27.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 161/70


CINNEADH (CBES) 2023/1306 ÓN gCOMHAIRLE

an 26 Meitheamh 2023

mar thaca le tionscadal maidir le limistéar sa Mheánoirthear a bheadh saor ó airm ollscriosta (LSÓAOS sa Mheánoirthear) i dtimpeallacht slándála réigiúnach atá ag athrú

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 28(1) agus Airteagal 31(1) de;

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála;

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá Straitéis Dhomhanda maidir le Beartas Eachtrach agus Slándála an Aontais Eorpaigh 2016 , chomh maith le Straitéis an Aontais Eorpaigh i gcoinne leathadh Arm Ollscriosta (AOS) 2003 bunaithe ar an gcreideamh gurb é an cur chuige iltaobhach i leith na slándála, lena n-áirítear dí-armáil agus neamhleathadh, an bealach is fearr chun an t-ord idirnáisiúnta a choinneáil.

(2)

Dá bhrí sin, is é beartas an Aontais seasamh le cur chun feidhme agus uiliú na gconarthaí, na gcomhaontuithe agus na noirm atá ann cheana maidir le dí-armáil agus neamhleathadh, iad a chur chun feidhme agus iad a neartú, agus comhoibriú le tríú tíortha agus cúnamh a thabhairt dóibh agus a n-oibleagáidí faoi choinbhinsiúin agus córais iltaobhacha á gcomhlíonadh acu.

(3)

Sa Dearbhú Comhpháirteach ó Chruinniú Mullaigh Pháras le haghaidh na Meánmhara an 13 Iúil 2008, lenar bunaíodh an tAontas don Réigiún Meánmhuirí, athdhearbhaíodh an uaillmhian choiteann síocháin chomh maith leis an tslándáil réigiúnach a bhaint amach, mar a leagtar amach i nDearbhú Barcelona a glacadh ag an gComhdháil Eora-Mheánmhara an 27 agus an 28 Samhain 1995, inter alia trí chloí le Conarthaí agus Coinbhinsiúin idirnáisiúnta AOS, agus trí bhíthin socruithe réigiúnacha mar shampla limistéir atá saor ó airm núicléacha.

(4)

Ag an gComhdháil Athbhreithnithe ar an gConradh maidir le Neamhleathadh (NPT) in 2010, leagadh béim ar an tábhacht a bhaineann le próiseas ina mbeadh cur chun feidhme iomlán Rún 1995 maidir leis an Meánoirthear (‘Rún 1995’) mar thoradh air. Chuige sin, d’fhormhuinigh an Chomhdháil Athbhreithnithe NPT 2010 céimeanna praiticiúla, inter alia, chun aird chuí a thabhairt ar na tairiscintí uile arna ndíriú ar thacú le Rún 1995 a chur chun feidhme, lena n-áirítear an tairiscint ón Aontas seimineár leantach a óstáil a bhaineann leis an gceann a eagraíodh i mí an Mheithimh 2008.

(5)

D’aithin Comhdháil Athbhreithnithe NPT 2010 freisin an ról tábhachtach a bhí ag an tsochaí shibhialta i gcur chun feidhme Rún 1995 agus spreag sí gach iarracht ina leith sin.

(6)

Ina Chlár Oibre um Dhí-armáil dar teideal ‘Ár dTodhchaí Choiteann a Shlánú’, arna thíolacadh an 24 Bealtaine 2018, gheall Ardrúnaí na Náisiún Aontaithe go n-oibreofaí le Ballstáit na Náisiún Aontaithe chun limistéir saor ó airm núicléacha a neartú agus a chomhdhlúthú, lena n-áirítear trí thacú le limistéir eile den sórt sin a bhunú, lena n-áirítear sa Mheánoirthear.

(7)

Chuir an tAontas in iúl go leanúnach go bhfuil sé réidh chun cabhrú leis an bpróiseas as a dtiocfaidh bunú limistéir saor ó AOS sa Mheánoirthear (LSÓAOS sa Mheánoirthear) trí thacú le próisis forbartha muiníne, go háirithe trí sheimineáir agus ceardlanna de chuid an Aontais, mar shampla na seimineáir agus na ceardlanna a reáchtáil an tAontas in 2008, 2011 agus 2012 agus trí thionscadal arna thacú ag an Aontas ó 2019 go 2023 a reáchtáil Institiúid na Náisiún Aontaithe um Thaighde ar an Dí-armáil (UNIDIR) maidir le bearta forbartha muiníne as a n-eascródh limistéar den sórt sin, de bhun Chinneadh (CBES) 2019/938 ón gComhairle (1).

(8)

Is mian leis an Aontas leanúint de thacaíocht a thabhairt do phróiseas a mbeadh LSÓAOS mar thoradh air, trí leanúint de thacaíocht a thabhairt d’obair UNIDIR chuige sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Chun gealltanas an Aontais a chur ar aghaidh maidir le LSÓAOS a bhunú, tacóidh an tAontas le tionscadal de chuid UNIDIR a mbeidh na cuspóirí uileghabhálacha seo a leanas aige:

cúnamh a thabhairt chun treochtaí réigiúnacha maidir le leathadh AOS a mhaolú;

socruithe slándála réigiúnacha, agus rialú arm, neamhleathadh agus noirm agus próisis dhí-armála a spreagadh;

tuiscint níos doimhne a fhorbairt ar an gcaidreamh idir LSÓAOS sa Mheánoirthear agus na forbairtí réigiúnacha agus idirnáisiúnta atá ann faoi láthair; agus

LSÓAOS sa Mheánoirthear atá éifeachtach, infhíoraithe, cuimsitheach agus inbhuanaithe a chur chun cinn.

2.   Leagtar amach tuairisc mhionsonraithe ar an tionscadal sa Doiciméad Tionscadail atá san Iarscríbhinn.

Airteagal 2

1.   Beidh an tArdionadaí freagrach as an gCinneadh seo a chur chun feidhme.

2.   Is é UNIDIR a dhéanfaidh cur chun feidhme teicniúil an tionscadail dá dtagraítear in Airteagal 1(1), agus a dhéanfaidh an cúram sin faoi fhreagracht an Ardionadaí. Chun na críche sin, déanfaidh an tArdionadaí na socruithe is gá le UNIDIR.

Airteagal 3

1.   Is é EUR 2 099 969 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais chun an tionscadal dá dtagraítear in Airteagal 1(1) a chur chun feidhme.

2.   Déanfar an caiteachas a mhaoineofar leis an méid a leagtar amach i mír 1 a bhainistiú i gcomhréir leis na rialacha agus na nósanna imeachta is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais.

3.   Déanfaidh an Coimisiún maoirseacht ar dhea-bhainistiú an chaiteachais a mhaoineofar leis an méid dá dtagraítear in mír 1. Chun na críche sin, tabharfaidh sé comhaontú ranníocaíochta i gcrích le UNIDIR. Sonrófar sa chomhaontú sin go bhfuil UNIDIR chun infheictheacht ranníocaíocht an Aontais, atá iomchuí lena mhéid, a áirithiú.

4.   Déanfaidh an Coimisiún iarracht an comhaontú ranníocaíochta dá dtagraítear i mír 3 a thabhairt i gcrích a luaithe is féidir tar éis theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo. Cuirfidh sé an Chomhairle ar an eolas maidir le haon deacrachtaí sa phróiseas sin agus maidir leis an dáta a thabharfar an comhaontú sin chun críche.

Airteagal 4

1.   Tuairisceoidh an tArdionadaí don Chomhairle maidir le cur chun feidhme an Chinnidh seo ar bhonn tuarascálacha insinte 12 mhí arna n-ullmhú ag UNIDIR. Beidh na tuarascálacha sin mar bhonn don mheastóireacht faoi dheireadh an tionscadail a dhéanfaidh an Chomhairle.

2.   Soláthróidh an Coimisiún faisnéis faoi ghnéithe airgeadais cur chun feidhme an tionscadail dá dtagraítear in Airteagal 1(1).

Airteagal 5

1.   Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

2.   Rachaidh an Cinneadh seo in éag 36 mhí tar éis an dáta a thabharfar an comhaontú ranníocaíochta dá dtagraítear in Airteagal 3(3) i gcrích. Rachaidh sé in éag 6 mhí tar éis a theacht i bhfeidhm, áfach, mura mbeidh comhaontú maoinithe tugtha i gcrích faoin am sin.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 26 Meitheamh 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)  Cinneadh (CBES) 2019/938 ón gComhairle an 6 Meitheamh 2019 mar thaca le próiseas tógála muiníne lena mbunófaí limistéar sa Mheánoirthear a bheadh saor ó airm núicléacha agus ó na hairm ollscriosta eile ar fad (IO L 149, 7.6.2019, lch. 63).


IARSCRÍBHINN

Tionscadal mar thaca le limistéar saor ó airm ollscriosta sa Mheánoirthear (ME WMDFZ) i dtimpeallacht slándála réigiúnach athraitheach

Tá athruithe ag tarlú sa Mheánoirthear agus tá méadú ag teacht ar éagobhsaíocht, ar fhoinsí na héiginnteachta agus ar fháil agus úsáid gnáth-armán agus ar an imní faoi úsáid agus leathadh armán neamhthraidisiúnta. Mar thoradh air sin agus agus ar imeachtaí domhanda eile, tá athruithe suntasacha ag teacht ar an timpeallacht slándála réigiúnach, athruithe a bhféadfadh impleachtaí marthanacha a bheith acu do leathadh armán ollscriosta ar bhonn réigiúnach agus idirnáisiúnta. Leis an tionscadal atá beartaithe ag UNIDIR, cuirfear neamhleathadh na n-armán ollscriosta, rialú ar airm, agus noirm agus cuspóirí dí-armála chun cinn sa Mheánoirthear, trí thacú leis an tionscnamh ME WMDFZ agus le próisis réigiúnacha atá ábhartha don tslándáil réigiúnach trí mheán taighde atá ábhartha don bheartas, fothú acmhainní agus idirphlé.

Comhthéacs agus Réasúnú

Tá géarchéim domhanda ann i réimse na gcóras maidir le neamhleathadh. Le scór bliain anuas, is laige na huirlisí sin mar gheall ar tús áite a bheith á thabhairt do leasanna geopholaitiúla in áit an neamhleata, rialú na n-arm agus bearta dí-armála. Is sampla maith é, agus léiriú soiléir ar an ngéarchéim atá ann faoi láthair, nár glacadh Doiciméad Deiridh ag an gComhdháil Athbhreithnithe maidir le neamhleathadh, agus é sin den dara huair as a chéile. Sa chomhthéacs leathan geostraitéiseach sin, tá athruithe móra ag teacht ar thimpeallacht slándála an Mheánoirthir freisin. Ar bhonn intíre, chruthaigh corraíl shóisialta nó cogaíocht chathartha éagobhsaíocht leanúnach, rud ba chúis le díláithriú pobal agus a rinne difear, mar sin, don tslándáil agus don chobhsaíocht sna réigiúin chomharsanachta. Bhí tionchar ag an éagobhsaíocht leanúnach sin freisin ar chumas na rialtas sa réigiún aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna sa bheartas eachtrach, mar shampla páirt a ghlacadh i dtionscnaimh iltaobhacha agus réigiúnacha chun cur i gcoinne leathadh armán ollscriosta. Ar bhonn réigiúnach, tá athrú tagtha ar na comhghuaillíochtaí agus dá dheasca sin, ar na cothromaíochtaí agus na míchothromaíochtaí cumhachta réigiúnaí seanbhunaithe. Ina theannta sin, tá cor curtha sa timpeallacht slándála sa réigiún freisin ag na gníomhaíochtaí a rinne gníomhaithe seachréigiúnacha, mar shampla láithreacht, gníomhaíochtaí, tacaíocht agus aistarraingtí míleata.

Bhí dhá phróiseas chomhthreomhara ann a d’eascair as teaglaim den mhíchobhsaíocht intíre agus den mhíchobhsaíocht réigiúnach, a bhféadfadh impleachtaí marthanacha a bheith acu do leathadh armán ollscriosta sa réigiún agus go hidirnáisiúnta. Ar thaobh amháin, chonacthas méadú sa réigiún ar fháil agus ar úsáid na ngnáth-armán agus na n-armán a d’fhéadfadh a bheith ina n-armáin neamhthraidisiúnta, chomh maith le glacadh na n-acmhainneachtaí fálaithe núicléiche (nó an bhagairt go nglacfaí iad), agus é sin ar fad de bhreis ar na cumais armán ollscriosta atá ann cheana. Ar an taobh eile, tá léirithe ag stáit réigiúnacha go bhfuil siad níos sásta aghaidh a thabhairt ar a gcuid fadhbanna slándála réigiúnacha trí chaibidlíocht réigiúnach agus fo-réigiúnach, mar a léirigh Comhaontuithe Abraham, sos cogaidh Éimin, an comhaontú idir Iosrael agus an Liobáin maidir le críochú muirí, an t-idirphlé idir an Iaráin agus an Araib Shádach agus an Iaráin agus na hÉimíríochtaí, agus na hiarrachtaí reatha chun Limistéar Saor ó Airm Ollscriosta sa Mheánoirthir a chaibidliú ag na Náisiúin Aontaithe. Cé go bhfuil an chuma ar an scéal go bhfuil an dá threocht seo contrártha i dtéarmaí a n-impleachtaí do leathadh na n-armán ollscriosta, d'fhéadfadh siad leanúint ar aghaidh ag an am céanna, rud ar dócha go ndéanfaidh siad.

Cuspóirí tionscadail

Beidh ceithre chuspóir uileghabhálacha ag an tionscadal atá beartaithe:

Cabhrú le treochtaí réigiúnacha maidir le leathadh armán ollscriosta a mhaolú.

Socruithe slándála, rialú arm, an neamhleathadh agus noirm agus próisis dí-armála a chur chun cinn sa réigiún.

Teacht ar thuiscint níos doimhne ar an ngaol idir ME WMDFZ agus ar a bhfuil ag tarlú go réigiúnach agus go hidirnáisiúnta faoi láthair, agus

ME WMDFZ a chur chun cinn a bheidh éifeachtach infhíoraithe cuimsitheach inbhuanaithe.

Cur Chuige an Tionscadail

Úsáidfear cur chuige iomlánaíoch sa tionscadal chun dul i ngleic le gach gné den taighde, smaointe a bhailiú, tograí nua a ghiniúint mar aon le hacmhainneacht agus idirphlé, agus for-rochtain a dhéanamh sa chaoi go mbeidh rannpháirtithe agus dreamanna éagsúla páirteach. Bainfear an méid thuas amach sa tionscadal atá á bheartú trí thrí shruth oibre (torthaí) agus a n-aschuir ghaolmhara a chur chun feidhme:

Sruth Oibre 1: Tuiscint agus luacháil níos fearr a fhorbairt ar na cúiseanna, an spreagadh agus na rioscaí a bhaineann le leathadh na n-armán ollscriosta sa réigiún d’fhonn réitigh a shainaithint lena gcuirfí feabhas ar an tslándáil réigiúnach agus réitigh réigiúnacha a chur chun cinn don leathadh armán ollscriosta sa Mheánoirthear. Tá sé mar aidhm ag sruth oibre 1 feasacht agus tuiscint a mhéadú ar na tosca a chuireann le leathadh armán ollscriosta i réigiún an Mheánoirthir. Is é an sprioc atá ann na bunchúiseanna le leathadh na n-armán ollscriosta a shainaithint, lena n-áirítear cúiseanna straitéiseacha, polaitiúla nó eile, chomh maith leis na rioscaí agus na hiarmhairtí a bhaineann leo. Is é cuspóir foriomlán deiridh an tsrutha oibre sin réitigh phraiticiúla a shainaithint chun an tslándáil réigiúnach a fheabhsú agus leathadh na n-armán ollscriosta sa Mheánoirthear a chosc. Áirítear leis sin próisis slándála réigiúnacha, bídís ar siúl faoi láthair nó fós le teacht, a chur chun cinn chomh maith leis an tionscnamh ME WMDFZ, lena gcuirfí toirmeasc ar armáin ollscriosta a shealbhú, a tháirgeadh agus a úsáid sa réigiún agus lena gcuirfí iarrachtaí dí-armála agus neamhleata chun cinn. Trí theacht ar thuiscint ar na dúshláin agus trí réitigh fhéideartha a fhiosrú, tá sé d’aidhm ag Sruth Oibre 1 cur le slándáil agus cobhsaíocht an Mheánoirthir.

Sruth Oibre 2: Acmhainneacht réigiúnach a fhorbairt chun feabhas a chur ar an tuiscint ar na fadhbanna agus ar an gcumas réitigh a shainaithint a bhaineann le caibidlíocht agus cur chun feidhme ME WMDFZ. Is é is cuspóir do Shruth Oibre 2 cur le cumas thíortha an Mheánoirthir páirt éifeachtach a ghlacadh i gcaibidlíocht agus i gcur chun feidhme na bpróiseas slándála réigiúnach i gcoitinne, agus go háirithe, ME WMDFZ. Áirítear leis sin cumas na ngníomhaithe réigiúnacha a neartú chun castachtaí fhadhb leata na n-armán ollscriosta a thuiscint, chomh maith lena n-acmhainneacht a fhorbairt chun réitigh phraiticiúla a shainaithint agus a chur chun feidhme. Is é a bheidh i gceist leis na gníomhaíochtaí sa sruth oibre sin cláir oiliúna agus fothaithe acmhainneachtaí a chur ar fáil d’oifigigh rialtais, do shaineolaithe, agus do pháirtithe leasmhara eile, chomh maith le tacú le leathnú an spriocphobail sa réigiún. Is é an sprioc fhoriomlán cur le heolas agus rannpháirtíocht an phobail réigiúnaigh, sa chaoi gur fearr a bheidh siad in ann aghaidh a thabhairt ar dhúshláin leathadh na n-armán ollscriosta, agus an tslándáil réigiúnach a chur chun cinn. Trí acmhainneacht réigiúnach a fhorbairt agus trí thuiscint ar na saincheisteanna a fheabhsú, tá sé d’aidhm ag an sruth oibre sin tacú le caibidlíocht éifeachtach agus le cur chun feidhme éifeachtach na bpróiseas slándála réigiúnach, bídís ar siúl faoi láthair nó fós le teacht, lena n-áirítear ME WMDFZ, agus sa bhreis air sin, socruithe slándála réigiúnacha eile agus rialú arm, neamhleathadh agus próisis dí-armála a spreagadh.

Sruth Oibre 3: Tacú le ME WMDFZ éifeachtach infhíoraithe cuimsitheach inbhuanaithe. D’fhonn a áirithiú go mbeidh ME WMDFZ cuimsitheach, éifeachtach agus infhíoraithe, díreoidh sruth oibre 3 ar thacaíocht a thabhairt do ghnéithe teicniúla agus dlíthiúla a bhaineann leis an gcaibidlíocht agus le cur chun feidhme an limistéir. I ndeireadh na dála, is é sprioc an tsrutha oibre sin ME WMDFZ a chur chun cinn a bheadh insroichte inbhuanaithe, i.e. is féidir é a bhaint amach agus mairfidh sé le himeacht ama agus leanfaidh sé de bheith ina phríomhuirlis chun slándáil réigiúnach a fheabhsú agus leathadh na n-armán ollscriosta a chosc sa Mheánoirthear.

Gníomhaíochtaí Tionscadail agus an t-aschur a bhfuiltear ag súil leis

Déanfaidh an tionscadal gníomhaíochtaí a sheoladh, imeachtaí a reáchtáil, agus tuarascálacha a fhoilsiú chun na ceithre ghníomhaíocht athchóirithe a chur chun cinn le linn na dtrí shruth oibre.

Sruth Oibre 1: Tuiscint agus luacháil níos fearr níos fearr a fhorbairt ar na cúiseanna, an spreagadh agus na rioscaí a bhaineann le leathadh na n-armán ollscriosta sa réigiún d’fhonn réitigh a shainaithint lena gcuirfí feabhas ar an tslándáil réigiúnach agus réitigh réigiúnacha a chur chun cinn don leathadh armán ollscriosta sa Mheánoirthear. Faoin sruth oibre sin, déanfar an méid seo a leanas sa tionscadal:

Dhá chruinniú chomhchéime nó níos mó a thionól chun a bhfuil ag tarlú go réigiúnach agus go hidirnáisiúnta faoi láthair a phlé mar aon le tionchar na n-imeachtaí sin ar an dearcadh ar bhagairtí réigiúnacha. Chun na críche sin tabharfar saineolaithe, oifigigh rialtais, agus páirtithe leasmhara ábhartha eile le chéile chun tuairimí maidir le dúshláin slándála réigiúnacha a phlé chomh maith le bealaí chun comhar agus cobhsaíocht réigiúnach a fheabhsú.

Taighde a dhéanamh chun tuiscintí ar bhagairtí réigiúnacha a mhapáil, athbhreithniú a dhéanamh ar an mbosca uirlisí lena mbainfear amach rialú arm, neamhleathadh agus dí-armáil chomh maith leis an tslándáil réigiúnach, agus a aithint conas is féidir le próisis slándála réigiúnacha chomh maith le ME WMDFZ aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin. Is é a bheidh i gceist leis an taighde sin anailís chuimsitheach ar na tosca a spreagann leathadh armán ollscriosta sa réigiún, chomh maith le scrúdú ar láidreachtaí agus laigí na bpróiseas agus na sásraí slándála réigiúnacha atá ann cheana.

Páipéar a fhoilsiú ina ndéanfar achoimre ar thorthaí an taighde agus ina sainaithneofar bealaí chun na cúiseanna, an spreagadh agus na rioscaí a bhaineann le leathadh réigiúnach na n-armán ollscriosta a mhaolú. Cuirfidh an páipéar seo ceachtanna beartais ar fáil lenar féidir feabhas a chur ar phróisis slándála réigiúnacha agus ME WMDFZ a chur chun cinn mar cheann de na príomhuirlisí chun leathadh armán ollscriosta sa Mheánoirthear a chosc.

Trí chruinnithe comhchéime a thionól, taighde a dhéanamh, agus páipéar a fhoilsiú, féachtar, leis na hiarrachtaí sin, le tuiscint ar bhraistintí na mbagairtí réigiúnacha a mhéadú agus réitigh phraiticiúla a shainaithint chun slándáil réigiúnach a fheabhsú agus leathadh armán ollscriosta sa Mheánoirthear a chosc.

Sruth Oibre 2: Acmhainneacht réigiúnach a fhorbairt chun feabhas a chur ar an tuiscint ar na fadhbanna agus ar an gcumas réitigh a shainaithint a bhaineann le caibidlíocht agus cur chun feidhme ME WMDFZ. Faoin sruth oibre sin, déanfar an méid seo a leanas sa tionscadal:

Líonraí daoine aonair agus institiúidí a chruthú a oibríonn ar an tslándáil réigiúnach agus a chuireann chun cinn í, lena n-áirítear ar ME WMDFZ, chun tuiscint ar na saincheisteanna a neartú agus é mar chuspóir acu bonn eolais a chur faoina mbeartais náisiúnta agus páirt a ghlacadh sa phlé anois agus amach anseo. Is éard a bheidh i gceist leis sin comhpháirtíochtaí a bhunú le heagraíochtaí agus tionscnaimh atá ann cheana, chomh maith le tacú le forbairt líonraí agus comhghuaillíochtaí nua a bheidh tiomnaithe chun ME WMDFZ a chur chun cinn. Is é an sprioc na hiarrachtaí atá á ndéanamh cheana a bhunú, a neartú agus a chomhtháthú chun ME WMDFZ a chur chun cinn, agus chun a thionchar ar an tslándáil réigiúnach a uasmhéadú.

Dhá cheardlann forbartha acmhainní ar a laghad a eagrú d’oifigigh réigiúnacha agus do shaineolaithe réigiúnacha chun feabhas a chur ar a dtuiscint ar shaincheisteanna a bhaineann leis an tslándáil réigiúnach, le leathadh armán ollscriosta agus le hiarrachtaí chun aghaidh a thabhairt orthu sin, lena n-áirítear maidir le caibidlíocht agus cur chun feidhme ME WMDFZ. Cuirfidh na ceardlanna seo deiseanna oiliúna agus oideachais ar fáil do rannpháirtithe chun a gcuid eolais agus scileanna a threisiú, agus chun réitigh phraiticiúla caibidlíochta agus cur chun feidhme a fhorbairt.

Uirlisí ar líne ME WMDFZ ar shuíomh gréasáin UNIDIR a chothabháil agus a fheabhsú. Is éard a bheidh i gceist leis sin na hacmhainní agus na hábhair atá ann cheana a thabhairt cothrom le dáta, chomh maith le huirlisí agus acmhainní nua ar líne a fhorbairt chun tacú le cur chun cinn agus cur chun feidhme ME WMDFZ.

Trí fhoilseachán ar a laghad a aistriú go teangacha réigiúnacha. Cuideoidh sé sin le forbairt téarmaíochta sna teangacha áitiúla agus tríd an tuiscint atá ag saineolaithe réigiúnacha atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo a leathnú, rochtain ar fhaisnéis agus ar acmhainní a bhaineann le ME WMDFZ a mhéadú i measc dreamanna réigiúnacha agus a infheictheacht agus tuiscint air a chur chun cinn sa réigiún.

Trí líonraí a chruthú, ceardlanna fothaithe acmhainneachta a eagrú, uirlisí ar líne a chothabháil agus a fheabhsú, agus foilseacháin a aistriú, tá sé mar aidhm leis na hiarrachtaí sin iarrachtaí slándála réigiúnacha agus ME WMDFZ a chur chun cinn agus feabhas a chur ar an acmhainneacht réigiúnach chun páirt éifeachtach a ghlacadh ina gcaibidlíocht agus ina gcur chun feidhme.

Sruth Oibre 3: ME WMDFZ a chur chun cinn a bheidh éifeachtach infhíoraithe cuimsitheach inbhuanaithe.

Trí pháipéar beartais ar a laghad a fhoilsiú ina dtugtar aghaidh ar shaincheisteanna ar dúshláin iad sa chaibidlíocht agus/nó i gcur chun feidhme ME WMDFZ. Tabharfar aghaidh sna páipéir sin ar réimse saincheisteanna a bhaineann le slándáil réigiúnach, dí-armáil agus neamhleathadh, agus cuirfidh siad impleachtaí agus roghanna ar fáil chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin. Cuirfidh siad anailís chuimsitheach eolasach ar fáil ar phríomhdhúshláin ME WMDFZ agus rannchuideoidh siad le rath a chaibidlíochta agus a chur chun feidhme.

Dhá imeacht phoiblí ar a laghad a thionól chun plé a dhéanamh ar shaincheisteanna a bhaineann leis an gcaibidlíocht agus le cur chun feidhme ME WMDFZ. Leis na himeachtaí sin, tabharfar le chéile saineolaithe, oifigigh rialtais, agus páirtithe leasmhara ábhartha eile chun tuairimí a phlé agus a mhalartú maidir leis na dúshláin agus na deiseanna a bhaineann le ME WMDFZ.

Seisiúin faisnéise a chur ar fáil agus tacaíocht a thabhairt d’iarrachtaí leanúnacha ME WMDFZ a bhaineann lena chur chun feidhme agus le próisis slándála réigiúnacha eile. Is éard a bheidh i gceist leis sin tacaíocht agus comhairle a chur ar fáil do pháirtithe leasmhara ábhartha.

Trí pháipéir bheartais a fhoilsiú, imeachtaí poiblí a thionól, agus trí fhaisnéisiú agus tacaíocht a chur ar fáil, tá sé mar aidhm leis na hiarrachtaí sin rannchuidiú le caibidlíocht agus cur chun feidhme ME WMDFZ agus aghaidh a thabhairt ar na príomhdhúshláin a d’fhéadfadh teacht chun cinn le linn na bpróiseas sin.

Iad siúd ar a bhfuiltear ag díriú

Cuirfidh an tionscadal atá beartaithe le hiarrachtaí rialaithe arm, dí-armála agus neamhleata ar bhonn réigiúnach agus idirnáisiúnta araon. Tá trí ghrúpa fhorluiteacha sa dream a bhfuil ag díriú orthu:

Lucht déanta beartas agus taidhleoirí sa réigiún atá ag obair ar rialú arm, ar dhí-armáil, agus ar neamhleathadh, agus ar shaincheisteanna slándála réigiúnacha freisin. Áirítear leis sin freisin oifigigh agus saineolaithe réigiúnacha, agus iad siúd a oibríonn i bhfóraim réigiúnacha agus iltaobhacha, lena n-áirítear Comhdhálacha Athbhreithnithe NPT, CWC, BWC, agus Comhdháil ME WMDFZ. Díreofar go speisialta ar dhul i dteagmháil le grúpaí nach bhfuil mórán ionadaíochta acu, mar shampla, lucht ceaptha beartas óg, saineolaithe, mná, agus eolaithe ón réigiún a bhíonn as láthair go minic ó chomhráite.

Lucht déanta beartas slándála idirnáisiúnta, taidhleoirí agus taighdeoirí, go háirithe iad siúd a dhíríonn ar rialú arm, ar dhí-armáil, agus ar neamhleathadh arm núicléach, ceimiceach agus bitheolaíoch agus a gcórais seachadta sa Mheánoirthear, chomh maith le ME WMDFZ agus slándáil réigiúnach, nó teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn.

Scoláirí agus cleachtóirí an Mheánoirthir a fhéachann le dinimic an réigiúin, a Bhallstát, agus a bpobail, atá ag athrú go tapa, a rianú agus a thuiscint, na himpleachtaí a bhaineann le comhghuaillíochtaí agus cumais a bheith ag athrú maidir leis an tslándáil réigiúnach, agus na hionchais maidir le foinsí teannais, coinbhleachtaí agus leata atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo a chosc agus a mhaolú.

Fráma Am an Tionscadail

Táthar ag súil go dtosóidh an tionscadal i lár mhí Iúil 2023 agus go leanfaidh sé ar aghaidh go ceann 36 mhí. Táthar ag súil go gcríochnófar é i mí Iúil 2026. Cuirfear scéal deiridh an tionscadail agus na tuarascálacha airgeadais i dtoll a chéile faoi dheireadh 2026.

Rialachas agus formhaoirseacht an tionscadail

Tabharfar faoin tionscadal seo faoi choimirce Institiúid na Náisiún Aontaithe um Thaighde ar an Dí-armáil (UNIDIR). Is institiúid uathrialach é UNIDIR faoi chuimsiú na Náisiún Aontaithe a bunaíodh in 1980 chun taighde neamhspleách a dhéanamh ar dhí-armáil agus ar fhadhbanna gaolmhara, go háirithe saincheisteanna slándála idirnáisiúnta. Agus í lonnaithe sa Ghinéiv, tá cáil dhomhanda uirthi agus saineolas seanbhunaithe aici ar shaincheisteanna armán ollscriosta, lena n-áirítear cuimhne institiúideach agus cartlann shuntasach de phróisis dí-armála, lena n-áirítear limistéir NPT agus limistéir saor ó airm núicléacha ar fud an domhain, agus taifead suntasach foilseachán, a bhfuil rochtain ag an bpobal orthu agus atá ar fáil saor in aisce ar líne.

Gné thábhachtach d’fheidhmeanna UNIDIR is ea idirphlé neamhfhoirmiúil a thionól agus a éascú i measc saineolaithe éagsúla maidir le saincheisteanna dí-armála, ó shaincheisteanna armán ollscriosta go teicneolaíochtaí arm atá ag teacht chun cinn. Dá bhrí sin, tá líonra leathan ag UNIDIR chun cruinnithe a eagrú sa Ghinéiv agus in áiteanna eile, agus chun tuarascálacha achoimre agus obair leantach a ullmhú.

Tá UNIDIR faoi rialú Bord Iontaobhaithe a fheidhmíonn mar Bhord Comhairleach ar Chúrsaí Dí-armála freisin, a dtuairiscíonn Stiúrthóir UNIDIR dó. Tugann Bord na nIontaobhaithe grúpa éagsúil saineolaithe le chéile ó gach cearn den domhan, a bhfuil gach duine acu ag fónamh ina gcáil phearsanta agus a thagann le chéile dhá uair sa bhliain chun athbhreithniú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí substainteacha agus airgeadais UNIDIR. Tugann an Bord Iontaobhaithe tuairisc bhliantúil ar a chuid oibre d’Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe. Tá Stiúrthóir UNIDIR freagrach as UNIDIR a eagrú, a stiúradh agus a riar, lena n-áirítear an taighde substainteach a dhéanann sé, chomh maith lena phróisis airgeadais agus riaracháin.

Cé gur eagraíocht uathrialach é UNIDIR, leanann sé Rialacha agus Rialacháin Airgeadais na Náisiún Aontaithe, agus tá a airgeadas faoi réir iniúchadh Bhord Iniúchóirí na Náisiún Aontaithe. Déantar airgeadas gach tionscadail a riaradh agus a bhainistiú trí Umoja agus é faoi réir athbhreithniú ráithiúil. Tuarascálacha UNIDIR ar dhul chun cinn tionscadail aonair agus airgeadas do dheontóirí ábhartha ar bhonn bliantúil ar a laghad agus suas go dtí gach ráithe, agus sin ag brath ar riachtanais an deontóra aonair.