30.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 166/162


CINNEADH (AE) 2023/1338 ÓN gCOIMISIÚN

an 28 Meitheamh 2023

maidir leis na ceanglais sábháilteachta atá le comhlíonadh ag caighdeáin Eorpacha le haghaidh táirgí áirithe do leanaí agus táirgí a bhaineann leo de bhun Threoir 2001/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2001/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Nollaig 2001 maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí (1), agus go háirithe Airteagal 4(1), pointe (a), de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá feidhm ag Treoir 2001/95/CE maidir leis na táirgí go léir mar a shainmhínítear in Airteagal 2(a) iad sa mhéid nach bhfuil forálacha sonracha ann a bhfuil an cuspóir céanna acu agus atá i rialacha dhlí an Aontais lena rialaítear sábháilteacht na dtáirgí lena mbaineann.

(2)

Na táirgí a chomhlíonann caighdeáin náisiúnta lena dtrasuitear caighdeáin Eorpacha arna dtarraingt suas faoi Threoir 2001/95/CE agus na tagairtí arna bhfoilsiú ag an gCoimisiún in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, tairbhíonn siad de thoimhde na sábháilteachta.

(3)

Leis an gClár Oibre nua do Thomhaltóirí 2020 (2), geallann an Coimisiún sábháilteacht na dtáirgí do leanaí a neartú, i bhfianaise a leochailí atá an catagóir tomhaltóirí seo, trí cheanglais sábháilteachta a ghlacadh atá le comhlíonadh ag caighdeáin Eorpacha le haghaidh na dtáirgí sin. As na táirgí go léir faoinar tugadh fógra mar tháirgí contúirteacha in 2020 agus 2021 ag úsáid chóras mear-rabhaidh an Aontais, ‘Safety-Gate’, dá ngairtí roimhe seo an Córas Mear-Mhalartaithe Faisnéise ‘RAPEX’, bhí níos mó ná 20 % díobh ina dtáirgí do leanaí. Ina theannta sin, lena theachtaireacht maidir le Straitéis Ceimiceán um an Inbhuanaitheacht i dTreo Timpeallacht Saor ó Thocsainí (3), is é is aidhm shuntasach don Choimisiún feabhas a chur ar shábháilteacht na leanaí in aghaidh ceimiceán guaiseach in earraí tomhaltais atá ceaptha dóibh.

(4)

Ghlac an Coimisiún cheana Cinneadh 2010/9/AE (4) maidir leis na ceanglais sábháilteachta atá le comhlíonadh ag caighdeáin Eorpacha le haghaidh fáinní folctha, áiseanna folctha agus tobáin folctha agus seastáin folctha do leanaí agus do pháistí óga, Cinneadh 2010/376/AE (5) maidir leis na ceanglais sábháilteachta atá le comhlíonadh ag caighdeáin Eorpacha le haghaidh táirgí áirithe i dtimpeallacht chodlata leanaí agus Cinneadh 2013/121/AE (6) maidir leis na ceanglais sábháilteachta atá le comhlíonadh ag caighdeáin Eorpacha le haghaidh suíocháin áirithe do leanaí. Chomh maith leis na cinntí sin, áfach, is gá ceanglais atá le comhlíonadh ag caighdeáin Eorpacha a leagan síos le haghaidh grúpa níos leithne de tháirgí leanaí agus de tháirgí a bhaineann leo.

(5)

Leagtar síos na rialacha maidir le sábháilteacht bréagán i dTreoir 2009/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7). Tá feidhm ag Treoir 2001/95/CE, áfach, maidir leis na gnéithe agus rioscaí nó catagóirí rioscaí nach gcumhdaítear le Treoir 2009/48/CE. Ní mór dá bhrí sin ceanglais atá le comhlíonadh ag caighdeáin Eorpacha maidir le táirgí do leanaí agus táirgí a bhaineann leo a bheith san áireamh sa Chinneadh seo a mhéid nach gcumhdaítear rioscaí nó catagóirí rioscaí le Treoir 2009/48/CE.

(6)

Tá na ceanglais sábháilteachta riachtanach chun caighdeáin Eorpacha maidir le táirgí áirithe do leanaí agus táirgí a bhaineann leo a tharraingt suas agus a thabhairt cothrom le dáta. Ní mór a áirithiú leis na ceanglais sin go ndéanfaidh táirgí atá i gcomhréir leis na caighdeáin sin an ceanglas ginearálta sábháilteachta a leagtar amach in Airteagal 3 de Threoir 2001/95/CE a chomhlíonadh.

(7)

Ba cheart a léiriú sna ceanglais sábháilteachta sin an t-eolas eolaíoch agus teicniúil nua agus forbairt an mhargaidh. Trí chur chuige guaisbhunaithe a úsáid, tugtar caoi do mheasúnú cuimsitheach ar rioscaí dar féidir leanaí a nochtadh agus iad ag úsáid táirgí atá ceaptha dóibh. Ina theannta sin, is cuidiú é an cur chuige sin chun éiginnteachtaí a bhaineann le táirgí nua amach anseo a admháil agus chun dul i ngleic leo. Ina theannta sin, is fusa comparáid a dhéanamh idir na ceanglais sin agus inneachar na gcaighdeán de bharr na formáide guaisbhunaithe, rud a éascaíonn comhlíontacht na gcaighdeán leis na ceanglais. Is gá dá bhrí sin cur chuige guaisbhunaithe a úsáid agus ceanglais sábháilteachta atá le comhlíonadh ag caighdeáin Eorpacha maidir le táirgí do leanaí agus táirgí a bhaineann leo á leagan síos.

(8)

Tá na bearta dá bhforáiltear leis an gCinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste a leagtar síos le hAirteagal 15 de Threoir 2001/95/CE,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Raon feidhme

Tá feidhm ag an gCinneadh seo maidir leis na caighdeáin Eorpacha dá dtagraítear in Airteagal 4(1) de Threoir 2001/95/CE le haghaidh na dtáirgí seo a leanas:

(a)

táirgí do leanaí atá ceaptha lena gcaitheamh ag leanaí;

(b)

táirgí do leanaí atá ceaptha éascaíocht a dhéanamh nó cosaint a thabhairt don fheidhm suí, don fheidhm chodlata, don fheidhm folctha, don aire don chorp, don scíth, don iompar agus don luathfhoghlaim;

(c)

táirgí do leanaí atá ceaptha beathú, ól nó diúl a dhéanamh níos éasca do leanaí;

(d)

táirgí do leanaí a thugann ceann amháin nó níos mó de na feidhmeanna a liostaítear i bpointí (a), (b) agus (c) agus ceann amháin nó níos mó d’fheidhmeanna eile;

(e)

táirgí a bhaineann le táirgí do leanaí, lena n-áirítear na táirgí seo a leanas:

(i)

táirgí agus gabhálais arna ndearadh go sonrach lena n-úsáid in éineacht le táirgí do leanaí dá dtagraítear i bpointí (a) go (d) nó i gcomhcheangal leis na táirgí sin;

(ii)

táirgí atá le húsáid agus le suí nó le suiteáil ag aosaigh atá inrochtana ag leanbh nó a thugann feidhm chosanta do leanbh.

Airteagal 2

Ceanglais sábháilteachta

Leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo na ceanglais sábháilteachta atá le comhlíonadh ag caighdeáin Eorpacha dá dtagraítear in Airteagal 4(1), pointe (a), de Threoir 2001/95/CE maidir le táirgí áirithe do leanaí agus táirgí a bhaineann leo dá dtagraítear in Airteagal 1 den Chinneadh seo.

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 28 Meitheamh 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 11, 15.1.2002, lch. 4.

(2)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle, Clár Oibre Nua do Thomhaltóirí – athléimneacht tomhaltóirí a neartú ar mhaithe le téarnamh inbhuanaithe, COM(2020) 696 final an 13.11.2020.

(3)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal Chemicals Strategy for Sustainability Towards a Toxic-Free Environment [Straitéis Ceimiceán um an Inbhuanaitheacht i dTreo Timpeallacht atá Saor ó Thocsainí] COM(2020) 667 final 14.10.2020.

(4)  Cinneadh 2010/9/AE ón gCoimisiún an 6 Eanáir 2010 maidir leis na ceanglais sábháilteachta atá le comhlíonadh ag caighdeáin Eorpacha le haghaidh fáinní folctha, áiseanna folctha agus tobáin folctha agus seastáin folctha do leanaí agus do pháistí óga de bhun Threoir 2001/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí (IO L 3, 7.1.2010, lch. 23).

(5)  Cinneadh 2010/376/AE ón gCoimisiún an 2 Iúil 2010 maidir leis na ceanglais sábháilteachta atá le comhlíonadh ag caighdeáin Eorpacha le haghaidh táirgí áirithe i dtimpeallacht chodlata leanaí de bhun Threoir 2001/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí (IO L 170, 6.7.2010, lch. 39).

(6)  Cinneadh 2013/121/AE ón gCoimisiún an 7 Márta 2013 maidir leis na ceanglais sábháilteachta atá le comhlíonadh ag caighdeáin Eorpacha le haghaidh suíocháin áirithe do leanaí de bhun Threoir 2001/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí (IO L 65, 8.3.2013, lch. 23).

(7)  Treoir 2009/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2009 maidir le sábháilteacht bréagán (IO L 170, 30.6.2009, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

CEANGLAIS SÁBHÁ ILTEACHTA ATÁ LE COMHLÍONADH AG CAIGHDEÁIN EORPACHA MAIDIR LE TÁIRGÍ ÁIRITHE DO LEANAÍ AGUS TÁIRGÍ A BHAINEANN LEO DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 1

1.

Chemical hazards 166

2.

Thermal hazards 167

3.

Flammability hazards 167

4.

Entrapment hazards 168

5.

Hazards from moving parts – including shearing, cutting crushing hazards. 168

6.

Hazards from children’s products designed to fold for storage and transportation 169

7.

Hazards from children’s products designed to be dismantled for storage and transportation 169

8.

Hazards related to attachment mechanisms and opening and closing systems 169

9.

Hazards associated with wheeled products 170

10.

Entanglement hazards 170

11.

Choking hazards 170

12.

Suffocation hazards 171

12.1.

Hazards linked to breathing 171

13.

Ingestion hazards 171

14.

Insertion and aspiration hazards 171

15.

Hazardous points, edges and projections 171

16.

Structural integrity hazards 172

17.

Hazards associated with protective functions 172

18.

Hazards associated with restraint systems 173

19.

Hazards associated with stability 173

20.

Falling hazards 173

21.

Drowning hazards 174

22.

Electrical hazards 174

23.

Biometric hazards 174

24.

Acoustic hazards 174

25.

Radiation hazards 174

26.

Radioactive hazards 175

27.

Hygiene’s hazards 175

28.

Hazards associated with information supplied with the product 175

Leagtar amach san Iarscríbhinn seo na ceanglais sábháilteachta atá le comhlíonadh ag caighdeáin Eorpacha maidir le táirgí áirithe do leanaí agus táirgí a bhaineann leo dá dtagraítear in Airteagal 1 den Chinneadh seo. Beartaítear leis na ceanglais sin a áirithiú go gcomhlíonfaidh táirgí atá i gcomhréir leis na caighdeáin sin an ceanglas ginearálta sábháilteachta a leagtar amach in Airteagal 3(1) de Threoir 2001/95/CE.

Ní chuirfidh táirgí do leanaí sábháilteacht ná sláinte leanaí ná cúramóirí i mbaol nuair a bhaintear úsáid astu faoi choinníollacha úsáide a mbeadh coinne réasúnta leo, agus aird á tabhairt ar iompraíocht, ar chumais nó ar leochaileacht leanaí agus cúramóirí.

Aon uair is féidir, cuirfear riachtanais speisialta úsáideoirí faoi mhíchumas - cúramóirí agus leanaí araon - san áireamh chun a sábháilteacht a áirithiú.

Tabharfar tosaíocht i gcónaí don tsábháilteacht trí dhearadh.

Cuirfear faisnéis iomchuí ar na táirgí do leanaí, faisnéis a tharraingeoidh aird tuismitheoirí agus cúramóirí - agus/nó ar an bpacáistíocht - lena léireofar na guaiseacha ar gnéithe dílse iad d’úsáid na dtáirgí agus na modhanna lena seachaint. Áireofar air sin rabhaidh (picteagraim agus/nó téacs) agus treoracha úsáide agus/nó cothabhála.

Coinneoidh táirgí do leanaí a sábháilteacht agus a saintréithe sábháilteachta ar bun le linn a saolré intuartha. Dearfar agus monarófar iad ar bhealach ina gcuirfear teorainn a mhéid is féidir le haon ghuais atá bainteach lena n-úsáid leanúnach thar an tréimhse ama intuartha.

Táirgí do leanaí atá ceaptha lena n-úsáid i gcúrsa seirbhíse, comhlíonfaidh siad ceanglais shonracha chun a chur san áireamh go mbaintear úsáid níos minice astu, ar feadh tréimhse ama níos faide agus go bhféadfaidh siad a bheith faoi réir srianta níos doichte.

Caighdeáin arna ndréachtú de dhroim iarrataí caighdeánaithe ón gCoimisiún bunaithe ar na ceanglais sábháilteachta sin, ní mór a chur san áireamh iontu na sonraí antrapaiméadracha is déanaí, taighde leighis, comhairle sláinte aitheanta a bhaineann go sonrach le sábháilteacht leanaí (e.g. cleachtais shábháilte chodlata), agus eolas eolaíoch agus teicniúil úrscothach maidir le sábháilteacht agus/nó sláinte leanaí.

Ní mór do dhearthóirí agus do mhonaróirí a chuimhneamh nach bhfuil guaiseacha maidir le táirgí do leanaí teoranta dóibh siúd a luaitear sa doiciméad seo. Ina theannta sin, ní mór rialacha eile an Aontais maidir le sábháilteacht táirgí, amhail rialacha maidir le sábháilteacht ceimiceán, a chomhlíonadh.

Ní mór guaiseacha breise a bhreithniú, a bhaineann le húsáid agus feidhmiú sábháilte táirgí (lena n-áirítear guaiseacha a bhaineann le hintleacht shaorga, leis an gcibearshlándáil, nascacht idirlín, slándáil agus príobháideachas).

Ní mór aon ghuais a bhaineann le cianchumarsáid, cianbhreathnóireacht agus cianrialú an chúramóra ar an leanbh a bhreithniú.

Forbraíonn corp, meabhair agus mothúcháin leanaí ar rátaí difriúla. Maidir le gach caighdeán a fhorbraítear chun na ceanglais sábháilteachta sin a chomhlíonadh, sonrófar go soiléir ina raon feidhme an chéim forbartha (amhail aoisghrúpa, meáchan agus airde) agus soláthrófar dá réir sin na ceanglais sábháilteachta táirge.

I gcás nach leantar an cur chuige sin, tabharfar údar leis sin san iarscríbhinn fhaisnéiseach a ghabhann leis an gcaighdeán.

Breithneofar inúsáidteacht sna caighdeáin maidir le táirgí do leanaí - ba cheart, go háirithe, dearadh an táirge do leanaí ligean d’úsáideoir aosach aonair an táirge a shuiteáil, a láimhseáil agus a úsáid.

I gcás earraí a dheartar lena n-úsáid in éineacht le táirgí do leanaí ach atá faoi réir caighdeáin eile, comhlíonfaidh siad ceanglais an dá chaighdeán araon.

1.   Guaiseacha ceimiceacha

Dearfar agus monarófar táirgí do leanaí ar bhealach nach bhfuil aon riosca ann go mbeidh éifeachtaí díobhálacha ar shláinte an duine do leanaí ná do thríú páirtithe (leanaí agus aosaigh) mar gheall ar nochtadh do na substaintí ceimiceacha nó do na meascáin díobh atá i dtáirgí do leanaí nó dá bhfuil na táirgí sin comhdhéanta, nuair a úsáidtear na táirgí do leanaí mar a cheaptar nó faoi choinníoll úsáide a mbeadh coinne réasúnta leis, agus aird á tabhairt ar iompraíocht leanaí, ar an úsáid faoi leith a bhaintear as táirge agus ar na coinníollacha nochta a bhíonn ann dá toradh.

Comhlíonfaidh táirgí do leanaí - agus a bpacáistíocht - reachtaíocht ábhartha an Aontais uile a bhaineann le catagóirí táirgí áirithe nó le srianta ar shubstaintí nó ar mheascáin áirithe.

Léireofar le caighdeáin na treoirlínte is déanaí maidir le ceimiceáin agus bainfidh siad go sonrach le heolas maidir le sábháilteacht agus sláinte leanaí (maidir le rudaí a chur sa bhéal, a ionanálú agus a ionsú).

Aon uair a bhaintear úsáid as ábhair athchúrsáilte, comhlíonfaidh siad na coinníollacha céanna agus a chomhlíonann ábhair nach bhfuil athchúrsáilte.

Déanfar na treoirlínte ábhartha uile, na forálacha rialála uile agus na torthaí eolaíocha is déanaí uile maidir le táirgí comhchosúla a chur san áireamh agus na ceanglais maidir le sábháilteacht ceimiceán táirgí do leanaí á leagan síos, amhail luach teorann iomchuí ceimiceán a chinneadh. Ba cheart an úrscothacht atá ann faoi láthair maidir le modhanna tástála a chur i bhfeidhm le haghaidh an mheasúnaithe.

Mar gheall ar choinníollacha úsáide sonraí (e.g.: fad nochta, úsáid shonrach táirge) ba cheart tairseacha a oiriúnú chun an úsáid a bhfuil coinne réasúnta lena baint as an táirge a chomhlíonadh.

2.   Guaiseacha teirmeacha

Dearfar agus monarófar táirgí do leanaí ar bhealach ina gcuirfear teorainn a mhéid is féidir le guaiseacha teirmeacha. Cuirfear san áireamh iompraíocht an linbh agus na sonraí atá ar fáil maidir le teochtaí dromchla a bhaineann leis na dónna. Cumhdófar aon ghuais iarmharach le rabhaidh oiriúnacha. Áirítear le guaiseacha teirmeacha na nithe seo a leanas, ach gan bheith teoranta dóibh:

(a)

Teagmháil le dromchlaí teo nó fuara.

(b)

Ionghabháil bianna nó leachtanna teo.

(c)

Scalladh.

(d)

Róthéamh (hipirteirme).

(e)

Ag éirí fuar (hipiteirme).

3.   Guaiseacha inadhainteachta

Dearfar agus monarófar táirgí do leanaí ar bhealach ina gcuirfear teorainn le guaiseacha inadhainteachta a mhéid is féidir.

Áirítear ar ghuaiseacha inadhainteachta na nithe seo a leanas, ach gan bheith teoranta dóibh:

(a)

Guaiseacha mar gheall ar éifeacht splaince.

(b)

Guaiseacha mar gheall ar forleathadh lasrach.

(c)

Guaiseacha mar gheall ar iompraíocht leáite ábhar.

(d)

Guaiseacha mar gheall ar theagmháil le lasracha.

Beidh táirgí do leanaí comhdhéanta d’ábhair a chomhlíonann ceann amháin nó níos mó de na coinníollacha seo a leanas (ní liosta cuimsitheach é):

(a)

Níl siad inlasta go héasca agus tá siad féinmhúchtach.

(b)

Má adhnann siad, dónn siad go mall agus ní leathann na lasracha ach ar ráta íseal.

(c)

Gan beann ar a gcomhdhéanamh ceimiceach, deartar iad chun moill mheicniúil a chur leis an bpróiseas dócháin.

Ní bhainfear úsáid i dtáirgí do leanaí as substaintí arb eol go ndéanann siad múch an-tocsaineach i gcás dócháin. Ní bheidh ábhair indóite ina mbaol adhainte d’ábhair eile a úsáidtear sa táirge.

Substaintí agus ábhair a aithnítear a bheith ina gcontúirt thromchúiseach don tsláinte, ní aistreoidh siad ná ní scaoilfear iad i dtiúchan a d’fhéadfadh a bheith contúirteach d’úsáideoirí an táirge.

Ba cheart a shonrú leis na caighdeáin nár cheart substaintí ceimiceacha lasairmhoillitheacha a úsáid ach amháin nuair nach bhfuil aon rogha eile indéanta. Má úsáidtear substaintí ceimiceacha lasairmhoillitheacha, ní chuirfear sláinte úsáideoirí, cúramóirí ná an chomhshaoil i mbaol mar gheall ar a dtocsaineacht ná ar a ndiúscairt deireadh ré.

4.   Guaiseacha sáinnithe

Dearfar agus monarófar táirgí do leanaí ar bhealach ina gcuirfear teorainn a mhéid is féidir le guaiseacha sáinnithe a bhaineann le baill choirp an linbh. Ní mór do tháirgí sáinniú cheann, mhuineál, chabhail, ghéaga láimhe, lámha, mhéara, ghéaga coise, chosa agus bharraicíní an linbh a chosc.

Áireofar ar na ceanglais maidir le sáinniú a chosc guaiseacha a bhaineann leis na nithe seo a leanas, bíodh siad righin nó ná bíodh, ach gan bheith teoranta dóibh:

(a)

Oscailtí atá go hiomlán ceangailte.

(b)

Oscailtí atá ceangailte go páirteach.

(c)

Oscailtí i gcruth V.

(d)

Oscailtí i gcruth neamhrialta.

(e)

Oscailtí dinimiciúla.

(f)

Ceanglóirí.

(g)

Poill.

(h)

Bearnaí.

(i)

Brú ó ábhar mórthimpeall.

Gach táirge lena ndéantar spás cúng ar féidir leis an leanbh dul isteach ann agus a bheith sáinnithe ann, dearfar agus monarófar iad ar bhealach ina gcuirfear teorainn a mhéid is féidir le guaiseacha a bhaineann le hiniamh.

Sonrófar go soiléir leis na caighdeáin toisí sábháilte i ndáil le guaiseacha sáinnithe. Léireofar i gcónaí leis na tomhais sin na sonraí antrapaiméadracha is déanaí a bhaineann leis na leanaí ar dócha go n-úsáidfidh siad an táirge agus go mbeidh siad i dteagmháil leis agus bainfidh siad go sonrach le heolas maidir le sábháilteacht leanaí.

Guais sáinnithe de dheasca gluaiseachta, cuirfear teorainn léi a mhéid is féidir tríd an dearadh. Cumhdófar guaiseacha iarmharacha le rabhaidh agus treoracha.

Áirítear ar ghuaiseacha atá bainteach le gluaiseacht na nithe seo a leanas, ach gan bheith teoranta dóibh:

(a)

Sáinniú de dheasca meáchan táirge ag iompú béal faoi.

(b)

Sáinniú de dheasca bearnaí agus oscailtí atá bainteach le húsáid réamh-mheasta an táirge (lena n-áirítear na bearnaí agus na hoscailtí sin a chruthaíonn leanbh agus é ag gluaiseacht).

(c)

Sáinniú de dheasca bearnaí agus oscailtí a bhfuil rochtain ag an leanbh orthu ach atá cóngarach don táirge.

(d)

Sáinniú nuair a leagann an leanbh a mhuineál/scornach ar chiumhais bhog nó chrua.

(e)

Sáinniú arb é an táirge is cúis leis, ach a bhaineann le leanaí nach iad príomhúsáideoir an táirge iad.

5.   Guaiseacha a bhaineann le páirteanna gluaisteacha – lena n-áirítear guaiseacha lomtha, gearrtha agus mionbhrú.

Dearfar agus monarófar táirgí do leanaí ar bhealach ina gcuirfear teorainn a mhéid is féidir le guaiseacha atá bainteach le páirteanna gluaisteacha. Ní mór do na táirgí cosc a chur ar ghearradh le siosúr, lomadh (i gcás ina mbogann comhpháirteanna i gcoibhneas a chéile agus ina ndéanann siad gníomhaíocht gearrtha le siosúr), mionbhrú (i gcás ina mbogann comhpháirteanna i gcoibhneas a chéile agus ina ndéanann siad gníomhaíocht chomhbhrú), scoitheadh nó gearradh an choirp ina iomláine, géag, méar agus barraicíní.

Ceanglais maidir le guaiseacha a bhaineann le páirteanna gluaisteacha a chosc, áireofar iad ar na guaiseacha seo a leanas (i gcás inarb iomchuí), ach ní bheidh siad teoranta dóibh:

(a)

Gluaiseacht an táirge féin.

(b)

Gluaiseacht agus meáchan coirp an linbh.

(c)

Fórsa seachtrach a chur i bhfeidhm/a scaoileadh.

Ní mór do dhearthóirí agus do mhonaróirí a chur san áireamh go bhféadfadh guaiseacha athrú de réir inrochtaineacht na bpáirteanna gluaisteacha; solúbthacht an ábhair (lena n-áirítear fabraic); éifeacht fórsaí agus suíomhanna fórsa; modh oibrithe na bpáirteanna gluaisteacha; cruth/ábhar na bpáirteanna; cumas an linbh; etc.

6.   Guaiseacha a bhaineann le táirgí do leanaí arna ndearadh lena bhfilleadh chun iad a stóráil agus a iompar

Dearfar agus monarófar táirgí do leanaí ar bhealach ina gcuirfear teorainn a mhéid is féidir le guaiseacha atá bainteach le táirgí arna ndearadh lena bhfilleadh chun iad a stóráil nó a iompar. Ní mór mionbhrú, gearradh, sáinniú agus plúchadh mar gheall ar fhilleadh neamhbheartaithe a chosc leis na táirgí.

Ceanglais maidir le guaiseacha a chosc a bhaineann le táirgí arna ndearadh lena bhfilleadh chun iad a stóráil nó a iompar, áireofar iad ar na nithe seo a leanas (i gcás inarb iomchuí), ach ní bheidh siad teoranta dóibh:

(a)

Úsáidfear feistí glasála chun cur in úsáid neamhiomlán/trí thimpiste a chosc.

(b)

Beidh an suíomh glasála/glasáilte soiléir don tuismitheoir/chúramóir.

(c)

Ní tharlóidh scaoileadh neamhbheartaithe sásraí glasála.

(d)

Inúsáidteacht an táirge chun é a chur ar a chumas d’aon duine fásta amháin é a oibriú.

(e)

Ní bheidh sé indéanta na táirgí sin a úsáid gan an sásra/na sásraí glasála a ghníomhachtú.

7.   Guaiseacha a bhaineann le táirgí do leanaí arna ndearadh lena ndíchóimeáil chun iad a stóráil agus a iompar

Dearfar agus monarófar táirgí do leanaí ar bhealach ina gcuirfear teorainn a mhéid is féidir le guaiseacha atá bainteach le díchóimeáil táirgí lena stóráil/lena n-iompar agus le hathchóimeáil na dtáirgí sin lena n-úsáid ina dhiaidh sin.

Ceanglais maidir le guaiseacha a bhaineann le díchóimeáil agus athchóimeáil a chosc, áireofar iad ar na nithe seo a leanas (i gcás inarb iomchuí), ach ní bheidh siad teoranta dóibh:

 

Áireofar ann treoracha a bhfuil foclaíocht soiléir iontu agus atá sothuigthe agus a bhféadfaidh an gnáth-thomhaltóir neamhghairmiúil iad a thuiscint.

(a)

Soláthrófar faisnéis maidir le conas an táirge a dhíchóimeáil agus a athchóimeáil, rud a áiritheoidh a shábháilteacht leanúnach agus é in úsáid.

(b)

Ba cheart picteagraim agus léaráidí a chur san áireamh san fhaisnéis sábháilteachta ábhartha.

(c)

Ba cheart marcálacha marthanacha a mharcáil ar na táirgí do leanaí chun faisnéis sábháilteachta an-tábhachtach a chur i dtábhacht.

(d)

Aon uirlis speisialta a theastaíonn le haghaidh cóimeála agus suiteála, ba cheart í a sholáthar in éineacht leis an táirge.

(e)

Beifear in ann gach feiste cóimeála a theannadh i gceart.

(f)

Úsáidfear feistí glasála chun díchóimeáil neamhbheartaithe a chosc.

(g)

Beidh an suíomh glasála/glasáilte soiléir don tuismitheoir/chúramóir.

(h)

Ní úsáidfear scriúnna féintapála ach amháin le haghaidh páirteanna nach bhfuil sé beartaithe iad a dhíchóimeáil.

8.   Guaiseacha a bhaineann le sásraí ceangail agus córais oscailte agus dúnta

Dearfar agus monarófar táirgí do leanaí ar bhealach ina gcuirfear teorainn a mhéid is féidir le guaiseacha atá bainteach lena sásraí ceangail agus/nó lena gcórais oscailte agus dúnta. Ní mór mionbhrú, lomadh, gearradh, gearradh le siosúr, sáinniú, titim agus plúchadh mar gheall ar scaoileadh neamhbheartaithe a chosc leis na táirgí.

Ceanglais maidir le guaiseacha a bhaineann le sásraí ceangail agus córais oscailte agus dúnta a chosc, áireofar iad ar na nithe seo a leanas (i gcás inarb iomchuí), ach ní bheidh siad teoranta dóibh:

(a)

Más féidir an táirge a úsáid i roinnt suíomhanna, coinneofar an suíomh roghnaithe ar bun le linn don táirge a bheith faoi réir gnáthfhórsaí a bhaineann le gníomhaíochtaí agus gluaiseachtaí an linbh.

(b)

Dearfar agus monarófar córais oscailte agus dúnta chun oibriú neamhbheartaithe a sheachaint.

9.   Guaiseacha atá bainteach le táirgí rothaí

Dearfar agus monarófar táirgí do leanaí a bhfuil rothaí nó roithlíní orthu (le haghaidh iompar nó gluaiseacht eile) ar bhealach ina gcuirfear teorainn a mhéid is féidir le guaiseacha atá bainteach le rothaí nó roithlíní agus gluaiseacht neamhbheartaithe.

Ceanglais maidir le guaiseacha a bhaineann le rothaí/roithlíní agus gluaiseacht neamhbheartaithe a chosc, áireofar iad ar na nithe seo a leanas (i gcás inarb iomchuí), ach ní bheidh siad teoranta dóibh:

(a)

Déanfar gach táirge rothaí a fheistiú le feiste/feistí glasála oiriúnach(a), rud a ráthóidh cobhsaíocht nuair is gá.

(b)

Beidh gach feiste glasála sábháilte agus í in úsáid.

(c)

Beidh feidhm pháirceála ag táirgí do leanaí a bhfuil rothaí orthu, rud a chuirfidh ar a gcumas dóibh a bheith daingnithe go cobhsaí gan beann ar an dromchla.

10.   Guaiseacha a bhaineann le dul i bhfostú

Dearfar agus monarófar táirgí do leanaí ar bhealach ina gcuirfear teorainn a mhéid is féidir le guaiseacha a bhaineann le dul i bhfostú.

Áireofar ceanglais maidir leis na guaiseacha seo a leanas (i gcás inarb iomchuí), ach gan bheith teoranta dóibh:

(a)

Guaiseacha a bhaineann le dul i bhfostú.

(b)

Tarraingt táirgí teicstíle amhail comhpháirteanna éadaigh (ceanglóirí, cnaipí, maisiúcháin, fuáil nó nithe comhchosúla a mbeidh ann mar gheall orthu poill, bearnaí agus oscailtí, nó codanna den dearadh a ghobann amach).

(c)

Guaiseacha tachta mar gheall ar chordaí, ribíní, ceangail, cáblaí nó lúba.

(d)

Guaiseacha mar gheall ar shnáitheanna monaifiliméid.

(e)

Guaiseacha mar gheall ar hanlaí.

Sonrófar go soiléir leis na caighdeáin toisí sábháilte agus ceanglais tástála i ndáil le cordaí, ribíní, ceangail, cáblaí, lúba agus guaiseacha eile a bhaineann le dul i bhfostú. Léireofar i gcónaí leis na tomhais sin na sonraí antrapaiméadracha is déanaí agus bainfidh siad go sonrach le heolas maidir le sábháilteacht leanaí. Beidh málaí stórála le haghaidh táirgí sábháilte freisin.

11.   Guaiseacha tachta

Dearfar agus monarófar táirgí do leanaí ar bhealach ina ndíothófar guaiseacha tachta.

Ceanglais maidir le guaiseacha a bhaineann le tachtadh a chosc, áireofar iad ar na nithe seo a leanas (i gcás inarb iomchuí), ach ní bheidh siad teoranta dóibh:

(a)

Aon pháirt is féidir a dhícheangal leis an bhfórsa a bhféadfadh leanbh a chur i bhfeidhm uirthi, ní bheidh sí beag go leor chun go mbeadh sí ina guais tachta.

(b)

Aon pháirt atá beag go leor chun go mbeadh sí ina guais tachta, ní bheifear in ann í a bhriseadh, a stróiceadh ná a scaradh den táirge (e.g. i gcás ina ligtear dó titim) agus an táirge in úsáid.

(c)

Aon chomhpháirt is féidir a bhaint gan uirlis a úsáid, ní bheidh sí ina guais tachta.

(d)

Aon chomhpháirt atá fada go leor chun go spreagfadh sí an fhrithluail cur amach má chuireann an leanbh an táirge ina bhéal, níor cheart a cheadú do leanaí atá ró-óg, mar gheall ar ghuais tachta, a bheith in ann suí suas gan chúnamh.

(e)

Ábhair stuála arb é atá iontu guaiseacha tachta, ní bheidh siad inrochtana i gcás ina gcuirfear faoi réir fórsaí iad a bhféadfadh leanbh a chur i bhfeidhm orthu.

(f)

Ní bheidh táirgí ina nguaiseacha mar gheall ar ionanálú de dheasca mhéid na ngnéithe atá iontu nó toisc go n-éiríonn na gnéithe sin beag nó inrochtana go leor nuair a chuirtear faoi réir fórsaí iad a bhféadfadh leanbh a chur i bhfeidhm orthu.

(g)

Cuirfear méid iomlán agus cruth na dtáirgí san áireamh, agus cuirfear réitigh theicniúla/mheicniúla i bhfeidhm i gcás inar gá (e.g. poill aeir i dtáirgí ina mbaineann an ghuais tachta le gnáthúsáid agus le húsáid réamh-mheasta an táirge).

Sonrófar go soiléir leis na caighdeáin toisí sábháilte agus ceanglais tástála i ndáil le guaiseacha tachta. Léireofar i gcónaí leis na tomhais sin na sonraí antrapaiméadracha is déanaí agus bainfidh siad go sonrach le heolas maidir le sábháilteacht leanaí.

12.   Guaiseacha plúchta

Dearfar agus monarófar táirgí do leanaí ar bhealach ina gcuirfear teorainn a mhéid is féidir le guaiseacha plúchta atá bainteach le táirgí agus lena bpacáistíocht. Tarlaíonn guaiseacha den sórt sin i gcás ina bhfuil an tsrón agus an béal blocáilte go comhuaineach.

Áireofar ceanglais maidir leis na guaiseacha seo a leanas (i gcás inarb iomchuí), ach gan bheith teoranta dóibh:

(a)

Plúchadh mar gheall ar ábhair thanaí/bhoga is féidir a mhúnlú chun aghaidh an linbh a chumhdach (lena n-áirítear aistreoga).

(b)

Plúchadh mar gheall ar mhálaí plaisteacha tanaí a bhfuil imlíne oscailte acu atá níos mó ná cuar-imlíne cheann an linbh.

(c)

Plúchadh mar gheall ar phacáistíocht fhéinghreamaitheach (e.g. scannán cumhdaithe).

(d)

Plúchadh mar gheall ar tháirgí cruthaithe is féidir a chur thar aghaidh an linbh agus a chruthaíonn séala aerdhíonach.

(e)

Plúchadh mar gheall ar aerbhealaí a bheith cumhdaithe ag ábhair bhoga chlúmhacha insínte, go háirithe i dtimpeallacht codlata leanaí (na leanaí is óige), nó mar gheall ar an leanbh a bheith á chuachadh féin iontu.

Seachnófar ábhair ghuaiseacha phacáistíochta i gcás inar féidir ach, nuair atá gá leo, beidh siad sábháilte de réir dearaidh (i.e.: polladh nó tiús faoin íosmhéid). Ina theannta sin, ba cheart feasacht a thabhairt do thomhaltóirí maidir le guaiseacha na pacáistíochta (i.e.: guais plúchta sheachtraigh).

12.1.   Guaiseacha a bhaineann le hanálú

Dearfar agus monarófar táirgí do leanaí ar bhealach ina gcuirfear teorainn a mhéid is féidir le guaiseacha plúchta atá bainteach le heaspa tréscaoilteachta aeir.

Ceanglais maidir le guaiseacha a bhaineann le tréscaoilteacht aeir a chosc, áireofar iad ar na nithe seo a leanas (i gcás inarb iomchuí), ach ní bheidh siad teoranta dóibh:

(a)

Ní chumhdófar srón agus béal an linbh go comhuaineach.

(b)

Tochtanna, éadaí leapa nó táirgí comhchosúla eile, ní mhúnlóidh siad iad féin chun aghaidh an linbh a chumhdach.

(c)

Ní bheidh guaiseacha plúchta breise ag baint le tochtanna ná le héadaí leapa breise.

13.   Guaiseacha ionghabhála

Dearfar agus monarófar táirgí do leanaí ar bhealach ina gcuirfear teorainn a mhéid is féidir le guaiseacha atá bainteach le hionghabháil.

Ceanglais maidir le guaiseacha a bhaineann le hionghabháil a chosc, áireofar iad ar na nithe seo a leanas (i gcás inarb iomchuí), ach ní bheidh siad teoranta dóibh:

(a)

Leanfaidh comhpháirteanna ceangailte de bheith ceangailte, agus ní bhrisfear ina bpíosaí iad má thagann siad chun bheith dícheangailte.

(b)

Beidh nithe agus comhpháirteanna beaga de mhéid agus de thógáil nach rachaidh siad trí bhéal agus scornach an linbh isteach ina bholg.

(c)

Tá maighnéid, cadhnraí agus comhpháirteanna comhchosúla eile an-ghuaiseach agus ní bheidh an leanbh in ann na comhpháirteanna sin a rochtain ná a ionghabháil.

14.   Guaiseacha a bhaineann le hionsá agus asú

Dearfar agus monarófar táirgí do leanaí ar bhealach ina gcuirfear teorainn a mhéid is féidir le guaiseacha a bhaineann le hionsá agus asú mar gheall ar pháirteanna beaga a d’fhéadfaí a chur isteach sna cluasa nó sa tsrón.

15.   Pointí, imill agus starráin ghuaiseacha

Dearfar agus monarófar táirgí do leanaí ar bhealach ina gcuirfear teorainn a mhéid is féidir le guaiseacha gearrtha nó guaiseacha comhchosúla atá bainteach le pointí, imill nó starráin ghéara.

Ceanglais maidir le guaiseacha a bhaineann le pointí, imill nó starráin ghéara a chosc, áireofar iad ar na nithe seo a leanas (i gcás inarb iomchuí), ach ní bheidh siad teoranta dóibh:

(a)

Ba cheart dromchlaí a bheith mín – ach amháin i gcás ina bhfuil an dromchla deartha go sonrach ar bhealach eile chun cuidiú le feidhmiú sábháilte an táirge do leanaí.

(b)

Díothófar imill, coirnéil, sreanga agus pointí géara.

(c)

Ní bheidh aon pháirt ghobach ann a bheidh ina cúis le gortú.

(d)

Páirteanna táirgí a ghobann amach, ní bheidh siad ina gcúis le gortú suntasach.

(e)

Beidh an t-ábhar saor ó scealpa.

(f)

Beidh dromchlaí miotail agus páirteanna miotalacha eile frithsheasmhach in aghaidh creimeadh agus calógú.

(g)

Ní úsáidfear gloine leatháin.

(h)

Ní bheidh aon riosca tachta ná aisficse ag baint le holann ghloine ná le mianraí comhchosúla eile.

(i)

Ní bheidh nithe crua ná géara in ábhair stuála/líonta.

16.   Guaiseacha a bhaineann le sláine struchtúrach

Beidh neart agus sláine struchtúrach leordhóthanach ag táirgí do leanaí a mhairfidh ar feadh a saolré beartaithe. Dearfar agus monarófar iad ar bhealach ina gcuirfear teorainn a mhéid is féidir le guaiseacha atá bainteach lena n-úsáid leanúnach le linn tréimhse ama intuartha.

Ceanglais maidir le guaiseacha a bhaineann le sláine struchtúrach a chosc, áireofar iad ar na nithe seo a leanas (i gcás inarb iomchuí), ach ní bheidh siad teoranta dóibh:

(a)

Ba cheart neart agus marthanacht leordhóthanach a bheith ag táirgí a mhairfidh ar feadh shaolré fhoriomlán an táirge.

(b)

Beidh táirgí agus ábhair (lena n-áirítear fabraicí agus fuáil) leormhaith chun bheith frithsheasmhach in aghaidh gach úsáide agus dála lena bhfuil coinne, agus ní dhíghrádófar iad ná ní thiocfaidh siad chun bheith guaiseach de dheasca a n-úsáide le himeacht ama ná de dheasca athruithe teochta, bogthaise agus neamhchosanta ar sholas ultraivialaite, etc.

(c)

Táirgí is gá a chóimeáil agus/nó a shuiteáil, tar éis iad a chóimeáil/a shuiteáil de réir threoracha an mhonaróra, beidh an tsláine struchtúrach chéanna acu agus atá ag na táirgí arna gcóimeáil/arna suiteáil ag an monaróir agus comhlíonfaidh siad gach ceanglas sábháilteachta ag a bhfuil feidhm maidir leis na táirgí sin.

(d)

Táirgí is féidir a choigeartú don leanbh agus é ag fás, ní thiocfaidh athrú ar neart na dtáirgí sin mar thoradh ar bhrú meicniúil.

(e)

Feistí daingnithe arna ndearadh chun an táirge a cheangal go slán le ní, táirgí nó feistí eile, leanfaidh siad de bheith éifeachtach ar feadh shaolré an táirge.

17.   Guaiseacha atá bainteach le feidhmeanna cosanta

Táirgí do leanaí a bhfuil feidhm chosanta acu, cuirfear srian sábháilte leo ar rochtain an linbh ar ghuaiseacha. Táirgí a choinníonn leanbh laistigh de thimpeallacht shonrach (e.g.: bacainní), nó a chosnaíonn an leanbh ar ghuaiseacha atá bainteach leis an aimsir agus/nó feithidí, nó a chuireann teorainn le gluaiseacht an linbh agus/nó a chuireann srian ar rochtain an linbh ar ghuaiseacha (e.g. cosantóirí coirnéil), soláthróidh siad go sábháilte an fheidhm chosanta atá beartaithe.

Ceanglais maidir le guaiseacha a bhaineann le feidhmeanna cosanta a chosc, áireofar iad ar na nithe seo a leanas (i gcás inarb iomchuí), ach ní bheidh siad teoranta dóibh:

(a)

Beidh an fheidhm chosanta oiriúnach d’aois agus do chumas an linbh, ní thabharfar rochtain ar ghuaiseacha breise ná ní chumasófar rochtain orthu léi agus ní dhéanfar feidhmiú ná éifeachtacht na feidhme sin a laghdú agus í in úsáid.

(b)

Déanfar bacainní a dhearadh sa chaoi nach mbeidh an leanbh in ann éirí os a gcionn, dul fúthu, dul tríothu ná iad a bhaint.

(c)

Beidh airdí na mbacainní sábháilte i gcónaí agus léireofar leo céim forbartha an linbh agus na sonraí antrapaiméadracha is déanaí araon.

(d)

Táirgí lena soláthraítear feidhm chosanta don leanbh, ní bheidh siad ina gcúis le guaiseacha sáinnithe.

(e)

Ní bheidh aon sásra glasála/laiste in ann a bheith díchumasaithe ná díláithrithe ag an leanbh ná ag an gcúramóir go neamhaireach.

(f)

Is gá táirgí frithiompaithe (mar shampla táirgí lena gcuirtear cosc ar throscán, troscán stórála, scáileáin teilifíse ó bheith ag titim ar leanaí) a dhearadh sa chaoi go bhfuil ceangail agus ábhair oiriúnacha acu atá frithsheasmhach in aghaidh fórsaí a bhfuil coinne leis go mbeidh siad neamhchosanta orthu, lena n-áirítear aosú, solas ultraivialaite, etc.

(g)

Is gá sásraí frithoscailte (mar shampla táirgí a chuireann cosc ar leanaí ó bheith in ann doirse agus fuinneoga a oscailt) a dhearadh sa chaoi go bhfuil feiste glasála oiriúnach agus fórsaí oiriúnacha acu chun guaiseacha titime a chosc.

18.   Guaiseacha atá bainteach le córais bactha

Táirgí do leanaí lena ngabhann córas bactha, cuirfear srian sábháilte leo ar rochtain an linbh ar ghuaiseacha agus ní bheidh guaiseacha breise a bhaineann leis na bacainní iad féin mar thoradh air.

Ceanglais maidir le guaiseacha a bhaineann le córais bactha a chosc, áireofar iad ar na nithe seo a leanas (i gcás inarb iomchuí), ach ní bheidh siad teoranta dóibh:

(a)

Ceanglófar córais bactha go slán agus ní bheidh siad ina gcúis le guaiseacha iad féin.

(b)

Beifear in ann córais bactha a choigeartú do mhéid an linbh.

(c)

Beidh córais bactha éifeachtach i gcónaí agus i ngach cás úsáide.

(d)

Cuirfear san áireamh i gcórais bactha gach gluaiseacht agus fórsa féideartha ar féidir leis an leanbh a chur i bhfeidhm orthu.

(e)

Beidh na táirgí sábháilte agus iad in úsáid agus déanfaidh siad an fheidhm bactha atá beartaithe. Beifear in ann an leanbh a bhaint as go héasca i staid éigeandála.

19.   Guaiseacha atá bainteach le cobhsaíocht

Dearfar agus monarófar táirgí do leanaí ar bhealach ina gcuirfear teorainn a mhéid is féidir le guaiseacha atá bainteach le cobhsaíocht an táirge (lena n-áirítear titim nó iompú béal faoi).

Ceanglais maidir le guaiseacha a bhaineann le cobhsaíocht a chosc, áireofar iad ar na nithe seo a leanas (i gcás inarb iomchuí), ach ní bheidh siad teoranta dóibh:

(a)

Seachnóidh táirgí aon ghuais iompaithe a d’fhéadfadh a bheith ina cúis leis an leanbh a bheith ag titim (e.g. ardchathaoir a iompú béal faoi trí na cosa a bhrú in aghaidh an bhoird).

(b)

Beidh na táirgí cobhsaí agus sábháilte i gcónaí i gcás gluaiseachta (an linbh nó an táirge).

(c)

Ní dhéanfar sábháilteacht ná cobhsaíocht an táirge a athrú le gabhálais an táirge ná le páirteanna arna ndearadh chun iad a bhaint (e.g. bord tráidire a chur le hardchathaoir).

20.   Guaiseacha titime

Dearfar agus monarófar táirgí do leanaí ar bhealach ina gcuirfear teorainn a mhéid is féidir le guaiseacha atá bainteach le titim.

Ceanglais maidir le guaiseacha a bhaineann le guaiseacha titime a chosc, áireofar iad ar na nithe seo a leanas (i gcás inarb iomchuí), ach ní bheidh siad teoranta dóibh:

(a)

Táirgí a bhfuil hanlaí iompair acu, dearfar agus monarófar iad ar bhealach nach ndícheanglófar na hanlaí ón earra agus an leanbh á iompar.

(b)

Ceanglófar aon hanla sa chaoi nach mbeidh aon ghuais ann atá bainteach leis an leanbh a bheith ag titim amach as an táirge.

(c)

Ní thabharfaidh táirgí luasctha guaiseacha titime isteach.

(d)

Beidh táirgí ar airde (taca droma, taca láimhe, feidhm bactha, etc.) agus de neart leordhóthanach (lena n-áirítear táirgí fabraice) chun a áirithiú go gcoinnítear an leanbh isteach go sábháilte.

(e)

Táirgí a bhfuil feidhm bactha acu chun titim a chosc, beidh siad slán agus iad in úsáid agus ní bheidh guaiseacha breise a bhaineann leis na bacainní iad féin i gceist leo.

(f)

Táirgí ina bhfuil an leanbh ar shuíomh ard, ní bheidh guais titime i gceist leo (e.g. ardchathaoireacha agus a bpoill chosa, geataí sábháilteachta, etc.).

21.   Guaiseacha bá

Dearfar agus monarófar táirgí do leanaí ar bhealach ina gcuirfear teorainn a mhéid is féidir le guaiseacha atá bainteach le bá.

Ceanglais maidir le guaiseacha a bhaineann le bá a chosc, áireofar iad ar na nithe seo a leanas (i gcás inarb iomchuí), ach ní bheidh siad teoranta dóibh:

(a)

Beidh gach feiste glasála sábháilte agus é in úsáid agus ní bheidh sé ina chúis le guaiseacha breise é féin.

(b)

Beifear in ann an leanbh a bhaint as go héasca i staid éigeandála.

(c)

Ní bheidh an leanbh in ann sleamhnú amach de thimpiste as táirge, mar shampla suíochán ar snámh.

(d)

Leanfaidh táirgí ar snámh de bheith ar snámh; ní chaillfidh siad brú aeir go mear; i gcás sceite, coinneoidh siad a snámhacht iarmharach.

(e)

Leanfaidh cobhsaíocht shábháilte de bheith ag táirgí ar snámh agus ní bheidh fórsaí gaoithe ná srutha uisce in ann iad a bhaint den chobhsaíocht sin má bheartaítear iad a úsáid in uiscí oscailte.

(f)

Gach rabhadh iomchuí – nár cheart an leanbh a fhágáil ina aonar riamh, toisc go bhféadfadh bá tarlú gan mhoill agus in uisce an-éadomhain, mar shampla – sonrófar go soiléir iad.

22.   Guaiseacha leictreacha

Dearfar agus monarófar táirgí do leanaí ar bhealach ina gcuirfear teorainn a mhéid is féidir le guaiseacha atá bainteach le húsáid táirgí leictreacha (lena n-áirítear turraing leictreach).

Ceanglais maidir le guaiseacha a bhaineann le guaiseacha leictreacha a chosc, áireofar iad ar na nithe seo a leanas (i gcás inarb iomchuí), ach ní bheidh siad teoranta dóibh:

(a)

I gcás ina n-úsáidtear fuinneamh stóráilte (e.g. ó chadhnra), ní bheidh an sruth a úsáidtear ná dearadh an táirge do leanaí ina chúis le haon riosca don leanbh.

(b)

Ní bheidh cadhnraí agus páirteanna beo inrochtana ag leanbh.

(c)

Ní thabharfaidh cordaí táirgí leictreacha guaiseacha breise isteach.

23.   Guaiseacha bithmhéadracha

Dearfar agus monarófar táirgí do leanaí ar bhealach ina gcuirfear teorainn a mhéid is féidir le guaiseacha atá bainteach le húsáid paraiméadar bithmhéadrach.

Ceanglais maidir le guaiseacha a bhaineann le guaiseacha bithmhéadracha a chosc, áireofar iad ar na nithe seo a leanas (i gcás inarb iomchuí), ach ní bheidh siad teoranta dóibh:

(a)

I gcás ina n-úsáidtear paraiméadair bhithmhéadracha, ní bheidh an táirge do leanaí ina chúis le haon riosca don leanbh.

(b)

Ba cheart córas cúltaca meicniúil a bheith ann i gcónaí ionas go mbeadh duine nár cláraíodh a shaintréithe sa ghléas in ann é a oibriú, go háirithe i gcás éigeandála nó má theipeann ar an gcadhnra.

24.   Guaiseacha fuaime

Dearfar agus monarófar táirgí do leanaí ar bhealach ina gcuirfear teorainn a mhéid is féidir le guaiseacha atá bainteach le fuaimeanna.

Táirgí arna ndearadh chun fuaim a chur amach, ní chuirfidh siad amach torainn arda bhuaice agus/nó torainn arda leanúnacha lena ngabhann riosca díobhála d’éisteacht an linbh.

25.   Guaiseacha radaíochta

Dearfar agus monarófar táirgí do leanaí ar bhealach ina gcuirfear teorainn a mhéid is féidir le guaiseacha sláinte nó riosca gortaithe do na súile nó don chraiceann, ar riosca é a bhaineann le radaíocht shaorga agus nádúrtha.

Ceanglais maidir le guaiseacha a bhaineann le radaíocht ó fhoinsí saorga a chosc, áireofar iad ar na nithe seo a leanas (i gcás inarb iomchuí), ach ní bheidh siad teoranta dóibh:

(a)

Aon solas a chuireann an táirge amach, beidh sé sábháilte agus ní chuirfidh sé isteach ar rithimí nádúrtha codlata.

(b)

Ní úsáidfear solas ard-déine ná solas comhchruinnithe.

(c)

Cuirfear teorainn a mhéid is féidir le guaiseacha radaíochta dofheicthe (lena n-áirítear réimsí leictreacha, maighnéadacha, leictreamaighnéadacha agus cineálacha eile radaíochta).

(d)

Áireofar ceanglais maidir le guaiseacha a bhaineann le radaíocht ó fhoinsí nádúrtha, griandónna mar shampla, a chosc.

26.   Guaiseacha radaighníomhacha

Seachnófar úsáid aon ábhar i dtáirgí do leanaí a d’fhéadfadh guaiseacha radaighníomhacha a mhéadú.

27.   Guaiseacha sláinteachais

Dearfar agus monarófar táirgí do leanaí ar bhealach ina gcuirfear teorainn a mhéid is féidir le guaiseacha atá bainteach le sláinteachas.

Ceanglais maidir le guaiseacha a bhaineann le guaiseacha sláinteachais a chosc, áireofar iad ar na nithe seo a leanas (i gcás inarb iomchuí), ach ní bheidh siad teoranta dóibh:

(a)

Dearfar táirgí ar bhealach ina seachnófar an riosca ionfhabhtaithe nó éillithe.

(b)

Guaiseacha micribhitheolaíocha mar gheall ar shláinteachas neamhleor ó ábhar de thionscnamh ainmhíoch (e.g. cleití), ní bheidh na guaiseacha sin i gceist leis na táirgí.

(c)

Beifear in ann na táirgí a ghlanadh agus comhlíonfar gach ceanglas sábháilteachta fós ina dhiaidh sin.

(d)

Comhlíonfaidh táirgí atá déanta d’ábhair athchúrsáilte na ceanglais sin freisin.

(e)

Soláthróidh an monaróir treoracha glantacháin mionsonraithe.

(f)

Ba cheart ábhar a bheith saor ó éilliú bitheolaíoch agus éilliú lotnaidí.

28.   Guaiseacha atá bainteach le faisnéis a sholáthraítear in éineacht leis an táirge

Soláthrófar faisnéis sábháilteachta, agus go háirithe chun guaiseacha a chosc nach féidir a sheachaint de bharr dhearadh an táirge féin. Faisnéis a sholáthraítear ar an táirge nó leis an táirge, soláthrófar í ar bhealach ina gcuirfear teorainn a mhéid is féidir le guaiseacha.

Ceanglais maidir le faisnéis sábháilteachta, áireofar iad ar na nithe seo a leanas, ach ní bheidh siad teoranta dóibh:

(a)

Soláthrófar faisnéis sábháilteachta ar bhealach soiléir feiceálach, ina mbeidh faisnéis cheannaigh, treoracha úsáide, marcálacha agus rabhaidh.

(b)

Ba cheart picteagraim agus léaráidí soiléire agus intuigthe a úsáid nuair is féidir in ionad téacs maidir le faisnéis a bhaineann le sábháilteacht nó ina theannta sin.

(c)

Is i dteanga(cha) na tíre ina gcuirfear an táirge ar an margadh a bheidh an fhaisnéis.

(d)

Beidh marcálacha ar an táirge sofheicthe agus soléite i gcónaí le linn shaolré an táirge.

(e)

Beidh an tomhaltóir in ann gach faisnéis cheannaigh a fheiceáil go soiléir agus go héasca ag an díolphointe (lena n-áirítear díolacháin ar líne).

(f)

Soláthrófar treoracha maidir le suiteáil, cóimeáil, úsáid agus cothabháil shábháilte.

(g)

Sonrófar go soiléir na teorainneacha a bhaineann le húsáid shábháilte.

(h)

Sonrófar aois/meáchan/airde íosta/uasta (i gcás inarb ábhartha chun úsáid shábháilte an táirge a áirithiú).

(i)

I gcás ina bhféadfaidh táirge a bheith faoi réir aosú, soláthrófar faisnéis maidir le conas a sheiceáil go bhfuil an táirge fós sábháilte agus é in úsáid,

(j)

Soláthrófar faisnéis maidir le cathain agus conas an táirge a dhiúscairt/athchúrsáil i gcás ina bhféadfadh saincheist sábháilteachta a bheith ann.

(k)

Treoracha maidir leis an táirge a sheiceáil sula n-úsáidtear é, tabharfar iad in éineacht le treoir chun scor láithreach den táirge a úsáid má tá díobháil déanta don táirge ar aon bhealach.

(l)

Leis na lipéid ar tháirgí nó ar a bpacáistíocht agus na treoracha úsáide a ghabhann leo, tabharfar aird cúramóirí ar na guaiseacha, rioscaí díobhála nó fo-éifeachtaí bunúsacha a bhaineann leis na hearraí a úsáid agus ar na bealaí lenar féidir iad a sheachaint.

(m)

Ní bheidh na marcálacha ná na pictiúir ar lipéid nó ar phacáistíocht míthreorach maidir le haon cheanglas sábháilteachta sa chaighdeán.

(n)

Marcáil lenar féidir an táirge a shainaithint chun a inrianaitheacht tríd an slabhra dáilte a áirithiú, comhlíonfaidh sí reachtaíocht infheidhme an Aontais.

(o)

Táirgí do leanaí arna ndearadh lena gceangal le táirgí eile, beidh rabhaidh ag gabháil leo lena gcuirfear in iúl na guaiseacha agus na rioscaí a bhaineann leis na táirgí a cheangal le táirgí mí-oiriúnacha.

(p)

Táirgí do leanaí arna ndearadh lena gceangal le táirgí eile, beidh faisnéis cheannaigh ag gabháil leo lena gcuirfear in iúl an cineál agus an raon táirgí dá bhfuil an t-earra oiriúnach.