5.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 144/96


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1086 ÓN gCOIMISIÚN

an 2 Meitheamh 2023

lena gcuirtear ar atráth dáta éaga an fhormheasa maidir le meatafluitrin lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 18 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid (1), agus go háirithe Airteagal 14(5) de,

Tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBuanchoiste um Tháirgí Bithicídeacha,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Cuireadh meatafluitrin in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 98/8/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) mar shubstaint ghníomhach lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 18. Dá bhrí sin, de bhun Airteagal 86 de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, measadh an tsubstaint a bheith formheasta go dtí an 30 Aibreán 2021 faoin Rialachán sin faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 98/8/CE.

(2)

An 25 Deireadh Fómhair 2019, cuireadh iarratas isteach i gcomhréir le hAirteagal 13(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 chun athnuachan a dhéanamh ar an bhformheas maidir le meatafluitrin lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 18 (‘an t-iarratas’).

(3)

An 15 Deireadh Fómhair 2020, chuir údarás inniúil meastóireachta na hÉireann an Coimisiún ar an eolas gur chinn sé, de bhun Airteagal 14(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, gur ghá meastóireacht iomlán a dhéanamh ar an iarratas. De bhun Airteagal 8(1) den Rialachán sin, tá an t-údarás inniúil meastóireachta le meastóireacht iomlán a dhéanamh ar an iarratas laistigh de 365 lá tar éis a bhailíochtaithe.

(4)

Féadfaidh an t-údarás inniúil meastóireachta, de réir mar is iomchuí, é a chur de cheangal ar an iarratasóir sonraí leordhóthanacha a sholáthar chun an mheastóireacht a dhéanamh, i gcomhréir le hAirteagal 8(2) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012. Sa chás sin, cuirtear an tréimhse 365 lá ar fionraí ar feadh tréimhse nach faide ná 180 lá ar an iomlán ach amháin má tá údar maith le fionraí níos faide mar gheall ar chineál na sonraí a iarrtar nó mar gheall ar imthosca eisceachtúla.

(5)

Laistigh de 270 lá tar éis di moladh a fháil ón údarás inniúil meastóireachta, tá an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (‘an Ghníomhaireacht’) le tuairim maidir le hathnuachan fhormheas na substainte gníomhaí a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal 14(3) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012.

(6)

Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/327 ón gCoimisiún (3), cuireadh ar atráth go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2023 dáta éaga an fhormheasa maidir le meatafluitrin lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 18 chun go mbeadh go leor ama ann chun scrúdú a dhéanamh ar an iarratas.

(7)

An 2 Feabhra 2023, chuir an t-údarás inniúil meastóireachta an Coimisiún ar an eolas go bhfuil moill ar an meastóireacht toisc gur gá measúnú a dhéanamh ar na sonraí breise a iarradh ar an iarratasóir. Tá coinne ag an údarás inniúil meastóireachta leis go gcuirfidh sé an tuarascáil maidir le measúnú ar athnuachan faoi bhráid na Gníomhaireachta sa cheathrú ráithe de 2023.

(8)

Dá bhrí sin, ar chúiseanna nach bhfuil neart ag an iarratasóir orthu, is dócha go rachaidh an formheas in éag sula ndéanfar cinneadh maidir lena athnuachan. Dá bhrí sin, is iomchuí dáta éaga an fhormheasa a chur ar atráth arís go ceann tréimhse leordhóthanach chun gur féidir scrúdú a dhéanamh ar an iarratas. Agus na teorainneacha ama á gcur san áireamh chun go ndéanfaidh an t-údarás inniúil meastóireachta an mheastóireacht, chun go n-ullmhóidh an Ghníomhaireacht an tuairim uaithi agus chun go gcuirfidh sí isteach í, agus chun go ndéanfaidh an Coimisiún cinneadh an ndéanfar athnuachan ar an bhformheas maidir le meatafluitrin lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 18, ba cheart an dáta éaga a chur ar atráth go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2024.

(9)

Tar éis dáta éaga an fhormheasa a chur ar atráth arís, beidh meatafluitrin formheasta lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 18 go fóill faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 98/8/CE,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Dáta éaga an fhormheasa maidir le meatafluitrin lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 18 a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/327, cuirtear ar atráth é go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2024.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 2 Meitheamh 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 167, 27.6.2012, lch. 1.

(2)  Treoir 98/8/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 1998 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar an margadh (IO L 123, 24.4.1998, lch. 1).

(3)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/327 ón gCoimisiún an 23 Feabhra 2021 lena gcuirtear ar atráth dáta éaga an fhormheasa maidir le meatafluitrin a úsáid i dtáirgí bithicíde de chineál táirge 18 (IO L 64, 24.2.2021, lch. 10).