26.5.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 139/47 |
CINNEADH (AE) 2023/1034 ÓN gCOMHAIRLE
an 22 Bealtaine 2023
maidir le togra a thíolacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, chun Foscríbhinn I a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir le Caomhnú na Speiceas Imirceach Ainmhithe Fiáine a leasú, ag féachaint don 14ú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1) de, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Thug an tAontas an Coinbhinsiún maidir le Caomhnú na Speiceas Imirceach Ainmhithe Fiáine (1) (‘an Coinbhinsiún’) i gcrích le Cinneadh 82/461/CEE ón gComhairle (2) agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Samhain 1983. |
(2) |
De bhun Airteagal XI den Choinbhinsiún, is féidir le Comhdháil na bPáirtithe leis an gCoinbhinsiún (‘Comhdháil na bPáirtithe’) leasuithe a ghlacadh ar Fhoscríbhinní I agus II a ghabhann leis an gCoinbhinsiún. |
(3) |
Féadfaidh Comhdháil na bPáirtithe, le linn an 14ú cruinniú idir an 23 agus an 28 Deireadh Fómhair 2023, leasuithe den sórt sin a ghlacadh. Chuir Rúnaíocht an Choinbhinsiúin na Páirtithe sa Choinbhinsiún ar an eolas go bhfuil aon togra le haghaidh leasú le cur in iúl, i gcomhréir le hAirteagal XI(3) den Choinbhinsiún, faoin 26 Bealtaine 2023. Féadfaidh an tAontas, ós rud é gur Páirtí sa Choinbhinsiún é, tograí den sórt sin a dhéanamh. |
(4) |
Bheadh sé fónta ó thaobh na heolaíochta de muc mhara Cheartlimistéar Mhuir Bhailt, Phocoena phocoena (pobal Cheartlimistéar Mhuir Bhailt amháin), a áireamh i bhFoscríbhinn I a ghabhann leis an gCoinbhinsiún i bhfianaise a stádais chaomhantais mar speiceas i mBaol Criticiúil, agus i gcomhréir le reachtaíocht an Aontais agus le tiomantas an Aontais don chomhar idirnáisiúnta ar son chosaint na bithéagsúlachta. |
(5) |
Ba cheart don Aontas togra den sórt sin a thíolacadh chun Foscríbhinn I a ghabhann leis an gCoinbhinsiún a leasú. Ba cheart don Choimisiún an togra sin a chur in iúl do Rúnaíocht an Choinbhinsiúin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
1. Ag féachaint don 14ú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe sa Choinbhinsiún maidir le Caomhnú na Speiceas Imirceach Ainmhithe Fiáine, tíolacfaidh an Aontais togra le haghaidh leasú ar Fhoscríbhinn I a ghabhann leis an gCoinbhinsiún chun muc mhara Cheartlimistéar Mhuir Bhailt, Phocoena phocoena, (pobal Cheartlimistéar Mhuir Bhailt amháin) a áireamh.
2. Cuirfidh an Coimisiún, thar ceann an Aontais, an togra dá dtagraítear i mír 1 in iúl do Rúnaíocht an Choinbhinsiúin.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 22 Bealtaine 2023.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
E. BUSCH
(1) IO L 210, 19.7.1982, lch. 11.
(2) Cinneadh 82/461/CEE ón gComhairle an 24 Meitheamh 1982 maidir le tabhairt i gcrích an Choinbhinsiúin maidir le caomhnú na speiceas imirceach ainmhithe fiáine (IO L 210, 19.7.1982, lch. 10).