1.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 142/1


CINNEADH (AE) 2023/1056 ÓN gCOMHAIRLE

an 25 Bealtaine 2023

maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Chónaidhmitheach na Brasaíle de bhun Airteagal XXVIII den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil (GATT) 1994 a bhaineann le modhnú lamháltas ar na cuótaí ráta taraife uile a áirítear i Sceideal AE CLXXV de thoradh tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(4), an chéad fhomhír de, i gcomhar le hAirteagal 218(6) an dara fomhír de, pointe (a)(v) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 15 Meitheamh 2018, d’údaraigh an Chomhairle don Choimisiún tús a chur le caibidlíocht de bhun Airteagal XXVIII den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil (GATT) 1994 le Poblacht Chónaidhmitheach na Brasaíle maidir le modhnú lamháltas ar na cuótaí ráta taraife uile a áirítear i Sceideal AE CLXXV, de thoradh tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach.

(2)

Tugadh an chaibidlíocht le Poblacht Chónaidhmitheach na Brasaíle i gcrích go rathúil agus cuireadh inisealacha leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Chónaidhmitheach na Brasaíle de bhun Airteagal XXVIII den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil (GATT) 1994 a bhaineann le modhnú lamháltas ar na cuótaí ráta taraife uile a áirítear i sceideal AE CLXXV de thoradh tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach (‘an Comhaontú’) an 14 Meán Fómhair 2022.

(3)

Síníodh an Comhaontú thar ceann an Aontais an 1 Feabhra 2023, faoi réir a thabhairt i gcrích ar dháta níos déanaí, i gcomhréir le Cinneadh (AE) 2022/2492 (2).

(4)

Ba cheart an Comhaontú a fhormheas,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo déantar an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Chónaidhmitheach na Brasaíle de bhun Airteagal XXVIII den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil (GATT) 1994 a bhaineann le modhnú lamháltas ar na cuótaí ráta taraife uile a áirítear i Sceideal AE CLXXV de thoradh tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach (3) a fhormheas thar ceann an Aontais.

Airteagal 2

Tabharfaidh Uachtarán na Comhairle, thar ceann an Aontais, an fógra dá bhforáiltear in Airteagal 6(1) den Chomhaontú. (4)

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 25 Bealtaine 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. FORSSELL


(1)  Toiliú an 9 Bealtaine 2023 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Cinneadh (AE) 2022/2492 ón gComhairle an 12 Nollaig 2022 maidir le síniú, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Chónaidhmitheach na Brasaíle de bhun Airteagal XXVIII den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil (GATT) 1994 a bhaineann le modhnú lamháltas ar na cuótaí ráta taraife uile a áirítear i Sceideal AE CLXXV de thoradh tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach (IO L 323, 19.12.2022, lch. 96).

(3)  Féach leathanach 3 den Iris Oifigiúil seo.

(4)  Déanfaidh Ardrúnaíocht na Comhairle dáta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.