26.7.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 187/74


CINNEADH (AE) 2023/1539 ÓN gCOMHAIRLE

an 20 Iúil 2023

lena gceaptar Ionchúisitheoirí Eorpacha Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (‘OIPE’) (1), agus go háirithe Airteagal 16 de,

Ag féachaint do Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1696 ón gComhairle an 13 Iúil 2018 maidir le rialacha oibriúcháin an phainéil roghnúcháin dá bhforáiltear in Airteagal 14(3) de Rialachán (AE) 2017/1939 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (‘OIPE’) (2),

Ag féachaint do Chinneadh (AE) 2023/133 ón gComhairle an 17 Eanáir 2023 lena gceaptar comhaltaí an phainéil roghnúcháin dá bhforáiltear in Airteagal 14(3) de Rialachán (AE) 2017/1939 (3),

Ag féachaint do na tuairimí réasúnaithe agus do rangú na n-iarrthóirí arna tharraingt suas ag an bpainéal roghnúcháin,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) 2017/1939 bunaíodh OIPE.

(2)

Tá na hIonchúisitheoirí Eorpacha le himscrúduithe agus ionchúisimh a mhaoirsiú i gcomhréir le hAirteagal 12 de Rialachán (AE) 2017/1939.

(3)

Sainorduithe ochtar Ionchúisitheoirí Eorpacha arna gceapadh ar feadh tréimhse neamh-inathnuaite 3 bliana le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1117 ón gComhairle (4), rachaidh siad in éag an 28 Iúil 2023. Chun a áirithiú go leanfaidh Coláiste OIPE, ina bhfuil an Príomh-Ionchúisitheoir Eorpach agus Ionchúisitheoir Eorpach amháin ó gach Ballstát rannpháirteach ag feidhmiú, is gá don Chomhairle ochtar Ionchúisitheoirí Eorpacha a cheapadh sna poist sin a bheidh folamh ón 29 Iúil 2023.

(4)

Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1696, leagtar síos rialacha oibriúcháin an phainéil roghnúcháin dá bhforáiltear in Airteagal 14(3) de Rialachán (AE) 2017/1939 (‘rialacha oibriúcháin an phainéil roghnúcháin’).

(5)

De bhun Airteagal 16(1) de Rialachán (AE) 2017/1939, tá gach Ballstát rannpháirteach le triúr iarrthóirí ar phost an Ionchúisitheora Eorpaigh a ainmniú as measc iarrthóirí atá ina gcomhaltaí gníomhacha de sheirbhís ionchúisithe nó de bhreithiúnacht an Bhallstáit ábhartha, nach bhfuil a neamhspleáchas inchurtha in amhras agus ag a bhfuil na cáilíochtaí is gá lena gceapadh d’ardoifig ionchúisimh nó bhreithiúnach ina mBallstáit faoi seach, agus ag a bhfuil an taithí phraiticiúil ar chórais dlí náisiúnta, ar imscrúduithe airgeadais agus ar chomhar breithiúnach idirnáisiúnta in ábhair choiriúla.

(6)

Tá na hiarrthóirí ar na poist sin a bheidh folamh ón 29 Iúil 2023 ainmnithe ag an Spáinn agus ag an bPortaingéil.

(7)

Dhréachtaigh an painéal roghnúcháin na tuairimí réasúnaithe agus an rangú do gach ceann de na hiarrthóirí ainmnithe a chomhlíon na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 16(1) de Rialachán (AE) 2017/1939, agus chuir sé faoi bhráid na Comhairle iad an 30 Meitheamh 2023.

(8)

De bhun an cheathrú mír de Riail VII.2 de rialacha oibriúcháin an phainéil roghnúcháin, rinne an painéal roghnúcháin na hiarrthóirí a rangú de réir a gcáilíochtaí agus a dtaithí. Cuirtear ord rogha an phainéil roghnúcháin in iúl leis an rangú sin agus níl sé ina cheangal ar an gComhairle.

(9)

I gcomhréir le hAirteagal 16(2) de Rialachán (AE) 2017/1939, tar éis di na tuairimí réasúnaithe ón bpainéal roghnúcháin a fháil, tá an Chomhairle chun duine de na hiarrthóirí a roghnú agus a cheapadh mar Ionchúisitheoir Eorpach an Bhallstáit rannpháirtigh lena mbaineann.

(10)

I gcomhréir le hAirteagal 16(3) de Rialachán (AE) 2017/1939, tá an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach simplí, leis na hIonchúisitheoirí Eorpacha a roghnú agus a cheapadh ar feadh téarma neamh-inathnuaite 6 bliana.

(11)

Mheasúnaigh an Chomhairle fiúntais na n-iarrthóirí faoi seach, agus na tuairimí réasúnaithe a chuir an painéal roghnúcháin isteach á gcur san áireamh.

(12)

Ar bhonn measúnú ar fhiúntais na n-iarrthóirí faoi seach, lean an Chomhairle an t-ord rogha neamhcheangailteach a léirigh an painéal roghnúcháin do na hiarrthóirí arna n-ainmniú ag an Spáinn agus ag an bPortaingéil,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, ceaptar na daoine seo a leanas ina nIonchúisitheoirí Eorpacha OIPE ar feadh tréimhse neamh-inathnuaite 6 bliana ón 29 Iúil 2023:

 

Ignacio DE LUCAS MARTÍN (5),

 

José António LOPES RANITO (6).

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Iúil 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)  IO L 283, 31.10.2017, lch. 1.

(2)  IO L 282, 12.11.2018, lch. 8.

(3)  IO L 17, 19.1.2023, lch. 90.

(4)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1117 ón gComhairle an 27 Iúil 2020 lena gceaptar Ionchúisitheoirí Eorpacha Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí (IO L 244, 29.7.2020, lch. 18).

(5)  Arna ainmniú ag an Spáinn.

(6)  Arna ainmniú ag an bPortaingéil.