20.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 157/47


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (CBES) 2023/1189 ÓN gCOMHAIRLE

An 19 Meitheamh 2023

lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh 2010/788/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 31(2) de,

Ag féachaint do Chinneadh 2010/788/CBES ón gComhairle an 20 Nollaig 2010 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó (1), agus go háirithe Airteagal 6(2) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 20 Nollaig 2010, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2010/788/CBES.

(2)

An 12 Nollaig 2016, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2016/2231 (2) mar fhreagra ar na bacainní a cuireadh ar an bpróiseas toghchánaíochta i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó agus ar na sáruithe ar chearta an duine. Le Cinneadh (CBES) 2016/2231 leasaíodh Cinneadh 2010/788/CBES agus tugadh isteach bearta sriantacha uathrialacha in Airteagal 3(2) de.

(3)

Tar éis bhreithiúnais ón gCúirt Ghinearálta i gcásanna T-93/22 (3) agus T-94/22 (4),, measann an Comhairle gur cheart dhá iontráil a scriosadh ó liosta na ndaoine nádúrtha nó dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh 2010/788/CBES.

(4)

Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh 2010/788/CBES a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh 2010/788/CBES mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 19 Meitheamh 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

E. BUSCH


(1)  IO L 336, 21.12.2010, lch. 30.

(2)  Cinneadh (CBES) 2016/2231 ón gComhairle an 12 Nollaig 2016 lena leasaítear Cinneadh 2010/788/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne Phoblacht Dhaonlathach an Chongó (IO L 336 I, 12.12.2016, lch. 7).

(3)  Breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 8 Márta 2023, Ramazani Shadary v an Chomhairle, T-93/22, ECLI:EU:T:2023:122.

(4)  Breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 8 Márta 2023, Mutondo v an Chomhairle, T-94/22, ECLI:EU:T:2023:120.


IARSCRÍBHINN

Scriostar na hiontrálacha seo a leanas ón liosta a leagtar amach i Roinn A (‘Daoine’) d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh 2010/788/CBES:

‘8.

Emmanuel Ramazani SHADARY;

9.

Kalev MUTONDO.’.