31.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 141/38


CINNEADH (AE) 2023/1052 ÓN gCOMHAIRLE

an 22 Bealtaine 2023

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhchoiste arna bhunú leis an gComhaontú i ndáil le sábháilteacht na heitlíochta sibhialta idir an tAontas Eorpach agus an tSeapáin, a mhéid a bhaineann le rialacha nós imeachta an Chomhchoiste a ghlacadh

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 100(2) de i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Formheasadh an Comhaontú i ndáil le sábháilteacht na heitlíochta sibhialta idir an tAontas Eorpach agus an tSeapáin (1) (‘an Comhaontú’) thar ceann an Aontais trí Chinneadh (AE) 2021/112 ón gComhairle (2) agus tháinig sé i bhfeidhm an 30 Meitheamh 2021.

(2)

In Airteagal 11(1) den Chomhaontú, déantar foráil maidir le Comhchoiste na bPáirtithe a bhunú le haghaidh chur i bhfeidhm éifeachtach an Chomhaontuithe.

(3)

Ina theannta sin, foráiltear le hAirteagal 11 (3) den Chomhaontú go ndéanfaidh an Comhchoiste a rialacha nós imeachta a tharraingt suas agus a ghlacadh.

(4)

Chomhoibrigh an Coimisiún agus Aireacht Gnóthaí Eachtracha na Seapáine le chéile chun dréacht-rialacha nós imeachta a tharraingt suas.

(5)

Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhchoiste a mhéid a bhaineann le glacadh rialacha nós imeachta an Chomhchoiste a bhunú, ós rud é go mbeidh siad ina gceangal ar an Aontas.

(6)

Ba cheart seasamh an Aontais laistigh den Chomhchoiste a bheith bunaithe ar an dréacht-Chinneadh atá i gceangal leis seo,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhchoiste arna bhunú ag an gComhaontú i dáil le sábháilteacht na eitlíochta shibhialta idir an tAontas Eorpach agus an tSeapáin ag a chéad chruinniú a mhéid a bhaineann lena rialacha nós imeachta a ghlacadh, beidh sé bunaithe ar dhréacht-Chinneadh an Chomhchoiste atá i gceangal leis seo.

2.   Féadfaidh ionadaí an Aontais sa Chomhchoiste mionathruithe ar an dréacht-Chinneadh ón gComhchoiste a aontú gan cinneadh eile ón gComhairle.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 22 Bealtaine 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

E. BUSCH


(1)   IO L 229, 16.7.2020, lch. 4.

(2)  Cinneadh (AE) 2021/112 ón gComhairle an 25 Eanáir 2021 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe maidir le sábháilteacht na heitlíochta sibhialta idir an tAontas Eorpach agus an tSeapáin (IO L 36, 2.2.2021, lch. 1).


DRÉACHT

CINNEADH Uimh. 1/ … ÓN gCOMHCHOISTE IDIR AN tAONTAS AGUS AN tSEAPÁIN ARNA BHUNÚ LEIS AN gCOMHAONTÚ I nDÁIL LE SÁBHÁILTEACHT NA hEITLÍOCHTA SIBHIALTA IDIR AN tAONTAS AGUS AN tSEAPÁIN

an ...

lena ndéantar a rialacha nós imeachta a ghlacadh

TÁ AN COMHCHOISTE IDIR AN tAONTAS AGUS AN tSEAPÁIN,

Ag féachaint don Chomhaontú maidir le Sábháilteacht na hEitlíochta Sibhialta idir an tAontas Eorpach agus an tSeapáin, agus go háirithe Airteagal 11(3) de,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Mír 1

Glactar leis seo rialacha nós imeachta an Chomhchoiste atá i gceangal leis an gCinneadh seo.

Mír 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a ghlactha.

Arna dhéanamh i/sa ...,

Thar ceann an Aontais Eorpaigh

Thar ceann na Seapáine


IARSCRÍBHINN

COMHCHOISTE NA bPÁIRTITHE SA CHOMHAONTÚ I nDÁIL LE SÁBHÁILTEACHT NA hEITLÍOCHTA SIBHIALTA IDIR AN tAONTAS EORPACH AGUS AN tSEAPÁIN

Rialacha Nós Imeachta

Mír 1

Sainmhínithe

Chun críocha na rialacha nós imeachta seo faoi Airteagal 11(3) den Chomhaontú i ndáil le Sábháilteacht na hEitlíochta Sibhialta idir an tAontas Eorpach agus an tSeapáin, maidir leis na téarmaí seo a leanas:

ciallaíonn ‘Páirtí’ an tAontas Eorpach nó an tSeapáin;

ciallaíonn ‘an dá Pháirtí’ an tAontas Eorpach agus an tSeapáin.

Mír 2

Cathaoirleach agus Comhdhéanamh

1.   Beidh ionadaí thar ceann an Aontais Eorpaigh agus ionadaí thar ceann na Seapáine ina gcomhchathaoirligh ar an gComhchoiste (‘na cathaoirligh’).

2.   Is é an Coimisiún Eorpach a dhéanann ionadaíocht thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhchoiste. Tugann Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh cabhair don Choimisiún agus tá údaráis eitlíochta Bhallstáit an Aontais Eorpaigh in éineacht leis.

3.   Is é Aireacht Gnóthaí Eachtracha na Seapáine agus/nó Misean na Seapáine chuig an Aontas Eorpach a dhéanann ionadaíocht thar ceann na Seapáine sa Chomhchoiste, agus tá an Aireacht Talún, Bonneagair, Iompair agus Turasóireachta in éineacht leo.

Mír 3

Cruinnithe

1.   Buailfidh an Comhchoiste le chéile go tráthrialta, ar iarraidh ó cheachtar den dá pháirtí.

2.   Maidir le suíomh na gcruinnithe, déanfar sealaíocht idir an Bhruiséil agus Tóiceo, a mhéid is féidir. De mhalairt air sin, d’fhéadfaí plé trí fhíschomhdháil a eagrú. Beidh an stádas céanna ag cinntí agus moltaí a ghlactar le linn físchomhdhálacha agus a bheidh acu sin a ghlactar i gcruinnithe fisiceacha. Nuair a bheidh dáta agus áit cruinnithe cinnte ag na Páirtithe, is é an Coimisiún Eorpach a thionólfaidh an cruinniú thar ceann an Aontais Eorpaigh agus is í Aireacht Gnóthaí Eachtracha a thionólfaidh an cruinniú thar ceann na Seapáine.

3.   Mura gcinnfidh na cathaoirligh a mhalairt, ní bheidh cead ag an bpobal páirt a ghlacadh i gcruinnithe an Chomhchoiste. Féadfar preaseisiúint a chur amach i ndiaidh na gcruinnithe de chomhthoil na gcathaoirleach.

4.   Is i mBéarla a reáchtálfar na cruinnithe agus a scríobhfar na doiciméid. Is é an Páirtí a iarrann ateangaireacht nó aistriúchán go teanga eile a sheasfaidh na costais lena mbaineann.

Mír 4

Toscaireachtaí

1.   Roimh gach cruinniú, cuirfidh na Páirtithe a chéile ar an eolas faoi chomhdhéanamh beartaithe a dtoscaireachtaí faoi seach, agus ainmneoidh siad a gcathaoirligh féin faoi seach.

2.   Féadfaidh na cathaoirligh, ar bhonn ad hoc, a chinneadh a iarraidh ar rannpháirtithe seachtracha freastal ar chruinnithe den Chomhchoiste chun faisnéis ar ábhair ar leith a sholáthar, nó mar bhreathnóirí.

Mír 5

Rúnaíocht

Maidir le hoifigeach ón gCoimisiún Eorpach agus oifigeach ón Aireacht Gnóthaí Eachtracha, gníomhóidh siad go comhpháirteach mar rúnaithe an Chomhchoiste.

Mír 6

Clár Oibre na gCruinnithe

1.   Leagfaidh na cathaoirligh síos clár oibre sealadach gach cruinnithe de chomhthoil. Cuirfidh na rúnaithe an clár oibre sealadach sin agus aon doiciméad atá ábhartha maidir leis an gcruinniú faoi bhráid na rannpháirtithe ar a laghad 5 lá oibre dhéag roimh dháta an chruinnithe.

2.   Glacfaidh an Comhchoiste an clár oibre ag tús gach cruinnithe. Féadfar míreanna eile seachas iad siúd atá ar an gclár oibre sealadach a chur ar an gclár oibre, má chomhaontaíonn na Páirtithe leis sin.

3.   Féadfaidh na cathaoirligh an teorainn ama maidir le doiciméid a tharchur, dá dtagraítear i mír 1, lena n-áirítear an clár oibre sealadach, a mhodhnú de chomhthoil, chun ceanglais nósanna imeachta inmheánacha Páirtí nó práinn ábhar áirithe a chur san áireamh.

Mír 7

Miontuairiscí

1.   Déanfar dréacht-mhiontuairiscí gach cruinnithe den Chomhchoiste a tharraingt suas tar éis an chruinnithe. Léireofar iontu na cinntí agus na moltaí a glacadh agus na conclúidí a rinneadh.

2.   Nuair a fhormheasfar na miontuairiscí, síneoidh na cathaoirligh iad, agus comhdóidh gach Páirtí cóip bhunaidh nó cóip scanta amháin. D’fhéadfaí síniú agus cartlannú leictreonach a dhéanamh maidir leis sin.

Mír 8

Nós imeachta i scríbhinn

I gcás inar gá agus inar cuí-réasúnaithe, féadfar moltaí agus cinntí an Chomhchoiste a ghlacadh trí nós imeachta i scríbhinn. Chun na críche sin, malartóidh na cathaoirligh na dréachtbhearta a lorgaítear tuairim an Chomhchoiste ina leith, agus féadfar an tuairim sin a dheimhniú trí mhalartú comhfhreagrais ina dhiaidh sin. Mar sin féin, féadfaidh aon Pháirtí a iarraidh go dtionólfar an Comhchoiste chun an t-ábhar a phlé.

Mír 9

Pléití

1.   Is de chomhthoil na bPáirtithe a ghlacfaidh an Comhchoiste a chuid cinntí agus moltaí.

2.   ‘Cinneadh’ agus ‘Moladh’ an teideal a bheidh ar chinntí agus ar mholtaí an Chomhchoiste faoi seach, agus ina dhiaidh sin beidh sraithuimhir, dáta a nglactha agus tuairisc ar a n-ábhar.

3.   Síneoidh na cathaoirligh cinntí agus moltaí an Chomhchoiste.

4.   Déanfaidh na Páirtithe na cinntí a ghlacfaidh an Comhchoiste a chur chun feidhme i gcomhréir lena nósanna imeachta inmheánacha féin.

5.   Féadfaidh na Páirtithe na cinntí a ghlacfaidh an Comhchoiste a fhoilsiú ina bhfoilseacháin oifigiúla féin. Féadfar moltaí nó aon ghníomh eile a ghlacfaidh an Comhchoiste a fhoilsiú má chinneann na Páirtithe sin. Coinneoidh gach Páirtí cóip bhunaidh nó cóip scanta amháin de na cinntí agus de na moltaí.

Mír 10

Costais

1.   Beidh na Páirtithe freagrach as a gcostais féin a íoc, costais a thabhaítear mar gheall ar a rannpháirtíocht i gcruinnithe an Chomhchoiste agus cruinnithe i gcomhréir le cinntí agus moltaí an Chomhchoiste, lena n-áirítear caiteachas foirne, taistil agus cothaithe agus costais phoist agus teileachumarsáide.

2.   Is é an Páirtí a óstálfaidh an cruinniú a sheasfaidh caiteachas a bhaineann le heagrú ábharach na gcruinnithe.