27.7.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 188/38


CINNEADH (AE) 2023/1549 ÓN gCOMHAIRLE

an 10 Iúil 2023

maidir le Leas-Stiúrthóir Feidhmiúcháin de chuid Europol a cheapadh

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus lena n-aisghairtear Cinntí 2009/371/CGB, 2009/934/CGB, 2009/935/CGB, 2009/936/CGB agus 2009/968/CGB ón gComhairle (1) agus a ghabhann ionad na gCinntí sin, agus go háirithe Airteagail 54 agus 55 de,

Ag gníomhú di mar an t-údarás a bhfuil an chumhacht aige Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus Leas-Stiúrthóirí Feidhmiúcháin Europol a cheapadh,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tagann deireadh le téarma oifige duine de Leas-Stiúrthóirí Feidhmiúcháin reatha Europol an 31 Iúil 2023. Is gá, dá bhrí sin, Leas-Stiúrthóir Feidhmiúcháin nua de chuid Europol a cheapadh.

(2)

Bunaítear le cinneadh Bhord Bainistíochta Europol an 1 Bealtaine 2017 na rialacha maidir le Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus Leas-Stiúrthóirí Feidhmiúcháin Europol a roghnú, a dtéarma oifige a fhadú agus iad a chur as oifig.

(3)

Meastar ceann de na poist mar Leas-Stiúrthóir Feidhmiúcháin de chuid Europol a bheith folamh de bhun Airteagal 3(1), pointe (b), den chinneadh ó Bhord Bainistíochta Europol an 1 Bealtaine 2017 ón 1 Samhain 2022. Foilsíodh fógra folúntais don phost mar Leas-Stiúrthóir Feidhmiúcháin de chuid Europol in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh an 31 Deireadh Fómhair 2022 (2).

(4)

I gcomhréir le hAirteagal 54(2) de Rialachán (AE) 2016/794, rinne coiste roghnúcháin, arna bhunú ag an mBord Bainistíochta (‘an Coiste Roghnúcháin’), gearrliosta iarrthóirí a tharraingt suas. D’ullmhaigh an Coiste Roghnúcháin tuarascáil chuí-réasúnaithe agus thíolaic sí í chuig an mBord Bainistíochta an 13 Márta 2023.

(5)

Ar bhonn na tuarascála ón gCoiste Roghnúcháin agus i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/794 agus leis an gcinneadh ón mBord Bainistíochta an 1 Bealtaine 2017, d’eisigh an Bord Bainistíochta tuairim réasúnaithe an 22 Márta 2023 maidir le Leas-Stiúrthóir Feidhmiúcháin nua de chuid Europol a cheapadh, inar mhol sé don Chomhairle gearrliosta de thriúr iarrthóirí atá oiriúnach don phost.

(6)

An 24 Aibreáin 2023, roghnaigh an Chomhairle Ștefan-Andrei LINȚĂ mar an Leas-Stiúrthóir Feidhmiúcháin nua de chuid Europol, agus chuir sí an Coiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile de Pharlaimint na hEorpa (‘Coiste LIBE’), arb é an coiste inniúil chun críocha Airteagal 54(2), an ceathrú fomhír, de Rialachán (AE) 2016/794, ar an eolas faoin roghnú sin.

(7)

An 23 Bealtaine 2023, tháinig Ștefan-Andrei LINȚĂ os comhair Choiste LIBE. An 1 Meitheamh 2023, thug Coiste LIBE a thuairim uaidh i gcomhréir le hAirteagal 54(2), an ceathrú fomhír, de Rialachán (AE) 2016/794,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ceaptar, leis seo, Ștefan-Andrei LINȚĂ mar Leas-Stiúrthóir Feidhmiúcháin de chuid Europol don tréimhse ón 1 Lúnasa 2023 go dtí an 31 Iúil 2027 ag grád AD 14.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 10 Iúil 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

P. NAVARRO RÍOS


(1)   IO L 135, 24.5.2016, lch. 53.

(2)   IO C 417 A, 31.10.2022, lch. 1.