|
25.7.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 186/33 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1534 ÓN gCOIMISIÚN
an 24 Iúil 2023
lena roghnaítear na heintitis arb iad an líonra tosaigh de Mhoil Nuálaíochta Digití Eorpacha iad i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/694 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/694 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 lena mbunaítear an Clár don Eoraip Dhigiteach agus lena n-aisghairtear Cinneadh (AE) 2015/2240 (1), agus go háirithe Airteagal 16(3), an chéad mhír, agus Airteagal 23(2), de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
De bhun Airteagal 16(3) de Rialachán (AE) 2021/694, roghnóidh an Coimisiún na heintitis a bheidh ina líonra tosaigh de Mhoil Nuálaíochta Digití Eorpacha. |
|
(2) |
Chun na Moil Nuálaíochta Digití Eorpacha a bheidh ina líonra tosaigh a roghnú bunaithe ar liosta na n-eintiteas is iarrthóirí arna n-ainmniú ag na Ballstáit, d’oscail an Coimisiún dhá ghlao ar thograí agus rinne sé meastóireacht ar na tograí a cuireadh isteach le tacaíocht ó bhord saineolaithe neamhspleách. Osclaíodh an chéad ghlao (DIGITAL-2021-EDIH-01-INITIAL) an 17 Samhain 2021 agus dhún sé an 22 Feabhra 2022 agus osclaíodh an dara glao (DIGITAL-2022-EDIH-03) an 29 Meán Fómhair 2022 agus dhún sé an 16 Samhain 2022. Sa dá mheastóireacht, thug an Coimisiún lánaird ar thuairim gach Ballstáit sular roghnaíodh Moil Nuálaíochta Digití Eorpacha ar chríoch an Bhallstáit sin. |
|
(3) |
Choinnigh an Coimisiún 136 thogra ón gcéad ghlao agus 15 thogra ón dara glao. |
|
(4) |
Le go mbeadh Ballstát in ann níos mó Moil Nuálaíochta Digití Eorpacha a mhaoiniú ar a chríoch, ba cheart an Séala Barr Feabhais a bhronnadh ar Mhoil Nuálaíochta Digití Eorpacha ar éirigh leo na tairseacha meastóireachta ar fad a shárú, ach nárbh fhéidir a chistiú de dheasca easpa buiséid a bheith ar fáil do na glaonna ábhartha sa chlár oibre, i gcomhréir le hAirteagal 23(2) de Rialachán (AE) 2021/694. |
|
(5) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir le tuairim an Choiste um Chomhordú an Chláir don Eoraip Dhigiteach, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Roghnaítear na Moil Nuálaíochta Digití Eorpacha arb iad a líonra tosaigh iad, mar a leagtar amach in Iarscríbhinní I agus II.
Airteagal 2
Liostaítear in Iarscríbhinn I na heintitis a choinnítear le haghaidh a gcistithe ón gClár don Eoraip Dhigiteach.
Liostaítear in Iarscríbhinn II na heintitis a mbronntar an Séala Barr Feabhais orthu.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 24 Iúil 2023.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
IARSCRÍBHINN I
Liosta de Mhoil Nuálaíochta Digití Eorpacha a choinnítear le haghaidh a gcistithe ón gClár don Eoraip Dhigiteach
|
Uimhir an chomhaontaithe deontais |
Acrainm |
Tír |
Teideal an togra |
|
101083458 |
EDIH innovATE |
An Ostair |
EDIH innovATE – An Mol Nuálaíochta Digití Eorpach um Agraibhia, Adhmad agus Fuinneamh |
|
101083942 |
Crowd in Motion |
An Ostair |
EDIH le haghaidh teicneolaíocht slua agus an IS (Intleacht Shaorga) le haghaidh anailíse sonraí faoi bhealach: Úsáid Idirlíon na nEarraí, FabLabs agus rochtain ar airgeadas don chlaochlú glas agus don chlaochlú digiteach ar thionscal na turasóireachta agus an spóirt alpach |
|
101083472 |
AI5production |
An Ostair |
Claochlú digiteach FBManna faoi thiomáint na hIS — i dtreo phróisis táirgthe Thionscal 5.0 |
|
101083940 |
Applied CPS |
An Ostair |
Cibearchórais Fheidhmeacha Fhisiceacha EDIH d’earnálacha na déantúsaíochta, na tógála agus na ngluaisteán |
|
101083685 |
WalHub |
An Bheilg |
WalHub, chun claochlú digiteach cuideachtaí déantúsaíochta a threisiú agus glacadh príomhtheicneolaíochtaí — is é sin, an IS, HPC, Cibearshlándáil agus Idirlíon na n-earraí a chur chun cinn - ina phróisis thionsclaíocha agus slabhra soláthair |
|
101083626 |
EDIH-CONNECT |
An Bheilg |
Mol Nuálaíochta Digití Eorpach le haghaidh Tógála á chumhachtú ag Leictreonaic, an Intleacht Shaorga & Teicneolaíochtaí Faisnéise agus Cumarsáide. |
|
101083575 |
DIGITALIS |
An Bheilg |
Mol Nuálaíochta Digití Eorpach maidir le Déantúsaíocht |
|
101083704 |
Flanders AI EDIH |
An Bheilg |
Mol Nuálaíochta Digití Eorpach maidir leis an Intleacht Shaorga i bhFlóndras |
|
101083663 |
sustAIn.brussels |
An Bheilg |
Giaráil a chruthú do gheilleagar inbhuanaithe a sheasfaidh an aimsir don Bhruiséil arna chumasú ag an IS agus ag teicneolaíochtaí digiteacha eile atá ag teacht chun cinn |
|
101083326 |
EDIH-EBE |
An Bheilg |
Mol Nuálaíochta Digití Eorpach —Fuinneamh sa Timpeallacht Thógtha |
|
101083554 |
SynGReDiT |
An Bhulgáir |
Mol Nualaíochta Digití Eorpach Zagore - Sineirge ar mhaithe le Claochlú Glas Digiteach Réigiúnach oirdheisceart na Bulgáire |
|
101083892 |
EDICS |
An Bhulgáir |
Digitiú a Chumasú san Earnáil Foirgníochta |
|
101083473 |
AgroDigiRise |
An Bhulgáir |
Acmhainneacht nuálach Réigiún Theas-Láir na Bulgáire agus earnáil na talmhaíochta a dhíghlasáil |
|
101083793 |
CYBER4All STAR |
An Bhulgáir |
CYBERsecurity 4 All STAkeholdeRs |
|
101083963 |
JURK EDIH, le hathainmniú go AI and Gaming EDIH |
An Chróit |
Claochlú digiteach na Cróite Láir agus Aidriadaigh Thuaidh trí AI and Gaming EDIH |
|
101083735 |
AI4HEALTH.Cro |
An Chróit |
An Intleacht Shaorga le haghaidh Cúram Sláinte Cliste agus Leighis |
|
101083838 |
EDIH Adria |
An Chróit |
Mol Nuálaíochta Digití Eorpach An Chróit Aidriadach |
|
101083599 |
CROBOHUBplusplus |
An Chróit |
CROatian Industry and Society BOosting (Treisiú Tionscail agus Sochaí na Cróite) – MOL Nuálaíochta Digití Eorpach |
|
101083772 |
DiGiNN |
An Chipir |
Mol Digiteach INNovation (Nuálaíochta) na Cipire |
|
101120003 |
EDIH NEB |
An tSeicia |
EDIH na Boihéime Thuaidh agus na Bhoihéime Thoir |
|
101083359 |
EDIH CTU |
An tSeicia |
EDIH Ollscoil Theicniúil na Seice i bPrág |
|
101083932 |
CIH |
An tSeicia |
Mol Nuálaíochta Cibearshlándála |
|
101084053 |
EDIH B4I |
An tSeicia |
Brain 4 Industry (B4I) |
|
101083672 |
EDIH-DIGIMAT |
An tSeicia |
EDIH-DIGIMAT: Córais Déantúsaíochta Solúbtha ag baint úsáide as an Intleacht Shaorga |
|
101083551 |
EDIH OVA |
An tSeicia |
EDIH Ostrava |
|
101120807 |
GC EDIH |
An Danmhairg |
Mol Nuálaíochta Digití Eorpach Mórcheantair Chóbanhávan |
|
101083595 |
CD-EDIH |
An Danmhairg |
Speisialtóireacht chliste ar ardteicneolaíochtaí digitithe trí Mhol Nuálaíochta Digití Eorpach na Danmhairge Láir |
|
101083474 |
AddSmart |
An Danmhairg |
AddSmart - Mol Nuálaíochta Digití Eorpach na Danmhairge Thuaidh |
|
101120685 |
SEDIH |
An Danmhairg |
Mol Nuálaíochta Digití um Fhuinneamh Cliste |
|
101083814 |
EDOcobot |
An Danmhairg |
EDIH Odense chun róbait chomhoibritheacha (cóbait) a úsáid i go leor réimsí go háirithe déantúsaíocht agus lóistíocht |
|
101083677 |
AIRE |
An Eastóin |
An IS agus Robotics Estonia (EDIH) |
|
101083405 |
FAIR |
An Fhionlainn |
Réigiún IS na Fionlainne |
|
101083680 |
LIH |
An Fhionlainn |
Mol Nuálaíochta Suímh |
|
101083631 |
Robocoast |
An Fhionlainn |
Cuibhreannas EDIH Robocoast |
|
101083544 |
HHFIN |
An Fhionlainn |
HealthHub Finland — todhchaí an chúraim sláinte arna mhúnlú ag Mol comhpháirtithe a éascaíonn réitigh dhigiteacha arna gcumasú ag sonraí san Fhionlainn agus san Eoraip |
|
101083367 |
EDIH Corsica.ai |
An Fhrainc |
Mol Nuálaíochta Digití Eorpach Corsica.ai |
|
101120918 |
EDIH OCCITANIA |
An Fhrainc |
Claochlú digiteach eiticiúil agus inbhuanaithe a threisiú chun iomaíochas agus athléimneacht a fheabhsú, agus úsáid sonraí spáis a chothú go speisialta d’earnálacha agraibhia, soghluaisteachta agus sláinte |
|
101083886 |
DIHNAMIC |
An Fhrainc |
Mol Nuálaíochta Digití do Phobal Tionscail Déantúsaíochta Nouvelle-Aquitaine |
|
101119976 |
DIHNAMO |
An Fhrainc |
Mol Nuálaíochta Digití na Normainne um Ard-Soghluaisteacht |
|
101083293 |
EDIH BRETAGNE |
An Fhrainc |
EDIH Bretagne — Ionad ilfhreastail chun dlús a chur le digitiú agus Cibearshlándáil FBManna/MCanna/PSOanna trí oiliúint, tástáil roimh infheistíocht, tacaíocht chun infheistíocht agus seirbhísí líonraithe AE a aimsiú |
|
101083769 |
CYBIAH |
An Fhrainc |
Mol Cibearshlándála agus IS An Fhrainc |
|
101083637 |
GreenPowerIT |
An Fhrainc |
GreenPowerIT Hauts-de-France |
|
101119925 |
DIGIHALL |
An Fhrainc |
DIGIHALL, Mol Réigiún Pháras a thacaíonn le claochlú digiteach cuideachtaí trí IS freagrach a ghlacadh chucu féin go praiticiúil |
|
101120851 |
LVDH |
An Fhrainc |
Mol Sonraí Ghleann Loire maidir le digitiú réigiún Centre-Val de Loire |
|
101120881 |
EDIH - GE |
An Fhrainc |
EDIH Grand Est - Dlús a chur le digitiú na hearnála monaraíochta in Grand Est |
|
101083775 |
MINASMART |
An Fhrainc |
MINASMART |
|
101121061 |
EDIH LA REUNION |
An Fhrainc |
Cibearshlándáil a fhorbairt i gclaochlú digiteach na réigiún Eorpach is forimeallaí |
|
101083683 |
Move2Digital |
An Fhrainc |
MOVE2DIGITAL, ionad ilfhreastail réigiún na Fraince SUD Provence-Alpes-Côte d’Azur chun tacú le claochlú digiteach agus tógáil éiceachórais FBManna, tríd an IS, Cibearshlándáil, agus Idirlíon na nEarraí |
|
101083710 |
DEDIHCATED BFC |
An Fhrainc |
Mol Nuálaíochta Digití a fhorbairt chun Treochtaí nua a Chruthú agus a Thionlacan i dTionscail na hEorpa in Bourgogne-Franc-Comté |
|
101083383 |
POLYTRONICS |
An Fhrainc |
Mol Nuálaíochta do Pholaiméirí Cliste agus do Theicneolaíochtaí Digiteacha |
|
101083550 |
DIVA |
An Fhrainc |
Luasaire Luach Nuálaíochta Digití |
|
101120343 |
BMH |
An Ghearmáin |
EDIH Thuringia — Mol Bauhaus.Mobility |
|
101083415 |
EDIHDO |
An Ghearmáin |
Mol Digiteach Lóistíochta Dortmund mar Mhol Nuálaíochta Digití Eorpach |
|
101083994 |
EDIH-AICS |
An Ghearmáin |
Mol Nuálaíochta Digití Eorpach, Intleacht Shaorga agus Cibearshlándáil arna gcur i bhfeidhm |
|
101083338 |
EDIH-SH |
An Ghearmáin |
Mol Nuálaíochta Digití Eorpach Schleswig-Holstein |
|
101083715 |
DIH4AISec |
An Ghearmáin |
Mol Nuálaíochta Digití Eorpach um Intleacht Shaorga agus Cibearshlándáil sa tSacsain Íochtarach |
|
101083741 |
EDIH Suedwest |
An Ghearmáin |
Mol Nuálaíochta Digití Eorpach Suedwest |
|
101083713 |
EDIH4UrbanSAVE |
An Ghearmáin |
EDIH le haghaidh Éiceachórais soláthair agus luacha idirnasctha uirbeacha |
|
101081880 |
EDITH |
An Ghearmáin |
Claochlú Digiteach a Chumasú i Hessen |
|
101083517 |
EDIH Saxony |
An Ghearmáin |
Mol Nuálaíochta Digití Eorpach na Sacsaine |
|
101120719 |
EDIH DIGICARE |
An Ghearmáin |
Nuálaíocht Dhigiteach EDIH do Chúram Sláinte (DIGICARE) |
|
101082978 |
CITAH |
An Ghearmáin |
Claochlú Tras-Tionscail sa Talmhaíocht agus sa tSláinte |
|
101083635 |
EDIH Rheinland |
An Ghearmáin |
Mol Nuálaíochta Digití Eorpach Rheinland |
|
101083427 |
DInO |
An Ghearmáin |
Digital Innovation Ostbayern |
|
101083754 |
pro_digital |
An Ghearmáin |
pro_digital EDIH |
|
101083668 |
EDIH Suedwestfalen |
An Ghearmáin |
Mol Nuálaíochta Digití Eorpach le haghaidh claochlú digiteach atá dírithe ar fhostaithe i nDeisceart Westfalen |
|
101083337 |
IDIH - Saarland |
An Ghearmáin |
MOL Digitithe na Seirbhíse Tionscail agus na hIntleachta Saorga, Saarland |
|
101083951 |
DigiAgriFood |
An Ghréig |
Claochlú Digiteach agus Aistriú Glas an tSlabhra Luacha Agraibhia i Lár agus i dTuaisceart na Gréige |
|
101083630 |
smartHEALTH |
An Ghréig |
Mol Nuálaíochta Digití Eorpach um Shláinte Chliste: Leigheas Beachtais agus Seirbhísí Nuálacha R-shláinte |
|
101083565 |
SmartAttica-AtHeNAI |
An Ghréig |
Smart Attica DIH, réigiún Attica —Mol Nuálaíochta na Gréige um an Intleacht Shaorga i bhFuinneamh agus Comhshaol, Slabhra Soláthair agus Soghluaisteacht, Cultúr agus Turasóireacht |
|
101083646 |
GR digiGOV-innoHUB |
An Ghréig |
Mol nualaíochta um Rialtas digiteach agus Seirbhísí Poiblí na Gréige |
|
101120929 |
AI EDIH Hungary |
An Ungáir |
Intleacht Shaorga EDIH na hUngáire |
|
101083965 |
DigitalTech EDIH |
An Ungáir |
Cibearshlándáil agus inniúlachtaí digiteacha |
|
101083676 |
AEDIH |
An Ungáir |
EDIH Talmhaíochta |
|
101120890 |
HPC EDIH HU |
An Ungáir |
Mol Nuálaíochta Digití Eorpach Ardfheidhmíochta a bhunú san Ungáir |
|
101083971 |
Data-EDIH |
An Ungáir |
DATA EDIH Ungárach |
|
101083762 |
EDIH-IS |
An Íoslainn |
EDIH náisiúnta a bhunú san Íoslainn don chlaochlú digiteach |
|
101079817 |
FxC |
Éire |
FactoryxChange |
|
101083669 |
CeADAR |
Éire |
CeADAR EDIH IS na hÉireann |
|
101083662 |
ER2Digit |
An Iodáil |
Éiceachóras Réigiúnach um Nuálaíocht Dhigiteach Emilia-Romagna |
|
101083759 |
ARTES 5.0 |
An Iodáil |
ARTES 5.0 An Iodáil a atosú |
|
101083724 |
DIHCUBE |
An Iodáil |
Mol Digiteach Iodálach d’Fhoirgníocht agus Timpeallacht Thógtha |
|
101083904 |
HSL |
An Iodáil |
HERITAGE SMARTLAB |
|
101083938 |
P.R.I.D.E. |
An Iodáil |
POLO REGIONALE PER L’INNOVAZIONE DIGITALE EVOLUTA |
|
101083699 |
CETMA-DIHSME |
An Iodáil |
Mol Nuálaíochta Digití CETMA do FBManna |
|
101083913 |
DANTE |
An Iodáil |
Réitigh Dhigiteacha ar mhaithe le Saol Sláintiúil, Gníomhach, Cliste |
|
101083443 |
EXPAND |
An Iodáil |
Líonra Leathnaithe um Dhigitiú do Piedmont agus Gleann Aosta |
|
101083398 |
I - NEST |
An Iodáil |
Mol Náisiúnta na hIodáile a chumasaíonn agus a fheabhsaíonn feidhmchláir líonraithe agus Seirbhísí chun FBManna agus Riaracháin Phoiblí a Chlaochlú go digiteach |
|
101084027 |
EDIH4Marche |
An Iodáil |
EDIH4Marche |
|
101083612 |
MicroCyber |
An Iodáil |
MicroCyber |
|
101083396 |
Tuscany X.0 |
An Iodáil |
Mol Nuálaíochta Digití AE na Tuscáine |
|
101083745 |
CHEDIH |
An Iodáil |
Mol Nuálaíochta Digití Eorpach um Shláinte Chiorclach |
|
101083718 |
DAoL |
An Laitvia |
Luasaire Digiteach na Laitvia |
|
101083983 |
EDIHLV |
An Laitvia |
Forbairt IS — TFC don Déantúsaíocht EDIH sa Laitvia |
|
101119742 |
digihub.li |
Lichtinstéin |
digihub.li — Nuálaíocht agus fás an éiceachórais ag a bhfuil cuspóir athghiniúnach |
|
101083434 |
DI4 LITHUANIAN ID |
An Liotuáin |
Nuálaíocht Dhigiteach d’Fhorbairt Tionscail na Liotuáine |
|
101083844 |
EDIH VILNIUS |
An Liotuáin |
EDIH VILNIUS: dlús a chur le claochlú glas agus digiteach i réigiún Vilnius |
|
101083746 |
EDIH4IAE.LT |
An Liotuáin |
Mol Nuálaíochta Digití Eorpach d’earnálacha Tionscail, Agraibhia agus Fuinnimh sa Liotuáin |
|
101120714 |
L-DIH |
Lucsamburg |
Mol Nuálaíochta Digití Lucsamburg |
|
101083552 |
Malta-EDIH |
Málta |
Malta-EDIH a chruthú mar chuid de líonra na Mol Nuálaíochta Digití Eorpach |
|
101083610 |
EDIH-SNL |
An Ísiltír |
Mol Nuálaíochta Digití Eorpach Dheisceart na hÍsiltíre |
|
101083349 |
BOOST Robotic EastNL |
An Ísiltír |
EDIH BOOST Robotics Oirthear na hÍsiltíre |
|
101083001 |
EDIH NN |
An Ísiltír |
Mol Nuálaíochta Digití Eorpach Thuaisceart na hÍsiltíre |
|
101083302 |
EDIH-SMITZH |
An Ísiltír |
EDIH-SMITZH Zuid-Holland |
|
101083343 |
EDIH-NWNL |
An Ísiltír |
EDIH NWNL Claochlú digitithe ar an mbóthar chuig IS agus HPC |
|
101083172 |
VNG NL DIGI HUB |
An Ísiltír |
Mol Nuálaíochta Sochaí na hÍsiltíre |
|
101083778 |
OCEANOPOLIS |
An Iorua |
OCEANOPOLIS |
|
101083966 |
Nemonoor |
An Iorua |
EDIH na hIorua ar an Intleacht Shaorga |
|
101083875 |
WAMA EDIH |
An Pholainn |
Mol Nuálaíochta WaMa |
|
101083500 |
TKDIH |
An Pholainn |
Technopark Kielce DIH |
|
101083954 |
CyberSec |
An Pholainn |
Lárionad Náisiúnta um Chlaochlú Digiteach Slán |
|
101083764 |
HPC4Poland EDIH |
An Pholainn |
Mol Nuálaíochta Digití Eorpach HPC4Poland |
|
101083499 |
EDIH-SILESIA |
An Pholainn |
EDIH SILESIA SMART SYSTEMS forbairt agus a úsáid cumais sa líonra EDIH chun feabhas a chur ar chlaochlú digiteach i gcúigí na Siléise agus Opolskie sa Pholainn |
|
101083652 |
h4i |
An Pholainn |
hub4industry |
|
101083587 |
re_d |
An Pholainn |
re_d: athmhachnamh digiteach — Mol Digitithe na Polainne Láir |
|
101084068 |
PDIH |
An Pholainn |
Mol Nuálaíochta Digití na Pomearáine |
|
101083509 |
Mazovia EDIH |
An Pholainn |
Mol Nuálaíochta Digití Eorpach Mazovia |
|
101083862 |
Smart Secure Cities |
An Pholainn |
Cathracha Cliste, Slána a Chruthú do shaoránaigh an Aontais |
|
101083533 |
WRO4digITal |
An Pholainn |
Mol Nuálaíochta Digití Eorpach WRO4digITal Wroclaw |
|
101083770 |
ATTRACT |
An Phortaingéil |
Mol Nuálaíochta Digití um Intleacht Shaorga agus Ríomhaireacht Ardfheidhmíochta |
|
101083487 |
PRODUTECH DIH |
An Phortaingéil |
PRODUTECH DIH |
|
101083681 |
DIGITALbuilt |
An Phortaingéil |
Mol Nuálaíochta Digití don Timpeallacht Thógtha |
|
101083952 |
DIH4Society |
An Rómáin |
Mol Nuálaíochta Digití le haghaidh Sochaí níos Cliste, níos Sábháilte agus níos Inbhuanaithe (DIH4Society) |
|
101083508 |
TDIH |
An Rómáin |
Mol Nuálaíochta Digití na Trasalváine |
|
101083915 |
FIT EDIH |
An Rómáin |
Todhchaí na dTeicneolaíochtaí Nuálaíochta EDIH — Réigiún Centru, RO |
|
101083885 |
DIGIVEST |
An Rómáin |
EDIH Regiunea Vest na Rómáine |
|
101083582 |
CiTyInnoHub |
An Rómáin |
ConsTanta INNovation Hub, ionad do chlaochlú digiteach FBManna agus PSOnna in Oirdheisceart na Rómáine — CiTyInnoHub |
|
101083410 |
WeH |
An Rómáin |
Ríomh-Mhol Wallachia |
|
101083392 |
eDIH - DIZ |
An Rómáin |
EDIH - LIMISTÉAR NUÁLAÍOCHTADIGITÍ —DÉANTÚSAÍOCHT & SLÁINTE CHLISTE ar mhaithe le gnó, saol agus sláinte níos fearr i réigiún Oirthuaisceart na Rómáine |
|
101084051 |
CIH |
An tSlóvaic |
An tIonad um Chúram Sláinte Nuálaíoch |
|
101083419 |
SKAI-eDIH |
An tSlóvaic |
Mol Nuálaíochta Digití na hIntleachta Saorga sa tSlóvaic |
|
101083660 |
EXPANDI 4.0 |
An tSlóvaic |
Digitiú an Tionscail a Leathnú (4.0) sa tSlóvaic |
|
101083466 |
EDCASS |
An tSlóvaic |
EDIH CASSOVIUM |
|
101083351 |
SRC-EDIH |
An tSlóivéin |
Pobail Chliste, Athléimneacha agus Inbhuanaithe — Mol Nuálaíochta Digití Eorpach |
|
101082654 |
DIGI-SI |
An tSlóivéin |
FREAGAIRT ÉIGEANDÁLA DHIGITEACH DON TSLÓIVÉIN |
|
101083736 |
DIH4CAT |
An Spáinn |
Mol Nuálaíochta Digití na Catalóine (DIH4CAT) |
|
101083701 |
CIDIHUB |
An Spáinn |
Mol Nuálaíochta Digití na nOileán Canárach |
|
101083755 |
DATAlife |
An Spáinn |
Mol Nuálaíochta Digití chun an Intleacht Shaorga agus Anailísíocht Sonraí a úsáid i FBManna sna hearnálacha bunscoile, biteicneolaíochta agus sláinte |
|
101083906 |
i4CAMHUB |
An Spáinn |
Nuálaíocht le haghaidh Iomaíochais agus Ard-déantúsaíochta |
|
101083564 |
EDIH MADRID REGION |
An Spáinn |
EDIH MADRID REGION |
|
101083760 |
AgrotechDIH |
An Spáinn |
Mol Nuálaíochta Digití Andalucía Agrotech |
|
101083411 |
IRIS |
An Spáinn |
Mol Nuálaíochta Digití Eorpach Navarre |
|
101083667 |
Tech4EfficiencyEDIH |
An Spáinn |
EXTREMADURA EDIH T4E: Teicneolaíocht le haghaidh Éifeachtúlachta |
|
101083898 |
DIGIS3 |
An Spáinn |
Digitiú Cliste, Inbhuanaithe, Comhleanúnach arna cheapadh mar Mhol Nuálaíochta Digití |
|
101083729 |
AsDIH |
An Spáinn |
Mol Nuálaíochta Digití Asturias |
|
101083776 |
Aragon EDIH |
An Spáinn |
Mol Nuálaíochta Digití Eorpach Aragon |
|
101083002 |
InnDIH |
An Spáinn |
InnDIH — Mol Nuálaíochta Digití Réigiún Valencia |
|
101083629 |
HDS |
An tSualainn |
Health Data Sweden |
|
101083691 |
ShiftLabs |
An tSualainn |
Líonra na Sualainne um Dhigitiú Inbhuanaithe agus um Chlaochlú Monarchan atá dírithe ar an Duine |
|
101083708 |
DIGITHUBSE |
An tSualainn |
DigIT Hub Sweden |
|
101083348 |
Aero EDIH |
An tSualainn |
EDIH do Chlaochlú Digiteach an Tionscal Eitlíochta agus Aeraspáis |
IARSCRÍBHINN II
Liosta de Mhoil Nuálaíochta Digití Eorpacha a bhfuil Séala Barr Feabhais acu
Liostaítear na EDIHanna i gcló iodálach nuair nach bhfuil aon fhaisnéis (1) ann maidir le maoiniú féideartha amach anseo. Is iad EDIHanna a ndearna maoiniú a dhaingniú, agus iadsan amháin, a bhfuiltear ag súil leo a bheith rannpháirteach sa líonra.
|
Uimhir aitheantais an Togra |
Acrainm |
Tír |
Teideal an togra |
|
101083623 |
EDIH SA |
An Ostair |
EDIH DEISCEART NA hOSTAIRE - Mol Nuálaíochta Digití Eorpach Dheisceart na hOstaire |
|
101083621 |
EDIH.energy.ai.mobil |
An Ostair |
EDIH.ENERGY.AI.MOBILITY – Ardú cumais a thabhairt do Chlaochlú Cúplach san Eoraip |
|
101083442 |
S2MARTER HOUSE |
An Ostair |
EDIH do Réigiúin Fiontraíochta CLISTE agus Inbhuanaithe – TEACH an Digitithe |
|
101083706 |
BANG |
An Bheilg |
BANG cruthaitheach Fhlóndras |
|
101083828 |
EDIH PT and L |
An Bheilg |
Mol Nuálaíochta Digití Eorpach do Chalafoirt, Iompar & Lóistíocht |
|
101083478 |
EDIH4Agrifood |
An Bheilg |
Mol Nuálaíochta Digití Eorpach don earnáil agraibhia sa Bheilg |
|
101083751 |
EdTech Station |
An Bheilg |
Mol do chlaochlú digiteach agus nuálaíocht gnólacht le gnólacht mar aon le teicneolaíochtaí oideachais agus foghlama, bunaithe i bhFlóndras, an Eoraip |
|
101083640 |
RemEDIH |
An Bheilg |
Feabhas Réigiúnach i Leigheas agus cúram ag Mol Nuálaíochta Digití Eorpach |
|
101082948 |
ADi4SMEs |
An Bhulgáir |
Digitiú luathaithe FBManna sa Réigiún Lár Thuaidh trí Mhol Nuálaíochta Digití Eorpach a chruthú agus a fhorbairt |
|
101083457 |
EDIH DIGIHUB |
An Bhulgáir |
IOMAÍOCHAS FBManna AGUS PSOnna I RÉIGIÚN AN OIRDHEISCIRT DEN BHULGÁIR A FHEABHSÚ TRÍ RÉITIGH DHIGITEACHA NUÁLACHA CHOMHTHÁITE |
|
101084092 |
EDIH - NWACB |
An Bhulgáir |
Mol Nuálaíochta Digití Eorpach - Braisle Feithicleach Iarthuaisceart na Bulgáire |
|
101083697 |
InnovationAmp |
An Bhulgáir |
Borradh a chur faoin Digitiú in Iardheisceart na Bulgáire |
|
101083339 |
MECH-E-DIH |
An Bhulgáir |
Bunú agus forbairt an Mhoil Nuálaíochta Digití Mechanika, an Bhulgáir |
|
101083752 |
Next-Gen-BIoTechEDIH |
An Bhulgáir |
Seirbhísí DIH Bith Theic den chéad ghlúin eile a fhorbairt, a nuáil agus a sholáthar i réigiún Lár Theas na Bulgáire chun an úsáid is fearr a bhaint as teicneolaíochtaí digiteacha do FBManna áitiúla, do ghnólachtaí Meánchaipitlithe agus don earnáil phoiblí |
|
101083370 |
RCDSI NCIZ |
An Bhulgáir |
Lárionad Réigiúnach um Réitigh Dhigiteacha agus Nuálaíocht NCIZ |
|
101084083 |
UDIH 4 EU |
An Bhulgáir |
UDIH: Feistigh Fiosraigh Cumasaigh Leathnaigh Úsáid |
|
101083979 |
Bluedih |
An Chróit |
Mol Nuálaíochta Digití Eorpach Gorm |
|
101083747 |
CYDIHUB-EDIH |
An Chipir |
MOL NUÁLAÍOCHTA DIGITÍ NA CIPIRE - EDIH |
|
101083981 |
5STAR eCorridors |
An Fhionlainn |
Togra EDIH 5STAR eCorridors |
|
101082926 |
SIX EDIH |
An Fhionlainn |
Tionscal Inbhuanaithe X (SIX) Déantúsaíocht EDIH |
|
101083515 |
WellLake EDIH |
An Fhionlainn |
WellLake EDIH |
|
101120594 |
DIBI |
An Ghearmáin |
Nuálaíocht Dhigiteach do Thionscal na Baváire |
|
101083439 |
DISC |
An Ghearmáin |
Ionad Réitigh Nuálaíochta Digití |
|
101084102 |
EDIH-HB |
An Ghearmáin |
Mol Nuálaíochta Digití Eorpach Bremen |
|
101083964 |
EDIH-ON |
An Ghearmáin |
Mol Nuálaíochta Digití Eorpach Oirthear agus Tuaisceart Hessen |
|
101083749 |
EasyHPC |
An Ghréig |
easyHPC@eco.plastics.industry.WCG:Éiceachóras oscailte HPC don chlaochlú éiceolaíoch agus chun iomaíochas an Tionscail Phlaistigh a chur chun cinn i Réigiúin Iarthar & Lár na Gréige |
|
101083850 |
HEALTH HUB |
An Ghréig |
HEALTH HUB - Claochlú an Tionscal Cúraim Sláinte agus Cógaisíochta trí Sheirbhísí Digiteacha na hIntleachta Saorga |
|
101083707 |
SYNERGiNN EDIH |
An Ghréig |
Mol Nuálaíochta Digití Iarthar na Macadóine |
|
101083995 |
Data2Sustain |
Éire |
EDIH do NUÁLAÍOCHT SONRAÍ-BHUNAITHEDON GHEILLEAGAR CIORCLACH, OIBRÍOCHTAÍ & INBHUANAITHEACHT |
|
101083482 |
ENTIRE |
Éire |
Córais Chliste agus Shlán Iontaofa a chumasaíonn Claochlú Digiteach |
|
101084004 |
AI MAGISTER |
An Iodáil |
AI MAGISTER |
|
101083639 |
AI-PACT |
An Iodáil |
Intleacht Shaorga do Riarachán Poiblí arna Nascadh |
|
101083454 |
Ap-EDIH |
An Iodáil |
Apulian-EDIH |
|
101083645 |
BIREX plus plus |
An Iodáil |
HPC & Próiseáil olltiomsú sonraí do Dhéantúsaíocht níos digití níos inbhuanaithe |
|
101121054 |
CATCH atMIND |
An Iodáil |
advanCed digitAl TeChnology Hub for the Life Sciences at MIND |
|
101083928 |
DAMAS |
An Iodáil |
Mol Digiteach le haghaidh an tionscail Fheithicligh agus Aeraspáis |
|
101083364 |
DIPS |
An Iodáil |
Digitiú agus Nuálaíocht Seirbhísí Poiblí |
|
101083605 |
DIS-HUB |
An Iodáil |
Mol Nuálaíochta Digití Tyrol Theas — DIS-HUB |
|
101083870 |
DMH |
An Iodáil |
Digital Marine Hub |
|
101083438 |
EDIH L |
An Iodáil |
EDIH Lombardia |
|
101083391 |
EDIH4DT |
An Iodáil |
Claochlú Digiteach Slán an Riaracháin Phoiblí — EDIH4DT |
|
101083622 |
EDIHAMo |
An Iodáil |
Mol Nuálaíochta Digití Eorpach Abruzzo Molise |
|
101120581 |
Fondazione MAXXI |
An Iodáil |
CURE - Cruthaitheacht le haghaidh Athbhreithe Uirbí |
|
101083601 |
HD-MOTION |
An Iodáil |
Mol don Chlaochlú Digiteach na Soghluaisteachta |
|
101084043 |
INNOVA |
An Iodáil |
Anailísíocht Físe a Nuáil |
|
101120603 |
InnovAction |
An Iodáil |
InnovAction: Network Italiano dei Centri per l’Innovazione Tecnologica |
|
101120592 |
IP4FVG - EDIH |
An Iodáil |
IP4FVG EDIH – Ardán Tionscail do Friuli Venezia Giulia EDIH |
|
101120871 |
NEST |
An Iodáil |
NEST – Líonra um Shlándáil agus Iontaoibh san Eoraip |
|
101120711 |
NEURAL |
An Iodáil |
Mol veNEto d’Ardteicneolaíochtaí digiteacha |
|
101120666 |
PAI |
An Iodáil |
Faisnéis Riaracháin Phoiblí |
|
101083930 |
PICS2 |
An Iodáil |
Ionad Nuálaíochta Puglia um Shábháilteacht agus um Shlándáil |
|
101083476 |
R.O.M.E. Mol Digiteach |
An Iodáil |
An Eagraíocht um Thaighde agus Nuálaíocht chun eolas a scaipeadh ar Mhol Digiteach ardteicneolaíochtaí |
|
101083893 |
SharD-HUB |
An Iodáil |
SharD-HUB - Mol Nuálaíochta Digití na Sairdíne |
|
101083320 |
UDD |
An Iodáil |
Sonraí Digiteacha Umbria |
|
101120963 |
EDIH Digital Trust |
Lichtinstéin |
Mol Nuálaíochta Digití Eorpach um iontaoibh dhigiteach agus teicneolaíochtaí digiteacha atá ag teacht chun cinn |
|
101083618 |
AgriSmartHub |
An Pholainn |
Mol Nuálaíochta Digití um Thalmhaíocht Chliste |
|
101084052 |
digit-in hub |
An Pholainn |
MOL NUÁLAÍOCHTA NÉIL DHIGITIGH |
|
101083835 |
MOL EDIH CYBERSEC |
An Pholainn |
EDIH Náisiúnta atá speisialaithe sa chibearshlándáil |
|
101083836 |
EDIH4CP-1 |
An Pholainn |
Mol Nuálaíochta Digití Eorpach do Lár Thuaisceart na Polainne — 1 |
|
101121069 |
FTCH |
An Pholainn |
Mol FinTech Copernicus |
|
101084060 |
HGD |
An Pholainn |
Mol Nuálaíochta Digití Eorpach —HealthGoDigital |
|
101121077 |
LUBDIGHUB |
An Pholainn |
Mol Nuálaíochta Digití Eorpach (EDIH) a bhunú i réigiún Lubelskie na Polainne |
|
101083977 |
Lucet Capital |
An Pholainn |
Mol Hipear-Uathoibrithe na Polainne (PHAH) |
|
101084065 |
POLFOTON |
An Pholainn |
EDIH na Polainne atá speisialaithe i dteicneolaíochtaí fótónacha don chlaochlú digiteach |
|
101083761 |
AI4PA_Portugal |
An Phortaingéil |
AI4PA Portugal — Intleacht Shaorga & Eolaíocht Sonraí do Mhol Nuálaíochta Riarachán Poiblí na Portaingéile |
|
101120672 |
AzoresDIH |
An Phortaingéil |
Mol Nuálaíochta Digití na nAsór maidir le Turasóireacht agus Inbhuanaitheacht |
|
101083642 |
C-Hub |
An Phortaingéil |
C-Hub: Mol Nuálaíochta Digití Cibearshlándála |
|
101082771 |
CONNECT5 |
An Phortaingéil |
CONNECT5 |
|
101119429 |
Defence4Tech Hub |
An Phortaingéil |
Mol Nuálaíochta Cosanta um Aistriú Teicneolaíochta |
|
101083732 |
DigiHealthPT |
An Phortaingéil |
Sláinte Dhigiteach na Portaingéile - Ón bPortaingéil go dtí an Domhan Digiteach |
|
101083988 |
DIH4CN |
An Phortaingéil |
Mol Nuálaíochta Digití um Neodracht Aeráide |
|
101083962 |
DIH4GlobalAutomotive |
An Phortaingéil |
DIH4GlobalAutomotive |
|
101120601 |
InnovTourism DIH |
An Phortaingéil |
InnovTourism DIH — Tairseach le haghaidh nuálaíochta agus digitithe Turasóireachta, éiceachóras na hearnála a neartú agus glacadh na teicneolaíochta sa tionscal a chumasú |
|
101120729 |
PBDH |
An Phortaingéil |
Mol Digiteach Gorm na Portaingéile |
|
101083733 |
PTCentroDiH |
An Phortaingéil |
Digital Innovation Hub da Região Centro |
|
101084063 |
SFT-EDIH |
An Phortaingéil |
Bia agus Trádáil Feirmeacha Inbhuanaithe Cliste |
|
101083477 |
SIH |
An Phortaingéil |
Mol na nOileán Cliste |
|
101083511 |
SCDI proposal |
An tSlóvaic |
Slovenske centrum digitalnych inovacii |
|
101083858 |
4PIH |
An tSlóivéin |
Mol Nuálaíochta Digití de chuid Chomhpháirtíochta poiblí, príobháidí agus pobail |
|
101083465 |
AGORA DIH |
An Spáinn |
Réigiún Murcia DIH |
|
101083514 |
AIR4S |
An Spáinn |
Mol Nuálaíochta Digití san Intleacht Shaorga agus sa Róbataic do Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe |
|
101083341 |
AIR-Andalusia |
An Spáinn |
MOL NUÁLAÍOCHTA DIGITÍ ANDALUCÍA SAN INTLEACHT SHAORGA AGUS SA RÓBATAIC |
|
101083914 |
BDIH_EDIH |
An Spáinn |
Mol Nuálaíochta Digití na mBascach: EDIH |
|
101083591 |
Cantabria DIH |
An Spáinn |
Mol Nuálaíochta Digití Cantabria (DIH) |
|
101120119 |
CyberDIH |
An Spáinn |
Mol Nuálaíochta Cibearshlándála |
|
101083698 |
Digital Impulse Hub |
An Spáinn |
Digital Impulse Hub, Oibriú Digiteach arna éascú sa Chatalóin |
|
101120210 |
DIHBAI-TUR |
An Spáinn |
Mol Nuálaíochta Digití na nOileán Bailéarach san Intleacht Shaorga in Earnálacha na Turasóireachta agus an Agraibhia |
|
101083413 |
DIH-bio |
An Spáinn |
DIH·BIO (Sláinte Dhigiteach —Bitheolaíochtaí) |
|
101083957 |
DIHGIGAL |
An Spáinn |
Mol Nuálaíochta Digití Thionscal na Gailíse |
|
101083151 |
DIHSE |
An Spáinn |
GEILLEAGAR AIRGID AN MHOIL NUÁLAÍOCHTA DIGITÍ |
|
101083318 |
eDIH La Rioja 4.0 |
An Spáinn |
Mol Nuálaíochta Digití Eorpach EDIH La Rioja 4.0 |
|
101083705 |
INFAB HUB |
An Spáinn |
INFAB HUB |
|
101084072 |
Agrihub Sweden EDIH |
An tSualainn |
Smart Agtech Sweden EDIH |
|
101083819 |
AI Sweden EDIH |
An tSualainn |
AI Sweden EDIH — Trasfhoirmiú IS feidhmeach in FBManna agus san earnáil phoiblí |
|
101083632 |
AM-EDIH |
An tSualainn |
Mol Nuálaíochta Digití Eorpach ag Treisiú Déantúsaíocht bhreisithe trí Sheirbhísí Digiteacha |
|
101083682 |
DIN |
An tSualainn |
Digital Impact North — Mol Nuálaíochta Digití Eorpach |
|
101083624 |
IndTech |
An tSualainn |
Mol Nuálaíochta Digití Eorpach naTeicneolaíochta Tionscail |
|
101120191 |
MIGHTY EDIH |
An tSualainn |
EDIH Tionscail agus Teicneolaíocht Rialtais Lár na Sualainne |
|
101083390 |
Sweden ICT |
An tSualainn |
Sweden ICT — tá sé cinn de phríomhpháirceanna Eolaíochta na Sualainne tar éis teacht le chéile chun dlús a chur leis an tionchar i dtreo todhchaí ghlais agus inbhuanaithe trí theicneolaíocht nua a úsáid ar scála níos leithne |
(1) Staid amhail R2/2023, bunaithe ar fhaisnéis arna soláthar ag údaráis náisiúnta.