|
9.6.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 149/81 |
CINNEADH (CBES) 2023/1136 ÓN gCOMHAIRLE
an 8 Meitheamh 2023
maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun tacú le Fórsaí Armtha na Nígire le trealamh míleata a cheaptar chun fórsa marfach a sheachadadh
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagail 28(1) agus 41(2) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Cinneadh (CBES) 2021/509 ón gComhairle (1), bunaítear an tSaoráid Eorpach Síochána (SES) chun go maoineodh Ballstáit gníomhaíochtaí an Aontais faoin gcomhbheartas eachtrach agus slándála chun an tsíocháin a chaomhnú, coinbhleachtaí a chosc agus an tslándáil idirnáisiúnta a neartú de bhun Airteagal 21(2), pointe (c), den Chonradh. Go háirithe, de bhun Airteagal 1(2) de Chinneadh (CBES) 2021/509, tá úsáid le baint as SES chun bearta cúnaimh a mhaoiniú, mar shampla, gníomhaíochtaí chun acmhainneachtaí maidir le cúrsaí míleata agus cosanta atá ag tríú Stáit agus eagraíochtaí réigiúnacha agus idirnáisiúnta a neartú. |
|
(2) |
Tá ról tábhachtach ag Poblacht na Nígire i gcroíthionscnaimh thábhachtacha réigiúnacha, Eorpacha agus idirnáisiúnta darb aidhm an tsíocháin agus an fhorbairt a neartú sa tSaiheil, lena n-áirítear Straitéis Chomhtháite an Aontais sa tSaiheil, ‘an Chomhghuaillíocht don tSaiheil’ agus ‘an Chomhpháirtíocht um Shlándáil agus Cobhsaíocht sa tSaiheil’ (P3S), chomh maith le ‘Comhaontas na Saiheile’. Tá iarrachtaí suntasacha déanta ag an gcomhphobal idirnáisiúnta le déanaí, lena n-áirítear an tAontas, chun tacú le Poblacht na Nígire maidir lena comhrac i gcoinne na sceimhlitheoireachta. |
|
(3) |
An 10 Meitheamh 2022, fuair Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála iarraidh ó Phoblacht na Nígire ar an Aontas cúnamh a thabhairt d’Fhórsaí Armtha na Nígire (Forces armées nigériennes – FAN) chun trealamh tábhachtach a sholáthar d’fhonn feabhas a chur ar acmhainneacht dlúth-thacaíochta aeir Aerfhórsa na Nígire (Armée de l’air du Niger – AAN). An 4 Aibreán 2023, fuarthas iarraidh athbhreithnithe ó Phoblacht na Nígire ina léirítear torthaí measúnaithe ar riachtanais a rinne an tAontas i mí Feabhra 2023. |
|
(4) |
Déantar an Cinneadh seo maidir le beart cúnaimh faoi SES chun tacú le Fórsaí Armtha na Nígire le trealamh míleata a cheaptar chun fórsa marfach a sheachadadh a chomhlánú le Cinneadh ón gComhairle (CBES) 2023/1137 (2). Cuirfear an dá Chinneadh sin i bhfeidhm go comhuaineach, ach ba cheart iad a riar ar leithligh. |
|
(5) |
Tá bearta cúnaimh le cur chun feidhme agus na prionsabail agus na ceanglais a leagtar amach i gCinneadh (CBES) 2021/509 á gcur san áireamh, go háirithe maidir le comhlíonadh Chomhsheasamh 2008/944/CBES ón gComhairle (3), agus i gcomhréir leis na rialacha maidir le hioncam agus caiteachas arna maoiniú faoi SES a chur chun feidhme. |
|
(6) |
Athdhearbhaíonn an Chomhairle go bhfuil rún daingean aici cearta an duine, saoirsí bunúsacha agus prionsabail dhaonlathacha a chosaint, a chur chun cinn agus a chomhlíonadh, agus an smacht reachta agus an dea-rialachas a neartú, i gcomhréir le Cairt na Náisiún Aontaithe, le Dearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine agus leis an dlí idirnáisiúnta, go háirithe an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus an dlí daonnúil idirnáisiúnta, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Bunú, cuspóirí, raon feidhme agus ré
1. Leis seo, bunaítear beart cúnaimh a théann chun tairbhe Phoblacht na Nígire (‘an tairbhí’), agus atá le maoiniú faoin tSaoráid Eorpach Síochána (SES) (‘an beart cúnaimh’).
2. Is é is cuspóir don bheart cúnaimh acmhainneacht Fhórsaí Armtha na Nígire (Forces armées nigériennes – FAN) a neartú chun iomláine chríochach agus ceannasacht Phoblacht na Nígire a chosaint agus chun cosaint níos fearr a thabhairt don phobal sibhialta, lena n-áirítear i gcoinne na bagartha sceimhlitheoireachta atá ag dul i méid, agus an dlí idirnáisiúnta ábhartha á chomhlíonadh go hiomlán, go háirithe an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus an dlí daonnúil idirnáisiúnta.
3. Chun an cuspóir a leagtar amach i mír 2 a bhaint amach, maoineofar leis an mbeart cúnaimh soláthar armlóin ó aer go talamh (ML4 ar Liosta Comhchoiteann Míleata an Aontais Eorpaigh) do héileacaptair MI-35 agus MI-171.
4. Déanfar cur chun feidhme an bhirt cúnaimh a chomhlánú le gníomhaíochtaí arb é is aidhm dóibh a áirithiú go mbainfear úsáid leordhóthanach as an armlón aer go talamh, agus go ndéanfar cothabháil, stóráil agus faireachán ar an armlón aer go talamh sin, atá le maoiniú faoi Chinneadh (CBES) 2023/1137.
5. Mairfidh an beart cúnaimh ar feadh tréimhse 30 mhí ó ghlacadh an Chinnidh seo.
Airteagal 2
Socruithe airgeadais
1. EUR 4 702 998 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais atá ceaptha chun an caiteachas a bhaineann leis an mbeart cúnaimh a chumhdach.
2. Déanfar an caiteachas go léir a bhainistiú i gcomhréir le Cinneadh (CBES) 2021/509 agus leis na rialacha maidir le hioncam agus caiteachas arna maoiniú faoi SES a chur chun feidhme.
Airteagal 3
Socruithe leis an tairbhí
1. Déanfaidh an tArdionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (‘an tArdrúnaí’) na socruithe is gá leis an tairbhí chun a áirithiú go gcomhlíonann sé na ceanglais agus na coinníollacha arna mbunú leis an gCinneadh seo, mar choinníoll chun tacaíocht a sholáthar faoin mbeart cúnaimh.
2. Áireofar sna socruithe dá dtagraítear i mír 1 forálacha lena gcuirtear d’oibleagáid ar an tairbhí an méid seo a leanas a áirithiú:
|
(a) |
go gcomhlíonfaidh Aerfhórsa na Nígire an dlí idirnáisiúnta ábhartha, go háirithe an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus an dlí daonnúil idirnáisiúnta; |
|
(b) |
go mbainfear úsáid chuí agus éifeachtúil as aon sócmhainní a chuirtear ar fáil faoin mbeart cúnaimh chun na gcríoch dár soláthraíodh iad; |
|
(c) |
go ndéanfar cothabháil leordhóthanach ar aon sócmhainní a chuirtear ar fáil faoin mbeart cúnaimh chun a áirithiú go mbeidh siad inúsáidte agus go mbeidh siad ar fáil go hoibríochtúil i gcaitheamh a saolré; |
|
(d) |
nach gcaillfear sócmhainní a chuirfear ar fáil faoin mbeart cúnaimh, ná nach n-aistreofar iad gan toiliú ón gCoiste um an tSaoráid arna bhunú faoi Chinneadh (CBES) 2021/509 chuig aon duine nó eintiteas seachas chucu siúd arna sainaithint sna socruithe sin, ag deireadh a saolré. |
3. Áireofar sna socruithe dá dtagraítear i mír 1 forálacha maidir le tacaíocht a fhionraí agus a fhoirceannadh faoin mbeart cúnaimh i gcás ina bhfaighfear go bhfuil na hoibleagáidí a leagtar amach i mír 2 á sárú ag an tairbhí.
Airteagal 4
Cur chun feidhme
1. Beidh an tArdionadaí freagrach as a áirithiú go gcuirfear an Cinneadh seo chun feidhme i gcomhréir le Cinneadh (CBES) 2021/509 agus leis na rialacha maidir le hioncam agus caiteachas arna maoiniú faoi SES a chur chun feidhme, i gcomhréir leis an gCreat Modheolaíochta Comhtháite chun na bearta agus na rialuithe atá riachtanach le haghaidh bearta cúnaimh faoi SES a mheasúnú agus a shainaithint.
2. Is é Défense Conseil International – DCI Group a dhéanfaidh na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 1(3) a chur chun feidhme.
Airteagal 5
Faireachán, rialú agus meastóireacht
1. Déanfaidh an tArdionadaí faireachán ar chloí an tairbhí leis na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 3. Úsáidfear an faireachán sin chun feasacht a mhúscailt ar an gcomhthéacs agus ar na rioscaí a ghabhann le sáruithe ar na hoibleagáidí arna mbunú i gcomhréir le hAirteagal 3, agus chun rannchuidiú le sáruithe den sórt sin a chosc, lena n-airítear sáruithe ar an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta arna ndéanamh ag Aerfhórsa na Nígire.
2. Déanfar rialú an trealaimh agus na soláthairtí tar éis a loingsithe a eagrú mar a leanas:
|
(a) |
fíorú ar a seachadadh, trína bhfuil na fórsaí, arb iad na húsáideoirí deiridh iad, le deimhnithe seachadta a shíniú tráth a aistreofar úinéireacht; |
|
(b) |
tuairisciú a dhéanamh, trína bhfuil an tairbhí le tuairisciú go bliantúil ar na gníomhaíochtaí arna ndéanamh leis an trealamh, na seirbhísí agus an bonneagar arna soláthar faoin mbeart cúnaimh agus ar fhardal na n-earraí ainmnithe go dtí go measfaidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála (CPS) nach bhfuil gá leis an tuairisciú sin a thuilleadh; |
|
(c) |
cigireachtaí ar an láthair, nuair atá an tairbhí le rochtain a dheonú don Ardionadaí chun rialú ar an láthair a dhéanamh arna iarraidh sin dó. |
3. Déanfaidh an tArdionadaí meastóireacht deiridh ar an mbeart cúnaimh a thabhairt chun críche chun a mheas ar rannchuidigh an beart cúnaimh leis na cuspóirí arna lua in Airteagal 1(2) a bhaint amach.
Airteagal 6
Tuairisciú
Le linn na tréimhse cur chun feidhme, soláthróidh an tArdionadaí tuarascálacha leathbhliantúla do CPS maidir le cur chun feidhme an bhirt cúnaimh, i gcomhréir le hAirteagal 63 de Chinneadh (CBES) 2021/509. Cuirfidh an riarthóir um bearta cúnaimh an Coiste um an tSaoráid arna bhunú le Cinneadh (CBES) 2021/509 ar an eolas go tráthrialta faoi chur chun feidhme ioncaim agus caiteachais, i gcomhréir le hAirteagal 38 den Chinneadh sin, lena n-áirítear trí fhaisnéis a sholáthar faoi na soláthraithe agus na fochonraitheoirí lena mbaineann.
Airteagal 7
Fionraí agus foirceannadh
1. Féadfaidh CPS cinneadh a dhéanamh cur chun feidhme an bhirt cúnaimh a chur ar fionraí go hiomlán nó go páirteach i gcomhréir le hAirteagal 64 de Chinneadh (CBES) 2021/509.
2. Féadfaidh CPS a mholadh freisin go ndéanfaidh an Chomhairle an beart cúnaimh a fhoirceannadh.
Airteagal 8
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 8 Meitheamh 2023.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. MALMER STENERGARD
(1) Cinneadh (CBES) 2021/509 ón gComhairle an 22 Márta 2021 lena mbunaítear Saoráid Eorpach Síochána, agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2015/528 (IO L 102, 24.3.2021, lch. 14).
(2) Cinneadh (CBES) 2023/1137 ón gComhairle an 8 Meitheamh 2023 maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun tacú le Fórsaí Armtha Na Nígire (Féach leathanach 85 den Iris Oifigiúil).
(3) Comhsheasamh 2008/944/CBES ón gComhairle an 8 Nollaig 2008 lena sainmhínítear comhrialacha lena rialaítear rialú onnmhairithe trealaimh agus teicneolaíochta míleata (IO L 335, 13.12.2008, lch. 99).