|
31.5.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 141/49 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1054 ÓN gCOIMISIÚN
an 30 Bealtaine 2023
lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2021/696 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an bpunann seirbhísí le haghaidh sheirbhísí na Cumarsáide Satailíte Rialtasaí arna dtairiscint ag an gcóras arna bhunú faoi Chlár Spáis an Aontais
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/696 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Clár Spáis an Aontais agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 912/2010, (AE) Uimh. 1285/2013 agus (AE) Uimh. 377/2014 agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE (1), agus go háirithe Airteagail 63(3) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
I gcomhréir le hAirteagal 62 de Rialachán (AE) 2021/696, foráiltear faoi chomhpháirt na Cumarsáide Satailíte Rialtasaí (‘GOVSATCOM’) go gcumascfar acmhainneachtaí agus seirbhísí cumarsáide satailíte i gcomhthiomsú coiteann acmhainneachtaí agus seirbhísí cumarsáide satailíte de chuid an Aontais, lena mbeidh ceanglais iomchuí slándála ag gabháil. |
|
(2) |
I gcomhréir le hAirteagal 63(1) de Rialachán (AE) 2021/696, áiritheofar go soláthrófar acmhainneachtaí agus seirbhísí GOVSATCOM mar a leagtar síos sa phunann seirbhísí. Ba cheart an phunann seirbhísí a bheith bunaithe ar riachtanais phobail úsáideoirí na cumarsáide satailíte rialtasaí, trí sheirbhísí GOVSATCOM atá solúbtha agus inchoigeartaithe d’úsáideoirí a chuimsiú. Ba cheart, dá bhrí sin, seirbhísí ó cheann go ceann, seirbhísí acmhainneacht ar ancaire agus seirbhísí acmhainneachta aimhe a chumhdach léi. |
|
(3) |
Na hacmhainneachtaí agus na seirbhísí atá ann cheana agus na cinn lena bhfuil coinne, agus atá le háireamh i gcomhthiomsú coiteann an Aontais, ba cheart iad a chumhdach leis an bpunann seirbhísí. Dá bhrí sin, ní mór roghanna éagsúla maidir le hagaí folaigh, bandaí minicíochta, leibhéil slándála agus saintréithe eile a chuimsiú sa phunann seirbhísí. |
|
(4) |
Chun soláthar seirbhísí a áirithiú, is gá tuairisc a thabhairt ar an bpróiseas le haghaidh iarrataí ar sheirbhísí ó úsáideoirí GOVSATCOM chuig mol GOVSATCOM. Ba cheart d’údaráis inniúla GOVSATCOM gníomhú mar idirghabhálaithe sa phróiseas sin. |
|
(5) |
Chun an coibhneas is fearr a áirithiú idir soláthar sheirbhísí GOVSATCOM agus éileamh orthu, is gá infhaighteacht na seirbhísí a bhunú ar sholáthar acmhainneachtaí agus seirbhísí satailíte comhroinnte agus comhthiomsaithe agus éileamh orthu agus ar na seirbhísí a sholáthraítear. |
|
(6) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir le tuairim an Choiste Cláir i gcomhthiomsú GOVSATCOM. |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Sainmhínithe
Chun críocha an Chinnidh seo, tá feidhm ag na sainmhínithe in Airteagal 2 de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1055 ón gCoimisiún (2).
Airteagal 2
Punann seirbhísí GOVSATCOM
1. Is éard a bheidh i bpunann seirbhísí GOVSATCOM na catagóirí seo a leanas de sheirbhísí cumarsáide:
|
(a) |
seirbhísí ó cheann go ceann, lena gcuirtear ar a chumas don úsáideoir nascadh le líonra atá in ann seirbhísí a sholáthar; |
|
(b) |
seirbhísí acmhainneacht ar ancaire, lena gcuirtear ar a chumas don úsáideoir úsáid a bhaint as acmhainneacht satailíte agus as saoráid an stáisiúin ancaireachta lena mbaineann; |
|
(c) |
seirbhísí acmhainneachta aimhe, lena gcuirtear ar a chumas don úsáideoir úsáid a bhaint as acmhainneacht satailíte (bandaleithead). |
2. Comhlíonfaidh na seirbhísí dá dtagraítear i mír 1 saintréithe príomhúla agus tánaisteacha na gcatagóirí seirbhísí cumarsáide a leagtar amach in Iarscríbhinn I.
3. Féadfaidh soláthraí acmhainní trealamh úsáideora a sholáthar don úsáideoir mar chuid dá sheirbhís.
4. Soláthrófar na seirbhísí dá dtagraítear i mír 1, pointí (a) agus (c), trí bhonneagar mhol GOVSATCOM i gcumraíocht oibríochtúil a sheirbhísí tosaigh.
Airteagal 3
Próifílí seirbhíse agus iarrataí ar sheirbhísí
1. Cinnfear próifílí seirbhíse GOVSATCOM ar bhonn luachanna a bpríomh-saintréithe a leagtar amach in Iarscríbhinn II (‘próifílí seirbhíse réamhshainithe’).
2. Beidh úsáideoirí in ann iarrataí ar phróifíl seirbhíse réamhshainithe a eisiúint, i gcás ina mbeidh an t-úsáideoir in ann brabhsáil a dhéanamh ar na próifílí seirbhíse réamhshainithe ina bhfuil an fhaisnéis arna soláthar ag an soláthraí acmhainní sonrach.
Beidh úsáideoirí in ann iarrataí ó phróifíl arna cinneadh ag an úsáideoir a eisiúint freisin, le luachanna saintréithe seirbhíse sonraithe a shainigh an t-úsáideoir roimhe sin. Úsáidfear an phróifíl arna cinneadh ag an úsáideoir chun iarraidh ar sheirbhísí a eisiúint do Mhol GOVSATCOM lena ndéantar coibhneas le próifílí seirbhíse réamhshainithe.
Beidh úsáideoirí in ann iarrataí a eisiúint freisin ó sheirbhís inar roghnaigh an t-úsáideoir luachanna na saintréithe, i gcás ina n-úsáidfear luachanna na saintréithe chun iarraidh ar sheirbhísí a eisiúint do mhol GOVSATCOM lena ndéantar coibhneas le próifílí seirbhíse réamhshainithe.
3. Freagróidh mol GOVSATCOM d’iarrataí ó úsáideoirí trí na seirbhísí atá ar fáil agus atá ag teacht leis na hiarrataí a chur i láthair. I gcás na seirbhísí atá ar fáil, cuirfear an t-úsáideoir ar an eolas faoina saintréithe príomhúla agus tánaisteacha chomh maith le haon fhaisnéis bhreise agus sonraí breise a bhaineann go sonrach leis an tseirbhís. Beidh úsáideoirí in ann roghnú ó na seirbhísí atá ar fáil a dhéanann coibhneas lena n-iarraidh.
4. Tar éis do na húsáideoirí seirbhís a roghnú, agus de réir na rialacha a leagtar síos i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1055, leanfaidh mol GOVSATCOM ar aghaidh chuig leithdháileadh na n-acmhainní chun an tseirbhís a sholáthar agus cuirfidh sé an t-úsáideoir ar an eolas nuair a dhéanfar an tseirbhís a chur in áirithe agus a ghníomhachtú.
5. Tar éis ghníomhachtú na seirbhíse, beidh na húsáideoirí sonracha in ann rochtain a fháil uirthi lena dtrealamh úsáideora nuair a bhíonn sé comhoiriúnach leis an tseirbhís, nó leis an trealamh úsáideora a chuireann an soláthraí acmhainní ar fáil trí GOVSATCOM.
Airteagal 4
Rochtain ar phunann seirbhísí GOVSATCOM agus ar sheirbhísí GOVSATCOM
1. Údaráis inniúla GOVSATCOM arna mbunú i gcomhréir le hAirteagal 68(4) agus (5) de Rialachán (AE) 2021/696, beidh rochtain acu ar an bpunann seirbhísí agus ar an bpróiseas roghnúcháin seirbhísí.
2. Faoi chuimsiú an phróisis roghnúcháin seirbhísí, déanfaidh údarás inniúil de chuid GOVSATCOM an méid seo a leanas:
|
(a) |
iarrataí a úsáideoirí ar sheirbhísí a fháil, a chur in ord tosaíochta, a anaithnidiú de réir mar is gá, agus a chur ar aghaidh chuig mol GOVSATCOM; |
|
(b) |
torthaí na n-iarrataí ó Mhol GOVSATCOM a fháil agus iad a chur ar aghaidh chuig na húsáideoirí; |
|
(c) |
roghnú seirbhísí a úsáideoirí a fháil, a anaithnidiú de réir mar is gá, agus a chur ar aghaidh chuig mol GOVSATCOM. |
3. Maidir leis an anaithnidiú dá dtagraítear i mír 2, feidhmeoidh údarás inniúil GOVSATCOM, le linn seirbhís a sholáthar do na húsáideoirí, in ionad aon chumarsáid a dhéanfaidh an t-úsáideoir le mol GOVSATCOM, agus ar an gcaoi sin déanfaidh sé anaithnidiú ar chéannacht an úsáideora. Úsáidfear bealaí rúnaicmithe iomchuí le haghaidh na cumarsáide, de réir mar is gá. Féadfaidh údarás inniúil GOVSATCOM rogha a dhéanamh gan úsáideoir a anaithnidiú. Sa chás sin, cuirfear céannacht úsáideoirí ar fáil ó mhol GOVSATCOM don soláthraí acmhainní chun tacú le roghnú, bunú, bainistiú, cothabháil agus fabhtcheartú na seirbhíse a sholáthraítear don úsáideoir. Thairis sin, féadfaidh an soláthraí acmhainní a iarraidh go ndéanfaí úsáideoir a dhí-anaithnidiú. Sa chás sin, cuirfidh mol GOVSATCOM an iarraidh sin ar aghaidh chuig an údarás inniúil ábhartha de chuid GOVSATCOM lena measúnú.
4. Cuirfidh mol GOVSATCOM ar fáil d’údaráis inniúla GOVSATCOM an fhaisnéis is gá chun na seirbhísí a roghnú, a chur in áirithe, a bhunú agus a sholáthar.
Airteagal 5
Tosaíocht seirbhísí agus leibhéil slándála
1. Tabharfar tosaíocht do sholáthar seirbhísí i gcomhréir le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1055.
2. Beidh rochtain ag úsáideoirí ar sheirbhísí na punainne seirbhísí ar bhonn a leibhéil slándála, mar a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme C(2023)3204 ón gCoimisiún an 30 Bealtaine 2023 ón gCoimisiún (3).
Airteagal 6
Comhthiomsú GOVSATCOM agus infhaighteacht seirbhísí
1. Cuirfear acmhainní agus seirbhísí cumarsáide satailíte comhthiomsaithe ar fáil tríd an bpunann seirbhísí lena ngabhann luachanna a dtréithe.
2. Beidh infhaighteacht seirbhísí sa phunann faoi réir sholáthar agus éileamh na n-acmhainneachtaí agus na seirbhísí satailíte comhthiomsaithe agus comhroinnte arna soláthar ó eintitis dá dtagraítear in Airteagal 64 de Rialachán (AE) 2021/696.
Airteagal 7
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 30 Bealtaine 2023.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 170, 12.5.2021, lch. 69.
(2) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1055 ón gCoimisiún an 30 Bealtaine 2023 maidir leis na rialacha a leagan amach maidir le comhroinnt agus cur in ord tosaíochta acmhainneachtaí cumarsáide satailíte, seirbhísí, agus trealaimh úsáideoirí chun an fheidhm dá dtagraítear in Airteagal 66(2) de Rialachán (AE) 2021/696 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chomhlíonadh (féach leathanach 57 den Iris Oifigiúil).
(3) CINNEADH CUR CHUN FEIDHME C(2023)3204 ÓN gCOIMISIÚN an 30 Bealtaine 2023 maidir le maidir le ceanglais ghinearálta slándála GOVSATCOM dá dtagraítear in Airteagal 34(2) de Rialachán (AE) 2021/696 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a leagan amach.
IARSCRÍBHINN I
Saintréithe na gcatagóirí seirbhísí cumarsáide
Tábla 1
Seirbhís ó Cheann go Ceann
|
Príomh-shaintréithe |
|
|
Aga Folaigh [Uasta] |
Moill ar Tharchur Fillte ina ms (milleasoicindí) |
|
Tréchur* |
Buaicráta faisnéise ina Mbps (meigighiotáin in aghaidh an tsoicind) |
|
Seirbhís shiméadrach |
Tá/Níl Nóta: Tá luachanna na saintréithe mar an gcéanna ag seirbhís shiméadrach le haghaidh na nasc anonn agus anall Nóta: i gcás freagra diúltach, ba cheart an nasc tréchuir Anonn/Anall a shainaithint |
|
Cineál cumhdaigh |
Réigiúnach/Ar Fud an Domhain/Ar an Láthair |
|
Infhaighteacht Íosta |
Infhaighteacht íosta na seirbhíse (% den am in aghaidh na míosa) |
|
Leibhéal slándála |
Feabhsaithe/Stóinseach/Áirithithe |
|
Saintréithe tánaisteacha |
|
|
Ráta Faisnéise Tiomanta* |
Ráta Faisnéise Tiomanta ina Mbps |
|
Limistéar seirbhíse |
Liosta de na limistéir gheografacha atá ar fáil chun an tseirbhís a sholáthar mar atá i bhFigiúr 1 |
|
Faisnéis a bhaineann go sonrach leis an tseirbhís |
Liosta faisnéise a bhaineann leis an tseirbhís, nach n-áirítear i saintréithe eile (e.g. limistéar cumhdaigh, cumhacht radaithe, G/T, Cáilíocht na Seirbhíse, am imlonnaithe, oiliúint, tacaíocht theicniúil, roghanna seirbhísí suiteála, aga folaigh fhoriomlán na seirbhíse, polarú etc.) |
|
Trealamh úsáideora |
Seasta/In-Imscartha/Móibíl |
|
Soláthar trealaimh úsáideora |
Tá/Níl Nóta: Bronnfar liosta den trealamh úsáideora comhoiriúnach ar an úsáideoir mar aon lena fhaisnéis theicniúil (e.g. acmhainn phointeála Láimhe/Uathoibríoch), chun go roghnóidh an t-úsáideoir é de réir mar is gá. |
|
Am uasta an tsuaite seirbhíse |
Ina uaireanta an chloig Nóta: Tacaítear le pointí deachúla chun foroinnt na huaire a shainiú |
|
Seirbhís stádas an naisc |
Tá/Níl |
|
Nascadh le líonraí trastíre |
Tá/Níl Nóta: I gcás ‘Tá’, liostaítear na líonraí trastíre dá soláthraítear nascacht |
Tábla 2
Seirbhísí acmhainneacht ar ancaire
|
Príomh-shaintréithe |
|
|
Aga Folaigh Uasta |
Moill ar Tharchur Fillte ina ms |
|
Bandaleithead* |
Toilleadh ina MHz |
|
Seirbhís shiméadrach |
Tá/Níl Nóta: Tá luachanna na saintréithe mar an gcéanna ag seirbhís shiméadrach le haghaidh na nasc anonn agus anall Nóta: i gcás freagra diúltach, ba cheart an nasc tréchuir Anonn/Anall a shainaithint |
|
Cineál cumhdaigh |
Réigiúnach/Ar Fud an Domhain/Ar an Láthair |
|
Banda minicíochta |
HF-VHF-UHF/L/S/C/X/Ku/Ka/Ka Gov/V/Q |
|
Cineál seirbhíse minicíochta |
FSS/MSS/BSS |
|
Infhaighteacht Íosta |
Infhaighteacht íosta na seirbhíse (% den am in aghaidh na míosa) |
|
Leibhéal slándála |
Feabhsaithe/Stóinseach/Áirithithe |
|
Saintréithe tánaisteacha |
|
|
Limistéar seirbhíse |
Liosta de na limistéir gheografacha atá ar fáil chun an tseirbhís a sholáthar mar atá i bhFigiúr 1 |
|
Comhéadan an stáisiúin ancaireachta |
Tuairisc ar an gcomhéadan a úsáidtear chun an trealamh a chuireann an t-úsáideoir ar fáil a nascadh leis an stáisiún ancaireachta |
|
Acmhainní breise ancaireachta |
Tá/Níl Nóta: I gcás ‘Tá’, liostaítear na hacmhainní breise ancaireachta (e.g. Lipéadlascacháin Il-Phrótacail, nascacht ethernet etc.) |
|
Faisnéis a bhaineann go sonrach leis an tseirbhís |
Liosta faisnéise a bhaineann leis an tseirbhís, nach n-áirítear i saintréithe eile (e.g. limistéar cumhdaigh, cumhacht radaithe, G/T, Cáilíocht na Seirbhíse, am imlonnaithe, oiliúint, tacaíocht theicniúil, roghanna seirbhísí suiteála, aga folaigh fhoriomlán na seirbhíse, polarú etc.) |
|
Trealamh úsáideora |
Seasta/In-Imscartha/Móibíl |
|
Soláthar trealaimh úsáideora |
Tá/Níl Nóta: Bronnfar liosta den trealamh úsáideora comhoiriúnach ar an úsáideoir mar aon lena fhaisnéis theicniúil (e.g. acmhainn phointeála Láimhe/Uathoibríoch), chun go roghnóidh an t-úsáideoir é de réir mar is gá. |
|
Am uasta an tsuaite seirbhíse |
Ina uaireanta an chloig Nóta: Tacaítear le pointí deachúla chun foroinnt na huaire a shainiú |
|
Seirbhís stádas an naisc |
Tá/Níl |
Tábla 3
Seirbhís acmhainneachta aimhe
|
Príomh-shaintréithe |
|
|
Aga Folaigh Uasta |
Moill ar Tharchur Fillte ina ms |
|
Bandaleithead* |
Toilleadh ina MHz |
|
Seirbhís shiméadrach |
Tá/Níl Nóta: Tá luachanna na saintréithe mar an gcéanna ag seirbhís shiméadrach le haghaidh na nasc anonn agus anall Nóta: i gcás freagra diúltach, ba cheart an nasc tréchuir Anonn/Anall a shainaithint |
|
Cineál cumhdaigh |
Réigiúnach/Ar Fud an Domhain/Ar an Láthair |
|
Banda minicíochta |
HF-VHF-UHF/L/S/C/X/Ku/Ka/Ka Gov/V/Q |
|
Cineál seirbhíse minicíochta |
FSS/MSS/BSS |
|
Infhaighteacht Íosta |
Infhaighteacht íosta na seirbhíse (% den am in aghaidh na míosa) |
|
Leibhéal slándála |
Feabhsaithe/Stóinseach/Áirithithe |
|
Saintréithe tánaisteacha |
|
|
Limistéar seirbhíse |
Liosta de na limistéir gheografacha inar féidir an tseirbhís a sholáthar mar atá i bhFigiúr 1 |
|
Faisnéis a bhaineann go sonrach leis an tseirbhís |
Liosta faisnéise a bhaineann leis an tseirbhís, nach n-áirítear i saintréithe eile (e.g. limistéar cumhdaigh, cumhacht radaithe, G/T, Cáilíocht na Seirbhíse, am imlonnaithe, oiliúint, tacaíocht theicniúil, roghanna seirbhísí suiteála, aga folaigh fhoriomlán na seirbhíse, polarú etc.) |
|
Trealamh úsáideora |
Seasta/In-Imscartha/Móibíl |
|
Soláthar trealaimh úsáideora |
Tá/Níl Nóta: Bronnfar liosta den trealamh úsáideora comhoiriúnach ar an úsáideoir mar aon lena fhaisnéis theicniúil (e.g. acmhainn phointeála Láimhe/Uathoibríoch), chun go roghnóidh an t-úsáideoir é de réir mar is gá. |
|
Am uasta an tsuaite seirbhíse |
Ina uaireanta an chloig Nóta: Tacaítear le pointí deachúla chun foroinnt na huaire a shainiú |
|
Seirbhís stádas an naisc |
Tá/Níl |
|
*: |
I gcás seirbhís neamhshiméadrach, glacfaidh an tsaintréith sin le dhá luach; ceann don nasc anonn (ó shatailít go húsáideoir) agus ceann don nasc anall (ó úsáideoir go satailít). |
Figiúr 1
Limistéir sheirbhísí GOVSATCOM
IARSCRÍBHINN II
Próifílí seirbhíse réamhshainithe
|
Seirbhís chomhthiomsaithe fheabhsaithe |
|
|
Catagóir na cumarsáide |
Seirbhís ó Cheann go Ceann |
|
Aga Folaigh Uasta |
600 ms |
|
Tréchur |
10 Mbps |
|
Cumhdach |
Réigiúnach |
|
Infhaighteacht Íosta |
99,5 % |
|
Leibhéal slándála |
Seirbhísí feabhsaithe, lena soláthraítear leibhéal an-ard infhaighteachta agus athléimneachta, agus ardleibhéal rúndachta, sláine agus infhaighteachta. |
|
Seirbhís chomhthiomsaithe stóinseach |
|
|
Catagóir na cumarsáide |
Seirbhís ó Cheann go Ceann |
|
Aga Folaigh Uasta |
600 ms |
|
Tréchur |
10 Mbps |
|
Cumhdach |
Réigiúnach |
|
Infhaighteacht Íosta |
99,5 % |
|
Leibhéal slándála |
Seirbhísí stóinseacha, lena soláthraítear leibhéal an-ard infhaighteachta agus athléimneachta, agus ardleibhéal rúndachta, sláine agus infhaighteachta. |
|
Seirbhís chomhthiomsaithe áirithithe |
|
|
Catagóir na cumarsáide |
Seirbhís ó Cheann go Ceann |
|
Aga Folaigh Uasta |
600 ms |
|
Tréchur |
10 Mbps |
|
Cumhdach |
Réigiúnach |
|
Infhaighteacht Íosta |
98 % |
|
Leibhéal slándála |
Seirbhísí áirithithe, lena soláthraítear leibhéal níos ísle stóinseachta agus athléimneachta, agus leibhéal níos ísle rúndachta, sláine agus infhaighteachta. |
Sainítear na leibhéil slándála i gCinneadh Cur Chun Feidhme C(2023)3204 ón gCoimisiún an 30 Bealtaine 2023.