadh sé sin go leor ama chun measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht na mbeart arna gcur chun feidhme ag an Iodáil arbh aidhm dóibh laghdú a dhéanamh ar an imghabháil cánach sna hearnálacha lena mbaineann.

(10)

Chun a ráthú go ndéanfar an obair leantach is gá faoi chuimsiú an bhirt speisialta agus go háirithe chun measúnú a dhéanamh ar an tionchar ar aisíocaíochtaí CBL le daoine inchánach a chumhdaítear leis an mbeart speisialta, ba cheart a chur de cheangal ar an Iodáil tuarascáil a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoi mhí Mheán Fómhair 2024. Ba cheart leis an tuarascáil sin aghaidh a thabhairt ar an staid fhoriomlán ó thaobh aisíocaíochtaí CBL le daoine inchánach, agus go háirithe maidir leis an meántréimhse is gá chun na haisíocaíochtaí sin a phróiseáil, agus maidir le héifeachtacht an bhirt speisialta agus aon bheart eile arna gcur chun feidhme ag an Iodáil arbh aidhm dóibh laghdú a dhéanamh ar an imghabháil cánach sna hearnálacha lena mbaineann. Ba cheart liosta de na bearta éagsúla sin, mar aon lena ndáta teacht i bhfeidhm, a bheith sa tuarascáil sin freisin.

(11)

Tá an beart speisialta comhréireach leis na cuspóirí atá á saothrú ós rud é go bhfuil teorainn ama leis agus go bhfuil sé teorannaithe d’earnálacha a bhfuil rioscaí suntasacha ag baint leo maidir le himghabháil cánach. Ina theannta sin, ní chruthaítear leis an mbeart speisialta an riosca go n-aistreofaí an imghabháil cánach go dtí earnálacha eile nó go dtí Ballstáit eile.

(12)

Ní bheidh tionchar diúltach ag an mbeart speisialta ar mhéid foriomlán an ioncaim cánach a bhailítear ag céim an tomhaltais chríochnaithigh agus ní bheidh aon drochthionchar aige ar acmhainní dílse an Aontais a fhabhraíonn ó CBL.

(13)

D’fhonn a áirithiú go mbainfear amach na cuspóirí arna saothrú leis an mbeart speisialta, lena n-áirítear go gcuirfear an beart speisialta i bhfeidhm gan bhriseadh, agus lena soláthraítear deimhneacht dhlíthiúil maidir leis an tréimhse chánach, is iomchuí údarú a dheonú chun síneadh a chur leis an mbeart speisialta le héifeacht ón 1 Iúil 2023. Ós rud é gur iarr an Iodáil údarú an 26 Meán Fómhair 2022 chun leanúint den bheart speisialta a chur i bhfeidhm agus go bhfuil an córas dlí a bunaíodh faoina dlí náisiúnta á chur i bhfeidhm ar bhonn Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/784 ón 1 Iúil 2023, urramaítear ionchais dhlisteanacha na ndaoine lena mbaineann mar is cuí.

(14)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/784 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/784 ón gComhairle mar a leanas:

(1)

in Airteagal 1, scriostar an tríú fleasc;

(2)

in Airteagal 3, an dara mhír, cuirtear an dáta ‘30 Meán Fómhair 2024’ in ionad an dáta ’30 Meán Fómhair 2021’;

(3)

in Airteagal 5, cuirtear an dáta ‘30 Meitheamh 2026’ in ionad an dáta ‘30 Meitheamh 2023’.

Airteagal 2

Gabhfaidh éifeacht leis an gCinneadh seo an dáta a thabharfar fógra faoi.

Beidh feidhm ag Airteagal 1, pointe (1), ón 1 Iúil 2025, áfach.

Airteagal 3

Is chuig Poblacht na hIodáile a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 25 Iúil 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

L. PLANAS PUCHADES


(1)  IO L 347, 11.12.2006, lch. 1.

(2)  IO L 217, 18.8.2015, lch. 7.

(3)  IO L 118, 6.5.2017, lch. 17.

(4)  IO L 242, 28.7.2020, lch. 4.

(5)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/593 ón gComhairle an 16 Aibreán 2018 lena n-údaraítear do Phoblacht na hIodáile beart speisialta a thabhairt isteach de mhaolú ar Airteagail 218 agus 232 de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO L 99, 19.4.2018, lch. 14).