18.7.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 181/47


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1473 ÓN gCOIMISIÚN

an 17 Iúil 2023

lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/450 a mhéid a bhaineann le foilsiú tagairtí do Dhoiciméid um Measúnú Eorpach maidir le scannáin atá le húsáid mar fhobhrait dín nó bhalla agus táirgí foirgníochta eile

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 305/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2011 lena leagtar síos coinníollacha comhchuibhithe maidir le táirgí foirgníochta a mhargú agus lena n-aisghairtear Treoir 89/106/CEE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 22 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 305/2011, úsáidfidh Comhlachtaí um Measúnú Teicniúil na modhanna agus na critéir a sholáthraítear i nDoiciméid um Measúnú Eorpach, ar foilsíodh na tagairtí dóibh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, chun measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht táirgí foirgníochta a chumhdaítear leis na doiciméid sin i ndáil lena mbuntréithe.

(2)

I gcomhréir le hAirteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 305/2011, ar lorg roinnt iarratas ó mhonaróirí ar Mheasúnuithe Teicniúla Eorpacha, tá 20 Dhoiciméad um Measúnú Eorpach tarraingthe suas agus glactha ag eagraíocht na gComhlachtaí um Measúnú Teicniúil.

(3)

Na Doiciméid um Measúnú Eorpach a tharraing eagraíocht na gComhlachtaí um Measúnú Teicniúil suas agus a ghlac sí, baineann siad leis na táirgí foirgníochta seo a leanas:

scannáin atá le húsáid mar fhobhrait dín nó bhalla, nó mar an dá rud,

sraithe rialála galuisce a bhraitheann ar bhogthaise,

bratuithe mianraí tiubha solúbtha atá modhnaithe le polaiméir,

insliú teirmeach le haghaidh foirgnimh atá déanta as burlaí tuí,

cúr nasctha a rinneadh i monarcha atá le húsáid mar insliú fuaime agus teirmeach,

cláir inslithe déanta as polúireatán athchúrsáilte atá le húsáid mar insliú fuaime agus teirmeach,

trealamh de dhúile polúireatáin le haghaidh fráma inslithe teirmigh timpeall fuinneoga atá déanta as próifílí clóiríde polaivinile neamhphlaistithe,

trealamh simléir atá frithsheasmhach in aghaidh dóiteáin súiche ag a bhfuil líneálach múcháin cré/ceirmeach, a fheidhmíonn i ndálaí fliucha agus faoi bhrú diúltach/deimhneach (le cur in ionad na sonraíochta teicniúla 060001-00-0802, 060003-00-0802 agus 060008-00-0802’),

cláir struchtúracha a rinneadh a neart a ghrádú agus a siúntáladh le méaralt ag a bhfuil bonn méarailt dúnta acu — bogadhmad,

leac adhmaid réamhdhéanta de bhogadhmad muilleáilte atá le húsáid mar eilimintí struchtúracha i bhfoirgnimh,

fobhrait atá déanta as cúr gránaithe polúireatáin le corc gránaithe nó gan é,

eilimintí sprionga chruaigh,

painéil chomhchodacha atá bunaithe ar adhmad le haghaidh dearadh balla nó síleála taobh istigh, nó le haghaidh an dá rud,

trealamh le haghaidh díonta glasa,

marcanna bóithre - eilimintí ais-fhrithchaiteacha;

painéil ghloine, tíleanna agus mósáic,

ancairí teilgthe ag a bhfuil soicéad snáithithe inmheánach (le cur in ionad na sonraíochta teicniúla ‘EAD 330012-00-0601’),

nascóirí plaisteach atá treisithe le snáithín gloine atá le húsáid i mballaí srathaithe agus eiliminte atá déanta as coincréiteach,

gairis ancaire chun córais chosanta phearsanta ar thitim a cheangal le fostruchtúir adhmaid,

ceanglóirí scriú nasctha atá le húsáid i gcoincréiteach.

(4)

Na Doiciméid um Measúnú Eorpach atá tarraingthe suas agus glactha ag eagraíocht na gComhlachtaí um Measúnú Teicniúil, comhlíonann siad na riachtanais atá le comhlíonadh maidir leis na buncheanglais i ndáil le hoibreacha foirgníochta a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 305/2011. Dá bhrí sin, is iomchuí na tagairtí do na Doiciméid um Measúnú Eorpach sin a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(5)

Foilsítear liosta na dtagairtí do Dhoiciméid um Measúnú Eorpach maidir le táirgí foirgníochta de bhun Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/450 ón gCoimisiún (2). Ar mhaithe le soiléireacht, ba cheart tagairtí do Dhoiciméid nua um Measúnú Eorpach a chur leis an liosta sin.

(6)

Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/450 a leasú dá réir.

(7)

Chun gur féidir na Doiciméid um Measúnú Eorpach a úsáid a luaithe is féidir, ba cheart don Chinneadh seo teacht i bhfeidhm lá a fhoilsithe,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/450 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 17 Iúil 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 88, 4.4.2011, lch. 5.

(2)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/450 ón gCoimisiún an 19 Márta 2019 maidir le foilsiú na nDoiciméad um Measúnú Eorpach le haghaidh táirgí foirgníochta arna ndréachtú chun tacú le Rialachán (AE) Uimh. 305/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 77, 20.3.2019, lch. 78).


IARSCRÍBHINN

San Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/450, cuirtear isteach na rónna seo a leanas in ord seicheamhach de réir ord na n-uimhreacha tagartha:

‘030218-01-0402

Scannáin atá le húsáid mar fhobhrait dín nó bhalla, nó mar an dá rud’

‘030271-00-0605

Sraithe rialála galuisce a bhraitheann ar bhogthaise’

‘030295-00-0605

Bratuithe mianraí tiubha solúbtha atá modhnaithe le polaiméir’

‘040146-00-1201

Insliú teirmeach le haghaidh foirgnimh atá déanta as burlaí tuí’

‘040831-00-1201

Cúr nasctha a rinneadh i monarcha atá le húsáid mar insliú fuaime agus teirmeach’

‘041369-00-1201

Cláir inslithe déanta as polúireatán athchúrsáilte atá le húsáid mar insliú fuaime agus teirmeach’

‘041499-00-1201

Trealamh de dhúile polúireatáin le haghaidh fráma inslithe teirmigh timpeall fuinneoga atá déanta as próifílí clóiríde polaivinile neamhphlaistithe’

‘060011-00-0802

Trealamh simléir atá frithsheasmhach in aghaidh dóiteáin súiche ag a bhfuil líneálach múcháin cré/ceirmeach, a fheidhmíonn i ndálaí fliucha agus faoi bhrú diúltach/deimhneach

(le cur in ionad na sonraíochta teicniúla ‘060001-00-0802, 060003-00-0802 agus 060008-00-0802’)’

‘130321-00-0304

Cláir struchtúracha a rinneadh a neart a ghrádú agus a siúntáladh le méaralt ag a bhfuil bonn méarailt dúnta acu – bogadhmad’

‘130323-00-0304

Leac adhmaid réamhdhéanta de bhogadhmad muilleáilte atá le húsáid mar eilimintí struchtúracha i bhfoirgnimh’

‘190010-00-0502

Fobhrait atá déanta as cúr gránaithe polúireatáin le corc gránaithe nó gan é’

‘200112-00-0301

Eilimintí sprionga chruaigh’

‘210058-00-0504

Painéil chomhchodacha atá bunaithe ar adhmad le haghaidh dearadh balla nó síleála taobh istigh, nó le haghaidh an dá rud’

‘220009-00-0401

Trealamh le haghaidh díonta glasa’

‘230064-00-0106

Marcanna bóithre - ábhair ais-fhrithchaiteacha’

‘300002-00-1202

Painéil ghloine, tíleanna agus mósáic’

‘330012-01-0601

Ancairí teilgthe ag a bhfuil soicéad snáithithe inmheánach

(le cur in ionad na sonraíochta teicniúla ‘EAD 330012-00-0601’)’

‘330387-00-0601

Nascóirí plaisteach atá treisithe le snáithín gloine atá le húsáid i mballaí srathaithe agus eiliminte atá déanta as coincréiteach’

‘331846-00-0603

Gairis ancaire chun córais chosanta phearsanta ar thitim a cheangal le fostruchtúir adhmaid’

‘332795-00-0601

Ceanglóirí scriú nasctha atá le húsáid i gcoincréiteach’.