21.7.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 184/45 |
CINNEADH (CBES) 2023/1519 ÓN gCOMHAIRLE
an 20 Iúil 2023
lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2021/1277 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Liobáin
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 30 Iúil 2021, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2021/1277 (1), a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Liobáin. |
(2) |
Beidh feidhm ag Cinneadh (CBES) 2021/1277 go dtí an 31 Iúil 2023. Ar bhonn athbhreithniú ar an gCinneadh sin, ba cheart na bearta sriantacha a leagtar amach ann a athnuachan go dtí an 31 Iúil 2024. |
(3) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh (CBES) 2021/1277 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
In Airteagal 9 de Chinneadh (CBES) 2021/1277, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre:
‘Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí an 31 Iúil 2024 agus coinneofar faoi athbhreithniú leanúnach é. Déanfar é a athnuachan, nó a leasú de réir mar is iomchuí, má mheasann an Chomhairle nár comhlíonadh a chuspóirí.’.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Iúil 2023.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. BORRELL FONTELLES
(1) Cinneadh (CBES) 2021/1277 ón gComhairle an 30 Iúil 2021 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Liobáin (IO L 277 I, 2.8.2021, lch. 16).