19.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 156/33


CINNEADH (AE) 2023/1180 ÓN gCOMHAIRLE

an 8 Meitheamh 2023

lena mbunaítear an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i ndáil le rúin áirithe a ndéanfar vótáil orthu ag an 21ú Comhthionól Ginearálta den Eagraíocht Idirnáisiúnta um Fhíniúin agus um Fhíon (OIV), atá le tionól an 9 Meitheamh 2023

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Déanfaidh an Eagraíocht Idirnáisiúnta um Fhíniúin agus um Fhíon (OIV) scrúdú ar rúin (‘dréachtrúin ó OIV’) sa chéad Chomhthionól Ginearálta eile a bheidh aici an 9 Meitheamh 2023. Beidh éifeachtaí dlíthiúla ag na rúin chun críocha Airteagal 218(9) den Chonradh.

(2)

Níl an tAontas ina chomhalta de OIV. Mar sin féin, an 20 Deireadh Fómhair 2017 bhronn OIV ar an Aontas an stádas ar leith dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Rialacha Nós Imeachta OIV.

(3)

Tá 20 Ballstát ina gcomhaltaí de OIV. Beidh deis ag na Ballstáit sin leasuithe ar na dréachtrúin ó OIV a mholadh agus iarrfar orthu na dréachtrúin sin a ghlacadh ag an gcéad Chomhthionól Ginearálta eile de chuid OIV an 9 Meitheamh 2023.

(4)

Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i ndáil leis na dréachtrúin ó OIV a bhunú maidir le hábhair atá faoina inniúlacht ag cruinnithe OIV. Ba cheart an seasamh sin a chur in iúl do na Ballstáit ar comhaltaí de OIV iad ag cruinnithe OIV, ag gníomhú dóibh go comhpháirteach chun leas an Aontais.

(5)

De bhun Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/934 ón gCoimisiún (2), beidh éifeachtaí dlíthiúla le rúin áirithe arna nglacadh agus arna bhfoilsiú ag OIV.

(6)

Foráiltear le hAirteagal 80(3)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 go mbeidh ar an gCoimisiún na cleachtais fhíoneolaíocha agus na modhanna anailíse a mhol agus a d’fhoilsigh OIV a chur san áireamh agus é ag údarú cleachtais fhíoneolaíocha.

(7)

Foráiltear le hAirteagal 80(5) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, agus modhanna anailíse á leagan síos ag an gCoimisiún lena gcinnfear comhdhéanamh tháirgí earnáil an fhíona, go mbunóidh sé na modhanna sin ar aon mhodh ábhartha arna mholadh agus arna fhoilsiú ag OIV mura rud é go bhfuil siad neamhéifeachtach nó neamhchuí i bhfianaise an chuspóra atá á shaothrú ag an Aontas.

(8)

Foráiltear le hAirteagal 90(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 i dtaca le táirgí earnáil an fhíona a allmhairítear chun an Aontais, go bhfuil na táirgí sin le táirgeadh i gcomhréir le cleachtais fíoneolaíochta arna n-údarú ag an Aontas de bhun an Rialacháin sin nó, roimh an údarú sin, go dtáirgfear iad i gcomhréir le cleachtais fíoneolaíochta arna moladh agus arna bhfoilsiú ag OIV.

(9)

Bunaítear le Dréachtrún OENO-SCMA 20-666 modh anailíse nua le haghaidh fíonta. Leasaítear le Dréachtrún OENO-SCMA 21-687 an modh anailíse a úsáidtear chun cion aigéid shorbaigh, bheansóch agus shalaiciligh i bhfíon a chinneadh trí chrómatagrafaíocht leachta ardfheidhmíochta a úsáid. I gcomhréir le hAirteagal 80(3)(a), agus Airteagal 80(5) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, beidh éifeachtaí dlíthiúla ag na Rúin sin.

(10)

Gabhann Dréachtrún OENO-TECHNO 19-657 ionad cleachtais fhíoneolaíoch atá ann cheana le haghaidh fíona agus bunaítear le Dréachtrún OENO-TECHNO 19-658 cleachtas fíoneolaíoch nua le haghaidh fínéagar fíona. I gcomhréir le hAirteagal 80(3)(a), agus Airteagal 90(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, beidh éifeachtaí dlíthiúla ag na Rúin sin.

(11)

Rinne saineolaithe eolaíocha agus teicniúla earnáil an fhíona plé fairsing ar na dréachtrúin sin ó OIV. Cuireann siad le comhchuibhiú idirnáisiúnta na gcaighdeán fíona agus leagfar amach leo creat lena n-áiritheofar iomaíocht chóir i dtrádáil tháirgí earnáil an fhíona. Dá bhrí sin, ba cheart tacú leo.

(12)

Chun go mbeidh an tsolúbthacht is gá ann le linn na caibidlíochta roimh chruinniú Chomhthionól Ginearálta OIV an 9 Meitheamh 2023, ba cheart údarú a thabhairt do na Ballstáit ar comhaltaí de OIV iad aontú le hathruithe ar na dréachtrúin sin ó OIV ar choinníoll nach n-athraítear a substaint leis na hathruithe sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gComhthionól Ginearálta OIV atá beartaithe don 9 Meitheamh 2023, leagtar amach é san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Déanfaidh Ballstáit atá ina gcomhaltaí de OIV, ag gníomhú dóibh go comhpháirteach chun leas an Aontais, an seasamh dá dtagraítear in Airteagal 1 a chur in iúl.

Airteagal 3

1.   I gcás inar dóigh go ndéanfar difear, le faisnéis eolaíoch nua nó faisnéis theicniúil nua arna cur i láthair roimh chruinnithe OIV, nó lena linn, don seasamh dá dtagraítear in Airteagal 1, iarrfaidh na Ballstáit ar Comhaltaí de OIV iad go gcuirfear an vótáil i dTionól Ginearálta OIV ar athlá go dtí go mbunófar an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ar bhonn na faisnéise nua sin.

2.   Tar éis cruinnithe comhordúcháin agus in éagmais cinneadh eile ón gComhairle lena mbunaítear seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais, féadfaidh na Ballstáit ar Comhaltaí de OIV iad, ag gníomhú dóibh go comhpháirteach chun leas an Aontais, aontú le hathruithe teicniúla ar na dréachtrúin ó OIV dá dtagraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo nach n-athraítear a substaint leo.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 8 Meitheamh 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. MALMER STENERGARD


(1)  Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 671).

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/934 ón gCoimisiún an 12 Márta 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le limistéir fíonsaothrúcháin inar féidir an neart alcóil a mhéadú, cleachtais fhíoneolaíocha údaraithe agus srianta is infheidhme maidir le táirgeadh agus caomhnú táirgí fíniúna, an t-íoschéatadán alcóil i gcás táirgí agus a ndiúscairt, agus foilsiú comhad de chuid OIV (IO L 149, 7.6.2019, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

Ballstáit an Aontais atá ina gcomhaltaí den Eagraíocht Idirnáisiúnta um Fhíniúin agus um Fhíon (OIV), ag gníomhú dóibh go comhpháirteach thar ceann an Aontais, tacóidh siad leis na dréachtrúin seo a leanas, ar chéim 7 le linn Thionól Ginearálta OIV atá beartaithe don 9 Meitheamh 2023:

OENO-SCMA 20-666: Anailís ilghnéithe ar fhíon trí Speictriméadracht Astaíochta Adamhaí le Plasma Cúpláilte go hIonduchtach (ICP-MS) a úsáid

OENO-SCMA 21-687: Bailíochtú ar mhodh tástála aigéid shorbaigh i bhfíonta trí chrómatagrafaíocht leachta (OIV-OENO 06-2006) a úsáid

OENO-TECHNO 19-657: Cóireáil fíona trí theicneolaíocht scannáin a úsáid mar aon le hionsú ar charbón gníomhachtaithe nó polaiméirí eile le haghaidh úsáid fhíoneolaíoch chun feanóil sho-ghalaithe a laghdú

OENO-TECHNO 19-658: Fínéagar fíona – Miotail a bhaint as fínéagar le roisín crágtha’.