22.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 159/87


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1209 ÓN gCOIMISIÚN

an 21 Meitheamh 2023

lena n-údaraítear táirgí ina bhfuil, arb é atá iontu, nó a tháirgtear as arbhar Indiach géinmhodhnaithe DP4114 x MON89034 x MON87411 x DAS-40278-9 agus a fho-chumaisc DAS-40278-9 x DP4114 x MON 87411, MON 89034 x DP4114 x MON 87411, MON 89034 x DAS-40278-9 x MON 87411, MON 89034 x DAS-40278-9 x DP4114, DP4114 x MON 87411, DAS-40278-9 x MON 87411, DAS-40278-9 x DP4114, MON 89034 x DP4114, a chur ar an margadh de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2023) 3937)

(Is iad na téacsanna Fraincise agus Ollainnise amháin atá barántúil)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le bia géinmhodhnaithe agus beatha ghéinmhodhnaithe (1), agus go háirithe Airteagal 7(3) agus Airteagal 19(3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 9 Nollaig 2020, rinne Pioneer Overseas Corporation, atá lonnaithe sa Bheilg, iarratas a chur isteach, thar ceann Pioneer Hi-Bred International, Inc., atá lonnaithe sna Stáit Aontaithe, chuig údarás inniúil náisiúnta na hÍsiltíre maidir le bianna, comhábhair bhia agus beatha ina bhfuil, arb é atá iontu nó a tháirgtear as arbhar Indiach géinmhodhnaithe DP4114 x MON89034 x MON87411 x DAS-40278-9 a chur ar an margadh, i gcomhréir le hAirteagail 5 agus 17 de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 (‘an t-iarratas’). Cumhdaíodh san iarratas freisin táirgí ina bhfuil nó arb é atá iontu arbhar Indiach géinmhodhnaithe DP4114 x MON89034 x MON87411 x DAS-40278-9 a chur ar an margadh le haghaidh úsáidí seachas bia agus beatha, cé is moite de shaothrú.

(2)

Ina theannta sin, cumhdaíodh san iarratas táirgí a chur ar an margadh, ar táirgí iad ina bhfuil, arb é atá iontu, nó a tháirgtear as deich bhfo-chumasc de na teagmhais thrasfhoirmithe aonair arb é atá iontu arbhar Indiach géinmhodhnaithe DP4114 x MON89034 x MON87411 x DAS-40278-9. Tá dhá fho-chumasc a áirítear san iarratas, MON 89034 x MON 87411 agus MON 89034 x DAS-40278-9, údaraithe cheana féin le Cinntí Cur Chun Feidhme (AE) 2021/65 (2) agus 2019/2086 ón gCoimisiún (3) faoi seach.

(3)

Cumhdaítear leis an gCinneadh seo arbhar Indiach DP4114 x MON89034 x MON87411 x DAS-40278-9 agus na fo-chumaisc neamhúdaraithe uile de na teagmhais trasfhoirmithe aonair arb é an t-arbhar Indiach sin iad: DAS-40278-9 x DP4114 x MON 87411, MON 89034 x DP4114 x MON 87411, MON 89034 x DAS-40278-9 x MON 87411, MON 89034 x DAS-40278-9 x DP4114, DP4114 x MON 87411, DAS-40278-9 x MON 87411, DAS-40278-9 x DP4114, MON 89034 x DP4114.

(4)

I gcomhréir le hAirteagal 5(5) agus Airteagal 17(5) de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003, áiríodh san iarratas faisnéis agus conclúidí maidir leis an measúnú riosca arna dhéanamh i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2001/18/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4). Áiríodh ann freisin an fhaisnéis a cheanglaítear de bhun Iarscríbhinní III agus IV a ghabhann leis an Treoir sin mar aon le plean faireacháin maidir le héifeachtaí comhshaoil i gcomhréir le hIarscríbhinn VII a ghabhann leis an Treoir sin.

(5)

An 9 Samhain 2022, d’eisigh an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) tuairim eolaíoch fhabhrach (5) i gcomhréir le hAirteagail 6 agus 18 de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003. Tháinig an tÚdarás ar an gconclúid maidir le arbhar Indiach géinmhodhnaithe DP4114 x MON89034 x MON87411 x DAS-40278-9 agus a fho-chumaisc, mar a thuairiscítear san iarratas, go bhfuil siad chomh sábháilte céanna lena macasamhail thraidisiúnta agus leis na cineálacha tagartha arbhar Indiach neamh-ghéinmhodhnaithe a ndearnadh tástáil orthu, a mhéid a bhaineann leis na héifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith ar shláinte an duine, ar shláinte ainmhithe agus ar an gcomhshaol. Tháinig an tÚdarás ar an gconclúid freisin nach bhfuil tomhaltas arbhar Indiach géinmhodhnaithe DP4114 x MON89034 x MON87411 x DAS-40278-9 ná a fho-chumasc ina chúis imní cothaithe in aon chor.

(6)

Sa tuairim uaidh, rinne an tÚdarás breithniú ar gach ceist agus cúis imní a tharraing na Ballstáit anuas i gcomhthéacs an chomhairliúcháin leis na húdaráis inniúla náisiúnta dá bhforáiltear in Airteagal 6(4) agus Airteagal 18(4) de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003.

(7)

Tháinig an tÚdarás ar an gconclúid freisin i dtaca leis an bplean faireacháin maidir le héifeachtaí comhshaoil, arna chur isteach ag an iarratasóir, arb é atá ann plean ginearálta faireachais, go bhfuil an plean sin i gcomhréir leis na húsáidí atá beartaithe le haghaidh na dtáirgí.

(8)

Agus na conclúidí sin á gcur san áireamh, maidir leis na táirgí ina bhfuil, arb é atá iontu, nó a tháirgtear as arbhar Indiach géinmhodhnaithe DP4114 x MON89034 x MON87411 x DAS-40278-9 agus a fho-chumaisc DAS-40278-9 x DP4114 x MON 87411, MON 89034 x DP4114 x MON 87411, MON 89034 x DAS-40278-9 x MON 87411, MON 89034 x DAS-40278-9 x DP4114, DP4114 x MON 87411, DAS-40278-9 x MON 87411, DAS-40278-9 x DP4114, MON 89034 x DP4114, ba cheart údarú a thabhairt le haghaidh na n-úsáidí a liostaítear san iarratas.

(9)

Le litir dar dáta an 24 Eanáir 2022, d’iarr Pioneer Hi-Bred International, Inc. go ndéanfadh an Coimisiún cearta agus oibleagáidí Pioneer Hi-Bred International, Inc. maidir leis na hiarratais uile atá ar feitheamh maidir le táirgí géinmhodhnaithe, a aistriú chuig Corteva Agriscience LLC, atá lonnaithe sna Stáit Aontaithe. Dhearbhaigh Corteva Agriscience LLC a gcomhaontú leis an athrú ar shealbhóir údaraithe arna mholadh ag Pioneer Hi-Bred International, Inc. Is é Corteva Agriscience Belgium B.V., atá lonnaithe sa Bheilg, a dhéanann ionadaíocht ar Corteva Agriscience LLC san Aontas.

(10)

Ba cheart aitheantóir uathúil a shannadh d’arbhar Indiach géinmhodhnaithe DP4114 x MON89034 x MON87411 x DAS-40278-9 agus do gach ceann dá fho-chumaisc DAS-40278-9 x DP4114 x MON 87411, MON 89034 x DP4114 x MON 87411, MON 89034 x DAS-40278-9 x MON 87411, MON 89034 x DAS-40278-9 x DP4114, DP4114 x MON 87411, DAS-40278-9 x MON 87411, DAS-40278-9 x DP4114, MON 89034 x DP4114, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 65/2004 ón gCoimisiún (6).

(11)

I gcás na dtáirgí a chumhdaítear leis an gCinneadh seo, is cosúil nach gá aon cheanglas sonrach lipéadaithe, seachas na ceanglais dá bhforáiltear in Airteagal 13(1) agus in Airteagal 25(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 agus in Airteagal 4(6) de Rialachán (CE) Uimh. 1830/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7). D’fhonn a áirithiú, áfach, go bhfanfaidh úsáid na dtáirgí sin laistigh de theorainneacha an údaraithe a dheonaítear leis an gCinneadh seo, ba cheart a léiriú go soiléir ar lipéadú na dtáirgí sin, cé is moite de bhianna agus comhábhair bia, nach bhfuil siad ceaptha lena saothrú.

(12)

Ba cheart do shealbhóir an údaraithe tuarascálacha bliantúla a chur isteach maidir le cur chun feidhme agus torthaí na ngníomhaíochtaí a leagtar amach sa phlean faireacháin le haghaidh éifeachtaí comhshaoil. Ba cheart na torthaí sin a chur i láthair i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos i gCinneadh 2009/770/CE ón gCoimisiún (8).

(13)

Ní thugann an tuairim ón Údarás údar le coinníollacha sonracha nó srianta sonracha eile a fhorchur maidir le cur ar an margadh, maidir le húsáid agus láimhseáil ná maidir le héiceachórais/comhshaol nó limistéir gheografacha ar leith a chosaint, mar a fhoráiltear in Airteagal 6(5), pointe (e) agus in Airteagal 18(5), pointe (e) de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003.

(14)

Gach faisnéis ábhartha maidir le húdarú na dtáirgí a chumhdaítear leis an gCinneadh seo, ba cheart í a chur isteach i gclár an Chomhphobail de bhia géinmhodhnaithe agus de bheatha ghéinmhodhnaithe dá dtagraítear in Airteagal 28(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003.

(15)

Tá fógra le tabhairt faoin gCinneadh seo trí Theach Imréitigh na Bithshábháilteachta do na Páirtithe i bPrótacal Cartagena ar an mBithshábháilteacht a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir leis an mBithéagsúlacht, de bhun Airteagal 9(1) agus Airteagal 15(2), pointe (c) de Rialachán (CE) Uimh. 1946/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9).

(16)

Níor thug an Buanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha tuairim uaidh laistigh den teorainn ama a leag Cathaoirleach an Choiste síos. Measadh an gníomh cur chun feidhme seo a bheith riachtanach agus chuir an Cathaoirleach faoi bhráid an choiste achomhairc é le go ndéanfar tuilleadh plé ina leith. Níor thug an coiste achomhairc tuairim uaidh,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Orgánach géinmhodhnaithe agus aitheantóirí uathúla

I gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 65/2004, sanntar na haitheantóirí uathúla seo a leanas d’arbhar Indiach géinmhodhnaithe (Zea mays L.), mar a shonraítear i bpointe (b) den Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo:

(a)

an t-aitheantóir uathúil DP-ØØ4114-3 x MON-89Ø34-3 x MON-87411-9 x DAS-4Ø278-9 le haghaidh arbhar Indiach géinmhodhnaithe DP4114 x MON89034 x MON87411 x DAS-40278-9;

(b)

an t-aitheantóir uathúil DAS-4Ø278-9 x DP-ØØ4114-3 x MON-87411-9 le haghaidh arbhar Indiach géinmhodhnaithe DAS-40278-9 x DP4114 x MON 87411;

(c)

an t-aitheantóir uathúil MON-89Ø34-3 x DP-ØØ4114-3 x MON-87411-9 le haghaidh arbhar Indiach géinmhodhnaithe MON 89034 x DP4114 x MON 87411;

(d)

an t-aitheantóir uathúil MON-89Ø34-3 x DAS-4Ø278-9 x MON-87411-9 le haghaidh arbhar Indiach géinmhodhnaithe MON 89034 x DAS-40278-9 x MON 87411;

(e)

an t-aitheantóir uathúil MON-89Ø34-3 x DAS-4Ø278-9 x DP-ØØ4114-3 le haghaidh arbhar Indiach géinmhodhnaithe MON 89034 x DAS-40278-9 x DP4114;

(f)

an t-aitheantóir uathúil DP-ØØ4114-3 x MON-87411-9 le haghaidh arbhar Indiach géinmhodhnaithe DP4114 x MON 87411;

(g)

an t-aitheantóir uathúil DAS-4Ø278-9 x MON-87411-9 le haghaidh arbhar Indiach géinmhodhnaithe DAS-40278-9 x MON 87411;

(h)

an t-aitheantóir uathúil DAS-4Ø278-9 x DP-ØØ4114-3 le haghaidh arbhar Indiach géinmhodhnaithe DAS-40278-9 x DP4114;

(i)

an t-aitheantóir uathúil MON-89Ø34-3 x DP-ØØ4114-3 le haghaidh arbhar Indiach géinmhodhnaithe MON 89034 x DP4114.

Airteagal 2

Údarú

Údaraítear na táirgí seo a leanas chun críocha Airteagal 4(2) agus Airteagal 16(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach sa Chinneadh seo:

(a)

bianna agus comhábhair bhia ina bhfuil, arb é atá iontu nó a tháirgtear as arbhar Indiach géinmhodhnaithe agus a fho-chumaisc dá dtagraítear in Airteagal 1;

(b)

beatha ina bhfuil, arb é atá inti nó a tháirgtear as arbhar Indiach géinmhodhnaithe agus a fho-chumaisc dá dtagraítear in Airteagal 1;

(c)

táirgí ina bhfuil nó arb é atá iontu arbhar Indiach géinmhodhnaithe agus a fho-chumaisc dá dtagraítear in Airteagal 1 le haghaidh úsáidí seachas na húsáidí dá bhforáiltear i bpointí (a) agus (b), cé is moite de shaothrú.

Airteagal 3

Lipéadú

1.   Chun críocha na gceanglas lipéadaithe a leagtar síos in Airteagal 13(1) agus Airteagal 25(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 agus in Airteagal 4(6) de Rialachán (CE) Uimh. 1830/2003, is é ‘arbhar Indiach’ a bheidh mar ainm an orgánaigh.

2.   Beidh na focail ‘níltear le saothrú’ ar an lipéad agus sna doiciméid a ghabhann leis na táirgí ina bhfuil nó arb é atá iontu arbhar Indiach géinmhodhnaithe agus a fho-chumaisc dá dtagraítear in Airteagal 1, cé is moite de tháirgí dá dtagraítear in Airteagal 2, pointe (a).

Airteagal 4

An modh braite

Beidh feidhm ag an modh a leagtar amach i bpointe (d) den Iarscríbhinn maidir le harbhar Indiach géinmhodhnaithe agus a fho-chumaisc dá dtagraítear in Airteagal 1 a bhrath.

Airteagal 5

Faireachán ar éifeachtaí comhshaoil

1.   Áiritheoidh sealbhóir an údaraithe go ndéanfar an plean faireacháin maidir le héifeachtaí comhshaoil, mar a leagtar amach i bpointe (h) den Iarscríbhinn, a chur ar bun agus a chur chun feidhme.

2.   Cuirfidh sealbhóir an údaraithe tuarascálacha bliantúla faoi bhráid an Choimisiúin maidir le cur chun feidhme agus torthaí na ngníomhaíochtaí a leagtar amach sa phlean faireacháin i gcomhréir leis an bhformáid a leagtar amach i gCinneadh 2009/770/CE.

Airteagal 6

An clár Comhphobail

An fhaisnéis a leagtar amach san Iarscríbhinn, cuirfear isteach í i gclár an Chomhphobail de bhia géinmhodhnaithe agus de bheatha ghéinmhodhnaithe, dá dtagraítear in Airteagal 28(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003.

Airteagal 7

Sealbhóir an údaraithe

Is é Corteva Agriscience LLC, arna ionadú san Aontas ag Corteva Agriscience Belgium B.V, a bheidh ina shealbhóir údaraithe.

Airteagal 8

Bailíocht

Beidh feidhm ag an gCinneadh seo ar feadh tréimhse 10 mbliana ón dáta a thabharfar fógra ina leith.

Airteagal 9

Seolaí

Dírítear an Cinneadh seo chuig Corteva Agriscience LLC, 9330 Zionsville Road Indianapolis, Indiana 46268-1054, Stáit Aontaithe Mheiriceá, arna ionadú san Aontas ag Corteva Agriscience Belgium B.V., Rue Montoyer 25, 1000 Bruxelles, an Bheilg.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 21 Meitheamh 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

Stella KYRIAKIDES

Comhalta den Choimisiún


(1)   IO L 268, 18.10.2003, lch. 1.

(2)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/65 ón gCoimisiún an 22 Eanáir 2021 lena n-údaraítear táirgí ina bhfuil, arb é atá iontu, nó a tháirgtear as arbhar Indiach géinmhodhnaithe MON 87427 × MON 89034 × MIR162 × MON 87411, agus arbhar Indiach géinmhodhnaithe ina gcomhcheanglaítear dhá cheann nó trí cinn de na teagmhais thrasfhoirmithe aonair MON 87427, MON 89034, MIR162 agus MON 87411, a chur ar an margadh de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 26, 26.1.2021, lch. 37).

(3)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2086 ón gCoimisiún an 28 Samhain 2019 lena n-údaraítear táirgí ina bhfuil, arb é atá iontu, nó a tháirgtear as arbhar Indiach géinmhodhnaithe MON 89034 x 1507 x MON 88017 x 59122 x DAS-40278-9 agus arbhar Indiach géinmhodhnaithe ina gcomhcheanglaítear dhá cheann, trí cinn nó ceithre cinn de na teagmhais thrasfhoirmithe aonair MON 89034, 1507, MON 88017, 59122 agus DAS-40278-9, a chur ar an margadh de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 316, 6.12.2019, lch. 87).

(4)  Treoir 2001/18/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Márta 2001 maidir le scaoileadh réamhbheartaithe orgánach géinmhodhnaithe amach sa chomhshaol agus lena n-aisghairtear Treoir 90/220/CEE ón gComhairle (IO L 106, 17.4.2001, lch. 1).

(5)  Painéal OGM EFSA (Painéal EFSA um Orgánaigh Ghéinmhodhnaithe), 2022. Scientific Opinion on assessment of genetically modified maize DP4114 × MON 89034 × MON 87411 × DAS-40278-9 and sub-combinations for food and feed uses, under Regulation (EC) No 1829/2003 (application EFSA-GMO-NL-2020-171) [Tuairim Eolaíoch maidir leis an measúnú ar arbhar Indiach géinmhodhnaithe DP4114 x MON 89034 x MON 87411 x DAS-40278-9 agus a fho-chumaisc le haghaidh úsáidí bia agus beatha, faoi Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 (iarratas EFSA-GMO-NL-2020-171)]. EFSA Journal [Iris EFSA] 2022; 20(11):7619, https://doi.org/10.2903/j.efsa.2022.7619

(6)  Rialachán (CE) Uimh. 65/2004 ón gCoimisiún an 14 Eanáir 2004 lena mbunaítear córas chun aitheantóirí uathúla d’orgánaigh ghéinmhodhnaithe a fhorbairt agus a shannadh (IO L 10, 16.1.2004, lch. 5).

(7)  Rialachán (CE) Uimh. 1830/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le hinrianaitheacht agus lipéadú orgánach géinmhodhnaithe agus inrianaitheacht táirgí bia agus beatha a tháirgtear ó orgánaigh ghéinmhodhnaithe agus lena leasaítear Treoir 2001/18/CE (IO L 268, 18.10.2003, lch. 24).

(8)  Cinneadh 2009/770/CE ón gCoimisiún an 13 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear formáidí caighdeánacha tuairiscithe chun na torthaí faireacháin ar scaoileadh réamhbheartaithe orgánach géinmhodhnaithe amach sa chomhshaol, i bhfoirm táirgí nó i dtáirgí, a chur i láthair, chun iad a chur ar an margadh, de bhun Threoir 2001/18/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 275, 21.10.2009, lch. 9).

(9)  Rialachán (CE) Uimh. 1946/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2003 maidir le gluaiseachtaí trasteorann orgánach géinmhodhnaithe (IO L 287, 5.11.2003, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

(a)   An t-iarratasóir agus sealbhóir an údaraithe:

Ainm

:

Corteva Agriscience LLC

Seoladh

:

9330 Zionsville Road Indianapolis, Indiana 46268-1054, Stáit Aontaithe Mheiriceá

Arna ionadú san Aontas ag Corteva Agriscience Belgium BV, Rue Montoyer 25, 1000 Bruxelles, an Bheilg.

(b)   Ainmníocht agus sonraíocht na dtáirgí:

(1)

bianna agus comhábhair bhia ina bhfuil, arb é atá iontu nó a tháirgtear as arbhar Indiach géinmhodhnaithe dá dtagraítear i bpointe (e);

(2)

beatha ina bhfuil, arb é atá inti nó a tháirgtear as arbhar Indiach géinmhodhnaithe dá dtagraítear i bpointe (e);

(3)

táirgí ina bhfuil nó arb é atá iontu arbhar Indiach géinmhodhnaithe dá dtagraítear i bpointe (e); le haghaidh úsáidí seachas na húsáidí dá bhforáiltear i bpointí (1) agus (2), cé is moite de shaothrú.

An t-arbhar Indiach géinmhodhnaithe DP-ØØ4114-3, léiríonn sé na géinte cry1F, cry34Ab1 agus cry35Ab1, lena dtugtar cosaint in aghaidh lotnaidí léipidipteireacha áirithe agus coiléipteireacha áirithe, agus an ghéin pat, lena dtugtar frithsheasmhacht i gcoinne luibhicídí bunaithe ar amóiniam glúfosanáite.

An t-arbhar Indiach géinmhodhnaithe MON-89Ø34-3, léiríonn sé na géinte cry1A.105 agus cry2Ab2, lena dtugtar cosaint in aghaidh lotnaidí léipidipteireacha áirithe.

An t-arbhar Indiach géinmhodhnaithe MON-87411-9, léiríonn sé an ghéin dvSnf7 dsRNA, lena dtugtar cosaint in aghaidh fréamhphéiste arbhair iartharaí, an ghéin cry3Bb1, lena dtugtar cosaint i aghaidh lotnaidí coiléipteireacha áirithe, agus próitéin EPSP CP4, lena dtugtar frithsheasmhacht i gcoinne luibhicídí gliofosáite.

An t-arbhar Indiach géinmhodhnaithe DAS-4Ø278-9, léiríonn sé an ghéin aad-1, lena dtugtar frithsheasmhacht i gcoinne aigéad 2, 4-déchlóraifeanocsaicéiteach (2,4-D) agus luibhicídí airiolocsaifeanocsaprópianáite (AOPP).

(c)   Lipéadú:

(1)

Chun críocha na gceanglas maidir le lipéadú a leagtar síos in Airteagal 13(1) agus in Airteagal 25(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003, agus in Airteagal 4(6) de Rialachán (CE) Uimh. 1830/2003, is é ‘arbhar Indiach’ a bheidh mar ‘ainm an orgánaigh’;

(2)

Beidh na focail ‘níltear le saothrú’ ar lipéad na dtáirgí agus i ndoiciméid a ghabhann leis na táirgí sin ina bhfuil nó arb é atá iontu an t-arbhar Indiach géinmhodhnaithe dá dtagraítear i bpointe (e), cé is moite de na táirgí dá dtagraítear i bpointe (b)(1).

(d)   An modh braite:

(1)

Is éard atá sna modhanna teagmhas-shonracha cainníochtúla braite ISP na modhanna arna mbailíochtú ina n-aonar le haghaidh theagmhais arbhar Indiach géinmhodhnaithe DP-ØØ4114-3, MON-89Ø34-3, MON-87411-9 agus atá fíoraithe tuilleadh ar arbhar Indiach DP-ØØ4114-3 x MON-89Ø34-3 x MON-87411-9 x DAS-4Ø278-9;

(2)

Arna bhailíochtú ag saotharlann tagartha an Aontais arna bunú faoi Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003, arna fhoilsiú ag http://gmo-crl.jrc.ec.europa.eu/StatusOfDossiers.aspx;

(3)

Ábhar Tagartha: Is féidir teacht ar AOCS 0906-E2 (le haghaidh MON-89Ø34-3), agus AOCS 0215-B (le haghaidh MON-87411-9) tríd American Oil Chemists Society ag https://www.aocs.org/crm#maize; Is féidir teacht ar ERM®-BF439 a-e (le haghaidh DP-ØØ4114-3) agus ERM®-BF433 a-d (le haghaidh DAS-4Ø278-9) tríd Airmheán Comhpháirteach Taighde (JRC) an Choimisiúin Eorpaigh ag https://crm.jrc.ec.europa.eu/.

(e)   Aitheantóir uathúil:

 

DP-ØØ4114-3 x MON-89Ø34-3 x MON-87411-9 x DAS-4Ø278-9;

 

DAS-4Ø278-9 x DP-ØØ4114-3 x MON-87411-9;

 

MON-89Ø34-3 x DP-ØØ4114-3 x MON-87411-9;

 

MON-89Ø34-3 x DAS-4Ø278-9 x MON-87411-9;

 

MON-89Ø34-3 x DAS-4Ø278-9 x DP-ØØ4114-3;

 

DP-ØØ4114-3 x MON-87411-9;

 

DAS-4Ø278-9 x MON-87411-9;

 

DAS-4Ø278-9 x DP-ØØ4114-3;

 

MON-89Ø34-3 x DP-ØØ4114-3.

(f)   Faisnéis a cheanglaítear faoi Iarscríbhinn II a ghabhann le Prótacal Cartagena ar an mBithshábháilteacht a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir leis an mBithéagsúlacht:

[Teach Imréitigh na Bithshábháilteachta, Uimhir aitheantais an chomhaid: arna fhoilsiú i gclár an Chomhphobail de bhia géinmhodhnaithe agus beatha ghéinmhodhnaithe nuair a fhógraítear é].

(g)   Coinníollacha nó srianta maidir leis na táirgí a chur ar an margadh, a úsáid nó a láimhseáil:

Ní gá.

(h)   Plean faireacháin le haghaidh éifeachtaí comhshaoil:

Plean faireacháin maidir le héifeachtaí comhshaoil i gcomhréir le hIarscríbhinn VII a ghabhann le Treoir 2001/18/CE.

[Nasc: plean a foilsíodh sa chlár Comhphobail de bhia géinmhodhnaithe agus beatha ghéinmhodhnaithe]

(i)   Ceanglais faireacháin iarmhargaidh maidir le húsáid an bhia lena chaitheamh ag an duine:

Ní gá.

Nóta:

d’fhéadfadh sé gur ghá na naisc chuig na doiciméid ábhartha a athrú thar thréimhse ama. Cuirfear na modhnuithe sin ar fáil don phobal tríd an gclár Comhphobail de bhia géinmhodhnaithe agus beatha ghéinmhodhnaithe a thabhairt cothrom le dáta.