17.7.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 180/1


CINNEADH (AE) 2023/1461 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 12 Iúil 2023

lena soláthraítear cúnamh macrairgeadais do Phoblacht na Macadóine Thuaidh

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 212(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Leantar den chaidreamh idir an tAontas agus Poblacht na Macadóine Thuaidh (an Mhacadóin Thuaidh) a fhorbairt faoi chuimsiú an Chomhaontaithe Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus Poblacht Iar-Iúgslavach na Macadóine, den pháirt eile (2) (‘an Comhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais’). Seoladh an chaibidlíocht aontachais idir an tAontas agus an Mhacadóin Thuaidh an 19 Iúil 2022.

(2)

Tá geilleagar na Macadóine Thuaidh buailte go mór ag an gcúlú eacnamaíochta in 2020, arbh í paindéim COVID-19 ba chúis leis, chomh maith leis an ngéarchéim fuinnimh le déanaí. Chuir na himthosca sin leis an mbearna maoiniúcháin mhór sa tír, lena seasamh seachtrach atá ag dul in olcas agus leis na riachtanais fhioscacha atá ag dul i méid.

(3)

Tá tiomantas láidir d’athchóirithe breise a chur chun feidhme léirithe ag rialtas na Macadóine Thuaidh, ag díriú ar na príomhréimsí beartais a sainaithníodh sna Conclúidí Comhpháirteacha ón Idirphlé Eacnamaíoch agus Airgeadais idir tAontas Eorpach agus na Balcáin Thiar agus an Tuirc an 24 Bealtaine 2022 agus lena n-áirítear réimsí bunúsacha amhail an bhreithiúnacht, an comhrac i gcoinne an éillithe agus na coireachta eagraithe, an dea-rialachais agus an smachta reachta.

(4)

Tá an oibríocht maidir le cúnamh macrairgeadais tugtha i gcrích go rathúil ag an Macadóin Thuaidh i gcomhthéacs phaindéim COVID-19 de bhun Chinneadh (AE) 2020/701 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), ós rud é go bhfuil na gníomhaíochtaí athchóirithe uile a comhaontaíodh leis an Aontas sa Mheabhrán Tuisceana dá dtagraítear sa Chinneadh sin curtha i gcrích.

(5)

I mí Aibreáin 2022, tháinig rialtas na Macadóine Thuaidh agus an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (CAI) ar chomhaontú ar leibhéal na foirne maidir le líne réamhchúraim agus leachtachta 24 mhí suas le EUR 530 000 000, rud a d’fhormheas Bord Feidhmiúcháin CAI go hoifigiúil an 22 Samhain 2022. Tá sé d’aidhm ag clár CAI an staid sheachtrach atá ag dul in olcas a mhaolú, tacú le comhdhlúthú fioscach agus dlús a chur le hathchóirithe struchtúracha i roinnt réimsí, lena n-áirítear beartas cánach agus infheistíocht phoiblí.

(6)

I bhfianaise na staide eacnamaíche agus an ionchais eacnamaíoch a bheith ag dul in olcas, d’iarr an Mhacadóin Thuaidh cúnamh macrairgeadais ar an Aontas den chéad uair chun clár CAI a chomhlánú, i mí Aibreáin 2022. Chuir an Coimisiún an iarraidh sin ar feitheamh, áfach, toisc go raibh geilleagar na tíre athléimneach go leor ag an am sin agus go raibh roinnt roghanna maoinithe eile ar fáil chun freastal ar riachtanais maoinithe sheachtraigh 2022. Rinne rialtas na Macadóine Thuaidh a iarraidh ar chúnamh macrairgeadais a athnuachan i mí Dheireadh Fómhair 2022.

(7)

Ós rud é gur tír is iarrthóir ar bhallraíocht í an Mhacadóin Thuaidh, agus go bhfuil tús curtha aici le caibidlíocht aontachais meastar go bhfuil sí incháilithe chun cúnamh macrairgeadais a fháil ón Aontas.

(8)

Is é ba cheart a bheith i gcúnamh macrairgeadais ón Aontas don Mhacadóin Thuaidh ionstraim airgeadais eisceachtúil lena dtugtar tacaíocht neamhcheangailte agus neamhshannta ar mhaithe le comhardú na n-íocaíochtaí, agus é d’aidhm aici aghaidh a thabhairt ar riachtanais phráinneacha mhaoiniúcháin sheachtraigh na Macadóine Thuaidh, agus ba cheart an cúnamh sin a úsáid mar bhonn le clár beartais a chur chun feidhme faoina gcuirfí bearta láidre práinneacha i bhfeidhm maidir le coigeartú agus leis an athchóiriú struchtúrach, bearta a bheadh ceaptha an staid i dtaca le comhardú íocaíochtaí na Macadóine Thuaidh a fheabhsú sa ghearrthéarma.

(9)

Ós rud é go bhfuil riachtanais mhóra iarmharacha maoinithe sheachtraigh fós ann i gcomhardú íocaíochtaí na Macadóine Thuaidh, riachtanais sa bhreis ar na riachtanais a chomhlíonann na hacmhainní a chuireann CAI ar fáil, meastar, sna himthosca eisceachtúla reatha, gur freagairt iomchuí ar iarraidh na tíre ar thacaíocht chun a geilleagar a chobhsú é an cúnamh macrairgeadais ón Aontas don Mhacadóin Thuaidh, i gcomhar le clár CAI. Thacódh an cúnamh macrairgeadais ón Aontas le cobhsú eacnamaíoch agus le clár um athchóiriú struchtúrach na Macadóine Thuaidh, agus na hacmhainní a cuireadh ar fáil faoi shocrú airgeadais CAI á bhforlíonadh.

(10)

Ba cheart é a bheith d’aidhm ag an gcúnamh macrairgeadais ón Aontas tacaíocht a thabhairt don staid inbhuanaithe maidir le maoiniú seachtrach a athbhunú sa Mhacadóin Thuaidh, rud a thacódh le forbairt eacnamaíoch agus shóisialta na tíre.

(11)

Táthar ag súil go mbeidh an cúnamh macrairgeadais ón Aontas ag teacht le cur chun feidhme oibríochtaí tacaíochta buiséid faoin Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais de bhun Rialachán (AE) 2021/1529 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4).

(12)

Ba cheart méid an chúnaimh macrairgeadais ón Aontas don Mhacadóin Thuaidh a chinneadh ar bhonn measúnú cainníochtúil ar na riachtanais maoiniúcháin sheachtraigh atá fós ag an Macadóin Thuaidh, agus cuirtear san áireamh cumas na tíre sin a hacmhainní dílse, go háirithe na cúlchistí idirnáisiúnta atá ar fáil di, a úsáid chun í féin a mhaoiniú. Ba cheart don chúnamh macrairgeadais ón Aontas don Mhacadóin Thuaidh na cláir agus na hacmhainní atá á gcur ar fáil ag CAI agus ag an mBanc Domhanda a chomhlánú. Agus méid an chúnaimh á chinneadh, ba cheart na ranníocaíochtaí airgeadais measta ó dheontóirí iltaobhacha agus an gá atá leis an ualach a roinnt go cothrom idir an tAontas agus deontóirí eile a chur san áireamh, freisin, chomh maith leis an úsáid atá á baint cheana as ionstraimí maoiniúcháin sheachtraigh eile sa Mhacadóin Thuaidh agus an breisluach a bhaineann le rannpháirtíocht an Aontais ina hiomláine sa Mhacadóin Thuaidh.

(13)

Ba cheart don Choimisiún a áirithiú go bhfuil an cúnamh macrairgeadais ón Aontas don Mhacadóin Thuaidh i gcomhréir, ó thaobh dlí agus substainte de, le príomhphrionsabail agus príomhchuspóirí réimsí éagsúla na gníomhaíochta seachtraí agus leis na príomhbhearta a glacadh i leith na réimsí sin, agus le beartais ábhartha eile de chuid an Aontais.

(14)

Ba cheart don chúnamh macrairgeadais ón Aontas tacú le beartas seachtrach an Aontais i dtaca leis an Macadóin Thuaidh. Ba cheart don Choimisiúin agus don tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí a bheith ag obair i ndlúthchomhar le chéile le linn oibríocht an chúnaimh macrairgeadais chun beartas seachtrach an Aontais a chomhordú, agus chun comhsheasmhacht an bheartais sin a áirithiú.

(15)

Le cúnamh macrairgeadais an Aontais, ba cheart tacú leis an ngealltanas atá tugtha ag an Macadóin Thuaidh luachanna atá i gcoiteann aige leis an Aontas a urramú, amhail an daonlathas, an smacht reachta, an dea-rialachas, urramú chearta an duine, an fhorbairt inbhuanaithe agus laghdú na bochtaineachta, agus leis an ngealltanas atá tugtha aige maidir le prionsabail na trádála oscailte cothroime atá bunaithe ar rialacha a urramú.

(16)

Ba cheart a leagan síos mar réamhchoinníoll i dtaca leis an gcúnamh macrairgeadais ón Aontas a thabhairt don Mhacadóin Thuaidh nach mór don Mhacadóin Thuaidh sásraí éifeachtacha daonlathacha a urramú, lena n-áirítear córas parlaiminteach ilpháirtí, chomh maith leis an smacht reachta, agus a ráthú go n-urramófar cearta an duine. Ina theannta sin, ba cheart do na cuspóirí sonracha atá le tacaíocht mhacrairgeadais ón Aontas éifeachtúlacht, trédhearcacht agus cuntasacht na gcóras bainistíochta airgeadais phoiblí sa Mhacadóin Thuaidh a neartú, chomh maith le rialachas agus maoirseacht na hearnála airgeadais, sa Mhacadóin Thuaidh agus ba cheart dóibh athchóirithe struchtúracha atá dírithe ar fhás inbhuanaithe cuimsitheach, cruthú post agus comhdhlúthú fioscach a chur chun cinn. Ba cheart don Choimisiún faireachán a dhéanamh go rialta ar chomhlíonadh an réamhchoinníll sin agus ar bhaint amach na gcuspóirí sin ag an Macadóin Thuaidh.

(17)

Chun a áirithiú go gcosnaítear ar bhealach éifeachtúil na leasanna airgeadais sin de chuid an Aontais atá nasctha lena chúnamh macrairgeadais, ba cheart don Mhacadóin Thuaidh na bearta iomchuí a dhéanamh a bhaineann le calaois, éilliú agus neamhrialtachtaí eile i dtaca leis an gcúnamh a chosc agus a chomhrac. Sa bhreis air sin, ba cheart foráil a dhéanamh don Choimisiún seiceálacha a dhéanamh, don Chúirt Iniúchóirí iniúchtaí a dhéanamh agus d’Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh a cuid inniúlachtaí a fheidhmiú maidir le cúnamh macrairgeadais ón Aontas arna sholáthar don Mhacadóin Thuaidh .

(18)

Tá scaoileadh an chúnaimh macrairgeadais ón Aontas don Mhacadóin Thuaidh gan dochar do chumhachtaí Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina gcáil mar údarás buiséadach.

(19)

Ba cheart méideanna a theastaíonn maidir le cúnamh macrairgeadais ón Aontas don Mhacadóin Thuaidh i bhfoirm iasachtaí a bheith i gcomhréir leis na leithreasuithe buiséadacha dá bhforáiltear sa chreat airgeadais ilbhliantúil.

(20)

Ba cheart don Choimisiún an cúnamh macrairgeadais ón Aontas don Mhacadóin Thuaidh a bhainistiú. Chun a áirithiú go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle in ann cur chun feidhme an Chinnidh seo a leanúint, ba cheart don Choimisiún iad a chur ar an eolas go rialta faoi aon dul chun cinn a dhéantar maidir leis an gcúnamh sin, agus na doiciméid ábhartha a sholáthar dóibh.

(21)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an gCinneadh seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5).

(22)

Ba cheart an cúnamh macrairgeadais ón Aontas don Mhacadóin Thuaidh a bheith faoi réir coinníollacha an bheartais eacnamaíoch, a bheidh le leagan amach i Meabhrán Tuisceana (MT). Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú i dtaca leis an gcur chun feidhme agus ar chúiseanna a bhaineann le héifeachtúlacht, ba cheart a chumhachtú don Choimisiún na coinníollacha sin a chaibidliú le húdaráis na Macadóine Thuaidh faoi mhaoirseacht choiste ionadaithe na mBallstát i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. Faoin Rialachán sin, ba cheart feidhm a bheith leis an nós imeachta comhairliúcháin, mar riail ghinearálta, i ngach cás seachas na cásanna dá bhforáiltear sa Rialachán sin. I bhfianaise an tionchair shuntasaigh a d’fhéadfadh a bheith ag cúnamh ós cionn EUR 90 000 000, is iomchuí an nós imeachta scrúdúcháin mar a shonraítear i Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 a úsáid le haghaidh oibríochtaí os cionn na tairsí sin. I bhfianaise mhéid an chúnaimh mhacrairgeadais atá an tAontas a thabhairt don Mhacadóin Thuaidh, ba cheart feidhm a bheith ag an nós imeachta scrúdúcháin maidir le glacadh an MT, agus maidir le haon chás ina ndéanfaí an cúnamh sin a laghdú, a chur ar fionraí nó a chur ar ceal.

(23)

I bhfianaise mhéid teoranta an chúnaimh airgeadais, eadhon EUR 100 000 000, an chineáil aonuaire a bhaineann leis, agus i bhfianaise chreat ama inmhianaithe na heisíocaíochta, leis an gcur chuige cistiúcháin comhuaineach, d’áiritheofaí ní ba mhó solúbthachta agus éifeachtúlachta maidir leis na hoibríochtaí iasachtaíochta i gcomparáid leis an straitéis cistiúcháin éagsúlaithe. Dá bhrí sin, mar eisceacht,, ba cheart don Choimisiún na tráthchodanna iasachta a chistiú ar an margadh caipitil i ndiaidh a chéile seachas trí bhíthin na straitéise cistiúcháin éagsúlaithe dá bhforáiltear in Airteagal 220a de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6). Is iomchuí, dá bhrí sin, an cúnamh macrairgeadais don Mhacadóin Thuaidh a chistiú trí idirbhearta airgeadais aonair.

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Déanfaidh an tAontas cúnamh macrairgeadais de EUR 100 000 000 ar a mhéid á chur ar fáil don Mhacadóin Thuaidh (‘cúnamh macrairgeadais ón Aontas’), d'fhonn tacú le cobhsú eacnamaíoch agus le clár substainteach um athchóiriú na Macadóine Thuaidh. Is i bhfoirm iasachtaí a sholáthrófar méid iomlán an chúnaimh. Beidh scaoileadh an chúnaimh macrairgeadais ón Aontas faoi réir a ghlactha ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle i mbuiséad an Aontais don bhliain ábhartha. Beidh an cúnamh sin ina chabhair chun riachtanais airgeadais i gcomhardú na n-íocaíochtaí de chuid na Macadóine Thuaidh a chlúdach, de réir mar a shainaithnítear na riachtanais sin i gclár CAI.

2.   Chun an iasacht a mhaoiniú, tabharfar de chumhacht don Choimisiún, thar ceann an Aontais, na cistí is gá a fháil ar iasacht sna margaí caipitil nó ó institiúidí airgeadais agus na méideanna comhfhreagracha a thabhairt ar aghaidh ar iasacht don Mhacadóin Thuaidh faoi na coinníollacha is infheidhme maidir leis na hiasachtaí. Is é 15 bliana an uastréimhse aibíochta ar an meán a bheidh ag na hiasachtaí.

3.   Is é an Coimisiún a bhainisteoidh scaoileadh an chúnaimh macrairgeadais ón Aontas agus déanfaidh sé an méid sin ar shlí a bheidh ag luí leis na comhaontuithe nó na comhthuiscintí a dhéanfar idir CAI agus an Mhacadóin Thuaidh, agus le heochairphrionsabail agus cuspóirí na n-athchóirithe eacnamaíocha a leagtar amach sa Chomhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais

Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas go rialta faoi aon fhorbairt maidir leis an gcúnamh macrairgeadais ón Aontas, lena n-áirítear eisíocaíochtaí an chúnaimh sin, agus cuirfidh sé na doiciméid ábhartha ar fáil do na hinstitiúidí sin in am trátha.

4.   Déanfar an cúnamh macrairgeadais ón Aontas a chur ar fáil ar feadh tréimhse 2 bhliain go leith, ag tosú ón gcéad lá tar éis don MT dá dtagraítear in Airteagal 3(1) teacht i bhfeidhm.

5.   Má thagann laghdú suntasach ar riachtanais mhaoiniúcháin na Macadóine Thuaidh le linn thréimhse eisíocaíochta an chúnaimh macrairgeadais ón Aontas i gcomparáid leis na réamh-mheastacháin tosaigh, déanfaidh an Coimisiún, ag gníomhú dó i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 7(2), méid an chúnaimh a laghdú nó cuirfidh sé an cúnamh ar fionraí nó ar ceal.

Airteagal 2

1.   Beidh mar réamhchoinníoll i dtaca leis an gcúnamh macrairgeadais ón Aontas a thabhairt don Mhacadóin Thuaidh nach mór di sásraí éifeachtacha daonlathacha a urramú lena n-áirítear córas parlaiminteach ilpháirtí, maille leis an smacht reachta, agus ráthaíocht a thabhairt go n-urramófar cearta an duine.

2.   Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar chomhlíonadh an réamhchoinníll ag an Macadóin Thuaidh a leagtar amach i mír 1 le linn shaolré an chúnaimh macrairgeadais ón Aontas.

3.   Beidh feidhm ag míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo i gcomhréir le Cinneadh 2010/427/AE ón gComhairle (7).

Airteagal 3

1.   I gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 7(2), comhaontóidh an Coimisiún, i gcomhar le húdaráis na Macadóine Thuaidh, coinníollacha dea-shainithe airgeadais agus beartais eacnamaíoch, a mbeidh cúnamh macrairgeadais ón Aontas faoina réir. Déanfar na coinníollacha beartais eacnamaíoch agus airgeadais sin a leagan amach i Meabhrán Tuisceana (MT) ina mbeidh clár ama chun na coinníollacha sin a chomhlíonadh. Beidh na coinníollacha airgeadais agus beartais eacnamaíoch sin i gcomhréir leis na comhaontuithe nó na comhthuiscintí dá dtagraítear in Airteagal 1(3), lena n-áirítear an coigeartú maicreacnamaíoch agus na cláir um athchóiriú struchtúrach arna gcur chun feidhme ag an Macadóin Thuaidh le tacaíocht ó CAI.

2.   Leis na coinníollacha dá dtagraítear i mír 1, féachfar, go háirithe, le héifeachtúlacht, trédhearcacht agus cuntasacht na gcóras bainistíochta airgeadais phoiblí sa Mhacadóin Thuaidh a fheabhsú, lena n-áirítear i dtaca leis an gcúnamh macrairgeadais ón Aontas a úsáid. Nuair a bheidh bearta beartais á gceapadh, tabharfar aird chuí freisin ar an dul chun cinn maidir le hoscailt fhrithpháirteach an mhargaidh, ar fhorbairt trádála atá cothrom agus bunaithe ar rialacha, agus ar thosaíochtaí eile i gcomhthéacs bheartas seachtrach an Aontais. Déanfaidh an Coimisiún faireachán go tráthrialta ar an dul chun cinn atá á dhéanamh ag an Macadóin Thuaidh maidir leis na cuspóirí sin a bhaint amach.

3.   I gcomhaontú iasachta atá le tabhairt i gcrích idir an Coimisiún agus an Mhacadóin Thuaidh, leagfar síos na téarmaí mionsonraithe airgeadais a ghabhann leis an gcúnamh macrairgeadais ón Aontas.

4.   Fíoróidh an Coimisiún go tráthrialta go bhfuiltear ag leanúint de na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 4(3) a chomhlíonadh, lena n-áirítear cibé acu atá nó nach bhfuil beartais eacnamaíocha na Macadóine Thuaidh i gcomhréir leis na cuspóirí maidir leis an gcúnamh macrairgeadais ón Aontas. Chun críocha an fhíoraithe sin, beidh an Coimisiún ag comhordú go dlúth le CAI agus leis an mBanc Domhanda agus, i gcás inar gá, le Parlaimint na hEorpa agus leis an gComhairle.

Airteagal 4

1.   Faoi réir na gcoinníollacha dá dtagraítear i mír 3, cuirfidh an Coimisiún an cúnamh macrairgeadais ón Aontas ar fáil ina dhá tráthchuid chomhchoiteanna.

2.   I gcás inar gá, soláthrófar méideanna an chúnaimh macrairgeadais ón Aontas i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/947 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8).

3.   Déanfaidh an Coimisiún cinneadh maidir le scaoileadh na dtráthchodanna faoi réir gach ceann de na coinníollacha seo a leanas a bheith comhlíonta:

(a)

an réamhchoinníoll a leagtar amach in Airteagal 2(1);

(b)

teist leanúnach shásúil maidir le clár beartais a chur chun feidhme faoina gcuirfí i bhfeidhm bearta láidre maidir le coigeartú agus leis an athchóiriú struchtúrach, clár beartais a fhaigheann tacaíocht ó shocrú creidmheasa CAI nach socrú réamhchúraim é;

(c)

na coinníollacha beartais eacnamaíoch agus airgeadais a socrófar orthu sa MT a chur chun feidhme go sásúil.

4.   Ní dhéanfar an dara tráthchuid a scaoileadh, i bprionsabal, tráth is luaithe ná 3 mhí tar éis an chéad tráthchuid a scaoileadh.

5.   I gcás nach gcomhlíontar na coinníollacha dá dtagraítear i mír 3, déanfaidh an Coimisiún eisíoc an chúnaimh macrairgeadais ón Aontas a chur ar fionraí go sealadach nó a chur ar ceal. Sna cásanna sin, cuirfidh sé in iúl do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle na cúiseanna a bhí aige leis an bhfionraí nó leis an gcur ar ceal.

6.   Is le Banc Náisiúnta na Macadóine Thuaidh a eisíocfar an cúnamh macrairgeadais ón Aontas. Faoi réir na bhforálacha comhaontaithe a leagtar amach sa MT, lena n-áirítear deimhniú na riachtanas maoinithe sheachtraigh atá fós ann, féadfar cistí an Aontais a aistriú chuig Aireacht Airgeadais na Macadóine Thuaidh ina cáil mar an tairbhí deireanach.

Airteagal 5

1.   Na hoibríochtaí iasachtaíochta agus iasachtóireachta a bhaineann leis an gcúnamh macrairgeadais ón Aontas, is in euro a dhéanfar iad agus beidh an dáta luacha céanna orthu agus ní bhéarfaidh siad go mbeidh aon bhaint ag an Aontas le claochlú aibíochtaí, ná ní chuirfidh siad an tAontas i mbaol aon riosca ó thaobh ráta malairte nó ráta úis de, ná aon riosca tráchtála eile.

2.   I gcás ina gceadófar sin leis na himthosca, agus má iarann an Mhacadóin Thuaidh amhlaidh, féadfaidh an Coimisiún na bearta is gá a dhéanamh chun a áirithiú go n-áirítear clásal luath-aisíocaíochta i dtéarmaí agus coinníollacha na hiasachta agus go bhfuil clásal comhfhreagrach i dtéarmaí agus coinníollacha na n-oibríochtaí iasachtaíochta.

3.   I gcás inar féidir ráta úis níos fabhraí i leith na hiasachta a bheith ann sna himthosca agus má iarrann an Mhacadóin Thuaidh amhlaidh, féadfaidh an Coimisiún a chinneadh iomlán a iasachtaí tosaigh, nó páirt díobh, a athmhaoiniú, nó féadfaidh sé na coinníollacha airgeadais comhfhreagracha a athstruchtúrú. Déanfar oibríochtaí athmhaoiniúcháin nó athstruchtúrúcháin i gcomhréir le míreanna 1 agus 4 agus ní bheidh sé mar éifeacht leo síneadh a chur le haibíocht na n-iasachtaí lena mbaineann ná méid an chaipitil atá gan íoc ar dháta an athmhaoiniúcháin nó an athstruchtúrúcháin a mhéadú.

4.   Seasfaidh an Mhacadóin Thuaidh na costais uile arna dtabhú ag an Aontas a bhaineann leis na hoibríochtaí iasachtaíochta agus iasachtaithe faoin gCinneadh seo.

5.   Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoi fhorbairtí maidir leis na hoibríochtaí dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3.

Airteagal 6

1.   Cuirfear an cúnamh macrairgeadais ón Aontas chun feidhme i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046.

2.   Is faoi bhainistiú díreach a dhéanfar an cúnamh macrairgeadais ón Aontas a chur chun feidhme.

3.   Beidh na forálacha seo a leanas uile sa chomhaontú iasachta atá le comhaontú le húdaráis na Macadóine Thuaidh:

(a)

forálacha lena n-áirithítear go ndearbhóidh an Mhacadóin Thuaidh go rialta gur baineadh úsáid cheart as an maoiniú arna fháil ó bhuiséad ginearálta an Aontais, go ndéanfaidh sí bearta iomchuí chun neamhrialtachtaí agus calaois a chosc agus, más gá, go dtabharfaidh sí caingean dlí chun aon chiste míleithreasaithe a cuireadh ar fáil faoin gCinneadh seo a aisghabháil;

(b)

forálacha lena n-áirithítear cosaint leasanna airgeadais an Aontais, agus foráil á déanamh go háirithe maidir le bearta sonracha i dtaca le calaois, éilliú agus aon neamhrialtacht eile a dhéanann dochar don chúnamh macrairgeadais ón Aontas a chosc agus a chomhrac, i gcomhréir le Rialacháin (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 (9) agus Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle (10), Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11) agus, do na Ballstáit sin atá rannpháirteach sa chomhar feabhsaithe maidir le hOifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle (12);

(c)

forálacha lena n-údaraítear go sainráite don Oifig Eorpach Frith-Chalaoise imscrúduithe a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, lena n-áirítear oibríochtaí agus agallaimh fóiréinsice digití;

(d)

forálacha lena n-údaraítear go sainráite don Choimisiún nó dá ionadaithe seiceálacha a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair;

(e)

forálacha lena n-údaraítear go sainráite don Choimisiún agus don Chúirt Iniúchóirí iniúchtaí a dhéanamh le linn agus i ndiaidh na tréimhse ina mbeidh an cúnamh macrairgeadais ón Aontas ar fáil, lena n-áirítear iniúchtaí ar dhoiciméid agus iniúchtaí ar an láthair, ar nós measúnuithe oibríochtúla;

(f)

forálacha lena n-áirithítear go bhfuil an tAontas i dteideal luath-aisíoc na hiasachta i gcás inar suíodh, i ndáil le bainistiú an chúnaimh macrairgeadais ón Aontas, go raibh baint ag an Macadóin Thuaidh le haon ghníomh calaoise nó éillithe nó le haon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanfadh dochar do leasanna airgeadais an Aontais.

(g)

forálacha lena n-áirithítear go bhfuil an Mhacadóin Thuaidh leis na costais uile arna dtabhú ag an Aontas a bhaineann leis na hoibríochtaí iasachtaíochta agus iasachtaithe faoin gCinneadh seo a sheasamh.

4.   Sula gcuirfear an cúnamh macrairgeadais ón Aontas chun feidhme, déanfaidh an Coimisiún measúnú, trí bhíthin measúnú oibríochtúil, ar a fhónta atá socruithe airgeadais na tíre, na nósanna imeachta riaracháin, agus na sásraí rialaithe inmheánaigh agus sheachtraigh is ábhartha maidir leis an gcúnamh.

Airteagal 7

1.   Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 8

1.   Faoin 30 Meitheamh gach bliain, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur chun feidhme an Chinnidh seo sa bhliain roimhe sin, lena n-áirítear meastóireacht ar an gcur chun feidhme sin. Leis an tuarascáil sin, déanfar an méid seo a leanas:

(a)

scrúdófar an dul chun cinn atá déanta i dtaca leis an gcúnamh macrairgeadais ón Aontas a chur chun feidhme;

(b)

déanfar staid eacnamaíoch agus ionchais na Macadóine Thuaidh a mheas, mar aon leis an dul chun cinn atá déanta i dtaca leis na bearta beartais dá dtagraítear in Airteagal 3(1) a chur chun feidhme;

(c)

luafar an chomhbhaint idir coinníollacha an bheartais eacnamaíoch a leagtar amach sa MT, feidhmíocht leanúnach eacnamaíoch agus fhioscach na tíre agus cinntí an Choimisiúin maidir le scaoileadh na dtráthchodanna atá sa chúnamh macrairgeadais ón Aontas.

2.   Tráth nach déanaí ná 2 bhliain tar éis dhul in éag na tréimhse infhaighteachta dá dtagraítear in Airteagal 1(4), cuirfidh an Coimisiún faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle tuarascáil meastóireachta ex-post, ina ndéanfar measúnú ar thorthaí agus éifeachtúlacht an chúnaimh macrairgeadais ón Aontas agus ar a mhéid a rannchuidigh sé le haidhmeanna an chúnaimh a bhaint amach.

Airteagal 9

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 12 Iúil 2023.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

P. NAVARRO RÍOS


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Meitheamh 2023 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 10 Iúil 2023.

(2)  IO L 84, 20.3.2004, lch. 13.

(3)  Cinneadh (AE) 2020/701 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 2020 maidir le cúnamh macrairgeadais a sholáthar do chomhpháirtithe um méadú agus comhpháirtithe comharsanachta i gcomhthéacs phaindéim COVID-19 (IO L 165, 27.5.2020, lch. 31).

(4)  Rialachán (AE) 2021/1529 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Meán Fómhair 2021 lena mbunaítear an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA III) (IO L 330, 20.9.2021, lch. 1).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(6)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

(7)  Cinneadh 2010/427/AE ón gComhairle an 26 Iúil 2010 lena mbunaítear eagrúchán agus feidhmiú na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí (IO L 201, 3.8.2010, lch. 30).

(8)  Rialachán (AE) 2021/947 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – An Eoraip Dhomhanda, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 466/2014/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2017/1601 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 480/2009 ón gComhairle (IO L 209, 14.6.2021, lch. 1).

(9)  Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle an 18 Nollaig 1995 maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint (IO L 312, 23.12.1995, lch. 1).

(10)  Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).

(11)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).

(12)  Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (‘OIPE’) (IO L 283, 31.10.2017, lch. 1).