14.7.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 179/114


CINNEADH (CBES) 2023/1457 ÓN gCOISTE POLAITIÚIL AGUS SLÁNDÁLA

an 13 Iúil 2023

maidir le Ceannasaí Fórsa an Aontais a cheapadh le haghaidh oibríocht mhíleata an Aontais Eorpaigh chun rannchuidiú leis an tslándáil mhuirí san Aigéan Indiach Thiar agus sa Mhuir Rua (EUNAVFOR ATALANTA), agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2023/311 (EUNAVFOR ATALANTA/2/2023)

TÁ AN COISTE POLAITIÚIL AGUS SLÁNDÁLA,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 38 de,

Ag féachaint do Ghníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/851/CBES ón gComhairle an 10 Samhain 2008 maidir le hoibríocht mhíleata de chuid an Aontais Eorpaigh chun rannchuidiú leis an tslándáil mhuirí san Aigéan Indiach Thiar agus sa Mhuir Rua (EUNAVFOR ATALANTA) (1), agus go háirithe Airteagal 6(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De bhun Airteagal 6(1) de Ghníomhaíocht Comhpháirteach 2008/851/CBES, thug an Chomhairle údarú don Choiste Polaitiúil agus Slándála na cinntí ábhartha a dhéanamh maidir le Ceannasaí Fórsa an Aontais le haghaidh oibríocht mhíleata an Aontais Eorpaigh chun rannchuidiú leis an tslándáil mhuirí san Aigéan Indiach Thiar agus sa Mhuir Rua (EUNAVFOR ATLANTA) (‘Ceannasaí Fórsa an Aontais’) a cheapadh.

(2)

An 7 Feabhra 2023, ghlac an Coiste Polaitiúil agus Slándála Cinneadh (CBES) 2023/311 (2), lena gceaptar an Seachaimiréal Juan María IBAÑEZ MARTÍN mar Cheannasaí Fórsa an Aontais.

(3)

An 23 Bealtaine 2023, mhol údaráis mhíleata na hIodáile ceapachán an tSeachaimiréil Fabrizio RUTTERI le teacht i gcomharbas ar an Seachaimiréal Juan María IBAÑEZ MARTÍN mar Cheannasaí Fórsa an Aontais Eorpaigh ón 17 Iúil 2023.

(4)

An 2 Meitheamh 2023, thacaigh Ceannasaí Oibríochta an Aontais EUNAVFOR ATALANTA leis an gceapachán molta sin.

(5)

An 9 Meitheamh 2023, thacaigh Coiste Míleata an Aontais leis an moladh arna dhéanamh ag na húdaráis mhíleata Iodálacha.

(6)

Ba cheart cinneadh a dhéanamh maidir leis an Seachaimiréal Fabrizio Rutteri a cheapadh.

(7)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh (CBES) 2023/311 a aisghairm,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, ceaptar an Seachaimiréal Fabrizio RUTTERI mar Cheannasaí Fórsa an Aontais le haghaidh oibríocht mhíleata an Aontais Eorpaigh chun rannchuidiú leis an tslándáil mhuirí san Aigéan Indiach Thiar agus sa Mhuir Rua (EUNAVFOR ATALANTA) ón 17 Iúil 2023.

Airteagal 2

Leis seo, déantar Cinneadh (CBES) 2023/311 a aisghairm.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 17 Iúil 2023.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 13 Iúil 2023.

Thar ceann an Choiste Pholaitiúil agus Slándála

D. PRONK

An Cathaoirleach


(1)   IO L 301, 12.11.2008, lch. 33.

(2)  Cinneadh (CBES) 2023/311 ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála an 7 Feabhra 2023 maidir le Ceannasaí Fórsa an Aontais Eorpaigh a cheapadh le haghaidh oibríocht mhíleata de chuid an Aontais Eorpaigh chun rannchuidiú leis an tslándáil mhuirí san Aigéan Indiach Thiar agus sa Mhuir Rua (EUNAVFOR ATALANTA), agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2022/2205 (EUNAVFOR ATALANTA/1/2023) (IO L 40, 10.2.2023, lch. 24).