19.7.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 182/195


CINNEADH (AE) 2023/1486 ÓN gCOMHAIRLE

an 14 Iúil 2023

lena leasaítear Cinneadh 1999/70/CE a bhaineann le hiniúchóirí seachtracha na mbanc ceannais náisiúnta, a mhéid a bhaineann le hiniúchóirí seachtracha Banca d’Italia

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint do Phrótacal Uimh. 4 maidir le Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Ceannais Eorpaigh, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 27.1. de,

Ag féachaint don Mholadh ón mBanc Ceannais Eorpach an 2 Meitheamh 2023 chuig Comhairle an Aontais Eorpaigh maidir le hiniúchóirí seachtracha Banca d’Italia (ECB/2023/14) (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá iniúchóirí seachtracha neamhspleácha, arna moladh ag Comhairle Rialaithe an Bhainc Cheannais Eorpaigh agus arna bhformheas ag Comhairle an Aontais Eorpaigh le hiniúchadh a dhéanamh ar chuntais an Bhainc Ceannais Eorpaigh (BCE) agus ar chuntais bhainc ceannais náisiúnta na mBallstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu.

(2)

Tháinig deireadh le sainordú iniúchóirí seachtracha reatha Banca d’Italia, Deloitte & Touche S.p.A., tar éis an iniúchta don bhliain airgeadais 2022. Dá bhrí sin, is gá iniúchóirí seachtracha a cheapadh ón mbliain airgeadais 2023.

(3)

Tá Deloitte & Touche S.p.A. roghnaithe ag Banca d’Italia mar iniúchóirí seachtracha aige do na blianta airgeadais 2023 go 2027.

(4)

Mhol Comhairle Rialaithe BCE go gceapfaí Deloitte & Touche S.p.A. mar iniúchóirí seachtracha Banca d’Italia do na blianta airgeadais 2023 go dtí 2027.

(5)

De réir an mholta ó Chomhairle Rialaithe BCE, ba cheart Cinneadh 1999/70/CE (2) ón gComhairle a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

In Airteagal 1 de Chinneadh 1999/70/CE, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:

‘6.   Leis seo, ceaptar Deloitte & Touche S.p.A. mar iniúchóirí seachtracha Banca d’Italia do na blianta airgeadais 2023 go dtí 2027.’.

Airteagal 2

Gabhfaidh éifeacht leis an gCinneadh seo an dáta a thabharfar fógra faoi.

Airteagal 3

Dírítear an Cinneadh seo chuig an mBanc Ceannais Eorpach.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 14 Iúil 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

N. CALVIÑO SANTAMARÍA


(1)   IO C 202, 9.6.2023, lch. 1.

(2)  Cinneadh 1999/70/CE ón gComhairle an 25 Eanáir 1999 a bhaineann le hiniúchóirí seachtracha na mbanc ceannais náisiúnta (IO L 22, 29.1.1999, lch. 69).