|
19.6.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 156/37 |
CINNEADH (CBES) 2023/1181 ÓN gCOMHAIRLE
an 16 Meitheamh 2023
lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2021/1694 chun tacú le huiliú, cur chun feidhme agus neartú an Choinbhinsiúin maidir le Toirmisc nó Srianta ar Úsáid Gnáth-Arm Áirithe a mheasfaí a bheith Ródhíobhálach nó a measfaí Éifeachtaí Neamh-Idirdhealaitheacha a bheith acu (CCW)
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 28(1) agus Airteagal 31(1) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 21 Meán Fómhair 2021, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2021/1694 (1). |
|
(2) |
Tá Cinneadh (CBES) 2021/1694 le dul in éag 24 mhí tar éis an dáta a thabharfar an comhaontú dá dtagraítear in Airteagal 3(3) de, i gcrích, i.e. an 8 Deireadh Fómhair 2023. |
|
(3) |
An 23 Eanáir 2023, d’iarr an ghníomhaireacht cur chun feidhme, Oifig na Náisiún Aontaithe um Ghnóthaí Dí-armála (UNODA), síneadh gan chostas ar thréimhse cur chun feidhme do na tionscadail dá dtagraítear in Airteagal 1 de Chinneadh (CBES) 2021/1694 (‘na tionscadail’) go dtí an 8 Bealtaine 2024. Le síneadh den sórt sin, bheadh UNODA in ann na tionscadail a thabhairt chun críche, tionscadail a raibh tionchar diúltach ag moilleanna ar earcaíocht ar a gcur chun feidhme. |
|
(4) |
Maidir le síneadh a chur le tréimhse cur chun feidhme do na tionscadail go dtí an 8 Bealtaine 2024, níl aon impleacht aige a mhéid a bhaineann le hacmhainní airgeadais. |
|
(5) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh (CBES) 2021/1694 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
In Airteagal 5 de Chinneadh (CBES) 2021/1694, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír:
‘Rachaidh an Cinneadh seo in éag an 8 Bealtaine 2024.’.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh in/sa Lucsamburg,16 Meitheamh 2023
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
E. SVANTESSON
(1) Cinneadh (CBES) 2021/1694 ón gComhairle an 21 Meán Fómhair 2021 chun tacú le huiliú, cur chun feidhme agus neartú an Choinbhinsiúin maidir le Toirmisc nó Srianta ar Úsáid Gnáth-Arm Áirithe a mheasfaí a bheith Ródhíobhálach nó a measfaí Éifeachtaí Neamh-Idirdhealaitheacha a bheith acu (CCW) (IO L 334, 22.9.2021, lch. 14).