|
7.6.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 147/156 |
CINNEADH (Euratom) 2023/1112 ÓN gCOIMISIÚN
an 17 Iúil 2020
maidir le fógra a thabhairt faoi athruithe ar an gclár núicléach síochánta arna leagan amach ag Euratom in Iarscríbhinn A a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus Stáit Aontaithe Mheiriceá maidir leis an gcomhar i ndáil le húsáid shíochánta an fhuinnimh núicléach
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 77(b) de,
Ag féachaint don Chomhaontú idir an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus Stáit Aontaithe Mheiriceá maidir leis an gcomhar i ndáil le húsáid shíochánta an fhuinnimh núicléach (1), agus go háirithe an dara mír d’Airteagal 8(2) de, chomh maith le mír 6 agus mír 7(A) agus (C) de na Miontuairiscí Comhaontaithe a ghabhann leis (2),
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An Comhaontú idir an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus Stáit Aontaithe Mheiriceá maidir leis an gcomhar i ndáil le húsáid shíochánta an fhuinnimh núicléach, síníodh é sa Bhruiséil an 7 Samhain 1995 agus tháinig sé i bhfeidhm an 12 Aibreán 1996 (an Comhaontú). |
|
(2) |
Tá sé beartaithe go comhpháirteach ag Studiecentrum voor Kernenergie — Centre d’Étude de l’Énergie Nucléaire (SCK.CEN) agus an Institut National des Radioéléments (IRE) suiteáil a chur ar bun chun athchúrsáil a dhéanamh ar na hiarmhair ard-radaighníomhacha a eascraíonn as táirgeadh iseatóp radaighníomhach chun críoch míochaine d’fhonn bainistiú inbhuanaithe fadtéarmach na n-iarmhar sin a áirithiú agus d’fhonn tacú le soláthar slán leanúnach iseatóp radaighníomhach chun críoch míochaine. Substaint ardíonachta a bheidh oiriúnach lena hathúsáid, sin a bheidh in aschur na suiteála. Tá sé beartaithe tús a chur le tógáil na suiteála seo in 2020, ar suiteáil í ar a dtabharfar RECUMO, agus cuirfear tús leis an oibríocht in 2023. Is é SCK.CEN a bheidh á hoibriú, ar a shuíomh in Mol na Beilge. |
|
(3) |
Leis an gcinneadh uaidh an 21 Feabhra 2020 (3), dheonaigh an Coimisiún a fhormheas maidir leis na teicnící a bheidh le húsáid sa tsaoráid RECUMO le haghaidh na próiseála ceimicí a bhfuil tuairisc uirthi sna hairíonna teicniúla bunúsacha a chuir SCK.CEN isteach ag céim deartha choincheapúil an tionscadail. |
|
(4) |
Is de thionscnamh SAM iad na hábhair ionradaithe a phróiseálfar sa tsaoráid RECUMO, agus dá bhrí sin tá siad faoi réir an Chomhaontaithe. Go háirithe, le hAirteagal 8(2) den Chomhaontú ceanglaítear nach bhféadfar na hábhair ionradaithe sin a phróiseáil ach amháin sna saoráidí atá mar chuid den chlár núicléach síochánta arna leagan amach ag Euratom a bhfuil tuairisc orthu in Iarscríbhinn A a ghabhann leis an gcomhaontú céanna. I ndáil leis sin, ba cheart an tsaoráid RECUMO a chur leis an liosta saoráidí in Iarscríbhinn A. |
|
(5) |
An nós imeachta chun Iarscríbhinn A a athrú, leagtar amach é i míreanna 6 agus 7(A) de na Miontuairiscí Comhaontaithe a ghabhann leis an gComhaontú. Go háirithe, tá gá le fógra i scríbhinn agus admháil i scríbhinn ó na húdaráis iomchuí chun athruithe a dhéanamh ar na cláir núicléacha shíochánta a shainítear in Iarscríbhinn A. |
|
(6) |
Dá bhrí sin, maidir le fógra faoi shaoráid nua a chur isteach i gcomhréir le mír 7 (A) de na Miontuairiscí Comhaontaithe a ghabhann leis an gComhaontú, ba cheart an fógra sin a fhormheas lena tharchur chuig Roinn Stáit na Stát Aontaithe. |
|
(7) |
Ina theannta sin, ba cheart dhá shaoráid núicléacha dhíchoimisiúnaithe a scriosadh ón gclár núicléach síochánta arna leagan amach ag Euratom agus ba cheart fógra a thabhairt ina leith i gcomhréir le mír 7 (C) de na Miontuairiscí Comhaontaithe a ghabhann leis an gComhaontú. |
TAR ÉIS A CHINNEADH MAR A LEANAS:
Airteagal 1
Formheastar leis seo an fógra faoi athruithe ar an gclár núicléach síochánta arna leagan amach ag Euratom in Iarscríbhinn A a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus Stáit Aontaithe Mheiriceá maidir leis an gComhar i ndáil le hÚsáid Shíochánta an Fhuinnimh Núicléach. Tá téacs an fhógra i gceangal leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Leis seo údaraítear don Choimisinéir atá freagrach as Fuinneamh nó d’Ard-Stiúrthóir Ard-Stiúrthóireacht an Fhuinnimh, nó dá n-ionadaí ainmnithe, an fógra a tharchur chuig Roinn Stáit na Stát Aontaithe.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 17 Iúil 2020.
Thar ceann an Choimisiúin
Kadri SIMSON
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 120, 20.5.1996, lch. 1.
(2) IO L 120, 20.5.1996, lch. 12.
(3) Cinneadh C (2020) 940 final ón gCoimisiún an 21 Feabhra 2020 maidir le formheas na dteicnící atá le húsáid chun próiseáil cheimiceach a dhéanamh ar ábhair ionradaithe sa tsuiteáil RECUMO de chuid SCK.CEN, suiteáil atá lonnaithe in Mol na Beilge.