26.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 139/81


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1038 ÓN gCOIMISIÚN

an 24 Bealtaine 2023

maidir le himréiteach chuntais ghníomhaireachtaí íocaíochta na Ríochta Aontaithe a bhaineann le caiteachas arna mhaoiniú leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) le haghaidh na bliana airgeadais 2022

(a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2023) 3275)

(Is é an téacs Béarla amháin atá barántúil)

AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 (1), agus go háirithe Airteagal 104 de,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 352/78, (CE) Uimh. 165/94, (CE) Uimh. 2799/98, (CE) Uimh. 814/2000, (CE) Uimh. 1290/2005 agus (CE) Uimh. 485/2008 ón gComhairle (2), agus go háirithe Airteagal 51 de, i gcomhar le hAirteagail 131 agus 138 den Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach,

Tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoiste um na Cistí Talmhaíochta,

De bharr an mhéid a leanas:

(1)

Foráiltear le hAirteagal 104(1), an dara fomhír, pointe (a), de Rialachán (AE) 2021/2116 go leanfaidh Airteagal 4(1), pointe (b), Airteagal 5, Airteagal 7(3), Airteagail 9, 17, 21 agus 34, Airteagal 35(4), Airteagail 36, 37, 38, 40 go 43, 51, 52, 54, 56, 59, 63, 64, 67, 68, 70 go 75, 77, 91 go 97, 99 agus 100, Airteagal 102(2) agus Airteagail 110 agus 111 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 d’fheidhm a bheith acu, a mhéid a bhaineann leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT), maidir le caiteachas arna thabhú ag na tairbhithe agus íocaíochtaí arna ndéanamh ag an ngníomhaireacht íocaíochta faoi chuimsiú chur chun feidhme na gclár forbartha tuaithe de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) le haghaidh na bliana airgeadais 2022.

(2)

Foráiltear le hAirteagal 64, an dara mír, pointe (a), de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/128 ón gCoimisiún (4) go leanfaidh Airteagal 2, Airteagal 3(1), an chéad fhomhír, Airteagal 3(2), Airteagal 4(1), pointe (b), Airteagail 5, 6, 7, Airteagail 21 go 25, Airteagail 27, 29, Airteagal 30(1), pointí (a), (b) agus (c), Airteagail 30(2), (3) agus (4), Airteagail 31 go 40 agus Airteagail 42 go 47 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 908/2014 ón gCoimisiún (5) d’fheidhm a bheith acu, a mhéid a bhaineann le CETFT, i ndáil le caiteachas arna thabhú ag na tairbhithe agus le híocaíochtaí arna ndéanamh ag an ngníomhaireacht íocaíochta faoi chuimsiú chur chun feidhme na gclár forbartha tuaithe de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 le haghaidh na bliana airgeadais 2022.

(3)

Foráiltear le hAirteagal 64, an dara mír, pointe (c), de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/128 go leanfaidh Iarscríbhinní II agus III a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 908/2014 d’fheidhm a bheith acu chun críocha Airteagal 32, pointí (f) agus (g), de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/128 le haghaidh na bliana airgeadais 2022.

(4)

Foráiltear le hAirteagal 40, an dara mír, de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/127 ón gCoimisiún (6) go leanfaidh Airteagail 5, Airteagal 5a, Airteagail 7(3) agus (4), Airteagal 10, Airteagal 11(1), an dara fo-mhír, Airteagal 11(2), Airteagal 12, Airteagal 13 agus Airteagail 41(5) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 907/2014 ón gCoimisiún (7) d’fheidhm a bheith acu, a mhéid a bhaineann le CETFT, i ndáil le caiteachas arna thabhú ag na tairbhithe agus le híocaíochtaí arna ndéanamh ag an ngníomhaireacht íocaíochta faoi chuimsiú chur chun feidhme na gclár forbartha tuaithe de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 le haghaidh na bliana airgeadais 2022.

(5)

De bhun Airteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013, ní mór don Choimisiún, ar bhonn na gcuntas bliantúil a chuireann an Ríocht Aontaithe faoina bhráid, mar aon leis an bhfaisnéis is gá chun na cuntais a imréiteach agus tuairim iniúchóireachta maidir le hiomláine, cruinneas agus fírinneacht na gcuntas agus na dtuarascálacha a leagann na comhlachtaí deimhniúcháin síos, ní mór dó cuntais na ngníomhaireachtaí íocaíochta dá dtagraítear in Airteagal 7 den Rialachán sin a imréiteach roimh an 31 Bealtaine den bhliain tar éis na bliana airgeadais i gceist.

(6)

I gcomhréir le hAirteagal 35 de Rialachán (AE) 2021/2116, cuirtear tús leis an mbliain airgeadais ar an 16 Deireadh Fómhair de bhliain N-1 agus tagann deireadh léi an 15 Deireadh Fómhair de bhliain N. Agus cuntais á n-imréiteach le haghaidh na bliana airgeadais 2022, chun an tréimhse thagartha le haghaidh chaiteachas CETFT a ailíniú le caiteachas an Chiste Eorpaigh um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT), ba cheart caiteachas a thabhaigh an Ríocht Aontaithe idir an 16 Deireadh Fómhair 2021 agus an 15 Deireadh Fómhair 2022 a chur san áireamh, mar a fhoráiltear in Airteagal 11(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 2022/128.

(7)

Le hAirteagal 33(2), an dara fomhír, de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 908/2014, foráiltear go bhfuil na méideanna atá in-aisghabhála ón Ríocht Aontaithe nó iníoctha leis an Ríocht Aontaithe, i gcomhréir leis an gcinneadh maidir le himréiteach cuntas dá dtagraítear in Airteagal 33(1) den Rialachán sin, go bhfuil siad le leagan síos trí na híocaíochtaí idirmheánacha le haghaidh na bliana airgeadais lena mbaineann a asbhaint ón gcaiteachas a aithnítear le haghaidh na bliana sin i gcomhréir le hAirteagal 33(1). Tá an Coimisiún leis an méid sin a asbhaint ón gcéad íocaíocht idirmheánach eile nó an méid sin a chur léi.

(8)

Sheiceáil an Coimisiún an fhaisnéis a chuir an Ríocht Aontaithe faoina bhráid agus chuir sé torthaí na seiceálacha in iúl don Ríocht Aontaithe, mar aon leis na leasuithe atá molta aige.

(9)

Maidir le gníomhaireachtaí íocaíochta na Ríochta Aontaithe, ‘Department of Agriculture, Environment and Rural Affairs’ [An Roinn Talmhaíochta, Comhshaoil agus Gnóthaí Tuaithe], ‘The Scottish Government Rural Payments and Inspections Directorate’ [Stiúrthóireacht Rialtas na hAlban um Íocaíochtaí agus Iniúchóireachtaí Tuaithe], ‘Welsh Government’ [Rialtas na Breataine Bige] agus ‘Rural Payments Agency’ [An Ghníomhaireacht um Íocaíochtaí Tuaithe], cuireann na cuntais bhliantúla agus na doiciméid tionlacain ar a chumas don Choimisiún cinneadh a dhéanamh maidir le hiomláine, cruinneas agus fírinneacht na gcuntas bliantúil a chuirtear faoina bhráid.

(10)

Le hAirteagal 36(3), an chéad fhomhír, pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013, déantar foráil go bhfuil íocaíochtaí idirmheánacha le déanamh gan ranníocaíocht iomlán réamhshocraithe CETFT a shárú. De bhun Airteagal 23(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 908/2014, i gcás ina bhfuil méid iomlán na ndearbhuithe caiteachais níos mó ná an ranníocaíocht iomlán réamhshocraithe le haghaidh clár forbartha tuaithe, ní mór uasteorainn den mhéid réamhshocraithe a chur leis an méid atá le híoc, gan dochar don uasteorainn dá bhforáiltear le hAirteagal 34(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013. Beidh an méid teoranta faoi réir aisíocaíocht a dhéanfaidh an Coimisiún níos déanaí tar éis an plean airgeadais leasaithe a ghlacadh nó ag deireadh na clárthréimhse.

(11)

I gcomhréir le hAirteagal 75(1), an ceathrú fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013, tá feidhm ag na rialacha maidir le sprioc-amanna íocaíochta le haghaidh bearta faoin bhforbairt tuaithe i gcomhthéacs an chórais riaracháin agus rialaithe chomhtháite ón mbliain éilimh 2019 ar aghaidh. Leis na laghduithe le haghaidh neamhchomhlíontacht leis na sprioc-amanna íocaíochta is déanaí, arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 5a de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 907/2014, leantar an nós imeachta a leagtar síos in Airteagail 40 agus 41 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 agus tá siad le cur san áireamh sa Chinneadh seo le haghaidh na bliana airgeadais 2022. Féadfar scrúdú a dhéanamh ar na laghduithe sin, i gcás inarb iomchuí, faoi imeachtaí imréitigh comhréireachta de bhun Airteagal 52 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013.

(12)

De bhun Airteagal 34(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013, ní sháróidh comhiomlán na n-íocaíochtaí réamh-mhaoinithe agus eatramhacha 95 % de ranníocaíocht CETFT le gach clár forbartha tuaithe. Tá an tairseach sin bainte amach ag na cláir seo a leanas: 2014UK06RDRP001 agus 2014UK06RDRP003. Socrófar iarmhéid na gclár sin ag deireadh na clárthréimhse.

(13)

De bhun Airteagal 54(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013, ba cheart don Ríocht Aontaithe íoc as 50 % de na hiarmhairtí airgeadais a eascraíonn as neamh-aisghabháil neamhrialtachtaí, mura n-aisghabhtar iad laistigh de 4 bliana ó dháta na hiarrata ar aisghabháil, nó laistigh de 8 mbliana i gcás ina dtugtar an aisghabháil os comhair na gcúirteanna náisiúnta. Le hAirteagal 54(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013, ceanglaítear ar an Ríocht Aontaithe tábla a chur i gceangal leis na cuntais bhliantúla nach mór di a chur faoi bhráid an Choimisiúin, de bhun Airteagal 29 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 908/2014, ar tábla deimhnithe é lena léirítear na méideanna atá le híoc ag an Ríocht Aontaithe faoi Airteagal 54(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013. Na rialacha maidir le cur i bhfeidhm oibleagáid na Ríochta Aontaithe chun na méideanna atá le haisghabháil a thuairisciú, leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 908/2014 iad. Le hIarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 908/2014, leagtar amach an tsamhail den tábla nach mór don Ríocht Aontaithe a úsáid chun faisnéis a sholáthar faoi na méideanna atá le haisghabháil. Ar bhonn na dtáblaí a líonann an Ríocht Aontaithe isteach, ba cheart don Choimisiún na hiarmhairtí airgeadais a eascraíonn as neamh-aisghabháil neamhrialtachtaí atá níos sine ná 4 nó 8 mbliana faoi seach a chinneadh.

(14)

De bhun Airteagal 54(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013, ar chúiseanna cuí-réasúnaithe, féadfaidh an Ríocht Aontaithe a chinneadh gan iarracht a dhéanamh aisghabháil a dhéanamh. Ní féidir cinneadh den sórt sin a dhéanamh ach amháin má tá na costais a tabhaíodh cheana, agus na costais is dócha a thabhófar, níos mó ná an méid atá le haisghabháil, nó má tá an aisghabháil dodhéanta mar gheall ar dhócmhainneacht an fhéichiúnaí nó na ndaoine a bhfuil freagracht dhlíthiúil orthu as an neamhrialtacht, ar dócmhainneacht í a chláraítear agus a aithnítear faoin dlí náisiúnta. Má dhéantar an cinneadh laistigh de 4 bliana ó dháta na hiarrata ar aisghabháil, nó laistigh de 8 mbliana i gcás ina dtugtar an aisghabháil os comhair na gcúirteanna náisiúnta, ba cheart 100 % d’iarmhairtí airgeadais an neamh-aisghabhála a íoc as buiséad an Aontais. Na méideanna ar chinn an Ríocht Aontaithe gan iad a aisghabháil agus na forais lena cinneadh, léirítear iad sa tuarascáil achomair dá dtagraítear in Airteagal 54(4) den Rialachán sin. Dá bhrí sin, níor cheart na méideanna sin a ghearradh ar an Ríocht Aontaithe agus mar gheall air sin, tá siad le híoc as buiséad an Aontais.

(15)

Ba cheart a chur san áireamh leis an gCinneadh seo freisin na méideanna atá fós le gearradh ar an Ríocht Aontaithe mar thoradh ar chur i bhfeidhm Airteagal 54(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 i ndáil leis an gclárthréimhse 2007-2013 le haghaidh CETFT.

(16)

I gcomhréir le hAirteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013, ba cheart don Chinneadh seo a bheith gan dochar do na cinntí a d’fhéadfadh an Coimisiún a dhéanamh ina dhiaidh sin chun caiteachas nach ndéantar difear dó a eisiamh ó mhaoiniú ón Aontas i gcomhréir le rialacha an Aontais,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Imréitítear leis seo cuntais ghníomhaireachtaí íocaíochta na Ríochta Aontaithe, ‘Department of Agriculture, Environment and Rural Affairs’ [An Roinn Talmhaíochta, Comhshaoil agus Gnóthaí Tuaithe], ‘The Scottish Government Rural Payments and Inspections Directorate’ [Stiúrthóireacht Rialtas na hAlban um Íocaíochtaí agus Iniúchóireachtaí Tuaithe], ‘Welsh Government’ [Rialtas na Breataine Bige] agus ‘Rural Payments Agency’ [An Ghníomhaireacht um Íocaíochtaí Tuaithe] a mhéid a bhaineann le caiteachas arna mhaoiniú leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) i leith na bliana airgeadais 2022 agus a bhaineann leis an gclárthréimhse 2014-2020.

Leagtar amach in Iarscríbhinn I na méideanna is in-aisghabhála ón Ríocht Aontaithe, nó is iníoctha leis an Ríocht Aontaithe faoi gach clár forbartha tuaithe de bhun an Chinnidh seo.

Airteagal 2

Leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gCinneadh seo na méideanna atá le gearradh ar an Ríocht Aontaithe, mar thoradh ar chur i bhfeidhm Airteagal 54(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 a bhaineann leis an gclárthréimhse 2014-2020 agus leis an gclárthréimhse 2007-2013 le haghaidh CETFT.

Airteagal 3

Leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an gCinneadh seo na laghduithe le haghaidh neamhchomhlíontacht leis na sprioc-amanna íocaíochta is déanaí i gcomhréir le hAirteagal 75(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 faoi gach clár forbartha tuaithe.

Airteagal 4

Tá an Cinneadh seo gan dochar do chinntí a dhéanfaidh an Coimisiún amach anseo maidir le himréiteach comhréireachta, ar cinntí iad a bhféadfadh an Coimisiún a dhéanamh de bhun Airteagal 52 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 chun caiteachas nach ndéantar difear dó a eisiamh ó mhaoiniú ón Aontas i gcomhréir le rialacha an Aontais.

Airteagal 5

Dírítear an Cinneadh seo chuig Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 24 Bealtaine 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

Janusz WOJCIECHOWSKI

Comhalta den Choimisiún


(1)  IO L 435, 6.12.2021, lch. 187.

(2)  IO L 347, 20.12.2013, lch. 549.

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le tacaíocht d’fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 487).

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/128 ón gCoimisiún an 21 Nollaig 2021 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le gníomhaireachtaí íocaíochta agus comhlachtaí eile, bainistíocht airgeadais, imréiteach cuntas, seiceálacha, urrúis agus trédhearcacht (IO L 20, 31.1.2022, lch. 131).

(5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 908/2014 ón gCoimisiún an 6 Lúnasa 2014 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le gníomhaireachtaí íocaíochta agus comhlachtaí eile, bainistíocht airgeadais, imréiteach cuntas, rialacha maidir le seiceálacha, urrúis agus trédhearcacht (IO L 255, 28.8.2014, lch. 59).

(6)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/127 ón gCoimisiún an 7 Nollaig 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le rialacha maidir le gníomhaireachtaí íocaíochta agus comhlachtaí eile, bainistíocht airgeadais, imréiteach cuntas, urrúis agus úsáid an euro (IO L 20, 31.1.2022, lch. 95).

(7)  Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 907/2014 ón gCoimisiún an 11 Márta 2014 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le gníomhaireachtaí íocaíochta agus comhlachtaí eile, bainistíocht airgeadais, imréiteach cuntas, urrúis agus úsáid an euro (IO L 255, 28.8.2014, lch. 18).


IARSCRÍBHINN I

Caiteachas imréitithe CETFT arna dhéanamh leis an gclár Forbartha Tuaithe le haghaidh na bliana airgeadais 2022

Méid atá le haisghabháil ón Ríocht Aontaithe in aghaidh an chláir nó an méid atá le híoc léi

Cláir fhormheasta ag a bhfuil caiteachas dearbhaithe le haghaidh CETFT 2014-2020

In Euro In Euro

 

CCI

Caiteachas 2022

Ceartúcháin

Iomlán

Méideanna neamh-inathúsáidte

Méid glactha glanta le haghaidh na bliana airgeadais 2022

Íocaíochtaí eatramhacha a aisíocadh leis an Ríocht Aontaithe le haghaidh na bliana airgeadais lena n-áirítear imréiteach réamh-mhaoiniúcháin*

An méid atá le haisghabháil ón Ríocht Aontaithe (-) nó atá le híoc léi (+)

An t-iarmhéid atá le socrú ag tráth dúnta na clárthréimhse i ngeall ar an tairseach 95 % a sroicheadh (*1)

 

 

i

ii

iii = i + ii

iv

v = iii - iv

vi

vii = v - vi

 

UK

2014UK06RDRP001

320 428 023,31

0,00

320 428 023,31

0,00

320 428 023,31

272 787 068,76

-13 178,79

47 654 133,34

UK

2014UK06RDRP002

27 737 698,19

-33 192,33

27 704 505,86

0,00

27 704 505,86

27 703 772,21

733,65

0,00

UK

2014UK06RDRP003

43 945 611,42

- 441 226,49

43 504 384,93

0,00

43 504 384,93

29 598 163,53

- 597 933,18

14 504 154,58

UK

2014UK06RDRP004

83 079 581,60

- 178 527,42

82 901 054,18

0,00

82 901 054,18

82 901 627,10

- 572,92

0,00


(*1)  I gcás inar shroich íocaíochtaí 95 % de ranníocaíocht iomlán CETFT le haghaidh clár forbartha tuaithe — Airteagal 34(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013, socrófar an t-iarmhéid le linn dhúnadh an chláir.


IARSCRÍBHINN II

Imréiteach chuntais na nGníomhaireachtaí Íocaíochta

Bliain airgeadais 2022 – CETFT

Ceartúcháin de réir Airteagal 54(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013

 

 

Ceartúcháin a bhaineann leis an gClárthréimhse 2014-2020

Ceartúcháin a bhaineann leis an gClárthréimhse 2007-2013

 

Airgeadra

San Airgeadra náisiúnta

In Euro

San Airgeadra náisiúnta

In Euro

UK

GBP

3 841,34

0,00

17 115,42

0,00


IARSCRÍBHINN III

Imréiteach chuntais na ngníomhaireachtaí íocaíochta

Bliain airgeadais 2022 – CETFT

Laghduithe le haghaidh neamhchomhlíontacht leis na sprioc-amanna íocaíochta is déanaí i gcomhréir le hAirteagal 75(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013

In Euro

 

CCI

Laghduithe le haghaidh neamhchomhlíontacht leis na sprioc-amanna íocaíochta is déanaí le haghaidh FY2022

 

 

 

UK

2014UK06RDRP001

434 188,85

UK

2014UK06RDRP002

0,00

UK

2014UK06RDRP003

0,00

UK

2014UK06RDRP004

0,00