|
3.7.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 168/48 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1353 ÓN gCOIMISIÚN
an 30 Meitheamh 2023
lena leagtar amach eochairtháscairí feidhmíochta chun an dul chun cinn i dtreo na spriocanna digiteacha a bhunaítear le hAirteagal 4(1) de Chinneadh (AE) 2022/2481 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a thomhas
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Chinneadh (AE) 2022/2481 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 lena mbunaítear Clár Beartais 2030 don Deacáid Dhigiteach (1), agus go háirithe Airteagal 5(1) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
I gcomhréir le hAirteagal 5(1) de Chinneadh (AE) 2022/2481, úsáidfear eochairtháscairí feidhmíochta (ETFanna) chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn an Aontais i dtaca leis na spriocanna digiteacha a leagtar amach in Airteagal 4 den Chinneadh sin. Ba cheart na ETFanna céanna a úsáid chun na treochtaí bunúsacha ar an leibhéal náisiúnta a thomhas. Ba cheart na ETFanna a leagtar amach sa chinneadh seo a áireamh sna táscairí san Innéacs um an nGeilleagar Digiteach agus an tSochaí Dhigiteach (DESI), mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1), de Chinneadh (AE) 2022/2481. Leis an gCinneadh seo, ba cheart teorainn a chur leis an bpróiseas a úsáidtear in DESI chun táscairí a shainiú agus sonraí a bhailiú. |
|
(2) |
Léiríonn na ETFanna a leagtar amach sa Chinneadh seo na tomhais is fearr is féidir ar an dul chun cinn i dtreo na spriocanna digiteacha a leagtar amach in Airteagal 4 de Chinneadh (AE) 2022/2481 tráth glactha an ghnímh seo. Tá gá le breis anailíse agus fíoraithe ar shásraí bailithe sonraí chun a mheas ar cheart nó nár cheart na ETFanna sin a mhodhnú amach anseo chun na spriocanna a léiriú ar bhealach níos cuimsithí. Go sonrach, is é is aidhm do cheann de na spriocanna nascachta a leagtar amach in Airteagal 4(1), pointe (2)(a) de Chinneadh (AE) 2022/2481 a áirithiú go gcumhdaítear gach limistéar a bhfuil daonra ann le líonra ardluais den chéad ghlúin eile a bhfuil feidhmíocht atá coibhéiseach le 5G ar a laghad aige i gcomhréir le prionsabal neodracht na teicneolaíochta. Leis an EFT gaolmhar sa Chinneadh seo, beifear in ann faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn i dtreo cumhdach den sórt sin maidir le líonraí 5G. Aithníonn an Coimisiún nach mbeifear in ann, le ETF den sórt sin, rianú iomlán a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta ag na Ballstáit i dtreo na sprice agus úsáid á baint acu as teicneolaíochtaí seachas 5G. Go deimhin, d’fhorbair an Coimisiún an ETF ar bhonn na sonraí a bhí ar fáil tráth a glacadh an Cinneadh seo. Chun aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist sin, tá breis anailíse á déanamh ag an gCoimisiún chun an creat tomhais le haghaidh nascachta a bheachtú agus chun EFT intomhaiste a shainiú lena bhféadfaí ‘líonraí eile ardluais gan sreang den chéad ghlúin eile’ a shainaithint, ag a bhfuil feidhmíocht atá coibhéiseach le 5G ar a laghad, lena n-áirítear an méid sin a dhéanamh i gcomhar le Comhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach (BEREC). Thairis sin, tá gá le breis oibre chun ETFanna a shainiú a d’fhéadfadh léiriú níos cuimsithí a thabhairt ar na spriocanna a leagtar amach in Airteagal 4(1), pointí (2)(a), (2)(b) agus 2(c) de Chinneadh (AE) 2022/2481, maidir le nascacht ghigighiotáin, agus táirgeadh leathsheoltóirí ceannródaíocha agus imeallnód thar a bheith slán atá neodrach ó thaobh na haeráide de, i gcomhréir le dlí an Aontais maidir le hinbhuanaitheacht comhshaoil. Déanfar an obair ar an EFT lena dtomhaistear nascacht ghigighiotáin i gcomhar le BEREC. |
|
(3) |
Beidh gá freisin leis na ETFanna a choigeartú nó a mhodhnú, nuair is gá, i bhfianaise forbairtí teicneolaíocha, nó athruithe socheacnamaíocha, agus chun athruithe a d’fhéadfaí a dhéanamh ar na spriocanna a leagtar amach in Airteagal 4 de Chinneadh (AE) 2022/2481 a léiriú. |
|
(4) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um an Deacáid Dhigiteach a bunaíodh le hAirteagal 23(1) de Chinneadh (AE) 2022/2481. |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ábhar
Leagtar amach sa Chinneadh seo na heochairtháscairí feidhmíochta (ETFanna) ar dá réir a ndéanfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún an dul chun cinn i dtreo na spriocanna digiteacha a bhunaítear le hAirteagal 4(1) de Chinneadh (AE) 2022/2481 a thomhas.
Airteagal 2
Eochairtháscairí Feidhmíochta
1. Úsáidfear na ETFanna seo a leanas chun an dul chun cinn i dtreo na spriocanna digiteacha a leagtar amach in Airteagal 4(1) de Chinneadh (AE) 2022/2481 a thomhas:
|
(1) |
Bunscileanna digiteacha ar a laghad, arna dtomhas mar chéatadán de na daoine idir 16 agus 74 bliana d’aois, agus iad imdhealaithe de réir gnéis, ag a bhfuil scileanna digiteacha atá ‘bunúsach’ nó ‘os cionn bunúsach’ i ngach ceann de na cúig ghné seo a leanas: faisnéis, cumarsáid, réiteach fadhbanna, cruthú ábhair dhigitigh agus scileanna sábháilteachta. Déantar é a thomhas ar bhonn na ngníomhaíochtaí atá déanta ag daoine le linn na 3 mhí roimhe sin (2); agus cóineasú inscne, arna thomhas mar chéatadán na mban agus na bhfear i measc na ndaoine aonair sin a bhfuil scileanna digiteacha acu atá ‘bunúsach’ nó ‘os cionn bunúsach’. |
|
(2) |
Speisialtóirí TFC, arna dtomhas de réir an líon daoine idir 15 agus 74 bliana d’aois atá fostaithe mar speisialtóirí TFC; agus cóineasú inscne, arna thomhas mar chéatadán na mban agus na bhfear i measc na ndaoine sin atá fostaithe mar speisialtóirí TFC. I gcomhréir le haicmiú cód ISCO-08 (3), is oibrithe iad speisialtóirí TFC a bhfuil an cumas acu córais TFC a fhorbairt, a oibriú agus a chothabháil, agus arb é TFC an chuid is mó dá bpost, lena n-áirítear bainisteoirí seirbhísí TFC, gairmithe TFC, teicneoirí TFC, suiteálaithe TFC agus seirbhíseoirí TFC, ach gan a bheith teoranta dóibh sin. |
|
(3) |
Nascacht ghigighiotáin, arna tomhas mar chéatadán na dteaghlach a chumhdaítear le Líonraí Fíor-Ardacmhainneachta (VHCN). Is iad na teicneolaíochtaí a mheastar na teicneolaíochtaí sin atá in ann nascacht ghigighiotáin a sholáthar faoi láthair, is iad sin Snáithín chomh fada leis an Áitreabh agus Cábla DOCSIS (4) 3.1 (5). Déanfar faireachán ar leithligh ar an bhforbairt ar chumhdach an tsnáithín chomh fada leis an áitreabh agus cuirfear san áireamh í nuair a bheidh sonraí cumhdaigh VHCN á léirmhíniú. |
|
(4) |
Cumhdach 5G, arna thomhas mar chéatadán na limistéar a bhfuil daonra iontu a chumhdaítear le líonra 5G amháin ar a laghad gan beann ar an mbanda speictrim a úsáidtear. |
|
(5) |
Leathsheoltóirí, arna dtomhas mar luach arna ghiniúint i dtéarmaí ioncaim, le gníomhaíochtaí leathsheoltóra san Aontas, ag gach céim den slabhra luacha, i ndáil leis an luach margaidh domhanda. Don chéad bhliain, déanfar tuairisciú ar bhonn na ngníomhaíochtaí sin san Eoraip. |
|
(6) |
Imeallnóid, arna dtomhas mar an líon nód ríofa a sholáthraíonn agaí folaigh faoi bhun 20 milleasoicind; amhail freastalaí aonair nó sraith eile d’acmhainní ríomhaireachta nasctha, a oibrítear mar chuid de bhonneagar imeall-ríomhaireachta, arb iondúil é a bheith laistigh d’imeallionad sonraí atá ag feidhmiú ar imeall an bhonneagair, agus atá níos gaire go fisiciúil, dá bhrí sin, do na húsáideoirí beartaithe ná mar atá néalnód i lárionad sonraí láraithe. |
|
(7) |
Ríomhaireacht chandamach arna tomhas mar líon na ríomhairí candamacha oibríochtúla nó líon na n-ionsamhlóirí candamacha, lena n-áirítear luasairí sár-ríomhairí Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta, a chuirtear in úsáid agus a bhfuil rochtain ag na pobail úsáideoirí orthu. |
|
(8) |
Néalríomhaireacht, arna tomhas mar chéatadán de na fiontair a úsáideann ceann amháin ar a laghad de na seirbhísí néalríomhaireachta seo a leanas: feidhmchláir bogearraí airgeadais nó cuntasaíochta, feidhmchláir bogearraí maidir le pleanáil acmhainní fiontraíochta (PAF), feidhmchláir bogearraí maidir le bainistíocht caidreamh custaiméirí (CRM), feidhmchláir bogearraí slándála, bunachar/bunachair sonraí an fhiontair a óstáil, agus ardán ríomhaireachta a chuireann timpeallacht óstáilte ar fáil d’fhorbairt, tástáil nó cur in úsáid feidhmchlár (6). |
|
(9) |
Mórshonraí, arna dtomhas mar chéatadán na bhfiontar a dhéanann anailís ar mhórshonraí ó aon fhoinse sonraí (inmheánach nó seachtrach) (7). Amhail ó thuarascáil 2024, déanfar mórshonraí a thomhas de réir chéatadán na bhfiontar a dhéanann anailísíocht sonraí (go hinmheánach nó go seachtrach). |
|
(10) |
Intleacht shaorga, arna tomhas mar chéatadán de na fiontair a úsáideann teicneolaíocht intleachta saorga amháin ar a laghad (8). |
|
(11) |
FBManna ag a bhfuil bunleibhéal déine digití ar a laghad, arna thomhas mar chéatadán de na FBManna a úsáideann 4 as 12 theicneolaíocht dhigiteacha roghnaithe ar a laghad (9). |
|
(12) |
Aonbheannaigh, arna dtomhas mar shuim na n-aonbheannach dá dtagraítear in Airteagal 2, pointe (11)(a), de Chinneadh (AE) 2022/2481 agus iad siúd dá dtagraítear in Airteagal 2, pointe (11)(b), den Chinneadh sin. |
|
(13) |
Soláthar seirbhísí poiblí tábhachtacha ar líne do shaoránaigh, arna thomhas mar an sciar de na céimeanna riaracháin is féidir a dhéanamh go hiomlán ar líne le haghaidh mórimeachtaí saoil. Cuirtear na mórimeachtaí saoil seo a leanas san áireamh: aistriú tí; iompar; nós imeachta um éilimh bheaga a thionscnamh; cúrsaí teaghlaigh; gairm; staidéar; sláinte. |
|
(14) |
Soláthar seirbhísí poiblí tábhachtacha ar líne do ghnólachtaí, arna thomhas mar an sciar de na céimeanna riaracháin is gá chun gnó a thosú agus oibríochtaí gnó rialta a dhéanamh, ar féidir iad a dhéanamh go hiomlán ar líne. |
|
(15) |
Rochtain ar ríomhthaifid sláinte, arna dtomhas mar seo a leanas: (i) seirbhísí rochtana ar líne a bheith ar fáil ar fud na tíre do shaoránaigh ar a sonraí ríomhthaifead sláinte (trí thairseach othar, nó aip mhóibíleach othar) agus bearta breise a bheith i bhfeidhm a chuireann ar chumas catagóirí áirithe daoine (e.g. caomhnóirí do leanaí, daoine faoi mhíchumas, daoine scothaosta) rochtain a fháil ar a sonraí freisin, agus (ii) an céatadán daoine atá in ann a sraith íosta sonraí sláinte féin, atá stóráilte faoi láthair i gcórais phoiblí agus phríobháideacha ríomhthaifead sláinte, a fháil nó a úsáid. |
|
(16) |
Rochtain ar ríomh-shainaitheantas arna thomhas le dhá KPI: (1) mar líon na mBallstát a thug fógra maidir le scéim náisiúnta ríomh-shainaitheantais amháin ar a laghad i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 agus (2) mar líon na mBallstát a bhfuil rochtain tugtha acu ar ríomh-shainaitheantas slán lena gcuirtear feabhas ar an bpríobháideachas trí Thiachóg na Céannachta Digití Eorpaí i gcomhréir leis an Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 a mhéid a bhaineann le creat a bhunú le haghaidh na Céannachta Digití Eorpaí (10). |
2. Beidh na ETFanna a leagtar amach i míreanna 1 go 16 bunaithe ar fhoinsí sonraí a léirítear san Iarscríbhinn.
3. Áireofar na ETFanna a leagtar amach i míreanna 1 go 16 i measc na dtáscairí a ndéantar faireachán orthu faoi chuimsiú an Innéacs um an nGeilleagar Digiteach agus an tSochaí Dhigiteach (DESI).
Airteagal 3
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 30 Meitheamh 2023.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 323, 19.12.2022, lch. 4.
(2) Arna shainmhíniú de réir mhodheolaíocht Eurostat lena léirítear an Creat athbhreithnithe maidir le hInniúlacht Dhigiteach (DIGCOMP 2.0), mar a leagtar amach freisin i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1399 ón gCoimisiún an 1 Lúnasa 2022 lena sonraítear míreanna teicniúla an tacair sonraí, lena mbunaítear na formáidí teicniúla maidir le faisnéis a tharchur, agus lena sonraítear na socruithe agus ábhar na dtuarascálacha cáilíochta maidir le heagrú suirbhé shamplaigh i bhfearann úsáid na dteicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide, le haghaidh na bliana tagartha 2023 i gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/1700 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
(3) Aicmiú Caighdeánach Idirnáisiúnta Gairmeacha 2008.
(4) Sonraí thar Shonraíocht Chomhéadain Seirbhíse Cábla
(5) Sa bhreis ar an anailís atá bunaithe ar na EFTanna, mar a shainmhínítear sa Chinneadh seo, is féidir leis na Ballstáit sonraí comhlántacha a chur in iúl ina dtreochláir náisiúnta maidir le teicneolaíochtaí fosaithe, sreangaithe agus gan sreang atá in ann nascacht ghigighiotáin a sholáthar.
(6) Mar a shainmhínítear i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1344 ón gCoimisiún an 1 Lúnasa 2022 lena leagtar síos sonraíochtaí teicniúla na gceanglas i ndáil le sonraí le haghaidh na topaice ‘úsáid TCF agus ríomhthráchtáil’ le haghaidh na bliana tagartha 2023, agus rialacháin chur chun feidhme ina dhiaidh sin de bhun Rialachán (AE) 2019/2152 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 202, 2.8.2022, lch. 18), go háirithe Airteagal 7(1) agus Airteagal 17(6) de.
(7) Mar a shainmhínítear in Rialachán (AE) 2019/1910 ón gCoimisiún an 7 Samhain 2019 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 808/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le staidreamh Comhphobail i ndáil leis an tsochaí faisnéise le haghaidh na bliana tagartha 2020 (IO L 296, 15.11.2019, lch. 1), agus rialacháin chur chun feidhme ina dhiaidh sin de bhun Rialachán (AE) 2019/2152 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 327, 17.12.2019, lch. 1), go háirithe Airteagal 7(1) agus Airteagal 17(6) de.
(8) Idem 5.
(9) Mar a shainmhínítear i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1190 ón gCoimisiún an 15 Iúil 2021 lena leagtar síos sonraíochtaí teicniúla na gceanglas i ndáil le sonraí le haghaidh na topaice ‘úsáid TCF agus ríomhthráchtáil’ le haghaidh na bliana tagartha 2022, agus rialacháin chur chun feidhme ina dhiaidh sin de bhun Rialachán (AE) 2019/2152 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 258, 20.7.2021, lch 28), go háirithe Airteagal 7(1) agus Airteagal 17(6) de.
(10) COM/2021/281 final.
IARSCRÍBHINN
Foinsí chun sonraí a bhailiú maidir leis na hEochairtháscairí Feidhmíochta
|
Bunscileanna Digiteacha |
Eurostat - Suirbhé an Aontais Eorpaigh ar úsáid TFC i dTeaghlaigh agus ag Daoine Aonair. |
|
Speisialtóirí TFC |
Eurostat - Suirbhé ar an bhFórsa Saothair. |
|
Nascacht Gigighiotáin |
Staidéar arna dhéanamh ag soláthraí tráchtála don Choimisiún, ar bhonn sonraí na mBallstát, i gcás ina bhfuil siad ar fáil |
|
Clúdach 5G |
Staidéar arna dhéanamh ag soláthraí tráchtála don Choimisiún, ar bhonn sonraí na mBallstát, i gcás ina bhfuil siad ar fáil |
|
Leathsheoltóirí |
Ar fáil go poiblí/sonraí arna soláthar le síntiús |
|
Imeallnóid |
Staidéar arna dhéanamh ag soláthraí tráchtála don Choimisiún |
|
Ríomhaireacht chandamach |
Ar fáil go poiblí/sonraí arna soláthar le síntiús |
|
Néalríomhaireacht |
Eurostat - Suirbhé an Aontais Eorpaigh ar úsáid TFC agus ar ríomhthráchtáil i bhfiontair. |
|
Mórshonraí |
Eurostat - Suirbhé an Aontais Eorpaigh ar úsáid TFC agus ar ríomhthráchtáil i bhfiontair. |
|
An Intleacht Shaorga |
Eurostat - Suirbhé an Aontais Eorpaigh ar úsáid TFC agus ar ríomhthráchtáil i bhfiontair. |
|
FBManna ag a bhfuil leibhéal bunúsach déine digití ar a laghad |
Eurostat - Suirbhé an Aontais Eorpaigh ar úsáid TFC agus ar ríomhthráchtáil i bhfiontair. |
|
Aonbheannaigh |
Sonraí arna soláthar le síntiús |
|
Príomhsheirbhísí poiblí a sholáthar ar líne do shaoránaigh agus do ghnólachtaí |
Staidéar arna dhéanamh ag soláthraí tráchtála don Choimisiún |
|
Rochtain ar ríomhthaifid sláinte |
Staidéar arna dhéanamh ag soláthraí tráchtála don Choimisiún |
|
Rochtain ar ríomh-shainaitheantas |
Seirbhísí an Choimisiúin |